GATS: coigeartuithe cúiteacha is gá tar éis aontachas na Seicia, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne le AE ***
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích na gComhaontuithe ábhartha faoi Airteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí leis an Airgintín, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, Críoch chustaim ar leith na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu (Tai-pei na Síne), an Cholóim, Cúba, Eacuadór, Hong Cong na Síne, an India, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua-Shéalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Eilvéis, agus na Stáit Aontaithe, maidir leis na coigeartuithe cúiteacha is gá tar éis aontachas na Seicia, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne leis an Aontas Eorpach (14020/2018 – C8-0509/2018 – 2018/0384(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14020/2018),
– ag féachaint do na dréacht-Chomhaontuithe ábhartha faoi Airteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí leis an Airgintín, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, Críoch chustaim ar leith na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu (Tai-pei na Síne), an Cholóim, Cúba, Eacuadór, Hong Cong na Síne, an India, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua-Shéalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Eilvéis agus na Stáit Aontaithe, maidir leis na coigeartuithe cúiteacha is gá tar éis aontachas na Seicia, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne leis an Aontas Eorpach (14020/2018 ADD 1-17),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 91, le hAirteagal 100(2), leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 207(4) agus le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0509/2018),
– ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0067/2019),
1. ag tabhairt a toilithe chun na comhaontuithe a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.