Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0101(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0330/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0330/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 15/01/2019 - 8.7

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0007

Téacsanna atá glactha
PDF 123kWORD 46k
Dé Máirt, 15 Eanáir 2019 - Strasbourg
Fabhair tharaife áirithe i gcomhaontuithe áirithe arna tabhairt i gcrích idir AE agus tríú tíortha áirithe a tharraingt siar ***I
P8_TA(2019)0007A8-0330/2018
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe áirithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe (COM(2018)0206 – C8-0158/2018 – 2018/0101(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0206),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0158/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 5 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0330/2018),

1.  ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon leis an ngníomh reachtach críochnathach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Eanáir 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme clásail choimirce dhéthaobhacha agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe trádála áirithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha
P8_TC1-COD(2018)0101

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/287.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOIMISIÚN

Tá Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún ag comhaontú ar an tábhacht a bhaineann le dlúthchomhar maidir le cur chun feidhme na gComhaontuithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/287 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Feabhra 2019(1) lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair a bhaineann le comhaontuithe áirithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha áirithe. Chuige sin, i gcás ina nglacfaidh Parlaimint na hEorpa moladh chun imscrúdú coimirce a thionscnamh, aontaíonn siad go ndéanfaidh an Coimisiún scrúdú cúramach i dtaobh an bhfuil na coinníollacha faoin Rialachán maidir le tionscnamh ex-officio á gcomhlíonadh. Sa chás go measann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa ina mbeidh míniú ar na tosca go léir is ábhartha chun an t-imscrúdú sin a thionscnamh.

(1) IO L 53, 22.2.2019, lch. 1.

An nuashonrú is déanaí: 13 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais