Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 15 Samhain 2018 - Strasbourg
Cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid ***I
 Truailleáin orgánacha mharthanacha ***I

Cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid ***I
PDF 377kWORD 138k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Samhain 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú) (COM(2017)0548 – C8-0324/2017 – 2017/0237(COD))
P8_TA(2018)0462A8-0340/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0548),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra (C8‑0324/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Eanáir 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(2),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 24 Iúil 2017 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Rialacha 104 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0340/2018),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Samhain 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú)

P8_TC1-COD(2017)0237


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 (1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Táthar chun roinnt leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) chun cosaint fheabhsaithe a sholáthar do phaisinéirí agus chun breis taisteal d’iarnród a spreagadh, agus aird chuí á tabhairt ar Airteagail 11, 12 agus 14 go háirithe den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I bhfianaise na leasuithe sin agus. Arar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán sindá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 a athmhúnlú. [Leasú 1]

(2)  Faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair, tá sé tábhachtach cearta úsáideoirí a choimirciú i gcás paisinéirí iarnróid agus cáilíocht agus éifeachtúlacht na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a fheabhsú chun cuidiú sciar an iompair d'iarnród i gcomparáid le modhanna eile iompair a mhéadú.

(3)  D'ainneoin dul chun cinn nach beag maidir le tomhaltóirí a chosaint san Aontas, tá tuilleadh feabhsuithe fós le déanamh i dtaca le cearta paisinéirí iarnróid a chosaint agus i dtaca lena áirithiú go ndéanfar iad a chúiteamh as moilleanna, as cealuithe agus as aon damáiste do mhaoin. [Leasú 2]

(4)  Ós é an paisinéir iarnróid an páirtí is laige sa chonradh iompair, caithfear cearta na bpaisinéirí a choimirciú ina leith sin.

(5)  Trí na cearta céanna a dheonú do phaisinéirí iarnróid atá ar thurais idirnáisiúnta agus ar thurais intíre, ba cheart cur leis an leibhéal cosanta don tomhaltóir san Aontas, cothrom iomaíochta a áirithiú do ghnóthais iarnróid agus cearta ar leibhéal comhionann a ráthú do phaisinéirígo méadófaí leibhéal na gceart do phaisinéirí san Aontas, go háirithe maidir leis an rochtain atá acu ar fhaisnéis agus ar chúiteamh i gcás moille nó cealú. Ba cheart go bhfaigheadh paisinéirí faisnéis chomh beacht agus is féidir maidir lena gcearta. [Leasú 3]

(5a)   Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo dochar do chumas na mBallstát nó na n-údarás inniúil taraifí sóisialta a bhunú do sheirbhisí arna rialú faoi oibleagáid seirbhíse poiblí agus do sheirbhisí tráchtála. [Leasú 4]

(6)  Ní hionann carachtar seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí agus carachtar seirbhísí fadachair. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag a lamháil do na Ballstáit seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí, nach seirbhísí trasteorann laistigh den Aontas iad, a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe maidir le cearta paisinéirí. [Leasú 136]

(7)  Áirítear ar aidhmeanna an Rialacháin seo feabhas a chur ar sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann díolúintí a dheonú le haghaidh seirbhísí i réigiúin ina bhfuil cuid shuntasach den tseirbhís á hoibriú lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go ndéanfaí cearta paisinéirí ar leibhéal iomchuí a áirithiú ar an gcuid sin de na seirbhísí sin a sholáthraítear ar chríoch na mBallstát sin, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

(8)  Níor cheart feidhm a bheith ag na díolúintí maidir leis na forálacha sin de chuid an Rialacháin seo lena n-éascaítear úsáid seirbhísí iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, áfach. Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag díolúintí maidir leis na cearta atá ag daoine ar mian leo ticéid le haghaidh taistil d'iarnród a cheannach, é sin a dhéanamh gan aon deacracht mhíchuí, ná maidir leis na forálacha maidir le dliteanas gnóthas iarnróid i ndáil le paisinéirí agus a gcuid bagáiste, ná maidir leis an gceanglas árachas iomchuí a bheith ag gnóthais iarnróid, ná maidir leis an gceanglas go nglacfaidís bearta iomchuí chun sábháilteacht phearsanta na bpaisinéirí a áirithiú i stáisiúin traenach agus ar thraenacha agus chun riosca a bhainistiú. [Leasú 6]

(9)  Cuimsítear leLe cearta na n-úsáideoirí chun seirbhísí iarnróid, cuimsítear faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhísna seirbhísí sin agus ábhair ghaolmhara roimh an turas agus lena linn agus ina dhiaidh. Aon uair is féidir, baBa cheart do ghnóthais iarnróid agus do dhíoltóirí ticéad an fhaisnéis sin a chur ar fáil roimh ré agussholáthar, a luaithe is féidir, roimh ré, nó ag tús an turais ar a laghad. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus ba cheart go mbeadh sí ar fáil go poiblí. Ba cheart do ghnóthais iarnróid an fhaisnéis sin a sholáthar do dhíoltóirí ticéad agus do ghnóthais iarnróid eile atá ag díol a gcuid seirbhísí. [Leasú 7]

(9a)   Mar gheall ar an rochtain ar gach sonra oibríochtúil fíor-ama agus gach taraif ar théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus inmharthana, tá an taisteal d’iarnród níos inrochtana ag custaiméirí nua agus tugtar réimse níos leithne féidearthachtaí turais agus taraifí dóibh as ar féidir leo rogha a dhéanamh. Ba cheart do ghnóthais iarnróid a sonraí oibríochtúla agus a sonraí maidir le taraifí a thabhairt do dhíoltóirí ticéad chun an taisteal d’iarnród a éascú. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun a cheadú do phaisinéirí tréthicéid agus turais aonair iarnróid optamacha a chur in áirithe. [Leasú 8]

(9b)   Beidh dian-iompar ilmhódach paisinéirí ina chuidiú chun spriocanna aeráide a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais iarnróid teaglaim le modhanna eile iompair a fhógairt freisin ionas go mbeidh úsáideoirí iarnróid ar an eolas fúthu sula ndéanfaidh siad a gcuid áirithintí taistil. [Leasú 9]

(9c)  Beidh córais iompair ilmhódacha dhea-fhorbartha paisinéirí ina gcuidiú chun spriocanna aeráide a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais iarnróid teaglaim le modhanna eile iompair a fhógairt freisin ionas go mbeidh úsáideoirí iarnróid ar an eolas fúthu sula ndéanfaidh siad a gcuid áirithintí taistil. [Leasú 10]

(10)  Leagtar amach ceanglais mhionsonraithe maidir le soláthar faisnéise taistil a leagan amach sna sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht (STIanna) dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ón gCoimisiún(5) .

(11)  Le neartú ceart paisinéirí iarnróid ba cheart cur leis an dlí idirnáisiúnta a chuimsítear in Iarscríbhinn A — Rialacha comhionanna maidir leis an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Paisinéirí agus Bagáiste d’Iarnród (CIV) a ghabhann le Coinbhinsiún an 9 Bealtaine 1980 maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF), arna mhodhnú le Prótacal an 3 Meitheamh 1999 lena modhnaítear an Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (Prótacal 1999). Is inmhianaithe, áfach, raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú ionas go gcosnófaí ní amháin paisinéirí idirnáisiúnta ach paisinéirí intíre chomh maith. An 23 Feabhra 2013, d'aontaigh an tAontas do COTIF.

(12)  I ndáil le díolachán ticéad le haghaidh iompar paisinéirí, ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun toirmeasc a chur ar idirdhealú ar bhonn náisiúntachta nó áit chónaithe, gan beann ar an bpaisinéir lena mbaineann a bheith i láthair, go buan nó ar bhonn sealadach, i mBallstát eile. Leis na bearta sin, ba cheart gach cineál idirdhealaithe cheilte a chumhdach a d'fhéadfadh an éifeacht chéanna a bheith aige, trí chritéir eile a chur i bhfeidhm, amhail áit chónaithe, suíomh fisiceach nó suíomh digiteach. I bhfianaise na forbartha ar ardáin ar líne a dhíolann ticéid iompair paisinéirí, ba cheart do na Ballstáit ard ar leith a thabhairt ar a áirithiú nach ndéantar aon idirdhealú le linn phróiseas na rochtana ar chomhéadain ar líne nó le linn ticéid a cheannach. Níor cheart, áfach, bac a chur go huathoibríoch ar scéimeanna iompair a bhfuil taraifí sóisialta ina gcuid díobh, ar choinníoll go bhfuil siad comhréireach agus neamhspleách ar náisiúntacht na ndaoine lena mbaineann. [Leasú 11]

(13)  Tá impleachtaí ag an méadú ar an tóir ar an rothaíocht ar fud an Aontais don tsoghluaisteacht agus don turasóireacht ar an mórgóir. Le méadú ar an gcion módach atá ag úsáid an iarnróid agus na rothaíochta, laghdaítear tionchar an iompair ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais iarnróid é a éascú a oiread agus is féidir turais rothaíochta agus turais traenach a dhéanamh le chéile, go háirithe trí iompar rothar ar bord traenacha a cheadúa éascú, a mhéid is féidir, turais rothaíochta agus turais traenach a dhéanamh le chéile; go háirithe, ba cheart dóibh líon leordhóthanach seastán rothar a sholáthar le haghaidh iompar rothar cóimeáilte i limistéir atá beartaithe chun na críche sin ar bord gach cineál traenach paisinéirí, lena n-áirítear seirbhísí ardluais, fadachair, trasteorann agus áitiúla. Ba cheart paisinéirí a chur ar an eolas maidir leis an spás atá ar fáil dá rothair. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin maidir le gach gnóthas iarnróid ón … [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 12]

(14)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid aistriú paisinéirí iarnróid ó oibreoir go hoibreoir a éascú trí thréthicéid a chur ar fáil, aon uair is féidirsholáthar. [Leasú 13]

(15)  I bhfianaise Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil de bhus agus de chóisted’iarnród atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cúnamh le linn a dturais. Tá an ceart céanna chun saorghluaiseachta, chun saor-rogha agus chun neamh-idirdhealaithe ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, cibé acu míchumas, aois nó aon toisc eile is cúis leis,. agus atá ag gach saoránach eile. Inter aliaInter alia, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhaisnéis inrochtana a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe maidir le hinrochtaineacht seirbhísí iarnróid, le coinníollacha rochtana an rothstoic agus leis na háiseannasaoráidí ar bord. Chun an fhaisnéis is fearr faoi mhoilleanna a sholáthar do phaisinéirí a bhfuil mallachar céadfamíchumas céadfach orthu, ba cheart córais amhairc agus inchloiste a úsáid, de réir mar is iomchuígo n-úsáidfí córais amhairc agus inchloiste atá iomchuí agus intuigthe ag na paisinéirí sin. Ba cheart daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bheith in ann ticéid a cheannach ar an traein gan táillí breise. Ba cheart oiliúint iomchuí a bheith ar na baill foirne le freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, go háirithe nuair atá cúnamh á thabhairt acu dóibh. Le Chuncoinníollacha comhionanna taistil a áirithiú, ba cheart cúnamh a thabhairt do na daoine sin ag stáisiúin agus ar bord traenach na huaireanta uile a oibrítear na traenacha agus ní ag uaireanta áirithe den lá amháinsaor in aisce a thabhairt do na daoine sin chun dul ar bord agus chun tuirlingt. [Leasú 14]

(15a)  Mura bhfuil saoráidí inrochtana díolta ticéad ar fáil ag an stáisiún, ba cheart do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bheith in ann ticéid a cheannach ar bord na traenach. [Leasú 15]

(16)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin aird a thabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh, trí Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 (STI) ón gCoimisiún(6) agus Treoir XXX a chomhlíonadh agus STI á chomhlánú acu, tríd an STI do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, i gcomhréir le rialacha soláthair phoiblí an Aontais, go háirithe Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) , ba cheart gach foirgneamh agus rothstoc a dhéanamh inrochtana trí dheireadh a chur de réir a chéile le constaicí fisiceacha agus bacainní feidhmithe agus ábhar nua á fháil nó nuair a bheidh obair thógála nó mórobair athchóirithe ar siúl. [Leasú 16]

(17)  Is inmhianaithe go gcruthódh an Rialachán seo córas cúitimh do phaisinéirí i gcás moille a mbeadh baint aici le dliteanas an ghnóthais iarnróid, ar an mbonn céanna leis an gcóras idirnáisiúnta dá bhforáiltear le COTIF agus go háirithe le rialacha comhionanna CIV a ghabhann leis maidir le cearta paisinéirí. Ba cheart ticéid cheannaithe a bheith inaisíoctha go hiomlán. I gcás moill ar sheirbhís paisinéirí, ba cheart do ghnóthais iarnróid cúiteamh a thabhairt do phaisinéirí bunaithe ar chéatadán suas le 100% de phraghas an ticéid. [Leasú 17]

(18)  Ba cheart oibleagáid a bheith ar ghnóthaisgnóthais iarnróid a bheith faoi cheangal árachas a bheith acu, nó socruithe coibhéiseacha a dhéanamh, in aghaidh a ndliteanais i leith paisinéirí iarnróid i gcás tionóisce. I gcás ina socróidh na Ballstáit uasmhéid do dhamáistí cúiteacha as bás paisinéirí nó díobháil phearsanta do phaisinéirí, ba cheart an méid sin a bheith coibhéiseach, ar a laghad, leis an méid a leagtar amach i rialacha comhionanna CIV Rialacha Aonfhoirmeacha CIV. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit méadú a dhéanamh ar an méid do dhamáistí cúiteacha as bás paisinéirí nó díobháil phearsanta do phaisinéirí tráth ar bith. [Leasú 18]

(19)  Le neartú na gceart chun cúitimh agus chun cúnaimh i gcás moille , nasc a chailleadh , nó cealú seirbhíse, ba cheart go dtabharfaí spreagadh níos láidre don mhargadh iompair paisinéirí d'iarnród, rud a rachadh chun sochair do na paisinéirí.

(20)  I gcás moille, ba cheart roghanna iompair ar leanúint nó athródaithe ar choinníollacha iompair inchomparáide a chur ar fáil do na paisinéirí. Ba cheart riachtanais daoinemaidir le faisnéis iomchuí do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh go háirithe ina leithéid sin de chás. [Leasú 19]

(20a)   Leis an léirmhíniú ar thuras nó ar chomhthuras, ba cheart go n-áireofaí na staideanna go léir ag a bhfuil nasc-amanna íosta réadúla nó infheidhme nuair a cuireadh in áirithe ó thús iad, agus aon tosca ábhartha amhail méid agus suíomh na stáisiún agus na n-ardán lena mbaineann faoi seach á gcur san áireamh. [Leasú 137]

(21)  Níor cheart iallach a bheith ar ghnóthas iarnróid cúiteamh a íoc, áfach, más féidir leis a chruthú gur rí-dhrochaimsir nó mórthubaistí nádúrtha a chuirfeadh oibriú sábháilte na seirbhísí i mbaol ba chúis leis an moill. Ba cheart aon teagmhas den sórt sin a bheith ina mhatalang nádúrtha eisceachtúil, seachas gnáthaimsir an tséasúir a bheith ann, amhail stoirmeacha fómhair nó tuilte uirbeacha a tharlaíonn go tráthrialta de dheasca na dtaoidí nó leá sneachta Ba cheart do ghnóthais iarnróid a chruthú nár fhéad siad an mhoill a thuar ná a chosc fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta. [Leasú 20]

(22)  I gcomhar le bainisteoirí bonneagair agus le gnóthais iarnróid, ba cheart do bhainisteoirí stáisiúin pleananna teagmhais a ullmhú agus a chur ar fáil go poiblí chun an tionchar de dheasca mórbhriseadh ar sheirbhísí a íoslaghdú trí fhaisnéis iomchuí agus aire iomchuí a thabhairt do phaisinéirí atá sáinnithe. [Leasú 21]

(23)  Níor cheart srian a chur leis an Rialachán seo ar chearta na ngnóthas iarnróidcúiteamh a lorg ó aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta infheidhme, na ndíoltóirí ticéad, na mbainisteoirí stáisiúin iarnróid nó na mbainisteoirí bonneagair cúiteamh a lorg, i gcás inarb infheidhme, ó aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, as a gcuid oibleagáidí i leith paisinéirí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo. [Leasú 22]

(24)  I gcás ina ndeonóidh Ballstát díolúine do ghnóthais iarnróid ó fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart dó gnóthais iarnróid a spreagadh, i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar phaisinéirí, chun socruithe a bhunú le haghaidh cúitimh agus cúnaimh i gcás mórbhriseadh ar sheirbhís iarnróid do phaisinéirí.

(25)  Is inmhianaithe freisin íospartaigh tionóisce agus a gcleithiúnaithe a shaoradh ó imní ghearrthéarmach airgid sa tréimhse díreach tar éis na tionóisce.

(26)  Is ar mhaithe le leas na bpaisinéirí iarnróid go nglacfaí bearta iomchuí , i gcomhaontú leis na húdaráis phoiblí, chun a slándáil phearsanta a áirithiú sna stáisiúin agus ar na traenacha.

(27)  Ba cheart paisinéirí iarnróid a bheith in ann gearán a dhéanamh le haon ghnóthas iarnróid, díoltóir ticéad, bainisteoir stáisiúin traenach nó bainisteoir bonneagair lena mbaineann maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar leis an Rialachán seo agus a bheith i dteideal freagra a fháil laistigh de thréimhse ama réasúnta. [Leasú 23]

(28)  Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin caighdeáin cháilíochta seirbhíse do sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí a shainiú, a chur ar fáil don phobal, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear na caighdeáin sin do dhaoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. [Leasú 24]

(29)  Chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a choinneáil san iompar d'iarnród, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe a ainmniú chun faireachán grinn a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus an Rialachán seo a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na comhlachtaí sin a bheith in ann bearta forfheidhmiúcháin éagsúla a dhéanamh. Ba cheart paisinéirí a bheith in ann gearán a dhéanamh leis na comhlachtaí sin faoi sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo. Chun a áirithiú go láimhseálfar go sásúil na gearáin sin, ba cheart do na comhlachtaí comhoibriú le chéile freisinforfheidhmithe éagsúla a dhéanamh agus an rogha a thabhairt do phaisinéirí réiteach malartach díospóidí ceangailteach a bheith ann, i gcomhréir le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8). Ba cheart do phaisinéirí a bheith in ann gearán a dhéanamh leis na comhlachtaí sin faoi sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán, agus leas a bhaint as réiteach díospóide ar líne arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9), i gcás ina gcomhaontaítear sin. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go bhféadfaidh eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí paisinéirí gearáin a dhéanamh. Chun a áirithiú go láimhseálfar go sásúil na gearáin sin, ba cheart do na comhlachtaí comhoibriú le chéile freisin agus ba cheart go leanfaí den Rialachán seo a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10). Gach bliain, ba cheart do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe tuarascálacha a fhoilsiú ina bhfuil staidreamh maidir lena suíomhanna gréasáin, ina sonraítear líon agus cineál na ngearán a fuair siad, agus toradh a ngníomhaíochtaí forfheidhmithe. Sa bhreis air sin, ba cheart na tuarascálacha sin a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh. [Leasú 25]

(30)  Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11).

(31)  Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Ba cheart do na pionóis sin a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach agus d'fhéadfadh íocaíocht cúitimh leis an duine a bheadh i gceist a bheith san áireamh leoNa pionóis, a bhféadfaí íocaíocht cúitimh leis an duine lena mbaineann a áireamh leo, ba cheart go mbeidís éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus ba cheart go n-áireofaí orthu fíneáil íosta nó céatadán de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais nó na heagraíochta ábhartha, cibé acu is airde, ach níor cheart iad a bheith teoranta dó sin. [Leasú 26]

(32)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon iarnróid an Aontais a fhorbairt agus cearta paisinéirí a thabhairt isteach, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais , féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú .

(33)  Chun ardleibhéal cosanta don phaisinéir a áirithiú, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III i ndáil le rialacha comhionanna CIV, i ndáil leis an íosmhéid faisnéise atá le cur ar fáil ag gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad, agus i ndáil le híoschaighdeáin cháilíochta seirbhíse, agus chun na méideanna airgeadais dá dtagraítear sa Rialachán a choigeartú i bhfianaise an bhoilscithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(12) an 13 Aibreán 2016 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(33a)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun foirm ghearáin chaighdeánaithe de chuid an Aontais a ghlacadh, a fhéadfaidh paisinéirí a úsáid chun iarratas ar chúiteamh a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13). [Leasú 27]

(34)  Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 21, 26, 38 agus 47 maidir le cosc ar idirdhealú de chineál ar bith, lánpháirtíocht daoine faoi mhíchumas, ardleibhéal cosanta don tomhaltóir, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus trialach córa, faoi seach. Ní mór do chúirteanna na mBallstát an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cearta agus leis na prionsabail sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí [Leasú 28]

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha is infheidhme maidir leis an iompar d'iarnród chun foráil a dhéanamh do chosaint éifeachtach paisinéirí agus chun an taisteal d’iarnród a spreagadh, i dtaca leis na nithe seo a leanas: [Leasú 29]

(a)  neamh-idirdhealú idir paisinéirí i ndáil le coinníollacha iompair agus ticéadaithe; [Leasú 30]

(b)  dliteanas gnóthas iarnróid agus a n-oibleagáidí árachais i leith paisinéirí agus a gcuid bagáiste;

(c)  cearta na bpaisinéirí i gcás tionóisce a eascróidh as úsáid seirbhísí iarnróid agus is cúis le bás, le díobháil phearsanta nó le cailleadh a mbagáiste nó le damáiste dá mbagáiste;

(d)  cearta agus cúiteamh na bpaisinéirí i gcás briseadh, amhail cealú nó moille; [Leasú 31]

(e)  an t-íosmhéid faisnéise le cur ar fáil do phaisinéirían fhaisnéis íosta, chruinn agus thráthúil a bheidh le soláthar do phaisinéirí i bhformáid inrochtana, lena n-áirítear conarthaí iompair a thabhairt i gcrích agus ticéid a eisiúint; [Leasú 32]

(f)  neamh-idirdhealú agus cúnamh éigeantach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaitheneamh-idirdhealú in aghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus cúnamh éigeantach dóibh ó fhoireann oilte; [Leasú 33]

(g)  caighdeáin cháilíochta seirbhíse a shainiú agus faireachán a dhéanamh orthu agus na rioscaí do shlándáil phearsanta na bpaisinéirí a bhainistiú;

(h)  gearáinnósanna imeachta cuí chun gearáin a chomhdú agus a láimhseáil; [Leasú 34]

(i)  rialacha ginearálta maidir le forfheidhmiú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le turais agus seirbhísí iarnróid ar fud an Aontais arna soláthar ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó ná gnóthas iarnróid amháin atá ceadúnaithe i gcomhréir le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14).

2.  Faoi réir mhír 4, féadfaidh na Ballstáit na seirbhísí seo a leanas a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)  seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí dá dtagraítear i dTreoir 2012/34/AE, ach amháin seirbhísí trasteorann laistigh den Aontas; [Leasú 138]

(b)  seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí a n-oibrítear cuid shuntasach díobh, lena n-áirítear aon stad stáisiúin sceidealta amháin ar a laghad, lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go n-áirithítear go hiomchuí cearta na bpaisinéirí faoin dlí náisiúnta ábhartha ar chríoch an Bhallstáit atá ag deonú na díolúine;[Leasú 36]

(ba)  seirbhísí iarnróid intíre do phaisinéirí, i gcás inar thug na Ballstáit an díolúine sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 go ceann uastréimhse 12 mhí tar éis an …[dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 37]

3.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhíolúintí arna ndeonú de bhun phointe (a) agus phointe (b) de mhír 2, agus faoi iomchuibheas a ndlí náisiúnta ar a gcríoch chun críocha phointe (b) de mhír 2phointí (a), (b) agus (ba) de mhír 2. [Leasú 38]

4.  Beidh feidhm ag Airteagail 5, 10, 11 agus 256, 11, 12, agus 17 agus ag Caibidil V maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear seirbhísí arna ndíolmhú i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) de mhír 2. [Leasú 39]

4a.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí a oibrítear de bhíthin amháin iad a bheith ina ndíol spéise ó thaobh na staire de. [Leasú 40]

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn “gnóthas iarnróid” gnóthas iarnróid mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2012/34/AE é;

(1a)  ciallaíonn “iompróir” an gnóthas iarnróid conarthach a bhfuil an conradh iompair tugtha i gcrích ag an bpaisinéir leis nó sraith de ghnóthais iarnróid chomhleanúnacha atá faoi dhliteanas ar bhonn an chonartha sin; [Leasú 41]

(1b)  ciallaíonn “iompróir ionadach” gnóthas iarnróid nach bhfuil conradh iompair tugtha i gcrích aige leis an bpaisinéir, ach ar chuir gnóthas iarnróid is páirtí sa chonradh de chúram air, go hiomlán nó go páirteach, an t-iompar d’iarnród a fheidhmiú; [Leasú 42]

(2)  ciallaíonn “bainisteoir bonneagair” bainisteoir bonneagair mar a shainmhínítear le hAirteagal in Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE é;

(3)  ciallaíonn “bainisteoir stáisiúin” eintiteas eagraíochtúil i mBallstát, ar cuireadh de fhreagracht air stáisiúin iarnróid a bhainistiú agus a fhéadfaidh a bheith ina bhainisteoir bonneagair;

(4)  ciallaíonn “tionscnóir turas” eagraí nó miondíoltóir, seachas gnóthas iarnróid, de réir bhrí Airteagal 3 pointe (8) agus pointe (9)phointe (8) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15); [Leasú 43]

(5)  ciallaíonn “díoltóir ticéad” aon mhiondíoltóir seirbhísí iompair d'iarnród, a thugann conarthaí iompair i gcrích agus a dhíolann ticéid, ticéid ar leith nó tréthicéid thar ceann gnóthas iarnróid amháin nó níos mó nó nó ar a chuntas féin; [Leasú 44]

(5a)   ciallaíonn “dáileoir” miondíoltóir seirbhísí iompair d’iarnród a dhíolann ticéid thar ceann gnóthas iarnróid, agus nach bhfuil aon oibleagáid ina leith faoin gconradh arna thabhairt i gcrích idir an paisinéir agus an gnóthas iarnróid; [Leasú 45]

(6)  ciallaíonn “conradh iompair” conradh iompair ar luaíocht nó saor in aisce idir gnóthas iarnróid nó díoltóir ticéad agus an paisinéir chun seirbhís iompair amháin nó níos mó ná seirbhís iompair amháin a sholáthar; [Leasú 46]

(6a)   ciallaíonn “ticéad” fianaise bhailí lena bhfuil an paisinéir i dteideal taisteal d’iarnród, gan beann ar a foirm (páipéar, ríomhthicéad, Cárta cliste, cárta taistil); [Leasú 47]

(6b)   ciallaíonn “comhthuras” ticéad nó ticéid a fhreagraíonn do níos mó ná conradh iompair amháin do sheirbhísí iarnróid comhleanúnacha arna n-oibriú ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó; [Leasú 48]

(7)  ciallaíonn “áirithint” údarú, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a thugann teidlíocht chun iompair faoi réir socruithe iompair pearsantaithe arna ndeimhniú roimh ré;

(8)  ciallaíonn “tréthicéad” ticéad nó ticéid ar leith a fhreagraíonn do chonradh iompair aonair nó do roinnt díobh, do sheirbhísí iarnróid leanúnachacomhleanúnacha arna n-oibriú ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó, arna cheannach ón díoltóir ticéad céanna, ón tionscnóir turas céanna nó ón ngnóthas iarnróid céanna i gcomhair turas ceann go ceann; [Leasú 49]

(9)  ciallaíonn “seirbhís” seirbhís iompair iarnróid do phaisinéirí a oibrítear idir stáisiúin traenach nó stadanna traenach de réir amchláir;

(10)  ciallaíonn “turas” iompar paisinéara idir stáisiún an imeachta agus stáisiún an teachta faoi chonradh iompair aonair; [Leasú 50]

(11)  ciallaíonn “seirbhísí iarnróid intíre do phaisinéirí” seirbhís iarnróid do phaisinéirí nach dtrasnaíonn aon teorainn de chuid Ballstáit;

(12)  ciallaíonn “seirbhís iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí”" seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(5) de Threoir 2012/34/AE;

(13)  ciallaíonn “moill” an difríocht ama idir am sroichte sceidealta an phaisinéara i gcomhréir leis an amchlár foilsithe agus am iarbhír nó ionchais a theachta shroichte nó a sroichte chuig stáisiún an chinn scríbe chríochnaithigh;

(13a)  ciallaíonn “teacht” an t-am, ar ardán an chinn scríbe, a osclaítear doirse na traenach agus a cheadaítear tuirlingt; [Leasú 51]

(14)  ciallaíonn “pas taistil” nó “ticéad séasúir” ticéad do líon neamhtheoranta turas a thugann cead taisteal d'iarnród don sealbhóir údaraithe ar bhealach faoi leith nó ar líonra faoi leith le linn tréimhse sonraithe;

(15)  ciallaíonn “nasc a chailleadh” cás, bíodh sé sin faoi chonradh iompair aonair nó ná bíodh, ina gcaillfidh an paisinéir seirbhís amháin nó níos mó le linn turais nó comhthurais de thoradh moill ar sheirbhís amháin nó níos mó roimhe sin nó de thoradh cealú seirbhíse amháin nó níos mó roimhe sin; [Leasú 139]

(16)  ciallaíonn “duine faoi mhíchumas” agus “duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe” aon duine ar a bhfuil mallacharmíchumas fisiceach, meabhrach, intleachta nó céadfach, buan nó sealadach, a d'fhéadfadh, ar idirghníomhú le bacainní éagsúla dó, bac a chur air úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as córacha iompair ar bhonn comhionann le paisinéirí eile nó a bhfuilmbíonn a shoghluaisteacht laghdaithe le linn córacha iompair a úsáid dó de thoradh a aoise; [Leasú 53]

(17)  ciallaíonn “Coinníollacha Ginearálta Iompair” coinníollacha an ghnóthais iarnróid i bhfoirm coinníollacha ginearálta nó taraifí atá infheidhme go dleathach i ngach Ballstát agus a thagann chun bheith ina gcuid dhílis den chonradh iompair nuair a thugtar i gcrích é;

(18)  ciallaíonn “feithicil” mótarfheithicil nó leantóir a iompraítear tráth iompar na bpaisinéirí;

(19)  ciallaíonn “rialacha comhionanna CIV” na rialacha comhionanna maidir leis an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Paisinéirí agus Bagáiste d’Iarnród (CIV) a leagtar amach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF).

Caibidil II

Conradh iompair, faisnéis agus ticéid

Airteagal 4

Conradh iompair

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, beidh tabhairt i gcrích agus comhlíonadh conartha iompair agus soláthar faisnéise agus ticéad faoi rialú ag forálacha Theideal II agus Theideal III d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha an chonartha iompair

Gan dochar do tharaifí sóisialta, cuirfidh gnóthais iarnróid nó díoltóirí ticéad coinníollacha conartha agus taraifí ar fáil don phobal i gcoitinne gan idirdhealú, díreach ná indíreach, ar bhonn náisiúntacht nó áit chónaithe an chustaiméara deiridh, nó ar bhonn na háite ina bhfuil an gnóthas iarnróid nó an díoltóir ticéad bunaithe laistigh den Aontasdéanfaidh gnóthais iarnróid, tionscnóirí turas nó díoltóirí ticéad coinníollacha conartha iompair agus ticéadaithe agus taraifí a sholáthar don phobal, agus díolfaidh siad ticéid agus tréthicéid, agus glacfaidh siad le háirithintí ó phaisinéirí i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo, gan idirdhealú, díreach ná indíreach, ar bhonn náisiúntacht nó áit chónaithe an phaisinéara deiridh, nó ar bhonn na háite ina bhfuil an gnóthas iarnróid, na tionscnóirí turas nó an díoltóir ticéad bunaithe laistigh den Aontas, nó ar bhonn na modhanna trínar cheannaigh paisinéirí an ticéad. [Leasú 55]

Airteagal 6

Rothair

Beidh paisinéirí i dteideal rothair a bhreith leo ar bhord na traenach , ar tháille réasúnta i gcás inar iomchuí. Coinneoidh siad a rothair faoina gcúram le linn an turais agus áiritheoidh siad nach ndéanfar aon chiotaí ná damáiste do phaisinéirí eile, do threalamh soghluaisteachta, do bhagáiste ná d'oibríochtaí iarnróid. Féadfar diúltú rothair a iompar, nó srian a chur leis, ar chúiseanna sábháilteachta nó oibríochta, ar choinníoll go gcuirfidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad, tionscnóirí turas agus, i gcás inarb iomchuí, bainisteoirí stáisiúin, paisinéirí ar an eolas faoi na coinníollacha le haghaidh diúltú nó srian den sórt sin lena n-áirítear ar sheirbhísí ardluais, fadachair, trasteorann agus áitiúla. Faoin … [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, beidh ar gach traein paisinéirí nua nó athchóirithe spás tiomnaithe dea-léirithe le haghaidh iompar rothar cóimeáilte a chur san áireamh, a mbeidh ocht spás ann ar a laghad. Déanfaidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad, tionscnóirí turas agus, i gcás inarb iomchuí, bainisteoirí stáisiúin, paisinéirí a chur ar an eolas, agus an ticéad á cheannach acu ar a dhéanaí, faoi na coinníollacha maidir le hiompar rothar ar gach seirbhís i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 454/2011. [Leasú 56]

Airteagal 7

Tarscaoileadh agus leagan síos teorainneacha a eisiamh

1.  Ní fhéadfar na hoibleagáidí i leith paisinéirí de bhun an Rialacháin seo a theorannú ná a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó clásal sriantach sa chonradh iompair.Aon choinníollacha conarthacha a airbheartaíonn, go díreach nó go hindíreach, na cearta a eascraíonn ón Rialachán seo a tharscaoileadh, maolú uathu, nó srian a chur leo, ní bheidh siad ina gceangal ar an bpaisinéir. [Leasú 57]

2.  Féadfaidh gnóthais iarnróid, tionscnóirí turas nó díoltóirí ticéad coinníollacha conartha a thairiscint a bheidh níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. [Leasú 58]

Airteagail 8

Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar maidir le scor seirbhísí iarnróid

Poibleoidh na gnóthais iarnróid nó, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla atá freagrach as conradh seirbhísí poiblí iarnróid, ar na dóigheanna is iomchuí, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX, cinntí maidir le scor seirbhísí iarnróid , bíodh sé buan nó sealadach, agus déanfar é sin roimh chur chun feidhme na gcinntí sin. trí mhodhanna iomchuí, agus gan mhoill, lena n-áirítear i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX(16) agus i Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014, agus in am trátha sula gcuirfear chun feidhme iad, moltaí chun seirbhísí iarnróid a scor nó a laghdú go suntasach, bíodh sé go buan nó go sealadach, agus áiritheoidh siad go mbeidh na moltaí sin faoi réir comhairliúchán fóinteach agus cuí le geallsealbhóirí sula ndéanfar aon chur chun feidhme [Leasú 59]

Airteagal 9

Faisnéis taistil

1.  Gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair thar ceann gnóthas iarnróid amháin nó níos mó, soláthróidh siad don phaisinéir, arna iarraidh sin dó, ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid I, maidir leis na turais a bhfuil an gnóthas iarnróid lena mbaineann ag tairiscint conradh iompair ina leith. Déanfaidh díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair ar a gcuntas féin, agus tionscnóirí turas, an fhaisnéis sin a sholáthar i gcás ina mbeidh fáil uirthiGnóthais iarnróid, tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair thar a gceann féin nó thar ceann gnóthas iarnróid amháin nó níos mó, soláthróidh siad don phaisinéir, arna iarraidh sin dó, ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid I, maidir leis na turais a ndéanann an gnóthas iarnróid lena mbaineann conarthaí iompair a thairiscint ina leith. Déanfaidh díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair ar a gcuntas féin, agus tionscnóirí turas, an fhaisnéis sin a sholáthar. Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh gnóthais iarnróid an fhaisnéis sin a sholáthar do dhíoltóirí ticéad agus do ghnóthais iarnróid eile atá ag díol a seirbhíse. [Leasú 60]

2.  I rith an turais, ag stáisiúin naisc san áireamh, soláthróidh gnóthais iarnróid agus, i gcás inar féidir, díoltóirí ticéad don phaisinéir ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid II.Le linn an turais, lena n-áirítear ag stáisiúin naisc, déanfaidh gnóthais iarnróid, agus i gcás inarb infheidhme, díoltóirí ticéad, ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid II, a sholáthar don phaisinéir. Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh gnóthais iarnróid an fhaisnéis sin a sholáthar do dhíoltóirí ticéad agus do ghnóthais iarnróid eile atá ag díol a seirbhíse. [Leasú 61]

3.  Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 san fhormáid is mó is iomchuí lena n-áirítear teicneolaíochtaí cumarsáide atá suas chun dáta a úsáid . Tabharfar aird ar leith ar a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sin inrochtana ag daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX agus i Rialachán 454/2011Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, déanfaidh gnóthais iarnróid, tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad í a sholáthar do phaisinéirí, ag úsáid teicneolaíochtaí cumarsáide suas chun dáta atá inrochtana go héasca, a úsáidtear go coitianta, agus, a mhéid a bhaineann le mír 2, i bhfíor-am, agus, i scríbhinn, i gcás inarb indéanta,chun go soláthrófaí do phaisinéirí an fhaisnéis uile a bhfuil gá léi faoi Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Tabharfar aird ar leith ar a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sin inrochtana ag daoine faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX, i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014. Fógrófar go soiléir infhaighteacht formáidí atá inrochtana ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. [Leasú 62]

4.  Déanfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair sonraí fíor-ama maidir le traenacha, lena n-áirítear na traenacha a oibríonn gnóthais iarnróid eile, a chur ar fáil do ghnóthais iarnróid agus do dhíoltóirí ticéad, ar bhealach neamh-idirdhealaitheachgo poiblí i bhfíor-am ionas go gcuirfear deireadh le haon idirdhealú idir paisinéirí. [Leasú 63]

4a.  I gcomhar le bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair, léireoidh gnóthais iarnróid in amchláir faisnéis maidir le naisc iarnróid agus stáisiúin inrochtana. [Leasú 64]

Airteagal 10

Ticéid, tréthicéid agus áirithintí a bheith ar fáil

1.  Tairgfidh gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad ticéid agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, tréthicéid agus áirithintí. Déanfaidh siad a ndícheall tréthicéid a chur ar fáil, lena n-áirítear tréthicéid le haghaidh turais trasna teorainneacha agus le níos mó ná gnóthas iarnróid amháinDéanfaidh gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad ticéid, tréthicéid agus áirithintí a thairiscint, lena n-áirítear le haghaidh turais trasna teorainneacha nó turais lena bhfuil baint ag traenacha oíche agus turais le níos mó ná gnóthas iarnróid amháin. [Leasú 65]

2.  Gan dochar do mhír 3 ná do mhír 4, dáilfidh na gnóthais iarnróid agus na díoltóirí ticéad ticéid ar phaisinéirí trí cheann amháin ar a laghad de na díolphointí seo a leanas:

(a)  oifigí ticéad nó meaisíní ticéadaithe;

(b)  teileafón, an t-idirlíon nó aon teicneolaíocht faisnéise atá ar fáil go forleathan;

(c)  ar thraenacha.

Féadfaidh na BallstáitMaidir leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007(17), féadfaidh siad ceangal a chur ar ghnóthais iarnróid ticéid i gcomhair seirbhísí a sholáthraítear faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a chur ar fáil trí níos mó ná díolphointe amháin . [Leasú 66]

3.  Tairgfidh gnóthais iarnróid an fhéidearthacht ticéid don tseirbhís lena mbaineann faoi seach a fháil ar an traein, mura ndéantar an fhéidearthacht sin a theorannú nó a dhiúltú ar fhorais a bhaineann le beartas slándála nó frithchalaoise, toisc go bhfuil áirithint traenach éigeantach nó ar fhorais tráchtála réasúnta.a bhfuil údar maith leo a bhaineann le beartas slándála nó frithchalaoise nó toisc go bhfuil áirithint traenach éigeantach nó ar fhorais tráchtála réasúnta, lena n-áirítear teorainn le spás nó infhaighteacht suíochán. [Leasú 67]

4.  I gcás nach mbeidh oifig ticéad nó meaisín ticéadaithe sa stáisiún imeachta, cuirfear in iúl do na paisinéirí ag an stáisiún:

(a)  go bhféadfar ticéid a cheannach ar an teileafón nó ar an idirlíon nó ar an traein, mar aon leis an nós imeachta do cheannach den sórt sin;

(b)  an stáisiún iarnróid nó an áit is cóngaraí a mbeidh fáil ar oifigí ticéad agus/nó meaisín ticéadaithe .

5.  I gcás nach mbeidh oifig ticéad ná meaisín ticéadaithe inrochtana sa stáisiún imeachta, ceadófar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithená aon mhodhanna eile chun ticéid a cheannach roimh ré, ceadófar do phaisinéirí ticéid a cheannach ar bhord na traenach gan costas breise. [Leasú 68]

6.  I gcás ina bhfaighidh an paisinéir ticéid ar leith don aon turas amháin nó do chomhthuras lena gcuimseofar seirbhísí iarnróid a oibreoidh gnóthas iarnróid amháin nó níos mó i ndiaidh a chéile, beidh cearta an phaisinéara ar fhaisnéis, ar chúnamh, ar chúram agus ar chúiteamh coibhéiseach leis na cearta a ghabhann le tréthicéad agus cumhdófar leo an turas nó an comhthuras ina iomláine ón imeacht go dtí an ceann scríbe críochnaitheach, ach amháin má chuirtear a mhalairt in iúl go sainráite i scríbhinn don phaisinéir. Go háirithe, cuirfear in iúl amhlaidh don phaisinéir nach mbeadh sé, dá gcaillfeadh sé nasc, i dteideal cúnaimh ná cúitimh bunaithe ar fhad iomlán an turais. Is ar an ngnóthas iarnróid, ar a ghníomhaire, ar a thionscnóir turais nó ar a dhíoltóir ticéad a bheidh an dualgas cruthúnais gur soláthraíodh an fhaisnéis sin. [Leasú 140]

Airteagal 10a

Faisnéis maidir le taisteal a sholáthar trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir

1.  Tabharfaidh gnóthais iarnróid rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an bhfaisnéis uile maidir le taisteal, lena n-áirítear faisnéis oibríochtúil fhíor-ama maidir le hamchláir agus sonraí maidir le taraifí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 9, trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir (APInna).

2.  Tabharfaidh gnóthais iarnróid do thionscnóirí turas, do dhíoltóirí ticéad agus do ghnóthais iarnróid eile, atá ag díol a seirbhíse, rochtain neamh-idirdhealaitheach ar chórais áirithinte trí APInna, ionas gur féidir leo conarthaí iompair a thabhairt i gcrích agus ticéid, tréthicéid agus áirithintí a eisiúint, sa chaoi is go soláthróidh siad an turas is fearr agus is cost-éifeachtaí, lena n-áirítear turais trasna teorainneacha.

3.  Áiritheoidh gnóthais iarnróid go mbeidh sonraíochtaí teicniúla APInna dea-dhoiciméadaithe agus inrochtana go hoscailte ar bhonn saor in aisce. Bainfidh APInna úsáid as caighdeáin oscailte, as prótacail a úsáidtear go coitianta agus as formáidí meaisín-inléite chun go mbeidh siad idir-inoibritheach.

4.  Áiritheoidh gnóthais iarnróid go ndéanfar, seachas i gcásanna éigeandála, aon athrú ar shonraíocht theicniúil a APInna a chur ar fáil do thionscnóirí turas agus do dhíoltóirí ticéad roimh ré a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná trí mhí sula ndéanfar athrú a chur chun feidhme. Déanfar cásanna éigeandála a dhoiciméadú agus déanfar an doiciméadacht a chur ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

5.  Áiritheoidh gnóthais iarnróid go dtabharfar rochtain ar APInna ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ar an leibhéal céanna infhaighteachta agus feidhmíochta, lena n-áirítear tacaíocht, rochtain ar na doiciméid, na caighdeáin, na prótacail agus na formáidí uile. Ní bheidh tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid leis na gnóthais iarnróid iad féin.

6.  Bunófar APInna i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún(18). [Leasú 70]

CAIBIDIL III

DLITEANAS GNÓTHAS IARNRÓID I LEITH PAISINÉIRÍ AGUS A gCUID BAGÁISTE

Airteagal 11

Dliteanas i leith paisinéirí agus a gcuid bagáiste

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo agus gan dochar don dlí náisiúnta is infheidhme lena ndeonaítear do phaisinéirí tuilleadh cúitimh i leith damáistí, beidh dliteanas gnóthas iarnróid i leith paisinéirí agus a gcuid bagáiste faoi rialú ag Caibidil I, ag Caibidil III agus ag Caibidil IV de Theideal IV, de Theideal VI agus de Theideal VII d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 12

Árachas agus cumhdach dliteanais i gcás bás paisinéara nó díobháil phearsanta do phaisinéir

Beidh árachas leordhóthanach ag gnóthas iarnróid, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2012/34/AE agus ar bhonn measúnú ar a rioscaí, nó déanfaidh sé socruithe coibhéiseacha chun a dhliteanais faoin Rialachán seo a chumhdach.

Airteagal 13

Réamhíocaíochtaí

1.  Má mharaítear nó má ghortaítear paisinéir, déanfaidh an gnóthas iarnróid mar a thagraítear dó in Airteagal 26(5) d’Iarscríbhinn I gan mhoill, agus ar aon chuma tráth nach déanaí ná cúig lá dhéag tar éis sainaithint an duine nádúrtha atá i dteideal cúitimh , na réamhíocaíochtaí sin is gá chun freastal ar riachtanais eacnamaíocha láithreacha ar bhonn comhréireach leis an damáiste a fulaingíodh.

2.  Gan dochar do mhír 1, ní lú ná EUR 21 000 in aghaidh an phaisinéara réamhíocaíocht i gcás báis.

3.  Ní chiallóidh réamhíocaíocht go n-aithnítear dliteanas agus féadfar í a fhritháireamh in aghaidh aon suimeanna a íocfar ina dhiaidh sin ar bhonn an Rialacháin seo ach ní bheidh sí in-aischurtha ach amháin i gcásanna ina ndearnadh an damáiste de dheasca faillí nó locht de chuid an phaisinéara nó murab é an duine a fuair an réamhíocaíocht an duine a bhí i dteideal cúitimh.

Airteagal 14

Dliteanas a chonspóid

Fiú amháin má chonspóideann an gnóthas iarnróid a fhreagracht as díobháil choirp a tharlaíonn do phaisinéir atá ar iompar aige, déanfaidh sé gach dícheall réasúnach cúnamh a thabhairt do phaisinéir agus cúiteamh á éileamh aige ó thríú páirtithe i leith damáiste.

CAIBIDIL IV

MOILLEANNA, NAISC A CHAILLEADH AGUS CEALUITHE

Airteagal 15

Dliteanas i leith moilleanna, i leith nasc a chailleadh agus i leith cealuithe

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, beidh dliteanas gnóthas iarnróid i leith moilleanna, naisc a chailleadh agus cealuithe faoi rialú ag Caibidil II de Theideal IV d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 16

Aisíocaíocht agus athródú

1.  I gcás ina bhféadfar a bheith ag súil go réasúnach leis, tráth an imeachta nó i gcás nasc a chailleadh i rith turas le tréthicéad, go rachaidh an mhoill ar shroicheadh an chinn scríbe chríochnaithigh faoin gconradh iompair thar 60 nóiméadle linn turais, go mbeidh moill níos mó ná 60 nóiméad ann sula sroichfear an ceann scríbe deiridh de thuras ceann go ceann faoi na conarthaí iompair, nó go gcuirfear ar ceal é, beidh rogha ag an bpaisinéir láithreach idir ceann de na nithe seo a leanas: [Leasú 71]

(a)  aisíocaíocht chostas iomlán an ticéid, ar na coinníollacha céanna ar ceannaíodh é, don chuid nó do na codanna de thuras an phaisinéara nach ndearnadh agus don chuid nó do na codanna a rinneadh cheana mura bhfónann an turas a thuilleadh do phlean taistil tosaigh an phaisinéara, maille le seirbhís fillte, nuair is ábhartha, chuig an gcéad áit imeachta a luaithe is féidir. Íocfar an aisíocaíocht ar choinníollacha is ionann leis na coinníollacha ar a n-íoctar an cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 17;

(b)  leanúint nó athródú, ar choinníollacha iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe a luaithe is féidirfaoi choinníollacha iompair inchomparáide agus gan aon chostais bhreise, chuig an gceann scríbe deiridh a luaithe is féidir, lena n-áirítear i gcás nasc a chailleadh mar gheall ar mhoill a bheith ar chéad chéim an phaisinéara le linn turais, nó mar gheall ar í a bheith curtha ar ceal. Sa chás sin, ceadófar don phaisinéir taisteal ar an gcéad seirbhís eile a bheidh ar fáil chuig an gceann scríbe deiridh fiú mura mbíonn aon áirithint shonrach ann nó más gnóthais iarnróid eile a oibríonn an chéad traein eile; [Leasú 72]

(c)  leanúint nó athródú, ar choinníollacha iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe ar dháta níos déanaí de réir mar is áisiúil don phaisinéiris déanaí de réir mar is áisiúil don phaisinéir, ach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis athbhunú na seirbhíse. [Leasú 73]

2.  Chun críocha phointe (b) de mhír 1, féadfaidh aon ghnóthas iarnróid athródú inchomparáide a oibriú agus féadfar leas a bhaint as córacha iompair de ghrád níos airde agus as modhanna malartacha iompair de thalamh nach bhfágfaidh costais bhreise ar an bpaisinéir. Déanfaidh gnóthais iarnróid iarracht réasúnta naisc bhreise a sheachaint. Beidh an t-am taistil iomlán ar mhodh malartach iompair don chuid sin den turas nár críochnaíodh mar a bhí beartaithe, beidh sé inchurtha le ham taistil sceidealta an turais bhunaidh. Ní dhéanfar paisinéirí a íosghrádú chuig saoráidí iompair de ghrád níos ísle ach amháin más saoráidí den sórt sin an t-aon mhodh amháin don athródú atá ar fáil. [Leasú 74]

3.  Tabharfar soláthraithe seirbhísí athródaithe iompair aird ar leith ar leibhéal inchomparáide d'inrochtaineacht ar an tseirbhís mhalartach a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaitheAgus seirbhís mhalartach á cur ar fáil acu, déanfaidh soláthraithe seirbhísí athródaithe iompair leibhéal inchomparáide cúnaimh agus inrochtaineachta a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Féadfaidh an tseirbhís mhalartach sin a bheith ar fáil do gach paisinéir nó féadfaidh sé a bheith, ar chinneadh ón iompróir, ina modh iompair aonair a chuirfear in oiriúint do riachtanais daoine áirithe atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. [Leasú 75]

Airteagal 17

Praghas an ticéid a chúiteamh

1.  Gan an ceart chun iompair a chailleadh, féadfaidh paisinéir cúiteamh i leith moilleanna a iarraidh ar an ngnóthas iarnróid má bhíonn moill roimhe idir an áit imeachta agus an ceann scríbe a luaitear sa chonradh iompair agus nach ndearnadh an ticéadAgus an ceart chun iompair á choimeád, féadfaidh paisinéir cúiteamh i leith moilleanna a iarraidh ar an ngnóthas iarnróid má bhíonn moill roimhe nó roimpi idir an áit imeachta agus an ceann scríbe a luaitear ar an ticéad nó ar na ticéid a fhreagraíonn do chonradh iompair aonair, nó do roinnt díobh, agus nach ndearnadh an costas ina leith a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 16. Is iad seo a leanas íosmhéideanna an chúitimh i leith moilleanna:

(a)  2550 % de phraghas an ticéid le haghaidh moill idir 60 nóiméad agus 11990 nóiméad,

(b)  5075 % de phraghas an ticéid le haghaidh moill 120 nóiméad nó níos móidir 91 nóiméad agus 120 nóiméad,

(ba)  100 % de phraghas an ticéid le haghaidh moill 121 nóiméad nó níos mó. [Leasú 76]

2.  Tá feidhm ag mír 1, freisin, maidir le paisinéirí a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir acu. Má chuirtear moill orthu nó má bhaineann cealú dóibh arís is arís eile le linn thréimhse bailíochta an phas taistil, an chárta laghdaithe nó an ticéid séasúir, féadfaidh siad cúiteamh iomchuí a iarraidh i gcomhréir le socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróid. Sonrófar sna socruithe sin na critéir lena gcinnfear moill agus lena ríomhfar an cúiteamh . I gcás ina mbeidh moill is lú ná 60 nóiméad ann arís is arís eile le linn thréimhse bailíochta an phas taistil nó an ticéid séasúir, áireofar go carnach na moilleanna agus cúiteofar leis na paisinéirí iad i gcomhréir le socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróida leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (ba) de mhír 1. [Leasú 77]

3.  Ríomhfar cúiteamh ar chealú nó ar mhoill i gcoibhneas an phraghais iomláin a d’íoc an paisinéir go hiarbhír as an tseirbhís a cuireadh ar ceal nó ar cuireadh moill uirthi. I gcás ina mbainfidh an conradh iompair le turas fillte, déanfar cúiteamh i leith cealú nó i leith moille don turas amach nó don turas ar ais a ríomh ar bhonn leath an phraghais a íocadh ar an ticéad. Ar an gcaoi chéanna, déanfar an cúiteamh i leith seirbhís a cuireadh ar ceal nó ar cuireadh moill uirthi faoi chonradh iompair d'aon chineál eile faoinar féidir céimeanna éagsúla den turas a dhéanamh ina dhiaidh sin a ríomh i gcomhréir leis an bpraghas iomlán. [Leasú 78]

4.  Ní chuirfear san áireamh i ríomh na tréimhse moille aon mhoill is féidir leis an ngnóthas iarnróid a léiriú a tharla lasmuigh de chríocha an Aontais.

5.  Íocfar an cúiteamh i leith phraghas an ticéid laistigh d’aon mhí amháin tar éis chur faoi bhráid na hiarrata ar chúiteamh. Féadfar an cúiteamh a íoc i bhfoirm dearbhán agus/nó seirbhísí eile má bhíonn na téarmaí solúbtha (go háirithe maidir leis an tréimhse bailíochta agus leis an gceann scríbe). Íocfar an cúiteamh in airgead arna iarraidh sin ag an bpaisinéir.

6.  Ní asbhainfear den chúiteamh i leith phraghas an ticéid costais idirbheart airgid amhail táillí, costais teileafóin ná stampaí. Féadfaidh gnóthais iarnróid íostairseach a chinneadh nach n-íocfar íocaíochtaí cúitimh faoina bhun. Ní rachaidh an tairseach sin thar EUR 4 in aghaidh an ticéidNí dhéanfar an cúiteamh i leith phraghas an ticéid a laghdú trí chostais idirbheart airgeadais amhail táillí, costais teileafóin ná stampaí. Féadfaidh gnóthais iarnróid íostairseach a thabhairt isteach nach n-íocfar íocaíochtaí cúitimh faoina bun. Ní rachaidh an tairseach sin thar EUR 5 in aghaidh an ticéid. [Leasú 79]

7.  Ní bheidh aon cheart chun cúitimh ag na paisinéirí má thugtar fógra dóibh sula gceannóidh siad ticéad go mbeidh moill ann, ná más lú ná 60 nóiméad an mhoill a tháinig as leanúint ar aghaidh ar sheirbhís eile nó as athródú. [Leasú 80]

8.  Ní bheidh iallach ar ghnóthas iarnróid cúiteamh a íoc más féidir leis a chruthú gurb é ba chúis leis an moill rí-dhrochaimsir nó mórthubaistí nádúrtha a chuirfeadh oibriú sábháilte na seirbhísí i mbaol agus nach bhféadfaí a thuar ná a chosc fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta. [Leasú 81]

Airteagal 18

Cúnamh

1.  I gcás moill ar theacht nó ar imeacht, coinneoidh an gnóthas iarnróid, an díoltóir ticéad nó an bainisteoir stáisiúin na paisinéirídéanfaidh an gnóthas iarnróid, na díoltóirí ticéad nó an bainisteoir stáisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 9, na paisinéirí a choinneáil ar an eolas maidir leis an staid , maidir leis an am imeachta measta agus maidir leis an am teachta measta a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil. [Leasú 83]

2.  I gcás moill dá dtagraítear i mír 1 is mó ná 60 nóiméad, déanfar na nithe seo a leanas a thairiscint saor in aisce do na paisinéirí freisin:

(a)  béilí agus deochanna ar comhréir réasúnta leis an tréimhse fanachta, má bhíonn siad ar fáil ar an traein nó sa stáisiún, nó más féidir iad a sholáthar go réasúnta ag cur san áireamh critéir amhail an fad ón soláthróir, an t-am is gá don seachadadh agus an costas;

(b)  óstán nó cóiríocht eile, agus iompar idir an stáisiún iarnróid agus áit na cóiríochta, i gcásanna inar gá fanacht oíche amháin nó níos mó nó fanacht breise , in áit ina bhfuil sin indéanta go fisiceach agus nuair atá sin indéanta go fisiceachinar gá fanacht breise, i gcás inarb indéanta sin go fisiceach agus nuair atá sin indéanta go fisiceach, agus ceanglais rochtana daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus riachtanais ainmhithe seirbhíse deimhnithe á gcur san áireamh; [Leasú 84]

(c)  i gcás ina mbeidh an traein blocáilte ar na ráillí , iompar ón traein go dtí an stáisiún iarnróid, go dtí pointe imeachta malartach nó go dtí ceann scríbe na seirbhíse, nuair atá sin indéanta go fisiceach.

3.  Mura féidir leanúint leis an tseirbhís iarnróid a thuilleadh, eagróidh na gnóthais iarnróid seirbhísí iompair malartacha do na paisinéirí a luaithe is féidir.

4.  Deimhneoidh gnóthais iarnróid ar an ticéad nó ar shlí eile , ar iarratas an phaisinéara go raibh moill ar an tseirbhís iarnróid, gur chaill sí nasc nó gur cealaíodh í, de réir mar a bheidhMaidir leis na paisinéirí a ndéanfar difear dóibh, tairgfidh gnóthais iarnróid a dheimhniú ar a dticéid nó trí aon mhodh eile, go raibh moill ar an tseirbhís iarnróid, gur cailleadh nasc dá deasca nó gur cealaíodh í, de réir mar a bheidh. Beidh feidhm ag an deimhniú sin i ndáil leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 17, faoi réir cruthúnas ón bpaisinéir ag a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir go raibh sé nó sí ag taisteal ar an tseirbhís a ndearnadh difear di. [Leasú 85]

5.  Agus míreanna 1, 2, 3 agus 4 á gcur i bhfeidhm aige, tabharfaidh an gnóthas iarnróid a oibríonn an tseirbhís aird ar leith ar riachtanais daoine faoi mhíchumas, agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus daoine a bheidh á dtionlacan, aon duine a bheidh á dtionlacan agus ainmhithe seirbhíse deimhnithe. [Leasú 86]

6.  I dteannta na n-oibleagáidí atá ar ghnóthais iarnróid de bhun Airteagal 13a (3) de Threoir 2012/34/AE, áiritheoidh an bainisteoir stáisiúin ar stáisiún iarnróid a láimhseálann ar a laghad 10 000 paisinéir in aghaidh an lae ar an meán thar thréimhse bliana, áiritheoidh sé go mbeidh oibríochtaí an stáisiúin, na gnóthais iarnróid agus an bainisteoir bonneagair comhordaithe trí phlean teagmhais cuí chun ullmhú le haghaidh na féidearthachta go mbeadh mórbhriseadh seirbhíse agus moilleanna fada ann a d'fhágfadh go mbeadh líon mór paisinéirí sáinnithe sa stáisiún. Áiritheofar leis an bplean sin go dtabharfar cúnamh iomchuí agus faisnéis leordhóthanach do phaisinéirí atá sáinnithe, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX. Nuair a iarrfar é, cuirfidh an bainisteoir stáisiúin an plean, maille le haon leasuithe air, ar fáil don chomhlacht náisiúnta forfheidhmithe nó d'aon chomhlacht eile arna ainmniú ag an mBallstát. Déanfaidh bainisteoirí stáisiúin na stáisiún iarnróid a láimhseálann níos lú ná 10 000 paisinéir in aghaidh an lae ar an meán thar thréimhse bliana, déanfaidh siad gach dícheall réasúnach lucht úsáide an stáisiúin a chomhordú agus chun cúnamh agus faisnéis a thabhairt do phaisinéirí atá sáinnithe i gcásanna den sórt sinSa bhreis ar na hoibleagáidí atá ar ghnóthais iarnróid de bhun Airteagal 13a(3), oibreoidh na Ballstáit, na gnóthais iarnróid, na bainisteoirí stáisiúin agus na bainisteoirí bonneagair i gcomhar le chéile chun a áirithiú go n-áireofar sna pleananna teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 13a(3) de Threoir 2012/34/AE ceanglais maidir le hinrochtaineacht córas rabhaidh agus faisnéise. [Leasú 87]

Airteagal 19

An ceart chun sásaimh

I gcás ina n-íocfaidh gnóthas iarnróid cúiteamh nó ina gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí eile atá air i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní fhéadfar aon fhoráil den Rialachán seo ná den dlí náisiúnta a fhorléiriú mar shrian ar cheart an ghnóthais sin cúiteamh a chostas a lorg ar aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Go háirithe ní chuirfidh an Rialachán seo srian ar aon bhealach ar cheart an ghnóthais iarnróid chun aisíocaíocht a lorg ar thríú páirtí a bhfuil conradh aige leis agus a chuir leis an eachtra ba chionsiocair le cúiteamh nó le hoibleagáidí eile. Ní fhéadfar aon fhoráil den Rialachán seo a fhorléiriú mar shrian ar cheart an tríú páirtí, seachas paisinéir, a bhfuil conradh ag gnóthas iarnróid leis, aisíocaíocht nó cúiteamh a lorg ar an ngnóthas iarnróid i gcomhréir leis na dlíthe ábhartha is infheidhme. [Leasú 88]

CAIBIDIL V

DAOINE FAOI MHÍCHUMAS AGUS DAOINE A bhFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

Airteagal 20

An ceart chun iompair

1.  Bunóidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin, le rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, rialacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana chun daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ,lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta, a iompar nó beidh rialacha den sórt sin i bhfeidhm acu. Ceadófar don phaisinéir sna rialacha sin madra cúnaimh a bheith ina chuideachta i gcomhréir le haon rialacha ábhartha náisiúntaDéanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin, le rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, rialacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana a bhunú chun daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta, a iompar, nó beidh rialacha den sórt sin i bhfeidhm acu. Leis na rialacha, ceadófar don phaisinéir a bheith á thionlacan ag ainmhí seirbhíse deimhnithe nó ag duine tionlacain, saor in aisce, mura mbíonn soghluaisteacht neamhspleách indéanta, i gcomhréir le haon rialacha ábhartha náisiúnta, agus áiritheofar leo go mbeidh an t-iompar d’iarnród do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar fáil láithreach, i ngach cás inar féidir. [Leasú 89]

2.  Tairgfear áirithintí agus ticéid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe gan costas breise. Ní fhéadfaidh gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad ná tionscnóir turas diúltú áirithint a ghlacadh ó dhuine faoi mhíchumas nó ó dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe ná diúltú ticéad a eisiúint chuige ná ní fhéadfaidh gnóthas iarnróid a éileamh go dtionlacfadh duine eile an duine sin mura mbeidh dianghá leis sin chun na rialacha rochtana dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

ArticleAirteagal 20a

Agus STI do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe á chomhlíonadh acu, áiritheoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin go mbeidh an stáisiún, na hardáin, an rothstoc agus saoráidí eile inrochtana ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. [Leasú 90]

Airteagal 21

Faisnéis le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

1.   nuair a iarrfar é , soláthróidh Arna iarraidh sin, déanfaidh bainisteoir stáisiúin, gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas faisnéis do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe , lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 agus i dTreoir XXX, agus i Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 maidir le hinrochtaineacht an stáisiúin agus na saoráidí gaolmhara, seirbhísí iarnróid agus maidir le coinníollacha rochtana an rothstoic i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus cuirfidhdéanfaidh sé daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar an eolas faoi na saoráidí a bheidh ar bord. [Leasú 91]

2.  I gcás ina bhfeidhmeoidh gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 20(2), nuair a iarrfar é, cuirfidh sédéanfaidh sé, arna iarraidh sin, faisnéis i scríbhinn maidir leis na cúiseanna leis sin a chur chuig an duine faoi mhíchumas nó chuig an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe laistigh de chúig lá oibre ón dáta a dhiúltaigh sé áirithint a dhéanamh nó ticéad a eisiúint nó a d'fhorchuir sé an coinníoll go ndéanfaí an duine a thionlacan. Déanfaidh an gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas iarracht réasúnta cóir iompair mhalartach a thairiscintmholadh don duine i gceist ag cur san áireamh a riachtanas inrochtaineachta. [Leasú 92]

Airteagal 22

Cúnamh ag stáisiúin iarnróid

1.  Tráth duine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe imeacht as stáisiún a bhfuil foireann ag obair ann, idirthuras a dhéanamh tríd nó é a shroicheadh, tabharfaidh an bainisteoir stáisiúin nó an gnóthas iarnróid nó an dá dream cúnamh dó saor in aisce chun go bhféadfaidh an duine sin dul ar bhord na seirbhíse imeachta nó tuirlingt den tseirbhís teachta a bhfuil ticéad ceannaithe aige di, gan dochar do na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1). Déanfar cúnamh a chur in áirithe i gcónaí gan costas breise, gan beann ar an gcainéal cumarsáide atá á úsáid. [Leasú 93]

2.  Mura mbeidh foireann tionlacain ar bord na traenach nó mura mbeidh foireann ag stáisiún, déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin gach dícheall réasúnach chun go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas nó ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar thaisteal d'iarnród i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir XXX [An Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht] agus Rialachán (AE) Uimh. 454/2011. [Leasú 94]

3.  I stáisiún nach mbeidh foireann ag obair iontu, áiritheoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin go mbeidh faisnéis a mbeidh teacht uirthi go furasta , lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtana inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX, agus i Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ar taispeáint i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1) maidir leis an stáisiún iarnróid is congaraí a mbeidh foireann ag obair ann agus maidir le cúnamh a bheidh ar fáil go díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. [Leasú 95]

4.  Beidh cúnamh ar fáil i stáisiúin na huaireanta uile a oibrítear na seirbhísí iarnróid. [Leasú 96]

Airteagal 23

Cúnamh ar an traein

1.  Gan dochar do na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 20(1), soláthróidh gnóthais iarnróid cúnamh saor in aisce ar an traein do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus le linn dó dul ar an traein agus tuirlingt di.

2.  Mura mbeidh foireann tionlacain ar thraein, déanfaidh gnóthais iarnróid iarracht réasúnta chun go mbeidh , mar sin féin, rochtain ag daoine a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas nó ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar thaisteal d'iarnród. [Leasú 97]

3.  Chun críocha an Airteagail seo, is éard a bheidh i gcúnamh ar bord gach iarracht réasúnta chun cúnamh a thabhairNí foláir cúnamh a thairiscint do dhuine faoi mhíchumas nó do dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe chun go mbeidh ag an duine sin rochtain ar na seirbhísí céanna ar an traein leis na paisinéirí eile, más rud é go bhfágann méid an mhíchumais atá ar an duine nó méid an laghdaithe ar a shoghluaisteacht nach bhfuil sé in ann rochtain a fháil go neamhspleách agus go sábháilte ar na seirbhísí sin. [Leasú 98]

4.  Beidh cúnamh ar fáil ar bord traenacha na huaireanta uile a oibrítear na seirbhísí iarnróid. [Leasú 99]

Airteagal 24

Coinníollacha ar a soláthraítear cúnamh

Comhoibreoidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas le chéile chun cúnamh a sholáthar saor in aisce do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le hAirteagal 20 agus Airteagal 21 agus leis na pointí seo a leanas: [Leasú 100]

(a)  soláthrófar cúnamh ar choinníoll go dtabharfar fógra don ghnóthas iarnróid, don bhainisteoir stáisiúin, don díoltóir ticéad nó don tionscnóir turas ónar ceannaíodh an ticéad go mbeidh cúnamh ag teastáil, ar a laghad 48 n-uair sula mbeidh an cúnamh ag teastáil. i stáisiúin le linn na n-uaireanta a oibrítear na seirbhísí iarnróid, ar choinníoll go dtabharfar fógra don ghnóthas iarnróid, don bhainisteoir stáisiúin, don díoltóir ticéad nó don tionscnóir turas ónar ceannaíodh an ticéad go mbeidh cúnamh ag teastáil 12 uair an chloig ar a laghad sula mbeidh an cúnamh ag teastáil. I stáisiúin inar mó an trácht laethúil ná 10 000 paisinéir in aghaidh an lae, ní bheidh gá le réamhfhógra; mar sin féin, beidh an duine a bhfuil an cúnamh ag teastáil ina leith ag an stáisiún faoi seach 30 nóiméad ar a laghad roimh imeacht na traenach. I stáisiúin ina bhfuil trácht ann d’idir 2 000 agus 10 000 paisinéir laethúla in aghaidh an lae, laghdófar an fógra go dtí trí uair an chloig ar a mhéad. I gcás ina gceadaítear ilturais le ticéad nó le ticéad séasúir , is leor fógra amháin ar choinníoll go ndéanfar faisnéis iomchuí a sholáthar faoi am na dturas ina dhiaidh sin. Déanfar fógra den sórt sin a chur ar aghaidh chuig na gnóthais iarnróid uile eile agus chuig na bainisteoirí stáisiúin uile eile a bhfuil baint acu le turas an duine; [Leasú 101]

(b)  glacfaidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas gach beart is gá maidir le fógraí a fháil;

(c)  mura ndéanfar fógra i gcomhréir le pointe (a), déanfaidh an gnóthas iarnróid agus an bainisteoir stáisiúin gach dícheall réasúnach chun cúnamh a sholáthar ionas go bhféadfaidh an duine faoi mhíchumas agus an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe taisteal;

(d)  gan dochar do chumhachtaí eintiteas eile maidir le limistéir atá suite lasmuigh d'áitreabh an stáisiúin iarnróid, ainmneoidh an bainisteoir stáisiúin nó aon duine eile a bheidh údaraithe pointí, laistigh den stáisiún iarnróid agus lasmuigh de, ag a bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe cur in iúl go bhfuil siad tagtha chuig an stáisiún iarnróid agus cúnamh a iarraidh más gá;

(e)  soláthrófar cúnamh ar choinníoll go mbeidh an duine faoi mhíchumas agus an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe i láthair ag an bpointe ainmnithe tráth arna shonrú ag an ngnóthas iarnróid nó ag an mbainisteoir stáisiúin a chuirfidh an cúnamh sin ar fáil. Ní bheidh aon am a shonrófar níos mó ná 60 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe nó roimh an am a n-iarrfar ar na paisinéirí go léir clárú. Mura sonrófar aon am a mbeidh ar an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a bheith i láthair, beidh an duine i láthair ag an bpointe ainmnithe ar a laghad 30 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe nó roimh an am a n-iarrfar ar na paisinéirí go léir clárú Ní bheidh aon am a shonrófar níos mó ná 60 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe nó roimh an am a n-iarrfar ar na paisinéirí go léir clárú. [Leasú 102]

Airteagal 25

Cúiteamh i leith trealamh soghluaisteachta, trealamh sonrach eile nó feistí cúnta

1.  I gcás inar cúis iad na gnóthais iarnróid nó na bainisteoirí stáisiúin le cailleadh cathaoireacha rothaí, trealaimh soghluaisteachta eile nó feistí cúnta agus madraí cúnaimhainmhí seirbhíse dheimhnithe arna n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó le damáiste do na nithe sin, beidh siad faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste sin agus cúiteoidh siad iad a luaithe agus is féidir. [Leasú 103]

2.  Beidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 comhionann leis an gcostas a ghabhann le hathsholáthar nó deisiú an trealaimh nó na bhfeistí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibhMaidir leis an gcúiteamh as caillteanas nó damáiste dá dtagraítear i mír 1, déanfar é a íoc go tráthúil agus beidh sé comhionann leis an gcostas iomlán a ghabhann le hathsholáthar bunaithe ar an luach iarbhír, nó ar an gcostas iomlán ar dheisiú na cathaoireach rothaí, an trealaimh nó na bhfeistí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh, nó ar chaillteanas nó ar dhíobháil an ainmhí seirbhíse dheimhnithe. Áireofar leis an gcúiteamh freisin an costas ar athsholáthar sealadach i gcás deisiú, nuair a iompróidh an paisinéir na costais sin. [Leasú 104]

3.  I gcás inar gá, déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin go mear gach dícheall réasúnach chun earra ionaid a sholáthar le haghaidh trealamh sonrach agus feistí cúnta a mbeidh gnéithe teicniúla agus feidhmiúla acu atá coibhéiseach le gnéithe na n-earraí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh. Ceadófar don duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe an trealamh sealadach athsholáthair nó an fheiste shealadach athsholáthair a choinneáil go dtí go n-íocfar an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 26

Oiliúint foirne

Déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin an méid seo a leanas:

(a)  a áirithiú gurb eol dogo gcuirfear oiliúint maidir le míchumas ar gach ball foirne, lena n-áirítear an fhoireann sin atá fostaithe ag aon pháirtí eile feidhmithe, a sholáthróidh cúnamh díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe chun go mbeidh a fhios acu conas freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear daoine a bhfuil mallachair meabhrach nó intleachta orthu; [Leasú 105]

(b)  oiliúint a sholáthar chun feasacht faoi riachtanais daoine faoi mhíchumas a mhéadú i measc na mball foirne uile a oibríonn ag an stáisiún agus a dhéileálann go díreach leis na daoine a bhíonn ag taisteal;

(c)  a áirithiú go bhfaighidh gach fostaí nua, tráth a n-earcófar é, oiliúint maidir le míchumas agus go bhfreastalóidh na baill foirneball foirne nua a bheidh ag plé go díreach leis an bpobal atá ag taisteal, tráth a n-earcófar é nó í, eolas tosaigh i dtaca le saincheisteanna maidir le míchumas ó thaobh paisinéirí agus an ghnóthais iarnróid de, agus go bhfaighidh fostaithe a sholáthraíonn cúnamh díreach do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe oiliúint maidir le míchumas agus go bhfreastalóidh siad go tráthrialta ar chúrsaí oiliúna athnuachana; [Leasú 106]

(d)  féadfaidh siad glacadh, ar iarratas, le rannpháirtíocht fostaithe faoi mhíchumas, agus breithniú a dhéanamh ar rannpháirtíocht paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus/nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, san oiliúint. [Leasú 107]

CAIBIDIL VI

SLÁNDÁIL, GEARÁIN AGUS CÁILÍOCHT SEIRBHÍSE

Airteagal 27

Slándáil phearsanta paisinéirí

Le comhaontú na n-údarás poiblí, déanfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí bonneagair agus bainisteoirí stáisiúin bearta iomchuí ina réimsí freagrachta féin agus déanfaidh siad iad a oiriúnú don leibhéal slándála a shaineoidh na húdaráis phoiblí chun slándáil phearsanta paisinéirí a áirithiú i stáisiúin iarnróid agus ar thraenacha agus chun rioscaí a bhainistiú. Comhoibreoidh siad agus malartóidh siad faisnéis faoi dhea-chleachtais maidir le gníomhartha a chosc ar dóigh dóibh meath a chur ar an leibhéal slándála.

