Idir-inoibritheacht na gcóras ríomhbhailiúcháin dolaí bóthair agus malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain táillí bóthair a íoc san Aontas a éascú ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras ríomhbhailiúcháin dolaí bóthair agus lena n‑éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain táillí bóthair a íoc san Aontas (athmhúnlú) (COM(2017)0280 – C8-0173/2017 – 2017/0128(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0280),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0173/2017),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2017(1),
– tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(2),
– ag féachaint don litir dar dáta an 24 Iúil 2017 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireachta i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 28 Samhain 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 104 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0199/2018),
A. de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas (athmhúnlú)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/520.)