Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 31 Eanáir 2019 - Brussels
Cód Chustaim an Aontais: bardas Campione d’Italia agus uiscí Iodálacha de Loch Lugano a ghlacadh mar chuid de chríoch chustaim an Aontais ***I
 Rialacha áirithe i dtaca le híocaíochtaí díreacha agus tacaíocht d’fhorbairt tuaithe i ndáil leis na blianta 2019 agus 2020 ***I
 Aontachas na Poblachta Doiminicí le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí *
 Aontachas Eacuadór agus na hÚcráine le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí *
 Aontachas Hondúras le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí *
 Aontachas na Bealarúise agus na hÚisbéiceastáine le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí *
 Ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu a chur chun feidhme agus a fheidhmiú ***I
 Comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (OIN) ***I

Cód Chustaim an Aontais: bardas Campione d’Italia agus uiscí Iodálacha de Loch Lugano a ghlacadh mar chuid de chríoch chustaim an Aontais ***I
PDF 116kWORD 49k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Chustaim an Aontais (COM(2018)0259 – C8-0180/2018 – 2018/0123(COD))
P8_TA(2019)0047A8-0368/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0259),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 33, 114 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0180/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Iúil 2018(1)

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 12 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0368/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 31 Eanáir 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Chustaim an Aontais

P8_TC1-COD(2018)0123


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/474.)

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 39.


Rialacha áirithe i dtaca le híocaíochtaí díreacha agus tacaíocht d’fhorbairt tuaithe i ndáil leis na blianta 2019 agus 2020 ***I
PDF 119kWORD 46k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir le rialacha áirithe i dtaca le híocaíochtaí díreacha agus tacaíocht d’fhorbairt tuaithe i ndáil leis na blianta 2019 agus 2020 (COM(2018)0817 – C8-0506/2018 – 2018/0414(COD))
P8_TA(2019)0048A8-0018/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0817),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 42 agus 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0506/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

–  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Eanáir 2019 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0018/2019),

A.  de bhrí, ar chúiseanna práinne, go bhfuil údar maith ann dul ar aghaidh leis an vóta sula rachaidh an tréimhse ocht seachtaine in éag mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 31 Eanáir 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe i dtaca le híocaíochtaí díreacha agus tacaíocht d’fhorbairt tuaithe i ndáil leis na blianta 2019 agus 2020

P8_TC1-COD(2018)0414


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/288.)


Aontachas na Poblachta Doiminicí le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí *
PDF 112kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údarófar don Ostair, don Chipir, don Chróit, do Lucsamburg, don Phortaingéil, don Rómáin agus don Ríocht Aontaithe glacadh, chun leasa an Aontais Eorpaigh, le haontachas na Poblachta Doiminicí le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (COM(2018)0526 – C8-0376/2018 – 2018/0276(NLE))
P8_TA(2019)0049A8-0451/2018

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle (COM(2018)0526),

–  ag féachaint d’Airteagal 38, an ceathrú mír, de Choinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí,

–  ag féachaint d’Airteagal 81(3) agus d’Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Comhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C8‑0376/2018),

–  ag féachaint do thuairim na Cúirte Breithiúnais(1) maidir le hinniúlacht eachtrach eisiach an Aontais Eorpaigh i gcomhair dearbhú glactha le haontachas le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí,

–  ag féachaint do Riail 78c agus do Riail 108(8) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0451/2018),

1.  ag formheas an údaraithe don Ostair, don Chipir, don Chróit, do Lucsamburg, don Phortaingéil, don Rómáin agus don Ríocht Aontaithe glacadh, chun leasa an Aontais Eorpaigh, le haontachas na Poblachta Doiminicí le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chomh maith leis sin chuig Oifig Bhuan Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.

(1) Tuairim na Cúirte Breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2014, 1/13, ECLI:AE:C:2014:2303.


Aontachas Eacuadór agus na hÚcráine le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí *
PDF 112kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údarófar don Ostair glacadh, chun leasa an Aontais Eorpaigh, le haontachas Eacuadór agus na hÚcráine le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (COM(2018)0527 – C8-0375/2018 – 2018/0277(NLE))
P8_TA(2019)0050A8-0452/2018

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle (COM(2018)0527),

–  ag féachaint d’Airteagal 38, an ceathrú mhír de Choinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí,

–  ag féachaint d’Airteagal 81(3) agus d’Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Comhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C8‑0375/2018),

–  ag féachaint do thuairim na Cúirte Breithiúnais(1) maidir le hinniúlacht eachtrach eisiach an Aontais Eorpaigh i gcomhair dearbhú glactha d’aontachas le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí,

–  ag féachaint do Riail 78c agus do Riail 108(8) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0452/2018),

1.  ag fhormheas an údaraithe don Ostair glacadh, chun leasa an Aontais Eorpaigh, le haontachas Eacuadór agus na hÚcráine le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chomh maith leis sin chuig Oifig Bhuan Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.

(1) Tuairim na Cúirte Breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2014, 1/13, ECLI:AE:C:2014:2303.


Aontachas Hondúras le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí *
PDF 111kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údarófar don Ostair agus don Rómáin glacadh, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, le haontachas Hondúras le Coinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (1980) (COM(2018)0528 – C8-0377/2018 – 2018/0278(NLE))
P8_TA(2019)0051A8-0457/2018

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle (COM(2018)0528),

–  ag féachaint d’Airteagal 38, an ceathrú mír, de Choinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (1980),

–  ag féachaint d’Airteagal 81(3) agus d’Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0377/2018),

–  ag féachaint don tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais(1) maidir le hinniúlacht eachtrach eisiach an Aontais Eorpaigh i gcomhair dearbhú glactha d’aontachas le Coinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (1980),

–  ag féachaint do Riail 78c agus do Riail 108(8) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0457/2018),

1.  ag formheas an údaraithe don Ostair agus don Rómáin glacadh, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, le haontachas Hondúras le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chomh maith leis sin chuig Oifig Bhuan Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.

(1) Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2014, 1/13, ECLI:AE:C:2014:2303.


Aontachas na Bealarúise agus na hÚisbéiceastáine le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí *
PDF 112kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údarófar don Ostair, do Lucsamburg agus don Rómáin glacadh, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, le haontachas na Bealarúise agus na hÚisbéiceastáine le Coinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (1980) (COM(2018)0530 – C8-0378/2018 – 2018/0279(NLE))
P8_TA(2019)0052A8-0458/2018

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle (COM(2018)0530),

–  ag féachaint d’Airteagal 38, an ceathrú mír, de Choinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí,

–  ag féachaint d’Airteagal 81(3) agus d’Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0378/2018),

–  ag féachaint don tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais(1) maidir le hinniúlacht eachtrach eisiach an Aontais Eorpaigh i gcomhair dearbhú glactha d’aontachas le Coinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (1980),

–  ag féachaint do Riail 78c agus do Riail 108(8) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0458/2018),

1.  ag formheas an údaraithe don Ostair, do Lucsamburg agus don Rómáin glacadh, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, le haontachas na Bealarúise agus na hÚisbéiceastáine le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chomh maith leis sin chuig Oifig Bhuan Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.

(1) Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2014, 1/13, ECLI:AE:C:2014:2303.


Ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu a chur chun feidhme agus a fheidhmiú ***I
PDF 116kWORD 49k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm Fearainn Barrleibhéil .eu agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus Rialacháin (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (COM(2018)0231 – C8-0170/2018 – 2018/0110(COD))
P8_TA(2019)0055A8-0394/2018

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0231),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0170/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún an,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0394/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 31 Eanáir 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm Fearainn Barrleibhéil arb é .eu lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún

P8_TC1-COD(2018)0110


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/517.)

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 112.


Comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (OIN) ***I
PDF 118kWORD 40k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (an Rialachán OIN) lena n-aisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (COM(2017)0329 – C8-0192/2017 – 2017/0134(COD))
P8_TA(2019)0056A8-0009/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0329),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0192/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 5 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0009/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 31 Eanáir 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena n-aisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN)

P8_TC1-COD(2017)0134


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/516.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais