Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0113(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0193/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0193/2018

Díospóireachtaí :

PV 14/01/2019 - 17
CRE 14/01/2019 - 17

Vótaí :

PV 14/06/2018 - 7.6
CRE 14/06/2018 - 7.6
PV 15/01/2019 - 8.6
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0264
P8_TA(2019)0006

Téacsanna atá glactha
PDF 161kWORD 53k
Dé Máirt, 15 Eanáir 2019 - Strasbourg
Úsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar ***I
P8_TA(2019)0006A8-0193/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (COM(2017)0282 – C8-0172/2017 – 2017/0113(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0282),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0172/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 6 Nollaig 2017(1)

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0193/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 129, 11.4.2018, lch. 71.
(2) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 14 Meitheamh 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0264).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Eanáir 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar
P8_TC1-COD(2017)0113

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  I dTreoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3) déantar foráil maidir le híosleibhéal oscailte an mhargaidh le haghaidh úsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar.

(2)  Trí fheithiclí fruilithe a úsáid is féidir na costais ar ghnóthais as earraí a iompar ar a gcuntas féin nó ar fruiliú agus ar luaíocht a laghdú agus cur lena solúbthacht oibríochtúil san am céanna. Uime sin, is féidir cur le táirgiúlacht agus iomaíochas na ngnóthas lena mbaineann. Anuas air sin, ós rud é, de ghnáth, gur óige na feithiclí fruilithe ná an gnáthfhlít, is gnách freisin iadféadfaidh siad a bheith níos sábháilte agus níosféadfar gur lú truaillithe á dhéanamh acu. [Leasú 1]

(3)  Faoi Threoir 2006/1/CE ní féidir le gnóthais leas iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann le feithiclí fruilithe a úsáid. Leis an Treoir sin ceadaítear do na Ballstáit srian a chur le húsáid feithiclí earraí fruilithe ag a ngnóthais atá bunaithe laistigh dá gcríocha,, feithiclí ar mó ná sé thona a n uasmheáchan ualaithe incheadaithe faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin. Thairis sin, níl ceangal ar na Ballstáit úsáid feithiclí fruilithe ar a gcríoch féin a cheadú i gcás inar cláraíodh an fheithicil nó inar cuireadh i gcúrsaíocht í i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige. [Leasú 2]

(4)  Ionas gur mó an leas a fhéadfaidh gnóthais a bhaint as na buntáistí a ghabhann le feithiclí fruilithe a úsáid, ba cheart an deis a bheith acu feithiclí arna bhfruiliú in aon Bhallstát a úsáid seachas feithiclí arna bhfruiliú i mBallstát bunaíochta na ngnóthas sin amháin. Dá réir sin, b'fhusa dóibh freastal go háirithe ar phointí buaicéilimh gearrthéarmacha, sealadacha nó séasúracha nó feithiclí lochtacha nó damáistithe a athsholáthar.

(4a)  Níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit srian a chur ina gcríocha faoi seach le húsáid feithicle arna fruiliú ag gnóthas atá bunaithe go cuí i gcríoch Ballstáit eile, ar choinníoll go bhfuil an fheithicil cláraithe agus go gcomhlíonann sí na caighdeáin oibríochta agus na ceanglais sábháilteachta, nó gur cuireadh i gcúrsaíocht í i gcomhréir le dlíthe aon Bhallstáit agus go bhfuil sí údaraithe lena hoibriú ag Ballstát bunaíochta an ghnóthais fhreagraigh. [Leasú 3]

(5)  Is mór i gcónaí idir na leibhéil chánach ar iompar de bhóthar atá i bhfeidhm ó Bhallstát go chéile. Dá bhrí sin, tá údar maith fós le srianta áirithe, a dhéanann difear go hindíreach freisin don tsaoirse chun seirbhísí fruilithe feithiclí a chur ar fáil, tá údar maith leo fós d'fhonnchun críche saobhadh fioscach a sheachaint. Mar sin, ba cheart rogha a bheith ag na Ballstáit teorainn ama a chur le húsáid feithicle ar a gcríoch féin arna fruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige. [Leasú 4]

(5a)  Chun forfheidhmiú a dhéanamh ar na bearta sin, ba cheart an fhaisnéis maidir le cláruimhir na feithicle fruilithe a chur ar fáil i gcláir leictreonacha náisiúnta na mBallstát faoi mar a bhunaítear le Rialachán (CE) 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4). Údaráis inniúla sa Bhallstát bunaíochta a bhfuil faisnéis á cur chucu maidir le húsáid feithiclí a d’fhruiligh oibreoir agus atá cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe Ballstáit eile, ba cheart dóibh na húdaráis inniúla sa Bhallstát sin a chur ar an eolas faoi sin. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) a úsáid. [Leasú 5]

(6)  Chun gur féidir oibríochtaí iompair ar a gcuntas féin a dhéanamh ar bhonn níos éifeachtúla, níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit a thuilleadh srian a chur leis an bhféidearthacht feithiclí fruilithe a úsáid faoi chomhair oibríochtaí den sórt sin.

(6a)   Chun caighdeáin oibríochtúla a chaomhnú, ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh agus dea-choinníollacha oibre do thiománaithe a áirithiú, tá sé tábhachtach d’iompróirí rochtain rathaithe a bheith acu ar shócmhainní agus bonneagar tacaíochta dírí sa tír ina bhfuil siad ag déanamh a gcuid oibríochtaí. [Leasú 6]

(7)  Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus iarmhairtí na Treorach seo agus iad a dhoiciméadú i bhfoirm tuarascála 3 bliana i ndiaidh dháta thrasuí na Treorach seo ar a dhéanaí. Ba cheart aird chuí a thabhairt sa tuarascáil ar an tionchar ar shábháilteacht ar bhóithre, ar ioncam cánach agus ar an gcomhshaol. Ba cheart measúnú a dhéanamh freisin sa tuarascáil ar na sáruithe uile ar an Treoir seo, lena n-áirítear sáruithe trasteorann. Ba cheart aonan gá le gníomhaíocht a dhéanfar feasta sa réimse sin a mheas i bhfianaise na tuarascála sin. [Leasú 7]

(8)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr nádúr trasteorann an iompair de bhóthar agus na saincheisteanna ar de chúram na Treorach seo iad, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(9)  Ba cheart Treoir 2006/1/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2006/1/CE mar a leanas:

(1)  Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)  leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:"

"Ceadóidh gach Ballstát ar a gcríoch féin úsáid feithiclí arna bhfruiliú ag gnóthais atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile ar choinníoll:";

"

(ii)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

"(a) go ndéantar an fheithicil a chlárú agus a chur i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe aon Bhallstáit, lena n-áirítear caighdeáin oibríochtúla agus ceanglais sábháilteachta;"; [Leasú 8]

"

(b)  cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:"

"1a. I gcás nach bhfuil an fheithicil cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe Bhallstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige, féadfaidh na Ballstáit teorainn ama a chur le húsáid feithicle fruilithe ar a gcríoch féin. I gcás den sórt sin, ceadóidh na Ballstáit úsáid na feithicle sin, áfach, ar feadh ceithre mhí ar a laghad in aon bhliain féilire ar leith."[Leasú 9]

"

(2)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:"

"Airteagal 3

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh a ngnóthais atá bunaithe laistigh dá gcríocha feithiclí fruilithe a úsáid chun earraí a iompar de bhóthar faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le feithiclí ar leo féin iad, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2.” [Leasú 10]

1a.  I gcás go ndéantar an fheithicil a chlárú nó a chur i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe Ballstáit eile, féadfaidh Ballstát bunaíochta an ghnóthais:

   (a) teorainn ama a chur le húsáid na feithicle fruilithe laistigh dá chríoch faoi seach ar choinníoll go gceadóidh sé úsáid na feithicle fruilithe ar feadh ceithre mhí ar a laghad i ndiaidh a chéile in aon bhliain féilire ar leith; i gcásanna den sórt sin féadfar a cheangal nach mairfidh an conradh fruilithe níos faide ná an teorainn ama a leagtar síos ag an mBallstát;
   (b) teorainn a chur le líon na bhfeithiclí a fhéadfaidh aon ghnóthas a úsáid, ar choinníoll go gceadóidh siad úsáid líon íosta feithiclí a bheidh ag comhfhreagairt do 25 % ar a laghad d’fhlít fhoriomlán feithiclí earraí ar leis an ngnóthais í an 31 Nollaig den bhliain roimh an iarraidh ar údarú; sa chás sin beidh sé de chead ag gnóthas a bhfuil flít níos nó ná feithicil amháin agus níos lú ná ceithre fheithicil ina iomláine aige feithicil fruilithe amháin ar a laghad a úsáid. [Leasú 11]

1b.  Féadfaidh na Ballstáit a eisiamh ó fhorálacha mhír 1 oibríochtaí iompair ar chuntas féin an ghnóthais a dhéantar le feithiclí nach mó ná 6 thonna a meáchan ualaithe incheadaithe iomlán." [Leasú. 28 agus 34]

"

(2a)  cuirtear isteach Airteagal 3a mar a leanas:"

“Airteagal 3a

1.  Déanfar an fhaisnéis maidir le cláruimhir na feithicle fruilithe a chur isteach sa chlár leictreonach náisiúnta faoi mar a shainítear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009*.

2.  Údaráis inniúla sa Bhallstát bunaíochta a gcuirtear faisnéis chucu maidir le húsáid feithiclí a d’fhruiligh oibreoir agus atá cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe Ballstáit eile, cuirfidh siad na húdaráis inniúla sa Bhallstát sin ar an eolas faoi sin.

3.  Déanfar an comhar riaracháin dá bhforáiltear i mír 2 trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012**.

________________

* Ag tagairt d’Airteagal 16 de Rialachán (Uimh.) 1071/2009 lena gcuirtear san áireamh leathnú na faisnéise a thaifeadfar mar atá molta ag an gCoimisiún.

** IO L 316, 14.11.2012, lch. 1.” [Leasú 12]

"

(3)  cuirtear isteach an tAirteagal 5a seo a leanas:"

"Airteagal 5a

Faoin … [OP: cuir isteach an dáta 53 bliana tar éis an spriocdháta chun an Treoir a thrasuí], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus iarmhairtí na Treorach seo. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis faoi úsáid feithiclí arna bhfruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige. Tabharfar aird ar leith sa tuarascáil ar an tionchar ar shábháilteacht ar bhóithre, agus ar ioncam cánach, lena n-áirítear saobhadh fioscach, agus ar fhorfheidhmiú rialacha cabatáiste i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú arís an gá bearta forlíontacha a mholadh." [Leasú 13]

_______________

* Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

"

Airteagal 2

1.  Na dlíthe, rialacháin nó forálacha reachtaíochta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [OP: cuir isteach an dáta 1820 mí tar éis dháta a teachta i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. [Leasú 14]

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 129, 11.4.2018, lch. 71.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2019.
(3)Treoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (leagan códaithe) (IO L 33, 4.2.2006, lch. 82).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

An nuashonrú is déanaí: 5 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais