Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0276(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0451/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0451/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 31/01/2019 - 9.4

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0049

Téacsanna atá glactha
PDF 112kWORD 48k
Déardaoin, 31 Eanáir 2019 - Brussels
Aontachas na Poblachta Doiminicí le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí *
P8_TA(2019)0049A8-0451/2018

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údarófar don Ostair, don Chipir, don Chróit, do Lucsamburg, don Phortaingéil, don Rómáin agus don Ríocht Aontaithe glacadh, chun leasa an Aontais Eorpaigh, le haontachas na Poblachta Doiminicí le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (COM(2018)0526 – C8-0376/2018 – 2018/0276(NLE))

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle (COM(2018)0526),

–  ag féachaint d’Airteagal 38, an ceathrú mír, de Choinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí,

–  ag féachaint d’Airteagal 81(3) agus d’Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Comhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C8‑0376/2018),

–  ag féachaint do thuairim na Cúirte Breithiúnais(1) maidir le hinniúlacht eachtrach eisiach an Aontais Eorpaigh i gcomhair dearbhú glactha le haontachas le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí,

–  ag féachaint do Riail 78c agus do Riail 108(8) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0451/2018),

1.  ag formheas an údaraithe don Ostair, don Chipir, don Chróit, do Lucsamburg, don Phortaingéil, don Rómáin agus don Ríocht Aontaithe glacadh, chun leasa an Aontais Eorpaigh, le haontachas na Poblachta Doiminicí le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chomh maith leis sin chuig Oifig Bhuan Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.

(1) Tuairim na Cúirte Breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2014, 1/13, ECLI:AE:C:2014:2303.

An nuashonrú is déanaí: 13 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais