Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0286(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0305/2017

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0305/2017

Díospóireachtaí :

PV 14/11/2018 - 7
CRE 14/11/2018 - 7

Vótaí :

PV 14/11/2018 - 14.6

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0454

Téacsanna atá glactha
PDF 118kWORD 66k
Dé Céadaoin, 14 Samhain 2018 - Strasbourg
Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach ***I
P8_TA(2018)0454A8-0305/2017
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (COM(2016)0591 – C8-0382/2016 – 2016/0286(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0591),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0382/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach,

–  ag féachaint do Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad na Fraince a, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Eanáir 2017(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanasgheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Meitheamh 2018 go ndéanfadh síí seasamh na Pharlaimint na hEorpae a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0305/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go substaintiúil é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 125, 21.4.2017, lch. 65.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Samhain 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009
P8_TC1-COD(2016)0286

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/1971.)

An nuashonrú is déanaí: 11 Bealtaine 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais