Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann le Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (10593/2018 – C8-0463/2018– 2018/0256(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10593/2018),
– ag féachaint don dréachtchomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann le Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (10597/2018),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(i), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0463/2018),
– ag féachaint dá rún neamhreachtach an 16 Eanáir 2019(1) ar an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8‑0471/2018),
1. ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Mharacó.