Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle chun go gcuirfí i gcrích, thar ceann an Aontais agus a chuid Ballstát, Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Meánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a gcuid Ballstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh. (10219/2016 – C8-0135/2017 – 2016/0121(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10219/2016),
– ag féachaint don dréachtPhrótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Meánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (10221/2016),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 217 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8‑0135/2017),
– ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A8-0025/2019),
1. ag tabhairt a toiliú chun an Prótacal a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Poblacht Arabach na hÉigipte.