Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0228(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0201/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0201/2018

Díospóireachtaí :

PV 03/10/2018 - 17
CRE 03/10/2018 - 17

Vótaí :

PV 04/10/2018 - 7.7
CRE 04/10/2018 - 7.7
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0381

Téacsanna atá glactha
PDF 115kWORD 53k
Déardaoin, 4 Deireadh Fómhair 2018 - Strasbourg
Saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach ***I
P8_TA(2018)0381A8-0201/2018
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach (COM(2017)0495 – C8-0312/2017 – 2017/0228(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0495),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0312/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad na Fraince, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Feabhra 2018(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Meitheamh 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus don tuairim ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0201/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 227, 28.6.2018, lch. 78.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Deireadh Fómhair 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach
P8_TC1-COD(2017)0228

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/1807.)

An nuashonrú is déanaí: 7 Deireadh Fómhair 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais