Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0173(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0307/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0307/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 24/10/2018 - 11.16

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0415

Téacsanna atá glactha
PDF 135kWORD 43k
Dé Céadaoin, 24 Deireadh Fómhair 2018 - Strasbourg
Struchtúir na ndleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú *
P8_TA(2018)0415A8-0307/2018

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2018 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir na ndleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú (COM(2018)0334 – C8-0269/2018 – 2018/0173(CNS))

(Nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0334),

–  ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0269/2018),

–  ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0307/2018),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs a d’formheas Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 2 a (nua)
(2a)   Ina breithiúnas an 17 Bealtaine 2018 i gCás C-30/17 Kompania Piwowarska1a, thug an Chúirt Bhreithiúnais rialú maidir le céim Plato a ríomh.
____________
1a Breithiúnas ón gCúirt Bhreithniúnais an 17 Bealtaine 2018, Kompania Piwowarska, C-30/17, ECLI:EU:C:2018:325.
Leasú 2
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1
Treoir 92/83/CEE
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 1 a
Déanfar comhábhair uile na beorach, lena n-áirítear iad siúd a chuirtear isteach i ndiaidh coipthe, a chur san áireamh chun críocha céim Plato a ríomh;
Déanfar comhábhair uile na beorach, cé is moite díobh siúd a chuirtear isteach i ndiaidh an coipeadh a dhéanamh, a chur san áireamh chun críocha céim Plato a ríomh.
An nuashonrú is déanaí: 10 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais