Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2018 (2018/2100(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint dá rún an 1 Márta 2018 maidir leis an Aontas Baincéireachta – Tuarascáil Bhliantúil 2017(1),
– ag féachaint don aiseolas ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) maidir le rún ón bParlaimint an 1 Márta 2018 maidir leis an Aontas Baincéireachta – Tuarascáil Bhliantúil 2017,
– ag féachaint don ráiteas ar chomhaontaigh an Cruinniú Mullaigh Euro ag a chruinniú an 29 Meitheamh 2018,
– ag féachaint do thuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 16 Eanáir 2018 maidir le héifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht ghéarchéime BCE do na bainc(2),
– ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha (COM(2018)0339),
– ag féachaint do na cinntí a rinne BCE an 23 Feabhra 2018 go raibh ABLV Bank agus ABLV Bank Luxembourg i mbéal cliseadh nó ar dóigh dóibh cliseadh, i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair(3),
– ag féachaint do sheoladh thástálacha struis 2018 ar fud AE ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) an 31 Eanáir 2018(4),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Lúnasa 2013, na rialacha maidir le státchabhair chun tacú leis na bearta i bhfabhar na mbanc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais (‘Teachtaireacht Bhaincéireachta’)(5),
– ag féachaint do thuarascáil bhliantúil staidrimh ESMA maidir le margaí dhíorthaigh AE an 18 Deireadh Fómhair 2018,
– ag féachaint d’fhógraí BCE an 15 Márta 2018 maidir leis na hionchais mhaoirseachta d’iasachtaí nua neamhthuillmheacha(6) agus an 11 Iúil 2018 maidir le bearta breise ina chur chuige maoirseachta i leith an stoic iasachtaí neamhthuillmheacha(7),
– ag féachaint don tuarascáil ó Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) de mhí Mheán Fómhair 2018 dar teideal ‘Cur chuige ó thaobh na macrastuamachta a ghlacadh i leith iasachtaí neamhthuillmheacha’ ,
– ag féachaint do thuarascáil BERS de mhí Mheán Fómhair 2018 dar teideal ‘Monatóir Scáthbhaincéireachta AE Uimh. 3’,
– ag féachaint don fhógra folúntais do phost an Chathaoirligh ar Bhord Maoirseachta BCE ón 1 Eanáir 2019(8),
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 11 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (COM(2017)0591),
– ag féachaint do na moltaí chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (CRR) (COM(2016)0850) agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (CRD IV) (COM(2016)0854),.
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2017 maidir le leasuithe ar chreat an Aontais le haghaidh ceanglais chaipitiúla institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (CON/2017/46),
– ag féachaint do thuarascáil BERS de mhí Iúil 2017 ‘Impleachtaí cobhsaíochta airgeadais IFRS 9’,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir leis bplean gníomhaíochta chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip,
– ag féachaint do Riail 52 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0419/2018),
A. de bhrí go bhfuil sé léirithe gur dea-chinneadh a bhí ann cúram na maoirseachta ar institiúidí airgeadais a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo a leagan ar BCE;
B. de bhrí nach féidir déileáil le maoirseacht stuamachta agus sciúradh airgid ar leithligh;
C. de bhrí gur gá ról BCE a neartú go suntasach chun bearta frithsciúrtha airgid a chur chun feidhme go héifeachtach agus faireachán a dhéanamh orthu;
D. de bhrí go bhfuil sé tábhachtach soiléiriú a thabhairt ar an gcaoi a láimhseáiltear Státchabhair i dtaca le bearta faoi scéimeanna ráthaíochta taisce(9);
E. de bhrí go bhfuil an stoc iasachtaí neamhthuillmheacha agus neamhchosaintí leibhéal 2 agus leibhéal 3 ró-ard i gcórais bhaincéireachta roinnt Ballstát;
F. de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór i líon agus i gcóimheasa na n-iasachtaí neamhthuillmheacha idir na Ballstáit;
G. de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht san Aontas Baincéireachta ar oscailt do na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu go fóill; de bhrí nár chinn aon Bhallstát go dtí seo páirt a ghlacadh ar an mbonn sin; de bhrí go bhfuil an fhéidearthacht á plé ag roinnt Ballstát dul isteach san Aontas Baincéireachta; de bhrí go bhfeiceann institiúidí airgeadais éagsúla buntáistí a bheith suite laistigh den Aontas Baincéireachta;
1. ag tabhairt aird go dearfach ar a bhfuil bainte amach ag an Aontas Baincéireachta chun fíormhargadh aonair, cothrom iomaíochta, cobhsaíocht mhéadaithe agus intuarthacht mhéadaithe do ghníomhaithe an mhargaidh a chothú; ag cur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an tiomantas don phróiseas Aontas Baincéireachta a chomhlánú agus an gá le hoscailteacht agus cóir chomhionann a áirithiú do na Ballstáit go léir atá rannpháirteach san Aontas Baincéireachta; ag meabhrú, maidir le críochnú an Aontais Baincéireachta, lena n-áirítear Scéim Eorpach Árachais Taiscí agus cúlstop fioscach don Chiste Réitigh Aonair, nach mór go leanfaidh siad chomh maith le bearta chun laghdú riosca a bhaint amach, ar nithe iad a rannchuidíonn le cobhsaíocht airgeadais agus ionchais fáis a mhéadú tuilleadh;
2. ag cur i bhfios a thábhachtaí atá an tiomantas don phróiseas chun an tAontas um Margaí Caipitil a chríochnú, rud a chabhródh le fíormhargadh aonair caipitil in AE, creidhmheas a chur i dtreo an fhíorgheilleagair, an gá atá le comhroinnt riosca poiblí a laghdú, infheistíochtaí trasteorann a éascú agus maoiniú a chomhlánú trí bhainc;
3. ag meabhrú go bhfuil an tAontas Baincéireachta ar oscailt do na Ballstáit go léir ar mian leo dul isteach ann. ag fáiltiú roimh na céimeanna a ghlac na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar Euro dul isteach san Aontas Baincéireachta mar go gcabhraíonn sé sin leis an Aontas Baincéireachta a ailíniú leis an margadh inmheánach;
4. ag meas gur cheart go mbeadh sé ar cheann d’aidhmeanna an Aontais Baincéireachta, seachas cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, go ndéanfaí, i measc nithe eile, prionsabal na comhréireachta a choinneáil i gcuimhne chun an éagsúlacht i samhlacha baincéireachta inbhuanaithe AE a chaomhnú agus chun go seachnófaí an córas baincéireachta Eorpach a threorú ionsar shamhail aonair nó pionós a ghearradh ar bhainc níos lú, mar go gcumasaíonn an éagsúlacht sin riachtanas na saoránach agus na dtionscadal atá acu a bhaint amach, chomh maith le feidhmiú mar uirlis éagsúlaithe, ar gné thábhachtach í chun dul i ngleic le haon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann;
5. ag cur i bhfios gur cheart moltaí arna ndéanamh ag comhlachtaí idirnáisiúnta a chur in úsáid i ndlí an Aontais ionas go dtabharfaí aird chuí ar shaintréithe na hearnála baincéireachta Eorpaí;
6. ag cur i bhfios nár cheart go háirithe caighdeáin Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) a achtú as éadan i ndlí na hEorpa gan saintréithe sonracha chóras baincéireachta na hEorpa agus prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh go cuí;
7. ag meabhrú go bhfuil gá le sraith chomhleanúnach rialacha ar mhaithe le dea-fheidhmiú an Aontais Baincéireachta agus tábhacht na comhréireachta á cur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do rialacháin ar threoracha mar an uirlis reachtach don Aontas Baincéireachta agus tosaíocht a dhéanamh de go n-áiritheofaí go bhfuil an reachtaíocht ábhartha ar fad á cur chun feidhme go hiomlán agus go cuí i ngach Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na húdaráis Eorpacha mhaoirseachta, na baic ar an margadh inmheánach a shainaithint agus a bhaint;
8. den tuairim nach mór cinntí na n-údarás maoirseachta agus réitigh a bheith go comhleanúnach, a mhíniú i gceart, iad a bheith trédhearcach agus iad a chur ar fáil go poiblí; ag tathant ar na húdaráis mhaoirseachta agus réitigh a bheith chomh sriantach agus is féidir agus na forálacha lenar féidir leo rochtain ar dhoiciméid a dhiúltú á gcur chun feidhme acu;
Maoirseacht
9. ag tabhairt dá haire na measúnuithe ó BCE le déanaí maidir leis na bainc atá ‘i mbéal cliseadh nó ar dóigh dóibh cliseadh’, a rinneadh in 2018; ag cur i bhfios go bhfuil gá feabhas a chur ar agaí freagartha mhaoirseacht bhaincéireacht na hEorpa; ag tabhairt le fios go bhfuil imní mhór uirthi gur tháinig ceisteanna chun cinn i gcuid de na cásanna sin maidir le forfheidhmiú na rialacha frithsciúrtha airgid san Aontas Baincéireachta; ag cur i bhfios go láidir go bhfuil gá práinneach le cur chuige comhchoiteann ó AE ina leith sin faoina ndéanfaí cumhachtaí a shannadh go soiléir; ag fáiltiú, i dtaca leis sin, roimh an togra ón gCoimisiún ÚBÉ a neartú i réimse an sciúrtha airgid
10. torthaí na tástála struis a rinne ÚBE ar fud AE á dtabhairt dá haire; ag fáiltiú roimh ionstraimí leibhéal 2 agus leibhéal 3 a áireamh i raon feidhme thástálacha struis 2018; den tuairim gur cheart na tástálacha struis a léirmhíniú i gcomhcheangal le gníomhaíochtaí eile faireacháin maoirseachta atá ar siúl faoi láthair; á iarraidh ar SMA, ÚBE agus ar ÚBE modheolaíochtaí comhsheasmhacha a úsáid nuair a bhíonn an tástáil struis á sainiú ionas go mbeidh ardleibhéal trédhearcachta ann maidir leis an nós imeachta sin agus chun cosc a chur ar aon saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ann;
11. go bhfuil rioscaí ann a bhaineann le fiachas ceannasach; ag tabhairt dá haire go bhfuil obair leanúnach ar siúl faoi láthair ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) maidir le riosca flaithiúnais; ina chúis imní di freisin go bhfuil nochtadh rómhór ag roinnt institiúidí airgeadais ar fhiachas ceannasach arna eisiúint ag a rialtais féin; ag cur i bhfios gur cheart creat rialála AE maidir le láimhseáil stuamachta ar fhiachas ceannasach a bheith comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta;
12. ag cur in iúl gur díol sásaimh di an togra ón gCoimisiún maidir le ról BCE sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid san earnáil airgeadais a threisiú; ag iarraidh ar na comhreachtóirí an togra a ghlacadh gan moill mhíchuí agus ag cur béim ar an ngá le comhar feabhsaithe agus le comhroinnt faisnéise idir údaráis maoirseachta naisiúnta ar bhonn caighdeáin chomhchoiteanna laistigh de AE agus faoi réir comhordú agus tacaíocht ar leibhéal AE i gcás ina bhfuil na húdaráis náisiúnta faoi ualach róthrom;
13. ag leanúint de bheith imníoch faoi chásanna sciúrtha airgid ag bainc na hEorpa agus go bhfuil na cásanna de sciúradh airgid ina riosca do nochtadh gheilleagar AE do chobhsaíocht airgeadais agus pholaitiúil; ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh roinnt de na cásanna sin i ndlínsí nach dlínsí AE iad; ag iarraidh go mbeidh cur chuige aontaithe ann i leith maoirseacht stuamachta agus sciúradh airgid; ag tabhairt dá haire freisin gur nochtadh saincheisteanna maidir le forfheidhmiú na reachtaíochta frithsciúrtha airgid lasmuigh den Aontas Baincéireachta agus go bhféadfadh dul isteach san Aontas Baincéireacht a bheith chun tairbhe na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro maidir le dul i ngleic leis na saincheisteanna sin;
14. ag cur i bhfios go láidir go bhfuil na margaí airgeadais fite fuaite ina chéile; ag cur i bhfios go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na maoirseoirí baincéireachta ullamh le haghaidh na dtorthaí ar fad a d’fhéadfadh a bheith ar chaibidlíochtaí Brexit idir AE-27 agus an Ríocht Aontaithe, á chur san áireamh nach ionann sin agus a rá nach gá do na hearnálacha príobháideacha féin ullmhú lena n-aghaidh; á iarraidh an gCoimisiún agus ar na húdaráis mhaoirseachta anailís chuimsitheach a dhéanamh ar thionchar Brexit á iarraidh ar AE27 rialú comhchoiteann agus maoirseacht choiteann a dhoimhniú agus feabhas a chur ar dhoimhneacht agus leithead na margaí caipitil laistigh de AE27;
15. ag tathant ar na caibidleoirí oibriú i dtreo pacáiste reachtach atá cothrom agus inbhuanaithe a ghlacadh chun an riosca sa chóras baincéireachta a laghdú roimh na toghcháin Eorpacha in 2019; ag tathant ar an gComhairle, go háirithe, dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta, ag tabhairt aird chuí ar éagsúlacht shamhlacha baincéireachta AE phrionsabal na comhréireachta agus ar an bpacáiste cothrom arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabairt ar an bhfadhb ‘rómhór le cliseadh’ mar aon leis na rioscaí a bhaineann le samhlacha éagsúla baincéireachta AE, agus a méid agus na margaí ábhartha á gcur san áireamh;
16. ag tabhairt dá haire go bhfuil caibidlíochtaí leanúnacha ar siúl maidir leis an bpacáiste iasachtaí neamhthuillmheacha; aguisín BCE maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha agus an obair atá déanta ag BCE ar threoirlínte maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha agus staonta á dtabhairt dá haire aici; ag cur in iúl gur díol sásaimh di an laghdú ar líon na n-iasachtaí neamhthuillmheacha le blianta beaga anuas; ag cur a húdar imní in iúl an athuair go bhfanfaidh líon agus céatadán na n-iasachtaí neamhthuillmheacha agus d’ionstraimí leibhéal 2 agus leibhéal 3 go mór os cionn an mheáin i roinnt Ballstát; ag cur i bhfios go mbaineann riosca suntasach go fóill don chobhsaíocht airgeadais le hiasachtaí neamhthuillmheacha ach go bhfuil sé níos ísle ná mar a bhí sé cúpla bliain ó shin; ar aon intinn leis an gCoimisiún gur faoi na Ballstáit go príomha atá sé, mar aon leis na bainc féin, iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú, go háirithe trí dhlíthe éifeachtúla maidir le dócmhainneacht, ach á chur i bhfios go bhfuil sé chun leasa AE céatadán na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú;
17. gur údar imní di úsáid samhlacha inmheánacha ag na hinstitiúidí airgeadais; á iarraidh ar SMA agus ar ÚBE leanúint dá gcuid oibre maidir le leormhaitheas samhlacha inmheánacha a úsáid chun a gcreidiúnacht a shuí agus cothrom iomaíochta a bhaint amach ar fud na n-institiúidí;
18. ag tabhairt dá haire go bhfuil caibidlíochtaí ar siúl faoi láthair maidir leis an gCóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA); den tuairim gur mbíonn cumhachtaí iomchuí maoirseachta ar leibhéal AE ag teastáil ó mhargadh aonair; ag cur i bhfios gurb é príomhchúram CEMA gníomhaíocht éifeachtach mhaoirseachta a áirithiú;
19. ag cur in iúl gur díol sásaimh di an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an teicneolaíocht airgeadais; ag aithint na hacmhainne a bhaineann leis an teicneolaíocht airgeadais agus gur gá nuálaíocht a spreagadh; ag tabhairt dá haire, áfach, gur gá rialáil shoiléir agus maoirseacht iomchuí lena dtugtar cosaint do thomhaltóirí agus lena n-áirithítear cobhsaíocht airgeadais mar aon le cothrom iomaíochta do ghníomhaithe an mhargaidh airgeadais; á meas gur cheart do theicneolaíocht airgeadais, a dhéanann na cineálacha céanna gníomhaíochtaí agus a dhéanann gníomhaithe eile, a bheith faoi réir na rialacha céanna oibríochta. ag cur i bhfios go láidir gur gá cibear-athléimneacht earnáil airgeadais AE a neartú go leanúnach;
20. fós imníoch faoi a fhairsinge atá scáthbhaincéireacht in AE; á meabhrú gur measadh ag deireadh 2017 gur chuimsigh sí thart ar 40 % de chóras airgeadais AE. ag spreagadh údaráis ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda leanúint de bheith ag déanamh faireacháin go hairdeallach ar na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin agus aghaidh a thabhairt orthu a luaithe is féidir chun iomaíocht chóir, trédhearcacht agus cobhsaíocht airgeadais a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún bearnaí atá fós sna rialacháin atá ann faoi láthair a shainaithint ar bhonn práinneach;
21. ag meabhrú na díospóireachta tosaigh faoi ról BCE mar údarás airgeadaíochta agus maoirseachta araon; ag meas gur éirigh le BCE, ar an iomlán, an dá ról a choinneáil scartha ó chéile; den tuairim, áfach, gur gá tuilleadh díospóireachta chun an baol coinbhleachta leasa idir an dá chúram a sheachaint; ag cur i bhfios a thábhachtaí atá sé comhar a bheith idir ÚBE agus SMA mar údarás maoirseachta laistigh den Aontas Baincéireachta, agus urraim á tabhairt do roinnt na bhfreagrachtaí;
22. á mheas go bhféadfadh comhchuibhiú breise ar chleachtais maidir le measúnú i dtaobh an bhfuil banc ag cliseadh nó ar dócha go gclisfeadh sé chomh maith le hidirdhealú idir cumhachtaí maoirseachta agus cumhachtaí luath-idirghabhála cabhrú le bainistíocht ghéarchéime ag údaráis inniúla a dhéanamh níos éifeachtaí roimh an réiteach.
Réiteach
23. ag cur in iúl maidir leis an gcomhaontú ar thángthas air ag Cruinniú Mullaigh Euro an 29 Meitheamh 2018 gur tríd an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) a sholáthrófar an cúlstop comhchoiteann don Chiste Réitigh Aonair agus go ndéanfar SCE a athchóiriú chun tacaíocht éifeachtach chobhsaíochta a sholáthar bunaithe ar choinníollacha dochta lena n-áiritheofar freagracht, cuntasacht, agus an prionsabal maidir le baol morálta a chosc chomh maith le coimirciú an phrionsabail nach bhfuil cáiníocóirí faoi dhliteanas rioscaí baincéireachta; ag meabhrú sheasamh na Parlaiminte gur cheart an sásra sin a ionchorprú go hiomlán i gcreat institiúideach an Aontais agus ag cur i bhfios gur gá grinnscrúdú daonlathach cuí;
24. ag meabhrú gurb iad na gnáthimeachtaí dócmhainneachta an nós imeachta a cuireadh i bhfeidhm nuair nach meastar go bhfuil gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail ar an eolas go léirítear nósanna imeachta seanbhunaithe neamhréireachtaí sa reachtaíocht dócmhainneachta; ag tabhairt dá haire go bhféadfaidh an reachtaíocht dóchmhainneachta tairbhiú de chomhchuibhiú breise ar fud an Aontais chun rialacha comhchoiteanna a áirithiú agus cothrom iomaíochta do na bainc, do na hinfheisteoirí agus do na creidiúnaithe go léir;
25. ag athdhearbhú a seasaimh gur gá na rialacha maidir le hathchaipitliú réamhchúraim a shoiléiriú; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh an t-athchaipitliú réamhchúraim a bheith ina uirlis bainistithe géarchéime ach tá sí den tuairim gur gá úsáid an athchaipitlithe réamhchúraim a bheith teoranta do chásanna eisceachtúla ina gcomhlíonann an banc na híosleibhéil chaipitil chomhchuibhithe rialála agus é sócmhainneach dá bhrí sin agus ina n-áirithítear go bhfuil rialacha AE maidir le Státchabhair á gcomhlíonadh; ag meabhrú gurb é cuspóir chóras réitigh AE a áirithiú go dtugtar cosaint do cháiníocóirí, gurb iad na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a sheasfaidh an costas a bhaineann le cliseadh ar bhainistiú bainc, agus go gcaomhnaítear cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine; ag cur i bhfios gur gá na rialacha maidir le réiteach institiúidí creidmheasa a chur i bhfeidhm níos fearr;
26. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar théarnamh agus ar réiteach institiúidí creidmheasa i bhfianaise rialacha státchabhrach; á iarraidh ar an gCoimisiún an rialachán a scrúdú i bhfianaise naTreorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (TTRB); á iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm trédhearcach ar rialacha maidir le státchabhair a mholadh i ndáil le TTRB;
27. ag cur i bhfios a thábhachtaí atá sé do bhainc atá i mbun réitigh rochtain a bheith acu ar leachtacht le linn imeachtaí réitigh agus ina ndiaidh; is díol suime di na díospóireachtaí leanúnacha maidir le huirlis a d’fhéadfadh a bheith ann chun leachtacht a sholáthar sa réiteach;
28. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh go rialta i dtaobh ar thairbhigh an earnáil bhaincéireachta de na fóirdheontais intuigthe agus den Státchabhair ó thús na géarchéime, lena n-áirítear trí thacaíocht leachtachta neamhghnách a sholáthar, agus tuarascáil maidir leis sin a fhoilsiú; ag cur i bhfios gur féidir iarmhairt saofa a bheith ag Státchabhair ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; ag meabhrú na gceanglas dian atá ann maidir le hAirteagal 107(3)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chur i bhfeidhm agus á iarraidh athuair ar an gCoimisiún athscrúdú a dhéanamh ar bhonn bliantúil i dtaobh an leanann na ceanglais sin de bheith á gcur i bhfeidhm;
29. ag cur in iúl gur díol sásaimh di an chonclúid ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, sa tuarascáil uaithi maidir le héifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht ghéarchéime BCE do na bainc, go bhfuil leagan amach eagraíochtúil BCE agus na hacmhainní a chuireann sé ar fáil don mheasúnú ar phleananna tarrthála agus don mhaoirseacht ar na bainc atá i gcruachás sásúil, agus tugann sí dá haire go bhfuil fadhbanna ann go fóill maidir le comhroinnt faisnéis agus éifeachtúlacht an chomhordaithe; ag meabhrú go bhfuil comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis bunriachtanach le haghaidh cur chun feidhme rianúil na mbeart réitigh;
30. ag cur in iúl gur díol sásaimh di an meabhrán tuisceana athbhreithnithe idir BCE agus an Bord Réitigh Aonair (BRA); ag cur i bhfios go gcuireann malartú cuíchóirithe faisnéise, agus uathmhalartú faisnéise i roinnt cásanna, le héifeachtúlacht agus gur cuidiú é chun a áirithiú go gcoinneofar an t-ualach tuairiscithe ar na bainc chomh beag agus is féidir;
Árachas taiscí
31. an comhaontú a rinneadh ag Cruinniú Mullaigh Euro an 29 Meitheamh 2018 maidir leis an Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) á thabhairt dá haire chomh maith le teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2017 maidir le SEÁT; ag cur i bhfáth gur cheart don phróiseas chun SEÁT a bhunú leanúint ar aghaidh chun an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche; ag aithint tairbhí na comhroinnte rioscaí agus an laghdaithe bhreise rioscaí;
o o o
32. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach, chuig an mBord Réitigh Aonair, chuig na parlaimintí agus chuig na Ballstáit agus chuig na húdaráis inniúla mar a shainítear i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Preaseisiúint, ‘chinn BCE go raibh ABLV Bank ag cliseadh nó gur dhóigh dó cliseadh’, Banc Ceannais na hEorpa, 24 Feabhra 2018, https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/pr/date/2018/html/ssm.pr180224.en.html
Preaseisiúint, ‘Leagann BCE amach a ionchais mhaoirseachta le haghaidh na n-iasachtaí nua neamhthuillmheacha, Banc Ceannais na hEorpa, 15 Márta 2018, https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/pr/date/2018/html/ssm.pr180315.en.html
Preaseisiúint, Fógraíonn BCE bearta breise ina chur chuige maoirseachta i leith an stoic iasachtaí neamhthuillmheacha, 11 Iúil 2018, https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/pr/date/2018/html/ssm.pr180711.en.html