Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0158(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0361/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0361/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 16/01/2019 - 12.9

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0022

Téacsanna atá glactha
PDF 122kWORD 52k
Dé Céadaoin, 16 Eanáir 2019 - Strasbourg
Cuótaí rátaí taraife a áirítear i sceideal EDT an Aontais a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas ***I
P8_TA(2019)0022A8-0361/2018
CEARTÚCHÁIN
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le taraif-chuótaí a áirítear i sceideal an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle (COM(2018)0312 – C8-0202/2018 – 2018/0158(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0312),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0202/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 7 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0361/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas a ráitis atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Eanáir 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuótaí rátaí taraife a áirítear i sceideal EDT an Aontais a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle
P8_TC1-COD(2018)0158

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/216.)


Iarscríbhinn a ghabhann leis an rún reachtach

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa

Leagann Parlaimint na hEorpa tábhacht mhór ar a bheith coinnithe ar an eolas le linn ullmhú na ngníomhartha tarmligthe agus, go háirithe, maidir le mír 28 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, lena bhforáiltear, chun rochtain chomhionann ar an bhfaisnéis go léir a áirithiú, go bhfaigheadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe ó na Ballstáit.

Ráiteas ón gCoimisiún

Cloíonn an Coimisiún go hiomlán le prionsabail na Rialála Níos Fearr agus leis na gealltanais a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Dá bhrí sin, déanfaidh sé a sheacht ndícheall chun togra reachtach a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún a luaithe is féidir, d’fhonn Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin.

An nuashonrú is déanaí: 13 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais