Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais, maidir leis an Conradh um Chomhphobal Iompair a thabhairt i gcrích (13111/2018 – C8-0473/2018 – 2018/0282(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13111/2018),
– ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach(1),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 90 agus le hAirteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0473/2018),
– ag féachaint do Riail 99(1) agus do Riail (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0022/2019),
1. ag tabhairt a toiliú chun an conradh a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Poblacht na hAlbáine, chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, chuig Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, chuig an gCosaiv(2), chuig Montainéagró agus chuig Poblacht na Seirbia.
Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.