Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0198(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0414/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0414/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 14/02/2019 - 10.4

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0118

Téacsanna atá glactha
PDF 230kWORD 72k
Déardaoin, 14 Feabhra 2019 - Strasbourg Eagrán deiridh
Sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann ***I
P8_TA(2019)0118A8-0414/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann (COM(2018)0373 – C8-0228/2018 – 2018/0198(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0373),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus don tríú mír d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0228/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0414/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 124 .
(2) IO C ...


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann
P8_TC1-COD(2018)0198

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Déantar foráil sa tríú fomhír d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le gníomhartha sonracha atá le cinneadh lasmuigh de na Cistí is ábhar don chéad mhír den Airteagal sin, chun an comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch atá beartaithe ag CFAE a bhaint amach. Is gá an comhar críochach a neartú ar mhaithe le forbairt chomhchuí chríoch iomlán an Aontais agus níos mó comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Chuige sin, is iomchuí na bearta a ghlacadh is gá leis na coinníollacha cur chun feidhme a fheabhsú le haghaidh gníomhartha comhair chríochaigh.

(2)  In Airteagal 174 CFAE tugtar aitheantas do na dúshláin atá le sárú ag réigiúin teorann agus déantar foráil ann gur cheart don Aontas aird faoi leith a thabhairt ar na réigiúin sin, agus gníomhaíochtaí á bhforbairt agus á saothrú aige, gníomhartha a mbeidh neartú ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais mar thoradh orthu. Mar gheall ar an méadú ar líon na dteorainneacha talún agus muirí, tá 40 teorainn inmheánach talún ag an Aontas agus a chomharsana i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (‘CSTE’).

(2a)   Chun saol na saoránach i réigiúin thrasteorann ar theorainneacha muirí nó i réigiúin thrasteorann idir na Ballstáit agus tríú tíortha a fheabhsú, ba cheart go leathnófaí chuig réigiúin uile an Aontais cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus úsáid sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach, agus dlí an Aontais á urramú ag an am céanna. [Leasú 1]

(3)  Ina Theachtaireacht dar teideal ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin atá lonnaithe ar theorainneacha an Aontais Eorpaigh’(4) (‘Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann’), tá sé á leagan amach ag an gCoimisiún go bhfuil próiseas lánpháirtíochta na hEorpa ag cabhrú, le roinnt mhaith blianta anuas, le réigiúin teorann inmheánacha iad féin a athrú ó cheantair imeallacha den chuid is mó go ceantair fáis ina bhfuil deiseanna ar fáil. A bhuí le tabhairt chun críche an Mhargaidh Aonair in 1992, tá borradh tagtha faoi tháirgiúlacht an Aontais agus laghdú ar chostais trí dheireadh a bheith curtha le foirmiúlachtaí custaim, trí rialacha teicniúla a bheith comhchuibhithe nó aitheanta go frithpháirteach agus trí phraghsanna níos ísle a bheith ann de bharr iomaíochais; tá méadú de 15 % tagtha ar thrádáil laistigh den Aontas thar 10 mbliana; tá fás breise ginte agus cruthaíodh tuairim is 2.5 milliún post breise.

(4)  Tá fianaise tugtha sa Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann freisin go bhfuil bacainní go fóill i réigiúin teorann, go háirithe iad siúd a bhaineann le seirbhísí sláinte, rialú saothair, cánacha, forbairt ghnó, chomh maith le bacainní atá nasctha le héagsúlachtaí ó thaobh cultúir riaracháin agus creataí náisiúnta dlí de. Ní leor cistiú an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh ná an tacaíocht institiúideach don chomhar ó ghrúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (GECCanna) astu féin chun aghaidh a thabhairt ar réiteach na mbacainní sin atá ina bhfíorbhaic ar chomhar éifeachtach.

(5)  Ó 1990 tá cláir faoi sprioc an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, nó ‘Interreg’(5) mar is fearr aithne air, tá siad ag tacú le cláir um chomhar trasteorann i réigiúin teorann an Aontais, lena n‑áirítear na teorainneacha le tíortha CSTE. Tá na mílte tionscadal agus tionscnamh cistithe aige a chuidigh le feabhas a chur ar imeascadh na hEorpa. Ar phríomh-mhórghníomhartha chláir Interreg tá an méid seo a leanas: muinín mhéadaithe, níos mó nascachta, comhshaol feabhsaithe, sláinte níos fearr agus fás eacnamaíoch. Ó thionscadail idir daoine trí bhíthin infheistíochtaí sa bhonneagar agus tacaíocht do thionscnaimh institiúideacha chomhair, tá fíordhifríocht déanta ag Interreg i réigiúin teorann agus tá sé tar éis cabhrú lena gclaochlú. Tá tacaíocht tugtha ag Interreg do chomhar ar theorainneacha muirí ar leith freisin. Is fadhb i bhfad níos lú iad na baic dlí i réigiúin na dteorainneacha muirí, áfach, mar nach féidir go fisiciúil an teorainn a thrasnú gach lá nó cúpla uair sa tseachtain chun obair, foghlaim agus oiliúint, nó siopadóireacht a dhéanamh nó chun úsáid a bhaint as áiseanna agus seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta, nó meascán de na cúiseanna sin nó le haghaidh idirghabhálacha éigeandála pras.

(6)  Comhlánaíodh tacaíocht airgeadais ó Interreg do chomhar trasteorann leis na GECCanna, atá ar bun ó 2006 faoi Rialachán (AE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6). De bhun an chéad fhomhír d’Airteagal 7(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006, áfach, ní féidir le GECCanna cumhachtaí rialála a fheidhmiú chun baic dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann.

(7)  Sa Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann ón gCoimisiún, tagraíodh i measc bearta eile do thionscnamh ar cuireadh tús leis faoi Uachtaránacht Lucsamburg in 2015: Tá roinnt Ballstát ag breathnú ar an bhfiúntas a bhainfeadh le hionstraim nua chun tionscadail trasteorann a shimpliú trí rialacha Bhallstát amháin a chur i bhfeidhm sa Bhallstát comharsanachta, ar bhonn deonach agus comhaontaithe ag na húdaráis inniúla atá i gceannas. Bheadh feidhm aige sin maidir le tionscadal aonair nó gníomhaíocht atá teoranta ó thaobh ama de, lonnaithe i réigiún teorann agus tosaithe ag údaráis áitiúla nó réigiúnacha.

(8)  Cé go bhfuil roinnt sásraí éifeachtacha le haghaidh comhar trasteorann ann cheana ar leibhéal idir-rialtasach, leibhéal réigiúnach agus leibhéal áitiúil i réigiúin áirithe de chuid an Aontais, ní chumhdaíonn siad gach réigiún teorann san Aontas. Chun na córais atá ann cheana a chomhlánú, is gá sásraí deonacha a chur ar bun chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i ngach réigiún teorann (‘an Sásra’), ach ní chuireann sé sin cosc ar chruthú sásraí inchomparáide malartacha i gcomhréir le riachtanais shonracha ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil.[Leasú 2]

(9)  Chun Is ar bhonn deonach atá úsáid an tSásra, i lánchomhlíonadh le leagan amach bunreachtúil agus institiúideach na mBallstát a urramú, ba cheart úsáid an tSásra a bheith ar bhonn deonach i ndáil leis na réigiúin teorann sin de chuid Bhallstáit ina bhfuil sásra éifeachtach eile nó ina bhféadfaí ceann a bhunú leis an mBallstát comharsanachta. Ba cheart dhá bheart a bheith ann: síniú agus tabhairt i gcrích Gealltanais Trasteorann Eorpaigh (an ‘Gealltanas’) nó síniú Ráitis Trasteorann Eorpaigh (an ‘Ráiteas’). Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a roghnú ionstraim a úsáid ar dóigh leo í a bheith níos tairbhiúla ná cinn eile. [Leasú 3]

(9a)   Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát, tíortha, eintitis nó réigiúin lena mbaineann, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí sonracha a shainmhínítear go bunreachtúil agus go dlíthiúil, an réiteach dlí ad hoc atá molta a ghlacadh sula ndéanfar an nGealltanas a thabhairt chun críche agus a shíniú, nó sula ndéanfar an Ráiteas de bhun an Rialacháin seo a shíniú. [Leasú 4]

(10)  Ba cheart an Gealltanas a bheith infheidhme go díreach, is é sin go bhfuil forálacha dlí áirithe de chuid Ballstáit amháin le cur i bhfeidhm ar chríoch an Bhallstáit comharsanachta nuair atá an Gealltanas tugtha i gcrích. Ba cheart é a bheith inghlactha go bhfuil gníomh reachtach le glacadh ag na Ballstáit chun tabhairt i gcrích Gealltanais a cheadú, ionas nach bhféadfaidh aon údarás maolú, de shárú ar an tsoiléireacht dlí agus ar an trédhearcacht nó orthu araon, ar reachtaíocht náisiúnta arna glacadh go foirmiúil ag comhlacht reachtach ach amháin an comhlacht reachtach áirithe sin.

(11)  Bheadh gá le nós imeachta reachtach go fóill sa Bhallstát i dtaca leis an Ráiteas. Ba cheart don údarás atá ag tabhairt an Ráiteas i gcrích ráiteas foirmiúil a thabhairt go spreagfaidh sé, faoi spriocdháta faoi leith, an nós imeachta reachtach is gá chun an dlí náisiúnta is infheidhme de ghnáth a leasú agus dlí Ballstáit comharsanachta a chur i bhfeidhm, de mhaolú sainráite, chun bacainní ar chur chun feidhme comhthionscadal trasteorann a bhaint.[Leasú 5]

(12)  Is ag daoine a bhíonn ag idirghníomhú ar theorainneacha talún, amhail oibrithe trasteorann, is mó a bhíonn baic dlí le sárú, mar go dtrasnaíonn daoine teorainneacha ar bhonn laethúil nó ar bhonn seachtainiúil. Chun éifeacht an Rialacháin seo a dhíriú ar na réigiúin is gaire don teorainn agus leis an leibhéal is airde lánpháirtíochta agus idirphlé idir Ballstáit chomharsanachta, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le réigiúin trasteorann de réir bhrí na críche a chumhdaítear le réigiúin teorann chomharsantacha talún nó muirí in dhá Bhallstát nó níos mó ag réigiúin leibhéal NUTS 3(7). Níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar Bhallstáit an Sásra a chur i bhfeidhm freisin maidir le teorainneacha muirí agus teorainneacha seachtracha seachas na teorainneacha le tíortha CSTE, ar bhonn deonach maidir leis na comhpháirtithe uile lena mbaineann.[Leasú 6]

(13)  Chun tascanna na n‑údarás éagsúil a chomhordú, a mbeidh comhlachtaí reachtacha náisiúnta agus réigiúnacha ina meas i roinn Ballstát, laistigh de Bhallstát ar leith agus idir údaráis i mBallstáit chomharsanachta, ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar gach Ballstát a roghnaíonn an Sásra Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta agus, nuair is infheidhme i gcás inarb iomchuí, réigiúnacha a bhunú agus a dtascanna agus a n‑inniúlachtaí a shainiú le linn chéimeanna éagsúla an tSásra lena gcumhdaítear tionscnamh, tabhairt chun críche, cur chun feidhme agus faireachán na nGealltanas agus na Ráiteas. [Leasú 7]

(14)  Ba cheart don Choimisiún pointe comhordúcháin a bhunú ar leibhéal an Aontais, mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann. Ba cheart don phointe comhordúcháin idirchaidreamh a dhéanamh leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta éagsúla agus, i gcás inarb ábhartha, leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann réigiúnacha. Ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí maidir le Gealltanais agus Ráitis a bhunú agus a choinneáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8).

(15)  Ba cheart don Rialachán seo an nós imeachta a leagan amach chun Gealltanas nó Ráiteas a thabhairt i gcrích agus tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar na céimeanna éagsúla; ullmhú agus cur isteach doiciméid tionscnaimh, réamhanailís ag an mBallstát atá chun forálacha dlí an Bhallstáit comharsanachta a chur i bhfeidhm, ullmhú an Ghealltanais nó an Ráitis atá le tabhairt i gcrích agus ar deireadh an próiseas tabhairt i gcrích don Ghealltanas agus don Ráiteas araon. Ba cheart na gnéithe atá le cumhdach sa doiciméad tionscnaimh, sa dréacht agus sna Gealltanais deiridh agus sna Ráitis dheiridh a bheith leagtha amach go mion freisin, chomh maith leis na spriocdhátaí infheidhme.

(16)  Go sonrach, ba cheart don Rialachán seo sainmhíniú a thabhairt ar na daoine is féidir bheith ina thionscnóir ar chomhthionscadal. Ós rud é gur cheart don Sásra feabhas a chur ar chur chun feidhme comhthionscadal trasteorann, ba cheart don chéad ghrúpa a bheith comhdhéanta de chomhlachtaí a bhfuil comhthionscadal den sórt sin á thionscnamh acu nó á thionscnamh agus á chur chun feidhme acu. Ba cheart an téarma ‘tionscadal’ a thuiscint sa chiall is leithne, a chumhdaíonn mír bonneagair nó roinnt gníomhaíochtaí i ndáil le críoch ar leith nó iad araon. Ar an dara dul síos, ba cheart an chumhacht a thabhairt d’údarás áitiúil nó údarás réigiúnach atá lonnaithe i réigiún trasteorann ar leith nó a fheidhmíonn cumhacht phoiblí sa réigiún trasteorann sin dlí náisiúnta atá ina bhac, ach a bhfuil leasú ar an dlí sin nó maolú air lasmuigh dá inniúlacht institiúideach, a chur i bhfeidhm as a stuaim féin. Ar an tríú dul síos, ba cheart do chomhlachtaí arna mbunú le haghaidh comhar trasteorann agus atá lonnaithe i réigiún trasteorann ar leith nó a chumhdaíonn réigiún trasteorann ar leith go páirteach ar a laghad, lena n‑áirítear GECCanna, nó comhlachtaí comhchosúla chun forbairt trasteorann a eagrú ar bhealach struchtúrtha a bheith ina dtionscnóirí. Ar deireadh, maidir le comhlachtaí atá speisialaithe i gcomhar trasteorann agus a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas freisin maidir le réitigh éifeachtacha atá le fáil in áiteanna eile san Aontas le haghaidh saincheist inchomparáide, ba cheart iad a bheith cumasaithe chun tionscnamh a thosú. Chun sineirgíocht a chruthú idir comhlachtaí a bhfuil tionchar díreach ag an gconstaic orthu agus na daoine sin a bhfuil saineolas acu maidir le comhar trasteorann go ginearálta, féadfaidh gach grúpa an Sásra a chomhthionscnamh.

(17)  Ba cheart gur an príomhghníomhaí sa Bhallstát ar iarradh air Gealltanas nó Ráiteas a thabhairt i gcrích a bheidh mar an Pointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta nó réigiúnach faoi seach atá le hidirchaidreamh a dhéanamh le gach údarás inniúil ina Bhallstát agus lena chontrapháirtí sa Bhallstát comharsanachta. Ba cheart a leagan síos go soiléir freisin gur féidir leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann cinneadh a dhéanamh an bhfuil nós imeachta lena dtabharfar i gcrích Gealltanas nó Ráiteas le seoladh nó an bhfuil réiteach aimsithe cheana a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm maidir le bac dlí amháin nó níos mó. Ar an taobh eile, ba cheart a leagan síos freisin, maidir leis an mBallstát a bhfuil a fhorálacha dlí le cur i bhfeidhm sa Bhallstát eile, go bhféadfadh an Ballstát sin an cur i bhfeidhm sin lasmuigh dá chríoch a dhiúltú. Ba cheart údar cuí a bheith le haon chinneadh agus é a chur in iúl in am trátha do na comhpháirtithe uile.[Leasú 8]

(18)  Ba cheart don Rialachán rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cur chun feidhme, chur i bhfeidhm agus faireachán ar na Gealltanais agus na Ráitis atá le tabhairt i gcrích agus a shíniú.

(19)  Is éard ba cheart a bheidh i gcur chun feidhme Gealltanais is infheidhme go díreach forálacha náisiúnta Ballstáit eile a chur i bhfeidhm agus comhthionscadail á gcur chun feidhme. Is éard ba cheart a bheith i gceist leis sin leasú a dhéanamh ar ghníomh reachtach atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus a glacadh cheana i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme de ghnáth nó, murab ann don ghníomh sin, gníomh reachtach nua a ghlacadh bunaithe ar reachtaíocht Ballstáit eile faoi cheann de sprioc-am arna chomhaontú ag na comhpháirtithe uile chun comhthionscadail thrasteorann a sheoladh in am trátha. I gcás ina bhfuil údaráis éagsúla inniúil maidir le gnéithe éagsúla de bac casta dlí, ba cheart clár ama do gach ceann de na gnéithe sin a bheith ag gabháil leis an nGealltanas. Chun prionsabal na coimhdeachta a urramú, ba cheart do ghlacadh agus tarchur na ngníomhartha riaracháin leasaithe sin nó na ngníomhartha riaracháin nua sin an dlí náisiúnta maidir le nósanna imeachta riaracháin a leanúint. [Leasú 9]

(20)  Is éard ba cheart a bheith go príomha i gcur chun feidhme Ráiteas a ullmhú agus cur isteach togra reachtaigh chun an dlí náisiúnta atá ann cheana a leasú nó chun maolú air. Tar éis do na leasuithe nó maoluithe sin a bheith glactha, ba cheart iad a phoibliú agus a chur chun feidhme ar nós na nGealltanas le leasú agus glacadh gníomhartha riaracháin atá ceangailteach ó thaobh dlí de.

(21)  Bunaithe ar na gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ba cheart faireachán a dhéanamh ar urramú oibleagáidí agus chearta na seolaithe. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an bhfuil an faireachán sin le déanamh ag údaráis an Bhallstáit a d’aistrigh a fhorálacha dlí ós rud é go bhfuil na húdaráis sin níos eolaí ar na rialacha sin nó an bhfuil an faireachán sin le déanamh ag údaráis an Bhallstáit ina bhfuil na forálacha sin le cur i bhfeidhm ós rud é go bhfuil na húdaráis sin níos eolaí ar chóras dlí Bhallstáit an ghealltanais agus leis an dlí lena rialaítear na seolaithe.

(22)  Ba cheart soiléiriú a thabhairt ar chosaint ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin trasteorann a bhfuil tionchar díreach nó indíreach orthu ag cur i bhfeidhm agus faireachán Gealltanais agus ag an reachtaíocht arna leasú de bhun Ráitis, daoine a mheasann go ndearnadh éagóir orthu le gníomhartha nó le neamhghníomhartha a d’eascair as an gcur i bhfeidhm. Maidir le Gealltanais agus Ráitis araon, chuirfí dlí an Bhallstáit comharsanachta i bhfeidhm i mBallstát an ghealltanais de réir mar atá sé ionchorpraithe ina reachtaíocht féin agus dá bhrí sin ba cheart don chosaint dhlíthiúil a bheith faoi chúram cúirteanna Bhallstáit an ghealltanais fiú i gcás ina bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstát an aistrithe. Ba cheart feidhm a bheith ag bprionsabal céanna maidir le sásamh dlíthiúil ón mBallstát a bhfuil agóid á dhéanamh in aghaidh a ghníomh riaracháin. Ba cheart feidhm a bheith ag cur chuige éagsúil, áfach, maidir le sásamh dlíthiúil in aghaidh an bhfaireachán ar chur i bhfeidhm an Ghealltanais agus an Ráitis. Má ghlacann údarás ó Bhallstát an aistrithe leis go ndéanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm forálacha leasaithe dlí Bhallstát an ghealltanais agus más féidir leis gníomhú i leith daoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar trasteorann thar ceann údaráis Bhallstát an ghealltanais, ach ina ainm féin, ba cheart cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil cónaí dlíthiúil ar na daoine sin a bheith inniúil. Ar an taobh eile, i gcás nach féidir le húdarás inniúil an aistrithe gníomhú ina ainm féin, ach in ainm údaráis inniúil an ghealltanais, ba cheart cúirteanna Bhallstát an ghealltanais a bheith inniúil, beag beann ar an áit ina bhfuil cónaí dlíthiúil ar an duine.

(23)  Ba cheart rialacha a bheith leagtha amach sa Rialachán maidir lena chur chun feidhme, le faireachán ar a chur i bhfeidhm agus le hoibleagáidí na mBallstát i ndáil lena rialacha náisiúnta cur chun feidhme.

(24)  Chun bunachar sonraí a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 8 hAirteagal 7, ba chóir cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún le rialacha a leagan síos maidir lena reáchtáil, maidir le cosaint sonraí agus maidir leis an tsamhail a bheidh le húsáid nuair a dhéanfaidh Pointí Comhordúcháin Trasteorann faisnéis a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus úsáid an tSásra. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9). Chun críocha praiticiúla agus comhordúcháin, ba cheart don ‘Choiste Comhordúcháin do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa’ a bheith ina choiste is inniúil don phróiseas chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.[Leasú 10]

(25)  Ní mór do na rialacha náisiúnta cur chun feidhme na réigiúin teorann de Bhallstát ar leith atá cumhdaithe leis an nGealltanas nó leis an Ráiteas a shonrú. Dá bhrí sin, beidh an Coimisiún in ann a mheas an bhfuil an Ballstát tar éis sásra éagsúil eile a roghnú i leith na teorann nach bhfuil luaite.[Leasú 11]

(26)  Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun oideachais (Airteagal 14), an tsaoirse chun gairm bheatha a roghnú agus an ceart chun dul i mbun oibre (Airteagal 15), go háirithe an tsaoirse chun fostaíocht a lorg, chun obair a dhéanamh, agus chun an ceart chun gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí a sholáthar in aon Bhallstát a fheidhmiú, an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 ), rochtain ar an tslándáil shóisialta agus ar an gcúnamh sóisialta (Airteagal 34), rochtain ar chúram sláinte (Airteagal 35) agus rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe leis an leas ginearálta eacnamaíoch i gcoitinne (Airteagal 36) agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe (Airteagal 37).[Leasú 12]

(27)  Ba cheart na coinníollacha le haghaidh comhar críochach a chruthú i gcomhréir leis an bprionsabal coimhdeachta atá cumhdaithe in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Tá na Ballstáit tar éis tabhairt faoi thionscnaimh aonair, dhéthaobhacha agus fiú iltaobhacha chun constaicí teorann dlí a réiteach. Níl na sásraí sin sna Ballstáit go léir, áfach, nó níl siad ann do gach teorainn i mBallstát faoi leith. Ní leor na hionstraimí maoiniúcháin (Interreg den chuid is mó) agus na hionstraimí dlíthiúla (Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críche den chuid is mó) a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais go dtí seo chun bacainní teorann dlíthiúla a réiteach ar fud an Aontais. Dá réir sin ní féidir leis na Ballstáit cuspóir na gníomhaíochta beartaithe a bhaint amach ar leibhéal lárnach ná ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil, ach is féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta beartaithe, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, is gá tuilleadh gníomhaíochta ó reachtóir an Aontais.

(28)  I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, níor cheart go rachadh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais a dhul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a ghnóthú. Is ar bhonn deonach a bhainfear úsáid as an sásra sonrach arna bhunú faoin Rialachán seo chun constaicí trasteorann i réigiúin thrasteorann a réiteach agus ní chuireann sé sin, ar shlí ar bith, cosc ar ionstraimí inchomparáide malartacha a úsáid. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát cinneadh, maidir le teorainn shonrach i gcás comhthionscadal sonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, leanúint de bhaic dlí i réigiún sonrach trasteorann a réiteach faoi na sásraí éifeachtacha atá curtha ar bun aige ar an leibhéal náisiúnta nó atá curtha ar bun aige go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, in éineacht le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, ní gá an Sásra atá curtha ar bun faoin Rialachán seo a roghnú. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina ndéanann Ballstát cinneadh, maidir le teorainn shonrach comhthionscadal sonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, bheith páirteach i sásra éifeachtach atá ann cheana arna bhunú go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil ag Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, ar choinníoll go gceadaítear aontachas leis an sásra sin, arís, ní gá an Sásra arna chur ar bun faoin Rialachán seo a roghnú. Ar deireadh, i gcás ina ndéanann Ballstát cinneadh, in éineacht le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, sásra éifeachtach nua a chur ar bun, go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, chun baic dhlíthiúla atá ina mbac ar chomhthionscadal a chur chun feidhme i réigiúin thrasteorann a réiteach, ní gá an Sásra arna bhunú faoin Rialachán seo a roghnú. Dá bhrí sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach do na réigiúin trasteorann sin, réigiúin nach bhfuil aon sásraí éifeachtúla i bhfeidhm ag na Ballstáit ina leith chun baic dlí a réiteach.[Leasú 13]

(28a)   Ba cheart go ndéanfadh an Rialachán seo prionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh. Ní dhéanann sé difear, ar shlí ar bith, do cheannasacht na mBallstát, ná níl sé contrártha dá mbunreachtanna. [Leasú 14]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Leis an Rialachán seo cuirtear ar bun sásra le gur féidir forálacha dlí ó Bhallstát amháin a chur i bhfeidhm i mBallstát eile, maidir le réigiún trasteorann, i gcás ina gcruthófaí bac dlí ar chur chun feidhme comhthionscadail dá gcuirfí forálacha dlí an dara Ballstáit i bhfeidhm (‘an Sásra’) , cuirtear ar bun sásra deonach chun gur féidir, maidir le comhthionscadal aonair i réigiún trasteorann, forálacha dlí ó Bhallstát amháin a chur i bhfeidhm i mBallstát eile, i gcás ina gcruthófaí baic dhlíthiúla amháin nó níos mó ar chur chun feidhme comhthionscadail (‘an Sásra’) dá gcuirfí forálacha dlí an dara Ballstáit i bhfeidhm. [Leasú 15]

2.  Cuimseofar ceann de na bearta seo a leanas leis an Sásra:

(a)  tabhairt i gcrích Gealltanais Trasteorann Eorpaigh, is infheidhme go díreach,

(b)  tabhairt i gcrích Ráitis Trasteorann Eorpaigh, óna dteastódh nós imeachta reachtach sa Bhallstát.

3.  Sa Rialachán seo leagtar síos an méid seo a leanas freisin

(a)  eagrúchán agus tascanna Pointí Comhordúcháin Trasteorann sna Ballstáit,

(b)  ról comhordaithe an Choimisiúin i ndáil leis an Sásra,

(c)  cosaint dhlíthiúil ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiún trasteorann nó dóibh siúd atá ina gcónaí ann ar feadh tréimhse teoranta i ndáil leis an Sásra. [Leasú 16]

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le réigiúin trasteorann mar atá siad sainmhínithe i bpointe (1) d’Airteagal 3.

2.  I gcás ina gcuimsíonn Ballstát roinnt eintiteas críochach ag a bhfuil cumhachtaí reachtacha, beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir leis na heintitis chríochacha sin lena n‑áirítear a n‑údaráis nó a bhforálacha dlí faoi seach.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘réigiún trasteorann’ an críoch arna chumhdú ag réigiúin chomharsanachta teorann talún nó muirí in dhá Bhallstát nó níos mó ag réigiúin leibhéal NUTS 3; [Leasú 17]

(2)  ciallaíonn ‘comhthionscadal’ aon mír bonneagair ag a bhfuil tionchar i réigiún trasteorann ar leith nó aon seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthraítear i réigiún trasteorann ar leith, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an tionchar sin le sonrú ar dhá thaobh na teorann nó ar thaobh amháin di; [Leasú 18]

(3)  ciallaíonn ‘foráil dlí’ aon fhoráil dlí nó riaracháin, aon riail nó aon chleachtas riaracháin is infheidhme maidir le comhthionscadal, beag beann ar cibé acu an bhfuil sé glactha nó curtha chun feidhme ag comhlacht reachtach nó feidhmiúcháin;

(4)  ciallaíonn ‘bac dlí’ aon fhoráil dlí maidir le pleanáil, forbairt, soláthar foirne, maoiniú nó feidhmiú comhthionscadail, a chuireann bac ar phoitéinseal dúchasach réigiúin teorann agus idirphlé trasna na teorann ar siúl;

(5)  ciallaíonn ‘tionscnóir’ an gníomhaí a shainaithníonn an baic dlí amháin nó níos mó agus a chuireann an Sásra i ngnímh trí dhoiciméad tionscnaimh a chur isteach; [Leasú 19]

(6)  ciallaíonn ‘doiciméad tionscnaimh’ an doiciméad arna ullmhú ag tionscnóir amháin nó níos mó chun an Sásra a ghníomhú;

(7)  ciallaíonn ‘Ballstát an ghealltanais’ an Ballstát a mbeidh feidhm ag foráil dlí amháin nó níos mó ó Bhallstát an aistrithe ar a chríocha faoi Ghealltanas Trasteorann Eorpach ar leith (an “Gealltanas”) nó faoi Ráiteas Trasteorann Eorpach ar leith (an “Ráiteas”) nó i gcás ina mbunófar réiteach dlíthiúil ad hoc in éagmais foráil iomchuí dlí;

(8)  ciallaíonn ‘Ballstát an aistrithe’ an Ballstát a mbeidh feidhm ag a fhorálacha dlí i mBallstát an ghealltanais faoi Ghealltanas nó Ráiteas ar leith;

(9)  ciallaíonn ‘údarás inniúil an ghealltanais’ an t‑údarás i mBallstát an ghealltanais atá inniúil chun glacadh le cur i bhfeidhm forálacha dlí Bhallstát an aistrithe ar a chríoch faoi Ghealltanas ar leith nó, i gcás Ráitis, gealltanas a thabhairt go gcuirfidh sé tús leis an nós imeachta reachtach is gá le haghaidh maolú ar a fhorálacha dlí baile;

(10)  ciallaíonn ‘údarás inniúil an aistrithe’ an t‑údarás i mBallstát an aistrithe atá inniúil chun glacadh leis na forálacha dlí a bheidh i bhfeidhm i mBallstát an ghealltanais agus as a gcur i bhfeidhm ar a chríoch féin nó ar an dá chríoch;

(11)  ciallaíonn ‘limistéar cur i bhfeidhm’ an limistéar i mBallstát an ghealltanais ina mbeidh feidhm le foráil dlí Bhallstát an aistrithe nó ina mbeidh feidhm ag réiteach dlíthiúil ad hoc.

Airteagal 4

Roghanna na mBallstát chun baic dlí a réiteach

1.  Roghnóidh Ballstát an Sásra nó roghnóidh sé bealaí atá ann cheana chun baic dlí a réiteach atá ag cur bac ar chur chun feidhme comhthionscadail i réigiúin trasteorann ar theorainn shonrach Féadfaidh na Ballstáit an Sásra a roghnú nó bealaí eile a roghnú chun réiteach a fháil ar chonstaicí dlíthiúla atá ina mbac ar chur chun feidhme comhthionscadail i réigiúin thrasteorann le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó. [Leasú 20]

2.  Féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh freisin, maidir le teorainn shonrach Maidir le comhthionscadal i réigiúin thrasteorann, féadfaidh Ballstát, in éineacht le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, bheith páirteach i mbealach éifeachtach atá ann cheana arna bhunú chur ar bun go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil ag Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó nó cuirfidh sé an Sásra i bhfeidhm maidir leis an Ráiteas. [Leasú 21]

3.  Féadfaidh na Ballstáit an Sásra a úsáid i réigiúin trasteorann ar theorainneacha muirí nó i réigiúin chur i bhfeidhm maidir le comhthionscadal i réigiún trasteorann idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó nó tír agus críoch amháin nó níos mó thar lear, ar bhonn deonach i ndáil leis na comhpháirtithe uile lena mbaineann. [Leasú 22]

4.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon chinneadh a dhéanfar faoin Airteagal seo.

Airteagal 5

Pointí Comhordúcháin Trasteorann

1.  I gcás ina roghnóidh Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát an Sásra, bunóidh sé Pointe Comhordúcháin Trasteorann amháin nó níos mó ar cheann de na bealaí seo a leanas: [Leasú 23]

(a)  Pointe Comhordúcháin Trasteorann a ainmniú, ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal réigiúnach nó ag an dá leibhéal sin, mar chomhlacht ar leithligh;

(b)  Pointe Comhordúcháin Trasteorann a chur ar bun laistigh d’údarás nó de chomhlacht atá ann cheana, ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal réigiúnach;

(c)  na cúraimí breise a thabhairt d’údarás iomchuí nó do chomhlacht iomchuí mar Phointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta nó réigiúnach.

2.  Cinnfidh Ballstáit an ghealltanais agus Ballstáit an aistrithe an méid seo a leanas freisin:

(a)  an é an Pointe Comhordúcháin Trasteorann nó údarás inniúil gealltanais/aistrithe is féidir Gealltanas a thabhairt i gcrích agus a shíniú agus cinneadh a dhéanamh go maolófar an dlí náisiúnta is infheidhme ó dháta theacht i bhfeidhm an Ghealltanais sin; nó

(b)  an é an Pointe Comhordúcháin Trasteorann nó údarás inniúil gealltanais/aistrithe is féidir Ráiteas a shíniú agus a shonrú go foirmiúil sa Ráiteas sin go ndéanfaidh an t‑údarás inniúil gealltanais an méid is gá i ndáil le gníomhartha reachtacha nó gníomhartha eile a dhéanfaidh na comhlachtaí reachtacha inniúla sa Bhallstát sin faoi spriocam ar leith.

3.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann faoin dáta a gcuirfear tosach feidhme leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Cúraimí na bPointí Comhordúcháin Trasteorann

1.  Beidh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ar gach Pointe Comhordúcháin Trasteorann:

(a)  an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10 agus Airteagal 11 a chur chun feidhme;

(b)  an t‑ullmhú, síniú, cur chun feidhme agus faireachán a chomhordú le haghaidh gach Gealltanas agus Ráiteas a bhaineann le críoch a Bhallstáit;

(c)  bunachar sonraí a thógáil agus a choinneáil lena chlúdaítear gach Pointe Comhordúcháin Trasteorann a bhaineann le críoch a Bhallstáit;

(d)  idirchaidreamh a dhéanamh leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann , i gcás inarb ann dóibh, sa Bhallstát comharsanachta nó sna Ballstáit chomharsanachta agus leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann in eintitis chríochacha eile le cumhachtaí reachtacha a Bhallstáit féin nó Bhallstát eile; [Leasú 24]

(e)  idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún;

(f)  tacú leis an gCoimisiún i dtaca lena bhunachar sonraí maidir le Ráitis agus Gealltanais.

2.  Féadfaidh gach Ballstát nó gach eintiteas críochach ag a bhfuil cumhachtaí reachtacha sa Bhallstát sin cinneadh a dhéanamh na cúraimí seo a leanas a thabhairt don Phointe Comhordúcháin Trasteorann lena mbaineann:

(a)  i gcás inarb infheidhme, Gealltanais nó Ráitis a thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 16(2) agus Airteagal 17(2);

(b)  ar iarratas ó thionscnóir ar leith, tacú leis an tionscnóir sin tríd an údarás inniúil gealltanais sa Bhallstát céanna a shainaithint nó an t‑údarás inniúil aistrithe i mBallstát eile, i measc nithe eile;

(c)  ar iarratas ó údarás inniúil áirithe an ghealltanais gealltanais atá lonnaithe i mBallstát eile nach bhfuil a Phointe Comhordúcháin Trasteorann féin aige, réamhanailís a dhéanamh ar dhoiciméad tionscnaimh; [Leasú 25]

(d)  faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme gach Gealltanais agus gach Ráitis a bhaineann le críoch a Bhallstáit;

(e)  meabhrú don údarás inniúil gealltanais cloú leis na spriocdhátaí arna leagan síos i nGealltanas nó Ráiteas ar leith agus freagra a iarraidh faoi spriocdháta ar leith;

(f)  aon spriocdhátaí arna leagan síos i nGealltanas nó Ráiteas ar leith agus nár cloíodh leo a chur in iúl don údarás atá i mbun faireacháin ar an údarás inniúil gealltanais.

3.  I gcás ina mbaineann ar a laghad bac dlí amháin i measc roinnt eile le hinniúlacht reachtach ar an leibhéal náisiúnta, glacfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta na cúraimí arna leagan síos in Airteagal 9 go hAirteagal 17 agus rachaidh sé i mbun comhordú leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann réigiúnach ábhartha nó na Pointí Comhordúcháin Trasteorann réigiúnacha ábhartha, ach amháin má tá cinneadh déanta ag an mBallstát go bhfuil na cúraimí arna leagan amach in Airteagal 14 go hAirteagal 17 á gcur ar iontaoibh údarás inniúil an ghealltanais ar an leibhéal náisiúnta.

4.  I gcás nach mbaineann aon cheann de na baic dlí le hinniúlacht reachtach ar an leibhéal náisiúnta, glacfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann réigiúnach na cúraimí arna leagan síos in Airteagal 9 go hAirteagal 17 agus rachaidh sé i mbun comhordú leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann réigiúnach eile nó na Pointí Comhordúcháin Trasteorann réigiúnacha eile sna Ballstáit chéanna, i gcásanna ina bhfuil níos mó ná eintiteas críochach amháin ag baint leis an gcomhthionscadal, ach amháin má tá cinneadh déanta ag an mBallstát go bhfuil na cúraimí arna leagan amach in Airteagal 14 go hAirteagal 17 á gcur ar iontaoibh Pointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta. Coinneoidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil réigiúnach an Pointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta ar an eolas maidir le haon nós imeachta a bhaineann le Gealltanas nó le Ráiteas.

Airteagal 7

Tascanna comhordúcháin an Choimisiúin

1.  Déanfaidh an Coimisiún na tascanna comhordúcháin seo a leanas:

(a)  idirchaidreamh a dhéanamh leis na Pointí ComhordúcháinTrasteorann;

(b)  liosta bunachar sonraí de na Pointí Comhordúcháin Trasteorann uile idir náisiúnta agus réigiúnach réigiúnacha uile a chruthú, a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta; [Leasú 26]

(c)  bunachar sonraí maidir le gach Gealltanas agus Ráiteas a bhunú agus a choinneáil.

1a.  Déanfaidh an Coimisiún straitéis chumarsáide tacaíochta a ullmhú chun:

(a)  malartú dea-chleachtas a chur chun cinn;

(b)  faisnéis phraiticiúil agus léirmhíniú a sholáthar ar réimse ábhair agus fócas téamach an Rialacháin seo agus

(c)  soiléiriú a thabhairt ar an nós imeachta beacht chun Gealltanas nó Ráiteas a thabhairt i gcrích [Leasú 27]

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i leith feidhmiú an bhunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 agus na foirmeacha a bheidh le húsáid nuair a dhéanfaidh Pointí Comhordúcháin Trasteorann faisnéis a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus úsáid an tSásra. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

CAIBIDIL II

Nós imeachta chun Gealltanas a thabhairt i gcrích agus a shíniú nó chun Ráiteas a shíniú

Airteagal 8

An doiciméad tionscnaimh a ullmhú agus a chur isteach

1.  Sainaithneoidh an tionscnóir an bac dlí amháin nó níos mó i ndáil le pleanáil, forbairt, soláthar foirne, maoiniú nó feidhmiú comhthionscadail. [Leasú 28]

2.  Is ceann amháin díobh seo a bheidh mar thionscnóir:

(a)  an comhlacht poiblí nó príobháideach atá freagrach as comhtionscadal a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon;

(b)  údarás áitiúil nó réigiúnach amháin nó níos mó atá lonnaithe i réigiún trasteorann ar leith nó a fheidhmíonn cumhacht phoiblí sa réigiún trasteorann sin;

(c)  comhlacht, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, arna bhunú le haghaidh comhair trasteorann agus atá lonnaithe i réigiún trasteorann ar leith nó a chumhdaíonn réigiún trasteorann ar leith go páirteach ar a laghad, lena n‑áirítear grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Euro-réigiúin, Euregio agus comhlachtaí comhchosúla;

(d)  eagraíocht arna bunú thar ceann réigiún trasteorann a bhfuil sé mar aidhm léi leasa na gcríoch trasteorann a chur chun cinn agus líonrú gníomhaithe agus roinnt eispéireas a éascú, amhail Chomhlachas Réigiúin Theorann na hEorpa, an Mission Opérationnelle Transfrontalière nó Seirbhís Lár na hEorpa do Thionscnaimh Trasteorann; nó

(e)  roinnt de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

3.  Ullmhóidh an tionscnóir doiciméad tionscnaimh a bheidh dréachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 9.

4.  Cuirfidh an tionscnóir an doiciméad tionscnaimh faoi bhráid Phointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais agus seolfaidh sé cóip chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe.

Airteagal 9

Inneachar an doiciméid tionscnaimh

1.  Beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, sa doiciméad tionscnaimh:

(a)  tuairisc ar an gcomhthionscadal agus ar a chomhthéacs, ar an mbac bhac dlí comhfhreagrach amháin nó níos mó i mBallstát an ghealltanais chomh maith leis an réasúnaíocht leis an mbac chun bac dlí amháin nó níos mó a réiteach; [Leasú 29]

(b)  liosta d’fhorálacha sonracha dlí Bhallstát an aistrithe lean lena réitítear an bac dlí amháin nó níos mó nó, i gcás nach bhfuil aon fhoráil iomchuí dlí ann, togra le haghaidh réiteach dlí ad hoc; [Leasú 30]

(c)  an t‑údar le réimhse an chur i bhfeidhm;

(d)  an fad atá tuartha nó, i gcás ina mbeidh údar leis, a fhad neamhtheoranta;

(e)  liosta na n‑údarás inniúil gealltanais;

(f)  liosta na n‑údarás inniúil aistrithe.

2.  Beidh an limistéar cur i bhfeidhm teoranta don íosmhéid is gá chun an comhthionscadal a chur chun feidhme go héifeachtach.

Airteagal 10

Réamhanailís Bhallstáit Bhallstá(i)t an ghealltanais agus an aistrithe ar an doiciméad tionscnaimh [Leasú 31]

1.  Déanfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais anailís ar an doiciméad tionscnaimh. Déanfaidh sé idirchaidreamh le gach údarás inniúil gealltanais agus leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta nó, i gcás inarb ábhartha, leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann réigiúnacha eile sa Bhallstát agus leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta i mBallstát an aistrithe. [Leasú 32]

1a.   Laistigh de thrí mhí tar éis do Phointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe doiciméad tionscnaimh a fháil, cuirfidh sé a réamhthuairimí chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais. [Leasú 33]

2.  Laistigh de thrí shé mhí tar éis an doiciméad tionscnaimh a fháil, déanfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha seo a leanas, a bheidh le tarchur chuig an tionscnóir i scríbhinn: [Leasú 34]

(a)  a chur in iúl don tionscnóir gur ullmhaíodh an doiciméad tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 9 agus dá bhrí sin go bhfuil sé inghlactha;

(b)  a iarraidh, más gá, go seolfar isteach doiciméad leasaithe tionscnaimh nó faisnéis shonrach bhreise, ag leagan amach an fáth nach meastar gur leor an doiciméad tionscnaimh agus an ghné den doiciméad tionscnaimh nach leor;

(c)  an tionscnóir a chur ar an eolas faoina mheasúnú nach bhfuil aon bhac dlí ann, ag leagan amach na fáthanna agus ag déanamh tagairt freisin do na modhanna sásaimh dhlíthiúil atá ann in aghaidh an chinnidh sin faoi dhlí Bhallstát an ghealltanais;

(d)  an tionscnóir a chur ar an eolas faoina mheasúnú go gcuimsítear an bac dlí amháin nó níos mó i gceann de na cásanna atá liostaithe in Airteagal 12(4) agus tuairisc ar ghealltanas an údaráis inniúil ghealltanais an bac dlí sin a athrú nó a chur in oiriúint; [Leasú 35]

(e)  an tionscnóir a chur ar an eolas faoina mheasúnú go gcuimsítear an bac dlí amháin nó níos mó i gceann de na cúinsí faoi Airteagal 12(4), ag leagan amach na cúiseanna le diúltú an bac dlí sin a athrú nó a chur in oiriúint agus ag tagairt do na modhanna sásaimh dhlíthiúil atá ann in aghaidh an chinnidh sin faoi dhlí Bhallstát an ghealltanais; [Leasú 36]

(f)  gealltanas a thabhairt, i leith an tionscnóra, go n‑aimseoidh sé réiteach ar an mbac dlí nó ar na baic dlí laistigh de shé mhí, tríd an nGealltanas a shíniú le Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe nó leis an údarás inniúil aistrithe, de réir mar a ainmneoidh Ballstát an aistrithe é, nó trí réiteach dlíthiúil ad hoc a mholadh laistigh de chreat dlí Bhallstát an ghealltanais;

(fa)   an tionscnóir a atreorú chun sásra atá ann cheana a roghnú, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(2), chun constaic dlí amháin nó níos mó atá ina bac ar chur chun feidhme an chomhthionscadail a réiteach nó chun an doiciméad tionscnaimh a tharchur go díreach chuig an gcomhlacht inniúil faoin sásra comhfhreagrach;[Leasú 37]

(fb)   an tionscnóir a chur ar an eolas go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann tar éis a chinneadh gan ceann amháin nó níos de na baic dlí a shainaithin an tionscnóir a réiteach, agus, san am céanna, na cúiseanna leis an gcinneadh sin a thabhairt i scríbhinn. [Leasú 38]

3.  I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, d’fhéadfadh an t‑údarás inniúil gealltanais an spriocdháta dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 2 a shíneadh uair amháin, de shé mhí ar a mhéad, agus cuirfidh sé é sin in iúl don tionscnóir agus do Bhallstát an aistrithe dá réir, ag leagan amach i scríbhinn na cúiseanna atá leis.

Airteagal 11

Réamhanailís Bhallstáit an aistrithe ar an doiciméad tionscnaimh

Nuair a fhaigheann Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe doiciméad tionscnaimh, déanfaidh sé na cúraimí a liostaítear in Airteagal 10(2) freisin agus féadfaidh sé a réamhthuairimí chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais. [Leasú 39]

Airteagal 12

Bearta leantacha ar réamhanailís an doiciméid tionscnaimh

1.  I gcás ina n‑iarrfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais doiciméad tionscnaimh leasaithe nó faisnéis shonrach bhreise, déanfaidh sé anailís ar an doiciméad tionscnaimh leasaithe nó ar an bhfaisnéis shonrach bhreise nó orthu araon agus déanfaidh sé na bearta, laistigh de thrí shé mhí ón doiciméad a fháil, oiread is go raibh an doiciméad tionscnaimh á sheoladh isteach den chéad uair.[Leasú 40]

2.  I gcás ina measann Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais nach bhfuil an doiciméad tionscnaimh leasaithe go fóill ullmhaithe i gcomhréir le hAirteagal 10 nó nach leor go fóill an fhaisnéis shonrach bhreise, déanfaidh sé a chinneadh deireadh a chur leis an nós imeachta a chur in iúl don tionscnóir laistigh de thrí shé mhí tar éis an doiciméad tionscnaimh leasaithe a fháil. Tabharfar bonn cirt cuí leis an gcinneadh sin.[Leasú 41]

3.  I gcás inarb é conclúid na hanailíse a dhéanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais nó an t‑údarás gealltanais go bhfuil an bac dlí amháin nó níos mó a bhfuil tuairisc air sa doiciméad tionscnaimh bunaithe ar mhíthuiscint nó ar mhíléiriú ar an reachtaíocht ábhartha nó ar easpa faisnéis ábhartha faoin reachtaíocht ábhartha, cuirfear deireadh leis an nós imeachta tríd an tionscnóir a chur ar an eolas faoin measúnú nach bhfuil aon bhac dlí ann.[Leasú 42]

4.  I gcás nach bhfuil sa bhac i mbac dlí amháin nó níos mó ach foráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin de chuid Bhallstát an ghealltanais nó foráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin ar soiléir nach foráil arna glacadh faoi nós imeachta reachta é agus, dá bhrí sin, is féidir a athrú nó a oiriúnú gan nós imeachta reachtach, déanfaidh údarás inniúil an ghealltanais an tionscnóir a chur ar an eolas laistigh d’ocht mí go ndiúltaíonn sé nó go bhfuil sé toilteanach an fhoráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin ábhartha a athrú nó a oiriúnú.[Leasú 43]

5.  I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, d’fhéadfadh an t‑údarás inniúil gealltanais an spriocdháta dá dtagraítear i mír 4 a shíneadh uair amháin, de ocht mhí ar a mhéad, agus cuirfidh sé é sin in iúl don tionscnóir agus do Bhallstát an aistrithe dá réir, ag leagan amach i scríbhinn na cúiseanna atá leis.

Airteagal 13

Ullmhú an dréacht-Ghealltanais nó an dréacht-Ráitis

Déanfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann nó údarás inniúil an ghealltanais i mBallstát an ghealltanais dréacht-Ghealltanas nó dréacht-Ráiteas a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14 bunaithe ar an doiciméad tionscnaimh.

Airteagal 14

Inneachar an dréacht-Ghealltanais agus an dréacht-Ráitis

1.  Beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, sa dréacht-Ghealltanas:

(a)  tuairisc ar an gcomhthionscadal agus ar a chomhthéacs, ar an mbac bhac dlí chomhfhreagrach comhfhreagrach amháin nó níos mó agus ar an réasúnaíocht leis an mbac chun bac dlí amháin nó níos mó a réiteach; [Leasú 44]

(b)  liosta de na forálacha sonracha dlíthiúla atá sa bhac i mbac dlí amháin nó níos mó agus nach mbeidh feidhm acu dá réir sin maidir leis an gcomhthionscadal; [Leasú 45]

(c)  an limistéar cur i bhfeidhm;

(d)  fad an chur i bhfeidhm agus bonn cirt leis an bhfad sin;

(e)  an t‑údarás inniúil gealltanais nó na húdaráis inniúla gealltanais;

(f)  foráil shonrach dlí Bhallstát an aistrithe, a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcomhthionscadal;

(g)  an moladh maidir leis an réiteach ad hoc dlíthiúil, sa chás nach bhfuil aon fhoráil iomchuí dlí i gcreat dlíthiúil Bhallstát an aistrithe;

(h)  an t‑údarás inniúil aistrithe nó na húdaráis inniúla aistrithe;

(i)  an t‑údarás nó na húdaráis ó Bhallstát an ghealltanais atá inniúil i leith an chur chun feidhme agus an fhaireacháin;

(j)  an t‑údarás nó na húdaráis ó Bhallstát an aistrithe atá molta le bheith ainmnithe i gcomhar lena chéile don chur chun feidhme agus don fhaireacháin;

(k)  an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Is é an dáta a shíneoidh an duine deiridh den dá Phointe Comhordúcháin Trasteorann nó den dá údarás inniúil nó an dáta a bheidh sé curtha in iúl don tionscnóir an dáta theacht i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (k).

