Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0238(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0263/2017

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0263/2017

Díospóireachtaí :

PV 13/09/2017 - 20
CRE 13/09/2017 - 20
PV 28/05/2018 - 23
CRE 28/05/2018 - 23

Vótaí :

PV 14/09/2017 - 8.11
CRE 14/09/2017 - 8.11
PV 29/05/2018 - 7.9
CRE 29/05/2018 - 7.9
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0357
P8_TA(2018)0212

Téacsanna atá glactha
PDF 244kWORD 47k
Dé Máirt, 29 Bealtaine 2018 - Strasbourg
Plean ilbhliantúil do na stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin ***I
P8_TA(2018)0212A8-0263/2017
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle (COM(2016)0493 – C8-0336/2016 – 2016/0238(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0493),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0336/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d'fhógra oifigiúil an 29 Márta 2017 ó rialtas na Ríochta Aontaithe, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, faoi na hintinn tarraingt siar ón Aontas Eorpach;

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2016(1),

—  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 7 Márta 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A8-0263/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  ag formheas na gcomhráiteas ón bParlaimint agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 75, 10.3.2017, lch. 109.
(2) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 14 Meán Fómhair 2017 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0357).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 29 Bealtaine 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 676/2007 agus (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle
P8_TC1-COD(2016)0238

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/973.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

RÁITIS CHOMHPHÁIRTEACHA

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le speicis thoirmiscthe

Maidir leis an Rialachán atá le glacadh ar bhonn an togra ón gCoimisiún maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le cosaint a thabhairt d'éiceachórais mhuirí trí bhearta teicniúla (2016/0074(COD)), ba cheart go mbeadh forálacha áirithe ann, inter alia, maidir leis na speicis a bhfuil sé toirmiscthe iad a iascach. Ar an gcúis sin tá sé aontaithe ag an dá institiúid gan liosta maidir leis an Muir Thuaidh a chur san áireamh sa Rialachán seo (2016/0238(COD)).

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na forálacha um rialú seo a leanas a chur san áireamh san athbhreithniú ar an Rialachán um Rialú (Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009) atá ar na bacáin i gcás inarb ábhartha sin maidir leis an Muir Thuaidh: réamhfhógraí, ceanglais logleabhair, calafoirt ainmnithe agus forálacha eile um rialú.

An nuashonrú is déanaí: 16 Iúil 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais