Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0233(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0421/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0421/2018

Díospóireachtaí :

PV 16/01/2019 - 30
CRE 16/01/2019 - 30

Vótaí :

PV 17/01/2019 - 10.9
CRE 17/01/2019 - 10.9
Mínithe ar vótaí
PV 17/04/2019 - 8.12

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0039
P8_TA(2019)0404

Téacsanna atá glactha
PDF 208kWORD 75k
Déardaoin, 17 Eanáir 2019 - Strasbourg
Clár "Fiscalis" a bhunú le haghaidh comhar i réimse an chánachais ***I
P8_TA(2019)0039A8-0421/2018
Téacs
 Téacs comhdhlúite

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár ‘Fiscalis’ chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim (COM(2018)0443 – C8-0260/2018 – 2018/0233(COD))(1)
LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA(2)
ar an togra ón gCoimisiún
---------------------------------------------------------
2018/0233(COD)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A8-0421/2018).
(2)* Leasuithe: tá aon téacs nua nó leasaithe aibhsithe i gcló trom iodálach; léirítear aon rud atá scriosta leis an tsiombail ▌.


Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear clár 'Fiscalis' le haghaidh comhar i réimse an chánachais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 197 de,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Le clár Fiscalis 2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(2) agus a chuireann an Coimisiún chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na tíortha comhlachaithe, agus le réamhtheachtaithe an chláir, rannchuidíodh go mór le comhar a éascú agus a fheabhsú idir údaráis chánach laistigh den Aontas. D'aithin údaráis chánach na dtíortha rannpháirteacha breisluach na gclár sin, lena n-áirítear maidir le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha Bhallstáit an Aontais agus cáiníocóirí a chosaint. Is minic nach féidir dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin arna sainaithint do na chéad deich mbliana eile mura mbreathnaíonn na Ballstáit níos faide ná teorainneacha a gcríoch riaracháin féin agus mura dtéann siad i ndlúthchomhar lena gcontrapháirtithe.

(2)  Le clár Fiscalis 2020, cuirtear creat Aontais ar fáil do na Ballstáit ina bhféadfar na gníomhaíochtaí comhair sin a fhorbairt, rud atá níos costéifeachtúla ná gach Ballstát a bheith ag cur a chreata comhair aonair ar bun ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach, cibé acu eatarthu féin nó le tríú tíortha a mbíonn an tAontas i ndlúthchomhar leo i réimse an chánachais. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfar den chlár sin trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna, clár Fiscalis ('an Clár').

(2a)   Leis an gclár, ba cheart go gcuirfí ar chumas na mBallstát dul i ngleic le calaois chánach, le héilliú, le himghabháil cánach agus go neartófaí pleanáil ionsaitheach cánach, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil le haghaidh acmhainní daonna a oiliúint agus struchtúir riaracháin a fhorbairt. Ba cheart an cúnamh sin a sholáthar ar bhealach trédhearcach.

(3)  Trí chreat gníomhaíochtaí a sholáthar lena dtugtar tacaíocht don mhargadh aonair, lena gcothaítear iomaíocht chóir san Aontas agus lena gcosnaítear leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát, leis an gClár, ba cheart rannchuidiú le calaois chánach, le himghabháil cánach, le pleanáil ionsaitheach cánach agus le neamhchánachas dúbailte a chosc agus a chomhrac; ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chosc agus a laghdú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí in idirbhearta trasteorann; tacú le córais chánach atá níos cothroime agus níos éifeachtúla; lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus iomaíocht chóir san Aontas a chothú agus tacaíocht a thabhairt do chur chuige comhpháirteach ón Aontas i bhfóraim idirnáisiúnta;

(4)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(3).

(5)  D'fhonn an próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar chuntar go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe. Féadfar é a oscailt do thríú tíortha eile freisin, go háirithe na tíortha is lú forbairt, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha idir an tAontas agus na tíortha sin lena gcumhdaítear a rannpháirtíocht in aon chlár de chuid an Aontais.

(5a)   Tá a tosaíochtaí leagtha síos ag Parlaimint na hEorpa. Leis an easpa acmhainní airgeadais atá ann faoi láthair, cuirtear bac ar bhaint amach na spriocanna atá leagtha síos ag Parlaimint na hEorpa don chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2020 [2017/2052(INI)]. Le comhar níos éifeachtaí i gcúrsaí cánach, d’fheadfaí bailiú níos éifeachtaí na n-acmhainní is gá chun cur chun feidhme an chreata airgeadais a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme.

(6)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) ('an Rialachán Airgeadais') maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíochtaí saineolaithe seachtracha.

(7)  Léiríodh go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhí i bhfeidhm faoi chlár Fiscalis 2020 leordhóthanach agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a choinneáil. Ionas go bhféadfaí simplíocht agus solúbthacht bhreise a sholáthar agus an Clár á chur i ngníomh agus, ar an dóigh sin, ionas gurbh fhearr ab fhéidir a chuspóirí a bhaint amach, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin ó thaobh catagóirí foriomlána de le liosta samplaí léiriúcháin de ghníomhaíochtaí nithiúla. Ba cheart leis na gníomhaíochtaí, áfach, go ndíreofaí ar dhul i ngleic le topaicí tosaíochta chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint. Trí chomhar agus trí fhothú acmhainneachta, le clár Fiscalis, ba cheart tacaíocht a thabhairt do ghlacadh agus úsáid éifeachtach na nuálaíochta agus an méid sin a chur chun cinn, ionas gurbh fhearr ab fhéidir na príomhthosaíochtaí cánachais a bhaint amach.

(8)  I bhfianaise soghluaisteacht mhéadaithe cáiníocóirí, líon na n-idirbheart trasteorann agus idirnáisiúnú ionstraimí airgeadais agus an baol méadaithe ar chalaois chánach, ar imghabháil cánach, ar sheachaint cánach agus ar phleanáil ionsaitheach cánach mar thoradh orthu, agus a bhfuil i bhfad níos mó ná teorainneacha an Aontais i gceist leo, d'fhéadfadh sé go mbeadh leas ag an Aontas nó ag na Ballstáit i gcórais leictreonacha Eorpacha a oiriúnú do thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta nó na córais sin a shíneadh chucu. Tríd sin, bheifí in ann, go háirithe, an t-ualach riaracháin agus na costais a sheachaint a bheadh i gceist le dhá chóras leictreonacha chosúla a fhorbairt, ceann chun faisnéis a mhalartú san Aontas agus ceann eile chun faisnéis a mhalartú go hidirnáisiúnta. Dá bhrí sin, nuair atá údar cuí leis i ngeall ar an leas sin, ba cheart oiriúnuithe córas leictreonach Eorpach nó síntí orthu arna ndéanamh le haghaidh comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith ina gcostais incháilithe faoin gClár. Ar choinníoll go bhfuil topaicí tosaíochta maoinithe go hiomlán, ba cheart go ndéanfaí gníomhartha sonracha a bhaineann le tíortha is lú forbairt, go háirithe maidir le faisnéis a roinnt go huathoibríoch, a spreagadh freisin faoin gClár i gcás inarb iomchuí.

(9)  I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le domhandú agus an tábhacht a bhaineann le calaois chánach, le himghabháil cánach agus le pleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac, ba cheart leanúint de dheis rannpháirtíochta a thabhairt do shaineolaithe seachtracha leis an gClár de réir bhrí Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart go mbeadh roghnú na saineolaithe trédhearcach agus a bheith bunaithe ar na scileanna, ar an taithí agus ar an eolas atá acu is ábhartha don ghníomhaíocht shonrach, chomh maith lena gcumas rannchuidiú leis an ngníomhaíocht sin. Ba cheart a áirithiú go bhfuil na saineolaithe sin neamhchlaonta agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann lena ról gairmiúil. Ba cheart ionadaíocht chothrom na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a áirithiú.

(9a)   I bhfianaise ghlacadh na dTreoracha seo a leanas ón gComhairle: 2014/107/AE(5); (AE) 2015/2376(6); (AE) 2016/881(7); (AE) 2016/2258(8); (AE) 2018/822(9) agus na gcaibidlíochtaí leanúnacha maidir le Comhbhonn don Cháin Chorparáide (CCCTB), ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár an fhoireann a oiliúint sa riarachán cánach chun cur chun feidhme éifeachtach na dtreoracha sin a áirithiú.

(10)  I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a bhaineann le comhleanúnachas agus simpliú clár cistiúcháin a áirithiú, a leagtar amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal 'Athbhreithniú Bhuiséad AE’(10), ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí eile cistiúcháin de chuid an Aontais más ionann na cuspóirí atá á saothrú le gníomhaíochtaí an chláir atá beartaithe agus cuspóirí roinnt ionstraimí eile cistiúcháin, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh, áfach. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár comhleanúnachas ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais de chun tacaíocht a thabhairt do bheartas cánach agus d’údaráis chánach.