2.  I dteannta na n‑eilimintí a liostaítear i mír 1, beidh dáta chur i bhfeidhm sa dréacht-Ghealltanas, ar dáta é is féidir

(a)  a shocrú don dáta céanna lena theacht i bhfeidhm:

(b)  a shocrú le héifeacht chúlghabhálach;

(c)  a chur siar go dáta sa todhchaí.

3.  De bhreis ar na heilimintí a liostaítear i mír 1, cuimseoidh an dréacht-Ráiteas ráiteas foirmiúil maidir leis an dáta nó na dátaí faoina gcuirfidh gach údarás inniúil gealltanais togra foirmiúil faoi bhráid an chomhlachta reachtaigh lena mbaineann chun leasú a dhéanamh dá réir ar na forálacha dlí náisiúnta.

Ní bheidh an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos mó ná dhá mhí dhéag tar éis tabhairt i gcrích an Ráitis.

Airteagal 15

Tarchur an dréacht-Ghealltanais nó an dréacht-Ráitis

1.  I gcás ina bhfuil an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas ullmhaithe ag an údarás inniúil gealltanais, déanfaidh sé an dréacht sin a tharchur chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais:

(a)  laistigh de thrí shé mhí ar a mhéad tar éis faisnéis a bheith tarchurtha aige faoi Airteagal 10(2) nó Airteagal 12(1) agus (2); [Leasú 46]

(b)  laistigh d’ocht mí ar a mhéad de bhun Airteagal 12(4) agus (5).

2.  I gcás ina bhfuil an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas ullmhaithe ag Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais nó i gcás ina bhfuil sé faighte aige ón údarás inniúil gealltanais, déanfaidh sé an dréacht sin a tharchur chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1.

3.  Sa dá chás, seolfar cóip chuig an tionscnóir freisin mar eolas.

Airteagal 16

Cúraimí Bhallstát an aistrithe maidir leis an nGealltanas a thabhairt i gcrích agus a shíniú nó maidir leis an Ráiteas a shíniú

1.  Déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas arna fháil de bhun Airteagal 15 a scrúdú agus, laistigh de thrí shé mhí ar a mhéad tar éis dó an dréacht a fháil agus tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis inniúla an aistrithe, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas: [Leasú 47]

(a)  aontú leis an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas, dhá chóip bhunaidh a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais;

(b)  aontú leis an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas, tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (f) agus i bpointe (h) d’Airteagal 14(1) a cheartú nó a fhorlíonadh, dhá chóip bhunaidh den dréacht athbhreithnithe a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais;

(c)  diúltú an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas a shíniú agus réasúnú mionsonraithe a chur chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais;

(d)  diúltú an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas a shíniú agus dréacht atá leasaithe maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) agus, más ábhartha, i bpointe (g) d’Airteagal 14(1), agus i gcás an dréacht-Ghealltanais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(2), maille le réasúnú ar na leasuithe, a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais.

2.  Sna Ballstáit ina síneoidh údarás inniúil an aistrithe Gealltanas nó Ráiteas, déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe, i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) de mhír 1, an ceann amháin den dá chóip bhunaidh arna síniú ag údarás inniúil an aistrithe a sheoladh chur chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais. [Leasú 48]

3.  I gcás ina n‑aontóidh Ballstát an aistrithe i gcomhréir le pointe (a) nó pointe (b) de mhír 1 Gealltanas nó Ráiteas a shíniú, déanfaidh sé, ina theannta sin, a dhearbhú nó a dhiúltú go sainráite go nglacfaidh an t‑údarás inniúil nó na húdaráis inniúla atáthar a bheartú a ainmniú go comhpháirteach le haghaidh chur chun feidhme agus fhaireachán an Ghealltanais nó an Ráitis de bhun phointe (j) d’Airteagal 14(1), go nglacfaidh an t‑údarás nó na húdaráis sin orthu féin na cúraimí atá le déanamh sa réimse cur i bhfeidhm.

Airteagal 17

Cúraimí Bhallstáit an ghealltanais maidir leis an nGealltanas a thabhairt i gcrích agus a shíniú nó maidir leis an Ráiteas a shíniú

1.  Déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an freagra arna tharchur ag Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe a scrúdú agus déanfaidh, laistigh d’aon mhí amháin de thrí mhí ar a mhéad tar éis dó é a fháil, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas, nach mór a tharchur chuig údarás inniúil an aistrithe i scríbhinn: [Leasú 49]

(a)  i gcás phointe (a) de mhír 2 d’Airteagal 16(1), bailchríoch a chur ar an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas, dhá trí chóip bhunaidh a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais; [Leasú 50]

(b)  i gcás phointe (b) de mhír 2 d’Airteagal 16(1), leasú a dhéanamh dá réir ar an nGealltanas nó an Ráiteas, maidir leis an bhfaisnéis sa dréacht-Ghealltanas nó sa dréacht-Ráiteas a chumhdaítear i bpointe (f) agus i bpointe (h) d’Airteagal 14(1), bailchríoch a chur ar an nGealltanas nó an Ráiteas, dhá trí chóip bhunaidh a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe lena síniú. [Leasú 51]

(c)  i gcás phointe (c) de mhír 2 d’Airteagal 16(1), an tionscnóir agus an Coimisiún a chur ar an eolas, agus an réasúnú arna leagan amach ag údarás inniúil an aistrithe a chur leis; [Leasú 52]

(d)  i gcás phointe (d) de mhír 2, na leasuithe a mheas agus, an nós imeacht faoi phointe (b) den mhír seo a leanúint nó an dara nós imeachta faoi Airteagal 9 a sheoladh i gcás phointe (d) d’Airteagal 16(1), na leasuithe a mheas agus leanúint ar aghaidh mar atá faoi phointe (b) den mhír seo nó leanúint ar aghaidh mar atá faoi phointe (c) den mhír seo ag leagan amach cén fáth nárbh fhéidir le húdarás inniúil an ghealltanais glacadh le roinnt de na leasuithe nó leis na leasuithe ar fad. [Leasú 53]

2.  Nuair a gheobhaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an Gealltanas nó an Ráiteas, arna shíniú freisin ag an bPointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil nó ag údarás inniúil an aistrithe i gcás phointe (a) nó phointe (b) de mhír 1 nó, i gcás ina bhfuil freagra dearfach tugtha ag Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe faoin dara nós imeachta faoi phointe (d) de mhír 1, déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an méid seo a leanas: [Leasú 54]

(a)  an Gealltanas nó an Ráiteas deireadh a tharchur chuig an tionscnóir;

(b)  an dara cóip bhunaidh a tharchur chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe;

(c)  cóip a chur chuig údaráis inniúla uile an aistrithe;

(d)  cóip a chur chuig an bpointe comhordúcháin ar leibhéal an Aontais; agus

(e)  iarraidh ar an tseirbhís inniúil i mBallstát an ghealltanais atá freagrach as foilseacháin oifigiúla an Gealltanas nó an Ráiteas a fhoilsiú.

CAIBIDIL III

Cur chun feidhme agus faireachán ar Ghealltanais agus Ráitis

Airteagal 18

Cur chun feidhme an Ghealltanais

1.  An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 17(2) agus a chuirtear chuig údaráis inniúla an ghealltanais lena mbaineann, beidh clár ama ag gabháil léi, lena gcloífidh gach ceann de na húdaráis sin, i gcás inarb ábhartha, chun leasú a dhéanamh ar aon ghníomh riaracháin arna nglacadh faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcomhthionscadal agus chun aon ghníomh riaracháin a ghlacadh is gá chun an Gealltanas a chur i bhfeidhm maidir leis an gcomhthionscadal d’fhonn forálacha dlí Bhallstát an aistrithe nó réiteach dlíthiúil ad hoc a chur i bhfeidhm maidir leis.

2.  Seolfar cóip den chlár ama sin chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, Pointe Comhordúcháin Trasteorann réigiúnach Bhallstáit an ghealltanais.

3.  Glacfar aon ghníomh riaracháin dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfear in iúl don tionscnóir é, go háirithe don chomhlacht poiblí nó príobháideach atá freagrach as comhthionscadal a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon, i gcomhreir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le gníomhartha riaracháin den sórt sin.

4.  Nuair a ghlacfar gach gníomh riaracháin i ndáil le comhthionscadal ar leith, cuirfidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstáit an ghealltanais é sin in iúl do Phointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe agus don phointe comhordúcháin ar leibhéal an Aontais.

5.  Cuirfidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas i gcás inarb ábhartha.

Airteagal 19

Cur chun feidhme an Ráitis

1.  Déanfaidh gach údarás inniúil an ghealltanais a liostaítear i Ráiteas faoi Airteagal 14(3), faoin dáta ábhartha a shocrófar sa Ráiteas sínithe, togra foirmiúil a chur faoi bhráid an chomhlachta reachtaigh ábhartha chun na forálacha náisiúnta dlí a leasú dá réir.

2.  I gcás nach féidir an dáta faoi seach a shocrófar sa Ráiteas sínithe a urramú, go háirithe ag féachaint do thoghcháin a bheidh le teacht don chomhlacht inniúil reachtach, cuirfidh an t‑údarás inniúil gealltanais an tionscnóir, chomh maith le Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais agus Bhallstát an aistrithe araon, ar an eolas i scríbhinn.

3.  Nuair a bheidh togra foirmiúil curtha faoi bhráid an chomhlachta reachtaigh ábhartha, déanfaidh údarás inniúil an ghealltanais ábhartha an tionscnóir agus Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais agus Bhallstát an aistrithe araon a thabhairt cothrom le dáta i scríbhinn maidir leis an bhfaireachán sa chomhlacht reachtach lena mbaineann, agus déanfaidh sé amhlaidh gach sé mhí tar éis an dáta a chuirfear an togra isteach.

4.  Ar theacht i bhfeidhm don ghníomh reachtach leasaitheach nó ar a fhoilsiú san Iris oifigiúil nó ar dhéanamh an dá rud sin, leasóidh gach údarás inniúil an ghealltanais aon ghníomh riaracháin arna ghlacadh faoin dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcomhthionscadal agus glacfaidh sé aon gníomh riaracháin is gá chun na forálacha dlí leasaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an gcomhthionscadal.

5.  Glacfar aon ghníomh riaracháin dá dtagraítear i mír 4 agus cuirfear in iúl don tionscnóir é, go háirithe i gcás inar comhlacht poiblí nó príobháideach é an tionscnóir atá freagrach as comhthionscadal a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le gníomhartha riaracháin den sórt sin.

6.  Nuair a ghlacfar gach gníomh riaracháin i ndáil le comhthionscadal ar leith, cuirfidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstáit an ghealltanais é sin in iúl do Phointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe agus don phointe comhordúcháin ar leibhéal an Aontais.

7.  Cuirfidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe na húdaráis inniúla aistrithe ar an eolas i gcás inarb ábhartha.

Airteagal 20

Faireachán ar Ghealltanais agus ar Ráitis

1.  Bunaithe ar na gníomhartha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus Airteagal 19(4), cinnfidh Ballstát an ghealltanais agus Ballstát an aistrithe an gcuirfear faireachán ar chur i bhfeidhm Gealltanais nó na reachtaíochta náisiúnta leasaithe de bhun Ráitis ar iontaoibh údaráis Bhallstát an aistrithe, go háirithe mar gheall ar a gcuid saineolais i dtaca leis na forálacha dlí arna n‑aistriú, nó an gcuirfear ar iontaoibh údaráis Bhallstáit an ghealltanais é.

2.  I gcás ina ndéanfar an faireachán ar chur i bhfeidhm na bhforálacha dlí arna n‑aistriú a chur faoi chúram údaráis Bhallstát an aistrithe, cinnfidh Ballstát an ghealltanais, i gcomhaontú le Ballstát an aistrithe, an ngníomhóidh údaráis Bhallstát an aistrithe maidir le seolaithe na gcúraimí faireacháin thar ceann agus in ainm údaráis Bhallstát an ghealltanais nó thar a cheann sin ach ina n‑ainm féin.

CAIBIDIL IV

Cosaint dlí in aghaidh cur i bhfeidhm agus faireachán Gealltanas agus Ráiteas

Airteagal 21

Cosaint dlí in aghaidh cur i bhfeidhm Gealltanas agus Ráiteas

1.  Aon duine atá ina chónaí ar an gcríoch a chumhdaítear le Gealltanas nó le Ráiteas nó aon duine, bíodh is nach bhfuil sé ina chónaí ar an gcríoch sin, is úsáideoir seirbhíse de leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthraítear ar an gcríoch sin (‘duine a bhfuil cónaí air sa réigiún trasteorann’), a mheasann go ndearnadh éagóir air de dheasca gníomhartha nó faillí a bhaineann cur i bhfeidhm fhorálacha dlí Bhallstát an aistrithe, de bhun Gealltanais nó Ráitis, beidh an duine sin i dteideal sásamh dlí a lorg os comhair chúirteanna Bhallstát an ghealltanais.

2.  Mar sin féin, i gcás sásamh dlí i gcoinne aon ghníomh riaracháin arna ghlacadh faoi Airteagal 18(3) agus Airteagal 19(5), is iad cúirteanna an Bhallstáit ar eisigh a údarás an gníomh riaracháin, agus na cúirteanna sin amháin, a bheidh inniúil.

3.  Ní chuirfidh aon rud sa Rialachán seo cosc ar dhaoine a gcearta bunreachtúla náisiúnta achomhairc a fheidhmiú i gcoinne údaráis ar páirtithe i nGealltanas iad, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  cinntí riaracháin maidir le gníomhaíochtaí atá á ndéanamh de bhun Gealltanais;

(b)  rochtain ar sheirbhísí ina dteanga féin; agus

(c)  rochtain ar fhaisnéis.

Sna cásanna sin is iad na cúirteanna a bheidh inniúil cúirteanna an Bhallstáit ar faoina bhunreacht is ann do na cearta achomhairc.

Airteagal 22

Cosaint dlí in aghaidh faireachán Gealltanas agus Ráiteas

1.  Má ghlacann údarás inniúil an aistrithe leis go ndéanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm fhorálacha dlí Bhallstáit an aistrithe sa réimse ábhartha agus más féidir leis gníomhú ina ainm féin maidir le daoine atá ina gcónaí i réigiún trasteorann Bhallstát an ghealltanais, is iad cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil cónaí dlíthiúil na ndaoine sin a bheidh inniúil maidir le sásamh dlí i gcoinne aon ghníomh nó aon fhaillí a dhéanann an t‑údarás sin

2.  Má ghlacann údarás inniúil an aistrithe leis go ndéanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm fhorálacha dlí Bhallstáit an ghealltanais ar chríoch Bhallstát an ghealltanais, ach murar féidir leis gníomhú ina ainm féin maidir le daoine atá ina gcónaí sa réigiún trasteorann, is iad cúirteanna Bhallstáit an ghealltanais, agus na cúirteanna sin amháin, a bheidh inniúil maidir le sásamh dlí i gcoinne aon ghníomh nó aon fhaillí a dhéanann an t‑údarás sin, lena n‑áirítear i gcás daoine a bhfuil a cónaí dlíthiúil i mBallstát an aistrithe.

CAIBIDIL V

Forálacha deiridh

Airteagal 23

Nós imeachta Coiste

1.  Déanfaidh an Coiste Comhordúcháin do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a bunaíodh Airteagal 108(1) de Rialachán (AE) Uimh .../... [RFC nua] cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 24

Forálacha cur chun feidhme sna Ballstáit

1.  Déanfaidh na Ballstáit na forálacha is iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

2.  Faoi [dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas dá réir maidir le haon fhorálacha arna nglacadh faoi mhír 1.

3.  Poibleoidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheobhaidh sé ó na Ballstáit.

Airteagal 25

Tuairisciú

1.  Faoin ll mm bbb [i.e. an chéad lá den mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo + cúig trí bliana], tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste na Réigiún ina mbeidh measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo bunaithe ar tháscairí maidir lena éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, breisluach Eorpach agus scóip le haghaidh simpliú.

2.   Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, tagróidh an Coimisiún go háirithe do raon feidhme geografach agus téamach an Rialacháin seo, mar a shainmhínítear i bpointí (1) agus (2) d’Airteagal 3 faoi seach.

3.   Sula ndéanfar an tuarascáil a ullmhú, déanfaidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí leis na gníomhaithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. [Leasú 55]

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón ... [an chéad lá den mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo +aon bhliain amháin]

Beidh feidhm ag Airteagal 24, áfach, ón ... [an chéad lá den mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)IO C 440, 6.12.2018, lch. 124.
(2)IO C ...
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2019.
(4)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa, ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin atá suite ar theorainneacha an Aontais Eorpaigh’, - COM(2017)0534, 20.9.2017.
(5)Bhí cúig chlárthréimhse Interreg ann i ndiaidh a chéile: INTERREG I (1990-1993), INTERREG II (1994-1999), INTERREG III (2000-2006), INTERREG IV (2007-2013) agus INTERREG V (2014-2020).
(6)Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).
(7)Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003. lch. 1).
(8)Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

An nuashonrú is déanaí: 27 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais