Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 2 Deireadh Fómhair 2018 - Strasbourg
Na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin ***I
 An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú: iarratas EGF/2018/001 NL/Gníomhaíochtaí na seirbhísí airgeadais
 Seirbhísí meán closamhairc a sholáthar ***I

Na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin ***I
PDF 119kWORD 43k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Deireadh Fómhair 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (códú) (COM(2018)0139 – C8-0116/2018 – 2018/0066(COD))
P8_TA(2018)0359A8-0290/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach – códú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0139),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0116/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 maidir le modh oibre níos tapúla d’fhonn téacsanna reachtacha a chódú go hoifigiúil(1),

–  ag féachaint do Rialacha 103 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0290/2018),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 2 Deireadh Fómhair 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (códú)

P8_TC1-COD(2018)0066


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/1806.)

(1) IO C 102, 4.4.1996, lch. 2.


An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú: iarratas EGF/2018/001 NL/Gníomhaíochtaí na seirbhísí airgeadais
PDF 128kWORD 49k
Rún
Iarscríbhinn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Deireadh Fómhair 2018 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (iarratas ón Ísiltír – EGF/2018/001 NL/Gníomhaíochtaí na seirbhísí airgeadais) (COM(2018)0548 – C8-0392/2018 – 2018/2220(BUD))
P8_TA(2018)0363A8-0294/2018

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0548 – C8‑0392/2018),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1) (Rialachán CED),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020(2), agus go háirithe Airteagal 12 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(3) (IIA an 2 Nollaig 2013), agus go háirithe pointe 13 de,

–  ag féachaint don nós imeachta tríthaobhach dá bhforáiltear i bpointe 13 de IIA an 2 Nollaig 2013,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A8-0294/2018),

A.  de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair;

B.  de bhrí gur cheart cúnamh airgeadais an Aontais d’oibrithe arna gcur ar iomarcaíocht a bheith dinimiciúil agus gur cheart é a chur ar fáil chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir;

C.  de bhrí gur thíolaic an Ísiltír iarratas EGF/2018/001 NL/Gníomhaíochtaí na seirbhísí airgeadais ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca 1 324 iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 Rannán 64 (Gníomhaíochtaí na seirbhísí airgeadais, cé is moite de chistiú árachais agus pinsin) i réigiúin leibhéal 2 NUTS de NL12 - An Fhreaslainn, NL13 - Drenthe agus NL21 - Overijssel san Ísiltír, agus gurb é sin an chéad iarratas san earnáil eacnamaíoch sin ó bunaíodh CED;

D.  de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go mbeadh 500 oibrí ar a laghad curtha ar iomarcaíocht thar thréimhse thagartha naoi mí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna arna sainiú ag Rannán NACE Athbhreithniú 2 agus atá lonnaithe i réigiún amháin nó in dhá réigiún thadhlacha arna sainiú ag leibhéal NUTS 2 i mBallstát;

1.  ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Ísiltír i dteideal ranníocaíocht airgeadais de EUR 1 192 500 faoin Rialachán sin, arb ionann an méid sin agus 60 % den chostas iomlán de EUR 1 987 500;

2.  ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na hÍsiltíre an t-iarratas an 23 Feabhra 2018, agus, i ndiaidh don Ísiltír faisnéis bhreise a sholáthar, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 20 Iúil 2018 agus gur thug sé fógra don Pharlaimint faoi an 20 Lúnasa 2018;

3.  ag tabhairt dá haire go n-áitíonn an Ísiltír go mbaineann na hiomarcaíochtaí leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta agus lena tionchar ar sheirbhisí agus ar fheidhmiú na mbanc Ollannach; ag aithint gurb é a bhí mar thoradh ar an timpeallacht ina bhfuil ráta úis íseal, a tugadh isteach mar fhreagra don ghéarchéim airgeadais, ar na coinníollacha rialála níos déine, ar an laghdú suntasach i margadh na morgáistí agus sa soláthar creidmheasa d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), gur thit an bhrabúsacht agus go raibh géarghá le costais a laghdú; ag cur in iúl gurb oth léi gur laghdaigh na bainc a gcuid foirne dá thoradh sin, rud a rinneadh go príomha trí oifigí brainsí réigiúnacha a dhúnadh agus trí aistriú i dtreo baincéireacht ar líne;

4.  ag aithint, cé go bhfuil téarnamh áirithe ann le blianta beaga anuas, go leanann iasachtú sa mhargadh morgáiste de bheith níos ísle ná roimh an ngéarchéim airgeadais.

5.  ag cur in iúl gurb oth léi go gcaithfidh na hearnálacha airgeadais i mBallstáit eile dul i ngleic le brúnna comhchosúla; ag aithint go bhféadfadh, i gcásanna áirithe, na hiomarcaíochtaí a bheith leata thar thréimse rófhada chun critéir CED a chomhlíonadh; ag iarraidh ar rialtais na mBallstát, dá ainneoin sin, a mheas an bhféadfadh CED ról fónta a bheith aige chun fostaithe a chumasú oiriúnú do na hathruithe sin;

6.  ag meabhrú go meastar go mbeidh tionchar díobhálach suntasach ar an ngeilleagar áitiúil de dheasca na n-iomarcaíochtaí a tharla i 20 fiontar atá ag oibriú in earnáil baincéireachta na hÍsiltíre, go bhfuil fostaíocht sna trí chúige a chumhdaítear leis an iarratas (an Fhreaslainn, Drenthe agus Overijssel) níos airde ná an meán náisiúnta, agus go bhfuil nasc ag an tionchar a bhí ag an leagan as foirne leis na deacrachtaí a bhaineann le hath-imlonnú mar gheall ar an nganntanas post, le cúlra íseal oideachais na n-oibrithe a briseadh as a bpost, agus leis an líon ard cuardaitheoirí poist;

7.  ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 1 324 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht; ag ceistiú, áfach, cén fáth nach ndíreofar ach ar 450 díobh leis na bearta atá molta; ag cur i bhfáth gur mná (59 %) is ea tromlach na n-oibrithe iomarcacha, ar cuid den phearsanra riaracháin iad nó ar fáilteoirí iad; ag tabhairt dá haire ina theannta sin go bhfuil 27 % de na hoibrithe iomarcacha os cionn 55 bliana d’aois; ag aithint, ina fhianaise sin, a thábhachtaí atá bearta gníomhacha sa mhargadh saothair arna gcómhaoiniú ag CED chun cur leis na deiseanna atá ag na grúpaí leochaileacha sin a bheith ath-imeasctha sa mhargadh saothair;

8.  ag cur fáilte roimh chinneadh na hÍsiltíre díriú ar chúnamh a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha agus cabhrú le daoine a ngairm, a n-earnáil nó a réigiún a athrú, lena n-airítear oiliúint don earnáil mhiondíola agus do phróifílí nua gairme, amhail iompar, seirbhísí TF agus gairmeacha teicniúla, a chuireann deiseanna fostaíochta níos mó ar fáil;

9.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ísiltír ag beartú seacht gcineál gníomhaíochta do na hoibrithe iomarcacha a thagann faoin iarratas seo: (i) iontógáil, (ii) cúnamh i gcuardach poist, (iii) comhthiomsú soghluaisteachta, (iv) oiliúint agus cóitseáil chun fiontraíocht a chur chun cinn, (v) oiliúint agus athoiliúint, (vi) cúnamh i socrúchán seachtrach, (vii) deontas chun fiontraíocht a chur chun cinn;

10.  ag tabhairt dá haire gurb ionann an comhthiomsú soghluaisteachta agus beagnach 30 % de phacáiste iomlán na seirbhísí pearsantaithe; ag tuiscint go bhfuil cóitseáil i gceist leis sin do dhaoine a mbeadh deacracht acu murach é sin fostaíocht a fháil;

11.  ag aithint gur tarraingíodh suas pacáiste comhordaithe na seirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le geallsealbhóirí agus le comhpháirtithe sóisialta amhail Comhlachas Baincéireachta na hÍsiltíre (NVB), Cónaidhm na hÍsiltíre le haghaidh Ceardchumann (FNV) agus Cónaidhm na gCeardchumann Náisiúnta Críostaí (CNV);

12.  ag cur i dtreis go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na hÍsiltíre nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí eile airgeadais de chuid an Aontais;

13.  ag athdhearbhú go gcaithfear gan cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá faoi chúram cuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, ná in ionad bearta chun cuideachtaí nó earnálacha a athstruchtúrú;

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún na húdaráis náisiúnta a ghríosú le níos mó mionsonraí a chur ar fáil, i dtograí amach anseo, maidir leis na hearnálacha lena mbaineann ionchais fáis agus ar dócha, dá bhrí sin, go bhfostófaí daoine iontu, mar aon le sonraí cuí-réasúnaithe a bhailiú maidir le tionchar chistiú CED, lena n-áirítear ar cháilíocht na bpost agus ar an ráta ath-imeasctha arna bhaint amach trí CED;

15.  ag meabhrú gur cheart, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán CED, pacáiste comhordaithe na seirbhísí pearsantaithe a leagan amach ar chaoi a chuireann san áireamh na forbairtí ionchais agus na scileanna riachtanacha ionchais ar an margadh saothair amach anseo agus gur cheart é a bheith i gcomhréir leis an aistriú i dtreo geilleagar inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de.

16.  ag meabhrú a achainí ar an gCoimisiún rochtain phoiblí a áirithiú ar na doiciméid ar fad a bhaineann le cásanna CED;

17.  ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;

18.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

19.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, lena n-áirítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

IARSCRÍBHINN:

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leas a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis iarratas ón Ísiltír – EGF/2018/001 NL/Gníomhaíochtaí seirbhísí airgeadais

(Ní chuirtear téacs na hiarscríbhinne seo ar fáil anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé don ghníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2018/1675.)

(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(3) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.


Seirbhísí meán closamhairc a sholáthar ***I
PDF 125kWORD 61k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Deireadh Fómhair 2018 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar i bhfianaise athruithe ar an margadh (COM(2016)0287 – C8-0193/2016 – 2016/0151(COD))
P8_TA(2018)0364A8-0192/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0287),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 53(1) agus 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0193/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2016(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 7 Nollaig 2016(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 13 Meitheamh 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0192/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 2 Deireadh Fómhair 2018 chun go nglacfaí Treoir(AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh

P8_TC1-COD(2016)0151


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2018/1808.)

(1) IO C 34, 2.2.2017, lch. 157.
(2) IO C 185, 9.6.2017, lch. 41.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais