Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0267M(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0034/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0034/2019

Díospóireachtaí :

PV 11/02/2019 - 15
CRE 11/02/2019 - 15

Vótaí :

PV 12/02/2019 - 9.2
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0064

Téacsanna atá glactha
PDF 125kWORD 53k
Dé Máirt, 12 Feabhra 2019 - Strasbourg
Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Cósta Eabhair agus AE (2018-2024) (rún)
P8_TA(2019)0064A8-0034/2019

Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair (2018-2024) (10858/2018 – C8-0387/2018 – 2018/0267M(NLE))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10858/2018),

–  ag féachaint don Phrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair (2018-2024) (10856/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0387/2018),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 12 Feabhra 2019 maidir leis an dréachtchinneadh(1),

–  ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach agus don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt (A8-0034/2019),

A.  de bhrí go bhfuil an Coimisiún agus an Cósta Eabhair i ndiaidh comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nua (SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair) agus prótacal cur chun feidhme go ceann tréimhse de shé bliana a chaibidliú;

B.  de bhrí gurb é an aidhm fhoriomlán atá le SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair ná méadú a dhéanamh ar an gcomhar idir AE agus an Cósta Eabhair maidir le hiascaigh, chun leasa an dá pháirtí, trí bheartas inbhuanaithe iascaigh agus saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a chur chun cinn i limistéar eacnamaíoch eisiach (LEE) an Chósta Eabhair;

C.  de bhrí gur chomhionann le 79 %, ar an meán, é glacadh deiseanna iascaigh faoin SFPA a bhí ann roimhe seo idir AE agus an Cósta Eabhair, ar figiúr é a meastar a bheith maith ar an mórgóir; de bhrí, áfach, le linn na tréimhse sin, nár bhain na báid spiléar leas as na deiseanna iascaireachta a bhí ar fáil;

D.  de bhrí, mar gheall ar na SFPAnna idir AE agus an Cósta Eabhair a bheith tugtha i gcrích ceann i ndiaidh a chéile, go bhfuiltear ag cabhrú le geilleagar an Chósta Eabhair sa mhéid is go bhfuiltear tar éis mairnéalaigh áitiúla, calafort Abidjan agus saoráidí cannadóireachta a úsáid, foghabhálacha éisc ó bháid tuinnín-saighneoireachta AE a shaothrú agus acmhainneacht faireacháin áitiúil a neartú (cé go meastar go ginearálta an méid sin a bheith ábhar beag);

E.  de bhrí gur cheart go ndéanfadh an SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair forbairt inbhuanaithe níos éifeachtaí ar earnáil iascaigh an Chósta Eabhair agus ar na hearnálacha agus na gníomhaíochtaí gaolmhara, a chur chun cinn; de bhrí, maidir leis an tacaíocht a bheidh le soláthar faoin bPrótacal, gur gá go mbeadh sí comhsheasmhach leis na pleananna forbartha náisiúnta – go háirithe an Plean Straitéiseach i ndáil le Beostoc, Iascaigh agus Dobharshaothrú a fhorbairt (PSDEPA) – agus an Plean Gníomhaíochta don Fhás Gorm, a dréachtaíodh i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe chun táirgeacht san earnáil a mhéadú agus an earnáil a dhéanamh gairmiúil chun riachtanais bia agus fostaíochta an phobail a chomhlíonadh; de bhrí, de réir an Phlean Straitéisigh thuasluaite, go bhfuil gá le buiséad de níos mó ná EUR 140 milliún chun na haidhmeanna sin a bhaint amach;

F.  de bhrí go bhfuil AE, tríd an gCiste Eorpach Forbraíochta, ag cur buiséad ilbhliantúil de EUR 273 mhilliún ar fáil don Chósta Eabhair, faoina ndírítear, i measc réimsí eile, ar an mbonneagar, ar an tsláinte agus ar an gcabhair dhaonnúil;

1.  den tuairim gur cheart go saothródh an SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair dhá sprioc atá chomh tábhachtach le chéile: (1) deiseanna iascaigh a sholáthar do shoithí AE atá i LEE an Chósta Eabhair, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil agus gan cur isteach ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta de chuid na n-eagraíochtaí réigiúnacha a bhfuil an Cósta Eabhair ina cuid díobh – an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh go príomha – nó an barrachas ar fáil a shárú; agus (2) comhar idir AE agus an Cósta Eabhair a chur chun cinn d’fhonn beartas inbhuanaithe iascaigh agus saothrú fónta acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair, agus rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe earnáil iascaigh an Chósta Eabhair trí chomhar eacnamaíoch, airgeadais, teicniúil agus eolaíoch, gan an bonn a bhaint ó roghanna ceannasacha an Chósta Eabhair ná ó straitéisí maidir leis an bhforbairt sin;

2.  ag tarraingt aird ar thorthaí an mheasúnaithe shiarghabhálaigh agus fhadbhreathnaithigh ar an bPrótacal a ghabhann leis an SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair, a rinneadh i mí Mheán Fómhair 2017, agus inar luadh gur léir an Prótacal a ghabhann le SFPA 2013-2018 a bheith, ar an mórgóir, éifeachtach, éifeachtúil, iomchuí do na leasanna lena mbaineann, comhsheasmhach le beartas earnálach an Chósta Eabhair agus go raibh na geallsealbhóirí an-toilteanach glacadh leis, agus inar moladh go mbeadh an rogha ann prótacal nua a thabhairt chun críche;

3.  ag áitiú gur gá don SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair agus an Prótacal a ghabhann leis, nuair a chuirfear chun feidhme iad agus dá ndéanfaí athbhreithniú agus/nó athnuachan orthu, foráil a dhéanamh do PSDEPA agus don Phlean Gníomhaíochta don Fhás Gorm maidir le forbairt earnáil iascaigh an Chósta Eabhair, agus ailíniú a dhéanamh leo, agus gur cheart dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

   feabhas a chur ar an rialachas: reachtaíocht a dhréachtú agus a bhailíochtú agus cuir le pleananna bainistíochta;
   treisiú leis an rialú agus leis an bhfaireachas i limistéar eacnamaíoch eisiach an Chósta Eabhair;
   neartú a dhéanamh ar bhearta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chomhrac, lena n-áirítear in uiscí intíre;
   cead a thabhairt chun céanna agus calafoirt cur i dtír a thógail agus/nó a athchóiriú, lena n-áirítear – ach gan a bheith teoranta dó – Calafort Abidjan;
   feabhas a chur ar choinníollacha ag tithe deataithe éisc, go háirithe do mhná, agus ar an gcaoi sin, an córas leasaithe a dhéanamh níos éifeachtaí;
   tacú le feabhas a chur ar dhálaí oibre do mhná, arb iad go príomha atá freagrach as déileáil le forghabháil éisc;
   limistéir muirí faoi chosaint a bhunú;
   comhpháirtíochtaí le tríú tíortha a threisiú trí bhíthin comhaontuithe iascaigh, trédhearcacht a áirithiú trí fhoilsiú inneachar na gcomhaontuithe sin, agus chomh maith leis sin, trí chlár réigiúnach i gcomhair oiliúint agus úsáid breathnadóirí a bhunú;
   tógáil margaí éisc a chumasú;
   treisiú eagraíochtaí ina ndéantar ionadaíocht ar fhir agus ar mhná in earnáil na hiascaireachta a chumasú, go háirithe iad siúd a bhíonn ag plé le hiascaireacht ar mhionscála, agus ar an gcaoi sin, a chabhraíonn le hinniúlachtaí teicniúla, bainistíochta agus caibidlíochta a neartú;
   fónamh chun lárionaid bhunúsacha agus oiliúna gairmiúla a chur ar bun agus/nó a athchóiriú, agus ar an gcaoi sin, leibhéil scileanna na n-iascairí agus na mairnéalach a ardú;
   feabhas a chur ar acmhainní taighde eolaíoch agus ar an gcumas faireachán a dhéanamh ar acmhainní iascaigh;
   feabhas a chur ar inbhuanaitheacht acmhainní muirí trí chéile;

4.  ag meas go bhféadfadh na rialacha atá ann maidir le mairnéalaigh ACC a earcú i gcomhair shoithí iascaireachta AE, arbh ionann é agus 20 % den fhoireann, a bheith níos uaillmhianaí; ag athdhearbhú gur gá cloí le prionsabail EIS agus, go háirithe, ag moladh go síneofaí Coinbhinsiún Uimh. 188 EIS, lena dtugtar le fios go bhfuil oibleagáid ann urraim a thabhairt do phrionsabail ghinearálta na saoirse comhlachais agus na cómhargála neamhshrianta i gcás oibrithe agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe san fhostaíocht agus ag an obair; á iarraidh freisin go dtabharfaí aird ar na héilimh ó cheardchumainn na mairnéalach áitiúil go ndéanfaí an cumhdach slándála sóisialta, an cumhdach sláinte agus an cumhdach scoir do mhairnéalaigh ACC a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr;

5.  ag meas gur cheart an fhaisnéis ar na tairbhí a dhéanann cur chun feidhme an Phrótacail do gheilleagair áitiúla (fostaíocht, bonneagar, feabhsuithe sóisialta) a thiomsú;

6.  ag meas gurb inmhianaithe feabhas a chur ar chainníocht agus cruinneas sonraí maidir le gach gabháil (spriocspeicis agus foghabhálacha) agus maidir le stádas caomhantais acmhainní iascaigh agus feabhas a chur ar chur chun feidhme an chistithe tacaíochta earnála chun gur féidir, ar bhealach níos cruinne, an tionchar atá ag an gComhaontú ar éiceachóras na mara agus ar phobail iascaireachta, a thomhas; á iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú chun a áirithiú gur féidir leis na comhlachtaí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena n-áirítear coiste comhpháirteach eolaíoch a bheidh le cur ar bun chun na críche sin, feidhmiú go rialta agus go trédhearcach, i gcomhar le comhlachais iascairí mionscála agus comhlachais dheataithe éisc, le ceardchumainn, le hionadaithe ó phobail chósta, agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Chósta Eabhair;

7.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, sa chomhar eatarthu agus ina mbeartais oifigiúla cúnaimh um fhorbairt trína ndírítear ar an gCósta Eabhair, aird a thabhairt air gur cheart go mbeadh an Ciste Eorpach Forbraíochta agus an tacaíocht earnála a leagtar síos sa SFPA seo comhlántach lena chéile d’fhonn rannchuidiú, ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtaí, le cumhachtú na bpobal iascaireachta áitiúil agus le feidhmiú iomlán cheannasacht an Chósta Eabhair ar acmhainní na tíre sin;

8.  á iarraidh ar an gCoimisiún go n-áiteoidh sé ar Phoblacht an Chósta Eabhair an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an bprótacal a úsáid chun a tionscal iascaigh náisiúnta a neartú ar bhonn inbhuanaithe, lena gcuirfí borradh faoin éileamh ar infheistíocht áitiúil agus ar thionscadail thionsclaíocha, agus lena gcruthófaí poist áitiúla.

9.  á iarraidh ar an gCoimisiún miontuairiscí agus conclúidí chruinnithe an Choiste Chomhpháirtigh dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Chomhaontú, an clár earnála ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Phrótacal, agus torthaí na meastóireachtaí bliantúla, a chur chuig Parlaimint na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún cead a thabhairt d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa freastal ar chruinnithe an Choiste Chomhpháirtigh mar bhreathnadóirí agus rannpháirtíocht phobail iascaireachta an Chósta Eabhair a spreagadh;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, ag gníomhú dóibh laistigh de theorainneacha a gcumhachtaí féin, Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas láithreach agus go hiomlán ag gach céim de na nósanna imeachta a bhaineann leis an bPrótacal agus, más infheidhme, lena athnuachan, de bhun Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 218(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

11.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus rialtais agus parlaimintí Phoblacht an Chósta Eabhair.

(1) Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0063.

An nuashonrú is déanaí: 27 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais