Bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) (COM(2017)0128 – C8-0121/2017 – 2017/0056(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0128),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0121/2017),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 31 Bealtaine 2017(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Márta 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iasach (A8-0377/2017),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 16 Eanáir 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0001).
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 29 Bealtaine 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/975.)