Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (13166/2018 – C8-0464/2018 – 2018/0811(CNS))
– ag féachaint don togra ón mBanc Eorpach Infheistíochta chuig an gComhairle chun Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta a leasú (13166/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C8‑0464/2018),
– ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0476/2018),
1. ag formheas an togra;
2. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt don Pharlaimint má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;
3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig na parlaimintí náisiúnta.