(10a)  Ar mhaithe le costéifeachtacht, ba cheart le Clár Fiscalis go mbainfí leas as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le bearta eile de chuid an Aontais i réimsí gaolmhara, amhail an Clár Custaim, Clár Frith-Chalaoise AE, Cár an Mhargaidh Aonair agus an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach.

(10b)   Le tionscnaimh frithchalaoise náisiúnta aonair, d’fhéadfaí an chalaois a aistriú chuig Ballstáit eile, ar minic iad comharsanach, agus ualach riaracháin díréireach a bheith acu ar ghnólachtaí comhlíontacha chomh maith le heaspa deimhneachta dlíthiúla agus iad ag trádáil go hidirnáisiúnta. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanann an Coimisiún bearta frithchalaoise a ailíniú trí na dea-chleachtais náisiúnta a chomhordú.

(11)  Meastar go n-úsáidfear sciar suntasach den bhuiséad faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta Teicneolaíochta Faisnéise (TF). Dá bhrí sin, i bhforálacha sonracha, ba cheart cur síos a dhéanamh ar na comhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta faoi seach de na córais leictreonacha Eorpacha. Thairis sin, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú go soiléir. Ba cheart idir-inoibritheacht rianúil a bheith idir comhpháirteanna comhchoiteanna agus náisiúnta na gcóras leictreonach Eorpach agus sineirgí le córais leictreonacha eile de chláir ábhartha an Aontais.

(12)  Ní cheanglaítear Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais a tharraingt suas i láthair na huaire chun timpeallacht leictreonach atá comhleanúnach comh-inoibritheach a chruthú le haghaidh cánachas san Aontas. Chun comhleanúnachas agus comhordú gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chlár maidir le plean straitéiseach ilbhliantúil den sórt sin a chur le chéile le haghaidh cánachais.

(13)  Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin cláir oibre. I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma iad na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, ba cheart go bhféadfaí roinnt blianta a chumhdach i gcláir oibre. Laghdófar an t-ualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon leis an aistriú ó chláir oibre bhliantúla go cláir oibre ilbhliantúla, ach níor cheart, in imthosca ar bith, go mbeadh cailliúint faisnéise ná trédhearcachta ann do na cáiníocóirí. Ba cheart go léireodh na cláir oibre ilbhliantúla an fhaisnéis ábhartha go léir atá ar fáil i gcomhthéacs na dtuarascálacha bliantúla nó na gcleachtaí mapála dá dtagraítear sa Rialachán seo. Ba cheart go gcuirfí na tuarascálacha bliantúla sin ar fáil go poiblí chun cáiníocóirí a chur ar an eolas faoi dhea-chleachtais, faoi na ceachtanna a foghlaimíodh, faoi na dúshláin, agus faoi na bacainní atá fós ann agus a sainaithníodh sa Chlár.

(14)  Chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le cláir oibre a ghlacadh.

(15)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(11), is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit, go háirithe, á seachaint san am céanna, agus ar an gcaoi sin freisin REFIT á chur san áireamh. Ar na ceanglais sin ba cheart go n-áireofaí, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin seo ar an láthair. Ba cheart torthaí an fhaireacháin sin a bheith ina n-ábhar do thuarascáil chomhdhlúite bhliantúil, arna táirgeadh ag an gCoimisiún, bunaithe ar an ionchur arna sholáthar ag na Ballstáit. Ba cheart go mbeadh mapáil ann ar na constaicí atá fágtha sna Ballstáit chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach in Airteagal 3 agus go dtabharfaí aghaidh ar na topaicí tosaíochta in Airteagal 7(2a) chomh maith le moltaí maidir le dea-chleachtais. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht eatramhach agus deiridh ar an gClár a sholáthar. Ba cheart go ndéanfaí na tuarascálacha bliantúla agus na tuarascálacha meastóireachta araon inrochtana go poiblí ar leathanach gréasáin tiomnaithe.

(15a)   Ba cheart don Choimisiún seimineár leathbhliantúil a thionól, lena n-airítear beirt ionadaithe ar na Ballstáit is tairbhithe chun saincheisteanna a phlé agus na feabhsuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh a bhaineann le téamaí an Chláir, lena n-áirítear an malartú faisnéise idir na riaracháin chánach, a mholadh. Is iad na rannpháirtithe a bheidh sa seimineár faoi seach ionadaí de chomhlachtaí cinnteoireachta riarachán cánach, ionadaí ceardchumainn d’fhoireann atá ag gabháil do riarachán cánach, agus ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(16)  Chun freagairt go hiomchuí d’athruithe i dtosaíochtaí beartais cánach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun gnóthú chuspóirí sonracha an Chláir a thomhas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(17)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(13), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(14) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(15), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(18)  Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 de CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh na bainistíochta fónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach AE is ea urramú an smachta reachta.

(19)  Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. Ba cheart clúdach speansas taistil a bheith ina thosaíocht chun go n-áiritheofar rannpháirtíocht na saineolaithe náisiúnta sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

(20)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)  Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart dá bhrí sin an Rialachán sin a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Bunaítear clár 'Fiscalis' leis an Rialachán seo chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais (an 'Clár').

2.  Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn 'cánachas' ábhair, lena n-áirítear dearadh, riar, forfheidhmiú agus comhlíonadh, i ndáil leis na cánacha agus leis na dleachtanna seo a leanas:

(a)  cáin bhreisluacha dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle(17);

(b)  dleachtanna máil ar alcól dá bhforáiltear i dTreoir 92/83/CEE ón gComhairle(18);

(c)  dleachtanna máil ar tháirgí tobac dá bhforáiltear i dTreoir 2011/64/AE ón gComhairle(19);

(d)  cánacha ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas dá bhforáiltear i dTreoir 2003/96/CE ón gComhairle(20);

(e)  cánacha agus dleachtanna eile dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) de Threoir 2010/24/AE ón gComhairle(21), lena n-áirítear cánacha ioncaim corparáide, a mhéid a bhaineann siad leis an margadh inmheánach agus le comhar riaracháin idir na Ballstáit;

(2)  ciallaíonn 'údaráis chánach' na húdaráis phoiblí agus na comhlachtaí eile atá freagrach as cánachas nó as gníomhaíochtaí a bhaineann le cáin;

(3)  ciallaíonn 'córais leictreonacha Eorpacha' córais leictreonacha atá riachtanach do chánachas agus do mhisin údarás cánach a fhorghníomhú;

(4)  ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nach bhfuil ina ball den Aontas;

(4 a)  ciallaíonn ‘tír is lú forbairt’ tríú tír ísealioncaim, a bhfuil uirthi aghaidh a thabhairt ar mhórbhac struchtúrach ar fhorbairt inbhuanaithe arna sainmhíniú ag na Náisiúin Aontaithe;

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.  Tá sé mar chuspóir ginearálta leis an gClár tacaíocht a thabhairt d'údaráis chánach agus do chánachas chun feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú, iomaíocht chóir san Aontas a chothú, agus leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, lena n-áirítear ó chalaois chánach, ó imghabháil cánach agus ó phleanáil ionsaitheach cánach, agus bailiú cánach a fheabhsú.

2.  Tá cuspóir ar leith ag an gClár, is é sin, tacaíocht a thabhairt do bheartas cánach, agus dá chur chun feidhme cuí, do chomhar cánach a chothú, do mhalartú faisnéise faoi cháin agus d’fhothú acmhainneachta riaracháin, lena n-áirítear inniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú, chomh maith le nuachóiriú leanúnach na n-uirlisí tuairiscithe, iniúchta agus bogearraí a bheidh le cur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud na mBallstát. Cabhróidh an Clár freisin le riaracháin chánach chun cur i bhfeidhm threoracha an Aontais maidir le cánachas a éascú agus a fheabhsú agus chun a bhfoireann a oiliúint ina leith sin.

Airteagal 4

An buiséad

1.  Is é EUR 300 milliún i bpraghsanna 2018 nó EUR 339 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021–2027.

2.  Féadfar inter alia leis an méid dá dtagraítear i mír 1 speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a chumhdach a bhaineann le bainistiú an Chláir agus le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an Chláir. Ina theannta sin, féadfar leis an méid na speansais a bhaineann le staidéir agus ábhar scríofa ábhartha eile, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chumhdach, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí an Chláir, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chláir.

Airteagal 5

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(b)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime comhfhreagracha agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin, ar choinníoll go bhfuil leibhéal ard go leor comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais;

(c)  tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

—  go n-áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair don tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;

—  go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

—  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gClár;

—  go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Ar choinníoll go bhfuil na hábhair tosaíochta maoinithe go hiomlán, spreagfar tíortha is lú forbairt a bheith rannpháirteach sa Chlár i gcomhréir leis an gComhleanúnachas Beartais um Fhorbairt (CBF) agus leis na coinníollacha a leagtar síos sna comhaontuithe sonracha idir na tíortha sin agus an tAontas agus a chuimsíonn rannpháirtíocht na dtíortha sin sa Chlár. D’ainneoin phointe c) de mhír 1, beidh rannpháirtíocht na dtíortha is lú forbairt sa Chlár saor ó chostas dóibh agus díreoidh sé ar chuspóirí idirnáisiúnta cánach a ghnóthú, amhail an malartú uathoibríoch faisnéise maidir le cáin. Déanfaidh an comhaontú sonrach cearta an Aontais a ráthú chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus a leasanna airgeadais a chosaint.

Airteagal 6

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha.

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.  Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

2.  Beidh an méid seo a leanas san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)  cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla;

(b)  comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe, lena n-áirítear iniúchtaí ar an láthair agus iniúchtaí comhpháirteacha; [Leasuithe 2 agus 3]

(c)  gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF, go háirithe forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach nó gníomhaíochtaí cun cláir chomhpháirteacha a bhunú;

(d)  gníomhaíochtaí maidir le fothú inniúlachtaí agus acmhainneacht an duine;

(e)  tacaíocht agus gníomhaíochtaí eile, lena n-áirítear:

(1)  staidéir agus ábhar scríofa ábhartha eile;

(2)  gníomhaíochtaí nuálaíochta, go háirithe cruthúnas coincheap, treoirthionscnaimh agus tionscnaimh fhréamhshamhaltaithe;

(3)  gníomhaíochtaí cumarsáide a forbraíodh go comhpháirteach;

(4)  aon ghníomhaíocht ábhartha eile dá bhforáiltear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 13, atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach nó chun tacú leo.

Cuirtear foirmeacha de ghníomhaíochtaí ábhartha a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) i láthair i liosta neamh-uileghabhálach in Iarscríbhinn 1.

2a.   Cumhdóidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 an liosta seo a leanas de thopaicí tosaíochta:

(a)  bealaí éalaithe a dhúnadh i bhfeidhmiú éifeachtach Threoir 2011/16/AE ón gComhairle(22), arna leasú;

(b)  malartú éifeachtach faisnéise, lena n-áirítear iarrataí grúpa, agus forbairt ar fhormáidí in-úsáidte, ag áireamh na dtionscnamh ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)  bacainní ar chomhar trasteorann a bhaint;

(d)  bacainní a bhaint ar inrochtaineacht na faisnéise ar úinéireacht thairbhiúil faoi Threoir 2011/16/AE, arna leasú;

(e)  comhrac i gcoinne calaois trasteorann CBL;

(f)  malartú dea-chleachtas maidir le haisghabháil cánacha, lena n-áirítear cánacha nár íocadh i gcomhréir leis an Treoir ó AE maidir le Cáin ar Choigiltis (EUSTD);

(g)  uirlisí aontaithe náisiúnta TF a chur chun feidhme d'fhonn comhéadain choiteanna a fhorbairt chun lamháil d’idirnascadh na gcóras náisiúnta TF;

3.  Maidir le gníomhaíochtaí arb éard atá i gceist leo oiriúnuithe do chomhpháirteanna coiteanna de na córais leictreonacha Eorpacha nó síntí leo a fhorbairt agus a oibriú le haghaidh comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh siad incháilithe le haghaidh cistiú nuair is chun leasa an Aontais atá siad. Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riaracháin is gá i bhfeidhm, lena bhféadfar foráil a dhéanamh maidir le ranníocaíocht airgeadais ó na tríú páirtithe lena mbaineann na gníomhaíochtaí sin.

4.  I gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíocht fothaithe acmhainneachta TF dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 le forbairt agus oibriú córais leictreonaigh Eorpaigh, ní bheidh ach na costais a bhaineann leis na freagrachtaí arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 11(2) incháilithe le haghaidh cistiú faoin gClár. Is iad na Ballstáit a íocfaidh na costais a bhaineann leis na freagrachtaí a thugtar dóibh de bhun Airteagal 11(3).

Airteagal 8

Rannpháirtíocht saineolaithe seachtracha

1.  Aon uair inar tairbhiúil chun na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach, i gcás ionadaithe ó údaráis rialtais, lena n-áirítear iad sin ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár de bhun Airteagal 5, agus, i gcás inarb ábhartha ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile, oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha agus don tsochaí shibhialta, féadfaidh siad páirt a ghlacadh mar shaineolaithe seachtracha i ngníomhaíochtaí arna n-eagrú faoin gClár. Déanfaidh an Coimisiún measúnú, inter alia, ar neamhchlaontacht na saineolaithe seachtracha sin, a áirithiú nach ann d’aon choinbhleacht leasa lena bhfreagrachtaí gairmiúla agus déanfaidh siad cinneadh faoina rannpháirtíocht ar bhonn ad-hoc, bunaithe ar riachtanais.

2.  Beidh costais arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha dá dtagraítear i mír 1 incháilithe le haghaidh aisíocaíocht faoin gClár i gcomhréir le forálacha Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais.

3.  Roghnóidh an Coimisiún na saineolaithe seachtracha, tar éis nós imeachta cothrom agus trédhearcach a bheith ann, bunaithe ar na scileanna, ar an taithí agus ar an eolas atá acu is ábhartha don ghníomhaíocht shonrach, agus lena gcumas rannchuidiú leis an ngníomhaíocht sin. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ionadaíocht chothrom ann de na geallsealbhóirí ábhartha go léir. Soiléireoidh sé i dtaobh an nglacfaidh na saineolaithe seachtracha páirt thar a gceann féin nó thar ceann eagraíocht nó oibreoir eacnamaíoch eile. Beidh an liosta de shaineolaithe seachtracha ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

CAIBIDIL III

DEONTAIS

Airteagal 9

Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte

1.  Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoi chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn an ranníocaíocht na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus féadfar an tacaíocht as na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

3.  I gcomhréir le hAirteagal 198(f) den Rialachán Airgeadais, dámhfar na deontais gan glao ar thograí i gcás inarb údaráis chánach de chuid na mBallstát agus na dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo iad na heintitis incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.

Airteagal 10

Ráta cómhaoinithe

1.  De mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, féadfar suas le 100% de chostais incháilithe gníomhaíochta a mhaoiniú leis an gClár.

2.  Sna cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, leagfar amach an ráta cómhaoinithe is infheidhme i gcás ina n-éileofar go mbronnfar deontais de réir na ngníomhaíochtaí.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ FOTHAITHE ACMHAINNEACHTA TF

Airteagal 11

Freagrachtaí

1.  Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit an fhorbairt agus an t-oibriú i gcomhar, lena n-áirítear dearadh, sonraíocht, tástáil comhréireachta, úsáid, cothabháil, éabhlóid, slándáil, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta, na gcóras leictreonach Eorpach a liostaítear sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá dtagraítear in Airteagal 12.

2.  Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

(a)  forbairt agus oibriú comhpháirteanna coiteanna arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá bhforáiltear in Airteagal 12;

(b)  forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú go foriomlán chun críocha a n-inoibritheachta, a n-idirnascachta agus a bhfeabhsaithe leanúnaigh agus a gcur chun feidhme shioncronaithe;

(c)  comhordú córas leictreonach Eorpach ar leibhéal an Aontais d'fhonn iad a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta;

(d)  forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú maidir lena n-idirghníomhaíochtaí le tríú páirtithe, seachas gníomhaíochtaí atá ceaptha chun ceanglais náisiúnta a chomhlíonadh;

(e)  comhordú córas leictreonach Eorpach le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh-Rialtas ar leibhéal an Aontais;

(ea)   comhordú beart frithchalaoise arna gcur i bhfeidhm trí na dea-chleachtais náisiúnta ar leibhéal an Aontais a shainaithint agus eolas a thabhairt ina dtaobh.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas go háirithe:

(a)  forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá bhforáiltear in Airteagal 12;

(b)  forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta córas leictreonach Eorpach a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta;

(c)  córais leictreonacha Eorpacha a chomhordú le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh-Rialtas ar leibhéal an Aontais;

(d)  soláthar rialta faisnéise don Choimisiún maidir leis na bearta arna ndéanamh chun go bhféadfaidh a n-údaráis nó a n-oibreoirí eacnamaíocha faoi seach lánúsáid a bhaint as córais leictreonacha Eorpacha;

(e)  cur chun feidhme córas leictreonach Eorpach ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 12

Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais (MASP-T)

1.  Déanfaidh an Coimisiún Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta ina liostófar gach cúram ábhartha chun córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú agus ina n-aicmeofar gach córas, nó cuid de:

(a)  mar chomhpháirt choiteann: mar chomhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, atá ar fáil do gach Ballstát nó atá sainaitheanta mar chomhpháirt choiteann ag an gCoimisiún ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe;

(b)  mar chomhpháirt náisiúnta: mar chomhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta, atá ar fáil sa Bhallstát a chruthaigh comhpháirt den sórt sin nó a rannchuidigh lena comhchruthú;

(c)  nó meascán den dá rud.

2.  Ina theannta sin, cuirfear san áireamh sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais gníomhaíochtaí nuálaíochta agus treoirghníomhaíochtaí mar aon leis na modheolaíochtaí agus leis na huirlisí tacaíochta i ndáil leis na córais leictreonacha Eorpacha.

3.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach cúram a shanntar dóibh a chur i gcrích faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá dtagraítear i mír 1. Tuairisceoidh siad go rialta don Choimisiún freisin maidir leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad lena gcúraimí a bhaineann leis an gClár iomlán.

4.  Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar an dul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá dtagraítear i mír 1 lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Beidh na tuarascálacha bliantúla sin bunaithe ar fhormáid réamhshocraithe. Sna tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn, déanfaidh na Ballstáit tuairisc ar na constaicí maidir le cuspóirí an Chláir a bhaint amach mar a leagtar amach in Airteagal 3 agus ag tabhairt aghaidh ar na topaicí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 (2a) agus moltaí a dhéanamh maidir le dea-chleachtais.

5.  Tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, bunóidh an Coimisiún, ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 4, tuarascáil chomhdhlúite ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i gcur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i mír 1 agus poibleoidh sé an tuarascáil sin, chomh maith leis an dul chun cinn maidir le baint amach chuspóirí an Chláir a luaitear in Airteagal 3 agus na topaicí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(2a). Chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sa tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite go ndéanfar mapáil ar na constaicí atá fágtha sna Ballstáit chun cuspóirí an Chláir mar a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach agus ag tabhairt aghaidh ar na topaicí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(2a) agus moltaí a dhéanamh maidir le dea-chleachtais. Cuirfear tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite an Choimisiúin ar fáil go poiblí ar leathanach gréasáin tiomnaithe ón gCoimisiún agus beidh sí mar bhonn do chláir oibre ilbhliantúla a bheidh ann amach anseo dá dtagraítear in Airteagal 13 agus do na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 15.

CAIBIDIL V

CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 13

Clár oibre

1.  Is leis na cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 108 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.

2.  Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre ilbhliantúla trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 17.

Airteagal 14

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn 2 na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 17, chun Iarscríbhinn 2 a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

Airteagal 15

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta. Déanfaidh an Coimisiún na meastóireachtaí sin a chur ar fáil go poiblí ar leathanach tiomnaithe gréasáin.

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná trí bliana ó thosach chur chun feidhme an chláir.

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

4.  Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 16

Iniúchtaí agus imscrúduithe

I gcás ina mbeidh tríú páirtí rannpháirteach sa Chlár le cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dhlíthiúil eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta is gá agus an rochtain a theastaíonn don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí ábhartha a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar ar na cearta sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

CAIBIDIL VI

AN NÓS IMEACHTA COISTE AGUS AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus in Airteagal 14(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear inAirteagal 13(2) agus in Airteagal 14(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste dá ngairfear "Coiste Chlár Fiscalis" cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 19

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le ▌ cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 20

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 21

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh clúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir, Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013, a áirithiú.

3.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN 1

Liosta neamh-uileghabhálach d'fhoirmeacha gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(2)

Féadfaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(2) a bheith sna foirmeacha seo a leanas, i measc nithe eile:

(a)  Maidir le cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla:

–  Seimineár agus ceardlann, a bhfreastalaíonn gach tír orthu den chuid is mó ina ndéantar cur i láthair agus ina ndéanann rannpháirtithe dianphlé agus gníomhaíocht maidir le hábhar ar leith;

–  Turas oibre, arna eagrú chun cur ar chumas oifigeach saineolas nó tuiscint ar bheartais chánach a fháil nó a mhéadú;

–  Láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin;

(b)  Maidir le comhoibriú struchtúrtha:

–  Grúpa tionscadail, comhdhéanta de ghnáth de líon teoranta tíortha, a bheidh oibríochtúil ar feadh tréimhse theoranta ama chun cuspóir atá réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, lena n-áirítear comhordú nó tagarmharcáil, a shaothrú;

–  Tascfhórsa, eadhon foirmeacha struchtúrtha comhair, de chineál buan nó neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a shaineolas chun tascanna i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh agus seirbhísí comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh mar thaca leis sin, b'fhéidir;

–  Rialú iltaobhach nó comhuaineach, arb éard atá i gceist leis seiceáil chomhordaithe a dhéanamh ar an staid chánach i leith duine inchánach amháin nó níos mó lena mbaineann arna heagrú ag dhá thír nó níos mó, lena n-áirítear dhá Bhallstát ar a laghad, a bhfuil leasanna coiteanna nó comhlántacha acu;

–  Iniúchadh comhpháirteach, arb éard atá i gceist leis seiceáil chomhpháirteach a dhéanamh ar an staid chánach i leith duine inchánach amháin nó níos mó lena mbaineann arna déanamh ag foireann iniúchóireachta amháin comhdhéanta de dhá thír nó níos mó, lena n-áirítear dhá Bhallstát ar a laghad, a bhfuil leasanna coiteanna nó comhlántacha acu;

–  Aon fhoirm eile comhair riaracháin arna bunú le Treoir 2011/16/AE, Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 nó Treoir 2010/24/AE;

(d)  Maidir le gníomhaíochtaí i dtaca le fothú inniúlachtaí agus acmhainneacht an duine:

–  Oiliúint choiteann nó forbairt na ríomhfhoghlama chun tacú leis na scileanna gairmiúla agus an t-eolas riachtanach i ndáil le cúrsaí custaim;

–  Tacaíocht theicniúil, a bhfuil sé mar aidhm léi nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú, feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin agus feidhmiú agus oibríochtaí riarachán custaim a fheabhsú trí dhea-chleachtais a thionscnamh agus a chomhroinnt.

IARSCRÍBHINN 2

Táscairí

Cuspóir sonrach: tacaíocht a thabhairt do bheartas cánach, do chomhar cánach agus d’fhothú acmhainneachta riaracháin, lena n-áirítear inniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú.

1.  Fothú Acmhainneachta (acmhainneacht riaracháin, an duine agus TF):

1.  An tInnéacs maidir le Dlí agus Beartais an Aontais a Chur i bhFeidhm agus a Chur Chun Feidhme (Líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n-eagrú sa réimse sin agus moltaí arna n-eisiúint i ndiaidh na ngníomhaíochtaí sin)

2.  An tInnéacs Foghlama (Na modúil foghlama arna n-úsáid; líon na n-oifigeach ar cuireadh oiliúint orth scór cáilíochta de réir na rannpháirtithe)

3.  Infhaighteacht córas leictreonach Eorpach (ó thaobh céatadán oibre de)

4.  Infhaighteacht an Líonra Cumarsáide Choitinn (ó thaobh céatadán oibre de)

5.  Nósanna imeachta TF simplithe le haghaidh na riarachán náisiúnta agus na n-oibreoirí eacnamaíocha (líon na n-oibreoirí eacnamaíocha cláraithe, líon na n-iarratas agus líon na gcomhairliúchán sna córais leictreonacha éagsúla arna gcistiú leis an gClár)

2.  Comhroinnt eolais agus líonrú:

6.  Innéacs Láidreacht an Chomhoibrithe (méid an líonraithe arna dhéanamh, líon na gcruinnithe aghaidh ar aghaidh, líon na ngrúpaí comhoibrithe ar líne)

7.  An tInnéacs Dea-chleachtas agus Treoirlínte (líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n-eagrú sa réimse seo; céatadán na n-údarás cánach a bhain leas as cleachtas oibre nó as treoirlíne arna fhorbairt nó arna forbairt agus tacaíocht á fáil ón gClár)

2a.  Táscairí breise

1.  Ioncam arna bhailiú sa chomhrac i gcoinne calaois chánach, imghabháil cánach, pleanáil ionsaitheach cánach le linn iniúchtaí comhpháirteacha.

2.   Líon na n-iarrataí le haghaidh comhar riaracháin agus breithiúnach, arna bhfáil agus ar tugadh freagra orthu, i gcomhair gach Ballstáit.

(1) IO C […], […], p. […].
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).
(3) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1
(4) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(5) Treoir 2014/107/AE ón gComhairle an 9 Nollaig 2014 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais IO L 359, 16.12.2014, lch. 1);
(6) Treoir (AE) 2015/2376 ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais IO L 332, 18.12.2015, lch. 1);
(7) Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais IO L 146, 3.6.2016, lch. 8);
(8) Treoir (AE) 2016/2258 ón gComhairle an 6 Nollaig 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le rochtain a bheith ag na húdaráis chánach ar fhaisnéis faoin gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid IO L 342, 16.12.2016, lch. 1);
(9) Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann (IO L 139, 5.6.2018, lch. 1);
(10) COM(2010)0700.
(11) Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(12) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(13) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(14) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(15) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(16) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(17) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1);
(18) Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).
(19) Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24).
(20) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).
(21) Treoir 2010/24/AE ón gComhairle an 16 Márta 2010 maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú, (IO L 84, 31.3.2010, lch. 1).
(22)1 Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 23 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais