Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i dtaca leis an áit ina mbeidh suíomh an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (COM(2017)0734 – C8-0420/2017 – 2017/0326(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa ,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0734),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0420/2017),
– ag féachaint d'Airteagal 295 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chomh maith leis an Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, atá tiomanta do chomhar dílis agus trédhearcach ar feadh an timthrialla reachtaigh ina iomláine agus do chomhionannas an dá chomhreachtóirí;
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don Chomhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe ón 19 Iúil 2012,
– ag féachaint don Nós Imeachta as a lean cinneadh maidir le hathlonnú na Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpaí agus an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (Údarás Baincéireachta na hEorpa) (ÚBE) i gcomhthéacs tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, arna fhormhuiniú ar imeall na Comhairle Eorpaí (formáid Airteagal 50 CAE) an 22 Meitheamh 2017;
– tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach;
– ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Eanáir 2018(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 17 Deireadh Fómhair 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus tuairimí an Choiste um Bhuiséid agus an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A8-0153/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á thabhairt dá haire an ráiteas ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo;
3. á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú láithreach ar an gCur Chuige Coiteann atá i gceangal leis an gComhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012 chun ról na Parlaiminte sa phróiseas cinnteoireachta maidir le suíomh na ngníomhaireachtaí a chur san áireamh go cuí i bhfianaise a sainchumais mar chomhreachtóir faoin ngnáthnós imeachta reachtach, agus mar sin á iarraidh go mbeidh dlúthpháirt ag an bParlaimint sa phróiseas cinnteoireachta sin;
4. ag meabhrú di na critéir a shainigh an Coimisiún agus a fhormhuinigh Ceannasaithe Stáit nó Rialtais an 27AE sa Chomhairle Eorpach (formáid Airteagal 50 CAE) ar an 22 Meitheamh 2017 maidir le athlonnú gníomhaireachtaí an Aontais ó Londain i gcomhthéacs tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas , eadhon: i. an dearbhú gur féidir an ghníomhaireacht a bhunú ar an láithreán agus a chuid feidhmeanna a ghlacadh ag dáta tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas; ii. inrochtaineacht na láithreach; iii. go bhfuil áiseanna oideachais leordhóthanacha ann do pháistí bhaill foirne na gníomhaireachta; iv. rochtain chuí ar an margadh saothair, ar shlándáil shóisialta agus ar chúram leighis do leanaí agus do chéilí; v. leanúnachas gnó agus vi. scaipeadh geografach;
5. á cháineadh nach raibh baint ag an bParlaimint i sainmhíniú agus ar ualú na gcritéar chun láthair shuíomh an ÚBE a roghnú in ainneoin shainchumais na Parlaiminte, lena bhfuil an Pharlaimint agus an Chomhairle ina gcomh-reachtóirí comhionanna maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010(2) lena mbunaítear ÚBE agus lena sainítear a láthair;
6. ag meabhrú di go ndearnadh cinneadh 2010 maidir le láthair ÚBE, chomh maith leis an gcinneadh maidir le láthair EIOPA agus ESMA a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach tar éis nós imeachta trilogue lán-chuimsitheach; gur cinneadh suíomh na gníomhaireachta, a bhain sa chaoi céanna le haon athlonnú ó Londain, i gcomhaontú coiteann idir ionadaithe rialtais na mBallstát, ag cruinniú dóibh ag leibhéal Cheannasaithe Stáit agus Rialtais; ag tarraingt aird air go ndearna an Chomhairle (formáid Airteagal 50 TEU) suíomh nua an ÚBE a roghnú ar bhonn an Chomhráitis maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012 a bhfuil ord dlíthiúil níos ísle aige i gcomparáid le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
7. ag cáineadh an easpa trédhearcachta agus cuntasachta, sa nós imeachta vótála a rinne an Chomhairle an 20 Samhain 2017, ag fágáil cinntí deiridh le socrú trí chrannchur; ag tarraingt aird air go bhfuil na gníomhaireachtaí maoinithe go páirteach ag buiséad an Aontais faoi láthair agus go bhféadfadh costais athlonnála a bheith ann go páirteach ar bhuiséad an Aontais a bhfuil faoi réir idirbheartaíocht leanúnach idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe; ag cur i bhfios an gá atá le cuntasacht dhaonlathach chomh maith le cinnteoireacht trédhearcach agus intuigthe ar mhaithe le leas an phobail Eorpaigh; ag iarraidh tuilleadh sonraí maidir le ualú na gcritéar a chuireann an Chomhairle i bhfeidhm sa nós imeachta roghnúcháin maidir le láthair ÚBE;
8. den tuairim gur cheart go mbeadh an Pharlaimint páirteach go córasach agus ar théarmaí comhionanna leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle i sainiú agus ualú na gcritéar maidir le láthair chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí uile an Aontais a bhfuil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle athbhreithniú a thionscnamh ar Ráiteas Comhpháirteach an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe agus mar aidhm aige a áirithiú go mbeidh rannpháirtíocht láidir ag an bParlaimint agus a urramú go háirithe ag an am céanna a cumhachtaí comhchinnteoireachta;
9. ag cur i bhfios na tascanna agus na réimsí inniúlachta éagsúla atá ag Údaráis Maoirseachta na hEorpa ÚBE, EIOPA agus ESMA; ag meabhrú di cinneadh na gcomhreachtóirí a rinneadh d'aon ghnó na trí údarás a bhunú le tascanna agus réimsí inniúlachta ar leithligh, ceann le haghaidh baincéireachta, ceann le haghaidh urrúis agus ceann le haghaidh árachais agus pinsin; ag éilimh go ndéanfar an scaradh seo a léiriú i gcónaí sna hinniúlachtaí rialála agus maoirseachta agus sa rialachas, i bpríomheagrúcháin agus i bpríomh-mhaoiniú a ngníomhaíochtaí atá neamhspleách ar a láthair, agus a ligeann dóibh seirbhísí tacaíochta riaracháin agus seirbhísí bainistíochta saoráidí a roinnt, más infheidhme, nach mbaineann le gníomhaíochtaí lárnacha, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle socrú reatha na dtrí údarás a choimirciú le linn athlonnú ÚBE agus dá éis; ag éilimh nuashonrú rialta ón gCoimisiún maidir leis seo, go háirithe le linn an nós imeachta reachtach leanúnach maidir le hathbhreithniú na n-údarás Maoirseachta Eorpach (COM(2017)0536); ag meabhrú di go bhfuil Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar chuid den nós imeachta reachtach faoi athbhreithniú na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (COM(2017)0536);
10. ag cur i dtreis gur gá an t-athlonnú agus an t-áitreabh nua a bheith réidh agus oiriúnach ag an am a thagann tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach i bhfeidhm;
11. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;
12. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta na hEorpa), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch.12).
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 25 Deireadh Fómhair 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i dtaca leis an áit ina mbeidh suíomh an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/1717.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ón gComhairle maidir le ÚBE/EMA
Á mheabhrú di an gealltanas a thug Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar dílis agus trédhearcach, agus i bhfianaise an phróisis a leanadh maidir le hathshuí EMA agus ÚBE, a bhain go sonrach leis an gcás i gceist agus nach raibh ina fhasach do ghníomhaireachtaí a shuí amach anseo,
Agus na Conarthaí á meabhrú di, aithníonn an Chomhairle a thábhachtaí atá malartú feabhsaithe faisnéise ón gcéad chéim i gcás na bpróiseas a bheidh ann amach anseo maidir le gníomhaireachtaí a shuí.
Agus luathmhalartú faisnéise ar bun, is éasca a bheadh sé do na trí institiúid a gcearta a fheidhmiú de réir na gConarthaí trí na nósanna imeachta gaolmhara.
Tugann an Chomhairle dá haire an iarraidh a rinne Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí athbhreithniú, a luaithe is féidir, ar an Ráiteas Comhpháirteach agus Cur Chuige Coiteann maidir le Gníomhaireachtaí Díláraithe ó 2012. Mar chéad chéim, iarrann sí ar an gCoimisiún anailís chuimsitheach a chur ar fáil, faoi mhí Aibreán 2019, maidir le cur chun feidhme an Ráitis Chomhpháirtigh agus an Chur Chuige Chomhchoitinn maidir le Gníomhaireachtaí díláraithe a shuí. Bheadh anailís den sórt sin mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach is fearr le tabhairt faoi athbhreithniú den sórt sin.