Airteagal 28

Gearáin

1.  Bunóidh gach gnóthas iarnróid , díoltóir ticéad, bainisteoir stáisiúin agus bainisteoir bonneagair ar stáisiúin a láimhseálann níos mó ná 10 000 paisinéir in aghaidh an lae ar an meán thar thréimhse bliana a shásra láimhseála féin le haghaidh gearáin maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear sa Rialachán seo . Cuirfidh siad a sonraí teagmhála agus a dteanga nó a dteangacha oibre i bhfios go forleathan do phaisinéirísásra láimhseála le haghaidh gearáin maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ina réimse freagrachta faoi seach. Cuirfidh siad a sonraí teagmhála agus a dteanga nó a dteangacha oibre i bhfios go forleathan do phaisinéirí. Ba cheart go mbeadh paisinéirí in ann gearáin a dhéanamh i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas iarnróid, an díoltóir ticéad agus an bainisteoir stáisiúin lena mbaineann bunaithe agus in aon chás i mBéarla. [Leasú 108]

2.  Féadfaidh paisinéirí gearán a chur faoi bhráid aon ghnóthais iarnróid , an díoltóra ticéad, an bhainisteora stáisiúin nó an bhainisteora bonneagair nó an bhainisteora stáisiúin lena mbaineann. Cuirfear an gearán isteach laistigh de shé mhí den eachtra is ábhar don ghearán. Laistigh d’aon mhí amháin den ghearán a fháil , tabharfaidh an seolaí freagra réasúnaithe nó, i gcásanna inchosanta, tabharfaidh sé fógra don phaisinéir faoin dáta,go bhfaighidh an paisinéir freagra laistigh de thréimhse nach faide ná trí mhí ón dáta a fuarthas an gearán, a bhféadfar a bheith ag súil le freagra. Coinneoidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad, bainisteoirí stáisiúin, agus bainisteoirí bonneagair na sonraí teagmhais is gá chun an gearán a mheas ar feadh dhá bhliain agus cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe arna iarraidh sin. [Leasú 109]

3.  Beidh fáil ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar mhionsonraí an phróisis láimhseála gearánmionsonraí an nós imeachta maidir le láimhseáil gearán ar fáil go héasca do phaisinéirí agus beidh siad inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil arna iarraidh sin i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas iarnróid bunaithe. [Leasú 110]

4.  Foilseoidh an gnóthas iarnróid sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 29 líon agus catagóirí na ngearán a fuarthas, na gearáin a próiseáladh, an t-am freagartha agus aon ghníomhartha feabhsúcháin a rinneadh.

4a.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach foirm chaighdeánaithe ghearáin de chuid an Aontais a úsáidfidh paisinéirí chun iarratas a dhéanamh ar chúiteamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 37a(2). [Leasú 111]

Airteagal 29

Caighdeáin cháilíochta seirbhíse

1.  Déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí iarnróid caighdeáin cháilíochta seirbhíse a leagan síos agus córas bainistithe cáilíochta a chur chun feidhme chun an caighdeán seirbhíse a choinneáil. Cumhdóidh na caighdeáin cháilíochta seirbhíse, ar a laghad, na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

2.  Déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin faireachán ar a bhfeidhmíocht féin mar a léireoidh na caighdeáin cháilíochta seirbhíse í. Déanfaidh gnóthais iarnróid tuarascáil a fhoilsiú gach bliain ar a bhfeidhmíocht cáilíochta seirbhíse maille lena dtuarascáil bhliantúil. Foilseoidh gnóthais iarnróid na tuarascálacha ar a bhfeidhmíocht cáilíochta seirbhíse ar a suíomh gréasáin . Ina theannta sin beidh na tuarascálacha sin le fáil ar shuíomh gréasáin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.

2a.   Oibríonn gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiún go gníomhach le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas chun feabhas a chur ar cháilíocht inrochtaineachta seirbhísí iompair. [Leasú 112]

CAIBIDIL VII

FAISNÉIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 30

Faisnéis do phaisinéirí faoina gcearta

1.  Agus ticéid le haghaidh turais d'iarnród á ndíol acu, cuirfidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas paisinéirí ar an eolas faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo. Chun an ceanglas seo maidir le faisnéis a chomhlíonadh, is féidir leo úsáid a bhaint as achoimre d'fhorálacha an Rialacháin seo a ullmhóidh an Coimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus a chuirfear ar fáil dóibh. Ina theannta sin, soláthróidh siad fógra ar an ticéad, i bhformáid pháipéir nó i bhformáid leictreonach nó ar aon bhealach eile, lena n-áirítear fógra i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX. San fhógra sin, sonrófar cáRialachán (AE) Uimh. 1300/2014, ina sonrófar an áit bhfuil an fhaisnéis sin le fáil i gcás cealú, nasc a chailleadh nó moill fhada. [Leasú 113]

2.  Cuirfidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin paisinéirí ar an eolas ar mhodh iomchuí, lena n-áirítear formáidí inrochtana i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXXRialachán (AE) Uimh. 1300/2014, ag an stáisiún, agus ar an traein, agus ar a suíomh gréasáin, maidir lena gcearta agus maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, agus maidir le sonraí teagmhála an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 31. [Leasú 114]

Airteagal 31

Comhlachtaí forfheidhmithe a ainmniú

Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo. Glacfaidh gach comhlacht na bearta is gá chun a áirithiú go n-urramaítear cearta na bpaisinéirí.

Beidh gach comhlacht neamhspleách ó thaobh a eagraithe, a chinntí maoinithe, a struchtúir dhlíthiúil agus a chinnteoireachta de ar aon bhainisteoir bonneagair, ar aon chomhlacht muirearaithe nó leithroinnte nó ar aon ghnóthas iarnróid.

Cuirfidh na Ballstáit an comhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo chomh maith lena dhualgais nó lena ndualgais faoi seach in iúl don Choimisiún agus foilseoidh siad iad in áit oiriúnach ar a suíomh gréasáin. [Leasú 115]

Airteagal 32

Cúraimí forfheidhmiúcháin

1.  Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe faireachán grinn ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go n-urramófar cearta paisinéirí. Chuige sin, tabharfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair na doiciméid ábhartha agus an fhaisnéis ábhartha dóibh má iarrann siad iad gan mhoill agus in aon chás laistigh de mhí amháin. Ar dhéanamh a bhfeidhmeanna dóibh, cuirfidh na comhlachtaí san áireamh an fhaisnéis arna cur faoina mbráid ag an gcomhlacht arna ainmniú faoi Airteagal 33 chun gearáin a láimhseáil, más comhlacht eile é sin. Thairis sin, is féidir leo cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhartha forfheidhmiúcháin bunaithe ar ghearáin aonair arna gcur ar aghaidh ag an gcomhlacht sinÁiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar leordhóthain cumhachtaí agus acmhainní do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe agus do chomhlachtaí láimhseála gearán chun go ndéanfar gearáin aonair ó phaisinéirí a fhorfheidhmiú go leormhaith agus go héifeachtach faoin Rialachán seo. [Leasú 116]

2.  Foilseoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe staidreamh maidir lena ngníomhaíocht, lena n-áirítear staidreamh maidir le smachtbhannaí arna gcur i bhfeidhm, gach bliain, ag deireadh mhí Aibreáin den chéad bhliain féilire eile ar a dhéanaíGach bliain, foilseoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe tuarascálacha le staidreamh maidir lena suíomhanna gréasáin ina sonrófar líon agus cineál na ngearán a fuair siad, toradh a ngníomhaíochtaí forfheidhmithe, lena n-áirítear na smachtbhannaí a chuir siad i bhfeidhm. Déanfar é seo gach bliain, tráth nach déanaí ná an chéad lá de mhí Aibreáin na bliana ina dhiaidh sin. Ina theannta sin beidh na tuarascálacha sin le fáil ar shuíomh gréasáin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh. [Leasú 117]

3.  Tabharfaidh gnóthais iarnróid a sonraí teagmhála do chomhlacht náisiúnta forfheidhmithe nó do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe na mBallstát ina n-oibríonn siad.

3a.  Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe, i gcomhar le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, iniúchtaí rialta ar na seirbhísí cúnaimh arna soláthar agus foilseoidh siad na torthaí i bhformáidí atá inrochtana agus a úsáidtear go minic. [Leasú 118]

Airteagal 33

Láimhseáil gearán ag comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe

1.  Gan dochar do chearta na gcustaiméirí sásamh malartach a lorg ar bhealach eile de bhun Threoir 2013/11/AE, tar éis don phaisinéir gearán a dhéanamh, gan sásamh a fháil, leis an ngnóthas iarnróid, leis an díoltóir ticéad, leis an mbainisteoir stáisiúin nó leis an mbainisteoir bonneagair de bhun Airteagal 28, féadfaidh an paisinéir gearán a dhéanamh le comhlacht forfheidhmithe. Cuirfidh na comhlachtaí forfheidhmithe na gearánaithe ar an eolas maidir lena gceart gearán a dhéanamh le comhlachtaí um réiteach malartach díospóide chun sásamh aonair a fháil. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar comhlachtaí forfheidhmithe nó comhlachtaí láimhseála gearán a aithint chun críocha scéimeanna sásaimh mhalartaigh de bhun Threoir 2013/11/AE, agus i gcás ina lorgaíonn paisinéirí sásamh malartach, ceanglaítear ar an ngnóthas iarnróid, ar an díoltóir ticéad, ar an mbainisteoir stáisiúin nó ar an mbainisteoir bonneagair lena mbaineann páirt a ghlacadh, agus beidh an toradh ina cheangal orthu, agus in-fhorfheidhmithe go hiarbhír ina gcoinne. [Leasú 119]

2.  Féadfaidh aon phaisinéir gearán a dhéanamh leis an gcomhlacht náisiúnta forfheidhmithe, nó le haon chomhlacht eile arna ainmniú ag Ballstát chun na críche sin, faoi shárú líomhnaithe ar an Rialachán seo Féadfaidh eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí paisinéirí gearáin a dhéanamh freisin. [Leasú 120]

3.  Admhóidh an comhlacht go bhfuarthas an gearán laistigh de dhá sheachtain den ghearán a bheith faighte aige. Mairfidh an nós imeachta lena láimhseálfar an gearán trí mhí ar a mhéad. I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht, faoina lánrogha féin, an tréimhse sin a shíneadh go sé mhí. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don phaisinéir nó don eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar phaisinéirí na cúiseanna leis an síneadh agus an méid ama a mheastar a bheidh de dhíth chun an nós imeachta a chríochnú. Féadfaidh cásanna a mbaineann imeachtaí dlíthiúla leo, agus na cásanna sin amháin, maireachtáil níos faide ná sé mhí. I gcás inar comhlacht um réiteach malartach díospóide faoi bhrí Threoir 2013/11/AE an comhlacht, tabharfar tús áite do na teorainneacha ama a leagtar síos sa Treoir sin agus féadfar úsáid réiteach díospóide ar líne i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 a chur ar fáil le comhaontú na bpáirtithe uile lena mbaineann. [Leasú 121]

Beidh an próiseas láimhseála gearán inrochtana ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

4.  Is é comhlacht náisiúnta forfheidhmithe an Bhallstáit sin a dheonaigh a cheadúnas don ghnóthas iarnróid i gceist a láimhseálfaidh gearáin paisinéirí faoi aon eachtra a bhaineann leis an ngnóthas iarnróid sin.

5.  I gcás ina mbainfidh gearán le sáruithe a líomhnaítear a rinne bainisteoirí stáisiúin nó bainisteoirí bonneagair, is é comhlacht náisiúnta forfheidhmithe an Bhallstáit inar tharla an eachtra a bheidh sa chomhlacht náisiúnta forfheidhmithe.

6.  I gcreat an chomhoibrithe de bhun Airteagal 34, féadfaidh comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe maolú ó mhír 4 nó ó mhír 5 i gcás ar le leas na bpaisinéirí é sin a dhéanamh ar chúiseanna cuí-réasúnaithe, go háirithe ó thaobh teanga nó áit chónaithe.

Airteagal 33a

Comhlachtaí idir-réitigh neamhspleácha

Déanfaidh na Ballstáit comhlachtaí idir-réitigh dhea-fheistithe neamhspleácha a shuiteáil, ar comhlachtaí iad a bheidh inrochtana go héasca agus inacmhainne do phaisinéirí i gcás coinbhleachtaí le gnóthais iarnróid agus le díoltóirí ticéad maidir lena gcearta a fhorfheidhmiú. [Leasú 122]

Airteagal 34

Malartú faisnéise agus comhoibriú trasteorann idir comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe

1.  I gcás ina mbeidh comhlachtaí éagsúla arna n-ainmniú faoi Airteagal 31 agus Airteagal 33, cuirfear sásraí tuairiscithe ar bun chun malartú faisnéise eatarthu a áirithiú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, chun cuidiú leis an gcomhlacht náisiúnta forfheidhmithe a chuid cúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh, agus ionas gur féidir leis an gcomhlacht láimhseála gearán arna ainmniú faoi Airteagal 33 an fhaisnéis a bhailiú is gá chun gearáin aonair a scrúdú.

2.  Déanfaidh comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe faisnéis a mhalartú faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail chinnteoireachta agus faoina gcleachtas cinnteoireachta chun críche comhordaithe. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht dóibh leis an tasc sin.

3.  Leanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 35

Pionóis

1.  Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, agus áireofar iontu fíneáil íosta nó céatadán de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais ábhartha nó na heagraíochta sin, cibé acu is airde ach ní bheidh siad teoranta dó sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfaidh difear do na rialacha nó do na bearta sin. [Leasú 123]

2.  I gcreat an chomhoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 34, déanfaidh an comhlacht forfheidhmithe náisiúnta atá inniúil chun críocha Airteagal 33(4) nó (5), ar iarratas ón gcomhlacht náisiúnta forfheidhmithe a bhfuil an gearán á láimhseáil aige, imscrúdú ar an sárú ar an Rialachán seo atá sainaitheanta ag an gcomhlacht sin agus, más gá, cuirfidh sé smachtbhannaí i bhfeidhm.

Airteagal 36

Tarmligean cumhachtaí

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun:

(i)  na méideanna airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 13 a choigeartú i bhfianaise an bhoilscithe;

(ii)  Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a leasú chun leasuithe ar rialacha comhionanna CIV agus forbairtí teicneolaíocha sa réimse seo a chur san áireamh.

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 36 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón … [dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 36 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 37a

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. [Leasú 124]

Airteagal 38

Tuarascáil

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na torthaí a bheidh air faoin … [cúig bliana tar éis ghlacadh an Rialacháin seo].

Beidh an tuarascáil sin bunaithe ar fhaisnéis a chuirfear ar fáil de bhun an Rialacháin seo. Beidh moltaí iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inar gá.

Airteagal 39

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn V.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINNÍ

IARSCRÍBHINN I

Sliocht as na rialacha comhionanna maidir leis an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Paisinéirí agus Bagáiste d'Iarnród (CIV)

Foscríbhinn A

a ghabhann le Coinbhinsiún an 9 Bealtaine 1980 maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) arna mhodhnú le Prótacal an 3 Meitheamh 1999 lena modhnaítear an Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród

TEIDEAL II

AN CONRADH IOMPAIR A THABHAIRT I GCRÍCH AGUS A FHEIDHMIÚ

Airteagal 6

Conradh iompair

1.  Leis an gconradh iompair, gabhfaidh an t‑iompróir air féin an paisinéir a iompar chomh maith le bagáiste agus feithiclí, i gcás inarb iomchuí, chuig an gceann scríbe agus an bagáiste agus na feithiclí a sheachadadh ag an gceann scríbe.

2.  Ní mór an conradh iompair a dhaingniú le ticéad amháin nó le níos mó  a thabharfar don phaisinéir . Ar a shon sin, faoi réir Airteagal 9, ní dhéanfaidh easpa, mírialtacht ná cailleadh ticéid difear do  bheithsine ná do bhailíocht an chonartha  agus leanfaidh an conradh de bheith faoi réir na Rialacha Comhionanna seo.

3.  Beidh an ticéad ina fhianaise prima facie ar thabhairt i gcrích an chonartha iompair agus ar a bhfuil ann.

Airteagal 7

An ticéad

1.  Cinnfidh na Coinníollacha Ginearálta Iompair foirm na dticéad agus a mbeidh orthu chomh maith leis an teanga agus leis na carachtair ina ndéanfar iad a chló agus a dhéanamh amach.

2.  Caithfear na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur isteach ar an ticéad:

(a)  an t‑iompróir nó na hiompróirí;

(b)  ráiteas go bhfuil an t‑iompar faoi réir na Rialacha Comhionanna seo, d’ainneoin aon chlásal dá mhalairt; féadfar é seo a chur in iúl leis an acrainm CIV;

(c)  aon ráiteas eile is gá chun tabhairt i gcrích an chonartha agus a bhfuil ann a chruthú agus chun a chur ar chumas an phaisinéara na cearta a dhearbhú a thagann as an gconradh sin.

3.  Caithfidh an paisinéir a áirithiú,  ar fháil an ticéid dó , go ndearnadh amach i gcomhréir lena threoracha é.

4.  Beidh an ticéad inaistrithe mura ndearnadh amach in ainm an phaisinéara é agus murar cuireadh tús leis an turas.

5.  Féadfar an ticéad a bhunú i bhfoirm chlárú sonraí leictreonacha, a fhéadfar a thrasfhoirmiú ina siombail inléite scríofa. Caithfidh an nós imeachta a úsáidtear chun sonraí a chlárú agus a chóireáil a bheith coibhéiseach ó thaobh feidhme de, go háirithe a mhéid a bhaineann le luach fianaiseach an ticéid a léiríonn na sonraí sin.

Airteagal 8

An muirear ar iompar a íoc agus a aisíoc

1.  Faoi réir aon chomhaontaithe dá mhalairt idir an paisinéir agus an t‑iompróir, beidh an muirear ar iompar iníoctha roimh ré.

2.  Cinnfear leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair na coinníollacha faoina ndéanfar an muirear ar iompar a aisíoc.

Airteagal 9

An ceart chun iompair. Eisiamh ó iompar

1.  Caithfidh an paisinéir, ó thús an turais, ticéad bailí a bheith ina sheilbh agus é a thabhairt ar aird tráth iniúchta ticéad. Féadfar foráil  a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair:

(a)  nach mór do phaisinéir nach dtabharfaidh ticéad bailí ar aird formhuirear a íoc, i dteannta an mhuirir ar iompar;

(b)  go gceanglófar ar an bpaisinéir a dhiúltóidh an muirear ar iompar nó an formhuirear a íoc nuair a iarrfar sin scor dá thuras;

(c)  má tá an formhuirear le haisíoc agus na coinníollacha faoina mbeidh sé le haisíoc.

2.  Maidir le paisinéirí a dhéanann na nithe seo a leanas:

(a)  sábháilteacht agus dea-oibriú na n‑oibríochtaí nó sábháilteacht na bpaisinéirí eile a chur i mbaol,

(b)  ciotaí a dhéanamh do phaisinéirí ar mhodh do‑ghlactha,

féadfar a fhoráil leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair go ndéanfar iad a eisiamh ó iompar nó go gceanglófar orthu scor dá dturas agus nach mbeidh na daoine sin i dteideal aisíocaíocht ar a muirear ar iompar ná ar mhuirear ar bith ar iompar bagáiste chláraithe a d’fhéadfadh a bheith íoctha acu.

Airteagal 10

Foirmiúlachtaí riaracháin a chomhlíonadh

Caithfidh an paisinéir na foirmiúlachtaí a cheanglaíonn údaráis chustaim nó údaráis eile riaracháin air a chomhlíonadh.

Airteagal 11

Traenacha a bheith curtha ar ceal agus ag rith mall. Naisc a chailleadh

Caithfidh an t‑iompróir, i gcás inar gá, a dheimhniú ar an ticéad gur cuireadh an traein ar ceal nó gur cailleadh an nasc.

TEIDEAL III

IOMPAR BAGÁISTE LÁIMHE, AINMHITHE, BAGÁISTE CHLÁRAITHE AGUS FEITHICLÍ

Caibidil I

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 12

Earraí agus ainmhithe inghlactha

1.  Féadfaidh an paisinéir earraí a thabhairt leis is furasta a láimhsiú (bagáiste láimhe) agus ainmhithe beo freisin, i gcomhréir leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair. Ina theannta sin, féadfaidh an paisinéir earraí liopasta a thabhairt leis i gcomhréir leis na forálacha speisialta atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair. Ní cheadófar mar bhagáiste láimhe earraí nó ainmnithe ar dóigh dóibh paisinéirí a chrá nó ar dóigh dóibh a bheith ina gcúis damáiste.

2.  Féadfaidh an paisinéir earraí agus ainmhithe a choinsíniú mar bhagáiste cláraithe i gcomhréir leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair.

3.  Féadfaidh an t‑iompróir iompar feithiclí a cheadú tráth paisinéirí a iompar i gcomhréir le forálacha speisialta atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair.

4.  Caithfidh iompar earraí contúirteacha mar bhagáiste láimhe, mar bhagáiste cláraithe agus iompar na n‑earraí sin i bhfeithiclí nó ar fheithiclí, a dhéantar d'iarnród i gcomhréir leis an Teideal seo, an Rialachán maidir le hIompar Earraí Contúirteacha d'Iarnród (RID) a chomhlíonadh.

Airteagal 13

Scrúdú

1.  Nuair a bheidh amhras ann, agus cúis mhaith leis, gur mainníodh na coinníollacha iompair a chomhlíonadh, beidh sé de cheart ag an iompróir a scrúdú, an bhfuil na hearraí (bagáiste láimhe, bagáiste cláraithe, feithiclí lena n‑áirítear a luchtú) agus na hainmhithe atáthar a iompar , ag comhlíonadh na gcoinníollacha iompair, mura gcoisctear scrúdú den sórt sin le dlíthe agus le saintreoracha an Stáit ina ndéanfaí é. Caithfear a iarraidh ar an bpaisinéir bheith i láthair ag an scrúdú. Mura dtiocfaidh sé i láthair nó mura féidir dul i dteagmháil leis, caithfidh an t‑iompróir a cheangal go mbeidh beirt fhinnéithe neamhspleácha i láthair.

2.  Má shuitear nár urramaíodh na coinníollacha iompair, féadfaidh an t‑iompróir a cheangal ar an bpaisinéir na costais a thiocfaidh as an scrúdú a íoc.

Airteagal 14

Foirmiúlachtaí riaracháin a chomhlíonadh

Caithfidh an paisinéir na foirmiúlachtaí a cheanglaíonn na húdaráis chustaim nó údaráis eile riaracháin a chomhlíonadh nuair a bheidh earraí (bagáiste láimhe, bagáiste cláraithe, feithiclí lena n‑áirítear a luchtú) nó ainmhithe á n‑iompar aige agus é á iompar. Beidh sé i láthair ag iniúchadh na n‑earraí seo ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt le dlíthe agus le saintreoracha gach Stáit.

Caibidil II

Bagáiste Láimhe agus Ainmhithe

Airteagal 15

Maoirsiú

Beidh sé de fhreagracht ar an bpaisinéir maoirsiú a dhéanamh ar an mbagáiste láimhe agus ar na hainmhithe a thabharfaidh sé leis.

Caibidil III

Bagáiste Cláraithe

Airteagal 16

Bagáiste cláraithe a choinsíniú

1.  Caithfear na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann le bagáiste cláraithe a chur ar aghaidh a shuíomh le dearbhán cláraithe bagáiste a thabharfar don phaisinéir.

2.  Faoi réir Airteagal 22, ní dhéanfaidh easpa, mírialtacht ná cailleadh an dearbháin chláraithe bagáiste difear do  bheithsine ná do bhailíocht na gcomhaontuithe maidir leis an mbagáiste cláraithe a chur ar aghaidh,  agus leanfaidh an conradh de bheith faoi réir na Rialacha Comhionanna seo.

3.  Beidh an dearbhán cláraithe bagáiste ina fhianaise prima facie ar chlárú an bhagáiste agus ar choinníollacha a iompair.

4.  Faoi réir a mhalairt d’fhianaise, toimhdeofar gur dealraitheach go raibh bail mhaith ar an mbagáiste cláraithe nuair a thóg an t‑iompróir idir lámha é, agus go raibh líon agus mais na  mball bagáiste ar comhréir leis na hiontrálacha ar an dearbhán cláraithe bagáiste.

Airteagal 17

An dearbhán cláraithe bagáiste

1.  Cinnfidh na Coinníollacha Ginearálta Iompair foirm an dearbháin chláraithe bagáiste agus a mbeidh air chomh maith leis an teanga agus leis na carachtair ina ndéanfar é a chló agus a dhéanamh amach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 7(5).

2.  Caithfear na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur isteach ar an dearbhán cláraithe bagáiste:

(a)  an t‑iompróir nó na hiompróirí;

(b)  ráiteas go bhfuil an t‑iompar faoi réir na Rialacha Comhionanna seo, d’ainneoin aon chlásail dá mhalairt; féadfar é seo a chur in iúl leis an acrainm CIV;

(c)  aon ráiteas eile is gá chun na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann leis an mbagáiste cláraithe a chur ar aghaidh a chruthú agus chun a chur ar chumas an phaisinéara na cearta a dhearbhú a thagann as an gconradh iompair.

3.  Caithfidh an paisinéir a áirithiú,  ar fháil an dearbháin chláraithe dó , go ndearnadh amach i gcomhréir lena threoracha é.

Airteagal 18

Clárú agus iompar

1.  Mura bhforáiltear a mhalairt leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair, ní dhéanfar bagáiste a chlárú go dtí go dtabharfar ticéad ar aird a bheidh bailí go dtí ceann scríbe an bhagáiste ar a laghad. Ar gach bealach eile, déanfar an bagáiste a chlárú i gcomhréir leis na saintreoracha a bheidh i bhfeidhm in áit an choinsínithe.

2.  Nuair a fhorálfar leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair go bhféadfar an bagáiste a ghlacadh chun iompair gan ticéad a thabhairt ar aird, beidh feidhm mutatis mutandis ag na Rialacha Comhionanna seo lena gcinntear cearta agus oibleagáidí an phaisinéara i ndáil lena bhagáiste cláraithe maidir le coinsíneoir bagáiste chláraithe.

3.  Féadfaidh an t‑iompróir an bagáiste cláraithe a chur ar aghaidh ar thraein eile nó ar mhodh eile iompair agus ar chonair nach ionann agus an chonair a  rachaidh an paisinéir.

Airteagal 19

Muirir d’iompar an bhagáiste chláraithe a íoc

Faoi réir aon chomhaontaithe dá mhalairt idir an paisinéir agus an t‑iompróir, beidh an muirear ar iompar bagáiste chláraithe iníoctha ar é a chlárú.

Airteagal 20

Bagáiste cláraithe a mharcáil

Ní mór don phaisinéir a shonrú ar gach  ball bagáiste in áit a bheidh le feiceáil go soiléir agus ar mhodh a bheidh sách buan agus sách inléite:

(a)  a ainm agus a sheoladh;

(b)  an ceann scríbe.

Airteagal 21

An ceart chun bagáiste cláraithe a dhiúscairt

1.  Má cheadaítear leis na cúinsí agus mura sáraítear amhlaidh  ceanglais chustaim ná ceanglais údarás riaracháin eile , féadfaidh an paisinéir a iarraidh go ndéanfar bagáiste a thabhairt ar ais ar láimh ag áit an choinsínithe ar thabhairt suas an dearbháin chláraithe bagáiste agus, má cheanglaítear amhlaidh leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair déanamh amhlaidh, ar thabhairt ar aird an ticéid.

2.  Féadfaidh forálacha eile a bhaineann leis an gceart chun bagáiste cláraithe a dhiúscairt a bheith sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, go háirithe modhnuithe ar an gceann scríbe agus na hiarmhairtí airgeadais a d’fhéadfaí a bheith le hiompar ag an bpaisinéir.

Airteagal 22

Seachadadh

1.  Déanfar bagáiste cláraithe a sheachadadh ar an dearbhán cláraithe bagáiste a thabhairt suas agus, i gcás inarb iomchuí, ar na méideanna is inmhuirearaithe in aghaidh na coinsíneachta a íoc.

Beidh an t‑iompróir i dteideal a scrúdú an bhfuil sealbhóir an dearbháin i dteideal glacadh le seachadadh, ach ní bheidh sé d’oibleagáid air é sin a scrúdú.

2.  Beidh na nithe seo a leanas coibhéiseach le seachadadh do shealbhóir an dearbháin chláraithe bagáiste, más rud é, i gcomhréir leis na saintreoracha a bheidh i bhfeidhm ag an gceann scríbe:

(a)  gur tugadh an bagáiste ar láimh do na húdaráis chustaim nó octroi ag a n‑áitreabh nó ag a stórais, nuair nach mbeidh siad sin faoi réir mhaoirsiú an iompróra;

(b)  gur tugadh ainmhithe beo ar láimh do thríú páirtithe.

3.  Féadfaidh sealbhóir an dearbháin chláraithe bagáiste a cheangal go ndéanfar an bagáiste a sheachadadh ag an gceann scríbe a luaithe a bheidh an t‑am caite a comhaontaíodh agus, i gcás inarb iomchuí, a luaithe a bheidh an t‑am caite is gá do na hoibríochtaí a dhéanfaidh na húdaráis chustaim nó  údaráis riaracháin eile.

4.  Má mhainnítear an dearbhán cláraithe bagáiste a thabhairt suas, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an iompróir an bagáiste a sheachadadh ach chuig an duine a chruthóidh a cheart chuige; más dealraitheach nach bhfuil an cruthúnas a thairgtear leordhóthanach, féadfaidh an t‑iompróir a cheangal go dtabharfar urrús.

5.  Déanfar bagáiste a sheachadadh ag an gceann scríbe ar dó a cláraíodh é.

6.  Féadfaidh sealbhóir dearbháin chláraithe bagáiste nach ndearnadh a bhagáiste a sheachadadh a  éileamh go ndéanfar an lá agus an t‑am a d'iarr sé an seachadadh a fhormhuiniú ar an dearbhán i gcomhréir le mír 3.

7.  Féadfaidh an duine atá ina theideal a dhiúltú an bagáiste a ghlacadh mura gcomhlíonfaidh an t‑iompróir an iarraidh uaidh scrúdú a dhéanamh ar an mbagáiste cláraithe d’fhonn damáiste a líomhnaítear a shuíomh.

8.  Ar gach bealach eile, déanfar an bagáiste a sheachadadh i gcomhréir leis na saintreoracha a bheidh i bhfeidhm ag an gceann scríbe.

Caibidil IV

Feithiclí

Airteagal 23

Coinníollacha iompair

Sonrófar go sonrach sna forálacha speisialta maidir le hiompar feithiclí atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, na coinníollacha lena rialaítear glacadh chun iompair, clárú, luchtú agus iompair, díluchtú agus seachadadh, chomh maith le hoibleagáidí an phaisinéara.

Airteagal 24

Dearbhán iompair

1.  Caithfear na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann le feithiclí a iompar a bhunú le dearbhán cláraithe  a thabharfar don phaisinéir . Féadfar an dearbhán iompair a lánpháirtiú i dticéad an phaisinéara.

2.  Cinnfidh na coinníollacha ginearálta lena rialaítear iompar feithiclí, atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, foirm an dearbháin iompair agus a mbeidh air chomh maith leis an teanga agus leis na carachtair ina ndéanfar é a chló agus a dhéanamh amach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 7(5).

3.  Caithfear na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur isteach ar an dearbhán iompair:

(a)  an t‑iompróir nó na hiompróirí;

(b)  ráiteas go bhfuil an t‑iompar faoi réir na Rialacha Comhionanna seo, d’ainneoin aon chlásail dá mhalairt; féadfar é seo a chur in iúl leis an acrainm CIV;

(c)  aon ráiteas eile is gá chun na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann le feithiclí a iompar a chruthú agus chun a chur ar chumas an phaisinéara na cearta a dhearbhú a thagann as an gconradh iompair.

4.  Caithfidh an paisinéir a áirithiú,  ar fháil an dearbháin iompair dó , go ndearnadh amach i gcomhréir lena threoracha é.

Airteagal 25

An dlí is infheidhme

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, beidh feidhm maidir le feithiclí ag forálacha Chaibidil III a bhaineann le bagáiste a iompar.

TEIDEAL IV

DLITEANAS AN IOMPRÓRA

Caibidil I

Dliteanas i gcás Báis Phaisinéirí nó Díobhála Pearsanta do Phaisinéirí bás paisinéirí nó díobháil phearsanta do phaisinéirí

Airteagal 26

Bonn an dliteanais

1.  Is é an t‑iompróir a bheidh faoi dhliteanas i leith caillteanas nó damáiste a eascróidh as bás paisinéara nó as díobháil phearsanta nó aon díobháil eile choirp nó intinne do phaisinéir, arb é is cúis leis tionóisc a  d'eascair as oibriú an iarnróid agus a tharla le linn don phaisinéir a bheith i bhfeithiclí iarnróid, nó ag dul isteach orthu nó ag tuirlingt díobh, is cuma cén bonneagar iarnróid a úsáidtear.

2.  Saorfar an t‑iompróir ón dliteanas sin:

(a)  más é ba chúis leis an tionóisc imthosca nach raibh baint acu le hoibriú an iarnróid agus nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n‑iarmhairtí a chosc, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis;

(b)  a mhéid gur ar an bpaisinéir atá an locht gur tharla an tionóisc;

(c)  más é ba chúis leis an tionóisc  iompraíocht tríú páirtí nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a hiarmhairtí a chosc, d'ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis; ní mheasfar gur tríú páirtí é gnóthas eile a mbeidh an bonneagar céanna iarnróid á úsáid aige; ní dhéanfar difear don cheart cúláraigh.

3.  Más é iompraíocht tríú páirtí is cúis leis an tionóisc, agus d'ainneoin sin, nach ndéantar an t‑iompróir a shaoradh go hiomlán óna dhliteanas i gcomhréir le mír 2(c), beidh dliteanas iomlán air suas go dtí na teorainneacha a leagtar síos sna Rialacha Comhionanna seo ach gan dochar d'aon cheart cúláraigh a d'fhéadfadh  a bheith ag an iompróir in aghaidh an tríú páirtí.

4.  Ní dhéanfaidh na Rialacha Comhionanna seo difear d'aon dliteanas a d'fhéadfadh an t‑iompróir a thabhú i gcásanna nach bhforáiltear  maidir leo i mír 1.

5.  Más iompróirí  leantacha a dhéanann iompar atá faoi rialú aon chonartha amháin, beidh an t‑iompróir atá faoi cheangal, de bhun an chonartha iompair, seirbhís iompair a sholáthar ar lena linn a tharla an tionóisc, beidh sé faoi dhliteanas i gcás bás paisinéirí, agus i gcás díobhálacha pearsanta do phaisinéirí. I gcás nach é an t‑iompróir a sholáthair an tseirbhís seo, ach iompróir ionadach, beidh an dá iompróir faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach i gcomhréir leis na Rialacha Comhionanna seo.

Airteagal 27

Damáistí i gcás báis

1.  I gcás bhás an phaisinéara, is éard a bheidh sna damáistí:

(a)  aon chostais is gá tar éis an bháis, go háirithe costais a bhaineann le hiompar an choirp agus costais sochraide;

(b)  mura dtarlóidh an bás láithreach, na damáistí dá bhforáiltear in Airteagal 28.

2.  Más rud é, de bharr bhás an phaisinéara, go mbaintear a dtacaíocht de dhaoine a raibh nó a mbeadh sé de dhualgas dlíthiúil air iad a chothabháil, déanfar an caillteanas sin a chúiteamh leis na daoine sin. Is faoi rialú an dlí náisiúnta a bheidh cearta caingne le haghaidh damáistí ag daoine a bhí á gcothabháil ag an bpaisinéir cé nach raibh ceangal dlíthiúil air amhlaidh a dhéanamh.

Airteagal 28

Damáistí i gcás díobháil phearsanta

I gcás díobháil phearsanta nó aon díobhála eile coirp nó intinne don phaisinéir, is éard a bheidh sna damáistí:

(a)  aon chostais is gá, go háirithe costais chóireála agus iompair;

(b)  cúiteamh ar chaillteanas airgeadais de bharr éagumas, iomlán nó páirteach, obair a dhéanamh nó de bharr méadú ar riachtanais.

Airteagal 29

Cúiteamh ar dhíobháil eile choirp

Cinnfear le dlí náisiúnta an gcaithfidh an t‑iompróir damáistí a íoc i leith díobháil choirp seachas díobháil choirp dá bhforáiltear in Airteagal 27 agus in Airteagal 28 agus a mhéid a chaithfidh sé damáistí a íoc.

Airteagal 30

Foirm agus méid na ndamáistí i gcás báis nó díobháil phearsanta

1.  Caithfear na damáistí faoi Airteagal 27(2) agus faoi Airteagal 28(b) a dhámhachtain i bhfoirm cnapshuime. Ar a shon sin, má cheadaítear sa dlí náisiúnta blianacht a íoc, déanfar na damáistí a dhámhachtain san fhoirm sin má iarrann an paisinéir díobhálaithe nó na daoine atá ina dteideal dá dtagraítear in Airteagal 27(2) amhlaidh.

2.  Déanfar méid na ndamáistí atá le dámhachtain de bhun mhír 1 a chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Chun críocha na Rialacha Comhionanna seo, áfach, socrófar an uasteorainn in aghaidh an phaisinéara ag 175 000 aonad cuntais mar chnapshuim nó mar bhliantacht bhliantúil a fhreagróidh don tsuim sin, i gcás ina bhforálfar sa dlí náisiúnta d'uasteorainn is ísle ná an méid sin.

Airteagal 31

Modhanna eile iompair

1.  Faoi réir mhír 2, ní bheidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le dliteanas an iompróra i gcás bás paisinéirí, nó i gcás díobháil phearsanta dóibh, maidir le caillteanas nó damáiste a tharlóidh le linn an iompair, nach iompar d'iarnród a bhí ann, i gcomhréir leis an gconradh iompair.

2.  I gcás ina mbeidh feithiclí iarnróid á n‑iompar de bhád farantóireachta, áfach, beidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le dliteanas i gcás bás paisinéirí nó  i gcás díobháil phearsanta do phaisinéirí, i leith caillteanais nó damáiste dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus Airteagal 33(1) arb é is cúis leis tionóisc a d'eascair as oibriú an iarnróid agus a tharla le linn don phaisinéir a bheith sna feithiclí sin, nó ag dul isteach orthu nó ag tuirlingt díobh.

3.  Nuair a chuirfear oibriú an iarnróid ar fionraí go sealadach, de bharr imthosca eisceachtúla, agus go ndéanfar na paisinéirí a iompar de mhodh eile iompair, beidh dliteanas ar an iompróir de bhun na Rialacha Comhionanna seo.

Caibidil II

Dliteanas i gcás  nach gcloífear leis an amchlár

Airteagal 32

Dliteanas i gcás cealuithe, i gcás traenacha a bheith ag rith mall nó i gcás nasc a  chailleadh

1.  Beidh an t‑iompróir faoi dhliteanas don phaisinéir i leith caillteanas nó damáiste arb é is cúis leis, mar gheall ar chealú, rith mall traenach nó cailleadh naisc, nach bhféadfaí leanúint de thuras an phaisinéara an lá céanna, nó nach bhféadfaí a éileamh go réasúnach sna himthosca go leanfaí den turas an lá céanna. Is éard a bheidh sna damáistí costais réasúnacha cóiríochta chomh maith leis na costais réasúnacha toisc go raibh gá fógra a thabhairt do dhaoine a bhí ag súil leis an bpaisinéir.

2.  Saorfar an t‑iompróir ón dliteanas sin i gcás ina mbeidh an cealú, an rith mall nó nasc caillte inchurtha i leith ceann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)  imthosca nach raibh baint acu le hoibriú an iarnróid agus nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n‑iarmhairtí a chosc, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis;

(b)  locht ar an bpaisinéir; nó

(c)  iompraíocht tríú páirtí nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a hiarmhairtí a chosc, d'ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis; ní mheasfar gur tríú páirtí é gnóthas eile a mbeidh an bonneagar céanna iarnróid á úsáid aige; ní dhéanfar difear don cheart cúláraigh.

3.  Cinnfear leis an dlí náisiúnta an gcaithfidh an t‑iompróir damáistí a íoc i leith díobháil choirp seachas díobháil choirp dá ndéantar foráil i mír 1 agus a mhéid a chaithfidh sé damáistí a íoc. Ní dhéanfaidh an fhoráil sin dochar d'Airteagal 44.

Caibidil III

Dliteanas i leith Bagáiste Láimhe, Ainmhithe, Bagáiste Chláraithe agus Feithiclí

ROINN 1

Bagáiste láimhe agus ainmhithe

Airteagal 33

Dliteanas

1.  I gcás bás paisinéirí nó díobháil phearsanta dóibh, beidh an t‑iompróir faoi dhliteanas freisin i leith caillteanas iomlán nó páirtchaillteanas earraí a bhí ag an bpaisinéir nó a bhí leis mar bhagáiste láimhe nó i leith damáiste do na hearraí sin; beidh feidhm ag an méid seo freisin maidir le hainmhithe a thug an paisinéir leis . Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 26.

2.  Thairis sin, ní bheidh an gnóthas iarnróid faoi dhliteanas i leith caillteanas iomlán nó páirtchaillteanas earraí nó ainmhithe a raibh an paisinéir freagrach as a maoirseacht i gcomhréir le hAirteagal 15, ná i leith damáiste dóibh, murab é locht an iompróra ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste sin. Ní bheidh feidhm ag na hAirteagail eile de Theideal IV, ach amháin Airteagal 51, ná ag Teideal VI maidir leis an gcás sin.

Airteagal 34

Teorainn le damáistí i gcás caillteanas earraí nó damáiste dóibh

Nuair a bheidh an t‑iompróir faoi dhliteanas faoi Airteagal 33(1), caithfidh sé cúiteamh a íoc go feadh theorainn 1 400 aonad cuntais in aghaidh an phaisinéara.

Airteagal 35

Eisiamh dliteanais

Ní bheidh an t‑iompróir faoi dhliteanas don phaisinéir i leith caillteanas nó damáiste a  tharlóidh de dheasca mhainneachtain an phaisinéara na foirmiúlachtaí a cheanglaíonn na húdaráis custaim nó údaráis riaracháin eile a chomhall.

ROINN 2

Bagáiste cláraithe

Airteagal 36

Bonn an dliteanais

1.  Is é an t‑iompróir a bheidh faoi dhliteanas i leith caillteanas nó damáiste  arb é is cúis leis caillteanas iomlán nó páirtchaillteanas bagáiste chláraithe idir an t‑am a dtógfaidh an t‑iompróir an bagáiste idir lámha agus am an tseachadta, agus as moill ar sheachadadh.

2.  Saorfar an t‑iompróir ón dliteanas sin a mhéid ba chúis leis an gcaillteanas, leis an damáiste nó leis an moill ar an seachadadh locht an phaisinéara, ordú a thug an paisinéir  nár thoradh ar locht an iompróra é , fabht bunúsach sa bhagáiste cláraithe nó imthosca nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n‑iarmhairtí a chosc.

3.  Saorfar an t‑iompróir, áfach, ón dliteanas sin a mhéid a d'eascair an caillteanas nó an damáiste as  na rioscaí speisialta a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)  easpa pacála nó  pacáil neamhleor;

(b)  cineál speisialta an bhagáiste;

(c)  coinsíniú earraí mar bhagáiste nach bhfuil inghlactha don iompar.

Airteagal 37

An dualgas cruthúnais

1.  Is ar an iompróir a bheidh an dualgas a chruthú gur ceann de na cúiseanna a shonraítear in Airteagal 36(2) ba chúis leis an gcaillteanas, leis an damáiste nó leis an moill  ar an seachadadh.

2.  Má shuíonn an t‑iompróir, ag féachaint d'imthosca cáis áirithe, go bhféadfadh an caillteanas nó an damáiste eascairt as  riosca amháin nó níos mó de na  rioscaí speisialta dá dtagraítear in Airteagal 36(3), toimhdeofar gur as  riosca den sórt sin a d'eascair sé. Beidh de cheart ag an duine a mbeidh teidlíocht aige a chruthú, áfach, nach raibh an caillteanas nó an damáiste inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith ceann de na  rioscaí sin.

Airteagal 38

Iompróirí comhleanúnacha

Más roinnt iompróirí leantacha a dhéanann iompar atá faoi rialú aon chonartha amháin, tiocfaidh gach iompróir, de bhíthin an bagáiste i dteannta an dearbháin chláraithe bagáiste nó an fheithicil i dteannta an dearbháin iompair a thógáil idir lámha, chun bheith ina pháirtí sa chonradh iompair maidir leis an mbagáiste a chur ar aghaidh nó na feithiclí a iompar, i gcomhréir le téarmaí an dearbháin chláraithe bagáiste nó an dearbháin iompair agus glacfaidh sé air féin na hoibleagáidí a eascraíonn as sin. I gcás den sórt sin beidh gach iompróir freagrach as an iompar thar an mbealach ar fad go dtí an seachadadh.

Airteagal 39

Iompróir ionadach

1.  I gcás inar chuir an t‑iompróir comhlíonadh an chúraim iompair, go hiomlán nó go páirteach, de chúram ar iompróir ionadach, bíodh nó ná bíodh sé de bhun cirt faoin gconradh iompair chun é sin a dhéanamh, leanfaidh an t‑iompróir de bheith faoi dhliteanas i leith an iompair iomláin.

2.  Forálacha uile na Rialacha Comhionanna seo lena rialaítear dliteanas an iompróra, beidh feidhm acu freisin ar dhliteanas an iompróra ionadaigh i leith an iompair arna dhéanamh aige. Beidh feidhm ag Airteagal 48 agus ag Airteagal 52 má thionscnaítear caingean in aghaidh na seirbhíseach nó aon duine eile ar bhain an t‑iompróir ionadach úsáid as a sheirbhísí chun an t‑iompar a dhéanamh.

3.  Aon chomhaontú speisialta faoina nglacann an t‑iompróir oibleagáidí air nach bhforchuirtear leis na Rialacha Comhionanna seo nó faoina dtarscaoileann sé cearta arna dtabhairt leis na Rialacha Comhionanna seo, ní bheidh aon éifeacht aige i leith an iompróra ionadaigh mura mbeidh glactha aige leis an gcomhaontú sin go sainráite agus i scríbhinn. Cibé acu ar ghlac nó nár ghlac an t‑iompróir ionadach leis, leanfaidh an t‑iompróir fós de bheith faoi cheangal aon oibleagáidí nó aon tarscaoiltí a thig ó chomhaontú speisialta den sórt sin.

4.  I gcás ina mbeidh agus a mhéid a bheidh an t‑iompróir agus an t‑iompróir ionadach araon faoi dhliteanas, beidh a ndliteanas ina dhliteanas comhpháirteach agus leithleach.

5.  Méid comhiomlán an chúitimh a bheidh le híoc ag an iompróir, ag an iompróir ionadach agus ag a seirbhísigh agus aon daoine eile a mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun an t‑iompar a dhéanamh, ní rachaidh sé thar na teorainneacha dá bhforáiltear sna Rialacha Comhionanna seo.

6.  Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar do chearta cúláraigh a d’fhéadfadh a bheith ann idir an t‑iompróir agus an t‑iompróir ionadach.

Airteagal 40

Toimhde an chaillteanais

1.  Féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige, gan é a bheith de cheangal air tuilleadh cruthúnais a thabhairt, a mheas go bhfuil ball bagáiste caillte nuair nach ndearnadh é a sheachadadh nó a chur ar fáil dó laistigh de cheithre lá dhéag ón lá a rinneadh iarraidh ar sheachadadh i gcomhréir le hAirteagal 22(3).

2.  Má aisghabhtar ball bagáiste a measadh a bheith caillte laistigh de bhliain ón iarraidh ar sheachadadh, caithfidh an t‑iompróir fógra a thabhairt don duine a mbeidh teidlíocht aige más eol a sheoladh nó más féidir é a fháil amach.

3.  Laistigh de thríocha lá ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige a éileamh go ndéanfaí an ball bagáiste a sheachadadh dó. Sa chás sin, caithfidh sé na muirir a íoc i leith iompar an bhaill bagáiste sin ó áit a choinsínithe go dtí an áit ina ndéanfar é a sheachadadh agus an cúiteamh a fuarthas a aisíoc lúide, más iomchuí, aon chostas a áiríodh ann. Ar a shon sin, coinneoidh sé a chearta, dá bhforáiltear in Airteagal 43, chun cúiteamh ar mhoill ar sheachadadh a éileamh.

4.  Mura ndéanfar ball bagáiste a aisghabhadh a éileamh laistigh den tréimhse a shonraítear i mír 3 nó má aisghabhtar é níos mó ná bliain tar éis na hiarrata ar sheachadadh í, déanfaidh an t‑iompróir é a dhiúscairt i gcomhréir leis na dlíthe agus na saintreoracha atá i bhfeidhm san áit ina bhfuil an  ball bagáiste.

Airteagal 41

Cúiteamh ar chaillteanas

1.  I gcás ina gcaillfear bagáiste cláraithe, ina iomláine nó i bpáirt, caithfidh an t‑iompróir íoc as, d'eisiamh gach damáiste eile:

(a)  má chruthaítear méid an chaillteanais nó an damáiste a rinneadh, cúiteamh is ionann leis an méid sin ach nach mó ná 80 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise atá in easnamh nó 1 200 aonad cuntais in aghaidh gach  baill bagáiste;

(b)  mura suitear méid an chaillteanais nó an damáiste a rinneadh, damáistí leachtaithe 20 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise atá in easnamh nó 300 aonad cuntais in aghaidh gach baill bagáiste.

Cinnfidh na Coinníollacha Ginearálta Iompair modh an chúitimh, cibé acu in aghaidh gach cileagraim atá in easnamh nó in aghaidh gach baill bagáiste.

2.  Caithfidh an t‑iompróir ina theannta sin an muirear ar iompar an bhagáiste agus na suimeanna eile a íocadh i ndáil le hiompar an bhaill bagáiste caillte a aisíoc maille leis na dleachtanna custaim agus na dleachtanna máil a íocadh cheana.

Airteagal 42

Cúiteamh ar dhamáiste

1.  I gcás damáiste do bhagáiste cláraithe, caithfidh an t‑iompróir cúiteamh is ionann le caillteanas luacha an bhagáiste a íoc, d’eisiamh gach damáiste eile.

2.  Ní rachaidh an cúiteamh thar:

(a)  an méid a bheadh iníoctha i gcás caillteanas iomlán, má chaill an bagáiste go léir luach de dheasca damáiste;

(b)  an méid a bheadh iníoctha dá gcaillfí an chuid sin, murar chaill ach cuid den bhagáiste luach de dheasca damáiste.

Airteagal 43

Cúiteamh ar mhoill ar sheachadadh

1.  I gcás moill ar sheachadadh bagáiste chláraithe, caithfidh an t‑iompróir na méideanna seo a leanas a íoc as gach tréimhse iomlán de cheithre uair is fiche tar éis iarraidh an tseachadta, ach faoi réir uastréimhse ceithre lá dhéag:

(a)  má chruthaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gur tharla caillteanas nó damáiste dá bharr sin, cúiteamh is ionann le méid an chaillteanais nó an damáiste suas le huasmhéid 0,80 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise den bhagáiste nó 14 aonad cuntais in aghaidh gach baill bagáiste a seachadadh go déanach;

(b)  mura gcruthóidh an duine a mbeidh teidlíocht aige gur tharla caillteanas nó damáiste dá bharr sin, damáistí leachtaithe 0,14 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise den bhagáiste nó 2,80 aonad cuntais in aghaidh gach baill bagáiste a seachadadh go déanach.

Cinnfear leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair modhanna an chúitimh, cibé acu in aghaidh gach cileagraim atá in easnamh nó in aghaidh gach baill bagáiste.

2.  I gcás chaillteanas iomlán an bhagáiste, ní bheidh an cúiteamh dá bhforáiltear i mír 1 iníoctha de bhreis ar an gcúiteamh dá bhforáiltear in Airteagal 41.

3.  I gcás pháirtchaillteanas an bhagáiste, beidh an cúiteamh dá bhforáiltear i mír 1 iníoctha in aghaidh an chuid sin den bhagáiste nár cailleadh.

4.  I gcás damáiste do bhagáiste nach de thoradh moill ar sheachadadh é , beidh an cúiteamh dá bhforáiltear i mír 1 iníoctha, i gcás inarb iomchuí, de bhreis ar an gcúiteamh dá bhforáiltear in Airteagal 42.

5.  Ní rachaidh an cúiteamh iomlán dá bhforáiltear i mír 1, i dteannta an chúitimh is iníoctha faoi Airteagal 41 agus faoi Airteagal 42, ar aon chúinse thar an gcúiteamh a bheadh iníoctha i gcás chaillteanas iomlán an bhagáiste.

ROINN 3

Feithiclí

Airteagal 44

Cúiteamh ar mhoill

1.  I gcás moill ar luchtú ar chúis is inchurtha i leith an iompróra nó moill ar sheachadadh feithicle, má chruthaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gur tharla caillteanas nó damáiste dá bharr sin, caithfidh an t‑iompróir cúiteamh a íoc nach rachaidh thar mhéid an mhuirir ar iompar.

2.  I gcás moill ar luchtú ar chúis is inchurtha i leith an iompróra, má roghnaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gan dul ar aghaidh leis an gconradh iompair, aisíocfar an muirear ar iompar leis. Ina theannta sin, má chruthaíonn sé gur tharla caillteanas nó damáiste de dheasca na moille, féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige cúiteamh a éileamh nach rachaidh thar mhéid an mhuirir ar iompar.

Airteagal 45

Cúiteamh ar chaillteanas

I gcás caillteanas iomlán nó páirtchaillteanas feithicle, déanfar an cúiteamh is iníoctha leis an duine a mbeidh teidlíocht aige a ríomh ar bhonn ghnáthluach na feithicle. Ní rachaidh sé thar 8 000 aonad cuntais. Measfar gur feithicil leithleach í leantóir luchtaithe nó leantóir díluchtaithe.

Airteagal 46

Dliteanas i leith earraí eile

1.  Maidir le hearraí a fhágfar san fheithicil nó atá i mboscaí (e.g. boscaí bagáiste nó boscaí scíonna) atá daingnithe don fheithicil, ní bheidh an t‑iompróir faoi dhliteanas ach i leith caillteanas nó damáiste a tharlóidh dá locht féin. Ní rachaidh an cúiteamh iomlán is iníoctha thar 1 400 aonad cuntais.

2.  A mhéid a bhaineann le hearraí a stuáilfear ar an taobh amuigh den fheithicil, lena n‑áirítear na boscaí dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh an t‑iompróir faoi dhliteanas i leith earraí atá ar an taobh amuigh den fheithicil ach amháin má chruthaítear gur tharla an caillteanas nó an damáiste de dheasca gníomh nó neamhghníomh a rinne an t‑iompróir le hintinn caillteanas nó damáiste den sórt sin a dhéanamh, nó go meargánta agus le fios gur dócha go mbeadh caillteanas nó damáiste den sórt sin mar thoradh air.

Airteagal 47

An dlí is infheidhme

Faoi réir fhorálacha na Ranna seo, beidh feidhm maidir le feithiclí ag forálacha Roinn 2 a bhaineann le dliteanas i leith bagáiste.

Caibidil IV

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 48

An ceart a chailleadh chun teorainneacha le dliteanas a agairt

Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha le dliteanas dá bhforáiltear sna Rialacha Comhionanna seo i dteannta na bhforálacha den dlí náisiúnta lena dteorannaítear an cúiteamh go méid socraithe, má chruthaítear gur tharla an caillteanas nó an damáiste de dheasca gníomh nó neamhghníomh a rinne an t‑iompróir le hintinn caillteanas nó damáiste den sórt sin a dhéanamh, nó go meargánta agus le fios gur dócha go mbeadh caillteanas nó damáiste den sórt sin mar thoradh air.

Airteagal 49

Comhshó agus ús

1.  I gcás inar gá suimeanna a shonraítear in airgeadra eachtrach a chomhshó chun an cúiteamh a ríomh, déanfar an comhshó ag an ráta malairte is infheidhme lá íoctha an chúitimh in áit íoctha an chúitimh.

2.  Féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige ús ar an gcúiteamh a éileamh, a dhéanfar a ríomh ag cúig faoin gcéad in aghaidh na bliana, ó dháta an éilimh dá bhforáiltear in Airteagal 55 nó, mura ndearnadh éileamh den sórt sin, ón lá a tionscnaíodh imeachtaí dlíthiúla.

3.  I gcás cúiteamh is iníoctha de bhun Airteagal 27 agus Airteagal 28, áfach, ní fhabhróidh ús ach ón lá a tharla na teagmhais is ábhartha chun méid an chúitimh a mheas, más déanaí an lá sin ná lá an éilimh nó an lá a tionscnaíodh imeachtaí dlíthiúla.

4.  I gcás bagáiste, ní bheidh ús iníoctha ach amháin más mó an cúiteamh ná 16 aonad cuntais in aghaidh an dearbháin chláraithe bagáiste.

5.  I gcás bagáiste, mura gcuirfidh an duine a mbeidh teidlíocht aige na doiciméid tacaíochta is gá chun an t‑éileamh a shocrú go críochnaitheach faoi bhráid an iompróra laistigh de thréimhse réasúnach arna deonú dó, ní fhabhróidh aon ús idir dul in éag na tréimhse sin agus taisceadh iarbhír na ndoiciméad.

Airteagal 50

Dliteanas i gcás eachtraí núicléacha

Saorfar an t‑iompróir ó dhliteanas de bhun na Rialacha Comhionanna seo i leith caillteanas nó damáiste de dheasca eachtra núicléach nuair is oibreoir gléasra núicléach nó duine eile a ghabhann a ionad atá faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste de bhun dlíthe agus saintreoracha Stáit lena rialaítear an dliteanas i réimse an fhuinnimh núicléach.

Airteagal 51

Daoine a bhfuil an t‑iompróir faoi dhliteanas thar a gceann

Beidh an t‑iompróir faoi dhliteanas thar ceann a sheirbhíseach agus daoine eile a mbaineann sé úsáid as a seirbhísí chun an t‑iompar a dhéanamh, i gcás ina mbeidh na seirbhísigh sin agus na daoine eile sin ag gníomhú faoi raon a bhfeidhmeanna. Measfar gur daoine a mbaineann an t‑iompróir úsáid as a seirbhísí chun an t‑iompar a dhéanamh iad bainisteoirí an bhonneagair iarnróid ar a ndéantar an t‑iompar.

Airteagal 52

Caingne eile

1.  I ngach cás ina mbeidh feidhm ag na Rialacha Comhionanna seo, ní fhéadfar aon chaingean a thionscnamh i gcoinne an iompróra i ndáil le dliteanas, is cuma cad iad na forais, ach amháin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos sna Rialacha Comhionanna seo.

2.  Is amhlaidh a bheidh maidir le haon chaingean arna tabhairt in aghaidh na seirbhíseach nó na ndaoine eile a bhfuil an t‑iompróir faoi dhliteanas thar a gceann de bhun Airteagal 51.

TEIDEAL V

DLITEANAS AN PHAISINÉARA

Airteagal 53

Prionsabail speisialta an dliteanais

Beidh an paisinéir faoi dhliteanas don iompróir i leith aon chaillteanais nó damáiste:

(a)  a leanfaidh as mainneachtain an phaisinéara a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh

1.  de bhun Airteagal 10, Airteagal 14 agus Airteagal 20,

2.  de bhun na bhforálacha speisialta maidir le hiompar feithiclí atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, nó

3.  de bhun an Rialacháin maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), nó

(b)  arb é ba chúis leis na hearraí agus na hainmhithe a thugann an paisinéir in éineacht leis, mura gcruthóidh sé gurb é ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste imthosca nárbh fhéidir leis a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n‑iarmhairtí a chosc, cé gur léirigh sé an dúthracht a éilítear ar phaisinéir coinsiasach. Ní dhéanfaidh an fhoráil seo aon difear do dhliteanas an iompróra de bhun Airteagal 26 agus Airteagal 33(1).

TEIDEAL VI

DEARBHÚ NA gCEART

Airteagal 54

Páirtchaillteanas nó damáiste a fhionnadh

1.  I gcás ina bhfaighidh an t‑iompróir amach nó i gcás ina dtoimhdeoidh an t‑iompróir, nó i gcás ina líomhnóidh an duine, a mbeidh teidlíocht aige gur tharla páirtchaillteanas earra arna iompar faoi chúram an iompróra (bagáiste, feithiclí), nó i gcás ina ndearnadh damáiste dó, caithfidh an t‑iompróir tuarascáil a dhréachtú láithreach, i láthair an duine a mbeidh teidlíocht aige más féidir, lena sonrófar, de réir chineál an chaillteanais nó an damáiste, bail an earra agus, a mhéid is féidir, méid an chaillteanais nó an damáiste, an chúis a bhí leis agus an uair a tharla sé.

2.  Caithfear cóip den tuarascáil a chur ar fáil saor in aisce don duine a mbeidh teidlíocht aige.

3.  I gcás nach nglacfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige leis na conclúidí sa tuarascáil, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfadh saineolaí arna cheapadh ag na páirtithe sa chonradh iompair nó ag cúirt nó binse bail an bhagáiste nó na feithicle agus cúis agus méid an chaillteanais nó an damáiste a fhionnadh. Beidh an nós imeachta a bheidh le leanúint á rialú ag dlíthe agus saintreoracha an Stáit ina ndéantar an fionnadh sin.

Airteagal 55

Éilimh

1.  Caithfear éilimh a bhaineann le dliteanas an iompróra i gcás bás paisinéirí, nó i gcás díobháil phearsanta dóibh, a dhíriú i scríbhinn chuig an iompróir ar féidir caingean a thabhairt ina choinne. I gcás iompair atá faoi rialú conartha aonair agus arna chur i gcrích ag iompróirí  leantacha , féadfar na héilimh a dhíriú freisin chuig an gcéad iompróir nó chuig an iompróir deireanach chomh maith leis an iompróir a bhfuil a phríomháit ghnó nó an brainse nó an ghníomhaireacht a thug an conradh iompair i gcrích sa Stát ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an bpaisinéir.

2.  Caithfear éilimh eile a bhaineann leis an gconradh iompair a dhíriú i scríbhinn chuig an iompróir a shonraítear in Airteagal 56(2) agus (3).

3.  Tabharfar ar aird na doiciméid sin a measann an duine a mbeidh teidlíocht aige gur cuí iad a thaisceadh leis an éileamh, an leagan bunaidh nó cóipeanna díobh, i gcás inarb iomchuí, agus na cóipeanna arna ndeimhniú go cuí má éilíonn an t‑iompróir amhlaidh. Nuair a shocrófar éileamh, féadfaidh an t‑iompróir a cheangal go dtabharfar suas an ticéad, an dearbhán cláraithe bagáiste agus an dearbhán iompair.

Airteagal 56

Iompróirí a bhféadfar caingean a thabhairt ina gcoinne

1.  Is in aghaidh an iompróra a bheidh faoi dhliteanas de bhun Airteagal 26(5) amháin a fhéadfar caingean a thabhairt a bheidh bunaithe ar dhliteanas an iompróra i gcás bás paisinéirí, nó i gcás díobháil phearsanta dóibh.

2.  Faoi réir mhír 4, is in aghaidh an chéad iompróra, in aghaidh an iompróra dheireanaigh nó in aghaidh an iompróra a rinne an chuid sin den iompar ar lena linn a tharla an teagmhas ba chúis leis na himeachtaí, agus ina aghaidh sin amháin, a fhéadfar caingne eile arna dtabhairt ag paisinéirí a bheidh bunaithe ar an gconradh iompair a thabhairt.

3.  I gcás iompar arna dhéanamh ag iompróirí leantacha, nuair a luafar, le toiliú uaidh, an t‑iompróir a chaithfidh an bagáiste nó an fheithicil a sheachadadh ar an dearbhán cláraithe bagáiste nó ar an dearbhán iompair, féadfar caingean a thabhairt ina choinne i gcomhréir le mír 2 fiú mura bhfuair sé an bagáiste nó an fheithicil.

4.  Caingean chun suim a íocadh de bhun an chonartha iompair a ghnóthú, féadfar í a thabhairt in aghaidh an iompróra a bhailigh an tsuim sin nó in aghaidh an iompróra ar bailíodh thar a cheann í.

5.  Féadfar caingean a thabhairt in aghaidh iompróra seachas na hiompróirí a shonraítear i mír 2 agus i mír 4 nuair a thionscnófar mar fhrithéileamh nó mar eisceacht í in imeachtaí a bhaineann leis an bpríomhéileamh a bheidh bunaithe ar an gconradh iompair céanna.

6.  A mhéid a bheidh feidhm ag na Rialacha Comhionanna seo ar an iompróir ionadach, féadfar caingean a thabhairt ina choinne freisin.

7.  Má bhíonn rogha ag an ngearánaí idir roinnt iompróirí, múchfar a cheart chun rogha a dhéanamh a luaithe a thabharfaidh sé caingean in aghaidh ceann díobh.

Airteagal 58

Múchadh an chirt chun caingne i gcás báis nó díobháil phearsanta

1.  Aon cheart chun caingne ag an duine a mbeidh teidlíocht aige a bheidh bunaithe ar dhliteanas an iompróra i gcás bás paisinéirí, nó i gcás díobháil phearsanta dóibh, múchfar é i gcás nach dtabharfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige fógra faoin tionóisc a tharla don phaisinéir do dhuine de na hiompróirí a bhféadfar éileamh a dhíriú chuige i gcomhréir le hAirteagal 55(1), laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta ar tháinig sé ar an eolas faoin gcaillteanas nó faoin damáiste. I gcás ina dtabharfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige fógra faoin tionóisc ó bhéal don iompróir, cuirfidh an t‑iompróir admháil maidir leis an bhfógra sin ó bhéal ar fáil dó.

2.  Ar a shon sin, ní mhúchfar an ceart caingne:

(a)  i gcás inar dhírigh an duine a mbeidh teidlíocht aige éileamh chuig duine de na hiompróirí a shonraítear in Airteagal 55(1) laistigh den tréimhse dá bhforáiltear i mír 1;

(b)  i gcás ina bhfuair an t‑iompróir atá faoi dhliteanas amach ar dhóigh eile laistigh den tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 eolas ar an tionóisc a tharla don phaisinéir;

(c)  i gcás inar tugadh fógra faoin tionóisc, nó i gcás inar tugadh go déanach é, de dheasca imthosca nach inchurtha i leith an duine;

(d)  má chruthaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gur locht an iompróra ba chúis leis an tionóisc.

Airteagal 59

Múchadh an chirt chun caingne a eascraíonn as iompar bagáiste

1.  Le glacadh an bhagáiste ag an duine, múchfar gach ceart caingne in aghaidh an iompróra a eascraíonn as an gconradh iompair i gcás páirtchaillteanais, damáiste nó moill ar sheachadadh.

2.  Ar a shon sin, ní mhúchfar an ceart caingne:

(a)  i gcás páirtchaillteanais nó damáiste,

1.  i gcás inar fionnadh an caillteanas nó an damáiste i gcomhréir le hAirteagal 54 sular ghlac an duine a mbeidh teidlíocht aige leis an mbagáiste,

2.  más de locht an iompróra amháin a fágadh ar lár an fionnadh ba cheart a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 54;

(b)  i gcás caillteanas nó damáiste nach léir agus a fionnadh tar éis don duine an bagáiste a ghlacadh,

1.  i gcás ina n‑iarrfaidh an duine fionnadh i gcomhréir le hAirteagal 54 díreach tar éis dó an caillteanas nó an damáiste a bhrath agus tráth nach déanaí ná trí lá tar éis dó an bagáiste a ghlacadh, agus

2.  ina theannta sin, i gcás ina gcruthóidh sé gur tharla an caillteanas nó an damáiste idir an t‑am a thóg an t‑iompróir an bagáiste idir lámha agus am an tseachadta;

(c)  i gcás moill ar sheachadadh, má rinne an duine, a mbeidh teidlíocht aige laistigh de lá is fiche, a chearta a dhearbhú in aghaidh ceann de na hiompróirí a shonraítear in Airteagal 56(3);

(d)  i gcás ina gcruthóidh an duine a mbeidh teidlíocht aige gur locht an iompróra ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste.

Airteagal 60

Caingne a theorannú

1.  Is é a bheidh sa tréimhse teorann le haghaidh caingne maidir le damáistí a bheidh bunaithe ar dhliteanas an iompróra i gcás bás paisinéirí, nó i gcás díobháil phearsanta dóibh:

(a)  i gcás paisinéara, trí bliana ón lá tar éis na tionóisce;

(b)  i gcás daoine eile, a mbeidh teidlíocht acu trí bliana ón lá tar éis don phaisinéir bás a fháil, faoi réir uasteorann cúig bliana ón lá tar éis na tionóisce.

2.  Bliain amháin a bheidh sa tréimhse teorann le haghaidh caingne a eascróidh as an gconradh iompair. Ar a shon sin, dhá bhliain a bheidh sa tréimhse teorann i gcás caingne maidir le caillteanas nó damáiste de dheasca gníomh nó neamhghníomh a rinne an t‑iompróir le hintinn caillteanas nó damáiste den sórt sin a dhéanamh, nó go meargánta agus le fios gur dócha go mbeadh caillteanas nó damáiste den sórt sin mar thoradh air.

3.  Beidh feidhm ag an tréimhse teorann dá bhforáiltear i mír 2 maidir le caingne:

(a)  le haghaidh cúitimh ar chaillteanas iomlán, ón gceathrú lá déag tar éis don tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 22(3) dul in éag;

(b)  le haghaidh cúiteamh ar pháirtchaillteanas, ar dhamáiste nó ar mhoill ar sheachadadh, ó lá an tseachadta;

(c)  i ngach cás eile a bhaineann le hiompar paisinéirí, ón lá a rachaidh bailíocht an ticéid in éag.

Ní chuirfear an lá a shonraítear do theacht i bhfeidhm na tréimhse teorann san áireamh sa tréimhse.

4.  […]

5.  […]

6.  Seachas sin, beidh fionraí agus briseadh tréimhsí teorann faoi rialú ag an dlí náisiúnta.

TEIDEAL VII

CAIDREAMH IDIR IOMPRÓIRÍ

Airteagal 61

Cionroinnt an mhuirir ar iompar

1.  Caithfidh aon iompróir a bhailigh muirear ar iompar nó ar chóir dó muirear ar iompar a bhailiú a sciartha faoi seach den mhuirear sin a íoc leis na hiompróirí lena mbaineann. Socrófar na modhanna íoctha le comhaontú idir na hiompróirí.

2.  Beidh feidhm ag Airteagal 6(3), Airteagal 16(3) agus Airteagal 25 ar an gcaidreamh idir iompróirí  leantacha.

Airteagal 62

Ceart cúláraigh

1.  Beidh ceart cúláraigh ag iompróir a d’íoc cúiteamh de bhun na Rialacha Comhionanna seo in aghaidh na n‑iompróirí a bhí páirteach san iompar i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

(a)  is é an t‑iompróir ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste, agus eisean amháin, a bheidh faoi dhliteanas ina leith;

(b)  nuair is roinnt iompróirí is chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste, beidh gach duine díobh faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste a chúisigh sé; mura féidir idirdhealú den sórt sin a dhéanamh, déanfar méid an chúitimh a chionroinnt eatarthu i gcomhréir le pointe (c);

(c)  mura féidir a chruthú cén t‑iompróir is cúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste, déanfar méid an chúitimh a chionroinnt idir na hiompróirí go léir a bhí páirteach san iompar, seachas iad siúd a chruthóidh nach iad  féin ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste; beidh an chionroinnt sin i gcomhréir lena sciartha faoi seach den mhuirear ar iompar.

2.  I gcás duine de na hiompróirí a bheith dócmhainneach, déanfar an sciar a bheidh dlite de agus gan íoc aige a chionroinnt idir na hiompróirí eile a bhí páirteach san iompar i gcomhréir lena sciartha faoi seach den mhuirear ar iompar.

Airteagal 63

An nós imeachta cúláraigh

1.  Ní fhéadfaidh an t‑iompróir a ndéantar ceart cúláraigh a fheidhmiú ina choinne de bhun Airteagal 62 bailíocht na híocaíochta a rinne an t‑iompróir a bheidh ag feidhmiú an chirt cúláraigh a dhíospóid nuair is cúirt nó binse a chinn an cúiteamh agus nuair a tugadh deis idiragartha sna himeachtaí don iompróir céadluaite a fuair fógra cuí i dtaobh na n‑imeachtaí. Cinnfidh an chúirt nó an binse ar tugadh an phríomhchaingean os a comhair nó os a chomhair an t‑am a cheadófar don fhógra sin faoi na himeachtaí agus don idiragairt sna himeachtaí.

2.  Caithfidh iompróir a fheidhmeoidh a cheart cúláraigh a éileamh a thíolacadh  sna himeachtaí ceannann céanna in aghaidh na n‑iompróirí go léir nach bhfuil socrú déanta aige leo; dá uireasa sin, caillfidh sé a cheart cúláraigh i gcás na n‑iompróirí siúd nach ndearna sé imeachtaí a thionscnamh ina gcoinne.

3.  Tabharfaidh an chúirt nó an binse a cinneadh nó a chinneadh in aon bhreith amháin maidir leis na héilimh cúláraigh go léir a thugtar os a comhair nó os a chomhair.

4.  Féadfaidh iompróir ar mian leis a cheart cúláraigh a fhorfheidhmiú a chaingean a thabhairt os comhair chúirt nó bhinse an Stáit ina bhfuil a phríomháit ghnó ag ceann de na hiompróirí a bhí páirteach san iompar, nó an brainse nó an ghníomhaireacht a thug an conradh iompair i gcrích.

5.  I gcás ina dtabharfar caingean in aghaidh roinnt iompróirí, beidh an t‑iompróir is gearánaí i dteideal an chúirt nó an binse a dtionscnóidh sé na himeachtaí os a comhair nó os a chomhair a roghnú as na cúirteanna agus na binsí a bheidh inniúil de bhun mhír 4.

6.  Ní fhéadfar imeachtaí cúláraigh a cheangal le himeachtaí maidir le cúiteamh arna dtionscnamh ag an duine a mbeidh teidlíocht aige faoin gconradh iompair.

Airteagal 64

Comhaontuithe a bhaineann le cúlárach

Féadfaidh na hiompróirí comhaontuithe a chur i gcrích lena ndéantar maolú ar Airteagal 61 agus ar Airteagal 62.

IARSCRÍBHINN II

ÍOSMHÉID FAISNÉISE LE CUR AR FÁIL AG GNÓTHAIS IARNRÓID AGUS DÍOLTÓIRÍ TICÉAD

Cuid I: Faisnéis roimh an turas

—  Coinníollacha ginearálta is infheidhme ar an gconradh

—  Amchláir agus coinníollacha don turas is tapúla

—  Amchláir agus coinníollacha do na táillí uile ar fáil, lena n-áirítear na cinn is ísle [Leasú 125]

—  Inrochtaineacht, coinníollacha rochtana agus  saoráidí ar bord do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos i dTreoir XXX

—  CoinníollachaSocruithe rochtana do rothair [Leasú 126]

—  Fáil ar shuíocháin i dtaca leis na táillí uile is infheidhme i láthair chaite tobac agus láthair gan cead caite tobac, (agus i gcás inarb infheidhme, i láthair chaite tobac), i láthair den chéad ghrád agus den dara grád, . leapacha suíocháin agus carráistí codlata [Leasú 127]

—  Aon ghníomhaíochtaí ar dóigh dóibh seirbhísí a bhriseadh nó iad a mhoilliúBriseadh agus moilleanna (beartaithe agus i bhfíor-am) [Leasú 128]

—  Seirbhísí atá ar fáil ar bord, lena n-áirítear Wi-Fi agus leithris [Leasú 129]

—  Nósanna imeachta chun bagáiste caillte a éileamh ar ais

—  Nósanna imeachta chun gearáin a  chur isteach

Cuid II: Faisnéis le linn an turais

—  Seirbhísí ar bord, lena n-áirítear Wi-Fi [Leasú 130]

—  An chéad stáisiún eile

—  MoilleannaBriseadh agus moilleanna (beartaithe agus i bhfíor-am) [Leasú 131]

—  Príomhsheirbhísí naisc

—  Ceisteanna slándála agus sábháilteachta

IARSCRÍBHINN III

ÍOSCHAIGHDEÁIN CHÁILÍOCHTA SEIRBHÍSE

I.  Ceanglais a bhaineann le gnóthais iarnróid

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, foilseoidh gnóthais iarnróid ar a suíomh gréasáin an tuarascáil ar cháilíocht sheirbhíse a bhaineann leis an mbliain ghnó roimhe sin agus cuirfidh siad chuig an gcomhlacht náisiúnta forfheidhmithe agus chuig Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh í lena foilsiú ar a suíomh gréasáin. Foilseoidh an gnóthas an tuarascáil ar a shuíomh gréasáin sna teangacha oifigiúla náisiúnta lena mbaineann agus, más féidir, i dteangacha eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear achoimre i mBéarla.

Beidh faisnéis faoin méid seo a leanas ar a laghad, sna tuarascálacha cáilíochta seirbhíse:

1)  Poncúlacht seirbhísí, agus prionsabail ghinearálta na ndóigheanna a ndéileálann gnóthais iarnróid le briseadh seirbhísí

(a)  moilleanna

(i)  an mheánmhoill fhoriomlán ar sheirbhísí mar chéatadán de réir na catagóire seirbhíse (idirnáisiúnta, intíre fadachair, réigiúnach agus uirbeach/fo‑uirbeach);

(ii)  an céatadán de sheirbhísí a raibh moill orthu tráth an imeachta;

(iii)  an céatadán de sheirbhísí a raibh moill orthu tráth an teachta:

—  an céatadán de mhoilleanna a bhí ní ba lú ná 60 nóiméad;

—  an céatadán de mhoilleanna a bhí idir 60 agus 11991 agus 120 nóiméad; [Leasú 132]

—  an céatadán de mhoilleanna a bhí 120 nóiméad ar fad nó níos faide;

(b)  cealuithe seirbhísí

cealú seirbhísí mar chéatadán de réir na catagóire seirbhíse (idirnáisiúnta, intíre fadachair, réigiúnach agus uirbeach/fo‑uirbeach);

(c)  cur i bhfeidhm an Rialacháin i dtaca le moilleanna agus cealuithe seirbhísí:

(i)  líon na bpaisinéirí ar tugadh cúram agus cúnamh dóibh;

(ii)  costas an chúraim agus an chúnaimh sin a tugadh;

(iii)  líon na bpaisinéirí ar deonaíodh cúiteamh dóibh;

(iv)  costas an chúitimh a deonaíodh;

(2)  Suirbhé ar shástacht na gcustaiméirí

An tacar íosta catagóirí nach mór a chuimsiú:

(i)  poncúlacht na dtraenacha;

(ii)  faisnéis do phaisinéirí i gcás moille;

(iii)  cruinneas na faisnéise agus fáil ar fhaisnéis ar na traenacha;

(iv)  cáilíocht na cothabhála/an bhail atá ar na traenacha;

(v)  an leibhéal slándála ar na traenacha;

(vi)  glaineacht an taoibh istigh de na traenacha;

(vii)  soláthar faisnéise fónta i rith an turais, lena n-áirítear maidir le Wi-Fi agus seirbhísí eile ar bord; [Leasú 133]

(viii)  fáil ar leithris ar chaighdeán maith ar gach traein;

(ix)  glaineacht agus cothabháil na stáisiún ar ardchaighdeán;

(x)  inrochtaineacht na dtraenacha agus na saoráidí ar bord, lena n‑áirítear leithris inrochtana;

(xi)  líon na n‑eachtraí agus cáilíocht an chúnaimh a tugadh go héifeachtach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar bord i gcomhréir le hAirteagal 24, gan beann ar réamhfhógra maidir le hiarratas ar chúnamh.

(3)  Láimhseáil gearán

(i)  líon na ngearán agus na torthaí;

(ii)  catagóirí na ngearán;

(iii)  líon na ngearán a próiseáladh;

(iv)  meán‑am freagartha;

(v)  feabhsuithe d'fheadfaí a dhéanamh, gníomhaíochtaí a rinneadh.

(4)  Cúnamh a tugadh do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

líon na gcásanna inar tugadh cúnamh mar chéatadán de réir na catagóire seirbhíse (idirnáisiúnta, intíre fadachair, réigiúnach agus uirbeach/fo‑uirbeach).

(5)  Briseadh seirbhísí

go bhfuil pleananna teagmhais agus pleananna géarchéime ann, agus tuairisc ghearr orthu.

II.  Ceanglais a bhaineann le bainisteoirí stáisiúin agus le bainisteoirí bonneagair

Beidh faisnéis faoin méid seo a leanas ar a laghad, sna tuarascálacha cáilíochta seirbhíse:

(1)  Faisnéis agus ticéid

(i)  nós imeachta chun déileáil le hiarrataí faisnéise ag an stáisiún;

(ii)  nós imeachta agus modh chun faisnéis a sholáthar maidir le sceidil, taraifí agus ardáin; cáilíocht na faisnéise sin;

(iii)  faisnéis a chur ar taispeáint maidir le cearta agus oibleagáidí faoin Rialachán agus maidir le sonraí teagmhála na gcomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe;

(iv)  saoráidí ceannaithe ticéad;

(v)  baill foirne a bheith ar fáil ag an stáisiún chun faisnéis a thabhairt agus ticéid a dhíol;

(vi)  soláthar faisnéise do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(2)  Prionsabail ghinearálta chun déileáil le briseadh seirbhíse

(i)  líon na bpaisinéirí ar tugadh cúram agus cúnamh dóibh;

(ii)  costas an chúraim agus an chúnaimh sin a tugadh;

(3)  Tuairisc ar na bearta atá i bhfeidhm chun glaineacht shaoráidí an stáisiúin a áirithiú (leithris, etc.)

(i)  tráthanna glantacháin;

(ii)  fáil ar na leithris;

(4)  Suirbhé ar shástacht na gcustaiméirí

An tacar íosta catagóirí nach mór a chuimsiú:

(i)  faisnéis do phaisinéirí i gcás moille;

(ii)  cruinneas, infhaighteacht agus inrochtaineacht na faisnéise maidir le hamanna/ardáin na dtraenacha;

(iii)  an leibhéal slándála sa stáisiún;

(iv)  an t‑am a thóg sé iarrataí faisnéise ag an stáisiún a fhreagairt;

(v)  leithris ar chaighdeán maith a bheith ar fáil sa stáisiún (lena n‑áirítear inrochtaineacht na leithreas);

(vi)  glaineacht agus cothabháil na stáisiún;

(vii)  inrochtaineacht an stáisiúin agus shaoráidí an stáisiúin, lena n-áirítear rochtain gan chéimeanna, staighrí beo, ardaitheoirí agus rampaí bagáiste; [Leasú 134]

(viii)  líon na n‑eachtraí agus cáilíocht an chúnaimh a tugadh ag an stáisiún do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

IARSCRÍBHINN IV

AN NÓS IMEACHTA LÁIMHSEÁLA GEARÁN DO CHOMHLACHTAÍ NÁISIÚNTA FORFHEIDHMITHE

I gcásanna casta amhail cásanna lena mbaineann éilimh iomadúla nó roinnt oibreoirí éagsúla, taisteal trasteorann nó tionóiscí ar chríoch Ballstáit nach é an Ballstát a dheonaigh ceadúnas an ghnóthais é, go háirithe i gcás nach léir cén comhlacht náisiúnta forfheidhmithe atá inniúil, nó i gcás ina n‑éascófaí nó ina luathófaí réiteach an ghearáin amhlaidh, comhoibreoidh comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe chun comhlacht 'ceannais' a shannadh, a bheidh ina phointe aonair teagmhála do na paisinéirí. Comhoibreoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe uile lena mbaineann chun réiteach an ghearáin a éascú (lena n‑áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt, trí chúnamh le haistriú doiciméad a thabhairt agus trí fhaisnéis faoi imthosca na n‑eachtraí a thabhairt). Cuirfear in iúl do na paisinéirí cén comhlacht atá ag feidhmiú mar chomhlacht 'ceannais'. Ina theannta sin, i ngach cás, áiritheoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe i gcás ar bith comhlíonadh Rialachán (AE) 2017/2394. [Leasú 135]

IARSCRÍBHINN V

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1(a)

Airteagal 1(a)

Airteagal 1(b)

Airteagal 1(b)

----

Airteagal 1(c)

Airteagal 1(c)

Airteagal 1(d)

----

Airteagal 1(e)

Airteagal 1(d)

Airteagal 1(f)

Airteagal 1(e)

Airteagal 1(g)

----

Airteagal 1(h)

Airteagal 1(f)

Airteagal 1(i)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 2 (1)

Airteagal 2 (1)

Airteagal 2 (2)

----

Airteagal 2 (3)

----

Airteagal 2 (4)

----

Airteagal 2 (5)

----

Airteagal 2 (6)

----

Airteagal 2 (7)

----

----

Airteagal 2 (2)

----

Airteagal 2 (3)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 3 (1)

Airteagal 3 (1)

Airteagal 3 (2), (3)

----

Airteagal 3 (4)

Airteagal 3 (2)

Airteagal 3 (5)

Airteagal 3 (3)

Airteagal 3 (6)

Airteagal 3 (4)

Airteagal 3 (7)

Airteagal 3 (5)

Airteagal 3 (8)

Airteagal 3 (6)

Airteagal 3 (9)

Airteagal 3 (7)

Airteagal 3 (10)

Airteagal 3 (8)

----

Airteagal 3 (9)

----

Airteagal 3 (10)

Airteagal 3 (11)

Airteagal 3 (11)

----

Airteagal 3 (12)

Airteagal 3 (12)

Airteagal 3 (13)

Airteagal 3 (13)

Airteagal 3 (14)

Airteagal 3 (14)

----

Airteagal 3 (15)

Airteagal 3 (16)

Airteagal 3 (16)

Airteagal 3 (17)

Airteagal 3 (17)

Airteagal 3 (18)

----

Airteagal 3 (19)

Airteagal 4

Airteagal 4

----

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

----

Airteagal 9 (4)

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 9 (3)

----

----

Airteagal 10 (5), (6)

Airteagal 10

----

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 12 (2)

----

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 16

----

Airteagal 16 (2), (3)

Airteagal 17

Airteagal 17

----

Airteagal 17 (8)

Airteagal 18

Airteagal 18

----

Airteagal 18 (6)

----

Airteagal 19

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 21 (1)

----

Airteagal 21 (2)

Airteagal 22 (2) agus Airteagal 23 (2)

Airteagal 22

Airteagal 22

Airteagal 22 (2)

----

----

Airteagal 22 (4)

Airteagal 23

Airteagal 23

----

Airteagal 23 (4)

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 25 (1), (2), (3)

----

Airteagal 26

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 27

Airteagal 28

----

Airteagal 28 (3)

Airteagal 27 (3)

Airteagal 28 (4)

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 30

Airteagal 31

----

Airteagal 32, 33

Airteagal 31

Airteagal 34

----

Airteagal 34 (1), (3)

Airteagal 32

Airteagal 35

Airteagal 33

----

Airteagal 34

Airteagal 36

Airteagal 35

----

----

Airteagal 37

Airteagal 36

Airteagal 38

----

Airteagal 39

Airteagal 37

Airteagal 40

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

----

Iarscríbhinní IV go V

(1) IO C 197, 8.6.2018, lch. 66.
(2) IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.
(3)IO C 197, 8.6.2018, lch. 66.
(4)Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).
(5)Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2011 maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras 'feidhmchláir teileamaitice i gcomhair seirbhísí paisinéirí' den chóras tras-Eorpach iompair (IO L 123, 12.5.2011, lch.11).
(6)Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (IO L 356, 12.12.2014, lch. 110).
(7)Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(8)Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.06.2013, lch. 63).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóide ar líne do dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).
(10)Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).
(11)Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(12)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(13)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(14)Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).
(15)Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).
(16)Treoir XXX maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (An Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht) (IO L X, X.X.XXXX, lch. X).
(17) Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).
(18)Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 an 31 Bealtaine 2017 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise taistil ilmhódacha ar fud an AE (IO L 272, 21.10.2017, lch.1).


Truailleáin orgánacha mharthanacha ***I
PDF 189kWORD 71k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 15 Samhain 2018 maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (athmhúnlú) (COM(2018)0144 - C8-0124/2018 – 2018/0070(COD))(1)
P8_TA(2018)0463A8-0336/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach - athmhúnlú)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Agus cur chun feidhme á dhéanamh ar fhorálacha an Choinbhinsiúin ar leibhéal an Aontais, is gá comhordú agus comhleanúnachas a áirithiú maidir le forálacha Choinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl Roimh Ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta, a d'fhaomh an tAontas an 19 Nollaig 200217, agus maidir le forálacha Choinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt, a d'fhaomh an tAontas an 1 Feabhra 199318. Ba cheart leanúint den chomhordú agus den chomhleanúnachas sin freisin agus páirt á glacadh i gcur chun feidhme agus i bhforbairt bhreise an Chur Chuige Straitéisigh maidir le Bainistiú Idirnáisiúnta Ceimiceán, a glacadh ag an gCéad Chomhdháil Idirnáisiúnta maidir le Bainistiú Ceimiceán in Dubai an 6 Feabhra 2006 faoi chuimsiú chreat na Náisiún Aontaithe.
(5)  Agus cur chun feidhme á dhéanamh ar fhorálacha an Choinbhinsiúin ar leibhéal an Aontais, is gá comhordú agus comhleanúnachas a áirithiú maidir le forálacha Choinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl Roimh Ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta, a d’fhaomh an tAontas an 19 Nollaig 200217; forálacha Choinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt, a d’fhaomh an tAontas an 1 Feabhra 199318; forálacha Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a d’fhaomh an tAontas an 11 Bealtaine 201718a. Ba cheart leanúint den chomhordú agus den chomhleanúnachas sin freisin agus páirt á glacadh i gcur chun feidhme agus i bhforbairt bhreise an Chur Chuige Straitéisigh maidir le Bainistiú Idirnáisiúnta Ceimiceán, a glacadh ag an gCéad Chomhdháil Idirnáisiúnta maidir le Bainistiú Ceimiceán in Dubai an 6 Feabhra 2006 faoi chuimsiú chreat na Náisiún Aontaithe.
_________________
_________________
17 IO L 63, 6.3.2003, lch. 29.
17 IO L 63, 6.3.2003, lch. 29.
18 IO L 39, 16.2.1993, lch. 3.
18 IO L 39, 16.2.1993, lch. 3.
18a IO L 142, 2.6.2017, lch. 4.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Is féidir le stoc-chairn POPanna atá imithe i léig nó atá á mbainistiú go míchúramach an comhshaol agus sláinte an duine a chur i mbaol mór de dheasca éilliú na hithreach agus an screamhuisce mar shampla. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos maidir le bainistiú stoc-carn den sórt sin atá níos doichte ná na rialacha a leagtar síos sa Choinbhinsiún. Ba cheart caitheamh le stoc-chairn substaintí toirmiscthe amhail is gur dramhaíl iad, agus ba cheart fógra a thabhairt do na húdaráis faoi stoc-chairn substaintí ar ceadmhach go fóill iad a mhonarú nó a úsáid, agus maoirseacht chuí a dhéanamh orthu. Go háirithe, ba cheart stoc-chairn atá ann cheana arb éard atá iontu nó ina bhfuil POPanna atá toirmiscthe a bhainistiú amhail is gur dramhaíl iad a luaithe is féidir.
(10)  Is féidir le stoc-chairn POPanna atá imithe i léig nó atá á mbainistiú go míchúramach an comhshaol agus sláinte an duine a chur i mbaol mór de dheasca éilliú na hithreach agus an screamhuisce mar shampla. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos maidir le bainistiú stoc-carn den sórt sin atá níos doichte ná na rialacha a leagtar síos sa Choinbhinsiún. Ba cheart caitheamh le stoc-chairn substaintí toirmiscthe amhail is gur dramhaíl iad, agus ba cheart fógra a thabhairt do na húdaráis faoi stoc-chairn substaintí ar ceadmhach go fóill iad a mhonarú nó a úsáid, agus maoirseacht chuí a dhéanamh orthu. Go háirithe, ba cheart stoc-chairn atá ann cheana arb éard atá iontu nó ina bhfuil POPanna atá toirmiscthe a bhainistiú amhail is gur dramhaíl iad a luaithe is féidir. Má chuirtear toirmeasc ar shubstaintí eile amach anseo, ba cheart a stoic a scriosadh freisin gan mhoill agus níor cheart stoc-chairn nua a thógáil. I bhfianaise fadhbanna áirithe ag Ballstáit áirithe, ba cheart cúnamh airgeadais agus teicniúil leormhaith a sholáthar trí ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais atá ann cheana.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  I gcomhréir leis an bPrótacal agus leis an gCoinbhinsiún, ba cheart cásanna scaoilte POPanna ar fotháirgí neamhbheartaithe de phróisis thionsclaíocha iad a shainaithint agus a laghdú a luaithe is féidir agus é ina aidhm dheiridh iad a dhíothú, nuair is féidir. Ba cheart pleananna gníomhaíochta náisiúnta iomchuí, lena gcumhdófar gach foinse agus gach beart, lena n-áirítear iad siúd dá bhforáiltear faoin reachtaíocht atá ag an Aontas cheana, a chur chun feidhme agus a fhorbairt chun cásanna scaoilte den sórt sin a laghdú go leanúnach agus go costéifeachtach. Chun na críche sin, ba cheart uirlisí iomchuí a fhorbairt faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin.
(11)  I gcomhréir leis an bPrótacal agus leis an gCoinbhinsiún, ba cheart cásanna scaoilte POPanna ar fotháirgí neamhbheartaithe de phróisis thionsclaíocha iad a shainaithint agus a laghdú a luaithe is féidir agus é ina aidhm dheiridh iad a dhíothú, nuair is féidir. Ba cheart pleananna gníomhaíochta náisiúnta iomchuí, lena gcumhdófar gach foinse agus gach beart, lena n-áirítear iad siúd dá bhforáiltear faoin reachtaíocht atá ag an Aontas cheana, a chur chun feidhme agus a fhorbairt chun cásanna scaoilte den sórt sin a laghdú go leanúnach agus go costéifeachtach a luaithe agus is féidir. Chun na críche sin, ba cheart uirlisí iomchuí a fhorbairt faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)  Is gá a áirithiú go gcomhordófar agus go mbainisteofar go héifeachtúil gnéithe teicniúla agus riaracháin an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais. Is ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ("an Ghníomhaireacht"), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, atá an inniúlacht agus an taithí reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin agus comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le ceimiceáin a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht cúraimí a dhéanamh i dtaca leis na gnéithe riaracháin, teicniúla agus eolaíocha de chur chun feidhme an Rialacháin seo agus i dtaca le malartú faisnéise. Ba cheart é a bheith mar chuid de ról na Gníomhaireachta sainchomhaid theicniúla a ullmhú agus a scrúdú, lena n-áirítear comhairliúcháin le geallsealbhóirí, agus tuairimí a tharraingt suas a bhféadfadh an Coimisiún a úsáid agus cinneadh á dhéanamh aige an gcuirfidh sé moladh chun cinn substaint áirithe a liostú mar POP de réir an Choinbhinsiúin nó an Phrótacail. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht comhoibriú chun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoin gCoinbhinsiún a chur chun feidhme go héifeachtach.
(15)  Is gá a áirithiú go gcomhordófar agus go mbainisteofar go héifeachtúil gnéithe teicniúla agus riaracháin an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais. Is ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ("an Ghníomhaireacht"), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, atá an inniúlacht agus an taithí reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin agus comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le ceimiceáin a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht cúraimí a dhéanamh i dtaca leis na gnéithe riaracháin, teicniúla agus eolaíocha de chur chun feidhme an Rialacháin seo agus i dtaca le malartú faisnéise. Is gá go gcumhdófar i ról na Gníomhaireachta sainchomhaid theicniúla a ullmhú agus a scrúdú, lena n-áirítear comhairliúcháin le geallsealbhóirí, agus tuairimí a tharraingt suas a úsáidfidh an Coimisiún agus cinneadh á dhéanamh aige an gcuirfidh sé moladh chun cinn substaint áirithe a liostú mar POP de réir an Choinbhinsiúin nó an Phrótacail. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht comhoibriú chun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoin gCoinbhinsiún a chur chun feidhme go héifeachtach.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
(16)  Foráiltear sa Choinbhinsiún go dtarraingeoidh gach Páirtí suas plean maidir le cur chun feidhme a chuid oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún agus go bhféachfaidh sé leis an bplean sin a chur chun feidhme, de réir mar is iomchuí. Ba cheart do na Ballstáit deiseanna rannpháirtíochta a chur ar fáil don phobal agus a bpleananna cur chun feidhme á dtarraingt suas, á gcur chun feidhme agus á dtabhairt cothrom le dáta acu. Ós rud é go bhfuil inniúlacht chomhroinnte ag an Aontas agus na Ballstáit maidir leis sin, ba cheart pleananna cur chun feidhme a tharraingt suas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Ba cheart comhoibriú agus malartú faisnéise idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis na mBallstát a chur chun cinn.
(16)  Foráiltear sa Choinbhinsiún go dtarraingeoidh gach Páirtí suas plean maidir le cur chun feidhme a chuid oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún agus go bhféachfaidh sé leis an bplean sin a chur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, agus é a tharchur chuig Comhdháil na bPáirtithe a luaithe agus is féidir, ar a dhéanaí, faoin ... [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Ba cheart do na Ballstáit deiseanna rannpháirtíochta a chur ar fáil don phobal agus a bpleananna cur chun feidhme á dtarraingt suas, á gcur chun feidhme agus á dtabhairt cothrom le dáta acu. Ós rud é go bhfuil inniúlacht chomhroinnte ag an Aontas agus na Ballstáit maidir leis sin, ba cheart pleananna cur chun feidhme a tharraingt suas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Ba cheart comhoibriú agus malartú faisnéise idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis na mBallstát a chur chun cinn.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)  Na substaintí a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I nó i gCuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, níor cheart monarú ná úsáid na substaintí sin mar shubstaintí idirmheánacha córais iata atá teoranta de réir suímh a cheadú, ach amháin má tá nóta mínithe maidir leis sin curtha isteach go sainráite san Iarscríbhinn agus má dheimhníonn an monaróir don Bhallstát lena mbaineann go ndéantar an tsubstaint a mhonarú agus a úsáid i ndálaí atá rialaithe go dian, agus sna dálaí sin amháin.
(17)  Na substaintí a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I nó i gCuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, níor cheart monarú ná úsáid na substaintí sin mar shubstaintí idirmheánacha córais iata atá teoranta de réir suímh a cheadú, ach amháin má tá nóta mínithe maidir leis sin curtha isteach go sainráite san Iarscríbhinn agus má dheimhníonn an monaróir don Bhallstát lena mbaineann go ndéantar an tsubstaint a mhonarú agus a úsáid i ndálaí atá rialaithe go dian, agus sna dálaí sin amháin, eadhon gan rioscaí suntasacha a chruthú don chomhshaol nó do shláinte an duine agus in éagmais aon roghanna malartacha atá indéanta ar bhonn teicniúil.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
(18)  I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus leis an bPrótacal, ba cheart faisnéis maidir le POPanna a sholáthar do Pháirtithe eile sna Comhaontuithe sin. Ba cheart malartú faisnéise le tríú tíortha nach bhfuil ina bpáirtithe sna Comhaontuithe sin a chur chun cinn chomh maith.
(18)  I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus leis an bPrótacal, ba cheart faisnéis maidir le POPanna a sholáthar do Pháirtithe eile sna Comhaontuithe sin. Ba cheart malartú faisnéise le tríú tíortha nach bhfuil ina bpáirtithe sna Comhaontuithe sin a chur chun cinn chomh maith. Ar an gcaoi chéanna, leis an gCoinbhinsiún éilítear ar gach Páirtí féachaint le straitéisí iomchuí a fhorbairt chun suíomhanna atá éillithe ag POPanna a sainaithint, agus leis an Seachtú Clár AE um Ghníomhaíochta don Chomhshaol, go dtí 2020, cuirtear de cheangal ar an Aontas agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí réiteach a fháil maidir le suíomhanna fabhtaithe.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19
(19)  Ós rud é gur minic nach mbíonn an pobal feasach ar na guaiseacha a bhaineann le POPanna do shláinte na nglún atá suas anois agus na nglún atá le teacht, agus don chomhshaol, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, tá gá le faisnéis fhorleathan chun cur leis an leibhéal cúraim agus le tuiscint an phobail ar an réasúnaíocht taobh thiar de shrianta agus de thoirmisc. I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún, ba cheart feachtais múscailte feasachta i dtaobh na substaintí sin, go háirithe do na grúpaí is leochailí, chomh maith le hoiliúint oibrithe, eolaithe, oideachasóirí, oibrithe teicniúla agus lucht bainistíochta a chur chun cinn agus a éascú, de réir mar is iomchuí.
(19)  Ós rud é gur minic nach mbíonn an pobal feasach ar na guaiseacha a bhaineann le POPanna do shláinte na nglún atá suas anois agus na nglún atá le teacht, agus don chomhshaol, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, tá gá le faisnéis fhorleathan chun cur leis an leibhéal cúraim agus le tuiscint an phobail ar an réasúnaíocht taobh thiar de shrianta agus de thoirmisc. I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún, ba cheart feachtais múscailte feasachta i dtaobh na substaintí sin lena n-éifeachtaí sláinte agus comhshaoil, go háirithe do na grúpaí is leochailí, chomh maith le hoiliúint oibrithe, eolaithe, oideachasóirí, oibrithe teicniúla agus lucht bainistíochta a chur chun cinn agus a éascú, de réir mar is iomchuí. Ba cheart don Aontas rochtain ar fhaisnéis agus ar rannpháirtíocht phoiblí a áirithiú, lena gcuirtear chun feidhme Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus), a d’fhormheas an tAontas an 17 Feabhra 20051a
_________________
1a IO L 124, 17.5.2005, lch. 1.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe j
(j)  ciallaíonn 'substaint idirmheánach córais iata atá teoranta de réir suímh' substaint a mhonaraítear le haghaidh próiseáil cheimiceach agus a ídítear nó a úsáidtear le linn na próiseála sin chun go ndéanfar í a chlaochlú i substaint eile amháin nó níos mó agus i gcás ina ndéantar monarú na substainte idirmheánaí agus claochlú na substainte sin i substaint amháin eile nó níos mó ar aon suíomh amháin i ndálaí atá rialaithe go dian sa dóigh go gcoinnítear go docht faoi iamh í ar mhodhanna teicniúla feadh a saolré ina iomláine.
(j)  ciallaíonn ‘substaint idirmheánach córais iata atá teoranta de réir suímh’ substaint a mhonaraítear le haghaidh próiseáil cheimiceach agus a ídítear nó a úsáidtear le linn na próiseála sin chun go ndéanfar í a chlaochlú i substaint eile, dá ngairtear ‘sintéis’ anseo feasta, agus i gcás ina ndéantar monarú na substainte idirmheánaí agus claochlú na substainte sin i substaint amháin eile nó níos mó trí shintéis ar an suíomh céanna, lena n-áirítear suíomh a oibríonn eintiteas dlíthiúil amháin nó níos mó, faoi dhálaí atá rialaithe go dian sa dóigh go gcoinnítear go docht faoi iamh í ar mhodhanna teicniúla feadh a saolré ina iomláine.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – fomhír 2 – pointe b
(b)  go léireoidh an monaróir go gclaochlóidh an próiseas monaraíochta an tsubstaint i substaint amháin eile nó níos mó nach léir saintréithe POP uirthi;
(b)  go léireoidh an monaróir go gclaochlófar tríd an bpróiseas monaraíochta an tsubstaint i substaint amháin eile nó níos mó nach léir saintréithe POP uirthi, nach bhfuiltear ag súil leis go mbeidh daoine nó an comhshaol neamhchosanta ar aon chainníocht shuntasach den tsubstaint le linn a táirgthe agus a húsáide, mar a léirítear trí mheasúnú ar an gcóras iata i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/20081a ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus nach bhfuil aon roghanna malartacha ar úsáid substainte a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I nó i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;
_________________
1a Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2
Bainisteoidh an sealbhóir an stoc-charn ar shlí atá sábháilte, éifeachtúil agus fónta ó thaobh an chomhshaoil.
Bainisteoidh an sealbhóir an stoc-charn ar shlí atá sábháilte, éifeachtúil agus fónta ó thaobh an chomhshaoil, i gcomhréir leis na tairseacha agus na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a agus i dTreoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b, i gcás inarb infheidhme.
_________________
1a Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).
1b Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 a (nua)
3a.   Sloinnfear an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo agus úsáid á baint as na cóid atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.
_________________
1a Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2002 maidir le staidreamh dramhaíola (IO L 332, 9.12.2002, lch.1).
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3
3.  Agus na Ballstáit ag breithniú tograí chun saoráidí nua a thógáil nó chun modhnú nach beag a dhéanamh ar shaoráidí atá ann cheana ina mbaintear úsáid as próisis ina scaoiltear ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn III, tabharfaidh siad tús áite ina mbreithniú do phróisis, teicnící nó cleachtais mhalartacha atá inchurtha ó thaobh fóinte de ach a sheachnaíonn foirmiú agus scaoileadh substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III , gan dochar do Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30.
3.  Agus na Ballstáit ag breithniú tograí chun saoráidí nua a thógáil nó chun modhnú nach beag a dhéanamh ar shaoráidí atá ann cheana ina mbaintear úsáid as próisis ina scaoiltear ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn III, tabharfaidh siad tús áite ina mbreithniú do phróisis, teicnící nó cleachtais mhalartacha29a atá inchurtha ó thaobh fóinte de ach a sheachnaíonn foirmiú agus scaoileadh substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III , gan dochar do Threoir 2010/75/AE30 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
_________________
_________________
29a Coinbhinsiún Stócólm maidir le POPanna (2008). Treoirlínte maidir leis na Teicnící is Fearr atá ar Fáil agus Treoir shealadach maidir le Cleachtais is Fearr Comhshaoil a bhaineann le hAirteagal 5 agus le hIarscríbhinn C de Choinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Bhuanmharthanacha. An Ghinéiv, Rúnaíocht Choinbhinsiún Stócólm maidir le POPanna. http://www.pops.int/Implementation/BATandBEP/BATBEPGuidelinesArticle5/tabid/187/Default.aspx
30 Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
30 Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 6
6.  Féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, agus ag cur san áireamh dó forbairtí teicniúla agus treoirlínte agus cinntí idirnáisiúnta ábhartha agus aon údaruithe arna ndeonú ag Ballstát, nó ag an údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát sin i gcomhréir le mír 4 agus le hIarscríbhinn V, bearta breise a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta a bhaineann le cur chun feidhme an Airteagail seo. Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis atá le cur isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 4(b)(iii) a shonrú. Déanfar na bearta sin a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach a leagtar síos in Airteagal 20(2).
6.  Féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, agus ag cur san áireamh dó forbairtí teicniúla agus treoirlínte agus cinntí idirnáisiúnta ábhartha agus aon údaruithe arna ndeonú ag Ballstát, nó ag an údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát sin i gcomhréir le mír 4 agus le hIarscríbhinn V, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leagfar amach formáid na faisnéise atá le cur isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le pointe (b)(iii) de mhír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 20(2).
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 – pointe c
(c)  ar iarratas, tacaíocht theicniúil agus eolaíoch agus ionchur teicniúil agus eolaíoch a thabhairt don Choimisiún maidir le substaintí a bhféadfadh sé go gcomhlíonann siad na critéir le haghaidh a liostaithe sa Choinbhinsiún nó sa Phrótacal.
(c)  ar iarratas, tacaíocht láidir theicniúil agus eolaíoch agus ionchur láidir teicniúil agus eolaíoch a thabhairt don Choimisiún maidir le substaintí a bhféadfadh sé go gcomhlíonann siad na critéir le haghaidh a liostaithe sa Choinbhinsiún nó sa Phrótacal, lena n-áirítear maidir le táirgeadh agus úsáid POPanna nua a chosc, agus maidir le measúnú a dhéanamh ar lotnaidicídí nó ceimiceáin thionsclaíocha atá in úsáid faoi láthair;
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 – pointe f
(f)  an fhaisnéis uile arna fáil nó atá ar fáil de bhun Airteagal 4(2) agus (3), Airteagal 7(4)(b)(iii), Airteagal 9(2) agus Airteagal 13(1) a thiomsú, a chlárú agus a phróiseáil agus a chur ar fáil don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis nach bhfuil rúnda ar fáil don phobal ar a suíomh gréasáin agus éascóidh sí malartú na faisnéise sin le hardáin faisnéise ábhartha amhail na hardáin sin dá dtagraítear in Airteagal 13(2);
(f)  an fhaisnéis uile arna fáil nó atá ar fáil de bhun Airteagal 4(2) agus (3), Airteagal 5, Airteagal 7(4)(b)(iii), Airteagal 9(2) agus Airteagal 13(1) a thiomsú, a chlárú agus a phróiseáil agus a chur ar fáil don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis nach bhfuil rúnda ar fáil don phobal ar a suíomh gréasáin agus éascóidh sí malartú na faisnéise sin le hardáin faisnéise ábhartha amhail na hardáin sin dá dtagraítear in Airteagal 13(2);
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 a (nua)
1a.  Cuirfidh an Ghníomhaireacht tús leis an gcúnamh agus leis an treoir theicniúil agus eolaíoch a sholáthar dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 8(1) faoin ... [bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 2 a (nua)
2a.   Eagróidh an Coimisiún malartú faisnéise leis na Ballstáit maidir leis na bearta arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun láithreáin atá éillithe ag POPanna a shainaithint agus a mheas agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí móra a d'fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an éilliú sin do shláinte an duine agus don chomhshaol.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3
3.  Gan dochar do Threoir 2003/4/CE32 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, measfar nach faisnéis faoi rún í faisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit a mhalartóidh faisnéis le tríú tír, aon fhaisnéis atá faoi rún a chosaint de réir dhlí an Aontais.
3.  Gan dochar do Threoir 2003/4/CE32 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, measfar nach faisnéis faoi rún í faisnéis maidir le sláinte agus sábháilteacht daoine agus leis an gcomhshaol. Déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit a mhalartóidh faisnéis eile le tríú tír, aon fhaisnéis atá faoi rún a chosaint de réir dhlí an Aontais.
_________________
_________________
32 Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain an phobail ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
32 Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain an phobail ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
Áiritheoidh an tAontas rochtain ar fhaisnéis agus ar rannpháirtíocht phoiblí feadh an fhaireacháin ar chur chun feidhme.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 5
5.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sonrófar a thuilleadh an fhaisnéis íosta nach mór a sholáthar i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear sainiú táscairí, léarscáileanna agus forléargais na mBallstát dá dtagraítear i mír 1(f). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 20(2).
5.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leagfar amach formáid na faisnéise nach mór a sholáthar i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear sainiú táscairí, léarscáileanna agus forléargais na mBallstát dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 20(2).
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3), in Airteagal 7(5) agus in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón […].
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3), in Airteagal 7(5) agus in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1
1.  Déanfaidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le gach ábhar faoin Rialachán seo.
1.   Tabharfaidh na coistí seo a leanas cúnamh don Choimisiún:
(a)  an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le cur chun feidhme na saincheisteanna dá dtagraítear in Airteagal 13(5), ach amháin i gcás ina dtagraíonn sé do ghníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach formáid na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 13(1) maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 7, agus i bpointe (b) d’Airteagal 13(1) i gcás ina dtagraíonn sé d’fhaisnéis a fuarthas de bhun Airteagal 5(2) agus phointe (b)(iii) d’Airteagal 7(4); agus
(b)  an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/EC1a ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme na saincheisteanna dá dtagraítear in Airteagal 7(6) agus in Airteagal 13(5) i gcás ina dtagraíonn sé do ghníomhartha cur chun feidhme ina leagtar amach formáid na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 13(1) maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 7, agus i bpointe (b) d’Airteagal 13(1) i gcás ina dtagraíonn sé d’fhaisnéis a fuarthas de bhun Airteagal 5(2) agus phointe (b)(iii) d’Airteagal 7(4).
_________________
1a Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – cuid A – tábla – sraith 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Défheinilí polaclóirínithe (PCB)

1336-36-3 agus cinn eile

215-648-1 agus cinn eile

Gan dochar do Threoir 96/59/CE, is ceadmhach úsáid a bhaint as earraí atá in úsáid cheana tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

 

 

 

Trealamh (e.g. claochladáin, toilleoirí nó gabhdáin eile ina bhfuil stoic leachta) a bhfuil PCBanna ann de thiúchan is mó ná 0.005 % agus de thoirt os cionn 0.05 dm3, déanfaidh na Ballstáit é a shainaithint agus a chur as úsáid a luaithe is féidir ach an 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí.

Leasú

Défheinilí polaclóirínithe (PCB)

1336-36-3 agus cinn eile

215-648-1 agus cinn eile

Gan dochar do Threoir 96/59/CE, is ceadmhach úsáid a bhaint as earraí atá in úsáid cheana tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

 

 

 

Trealamh (e.g. claochladáin, toilleoirí nó gabhdáin eile ina bhfuil stoic leachta) a bhfuil PCBanna ann de thiúchan is mó ná 0.005 % agus de thoirt os cionn 0.05 dm3, déanfaidh na Ballstáit iarracht é a shainaithint agus a chur as úsáid a luaithe is féidir agus an 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí.

Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – cuid A – sraith 24 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Substaint

Uimh. CAS

Uimh. CE

Díolúine shonrach maidir le húsáid idirmheánach nó sonraíocht eile

Bis(peinteabrómaidhéfheinile)éitear (éitear deacabrómaidhéfheinile; deacaBDE)

1163-19-5

214-604-9

1.  Chun críocha na hiontrála seo, beidh feidhm ag pointe (b) d’Airteagal 4(1) maidir le tiúchain de dheacaBDE atá cothrom le 10 mg/kg (0,001 % de réir meáchain) nó faoina bhun nuair atá sé i substaintí, meascáin, earraí nó ina chomhábhar de chodanna lasairmhoillitheacha d’earraí.

 

 

 

2.  De mhaolú air sin, ceadófar deacaBDE a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid:

 

 

 

(a)  i dtáirgeadh aerárthaí, a ndearnadh iarratas ar chineálcheadú ina leith roimh dháta teacht i bhfeidhm agus a bhfuarthas roimh Nollaig 2022, roimh an 2 Márta 2027;

 

 

 

(b)  i dtáirgeadh páirteanna spártha le haghaidh ceachtar acu seo a leanas:

 

 

 

(i)  aerárthach, a ndearnadh iarratas ar chineálcheadú ina leith roimh dháta teacht i bhfeidhm agus a bhfuarthas roimh Nollaig 2022, ar táirgeadh é roimh an 2 Márta 2027 go dtí deireadh ré feidhme na n-aerárthach sin.

 

 

 

(ii)  mótarfheithiclí laistigh de raon feidhme Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar táirgeadh iad roimh an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], go dtí 2036 nó go dtí deireadh ré feidhme na mótarfheithiclí sin, cibé acu is luaithe.

 

 

 

3.  Beidh feidhm ag na díolúintí sonracha do pháirteanna spártha arna n-úsáid i mótarfheithiclí dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) de mhír 2 maidir le táirgeadh agus úsáid deacaBDE thráchtálaigh a thagann faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

 

 

 

(i)  feidhmeanna gléasraí cumhachta agus faoin mboinéad amhail ollsreanga ceallra, sreanga idirnaisc ceallra, píobáin aerchóiriúcháin shoghluaiste (MAC), gléasraí cumhachta, boscóidí ilphíobáin sceite, insliú faoin mboinéad, sreangú agus úim faoin mboinéad (sreangú innill, etc.), braiteoirí luais, osáin, modúil fean agus braiteoirí cnagacha;

 

 

 

(ii)  feidhmeanna córais breosla amhail osáin bhreosla, umair bhreosla agus umair bhreosla fo-chabhlach;

 

 

 

(iii)  gléasraí piortheicniúla agus feidhmeanna a ndéanann gléasraí piortheicniúla difear dóibh amhail cáblaí adhainte mála aeir, clúdaigh/fabraic shuíocháin (sa chás amháin go mbaineann mála aeir leo) agus málaí aeir (tosaigh agus taobhach);

 

 

 

(iv)  feidhmeanna crochta agus inmheánacha amhail comhpháirteanna cóirithe, ábhar fuaimiúil agus criosanna sábhála.

 

 

 

(v)  plaistic threisithe (painéil ionstraimí agus cóiriú inmheánach);

 

 

 

(vi)  faoin mboinéad nó faoin deais (bloic los/fiúsanna, sreanga aimpéarais níos airde agus cásáil cáblaí (sreanga spréachphlocóide));

 

 

 

(vii)  trealamh leictreach agus leictreonach (cásanna ceallra agus trádairí ceallra, nascóirí leictreacha rialúcháin innill, comhpháirteanna de dhioscaí raidió, córais loingseoireacht satailíte, córais suite domhanda agus córais ríomhaireachta);

 

 

 

(viii)  fabraic amhail urláir chúil, cumhdach, ceannlíneálacha, suíocháin chairr, ceannbhaic, scáthláin ghréine, painéil chóirithe, cairpéid.

 

 

 

3.  Ceadófar deacaBDE a mhonarú agus a úsáid i dtáirge agus i gcur ar an margadh na n-earraí seo a leanas:

 

 

 

(a)  earraí a chuirfear ar an margadh roimh ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

 

 

 

(b)  aerárthach arna tháirgeadh i gcomhréir le fomhír 2(a);

 

 

 

(c)  páirteanna spártha aerárthaigh arna dtáirgeadh i gcomhréir le mír 2(b);

 

 

 

(d)  trealamh piriteicniúil a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

 

 

 

4.  Chun críche na hiontrála seo, ciallaíonn ‘aerárthach’ aon cheann díobh seo a leanas:

 

 

 

(a)  aerárthach sibhialta arna tháirgeadh i gcomhréir le deimhniú cineáil arna éisiúint faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/11391c ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó le formheas deartha arna éisiúint faoi na rialacháin náisiúnta Stáit chonarthaigh de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), nó a bhfuil deimhniú aeracmhainneachta ina leith eisithe ag Stát conarthach de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta faoi Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta;

 

 

 

(b)  aerárthach míleata.

 

 

 

___________

 

 

 

1a Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

 

 

 

1b Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).

 

 

 

1c Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – cuid A – sraith 24 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Substaint

Uimh. CAS

Uimh. CE

Díolúine shonrach maidir le húsáid idirmheánach nó sonraíocht eile

Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhra) (SCCPanna)

85535-84-8

287-476-5

1.  Mar mhaolú, substaintí agus ullmhúcháin ina bhfuil SCCPanna de thiúchan faoi bhun 1 % de réir meáchain nó earraí ina bhfuil SCCPanna de thiúchan faoi bhun 0,15 % de réir meáchain, ceadófar iad a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid.

 

 

 

2.  Ceadófar a n-úsáid ina leith seo a leanas:

 

 

 

(a)  criosanna iompair sa tionscal mianadóireachta agus séaltáin damba ina bhfuil SCCPanna a bhí in úsáid cheana roimh an 4 Nollaig 2015 nó ar an dáta sin; agus

 

 

 

(b)  earraí ina bhfuil SCCPanna seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) a bhí in úsáid cheana féin roimh an 10 Iúil 2012 nó ar an dáta sin.

 

 

 

3.  Beidh feidhm ag an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 4(2) i ndáil leis na hearraí dá dtagraítear i mír 2.

Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – cuid B

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Substaint

Uimh. CAS

Uimh. CE

Díolúine shonrach maidir le húsáid idirmheánach nó sonraíocht eile

4

4

4

4

4

 

 

4

5 Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhra) (SCCPanna)

5 85535-84-8

5 287-476-5

5 1.  Mar mhaolú, substaintí agus meascáin ina bhfuil SCCPanna de thiúchan faoi bhun 1 % de réir meáchain nó earraí ina bhfuil SCCPanna de thiúchan faoi bhun 0,15 % de réir meáchain, ceadófar iad a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid.

 

 

 

2.  Ceadófar a n-úsáid ina leith seo a leanas:

 

 

 

(a)  criosanna iompair sa tionscal mianadóireachta agus séaltáin damba ina bhfuil SCCPanna a bhí in úsáid cheana roimh an 4 Nollaig 2015 nó ar an dáta sin; agus

 

 

 

(b)  earraí ina bhfuil SCCPanna seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) a bhí in úsáid cheana féin roimh an 10 Iúil 2012 nó ar an dáta sin.

 

 

 

3.  Beidh feidhm ag an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 4(2) i ndáil leis na hearraí dá dtagraítear i mír 2.

Leasú

scriosta

Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn III
LIOSTA DE NA SUBSTAINTÍ ATÁ FAOI RÉIR FORÁLACHA UM SCAOILEADH A LAGHDÚ
LIOSTA DE NA SUBSTAINTÍ ATÁ FAOI RÉIR FORÁLACHA UM SCAOILEADH A LAGHDÚ
SUBSTAINT (UIMH. CAS)
SUBSTAINT (UIMH. CAS)
Débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin (PCDD/PCDF)
Débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin (PCDD/PCDF)
Heicseaclóraibeinséin (HCB) (Uimh. CAS) 118-74-1)
Heicseaclóraibeinséin (HCB) (Uimh. CAS) 118-74-1)
Défheinilí polaclóirínithe (PCB)
Défheinilí polaclóirínithe (PCB)
Hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAHanna)37
Hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAHanna)37
37.  Chun críche fardail astaíochtaí, úsáidfear na ceithre tháscaire comhdhúile seo a leanas: beinsea(b)fluaraintéin, beinsea(k)fluaraintéin, beinsi(ghi)peiriléin, agus indéini(1, 2, 3-cd)piréin.
37.  Chun críche fardail astaíochtaí, úsáidfear na ceithre tháscaire comhdhúile seo a leanas: beinsea(b)fluaraintéin, beinsea(k)fluaraintéin, beinsi(ghi)peiriléin, agus indéini(1, 2, 3-cd)piréin.
Peinteaclóraibeinséin (Uimh. CAS 608-93-5)
Peinteaclóraibeinséin (Uimh. CAS 608-93-5)
Naftailéiní polaclóirinithe37a
37a   Ciallaíonn ‘naftailéiní polaclóirinithe’ comhdhúile ceimiceacha atá bunaithe ar chóras fáinne naftailéine, ina bhfuil adaimh clóirín curtha in ionad ceann amháin nó níos mó d’adaimh hidrigine.
Heicseaclórabútaidéin (Uimh. CAS 87-68-3)
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn IV – rónna 5 – 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Substaint

Uimh. CAS

Uimh. CE

Teorainn tiúchana dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(a):

Éitear teitretabrómaidhéfheinile

C12H6Br4O

40088-47-9 agus eile

254-787-2 agus eile

Suim na dtiúchana d’éitear teitretabrómaidhéfheinile, éitear peinteabrómaidhéfheinile, éitear heicseabrómaidhéfheinile agus éitear heipteabrómaidhéfheinile: 1000 mg/kg

Éitear peinteabrómaidhéfheinile

C12H5Br5O

32534-81-9 agus eile

251-084-2 agus eile

Éitear heicseabrómaidhéfheinile

C12H4Br6O

36483-60-0 agus eile

253-058-6 agus eile

Éitear heipteabrómaidhéfheinile

C12H3Br7O

68928-80-3 agus eile

273-031-2 agus eile

Leasú

Substaint

Uimh. CAS

Uimh. CE

Teorainn tiúchana dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(a):

Éitear teitretabrómaidhéfheinile

C12H6Br4O

40088-47-9 agus eile

254-787-2 agus eile

Suim na dtiúchana d’éitear teitretabrómaidhéfheinile,éitear peinteabrómaidhéfheinile,

éitear heicseabrómaidhéfheinile,

éitear heipteabrómaidhéfheinile agus éitear deacabrómaidhéfheinile: 500 mg/kg

Éitear peinteabrómaidhéfheinile

C12H5Br5O

32534-81-9 agus eile

251-084-2 agus eile

Éitear heicseabrómaidhéfheinile

C12H4Br6O

36483-60-0 agus eile

253-058-6 agus eile

Éitear heipteabrómaidhéfheinile

C12H3Br7O

68928-80-3 agus eile

273-031-2 agus eile

Éitear heipteabrómaidhéfheinile

C12Br10O

1163-19-5 agus eile

214-604-9 agus eile

 

Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn IV – tábla 1 – colún “An teorainn tiúchana dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(a)” – ró “Débheinsi-p-dé-” – fonóta 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

7.  Ríomhtar an teorainn mar PCDD agus PCDF de réir na bhfachtóirí tocsaineachta coibhéiseacha seo a leanas (TEFanna):

PCDD

TEF

PCDF

TEF

PCDD

TEF

2,3,7,8-TeCDD

1

1,2,3,7,8-PeCDD

1

1,2,3,4,7,8-HxCDD

0,1

1,2,3,6,7,8-HxCDD

0,1

1,2,3,7,8,9-HxCDD

0,1

1,2,3,4,6,7,8-HpCDD

0,01

OCDD

0,0003

2,3,7,8-TeCDF

0,1

1,2,3,7,8-PeCDF

0,03

2,3,4,7,8-PeCDF

0,3

1,2,3,4,7,8-HxCDF

0,1

1,2,3,6,7,8-HxCDF

0,1

1,2,3,7,8,9-HxCDF

0,1

2,3,4,6,7,8-HxCDF

0,1

1,2,3,4,6,7,8-HpCDF

0,01

1,2,3,4,7,8,9-HpCDF

0,01

OCDF

0,0003

Leasú

7.  Ríomhtar an teorainn mar PCDD agus PCDF de réir na bhfachtóirí tocsaineachta coibhéiseacha seo a leanas (TEFanna):

 

PCDD

TEF

 

2,3,7,8-TeCDD

1

 

1,2,3,7,8-PeCDD

1

 

1,2,3,4,7,8-HxCDD

0,1

 

1,2,3,6,7,8-HxCDD

0,1

 

1,2,3,7,8,9-HxCDD

0,1

 

1,2,3,4,6,7,8-HpCDD

0,01

 

OCDD

0,0003

 

PCDF

TEF

 

2,3,7,8-TeCDF

0,1

 

1,2,3,7,8-PeCDF

0,03

 

2,3,4,7,8-PeCDF

0,3

 

1,2,3,4,7,8-HxCDF

0,1

 

PCDD

TEF

 

1,2,3,6,7,8-HxCDF

0,1

 

1,2,3,7,8,9-HxCDF

0,1

 

2,3,4,6,7,8-HxCDF

0,1

 

1,2,3,4,6,7,8-HpCDF

0,01

 

1,2,3,4,7,8,9-HpCDF

0,01

 

OCDF

0,0003

(1)Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A8-0336/2018).

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais