Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0111(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0010/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0010/2018

Díospóireachtaí :

PV 11/06/2018 - 17
CRE 11/06/2018 - 17

Vótaí :

PV 08/02/2018 - 12.5
CRE 08/02/2018 - 12.5
PV 12/06/2018 - 5.4
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0246

Téacsanna atá glactha
PDF 130kWORD 56k
Dé Máirt, 12 Meitheamh 2018 - Strasbourg
Astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ídiú breosla na bhfeithiclí sin ***I
P8_TA(2018)0246A8-0010/2018
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meitheamh 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair (COM(2017)0279 - C8-0168/2017 – 2017/0111(COD)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0279),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0168/2017),

–  having regard to Article 294(3) of the Treaty on the Functioning of the European Union,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an18 Deireadh Fómhair 2017(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Aibreán 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0010/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire na dearbhuithe ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 81, 2.3.2018, lch. 95.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Meitheamh 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin
P8_TC1-COD(2017)0111

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/956.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

DEARBHUITHE ÓN gCOIMISIÚN

Togra maidir le caighdeáin CO2 d'fheithiclí tromshaothair

Mar a fógraíodh an 8 Samhain 2017 sa Teachtaireacht "Delivering on the European Strategy for low-emission mobility - A European Union that protects the planet, empowers its consumers, and defends its industry and workers" [Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí a bhaint amach - Aontas Eorpach a chaomhnaíonn an pláinéad, a thugann cumhachta don tomhaltóir agus cosaint dá thionscal agus dá oibrithe] (COM(2017)0675), tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an tríú pacáiste soghluaisteachta a thíolacadh i dtús mhí na Bealtaine 2018, lena n-áirítear togra maidir le hastaíochtaí CO2 a leagan síos le haghaidh leoraithe.

Amchlár na forbartha ar VECTO/an Rialachán maidir le deimhniú

Tá an Coimisiún ag tabhairt faoi fhorbairt theicniúil a dhéanamh ar an uirlis ríofa um ídiú fuinnimh feithicle (VECTO) d'fhonn teicneolaíochtaí nua a thiocfaidh chun solais ó 2020 amach a áireamh mar aon le cineálacha eile feithiclí, i.e cineálacha eile leoraithe, busanna agus cóistí ó 2020 amach agus leantóirí ó 2021 amach.

Foilseofar tuilleadh eolais faoi fhorbairt na huirlise VECTO mar aon leis an leasú ar Rialachán (AE) 2017/2400 ar shuímh ghréasáin ábhartha an Choimisiúin chun a áirithiú go gcuirtear páirtithe leasmhara agus oibreoirí eacnamaíocha ar an eolas go rialta.

Tástáil fíorúcháin ar bhóthar a cheapadh faoin Rialachán maidir le deimhniú

Aithníonn an Coimisiún go bhfuil sé tábhachtach sonraí stóinseacha ionadaíocha a bheith ar fáil maidir le hastaíochtaí CO2 agus maidir le hídiú breosla feithiclí tromshaothair.

Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/2400, a chomhlánú le nós imeachta chun comhréireacht oibríocht VECTO a fhíorú agus a áirithiú mar aon le comhréireacht shainairíonna na gcomhpháirteanna ábhartha, agus na gcóras agus na n-aonad teicniúil ar leithligh a bhaineann le CO2 agus ídiú breosla. Tá sé beartaithe vóta a chaitheamh i gCoiste Teicniúil na Mótarfheithiclí faoi dheireadh 2018 maidir leis an nós imeachta fíorúcháin sin, ar cheart a áireamh ann tástáil ar an mbóthar ar fheithiclí tromshaothair atá á dtáirgeadh.

Tá sé beartaithe an nós imeachta fíorúcháin a bheith ina bhonn freisin le tástáil a dhéanfaidh monaróirí agus údaráis chineálcheadaithe, nó tríú páirtithe neamhspleácha, amach anseo chun feidhmíocht inseirbhíse feithiclí a fhíorú

An nuashonrú is déanaí: 21 Samhain 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais