Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2018 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (CCLE) (athmhúnlú) (COM(2016)0590 – C8-0379/2016 – 2016/0288(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0590),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0379/2016),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Phrótacal (Uimh.1) maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach
– ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Eanáir 2017(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 8 Feabhra 2017(2),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(3),
– ag féachaint don litir dar dáta an 17 Deireadh Fómhair 2016 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Meitheamh 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 104 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0318/2017),
A. de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go substaintiúil é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Samhain 2018 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2018/1972.)