Comhaontú AE-na Síne i dtaca le nósanna imeachta réitigh díospóidí EDT DS492 - Bearta a dhéanann difear do lamháltais taraife ar tháirgí éineola áirithe ***
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Aontais, i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Daon-Phoblacht na Síne i ndáil le DS492 an tAontas Eorpach - Bearta a dhéanann difear do Lamháltais Taraife ar Tháirgí Éineola Áirithe (10882/2018 – C8-0496/2018 – 2018/0281(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10882/2018),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Daon-Phoblacht na Síne i ndáil le DS492 An tAontas Eorpach - Bearta a dhéanann difear do Lamháltais Taraife ar Tháirgí Éineola Áirithe (10883/2018),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 207(4) agus d’Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8‑0496/2018),
– ag féachaint do Riail 99(1) agus (4), agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0472/2018),
1. ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Dhaon-Phoblacht na Síne.