Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0347(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0211/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0211/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 03/07/2018 - 11.9

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0277

Téacsanna atá glactha
PDF 119kWORD 43k
Dé Máirt, 3 Iúil 2018 - Strasbourg
Fógra faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh: aisghear ***I
P8_TA(2018)0277A8-0211/2018
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra a thabhairt don Choimisiúin faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach (COM(2017)0769 – C8-0448/2017 – 2017/0347(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2017)0769),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0448/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an Dé Céadaoin 14 Feabhra 2018(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Meitheamh 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0211/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 227, 28.6.2018, lch. 103.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 3 Iúil 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach
P8_TC1-COD(2017)0347

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán 2018/1504.)

An nuashonrú is déanaí: 7 Samhain 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais