Daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (COM(2017)0008 – C8-0008/2017 – 2017/0002(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0008),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 16(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0008/2017),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do na tuairimí a thíolaic Teach na dTeachtaí sa tSeic, Parlaimint na Spáinne agus Parlaimint na Portaingéile maidir leis an dréachtghníomh reachtach,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 7 Meitheamh 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0313/2017),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á thabhairt dá haire na ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/1725.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
RÁITIS ÓN gCOIMISIÚN
The Commission regrets the exclusion of missions referred to in Articles 42(1), 43 and 44 TEU from the scope of the Regulation and notes that, as a result, there will be no data protection rules in place for such missions. The Commission notes that a Council decision, based on Article 39 TEU, could only lay down the data protection rules for processing of personal data by Member States when carrying out activities that fall within the scope of the Common Foreign and Security Policy. Such a Council decision could not include rules that apply to activities carried out by EU institutions, bodies, offices and agencies. In order to remedy the legal lacuna, a possible Council decision therefore would need to be accompanied by an additional, complementary instrument, based on Article 16 TFEU.
The Commission notes that paragraph 3 of Article 9 (former Article 70a of the Council's General Approach) does not create a new obligation on Union institutions and bodies as regards the balance to be struck between personal data protection and public access to documents.