Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (an córas ECRIS-TCN) a fhorlíonadh agus chun tacú leis agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (COM(2017)0344 – C8-0217/2017 – 2017/0144(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0344),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0217/2017),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0018/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/816.)