Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-ionadaítear Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (COM(2017)0422 – C8-0238/2017 – 2017/0189(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0422),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0238/2017),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don ghealltanas atá tugtha ag ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 23 Bealtaine 2018 chun an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0174/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta;
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meitheamh 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-ionadaítear Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/946).