Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0002(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0219/2016

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0219/2016

Díospóireachtaí :

PV 11/03/2019 - 17
CRE 11/03/2019 - 17

Vótaí :

PV 12/03/2019 - 9.14
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0148

Téacsanna atá glactha
PDF 120kWORD 43k
Dé Máirt, 12 Márta 2019 - Strasbourg
Malartú faisnéise faoi náisiúnaigh tríú tír agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) ***I
P8_TA(2019)0148A8-0219/2016
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise faoi náisiúnaigh tríú tír agus a mhéid a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle (COM(2016)0007 – C8-0012/2016 – 2016/0002(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0007),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0012/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0219/2016),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise faoi náisiúnaigh tríú tír agus a mhéid a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle
P8_TC1-COD(2016)0002

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/884.)

An nuashonrú is déanaí: 27 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais