Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0044(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0261/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0261/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 13/02/2019 - 8.4

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0086

Téacsanna atá glactha
PDF 197kWORD 59k
Dé Céadaoin, 13 Feabhra 2019 - Strasbourg Eagrán deiridh
An dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de ***I
P8_TA(2019)0086A8-0261/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de (COM(2018)0096 – C8-0109/2018 – 2018/0044(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0096),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 81(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0109/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0261/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 303, 29.8.2018, lch. 2.
(2)IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de
P8_TC1-COD(2018)0044

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt. D’fhonn limistéar den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas chun bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a mbeidh impleachtaí trasteorann acu, a mhéad agus is gá sin d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(2)  De bhun Airteagal 81 den Chonradh, áireofar sna bearta sin bearta a mbeidh sé mar aidhm leo comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontacht dlíthe a áirithiú.

(3)  Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go cuí, d’fhonn intuarthacht a fheabhsú i dtaca le toradh dlíthíochta, is gá deimhneacht dhlíthiúil i dtaca le cén dlí is infheidhme agus saorghluaiseacht agus aitheantas breithiúnas, chun go n‑ainmneofar le rialacha na heasaontachta dlíthe sna Ballstáit an dlí náisiúnta céanna mar an dlí is infheidhme, beag beann ar cén Ballstát ina bhfuil an chúirt ina dtugtar an chaingean. [Leasú 1]

(4)  Ní chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) na saincheisteanna maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Ceanglaítear le hAirteagal 27(2) den Rialachán sin, áfach, go ndéanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le héifeachtacht sannta nó seachaíochta éilimh in aghaidh tríú páirtithe agus tosaíocht an éilimh a shanntar nó a sheachaítear ar cheart duine eile, agus ba cheart togra a bheith ag gabháil leis, más iomchuí, maidir leis an Rialachán sin a leasú mar aon le measúnú ar thionchar na bhforálacha atá le tabhairt isteach.

(5)  An 18 Feabhra 2015 ghlac an Coimisiún Páipéar Uaine ar Aontas na Margaí Caipitil a Thógáil inar luadh gur ghné thábhachtach í deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bhaint amach i gcásanna aistrithe éileamh trasteorann agus i dtaobh ord tosaíochta na n‑aistrithe sin, go háirithe i gcásanna dócmhainneachta, chun margadh uile-Eorpach a fhorbairt in urrúsú agus i socruithe comhthaobhachta airgeadais, agus maidir le gníomhaíochtaí eile amhail an fhachtóireacht.

(6)  An 30 Meán Fómhair 2015, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht ina raibh Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil. Sa Phlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil sonraíodh go gcuireann difríochtaí sa chaoi a bpléitear ar an leibhéal náisiúnta le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh fiachais de le castacht úsáid na n‑ionstraimí sin mar chomhthaobhacht trasteorann, agus thángthas ar an gconclúid go gcuireann an éiginnteacht dhlíthiúil sin bac ar oibríochtaí airgeadais atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de, ar nós urrúsuithe. Sa Phlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil fógraíodh go mbeartódh an Coimisiúin rialacha aonfhoirmeacha chun a chinneadh le deimhneacht dhlíthiúil cén dlí náisiúnta ar cheart feidhm a bheith aige maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.

(7)  An 29 Meitheamh 2016 ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le hoiriúnacht Airteagal 3(1) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais inar díríodh ar an gceist an oibríonn an Treoir seo go héifeachtach agus go héifeachtúil maidir leis na bearta foirmiúla is gá chun éilimh chreidmheasa a sholáthar mar chomhthaobhacht. Ba é conclúid na tuarascála go bhféadfaí a chinneadh le deimhneacht dhlíthiúil cén dlí náisiúnta ar cheart feidhm a bheith aige maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, dá nglacfaí leis an moladh maidir le rialacha aonfhoirmeacha i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, rud a bheadh ina chuidiú chun deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bhaint amach i gcásanna úsáide trasteorann éileamh creidmheasa mar chomhthaobhacht.

(8)  An 29 Meán Fómhair 2016, ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le héifeachtacht sannta nó seachaíochta éilimh in aghaidh tríú páirtithe agus tosaíocht an éilimh a shanntar nó a sheachaítear ar cheart duine eile. Ba é conclúid na tuarascála go gcuirfeadh rialacha aonfhoirmeacha na heasaontachta dlíthe lena rialófaí éifeachtacht na sanntaí in aghaidh tríú páirtithe chomh maith le ceisteanna tosaíochta idir sannaithe iomaíocha nó idir sannaithe agus sealbhóirí cirt eile feabhas ar an deimhneacht dhlíthiúil agus go laghdófaí deacrachtaí praiticiúla agus na costais dhlíthiúla a bhaineann leis an éagsúlacht sa chur chuige atá sna Ballstáit faoi láthair dá mbarr.

(9)  Ba cheart raon feidhme substainteach agus forálacha an Rialacháin seo a bheith comhsheasmhach le Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1215/2012 (7) agus (AE) Uimh. 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himeachtaí dócmhainneachta.(8). Ba cheart bearnaí rialála idir na ionstraimí sin a sheachaint a oiread is féidir sa léirmhíniú ar an Rialachán seo.

(10)  Cuirtear chun feidhme leis an Rialachán seo Plean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil. Comhlíontar leis freisin an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 27(2) de Rialachán na Róimhe I gur cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú agus, más iomchuí, togra maidir le héifeachtacht sannta éilimh in aghaidh tríú páirtithe agus tosaíocht an tsannaí ar cheart duine eile.

(11)  Ní ann do rialacha na heasaontachta shraith chomhchuibhithe rialacha easaontachta dlíthe lena rialaítear éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de ar leibhéal an Aontais faoi láthair. Is ar leibhéal na mBallstát a leagtar síos na rialacha easaontachta dlíthe sin, ach bíonn siad neamhréireach agus - mar gheall ar iad a bheith bunaithe ar nascfhachtóirí éagsúla chun an dlí is infheidhme a chinneadh - agus doiléir go minic , dá bhrí sin, go háirithe sna tíortha sin nach ndéantar rialacha den sórt sin a rialú iontu le forálacha reachtacha ar leithligh. I gcás sannadh éileamh trasteorann, is é an toradh ar neamhréireacht na rialacha easaontachta dlíthe éiginnteacht dhlíthiúil maidir le cén dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh an tsannta de . Cruthaíonn an easpa deimhneacht dhlíthiúil riosca dlíthiúil i sannadh éileamh trasteorann nach bhfuil ann i gcás sannadh intíre mar is féidir rialacha substainteacha náisiúnta difriúla a chur i bhfeidhm ag brath ar cén Ballstát a ndéanann a chúirteanna nó a údaráis díospóid maidir leis an teideal dlí ar na héilimh a mheas; is intuigthe as sin go mbeidh toradh éagsúil ar choinbhleacht tosaíochta maidir le húinéireacht éilimh tar éis sannadh trasteorann, ag brath ar an dlí náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm. [Leasú 2]

(12)  Mura bhfuil na sannaithe ar an eolas faoin riosca dlíthiúil nó má roghnaíonn siad neamhaird a dhéanamh de, féadfaidh caillteanais airgeadais gan choinne a bheith ann dóibh. Féadfaidh torthaí iarmhartacha a bheith ar an éiginnteacht maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar na héilimh arna sannadh ar bhonn trasteorann agus tionchar na géarchéime airgeadais a dhoimhniú agus a mhéadú, dá bhrí sin. Má chinneann na sannaithe an riosca dlíthiúil a mhaolú trí chomhairle dlí sainiúil a lorg, tabhóidh siad costais idirbheart níos airde nach mbeadh i gceist i gcás sanntaí intíre. Má tá na sannaithe á gcosc ag an riosca dlíthiúil agus má roghnaíonn siad é a sheachaint, féadfaidh siad deiseanna gnó a chailleadh agus féadfaidh sé go dtiocfaidh laghdú ar chomhtháthú an mhargaidh. [Leasú 3]

(12a)   Is féidir leis an riosca dlíthiúil sin a bheith ina dhíspreagadh, freisin. Féadfaidh na sannaithe agus na sannóirí rogha a dhéanamh é a sheachaint, agus deiseanna gnó a chailleadh ar an gcaoi sin. Taibhsíonn sé, dá bhrí sin, nach bhfuil an easpa soiléireachta seo i gcomhréir leis an gcuspóir maidir le comhtháthú an mhargaidh agus le prionsabal na saorghluaiseachta caipitil a chumhdaítear in Airteagal 63 go hAirteagal 66 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. [Leasú 4]

(13)  Is é cuspóir an Rialacháin seo foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil trí rialacha comhchoiteanna easaontachta dlíthe a leagan síos lena n‑ainmnítear an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, agus idirbhearta éileamh trasteorann a mhéadú ar an gcaoi sin, chun go spreagfaí an infheistíocht thrasteorann san Aontas agus go n-éascófaí rochtain ar mhaoiniú do ghnólachtaí - lena n-áirítear fiontair bheaga agus mhéanmhéide (FBManna) - agus do thomhaltóirí. [Leasú 5]

(14)  Is é is éileamh ann ceart a bheith ag creidiúnaí in aghaidh féichiúnaí ar íocaíocht suim airgid nó ar oibleagáid a chomhlíonadh. Cuireann sannadh éilimh ar chumas an chreidiúnaí (an sannóir) a cheart chun an fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí a aistriú chuig duine eile (an sannaí). Is leis na rialacha easaontachta dlíthe a leagtar síos i Rialachán na Róimhe I a ainmnítear na dlíthe lena rialaítear an gaol conarthach idir an creidiúnaí agus an féichiúnaí, idir an sannóir agus an sannaí, agus idir an sannaí agus an féichiúnaí.

(14a)   Ní bheartaítear leis an Rialachán seo go n-athrófar forálacha Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 maidir le héifeacht dílseánaigh sannta shaorálaigh, amhail idir sanntóir agus sannaí nó idir sannaí agus féichiúnaí. [Leasú 6]

(15)  Ba cheart go rialódh na rialacha easaontachta dlíthe a leagtar síos sa Rialachán seo éifeachtaí dílseánaigh ó thaobh sannadh éileamh de idir na páirtithe go léir a bhaineann leis an sannadh (is é sin, idir an sannóir agus an sannaí agus idir an sannaí agus an féichiúnaí) agus i ndáil le tríú páirtithe (creidiúnaí de chuid an tsannóra, mar shampla), diomaite den fhéichiúnaí. [Leasú 7]

(16)  Is infháltais trádála iad na héilimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, éilimh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais(9) agus airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa. Áirítear le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle urrúis agus díorthaigh arna dtrádáil ar na margaí airgeadais. Cé gur sócmhainní iad urrúis, is conarthaí iad díorthaigh lena n‑áirítear cearta (nó éilimh) agus oibleagáidí ar na páirtithe sa chonradh. [Leasú 8]

(17)  Baineann an Rialachán le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Ní chumhdaítear leis Cumhdaítear ann go háirithe aistriú na gconarthaí sin (amhail conarthaí díorthacha), ina bhfuil cearta (nó éilimh) agus oibleagáidí san áireamh, nó nuachan conarthaí ina gcuimsítear cearta agus oibleagáidí den sórt sin. Toisc nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo aistriú ná nuachan conarthaí, leanfar den trádáil in ionstraimí airgeadais, agus imréiteach agus socrú na n‑ionstraimí sin, a bheith arna rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil le hoibleagáidí conarthacha mar a leagtar síos i Rialachán na Róimhe I é. De ghnáth, is iad na páirtithe sa chonradh a roghnaíonn an dlí nó ainmnítear é le rialacha neamhroghnacha is infheidhme maidir le margaí airgeadais. [Leasú 9]

(18)  Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear d'ábhair arna rialú ag an Treoir Comhthaobhachta Airgeadais, an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta(10), an Treoir maidir le Foirceannadh(11) Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44, Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45, Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46 agus Rialachán na Clárlainne(12) Rialachán (AE) Uimh. 389/201347 ón gCoimisiún, ós rud é nach bhfuil forluí ann, dá bhrí sin, idir raon feidhme rialacha na heasaontachta dlíthe sa Rialachán seo agus raon feidhme rialacha na heasaontachta dlíthe sna trí Threoir sin..[Leasú 10] + MEF

(19)  Ba cheart an Rialachán seo a bheith uilíoch: ba cheart go mbeadh feidhm ag an dlí arna ainmniú leis an Rialachán seo, fiú amháin mura dlí Ballstáit é.

(20)  Tá an intuarthacht riachtanach do thríú páirtithe a bhfuil suim acu teideal dlí a fháil ar an éileamh arna shannadh. Nuair a chuirtear dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir i bhfeidhm maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, cuireann sé ar chumas na dtríú páirtithe a bheith ar eolas roimh ré maidir le cén dlí náisiúnta lena rialófar a gcearta. Ba cheart feidhm a bheith ag gnáthchónaí an tsannóra mar riail maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, dá bhrí sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an riail sin, go háirithe, maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i dtaca leis an bhfachtóireacht, an chomhthaobhacht agus, i gcás nár roghnaigh na páirtithe dlí an éilimh arna shannadh, i dtaca leis an urrúsú.

(21)  Ba cheart go gcumasódh an dlí a roghnaítear mar riail is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, an cinneadh maidir leis an dlí is infheidhme nuair a shannfar éilimh sa todhchaí, cleachtas coitianta ina ndéantar éilimh iomadúla a shannadh, mar shampla i gcás na fachtóireachta. A bhuí le cur i bhfeidhm an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra beifear in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de sa todhchaí.

(22)  Is minic a thagann an gá atá le cinneadh a dhéanamh maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar éileamh arna shannadh chun cinn nuair atá an t‑eastát dócmhainneachta á shainiú i gcás ina bhfuil an sannóir dócmhainneach. Ba mhaith an rud é, dá bhrí sin, comhleanúnachas a bheith idir na rialacha easaontachta dlíthe a leagtar síos leis an Rialachán seo agus na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart comhleanúnachas a bhaint amach trí chur chun feidhme mar riail an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, mar tagann úsáid ghnáthchónaí an tsannóra mar nascfhachtóir le húsáid lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí mar nascfhachtóir chun críocha dócmhainneachta.

(23)  Déantar foráil i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2001 maidir le Sannadh Infháltas i dTrádáil Idirnáisiúnta go bhfuil an tosaíocht atá ag ceart an tsannaí san infháltas arna shannadh ar cheart an éilitheora iomaíoch, go bhfuil an tosaíocht sin arna rialú ag dlí an Stáit ina bhfuil an sannóir lonnaithe. Ba cheart go n‑éascódh an chomhoiriúnacht idir rialacha easaontachta dlíthe an Aontais a leagtar síos leis Rialachán seo agus an réiteach is fearr leis an gCoinbhinsiún ar an leibhéal idirnáisiúnta réiteach díospóidí idirnáisiúnta.

(24)  I gcás ina n‑athraíonn an sannóir a ghnáthchónaí idir sanntaí éagsúla den éileamh chéanna, ba cheart gurb é an dlí is infheidhme, an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra ag an am a dhéanann duine de na sannaithe a chéad sannaí éifeachtach den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe trí na ceanglais faoin dlí is infheidhme a chomhlíonadh ar bhonn gnáthchónaí an sannaithe ag an am sin.

(25)  I gcomhréir le cleachtas an mhargaidh agus le riachtanais rannpháirtithe sa mhargadh, ba cheart éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh áirithe de, mar eisceacht, a bheith arna rialú ag dlí an éilimh arna shannadh, is é sin, an dlí lena rialaítear an chéad chonradh idir an creidiúnaí agus an féichiúnaí as a n‑eascraíonn a bhfuil an t‑éileamh mar thoradh air. [Leasú 11]

(26)  Ba cheart go rialódh dlí an éilimh arna shannadh éifeachtaí tríú páirtí an tsannta arna dhéanamh ag sealbhóir cuntais ar airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa, i gcás inarb é an sealbhóir cuntais an creidiúnaí/an sannóir agus inarb é an institiúid chreidmheasa an féichiúnaí. Bíonn intuarthacht níos fearr ann do thríú páirtithe, amhail creidiúnaithe an tsannóra agus na sannaithe iomaíocha, má bhaineann dlí an éilimh arna shannadh le héifeachtaí tríú páirtí na sanntaí sin toisc go nglactar leis go ginearálta go bhfuil an t‑éileamh atá ag sealbhóir cuntais ar airgead a creidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa arna rialú ag dlí na tíre ina bhfuil an institiúid chreidmheasa lonnaithe (seachas an dlí maidir le gnáthchónaí an tsealbhóra cuntais/an tsannaí). De ghnáth is sa chonradh cuntais idir an sealbhóir cuntais agus an institiúid chreidmheasa a roghnaítear an dlí seo.

(27)  Ba cheart go mbeadh na héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a eascraíonn as ionstraimí airgeadais faoi réir an dlí lena rialaítear an t‑éileamh arna shannadh freisin, is é sin, an dlí lena rialaítear an conradh as a n‑eascraíonn an t‑éileamh (amhail conradh díorthach). D'fhonn cobhsaíocht agus feidhmiú rianúil na margaí airgeadais a chaomhnú, tá sé ríthábhachtach na héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a eascraíonn as ionstraimí airgeadais a bheith faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh seachas an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra. Déantar iad sin a chaomhnú mar gurb é an dlí lena rialaítear an ionstraim airgeadais as a n‑eascraíonn an t‑éileamh, amhail conradh díorthaigh, an dlí a roghnaíonn na páirtithe sa chonradh nó an dlí arna chinneadh i gcomhréir leis na rialacha neamhroghnacha is infheidhme maidir le margaí airgeadais.

(28)  Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an tsolúbthacht i gcinneadh an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i gcomhthéacs urrúsú chun freastal ar riachtanais na n‑urrúsóirí uile agus chun leathnú an mhargaidh urrúsúcháin trasteorann a éascú d'oibreoirí beaga. Cé gur cheart go mbeadh feidhm ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra mar an riail réamhshocraithe i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i gcomhthéacs urrúsú, ba cheart go mbeadh an sannóir (an tionscnóir) agus an sannaí (an t‑aonán sainchuspóireach) in ann a roghnú gur cheart go mbeadh feidhm ag dlí an éilimh arna shannadh maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Ba cheart don sannóir agus don sannaí a bheith in ann a chinneadh go bhfanfaidh éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, i gcomhthéacs urrúsú, de bheith faoi réir na rialach ginearálta maidir le gnáthchónaí an tsannóra nó ba cheart iad a bheith in ann dlí an éilimh arna shannadh a roghnú maidir le feidhm struchtúir agus shaintréithe an idirbhirt, mar shampla líon agus suíomh na dtionscnóirí agus an líon dlíthe lena rialaítear na héilimh arna sannadh. [Leasú 12]

(29)  Féadfaidh coinbhleachtaí tosaíochta tarlú idir sannaithe an éilimh chéanna i gcás ina mbeidh éifeachtaí tríú páirtí an tsannta faoi réir an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra i sannadh amháin agus faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh i sannadh eile. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gurb é an dlí is infheidhme i ndáil leis an gcoinbhleacht tosaíochta a réiteach an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éilimh de a tháinig de bheith i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí is infheidhme i ndáil leis. I gcás ina dtagann an dá shannadh éileamh chun bheith éifeachtach in aghaidh tríú páirtithe ag an am céanna, ba cheart forlámhas a bheith ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra. [Leasú 13]

(30)  Ba cheart raon feidhme an dlí náisiúnta arna ainmniú ag an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a bheith aonfhoirmeach. Ba cheart a rialú faoin dlí náisiúnta arna ainmniú mar an dlí is infheidhme an méid seo a leanas go háirithe: (i) éifeachtacht shannadh an éilimh in aghaidh tríú páirtithe, is é sin, na bearta agus na nósanna imeachta is gá don sannaí a dhéanamh cloí leo chun a áirithiú go bhfaigheann sé teideal dlí ar an éileamh arna shannadh (an sannadh a chlárú le húdarás poiblí nó le clárlann nó fógra a thabhairt don fhéichiúnaí i scríbhinn maidir leis an sannadh, mar shampla); agus (ii) saincheisteanna tosaíochta, is é sin, réiteach coinbhleachtaí idir éilitheoirí éagsúla maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar an éileamh (idir beirt sannaí, mar shampla, i gcás inar sannadh an t‑éileamh céanna faoi dhó, nó idir sannaí agus creidiúnaí de chuid an tsannóra). [Leasú 14]

(31)  I bhfianaise gnéithe uilechoiteanna an Rialacháin seo, féadfar dlíthe tíortha a bhfuil traidisiúin dhlíthiúla éagsúla acu a ainmniú mar an dlí is infheidhme. I gcás ina ndéantar aistriú ar an gconradh as a n‑eascraíonn an t‑éileamh tar éis an t‑éileamh a shannadh, ba cheart an dlí arna ainmniú leis an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de rialú a dhéanamh chomh maith ar choinbhleacht tosaíochta idir sannaí an éilimh agus tairbhí nua an éilimh chéanna tar éis aistriú an chonartha as a n‑eascraíonn an t‑éileamh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag an dlí arna ainmniú leis an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, i gcás ina n‑úsáidtear nuachan conartha ar bhealach coibhéiseach le haistriú conartha ó thaobh feidhme de, chun coinbhleacht tosaíochta a réiteach idir sannaí an éilimh agus tairbhí nua an éilimh atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de, tar éis nuachan an chonartha as a n‑eascraíonn an t‑éileamh.

(32)  Ar mhaithe le leas an phobail bheadh údar leis an deis a thabhairt do chúirteanna na mBallstát, in imthosca eisceachtúla, eisceachtaí a chur i bhfeidhm ar bhonn an bheartais phoiblí agus forálacha sainordaitheacha a sáraitheacha, ach ba cheart an deis sin a bheith srianta.

(33)  Ós rud é gur gá gealltanais a rinne na Ballstáit ar an leibhéal idirnáisiúnta a urramú, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh d'aon choinbhinsiún idirnáisiúnta a bhfuil Ballstát amháin nó níos mó ina pháirtí ann an uair a ghlactar an Rialachán seo. Chun go mbeidh na rialacha níos inrochtana, ba cheart don Choimisiún liosta de na coinbhinsiúin ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil.

(34)  Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Rialachán seo le cur i bhfeidhm Airteagal 17 agus Airteagal 47 a chur chun cinn, airteagail a bhaineann, faoi seach, leis an gceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, mar aon le hAirteagal 16 a bhaineann leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh. [Leasú 15]

(35)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ní féidir aonfhoirmeacht rialacha na heasaontachta dlíthe atá ag teastáil maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a bhaint amach ach amháin le Rialachán mar nach n‑áiritheofar ach le Rialachán go ndéanfar na rialacha a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar an leibhéal náisiúnta. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(36)  I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, [tá fógra tugtha ag [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éirinn] gur mian léi/leo bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo] [níl [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éire] rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sé/siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm].

(37)  I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i gcásanna ina mbeidh easaontacht dlíthe, maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de in ábhair shibhialta agus tráchtála seachas éifeachtaí tríú páirtí maidir leis an bhféichiúnaí ar sannadh an t-éileamh dó. [Leasú 16]

Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin.

1a.   Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le cosaint tomhaltóirí. [Leasú 17]

2.  Eisiafar an méid seo a leanas ó raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)  sannadh éileamh a eascraíonn as gaoil teaghlaigh agus as caidrimh a measann an dlí is infheidhme i ndáil le caidrimh den sórt sin éifeachtaí inchomparáide a bheith acu, lena n‑áirítear oibleagáidí cothabhála;

(b)  sannadh éileamh a eascraíonn as réimis maoine pósta, réimis maoine caidreamh a measann an dlí is infheidhme i ndáil le caidrimh den sórt sin éifeachtaí inchomparáide a bheidh acu le pósadh, lena n-áirítear páirtnéireachtaí cláraithe, agus uachtanna agus comharbas; [Leasú 18]

(c)  sannadh éileamh a eascraíonn as billí malairte, seiceanna, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile sa mhéid gur as soshanntacht ionstraimí soshannta eile den chineál sin a eascraíonn na hoibleagáidí ar ann dóibh fúthu;

(d)  sannadh éileamh a eascraíonn as ceisteanna arna rialú ag dlí na gcuideachtaí agus comhlachtaí eile, idir chorpraithe agus neamhchorpraithe, amhail bunú, trí chlárú nó ar shlí eile, inniúlacht dhlíthiúil, eagrú inmheánach nó foirceannadh cuideachtaí agus comhlachtaí eile, idir chorpraithe agus neamhchorpraithe, agus dliteanas pearsanta oifigeach agus comhaltaí, sa cháil sin dóibh, i leith oibleagáidí na cuideachta nó an chomhlachta;

(e)  sannadh éileamh a eascraíonn as comhdhéanamh iontaobhas agus as an gcaidreamh idir socraitheoirí, iontaobhaithe agus tairbhithe;

(f)  sannadh éileamh a eascraíonn as conarthaí árachais a eascraíonn as oibríochtaí a rinne eagraíochtaí seachas na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (3) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) a bhfuil sé de chuspóir acu sochair a sholáthar do dhaoine atá fostaithe nó do dhaoine atá féinfhostaithe a bhfuil baint acu le gnóthas nó le grúpa gnóthas, nó le ceird nó le grúpa ceirdeanna, i gcás báis nó marthanais nó i gcás scoir nó ciorraithe gníomhaíochta, nó i gcás breoiteachta a bhaineann le hobair nó le tionóiscí ag an obair.

(fa)  éilimh a shannadh le linn comhimeachta faoi Rialachán (AE) 2015/848. [Leasú 19]

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)  ciallaíonn "sannóir" duine a aistríonn a cheart chun fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí chuig duine eile;

(b)  ciallaíonn "sannaí" duine a fhaigheann an ceart fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí ó dhuine eile;

(c)  ciallaíonn "sannadh" aistriú deonach ar cheart chun fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí. Áirítear leis sin aistrithe iarbhír ar éilimh, seachaíocht chonarthach, aistrithe éileamh trí urrúis agus gealltanais nó aon chearta eile urrús eile ar éilimh;

(d)  ciallaíonn "éileamh" an ceart fiach de chineál ar bith a éileamh, idir fhiacha airgeadaíochta agus neamh-airgeadaíochta, agus cibé acu a eascraíonn sé as oibleagáid chonarthach nó neamhchonarthach;

(e)  ciallaíonn "éifeachtaí tríú páirtí" éifeachtaí dílseánaigh, is é sin, ceart an tsannaí a theideal dlí a dhearbhú ar éileamh a shanntar dó i leith sannaithe nó tairbhithe eile ar an éileamh céanna nó ar éileamh atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de, creidiúnaithe an tsannóra nó i leith tríú páirtithe eile, diomaite den fhéichiúnaí; [Leasú 20]

(f)  ciallaíonn "gnáthchónaí", i gcás cuideachtaí agus comhlachtaí eile, idir chorpraithe agus neamhchorpraithe, an lárionad riaracháin; agus i gcás duine nádúrtha ag gníomhú dó ina ghníomhaíocht gnó, a phríomháit ghnó;

(g)  ciallaíonn "institiúid chreidmheasa" gnóthas mar atá sainmhínithe i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), lena n‑áirítear brainsí, de réir bhrí phointe (17) d'Airteagal 4(1) den Rialachán sin, institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifigí taobh istigh nó, i gcomhréir le hAirteagal 47 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15), lasmuigh den Aontas i gcás ina bhfuil na brainsí sin lonnaithe san Aontas;

(h)  ciallaíonn "airgead" airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa in aon chineál airgeadra; [Leasú 21]

(i)  ciallaíonn "ionstraim airgeadais" na hionstraimí sin a shonraítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16).

CAIBIDIL II

RIALACHA AONFHOIRMEACHA

Airteagal 3

Cur i bhfeidhm uilíoch

Déanfar aon dlí a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm cibé acu an dlí de chuid Ballstáit é nó nach ea.

Airteagal 4

An dlí is infheidhme

1.  Mura foráiltear a mhalairt san Airteagal seo, is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir ag an am ábhartha tráth a thabharfar conradh an tsannta i gcrích an dlí lena rialófar éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.

I gcás ina athróidh an sannóir áit a ghnáthchónaí idir dhá shannadh den éileamh céanna ar shannaithe éagsúla, beidh tosaíocht cirt sannaí ar cheart sannaí eile arna rialú ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra ag am a tháinig an sannadh i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí a ainmnítear mar an dlí is infheidhme de bhun na chéad fhomhíre.

2.  D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, rialóidh an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh éifeachtaí tríú páirtí maidir le sannadh na nithe seo a leanas:

(a)  airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa;

(b)  éilimh a eascraíonn as ionstraim ionstraimí airgeadais.

3.  Féadfaidh an sannóir agus an sannaí an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh a roghnú mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i bhfianaise urrúsú.

Luafar an rogha dlí go sainráite i gconradh an tsannta nó i gcomhaontú ar leithligh. Beidh bailíocht shubstaintiúil agus fhoirmiúil an bhirt trína ndearnadh rogha an dlí arna rialú ag an dlí arna roghnú.

4.  Déanfar coinbhleacht tosaíochta idir sannaithe an éilimh chéanna áit a bhfuil éifeachtaí tríú páirtí ceann amháin de na sanntaí arna rialú ag dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir agus éifeachtaí tríú páirtí sanntaí eile arna rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh, déanfar an choinbhleacht sin a rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí an éilimh arna shannadh a raibh feidhm leis den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí is infheidhme. I gcás ina dtagann an dá shannadh chun bheith éifeachtach in aghaidh tríú páirtithe ag an am céanna, ba cheart forlámhas a bheith ag dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir. [Leasú 22]

Airteagal 5

Raon feidhme an dlí is infheidhme

Rialóidh an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de bhun an Rialacháin seo de, an méid seo a leanas go háirithe:

(a)  na ceanglais maidir le héifeachtacht an tsannta in aghaidh tríú páirtithe seachas an féichiúnaí a áirithiú, mar shampla foirmiúlachtaí clárúcháin nó foilseacháin;

(b)  tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta sannaí eile i dtaca leis an éileamh céanna;

(c)  tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta chreidiúnaithe an tsannóra;

(d)  tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta an tairbhí maidir le haistriú conartha i leith an éilimh chéanna;

(e)  tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta thairbhí na nuachana conartha i gcoinne an fhéichiúnaí i leith an éilimh choibhéisigh.

Airteagal 6

Forálacha sainordaitheacha sáraitheacha

1.  Ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo srian ar chur i bhfeidhm fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha dhlí an fhóraim.

2.  Is forálacha iad forálacha sainordaitheacha sáraitheacha a measann Ballstát é a bheith ríthábhachtach iad a urramú chun a leasanna poiblí a chosaint, amhail a eagrú polaitiúil, sóisialta nó geilleagrach, agus sa mhéid go mbeidh siad infheidhme maidir le haon chás a thagann faoina raon feidhme, beag beann ar an dlí is infheidhme seachas sin maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de bhun an Rialacháin seo de.

2a.  Tabharfar éifeacht d’fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha dhlí an Bhallstáit ar ghá an sannadh a fheidhmiú ann, nó inar feidhmíodh an sannadh, a mhéid a fhágann na forálacha sainordaitheacha sáraitheacha sin go mbeidh feidhmiú an chonartha neamhdhleathach.[Leasú 23]

CHAPTER III

FORÁLACHA EILE

Airteagal 7

Beartas poiblí (ordre public)

Ní fhéadfar diúltú do chur i bhfeidhm forála dlí aon tíre a shonraítear sa Rialachán seo ach amháin más follas nach bhfuil an cur i bhfeidhm sin ag teacht le beartas poiblí (ordre public) an fhóraim.

Airteagal 8

Renvoi a eisiamh

Is éard atá i gceist le cur i bhfeidhm dhlí aon Stáit a shonraítear sa Rialachán seo cur i bhfeidhm na rialacha dlí atá i bhfeidhm sa Stát sin seachas a rialacha maidir leis an dlí idirnáisiúnta phríobháideach.

Airteagal 9

Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu

1.  I gcás ina mbeidh roinnt aonaid chríochacha i Stát agus a rialacha dlí féin ag gach ceann acu i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, breathnófar ar gach aonad críche mar Stát chun críocha an dlí is infheidhme faoin Rialachán seo a shainaithint.

2.  Ní cheanglófar ar Bhallstát ina bhfuil roinnt aonaid chríochacha a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach ceann acu i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, ní cheanglófar orthu an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí dlíthe a bhaineann leis na haonaid sin amháin.

Airteagal 10

Gaol le forálacha eile de dhlí an Aontais

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Aontais lena leagtar síos, i dtaca le hábhair áirithe, rialacha easaontachta dlíthe a bhaineann le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.

Airteagal 11

An gaol le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann cheana

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ina bpáirtithe iontu tráth a ghlacfar an Rialachán seo agus lena leagtar síos rialacha easaontachta dlíthe a bhaineann le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.

2.  Beidh tosaíocht ag an Rialachán seo, áfach, amhail idir na Ballstáit, ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó a mhéad a bhaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 12

Liosta na gCoinbhinsiún

1.  Faoin [dáta an chur i bhfeidhm], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 11(1). Tar éis an dáta sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach séanadh a dhéantar ar na coinbhinsiúin sin.

2.  Laistigh de shé mhí ón uair a bhfaighidh sé na fógraí dá dtagraítear i mír 1, foilseoidh an Coimisiún an méid seo a leanas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

(a)  liosta na gcoinbhinsiún dá dtagraítear i mír 1;

(b)  na séantaí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 13

Clásal athbhreithnithe

Faoin … [cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Más iomchuí, beidh tograí maidir leis an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 14

Cur i bhfeidhm i dtaca le ham

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le sannadh éileamh arna dtabhairt i gcrích an [dáta an chur i bhfeidhm] nó dá éis.

2.  Cinnfidh an dlí is infheidhme de bhun an Rialacháin seo an bhfuil tosaíocht ag cearta tríú páirtí i leith éileamh arna shannadh tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chearta tríú duine eile a fuarthas sula raibh an Rialachán seo infheidhme. I gcás ina bhfuil coimhlint idir éilimh bunaithe ar shannacháin, cinnfear leis an dlí is infheidhme de bhun an Rialacháin seo cearta na sannaithe faoi seach, ach amháin maidir le sanntaí arna gcur gcrích tar éis ... [dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 24]

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [18 mí ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 303, 29.8.2018, lch. 2.
(2)IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).
(5) Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).
(6)Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II), IO L 199, 31.7.2007, lgh. 40.
(7)Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, IO L 351, 20.12.2012, lgh. 1.
(8)Rialachán (CE) Uimh. 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta, IO L 141, 5.6.2015, lgh. 19.
(9)Treoir 2014/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE, IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349.
(10)Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, (IO L 166, 11.6.1998, lgh. 45).
(11)Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa, (IO L 125, 5.5.2001, lgh. 15).
(12)Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 agus Rialachán Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún, (IO L 122, 3.5.2013, lgh. 1).
(13)Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le e dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Dócmhainneacht II), (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(14)Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i comhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013, lgh. 1-337.
(15)Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le ceanglais stuamachta na n‑institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, IO L 176, 27.6.2013, lgh. 338-436.
(16)Treoir 2014/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE, IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349-496.

An nuashonrú is déanaí: 27 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais