Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2014/0257(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0046/2016

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0046/2016

Díospóireachtaí :

PV 09/03/2016 - 20
CRE 09/03/2016 - 20
PV 24/10/2018 - 20
CRE 24/10/2018 - 19
CRE 24/10/2018 - 20

Vótaí :

PV 10/03/2016 - 7.5
CRE 10/03/2016 - 7.5
Mínithe ar vótaí
PV 25/10/2018 - 13.5

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2016)0087
P8_TA(2018)0421

Téacsanna atá glactha
PDF 117kWORD 95k
Déardaoin, 25 Deireadh Fómhair 2018 - Strasbourg
Táirgí íocshláinte tréidliachta ***I
P8_TA(2018)0421A8-0046/2016
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta (COM(2014)0558 – C8-0164/2014 – 2014/0257(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2014)0558),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 114 agus 168(4)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0164/2014)

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Eanáir 2015(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint dá rún an 19 Bealtaine 2015 maidir le cúram sláinte níos sábháilte san Eoraip: sábháilteacht othar a fheabhsú agus frithsheasamh in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh a chomhrac(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 13 Meitheamh 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0046/2016),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 242, 23.7.2015, lch. 54.
(2) IO C 353, 27.9.2016, lch. 12.
(3) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 10 Márta 2016 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2016)0087).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 25 Deireadh Fómhair 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE.
P8_TC1-COD(2014)0257

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/6.)

An nuashonrú is déanaí: 10 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais