Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0230(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0079/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0079/2019

Díospóireachtaí :

PV 11/03/2019 - 18
CRE 11/03/2019 - 18

Vótaí :

PV 12/03/2019 - 9.16
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0150

Téacsanna atá glactha
PDF 307kWORD 119k
Dé Máirt, 12 Márta 2019 - Strasbourg
Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ***I
P8_TA(2019)0150A8-0079/2019
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear [an Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] agus Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 (COM(2018)0440 – C8-0264/2018 – 2018/0230(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0440),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 165(4), 166(4) agus 214(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0264/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A8-0079/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a Leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a Leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 201.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 282.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n aisghairtear [an Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] agus Rialachán (AE) 375/2014
P8_TC1-COD(2018)0230

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4), Airteagal 166(4) agus Airteagal 214(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Is ar an dlúthpháirtíocht atá an tAontas Eorpach bunaithe, i measc a shaoránach agus i measc a Bhallstát. Treoraíonn an comhluach sin, a chuimsítear in Airteagal 2 de Chonradh ar an Aontas Eorpach, a ghníomhaíochtaí agus soláthraíonn sé an aontacht is gá chun dul i ngleic le dúshláin na sochaí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, ar dúshláin iad a bhfuil Eorpaigh óga toilteanach cabhrú dul i ngleic leo trína ndlúthpháirtíocht a chur in iúl sa chleachtas. [Leasú 1]

(1a)   I bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh ar na géarchéimeanna daonnúla agus na héigeandálaí domhanda, agus d’fhonn feabhas a chur ar chur chun cinn na dlúthpháirtíochta agus infheictheacht na cabhrach daonnúla i measc shaoránaigh an Aontais, is gá forbairt a dhéanamh ar an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus le tríú tíortha atá thíos le tubaistí de dhéantús an duine nó tubaistí nádúrtha. [Leasú 2]

(1b)  Tá an chabhair dhaonnúil bunaithe ar phrionsabail na neamhchlaontachta, na neodrachta agus an neamh-idirdhealaithe, a leagtar síos sa dlí idirnáisiúnta daonnúil agus i ndlí an Aontais. Leis an gcabhair dhaonnúil cuirtear freagairt éigeandála atá bunaithe ar riachtanais ar fáil a bhfuil sé mar aidhm léi beatha daoine a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc agus a laghdú, dínit an duine a chaomhnú agus cosaint a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha atá thíos le tubaistí de dheanamh an duine nó tubaistí nádúrtha. Is gnéithe riachtanacha den chabhair dhaonnúil iad an laghdú ar an mbaol tubaiste agus an ullmhacht trí ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainní agus athléimneachta. [Leasú 3]

(2)  San aitheasc ar Staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2016 leagadh béim ar an ngá le hinfheistiú a dhéanamh i ndaoine óga agus fógraíodh go mbunófaí an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ("an Clár") d’fhonn deiseanna a chruthú do dhaoine óga ar fud an Aontais rannchuidiú lánbhrí a dhéanamh don tsochaí, dlúthpháirtíocht a léiriú agus a scileanna a fhorbairt, chun taithí oibre, chomh maith le taithí ríluachmhar daonna, a fháil.

(3)  Sa Teachtaireacht “Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach” an 7 Nollaig 2016(4), leag an Coimisiún béim ar an ngá atá ann an dúshraith a neartú le haghaidh obair dlúthpháirtíochta ar fud na hEorpa, níos mó deiseanna agus deiseanna níos fearr ó thaobh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a sholáthar do dhaoine óga i raon leathan réimsí éagsúla, agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, lena n‑iarrachtaí dul i ngleic le dúshláin agus géarchéimeanna éagsúla. Seoladh leis an Teachtaireacht sin an chéad chéim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach faoinar baineadh leas as cláir éagsúla de chuid an Aontais chun deiseanna saorálaíochta, cúrsaí oiliúna nó poist a thairiscint do dhaoine óga ar fud an Aontais Eorpaigh. [Leasú 4]

(4)  Leagtar béim in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ar an dlúthpháirtíocht mar cheann de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh. Déantar tagairt don phrionsabal sin freisin in Airteagal 21(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar chuid de dhúshraith ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh.

(4a)  I gcomhthéacs an Rialacháin seo, tuigtear an dlúthpháirtíocht mar an fhreagracht a bhraitheann gach duine i dtaca le gach duine a bheith tiomanta don leas coiteann, rud a léirítear trí ghníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh gan smaoineamh ar leas a fháil mar chúiteamh. [Leasú 5]

(4b)   Is bealach tábhachtach chun dlúthpháirtíocht a chur in iúl é cúnamh a thabhairt do dhaoine agus do phobail lasmuigh den Aontas atá thíos le tubaistí nó atá go mór i mbaol tubaistí agus a bhfuil cabhair dhaonnúil ag teastáil uathu, bunaithe ar bhunphrionsabail na neodrachta, na daonnachta, an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta. [Leasú 6]

(4c)   Ba cheart do na saorálaithe rannpháirteacha agus do na heagraíochtaí a chuireann gníomhaíochtaí chun feidhme faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil cloí leis na prionsabail a leagtar amach sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil. [Leasú 7]

(4d)  Is gá tuilleadh dlúthpháirtíochta a fhorbairt leis na daoine atá buailte ag géarchéimeanna agus tubaistí i dtríú tíortha agus leibhéil feasachta agus infheictheacht na cabhrach daonnúla agus na saorálaíochta i gcoitinne mar ghníomhaíocht ar feadh an tsaoil a ardú i measc shaoránaigh an Aontais. [Leasú 8]

(4e)  Tá gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag na Ballstáit go gcuirfidh siad Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de sin chun feidhme go hinmheánach agus trí ghníomhaíochtaí seachtracha araon. [Leasú 9]

(4f)  Sna conclúidí uaithi an 19 Bealtaine 2017 maidir leis an nasc idir an daonnúlacht agus an fhorbairt a chur chun cinn, d’aithin an Chomhairle gur gá an athléimneacht a neartú trí nasc níos fearr a dhéanamh idir an chabhair dhaonnúil agus an comhar forbartha agus gur gá na naisc oibríochtúla idir cineálacha comhlántacha cur chuige na cabhrach daonnúla, an chomhair forbartha agus an choisc coinbhleachtaí a neartú tuilleadh. [Leasú 10]

(5)  Ba cheart deiseanna cuimsitheacha agus fiúntacha atá inrochtana go héasca a chur ar fáil do dhaoine óga le bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, a chabhródh leo a dtiomantas maidir le leas pobal a chur in iúl agus ag an am céanna taithí, scileanna agus inniúlachtaí úsáideacha a shealbhú maidir lena bhforbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil, ag feabhsú dá réir sin a n‑infhostaitheacht. Thacódh na gníomhaíochtaí sin freisin le soghluaisteacht saorálaithe, oiliúnaithe agus oibrithe óga. [Leasú 11]

(6)  Ba cheart na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thairgtear do dhaoine óga a bheith ar ardcháilíocht, sa mhéid is gur cheart dóibh freastal ar riachtanais sa tsochaí nach bhfuiltear ag freastal orthu cheana, rannchuidiú le pobail a neartú, an deis a thairiscint do dhaoine óga chun eolas agus inniúlachtaí luachmhara a shealbhú, a bheith inrochtana ó thaobh airgid de do dhaoine óga, agus a bheith á gcur chur chun feidhme faoi dhálaí slána sláintiúla. Ba cheart na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thairgtear do dhaoine óga a bheith ar ardcháilíocht; ba cheart é a bheith mar aidhm leo freastal ar riachtanais sa tsochaí nach bhfuiltear ag freastal orthu cheana, feabhas a chur ar an dlúthpháirtíocht agus rannchuidiú le pobail a neartú agus le rannpháirtíocht dhaonlathach. Ba cheart dóibh an deis a thairiscint do dhaoine óga chun eolas, scileanna agus inniúlachtaí luachmhara a shealbhú. Ba cheart dóibh a bheith inrochtana ó thaobh airgid de do dhaoine óga, agus a bheith á gcur chur chun feidhme faoi dhálaí slána, cuimsitheacha agus sláintiúla. Ba cheart idirphlé leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus leis na gréasáin Eorpacha atá speisialaithe i bhfadhbanna sóisialta práinneacha a spreagadh chun na riachtanais sa tsochaí nach bhfuiltear ag freastal orthu a shocrú ar an mbonn is fearr agus clár atá bunaithe ar riachtanais a áirithiú. Níor cheart go mbeadh tionchar diúltach ag gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar phoist ná sealanna oiliúna atá ann cheana agus ba cheart dóibh rannchuidiú le tiomantais cuideachtaí maidir le freagracht shóisialta chorparáideach a threisiú, ach gan teacht ina n-ionad. [Leasú 12]

(7)  Pointe aonair iontrála is ea an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach do ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Ba cheart comhsheasmhacht agus comhlántacht le beartais agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais a áirithiú. Bunaítear an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar láidreachtaí agus sineirgíochtaí clár a bhí ann roimhe agus atá ann anois, go háirithe an tSeirbhís Dheonach Eorpach(5) agus Saorálaithe Cabhrach an Aontais Eorpach(6). Comhlánaíonn sé freisin na hiarrachtaí a dhéanann na Ballstáit chun tacú le daoine óga agus a n‑aistriú ón scoil go hobair faoin scéimeanna amhail Ráthaíocht don Aos Óg a éascú trí dheiseanna breise a sholáthar dóibh tosú i margadh an tsaothair i bhfoirm cúrsaí oiliúna nó post i réimsí a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht laistigh dá mBallstát nó thar theorainneacha. Áirithítear freisin comhlántacht le líonraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ar nós Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí, EURES agus an líonra Eurodesk agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus líonraí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine óga agus ar shaorálaithe. Ina theannta sin, ba cheart comhlántacht idir scéimeanna gaolmhara atá ann cheana – go háirithe scéimeanna náisiúnta dlúthpháirtíochta, amhail saorálaíocht, an tseirbhís shibhialta agus scéimeanna soghluaisteachta do dhaoine óga – agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a áirithiú, ag tógáil ar dhea-chleachtais i gcás inarb iomchuí, chun tionchair agus cáilíochtaí na scéimeanna sin ar a chéile a fheabhsú agus a shaibhriú. Níor cheart go ngabhfadh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ionad na scéimeanna náisiúnta. Ba ceart rochtain ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta náisiúnta a áirithiú do gach duine óg. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte praiticiúla a fhorbairt ar chomhlántacht an chláir le Cláir eile an Aontais agus ar fhoinsí cistithe agus ar sineirgí idir an dá dream. [Leasú 13]

(8)  Maidir le léirmhíniú ar reachtaíocht ghaolmhar ar leibhéal an Aontais, ba cheart a mheas gur gníomhaíochtaí coibhéiseacha iad na gníomhaíochtaí saorálaíochta trasteorann faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus na gníomhaíochtaí saorálaíochta a leantar de thacaíocht a thabhairt dóibh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 araon, leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin tSeirbhís Dheonach Eorpach.

(8a)  Maidir le deimhniú na n-eagraíochtaí seolta agus na n-ósteagraíochtaí arna dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 375/2014, níor cheart go ndéanfaí é faoi dhó faoin gClár agus ba cheart a choibhéis a aithint nuair a bheidh an Rialachán seo á chur chun feidhme ó 2021 ar aghaidh. [Leasú 14]

(9)  Cuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deiseanna nua foghlama foirmiúla agus neamhfhoirmiúla ar fáil do dhaoine óga chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí saorálaíochta, cúrsaí oiliúna nó poist i réimsí a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht agus chun tionscadail dlúthpháirtíochta a cheapadh agus a fhorbairt ar a dtionscnamh féin. Beidh na deiseanna sin ina chuidiú chun a bhforbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil a fheabhsú. Tacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach freisin le gníomhaíochtaí líonraithe do rannpháirtithe agus d'eagraíochtaí rannpháirteacha sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus le bearta a áiritheoidh cáilíocht na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo agus a dhéanfaidh bailíochtú a dtorthaí foghlama a fheabhsú. Ar an gcaoi sin, cuideoidh sé freisin le comhar Eorpach atá ábhartha do dhaoine óga agus le feasacht a ardú faoin tionchar dearfach a bhíonn aige. Ba cheart dó freisin rannchuidiú le tacú le pobail a neartú agus tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí atá ann cheana a chuireann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta chun feidhme. [Leasú 15]

(10)  Ba cheart na gníomhaíochtaí sin breisluach soiléir Eorpach a bheith ag na gníomhaíochtaí sin agus ba cheart dóibh a bheith chun leasa pobal, agus forbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil an duine aonair a chothú san am céanna, agus féadfaidh siad. Ba cheart go bhféadfadh na gníomhaíochtaí sin tarlú i bhfoirm saorálaíochta, cúrsaí oiliúna agus post, tionscadal nó gníomhaíochtaí líonraithe, arna bhforbairt i réimsí éagsúla, amhail oideachas agus oiliúint, fostaíocht, comhionannas inscne, fiontraíocht – go háirithe fiontraíocht shóisialta – saoránacht agus rannpháirtíocht dhaonlathach, idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh, cuimsiú sóisialta, cuimsiú daoine atá faoi mhíchumas, cosaint an chomhshaoil agus an dúlra, gníomhú ar son na haeráide, cosc tubaistí, ullmhacht agus téarnamh, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, soláthar bia agus ábhar neamhbhia, sláinte agus folláine, cultúr, lena n-áirítear oidhreacht chultúrtha, cruthaitheacht agus cultúr, corpoideachas agus spórt, cúnamh agus leas sóisialta, glacadh agus lánpháirtíocht náisiúnach tríú tír, le béim ar réitigh a fháil ar na dúshláin atá ag imircigh, comhar agus comhtháthú críochach, agus comhar trasna teorainneacha. Cuimsíonn na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin gné láidir foghlama agus oiliúna trí ghníomhaíochtaí ábhartha is féidir a thairiscint do na rannpháirtithe roimh an ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta, lena linn, agus ina diaidh. [Leasú 16]

(11)  Eispéireas saibhir (laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach araon) i gcomhthéacs na foghlama seachfhoirmiúla agus na foghlama neamhfhoirmiúla, atá i ngníomhaíochtaí saorálaíochta, a fheabhsaíonn forbairt phearsanta, shochoideachasúil agus ghairmiúil daoine óga, chomh maith lena saoránacht ghníomhach a rannpháirtíocht dhaonlathach agus a n‑infhostaitheacht. Ba cheart go mbeadh an tsaorálaíocht bhunaithe ar chomhaontú saorálaíochta i scríbhinn agus níor cheart drochthionchar a bheith ag gníomhaíochtaí saorálaíochta ar fhostaíocht íoctha a d'fhéadfadh a bheith ann ná ar fhostaíocht íoctha atá ann cheana, agus níor cheart breathnú orthu mar ionadaithe ar an bhfostaíocht íoctha. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit obair i gcomhar le chéile maidir le beartais saorálaíochta i réimse na hóige tríd an modh oscailte comhordúcháin. [Leasú 17]

(12)  Ba cheart cúrsaí oiliúna atá inrochtana go héasca agus poist a bheith scartha go soiléir ó shaorálaíocht, ó thaobh cúrsaí airgeadais agus ó thaobh cúrsaí eagraíochta de. Níor cheart go mbeadh ionadú oibre ann choíche mar thoradh ar chúrsaí oiliúna. Féadfaidh cúrsaí oiliúna íoctha agus poist, áfach, dreasacht a léiriú do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste agus daoine óga ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu rannpháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta nach mbeadh sé ar a gcumas rochtain a fháil orthu murach sin, agus breisluach soiléir Eorpach a thabhairt ag an am céanna trí rannchuidiú le dul i ngleic le príomhdhúshláin na sochaí nach bhfuiltear ag freastal orthu agus pobail áitiúl a neartú. Is féidir le cursaí oiliúna an t-aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht a dhéanamh níos éasca do dhaoine óga agus is féidir leo infhostaitheacht daoine óga a chothú, rud atá ríthábhachtach maidir lena gcomhthathú inbhuanaithe sa mhargadh saothair a bhaint amach. Beidh na cúrsaí oiliúna agus na poist a thairgtear mar chloch chora do dhaoine óga dul isteach i margadh an tsaothair. Ba cheart go mbeadh cúrsaí oiliúna agus poist a sholáthraítear faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach á n-íoc i gcónaí ag an eagraíocht rannpháirteach a bhfuil an rannpháirtí á óstáil nó á fhostú aici. Ba cheart go mbeadh cursaí oiliúna bunaithe ar chomhaontú cúrsa oiliúna i scríbhinn i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid na tíre ina bhfuil an cúrsa oiliúna ar siúl agus, de réir mar is iomchuí, ba cheart dóibh a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Ardchaighdeáin do Chúrsaí Oiliúna(7). Ba cheart go mbeadh poist bunaithe ar chonradh fostaíochta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó na comhaontaithe comhchoiteanna is infheidhme, nó an dá cheann acu sin, de chuid na tíre rannpháirtí ina bhfuil an post á dhéanamh. Níor cheart go mairfeadh tacaíocht airgeadais d'eagraíochtaí rannpháirteacha ag tairiscint post níos mó ná 12 mhí. Ba cheart don na heagraíochtaí rannpháirteacha cur isteach ar mhaoiniú trí chomhlacht inniúil cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh d'fhonn idirghabháil a dhéanamh idir na rannpháirtithe óga agus fostaithe a thairgeann gníomhaíochtaí maidir le cúrsaí oiliúna agus poist in earnálacha dlúthpháirtíochta. Ba cheart go mbeadh ullmhúchán leormhaith, oiliúint le linn na hoibre agus tacaíocht iarshocrúcháin maidir le rannpháirtíocht an rannpháirtí ag gabháil le cúrsaí oiliúna agus poist. D'fhéadfadh gníomhaithe ábhartha sa mhargadh, go háirithe seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, comhpháirtithe sóisialta agus Comhlachais Tráchtála, mar aon le balleagraíochtaí EURES, na cúrsaí oiliúna agus na poist a éascú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) i gcás gníomhaíochtaí trasteorann. [Leasú 18]

(12a)  Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh cúrsaí oiliúna agus poist oscailte le haghaidh rannpháirtíocht gach duine óg, go háirithe daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, lena n-áirítear daoine óga faoi mhíchumas, faoi mhíbhuntáistí sóisialta nó cultúrtha, imircigh agus cónaitheoirí i gceantair thuaithe iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí den Aontas. [Leasú 19]

(13)  Is sócmhainn thábhachtach é meon tionscnaimh daoine óga don tsochaí agus do mhargadh an tsaothair. Cuidíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach an ghné sin a chothú trí dheis a thabhairt do dhaoine óga a dtionscadail féin, arb é is aidhm leo dul i ngleic le dúshláin shonracha chun leasa a bpobal áitiúla féin, a dhearadh agus a chur chun feidhme. Is deis iad na tionscadail sin chun triail a bhaint as smaointe nua, réitigh nuálacha ar dhúshláin chomhchoiteanna a fhorbairt trí chur chuige ón mbun aníos agus chun tacú le daoine óga gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thiomáint chun tosaigh astu féin. Is túsphointe iad freisin le haghaidh breis rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus is céad chéim iad chun rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a spreagadh i dtreo na féinfhostaíochta nó i dtreo bunú cumainnagus leanúint de bheith ina saoránaigh ghníomhacha mar shaorálaithe, oiliúnaithe nó fostaithe i gcumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó comhlachtaí eile atá gníomhach sna hearnálacha dlúthpháirtíochta, neamhbhrabúis agus in earnáil na hóige. Go bunúsach, ba cheart go gcruthófar leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach atmaisféar ina spreagfar daoine óga de réir a chéile chun a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus chun freastal ar leas an phobail. [Leasú 20]

(13a)  Féadfaidh saorálaithe rannchuidiú le hacmhainn an Aontais cabhair dhaonnúil atá bunaithe ar riachtanais agus atá ar bhonn prionsabail a neartú agus rannchuidiú le héifeachtacht na hearnála daonnúla a mhéadú i gcás ina ndéantar iad a roghnú, a oiliúint agus a ullmhú go leormhaith chun a áirithiú go bhfuil na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha acu chun cabhair a thabhairt do dhaoine atá i ngátar ar an mbealach is éifeachtaí is féidir, ar choinníoll gur féidir leo brath ar thacaíocht agus ar mhaoirsiú leordhóthanach ar an láthair. Dá bhrí sin, tá ról na gcóitseálaithe nó na meantóirí ar an talamh a bhfuil ardscileanna acu, atá ardoilte agus a bhfuil taithí acu fíorthábhachtach chun rannchuidiú le héifeachtacht na freagartha daonnúla mar aon le tacú le saorálaithe. [Leasú 21]

(14)  Ba cheart go mbraithfeadh daoine óga agus eagraíochtaí atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach gur cuid de phobal daoine agus eintiteas iad atá tiomanta do dhlúthpháirtíocht a fheabhsú ar fud na hEorpa. San am céanna, tá tacaíocht de dhíth ar eagraíochtaí rannpháirteacha chun a gcumas a neartú maidir le gníomhaíochtaí ardcháilíochta a thairiscint do líon méadaitheach rannpháirtithe. Tacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach le gníomhaíochtaí líonraithe arb é is aidhm leo rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí rannpháirteacha a neartú sa phobal seo, meon an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a chothú, agus malartú cleachtas úsáideach dea-chleachtas agus taithí a spreagadh. Cuidíonn na gníomhaíochtaí sin freisin chun feasacht a ardú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach i measc gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus chun aiseolas chomh maith le haiseolas mionsonraithe agus fiúntach a bhailiú ó rannpháirtithe agus ó eagraíochtaí rannpháirteacha maidir le cur céimeanna éagsúla de chur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ba cheart go n-áiritheofar san aiseolas ceisteanna maidir le cuspóirí an Chláir chun a gcomhlíonadh a mheas ar bhonn níos fearr. [Leasú 22]

(14a)  Chun go gcuirfear an Clár chun feidhme go cuí, is gá níos mó infheictheachta agus feasachta agus is gá na deiseanna ar chistiú atá ar fáil a chur chun cinn tuilleadh, trí fheachtais faisnéise, lena n-áirítear Lá Eolais bliantúil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus modhanna dinimiciúla cumarsáide lena gcuirtear béim láidir ar na meáin shóisialta, lena n-áirithítear an fheasacht is mó is féidir i measc na spriocghrúpaí, idir dhaoine aonair agus eagraíochtaí. [Leasú 23]

(15)  Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar cháilíocht agus aidhm na cuimsitheachta atá le baint amach trí na ngníomhaíochtaí agus na ndeiseanna eile a thairgtear faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a áirithiú, go háirithe trí oiliúint leormhaith ar líne nó as líne, tacaíocht teanga, lóistín réasúnta, árachas, nósanna imeachta simplithe tacaíocht riaracháin agus tacaíocht réamhghníomhaíochta agus iar-ghníomhaíochta a thairiscint do rannpháirtithe agus tríd an fhaisnéis, na scileanna agus na hinniúlachtaí a shealbhaigh siad le linn a n‑eispéireas sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a bhailíochtú. Ba cheart bearta tacaíochta a fhorbairt agus a chur ar fáil i gcomhar le heagraíochtaí don óige agus eagraíochtaí neamhbhrabúis eile agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta chun leas a bhaint as a saineolais ar an réimse. Is den mhórthábhacht iad Ba cheart slándáil agus sábháilteacht na saorálaithe agus rannpháirtithe agus na dtairbhithe beartaithe chomh maith leis sin a bheith ríthábhachtach i gcónaí. Ba cheart go ndéanfadh gach gníomhaíocht prionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh. níor cheart saorálaithe rannpháirtithe a imlonnú chuig oibríochtaí a dhéantar i limistéar coinbhleachtaí armtha idirnáisiúnta agus neamh-idirnáisiúnta, nó chuig saoráidí ina sáraítear caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine. Ba cheart prionsabal ‘leas an linbh’ a bheith mar threoir ag na gníomhaíochtaí lena mbaineann teagmháil dhíreach le leanaí agus ba cheart, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar seiceálacha cúlra i leith rannpháirtithe nó bearta eile a ghlacadh d’fhonn cosaint leanaí a áirithiú. [Leasú 24]

(15a)   I gcomhréir le Treoirlíne AE maidir le cearta an linbh a chur chun cinn agus a chosaint (2017) agus le hAirteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, maidir le daoine leochaileacha, amhail daoine faoi mhíchumas agus leanaí, tá an tAontas agus na Ballstáit leis an trasdul ó chúram institiúideach go cúram teaghlachbhunaithe agus pobalbhunaithe a chur chun cinn agus tacú leis. Sa chomhthéacs sin, níor cheart don Chlár tacú le bearta nó le tionscnaimh a chuireann bac ar an tiomantas deireadh a chur le hinstitiúidiú nó le haon socrúchán a dhéanfadh díobháil do leanaí nó do dhaoine faoi mhíchumas. [Leasú 25]

(15b)   Ba cheart lánurraim a thabhairt do phrionsabail an Aontais maidir le comhionannas deiseanna agus neamh-idirdhealú ag gach céim de chur chun feidhme an Chláir, lena n-áirítear le linn shainaithint agus roghnú na rannpháirtithe agus na n-eagraíochtaí. [Leasú 26]

(16)  Chun tionchar ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar fhorbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, chultúrtha, shibhialta agus ghairmiúil na rannpháirtithe a áirithiú, ní mór an fhaisnéis, na scileanna agus na hinniúlachtaí ar cuspóirí foghlama na gníomhaíochta iad a shainaithint agus a dhoiciméadú go cuí, i gcomhréir leis na himthosca agus na sainiúlachtaí náisiúnta, mar a mholtar sa Mholadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus an fhoghlaim neamhfhoirmiúil a bhailíochtú(9). Chun a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta iomchuí ar fáil d’iarrthóirí cláraithe, ba cheart torthaí foghlama na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chur ar fáil dóibh sula gcinnfidh siad a bheith rannpháirteach. Chuige sin, ba cheart úsáid ionstraimí éifeachtacha ar leibhéal an Aontas agus ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh aitheantas a thabhairt d'fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta, amhail Youthpass agus Europass a spreagadh, de réir mar is iomchuí. [Leasú 27]

(16a)  Ba cheart do na gníomhaireachtaí náisiúnta saorálaithe a spreagadh freisin le bheith ina n-ambasadóirí den Chlár chun a n-eispéiris a chomhroinnt trí líonraí don óige, trí fhorais oideachais agus trí cheardlanna. D’fhéadfadh iarshaorálaithe nó iar-ambasadóirí rannchuidiú le hoiliúint na n-iarrthóirí amach anseo freisin. [Leasú 28]

(17)  Ba cheart don lipéad cáilíochta comhlíonadh na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha le luachanna, prionsabail agus cuspóirí an Aontais mar aon le prionsabail agus riachtanais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a áirithiú, maidir lena gcearta agus lena bhfreagrachtaí agus a gcaighdeáin sábháilteachta, ag gach céim d’eispéireas na dlúthpháirtíochta, lena n-áirítear le linn na gcéimeanna réamhghníomhaíochta agus iarghníomhaíochta. Is réamhchoinníoll é an lipéad cáilíochta le bheith rannpháirteach ach ní leanann cistiú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach as sin go huathoibríoch. Ba cheart lipéid cháilíochta a idirdhealú bunaithe ar chineál na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta. [Leasú 29]

(18)  Aon eintiteas atá toilteanach a bheith rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ba cheart dó lipéad cáilíochta a fháil ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha iomchuí. Chun comhlíonadh na n-eagraíochtaí rannpháirteacha le prionsabail agus riachtanais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a áirithiú, maidir lena gcearta agus lena bhfreagrachtaí ag gach céim d’eispéireas na dlúthpháirtíochta, ba cheart lipéid cháilíochta ar leith a chur i bhfeidhm i gcomhair saorálaíocht i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, i gcomhair saorálaíocht mar thacaíocht d’oibríochtaí cabhrach daonnúla, agus i gcomhair cúrsaí oiliúna agus post, agus ba cheart go mbeidh na lipéid éagsúil ag brath ar fheidhm na heagraíochta rannpháirtí. An próiseas a mbronntar an lipéad cáilíochta ar a bhonn, ba cheart do chomhlachtaí cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh é a dhéanamh ar bhonn leanúnach. Ba cheart athmheasúnú tráthrialta a dhéanamh ar an lipéad cáilíochta a bhronntar agus d'fhéadfaí ba cheart é a chúlghairm más amhlaidh, i gcomhthéacs na seiceálacha a dhéantar, nach bhfuil na coinníollacha faoinar bronnadh é á gcomhlíonadh a thuilleadh. Ba cheart an próiseas riaracháin a íoslaghdú sa chaoi nach gcuirfear bac ar eagraíochtaí níos lú a bheith rannpháirteach. [Leasú 30]

(19)  Mar réamhchoinníoll, ba cheart lipéad cáilíochta a bheith faighte ag aon eintiteas atá toilteanach cur isteach ar chistiú chun gníomhaíochtaí a thairiscint faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le daoine nádúrtha atá ag lorg tacaíocht airgeadais dá dtionscadail dlúthpháirtíochta thar ceann grúpa neamhfhoirmiúil de rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

(19a)   Mar riail ghinearálta, ba cheart iarrataí ar dheontais a chur faoi bhráid ghníomhaireacht náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht rannpháirteach lonnaithe. Iarrataí ar dheontais i gcomhair gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta arna n-eagrú ag eagraíochtaí uile-Eorpacha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhair gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta de chuid foirne saorálaíochta i réimsí tosaíochta a aithnítear ar leibhéal Eorpach, agus i gcomhair gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta mar thacaíocht d’oibríochtaí cabhrach daonnúla i dtríú tíortha, ba cheart iad a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/776/AE ón gCoimisiún(10). [Leasú 31]

(20)  Féadfaidh eagraíochtaí rannpháirteacha roinnt feidhmeanna éagsúla a dhéanamh faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. I bhfeidhm óstaigh, déanfaidh siad na gníomhaíochtaí a bhaineann le glacadh leis na rannpháirtithe, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí a eagrú agus treoir agus tacaíocht a sholáthar do rannpháirtithe le linn na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta, mar aon le haiseolas i ndiaidh na gníomhaíochta, de réir mar is iomchuí. I bhfeidhm tacaíochta, déanfaidh siad gníomhaíochtaí i ndáil leis na rannpháirtithe a chur amach agus a ullmhú sula bhfágann siad agus le linn na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta agus ina diaidh, lena n‑áirítear oiliúint a thabhairt agus rannpháirtithe a chur i dtreo eagraíochtaí áitiúla tar éis na gníomhaíochtai ndiaidh na ngníomhaíochta, chun cur leis na deiseanna tuilleadh éispéiris dlúthpháirtíochta a fháil. Ba cheart go spreagfaidh gníomhaireachtaí náisiúnta saorálaithe le bheith ina n-ambasadóirí don Chlár agus a dtaithí phearsanta a roinnt trí líonraí don óige agus forais oideachais, agus dá bhrí sin an Clár a chur chun tosaigh. Chuige sin, ba cheart do ghníomhaireachtaí náisiúnta tacaíocht a chur ar fáil do shaorálaithe. [Leasú 32]

(20a)  Chun tacú le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta i measc daoine óga, ba cheart d’eagraíochtaí rannpháirteacha a bheith ina n-eintitis phoiblí nó phríobháideacha nó ina n-eagraíochtaí idirnáisiúnta, neamhbhrabúsacha nó brabúsacha, agus féadfar eagraíochtaí don óige, institiúidí reiligiúnacha agus comhlachtaí carthanais, eagraíochtaí tuata daonnachais, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó gníomhaithe eile ón tsochaí shibhialta a áireamh ann. Níor cheart don Chlár cistiúchán a chur ar fáil ach chun an pháirt neamhbhrabúis de ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí rannpháirteacha a chumhdach. [Leasú 33]

(21)  Ba cheart méadú ar thionscadail de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a éascú. San am céanna, ba cheart faisnéis atá cruinn agus a nuashonraítear go leanúnach a chur ar fáil do thairbhithe féideartha maidir leis na deiseanna sin. Ba cheart bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun cabhrú le tionscnóirí thionscadail de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh iarratas ar dheontais a dhéanamh nó sineirgíochtaí a fhorbairt trí thacaíocht a thabhairt ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus ó na cláir a bhaineann le imirce, slándáil, ceartas agus saoránachta, sláinte agus cultúr. [Leasú 34]

(22)  Cuidíonn Ionaid Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh leis na comhlachtaí cur chun feidhme, na heagraíochtaí rannpháirteacha agus leis na daoine óga atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun cáilíocht chur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a fheabhsú, agus chun feabhas a chur ar shainaithint agus ar bhailíochtú inniúlachtaí a shealbhaítear trí mheán na ngníomhaíochtaí sin, lena n‑áirítear trí dheimhnithe Youthpass a sholáthar.

(23)  Ba cheart Tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a fhorbairt i rith an ama chun rochtain éasca, saor ó bhacainní agus soláimhsithe ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a áirithiú agus chun, i gcomhréir leis na caighdeáin arna mbunú le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11). Le Tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, cuirtear ionad ilfhreastail a chur ar fáil do dhaoine agus d’eagraíochtaí ar spéis leo é maidir le, inter alia, clárúchán, sainaithint agus meaitseáil próifílí agus deiseanna, líonrú agus malartuithe fíorúla, oiliúint ar líne, tacaíocht teanga agus tacaíocht réamhghníomhaíochta agus iar-ghníomhaíochta, sásra aiseolais agus measúnaithe chomh maith le feidhmiúlachtaí úsáideacha eile, a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa todhchaí. Cé go bhfuil rochtain chomhtháthaithe ar raon éagsúil gníomhaíochtaí leis an ionad ilfhreastail, d’fhéadfadh bacainní fisiciúla, sóisialta agus eile teacht chun cinn do dhaoine áirithe agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar Tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Chun dul i ngleic le bacainní den sórt sin, ba cheart d’eagraíochtaí rannpháirteacha tacaíocht chlárúcháin a chur ar fáil do rannpháirtithe. [Leasú 35]

(24)  Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ag cur san áireamh an Creat Idir-Inoibritheachta Eorpach(12), lena dtugtar treoir shonrach ar an gcaoi le seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha a bhunú, agus a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit agus i dtíortha eile is comhaltaí den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach trí Chreata Idir-Inoibritheachta Náisiúnta. Tugtar sa Tairseach 47 moladh nithiúla do na húdaráis phoiblí i dtaca leis an gcaoi le rialachas ar a ngníomhaíochtaí idir-inoibritheachta a fheabhsú, le caidrimh thraseagraíochtúla a bhunú, le próisis a thacaíonn le seirbhísí digiteacha ó cheann go ceann a chuíchóiriú, agus lena n‑áirithiú nach gcuireann an reachtaíocht atá ann cheana agus an reachtaíocht nua isteach ar na hiarrachtaí idir-inoibritheachta. Sa bhreis air sin, ba cheart an Tairseach a thógáil i gcomhréir leis na caighdeáin arna mbunú le Treoir (AE) 2016/2102. [Leasú 36]

(24a)  Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht an phróisis cur chun feidhme agus chun éifeachtúlacht an Chláir a mhéadú, ba cheart don Choimisiúin dul i gcomhairle le geallsealbhóirí príomha go rialta, lena n-áirítear eagraíochtaí rannpháirteacha, maidir le cur chun feidhme an Chláir. [Leasú 37]

(24b)  Chun dea-fheidhmiú an Chláir agus imlonnú tráthúil ghníomhaíochtaí an Chláir a áirithiú, tá sé bunriachtanach go gcuirfí sásraí i bhfeidhm laistigh de chláir oibre an Chláir chun a ráthú go gcuirfear tairiscintí i láthair iarrthóirí cláraithe laistigh de thréimhse réasúnta ama a d’fhéadfaí a thuar go réasúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, faisnéis agus nuashonruithe tráthúla maidir leis na socrúcháin atá ar fáil agus na heagraíochtaí rannpháirteacha lena mbaineann a sheoladh chuig iarrthóirí cláraithe chun a rannpháirtíocht leis an gClár a spreagadh i ndiaidh dóibh clárú, agus san am céanna, deis a thabhairt dóibh teagmháil a dhéanamh go díreach leis na gníomhaithe lena mbaineann i réimse na dlúthpháirtíochta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon. [Leasú 38]

(25)  Tá feidhm ag [an Rialachán Airgeadais nua](13) (an "Rialachán Airgeadais") maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(26)  Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(15), féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939(16) ón gComhairle, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(27)  Tá an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach dírithe ar dhaoine óga idir 18-30 bliain d'aois agus ba cheart gá a bheith le clárúchán roimh ré ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí a chuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar fáil.

(27a)   Tugann prionsabail an Aontais maidir le comhionannas deiseanna agus neamh-idirdhealú le fios gur cheart go mbeadh saoránaigh an Aontais agus cónaitheoirí fadtéarmacha san Aontas de gach aicme agus de gach aois in ann a bheith rannpháirteach mar shaoránaigh ghníomhacha. I bhfianaise na ndúshlán sonrach a bhaineann leis an ngníomhaíocht dhaonnúil, ba cheart na rannpháirtithe sa tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad agus is féidir leo teacht ó réimse leathan próifílí agus glúnta a bhfuil a gcuid scileanna ábhartha chun na hoibríochtaí daonnúla sin a chur i gcrích go rathúil. [Leasú 39]

(28)  Tugtar aird ar leith ar a áirithiú go mbíonn na gníomhaíochtaí a dtacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach leo inrochtana ag gach duine óg, go háirithe iad siúd is mó atá faoi bhuntáiste. go háirithe iad siúd ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu, mar a shonraítear tuilleadh sa Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht arna forbairt agus arna cur i bhfeidhm laistigh de chreat chlár Erasmus+. Ba cheart bearta speisialta a bheith i bhfeidhm, dá bhrí sin, amhail formáidí iomchuí de ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus treoir phearsantaithe, a chur i bhfeidhm chun cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht daoine óga faoi bhuntáiste ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu a chur chun cinn, agus chun na srianta a bhaineann le hiargúltacht roinnt ceantair thuaithe agus na réigiún is forimeallaí den Aontas agus na tíortha agus na críocha thar lear a chur san áireamh. Chuige sin, i gcás daoine óga ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu, gan dochar don deis a bhíonn acu rannpháirt a ghlacadh go lánaimseartha agus i dtír seachas an tír chónaithe, ba cheart an deis a bheith acu freisin rannpháirt a ghlacadh go páirtaimseartha nó sa tír chónaithe, agus ba cheart go mbainfidís leas as bearta eile arb é is aidhm leo a rannpháirtíocht sa Chlár a éascú. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na tíortha rannpháirteacha féachaint leis na bearta iomchuí uile a ghlacadh is gá chun deireadh a chur leis na bacainní dlí agus riaracháin atá ar fheidhmiú ceart an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ba cheart go réiteodh an méid sin, nuair is féidir, agus gan dochar do acquis Schengen agus dlí an Aontais maidir le dul isteach agus cónaí náisiúnach tríú tíortha, na fhadhbanna riaracháin a chruthaíonn deacrachtaí i dtaca le víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil, agus le Cárta Árachais Sláinte Eorpach a eisiúint i gcás gníomhaíochtaí trasteorann laistigh den Aontas Eorpach. [Leasú 40]

(28a)  Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar acmhainn na n-ósteagraíochtaí comhpháirtíochta i dtríú tíortha agus ar an ngá atá le gníomhaíochtaí na saorálaithe a dhaingniú sa chomhthéacs áitiúil agus le hidirghníomhaíocht na saorálaithe le gníomhaithe áitiúla daonnúla, leis an bpobal óstála agus leis an tsochaí shibhialta a éascú, agus ba cheart tacú leis an méid sin. [Leasú 41]

(29)  Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é go rannchuideoidh an Clár seo le bearta ar son na haeráide a phríomhshruthú agus chun sprioc fhoriomlán 25 % ar a laghad de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais a ghnóthú maidir le tacú le cuspóirí na haeráide thar thréimhse 2021-2027 den Creat Airgeadais Ilbhliantúil, agus sprioc bhliantúil 30 % a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2027. Sainaithneofar bearta ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na bearta sin mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha. [Leasú 42]

(30)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don tréimhse 2021-2027, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil(18).

(30a)  Ba cheart sciar leordhóthanach den bhuiséad a dhíriú ar mhalartú dea-chleachtas idir na Ballstáit agus ar fhorbairt líonraí don óige. [Leasú 43]

(31)  Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na mbeart a bhaint amach agus torthaí a thabhairt a roghnófar iad, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Maidir le deontais, áireofar leis seo breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus ar scálaí costas aonaid.

(32)  Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach sa Chlár faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme chláir de chuid an Aontais le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Leis an Rialachán seo, ba cheart na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. Ba cheart rannpháirtíocht iomlán tríú tíortha sa Chlár a bheith faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír lena baineann sa Chlár. Chomh maith leis sin, is cuid den rannpháirtíocht iomlán an oibleagáid gníomhaireacht náisiúnta a bhunú agus roinnt de ghníomhaíochtaí an Chláir a bhainistiú ar leibhéal díláraithe. Daoine aonair agus eintitis ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ba cheart go mbeidís in ann a bheith rannpháirteach i roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Chláir, mar a shainítear sa chlár oibre agus sa glao ar tograí arna fhoilsiú ag an gCoimisiún.

(33)  Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ba cheart forálacha a dhéanamh le go mbeidh tíortha rannpháirteacha agus cláir eile de chuid an Aontais in ann cistiú náisiúnta breise a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

(34)  De bhun [Airteagal 88 den Chinneadh nua ón gComhairle maidir le comhlachas tíortha agus críocha thar lear](19), tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(35)  I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas](20) ba cheart a chur san áireamh sa Chlár staid ar leith na réigiún sin. Déanfar bearta chun rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí sna gníomhaíochtaí uile, lena n-áirítear poiblíocht threisithe, a mhéadú. Déanfar faireachán agus meastóireacht rialta ar na bearta sin. [Leasú 44]

(36)  Ós rud e go gcuirtear an Clár i bhfeidhm thar thréimhse seacht mbliana, is gá foráil a dhéanamh le haghaidh solúbthacht leormhaith chun gur féidir leis an gClár oiriúnú do na hathruithe atá ag teacht ar an saol agus do thosaíochtaí polaitiúla maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta. Mar sin, ní leagtar amach go mion sa Rialachán seo cén chaoi a ndearfar na gníomhaíochtaí agus ní dhéantar réamhbhreithiúnas ar thosaíochtaí polaitiúla ná ar thosaíochtaí buiséadacha faoi seach do na seacht mbliana atá le teacht. Ina áit sin, ba cheart na roghanna agus tosaíochtaí beartais tánaisteacha, lena n-áirítear mionsonraí beart sonrach, atá le cur chun feidhme trí na gníomhaíochtaí éagsúla a chinneadh trí chlár oibre bliantúil i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21) (an Rialachán Airgeadais). Ba cheart na bearta is gá leis na cláir oibre a chur chun feidhme a leagan amach freisin sa chlár oibre , i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, leis na critéir roghnúcháin agus dámhachtana le haghaidh deontas, chomh maith le gach aon ghné eile is gá. Ba cheart cláir oibre agus aon Leasú a dhéantar orthu a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. [Leasú 45]

(37)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró‑rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ba cheart a áireamh ar na ceanglais sin táscairí sonracha intomhaiste réalaíocha is féidir a thomhas le himeacht ama, mar bhonn le meastóireacht ar éifeachtaí an Rialacháin ar an talamh.

(38)  Ba cheart for-rochtain iomchuí, poiblíocht agus scaipeadh na ndeiseanna agus thorthaí na ngníomhaíochtaí a dtacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach leo a áirithiú ar an leibhéal Eorpach, réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil. Ba cheart go gcuirfí an Clár chun cinn trí mhodhanna dinimiciúla cumarsáide, a dhíríonn go háirithe ar na meáin shóisialta, chun freastal ar líon mór iarrthóirí ionchasacha. Ba cheart aird ar leith a a thabhairt ar fhiontair shóisialta a spreagann iad le tacú le gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ba cheart na gníomhaíochtaí for-rochtana, poiblíochta agus scaipthe a bheith ag brath tarraingt ar chomhlachtaí ar chomhlachtaí cur chun feidhme uile an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, le tacaíocht na bpríomhpháirtithe leasmhara eile an Chláir, ar shuíomhanna gréasáin an Aontais, ar chlár an Aontais a bhaineann leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus ba cheart, más ábhartha, tacaíocht ó phríomhpháirtithe leasmhara eile a bheith ag gabháil leo. [Leasú 46]

(39)  Chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach ar bhealach níos fearr, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do na gníomhaireachtaí náisiúnta oibriú i ndlúthchomhar le chéile i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí neamhrialtasacha, fiontair shóisialta, eagraíochtaí don óige, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do dhaoine faoi mhíchumas, agus geallsealbhóirí áitiúla a bhfuil saineolas acu ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, lena n-áirítear bonneagar saorálaithe agus gníomhaireachtaí tacaíochta amhail ionaid saorálaithe. [Leasú 47]

(40)  Chun an chumarsáid leis an bpobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtúla agus chun sineirgíochtaí sineirgí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin a threisiú, ba cheart na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo a bheith ina gcuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a chumhdach ar bhealach atá saor ó bhacainní, ar choinníoll go mbaineann na gníomhaíochtaí sin le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo. [Leasú 48]

(41)  D'fhonn cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach an leas is mó is féidir a bhaint as na socruithe bainistíochta atá ann cheana. Ba cheart, dá bhrí sin, cur chun feidhme an Chláir a chur de chúram ar struchtúir atá ann cheana, eadhon an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí náisiúnta arna n‑ainmniú chun bainistiú a dhéanamh ar na bearta dá dtagraítear i gCaibidil III de [Rialachán nua Erasmus]. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle go rialta leis na príomhpháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear eagraíochtaí rannpháirteacha, maidir le cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

(42)  Chun bainistíocht fhónta airgeadais, optamú costas agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i ngach tír rannpháirteach, ba cheart do gach údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta a ainmniú. Más indéanta, agus d'fhonn an leibhéal éifeachtúlachta is fearr is féidir a bhaint amach, féadfaidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta céanna arna ainmniú do na bearta dá dtagraítear i gCaibidil III de [Rialachán nua Erasmus] a bheith i gceist anseo. [Leasú 49]

(43)  Ba cheart do na Ballstáit féachaint leis na bearta iomchuí uile a ghlacadh is gá chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú ceart an Chláir. Áirítear leis sin teacht ar réiteach, nuair is féidir, agus gan dochar do dhlí an Aontais maidir le dul isteach agus cónaí náisiúnach tríú tíortha, ar fhadhbanna a chruthaíonn deacrachtaí maidir le víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil, agus fadhbanna eile dlí lena bhféadfaí rochtain ar an gclár a chosc do dhaoine óga. I gcomhréir le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22), spreagtar na Ballstáit le nósanna imeachta meara um ligean isteach a bhunú. [Leasú 50]

(44)  Ba cheart a áirithiú leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, go ndéanfar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus meastóireacht an Chláir a bhailiú ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil agus ar an leibhéal iomchuí gráinneachta. Ba cheart na sonraí sin a chur in iúl don Choimisiún ar dhóigh a chomhlíonann na rialacha ábhartha cosanta sonraí.

(45)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23). [Leasú 51]

(46)  Chun na ceanglais ar thairbhithe a shimpliú, ba cheart úsáid a bhaint as deontais shimplithe i bhfoirm cnapshuimeanna, costais aonaid nó cistiú ar ráta comhréidh a mhéad agus is féidir. Ba cheart a chur san áireamh sna deontais shimplithe chun tacú le gníomhaíochtaí soghluaisteachta an Chláir, arna sainmhíniú ag an gCoimisiún, costais mhaireachtála agus chothaithe na tíre aíochta. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart na Ballstáit a spreagadh freisin chun na deontais sin a dhíolmhú ó aon chánacha agus tobhaigh shóisialta. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine chéanna maidir le heintitis phoiblí nó phríobháideacha a thugann tacaíocht airgeadais den sórt sin do na daoine aonair lena mbaineann.

(47)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(24), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. D'fhonn táscairí feidhmíochta an Chláir a athbhreithniú agus/nó a chomhlánú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(48)  Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh(25). Go háirithe, féachann an Rialachán seo lena n‑áirithiú go n‑urramaítear an ceart chun comhionannas idir fir agus mná agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe ar bhonn inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, aoise nó claonta ghnéasaigh, cúlra socheacnamaíoch agus le cur i bhfeidhm Airteagal 21 agus Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. [Leasú 52]

(49)  Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus socraítear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, baineann siad freisin le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i dtaca le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistíocht fhónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(50)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar ardcháilíocht a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a scála agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(51)  Ba cheart [an Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

(52)  Chun an leanúnachas a áirithiú maidir leis an tacaíocht chistiúcháin arna soláthar faoin gClár, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ("an Clár").

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn "gníomhaíocht dlúthpháirtíochta" gníomhaíocht shealadach ar ardcháilíocht atá ina cuidiú chun, cuimsitheach agus leormhaoinithe a dhíríonn ar dhúshláin shochaíocha thábhachtacha chun leasa pobail nó na sochaí ar an iomlán, a rannchuidíonn le cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhaint amach, cuir i gcás saorálaíocht, cúrsaí oiliúna, poist, tionscadail dlúthpháirtíochta agus gníomhaíochtaí líonraithe i réimsí éagsúla, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear i mír 13, lena n‑áirithítear an breisluach Eorpach agus comhlíonadh rialacháin sláinte agus sábháilteachta agus caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; [Leasú 53]

(2)  ciallaíonn "iarrthóir cláraithe" duine idir aois 17 agus 30 bliain d'aois, a bhfuil cónaí dlíthiúil air i dtír rannpháirteach agus a chláraigh ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun suim a léiriú i ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta ach nach bhfuil rannpháirteach i ngníomhaíocht den chineál sin go fóill; [Leasú 54]

(3)  ciallaíonn “rannpháirtí” duine idir aois 18 agus 30 d'aois atá cláraithe, a bhfuil cónaí dlíthiúil air i dtír rannpháirteach, a chláraigh ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus a ghlacann rannpháirt atá rannpháirteach i ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta faoi choimirce an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh; [Leasú 55]

(4)  ciallaíonn ‘daoine óga ar lú na deiseanna atá acu’ daoine a bhfuil tacaíocht bhreise uathu mar thoradh ar bhacainní éagsúla, mar shampla, míchumas, fadhbanna sláinte, deacraíochtaí oideachasúla, a gcúlra imirce, difríochtaí cultúrtha, a staid eacnamaíoch, shóisialta agus gheografach, lena n-áirítear daoine ó phobail imeallaithe nó daoine óga a bhfuil baol ann go ndéanfaí idirdhealú orthu bunaithe ar aon cheann de na forais a chumhdaítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; [Leasú 56]

(5)  ciallaíonn “eagraíocht rannpháirteach” aon eintiteas poiblí nó príobháideach, idir bíodh sé sin ina eintiteas neamhbhrabúis nó ina eintiteas brabúis, eintiteas áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, ar bronnadh lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh orthu air, i bhfeidhm óstaigh, i bhfeidhm thacaíochta, nó sa dá fheidhm, lena n-áirithítear go mbeidh an t-eintiteas sin in ann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar ardcháilíocht a chur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí an Chláir; [Leasú 57]

(6)  ciallaíonn ‘saorálaíocht’ gníomhaíocht roghnach dlúthpháirtíochta ar gníomhaíocht é a théann chun tairbhe don phobal, a chuidíonn le leas an phobail a bhaint amach, a dhéanann duine ina chuid ama shaor nó ina cuid ama shaor agus a dhéanann sé nó sí de dá dheoin féin nó dá deoin féin, gan a bheith i dteideal íocaíochta, ar feadh tréimhse a mhaireann suas le 12 mhí; [Leasú 58]

(7)  ciallaíonn "cúrsa oiliúna" gníomhaíocht dlúthpháirtíochta íoctha i bhfoirm cleachtas oibre laistigh d’eagraíocht rannpháirteach a mhaireann idir 2 3 mhí agus 6 mhí is féidir a athnuachan uair amháin ar feadh uastréimhse 12 mhí, arb í an eagraíocht rannpháirteach a óstálann an rannpháirtí sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a dhéanann é a thairiscint agus a íocatá ag óstáil an rannpháirtí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a thairgeann í agus a íocann aisti agus a mbaineann comhchuid foghlama léi ar mhaithe le scileanna agus taithí ábhartha a fháil; [Leasú 59]

(8)  ciallaíonn "post" gníomhaíocht dlúthpháirtíochta ar íocaíocht chóir a mhaireann idir 2 3 mhí agus 12 mhí, a bhfuil comhpháirt foghlama agus oiliúna mar chuid de, atá bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn agus a dhéanann an eagraíocht rannpháirteach a fhostaíonn an rannpháirtí sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a thairiscint agus a íoc, agus nach gcuirtear in ionad deis fostaíochta atá ann cheana; [Leasú 60]

(9)  ciallaíonn "tionscadal dlúthpháirtíochta" gníomhaíocht dlúthpháirtíochta intíre nó thrasteorann gan íocaíocht a mhaireann suas le 12 mhí, arna déanamh ag grúpaí de 5 rannpháirtí sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar a laghad, d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin ina bpobal ach breisluach Eorpach soiléir a léiriú san am céanna; [Leasú 61]

(10)  ciallaíonn "lipéad cáilíochta" an deimhniúchán a bhronntar, ar bhonn riachtanais athraitheacha éagsúla ag brath ar an gcineál gníomhaíochta dlúthpháirtíochta arna chur ar fáil, ar eagraíocht rannpháirteach atá toilteanach gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chur ar fáil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach i gcáil óstaigh agus/nó i bhfeidhm tacaíochta, lena ndeimhnítear gur féidir leis an eagraíocht cáilíocht na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a áirithiú, ag gach céim d’eispéireas na dlúthpháirtíochta, i gcomhréir le prionsabail agus le cuspóirí an Chláir; [Leasú 62]

(11)  ciallaíonn “Ionad Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh” na feidhmeanna breise a dhéanann gníomhaireachtaí náisiúnta ainmnithe chun tacú le forbairt, cur chun feidhme agus cáilíocht gníomhaíochtaí faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach chomh maith le sainaithint na n‑inniúlachtaí arna sealbhú ag na rannpháirtithe trína ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta;

(12)  ciallaíonn "uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais" ionstraimí a chuidíonn leis na geallsealbhóirí torthaí na foghlama seachfhoirmiúla í agus na foghlama neamhfhoirmiúla a thuiscint, a léirthuiscint agus, de réir mar is iomchuí, a aithint ar fud an Aontais; Gheobhaidh gach rannpháirtí, tar éis dó a ngníomhaíochtaí a chríochnú, deimhniú, amhail Youthpass nó Europass, ina beidh torthaí foghlama na ngníomhaíochtaí mar aon leis na scileanna a d'fhorbair siad lena linn;

(13)  ciallaíonn "gníomhaíocht chabhrach daonnúla" gníomhaíocht a thacaíonn le hoibríochtaí cabhrach daonnúla i dtríú tíortha a bhfuil sé beartaithe leo cúnamh éigeandála riachtanaisbhunaithe a sholáthar arb é is aidhm leis beatha a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú agus dínit an duine a chothabháil i gcás géarchéimeanna de dhéanamh an duine nó tubaistí nádúrtha, lena n‑áirítear oibríochtaí cúnaimh, fóirithinte agus cosanta le linn géarchéimeanna daonnúla nó go díreach ina ndiaidh, bearta tacaíochta chun rochtain ar dhaoine i ngátar a áirithiú agus chun saorshreabhadh cúnaimh a éascú, mar aon le bearta arb é is aidhm leo an ullmhacht chun tubaistí a fheabhsú agus riosca tubaistí a laghdú, a nascann fóirithint, athshlánú agus forbairt, agus a chuidíonn le hacmhainn chun teacht aniar an phobail a neartú mar aon lena acmhainn dul i ngleic le géarchéimeanna agus teacht astu;

(14)  ciallaíonn “tríú tír” tír nach bhfuil ina ball den Aontas;

(15)  ciallaíonn "tríú tír atá comhlachaithe leis an gclár" tríú tír is páirtí i gcomhaontú leis an Aontas trínar féidir léi a bheith rannpháirteach sa Chlár agus a chomhlíonann na hoibleagáidí uile a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis na Ballstáit;

(16)  ciallaíonn "tríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár" tríú tír nach bhfuil rannpháirteach ina hiomláine sa Chlár ach a bhféadfadh a heintitis dhlíthiúla leas a bhaint as an gClár i gcásanna a bhfuil údar cuí leo chun leasa an Aontais.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.  Is é cuspóir ginearálta an Chláir dlúthpháirtíocht a chur chun cinn mar luach, tríd an tsaorálaíocht go príomha, i measc glúin de dhaoine óga ar dóchúla go mbeidís rannpháirteach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus i measc eagraíochtaí, rannpháirtíocht a fheabhsú i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta atá inrochtana agus ar ardcháilíocht mar mhodh chun cuidiú le comhtháthú sóisialta, dlúthpháirtíocht, daonlathas, féiniúlacht Eorpach agus saoránacht ghníomhach a neartú san Aontas agus ar an gcoigríoch, tacú le pobail agus freagairt ar dhúshláin na sochaí agus dúshláin dhaonnúla ar an talamh, ag díriú go háirithe ar an gcuimsiú sóisialta agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn. [Leasú 63]

2.  Is é cuspóir sonrach an Chláir deiseanna atá inrochtana go héasca agus cuimsitheach a sholáthar do dhaoine óga, lena n‑áirítear daoine óga ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu, chun gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a dhéanamh as a dtiocfaidh athruithe dearfacha sochaíocha san Eoraip agus ar an gcoigríoch, agus feabhas a chur ag an am céanna ar a gcuid inniúlachtaí forbartha pearsanta, oideachasúla, sóisialta, cultúrtha, sibhialta agus gairmiúla, agus na hinniúlachtaí sin a bhailíochtú, mar aon lena rannpháirtíocht leanúnach mar shaoránaigh ghníomhacha, agus a n‑infhostaitheacht agus a n‑aistriú isteach i margadh an tsaothair a éascú san am céanna. [Leasú 64]

2a.  Áiritheofar freisin san aiseolas arna sholáthar ag na rannpháirtithe agus ag na heagraíochtaí rannpháirteacha measúnú ar chomhlíonadh chuspóirí an Chláir. [Leasú 65]

3.  Déanfar cuspóirí an Chláir a chur chun feidhme faoi na gnéithe gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)  rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thugann aghaidh ar dhúshláin na sochaí, mar a thagraítear dó in Airteagal 6 agus iarrachtaí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach; [Leasú 66]

(b)  rannpháirtíocht daoine óga agus daoine a bhfuil saineolas acu i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a bhaineann leis an gcabhair dhaonnúil (an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil) mar a thagraítear dó in Airteagal 10 agus gníomhaíochtaí laistigh den Aontas, agus lasmuigh de, atá dírithe ar chur le hacmhainn na n-ósteagraíochtaí i dtaca le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 11. [Leasú 67]

3a.   Déanfar cuspóirí oibríochtúla na ngníomhaíochtaí agus na tosaíochtaí beartais comhfhreagracha atá le cur chun feidhme trí na gníomhaíochtaí faoi na gnéithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a shonrú go mion sna cláir oibre bhliantúla a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 18. [Leasú 68]

CAIBIDIL II

GNÍOMHAÍOCHTAÍ AN CHÓIR DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA EORPAIGH

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

1.  Saothrófar leis an gClár na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 trí bhíthin na gcineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)  saorálaíocht, mar a thagraítear di in Airteagal 7 agus in Airteagal 11;

(b)  cúrsaí oiliúna ardchaighdeáin agus poist ardchaighdeáin, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 8; [Leasú 69]

(c)  tionscadail dlúthpháirtíochta, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9;

(d)  gníomhaíochtaí líonraithe, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5;

(e)  bearta cáilíochta agus tacaíochta, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5.

2.  Tacóidh an Clár leis na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin a mbaineann breisluach Eorpach soiléir leo, a bhuí leis na tréithe seo a leanas, mar shampla:

(a)  na saintréithe trasnáisiúnta a bhaineann leo, go háirithe i dtaca le soghluaisteacht foghlama agus comhar;

(b)  an cumas atá iontu cláir agus beartais eile a chomhlánú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)  an ghné Eorpach a bhaineann leo i dtaca leis na topaicí, na haidhmeanna, na cineálacha cur chuige, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus gnéithe eile de na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin;

(d)  an cur chuige an chuimsitheacht agus an cumas éifeachtach atá acu i dtaca le daoine óga ó chúlraí éagsúla, lena n-áirítear daoine óga faoi mhíchumas, a bheith rannpháirteach; [Leasú 70]

(e)  an méid a chuidíonn siad chun uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a úsáid go héifeachtach.

2a.   Mar chuid de na cláir oibre bhliantúla arna ghlacadh de bhun Airteagal 18, beidh liosta gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do rannpháirtithe, do thairbhithe nó don tsochaí, nó mí-oiriúnach do rannpháirtithe, agus nach ndéanfar faoi chuimsiú an Chláir nó a bheidh faoi réir oiliúint speisialta, seiceálacha cúlra nó bearta eile. [Leasú 71]

3.  Déanfar na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais shonracha arna leagan síos le haghaidh gach cineál gníomhaíochta arna déanamh faoi chuimsiú an Chláir mar a thagraítear dóibh in Airteagail 5, 7, 8, 9 agus 11, agus leis na creata rialála is infheidhme i dtíortha rannpháirteacha.

4.  Tagairtí don tSeirbhís Dheonach Eorpach i reachtaíocht an Aontais, tuigfear leo go n‑áirítear gníomhaíochtaí saorálaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus faoin Rialachán seo araon.

Airteagal 5

Gníomhaíochtaí atá i gcoiteann ag an dá ghné

1.  Beidh mar aidhm ag gníomhaíochtaí líonraithe, mar a thagraítear dóibh i bpointe (d) d'Airteagal 4.1, an méid seo a leanas:

(a)  cumas na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha a neartú tionscadal ar cháilíocht mhaith ardcháilíocht, atá inrochtana go héasca agus leormhaoinithe a thairiscint do líon méadaitheach rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an cumas sin a neartú; [Leasú 72]

(b)  rannpháirtithe nua, idir dhaoine óga agus iad siúd a bhfuil roinnt taithí acu ar an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE agus eagraíochtaí rannpháirteacha, a mhealladh; [Leasú 73]

(ba)  rochtain ar na gníomhaíochtaí ar fad arna dtairiscint a éascú do dhaoine faoi mhíchumas; [Leasú 74]

(c)  deiseanna aiseolais a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus an Clár a chur chun cinn mar ambasadóir chomh maith; agus [Leasú 75]

(d)  cuidiú a thabhairt i dtaca le scéalta faoi thaithí a mhalartú agus an bhraistint chomhuintearais a neartú i measc na ndaoine aonair agus na n‑eintiteas atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus, ar aon gcaoi sin, tacú le tionchar dearfach níos leithne a bheith ag an gCór.

2.  Beidh sna áireamh sna bearta cáilíochta agus tacaíochta, mar a thagraítear dóibh i bpointe (e) d'Airteagal 4.1:

(a)  bearta arb é is aidhm leo cáilíocht na saorálaíochta, na gcúrsaí oiliúna nó na bpost a áirithiú, lena n‑áirítear oiliúint, tacaíocht teanga, árachas comhlántach, tacaíocht roimh an ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta nó ina diaidh, mar aon le tuilleadh úsáide a bhaint as Youthpass a dhéanann na hinniúlachtaí a shealbhaíonn na rannpháirtithe le linn na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a shainaithint agus a dhoiciméadú, agus fothú acmhainneachta agus tacaíocht riaracháin le haghaidh na n‑eagraíochtaí rannpháirteacha;

(aa)  bearta chun tairbhithe gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chosaint, lena n-áirítear oiliúint spriocdhírithe na rannpháirtithe a dhéanann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta chun leasa grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear leanaí, agus seiceálacha cúlra na rannpháirtithe a oibríonn le leanaí; [Leasú 76]

(ab)   bearta a bhfuil sé mar aidhm leo cuimsiú sóisialta agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn, go háirithe do dhaoine óga ar lú na deiseanna a bhíonn acu, amhail formáidí iomchuí de ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus tacaíocht phearsantaithe; [Leasú 77]

(ac)  bearta a bhfuil sé mar aidhm leo fothú acmhainneachta agus tacaíocht riaracháin le haghaidh na n-eagraíochtaí rannpháirteacha a áirithiú; [Leasú 78]

(b)  forbairt agus cothabháil lipéid na lipéad cáilíochta le haghaidh eintitis atá toilteanach gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a sholáthar don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach; [Leasú 79]

(c)  gníomhaíochtaí Ionaid Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun tacú le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, cáilíocht an chur chun feidhme a ardú, agus bailíochtú ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a fheabhsú;

(d)  tairseach inrochtana de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh Eorpach i ngach teanga oifigiúil an Aontais, ar a laghad agus seirbhísí ábhartha eile ar líne, chomh maith leis na córais tacaíochta TF agus uirlisí gréasánbhunaithe is gá, a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú, a chomhlíonfaidh na ceanglais inrochtaineachta i dTreoir (AE) 2016/2102; [Leasú 80]

(da)   bearta a spreagann fiontair shóisialta tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí an Chláir nó a cheadaíonn d’fhostaithe a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí saorálaíochta faoi chuimsiú an Chláir. [Leasú 81]

(db)   forbairt nós imeachta a bheidh soiléir agus mionsonraithe, a bheidh dírithe ar rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha, lena gcuirfear ar bun na bearta agus na tréimsí ama a bhaineann le gach céim de na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta; [Leasú 82]

CAIBIDIL III

RANNPHÁIRTÍOCHT DAOINE ÓGA I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA A THUGANN AGHAIDH AR DHÚSHLÁIN NA SOCHAÍ

Airteagal 6

Cuspóir agus cineálacha na ngníomhaíochtaí

1.  Gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin ngné "Rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thugann aghaidh ar dhúshláin na sochaí", ba cheart iad a bheith ina gcuidiú go háirithe chun an comhtháthú, an tsaoránacht, an dlúthpháirtíocht agus an daonlathas a neartú san Aontas agus ar an gcoigríoch, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na sochaí freisin agus iarracht ar leith a dhéanamh an cuimsiú sóisialta agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn. [Leasú 83]

2.  Tacóidh an ghné seo leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d) agus (e) d'Airteagal 4.1 ar na bealaí seo a leanas:

(a)  saorálaíocht, mar a thagraítear di in Airteagal 7;

(b)  cúrsaí oiliúna ardchaighdeáin agus poist ardchaighdeáin, mar a thagraítear dóibh dá dtagraítear in Airteagal 8; [Leasú 84]

(c)  tionscadail dlúthpháirtíochta, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9;

(d)  gníomhaíochtaí líonraithe do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí atá rannpháirteach sa ghné seo i gcomhréir le hAirteagal 5;

(e)  bearta cáilíochta agus tacaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 5.

Airteagal 7

Saorálaíocht i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta

1.  Áireofar le saorálaíocht amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1), comhpháirt láidir oideachais agus foghlama agus oiliúint ar líne agus as líne saincheaptha don ghníomhaíocht atá i gceist atá le tarlú roimh an ngníomhaíocht agus lena linn, beidh sé mar aidhm aici tionchar soiléir a bheith aici ar riachtanais sainaitheanta an phobail, ní thairgfear í in ionad cúrsaí oiliúna ná post, ní bheidh sí ionann le fostaíocht agus beidh sí bunaithe ar chomhaontú saorálaíochta i scríbhinn i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha. Áiritheofar le comhaontú den sórt sin cosaint leormhaith dhlíthiúil, shóisialta agus airgeadais don rannpháirtí. [Leasú 85]

2.  Mar riail, déanfar an tsaorálaíocht i dtír nach tír chónaithe an rannpháirtí í (trasteorann). Féadfar saorálaíocht a dhéanamh i dtír chónaithe an rannpháirtí (intíre), ach ní bheidh sí ar fáil ach do rannpháirtíocht dhaoine óga ar lú na deiseanna a bhíonn acu agus áiritheofar ann rannpháirtíocht rannpháirtithe a bhfuil cónaí orthu i dtír nach í an tír ina mbeidh an ghníomhaíocht ar siúl. [Leasú 86]

Airteagal 8

Cúrsaí oiliúna agus poist

1.  Beidh cúrsa oiliúna ar íocaíocht agus beidh sé bunaithe ar chomhaontú cúrsa oiliúna i scríbhinn a chuirfear i gcrích ag tús na tréimhse oiliúna i gcomhréir leis an gcreat rialála is infheidhme sa tír ina ndéanfar an cúrsa oiliúna, de réir mar is iomchuí Léireofar sa chomhaontú cúrsa oiliúna na spriocanna oideachasúla, na coinníollacha oibre, fad na tréimhse oiliúna, an luach saothair a gheobhaidh an rannpháirtí agus cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe agus tabharfar aird ar phrionsabail an Chreata Cáilíochta le haghaidh Sealanna Oiliúna (2014/C 88/01). Ní thairgfear cúrsaí oiliúna in ionad post. [Leasú 87]

2.  Beidh post ar chonradh fostaíochta i scríbhinn a dhéanann urramú ar na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta uile arna mbunú i ndlí náisiúnta na tíre ina bhfuil an post á dhéanamh, i gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme, nó iontu araon. Ní rachaidh an tacaíocht airgeadais d’eagraíochtaí rannpháirteacha a thairgeann poist thar 12 mhí i gcásanna ina maireann an conradh fostaíochta ar feadh níos mó ná 12 mhí. [Leasú 88]

3.  Cuimseofar comhpháirt láidir oideachais agus foghlama agus oiliúna sna cúrsaí oiliúna agus sna poist roimh an ngníomhaíocht agus lena linn, chun cabhrú leis an rannpháirtí taithí ábhartha a fháil d’fhonn inniúlachtaí a fhorbairt a bheidh úsáideach d’fhorbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil an rannpháirtí. [Leasú 89]

4.  Mar riail, déanfar cúrsaí oiliúna agus poist i dtír nach tír chónaithe an rannpháirtí í (trasteorann). Féadfar cúrsaí oiliúna agus poist a dhéanamh i dtír chónaithe an rannpháirtí (intíre), ach ní bheidh siad ar fáil ach do rannpháirtíocht dhaoine óga ar lú na deiseanna a bhíonn acu agus áiritheofar ann rannpháirtíocht rannpháirtithe a bhfuil cónaí orthu i dtír nach í an tír ina mbeidh an ghníomhaíocht ar siúl. [Leasú 90]

4a.   Leithdháilfear buiséad leormhaith chun cistiú a dhéanamh ar lóistín réasúnta a chuirfidh ar chumas daoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach go héifeachtach ar bhonn comhionann le daoine eile, i gcomhréir le hAirteagal 27 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus le Treoir 2000/78/CE ón gComhairle(26). [Leasú 91]

Airteagal 9

Tionscadail dlúthpháirtíochta

Ní thairgfear tionscadal dlúthpháirtíochta, mar a thagraítear dó i bpointe (c) d'Airteagal 4.1, in ionad cúrsaí oiliúna agus/ná post.

CAIBIDIL IV

AN CÓR SAORÁLACH EORPACH UM CHABHAIR DHAONNÚIL

Airteagal 10

Cuspóir agus cineálacha na ngníomhaíochtaí

1.  Gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme faoin ngné "an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil", cuideoidh siad go háirithe chun cabhair dhaonnúil riachtanaisbhunaithe a sholáthar, arb é is aidhm léi beatha a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú agus dínit an duine a chothabháil chaomhnú i gcomhthéacs tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine agus acmhainn agus athléimneacht agus teacht aniar pobal atá soghonta nó atá buailte le tubaiste a neartú, leochaileach nó atá thíos le tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a neartú, agus an t-aistriú ón bhfreagairt dhaonnúil go dtí forbairt fhadtéarmach inbhuanaithe agus chuimsitheach a éascú. [Leasú 92]

2.  Déanfar na gníomhaíochtaí faoin gCaibidil seo i gcomhréir le prionsabail na cabhrach daonnúla, eadhon daonnacht, neodracht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas leis an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil, faoina gcuirfear chun cinn bunphrionsabail na cabhrach daonnúla, eadhon daonnacht, neodracht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas fad a athdhearbhófar, san am céanna, tiomantas láidir an Aontais i leith cur chuige bunaithe ar riachtanais, gan idirdhealú a dhéanamh idir na pobail a ndéantar difear dóibh, ná laistigh díobh, agus fad a urramaítear an dlí idirnáisiúnta. [Leasú 93]

2a.  Seachadtar cabhair dhaonnúil an Aontais i staideanna ina bhféadfadh ionstraimí eile a bhaineann le comhar um fhorbairt, le bainistíocht géarchéime agus le cosaint shibhialta a bheith i bhfeidhm. Oibreoidh an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil ar bhealach comhleanúnach agus comhlántach agus seachnóidh sé forluí ar bheartais agus ionstraimí ábhartha an Aontais, go háirithe beartas an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil, beartas an Aontais maidir le comhar forbartha agus an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. [Leasú 94]

2b.  Chun freagairt idirnáisiúnta chomhleanúnach do ghéarchéimeanna daonnúla a chur chun cinn, beidh na gníomhaíochtaí faoin gCaibidil seo i gcomhréir leo siúd arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla. [Leasú 95]

2c.  Rannchuideoidh an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil le neartú ghné na hinscne i gcabhair dhaonnúil an Aontais agus cuirfidh sé freagairtí leormhaithe daonnúla do riachtanais shonracha na mban chun cinn. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhar le grúpaí agus le líonraí ban chun rannpháirtíocht agus ceannaireacht na mban i gcabhair dhaonnúil a chur chun cinn agus tarraingt ar a gcumais agus ar a saineolas chun rannchuidiú le téarnamh, le cothú na síochána, le laghdú ar riosca tubaistí agus le hathléimneacht pobal atá buailte. [Leasú 96]

2d.  Leagfar amach téarmaí sonracha an imlonnaithe, i ndlúthchomhairle leis na hósteagraíochtaí, i gconradh idir na heagraíochtaí seolta agus an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil, lena n-áirítear na cearta agus na hoibleagáidí, fad na tréimhse agus ionad an imlonnaithe agus na cúraimí. [Leasú 97]

3.  Tacóidh an ghné seo leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (d) agus pointe (e) d'Airteagal 4.1, ar na bealaí seo a leanas:

(a)  saorálaíocht, mar a thagraítear di in Airteagal 11;

(aa)   tionscadail dlúthpháirtíochta; [Leasú 98]

(b)  gníomhaíochtaí líonraithe do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí atá rannpháirteach sa ghné seo i gcomhréir le hAirteagal 5;

(c)  bearta cáilíochta agus tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 5, ag díriú go háirithe ar bhearta chun sábháilteacht agus slándáil rannpháirtithe a áirithiú.

3a.   Ar bhonn measúnú roimh ré ar riachtanais i dtríú tíortha, tacóidh an Rialachán seo le gníomhaíochtaí atá dírithe ar an acmhainn cabhrach daonnúla a neartú chun an ullmhacht áitiúil agus an fhreagairt do ghéarchéimeanna cabhrach daonnúla a fheabhsú agus chun a áirithiú go mbeidh tionchar éifeachtach agus inbhuanaithe ag obair na saorálaithe ar an talamh, lena n-áirítear:

(a)  bainistiú na rioscaí a bhaineann le tubaistí nádúrtha, an ullmhacht dóibh agus an fhreagairt orthu, cóitseáil, oiliúint i mbainistiú saorálaithe, agus réimsí ábhartha eile le haghaidh foirne agus saorálaithe ó ósteagraíochtaí;

(b)  dea-chleachtais a mhalartú, cúnamh teicniúil, cláir nasctha agus malartú foirne agus saorálaithe, líonraí a chruthú agus gníomhaíochtaí ábhartha eile. [Leasú 99]

3b.   Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh le bunachar sonraí Shaorálaithe Cabhrach AE, déanfaidh sé cothabháil air, tabharfaidh sé cothrom le dáta é, rialóidh sé an rochtain air agus an úsáid a bhaintear as, lena n-áirítear maidir le hinfhaighteacht agus oiriúnacht Shaorálaithe Cabhrach AE, lenar féidir rannpháirtíocht leanúnach saorálaithe fillte a áirithiú. Déanfar na sonraí pearsanta a bhaileofar sa bhunachar sonraí sin, nó a bhaileofar lena aghaidh, a phróiseáil, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28). [Leasú 100]

Airteagal 11

Saorálaíocht chun tacú le hoibríochtaí cabhrach daonnúla

1.  Áireofar le saorálaíocht chun tacú le hoibríochtaí cabhrach daonnúla mar a thagraítear di i bpointe (a) d'Airteagal 4.1, comhpháirt foghlama agus oiliúna, foghlaim agus oiliúint leormhaith, lena n-áirítear roimh thús na gníomhaíochta, atá nasctha le tionscadail ina mbeidh saorálaithe óga rannpháirteach, agus béim chuí á leagan ar phrionsabail na cabhrach daonnúla dá dtagraítear in Airteagal 10(2), lena n-áirítear an prionsabal ‘ná déan díobháil’, agus ní thairgfear í in ionad cúrsaí oiliúna ná post, agus beidh sí bunaithe ar chomhaontú saorálaíochta i scríbhinn. [Leasú 101]

1a.   Déanfar rannpháirtíocht saorálaithe áitiúla ó thríú tíortha a chothú sa tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE. [Leasú 102]

2.  Ní féidir saorálaíocht faoin ngné seo a dhéanamh i dtríú tíortha, ach amháin más rud é: [Leasú 103]

(a)  go ndéantar gníomhaíochtaí agus oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil sna tríú tíortha sin; agus

(b)  nach bhfuil aon choinbhleachtaí armtha idirnáisiúnta agus neamh-idirnáisiúnta leanúnacha ar siúl iontu.

2a.  Ar bhonn réamh-mheasúnú ar na riachtanais i dtríú tíortha arna ndéanamh ag na heagraíochtaí seolta agus na hósteagraíochtaí, agus gníomhaithe ábhartha eile, tacóidh an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil le gníomhaíochtaí atá dírithe ar an méid seo a leanas:

(a)  acmhainn na n-ósteagraíochtaí i dtaca le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha a neartú chun feabhas a chur ar an ullmhacht áitiúil agus ar an bhfreagairt áitiúil do ghéarchéimeanna daonnúla agus chun a áirithiú go mbeidh tionchar éifeachtach agus inbhuanaithe ag obair an Chóir Shaorálaigh Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil ar an talamh trí bhainistiú an bhaoil tubaiste, trí ullmhacht agus tríd an bhfreagairt, tríd an aistriú ón bhfreagairt dhaonnúil go dtí forbairt áitiúil inbhuanaithe, trí chóitseáil, agus trí oiliúint i mbainistiú saorálaithe;

(b)  dea-chleachtais a mhalartú, cúnamh teicniúil, cláir nasctha agus an fhoireann agus saorálaithe a mhalartú. [Leasú 104]

2b.   Tabharfar tús áite don mheasúnú ar leibhéal an riosca i dtaca le sábháilteacht agus slándáil na saorálaithe, go háirithe i dtíortha nó i gceantair a mheastar a bheith neamhchobhsaí, nó ina bhfuil gar-rioscaí. [Leasú 105]

2c.   Is ar chríoch an Aontais go príomha a dhéanfar feachtais chumarsáide faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a bhaineann leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE agus beidh siad dírithe ar an obair atá déanta ag saorálaithe agus oibrithe cabhrach daonnúla faoi phrionsabail na cabhrach daonnúla, eadhon daonnacht, neamhspleáchas, neodracht agus neamhchlaontacht, ar a bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí bunaithe. [Leasú 106]

2d.   Comhlíonfaidh na rannpháirtithe na fíor-riachtanais agus na fíorbhearnaí arna sainaithint ar an leibhéal áitiúil ag na hósteagraíochtaí. [Leasú 107]

Airteagal 11a

Saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú

1.   Ar bhonn measúnú roimh ré ar na riachtanais i dtríú tíortha, déanfaidh an Coimisiún saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú le haghaidh oiliúna i gcomhar leis na gníomhaireachtaí náisiúnta agus na hósteagraíochtaí.

2.   Déanfar saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 14, agus prionsabail an neamh-idirdhealaithe, an chomhionannais inscne agus chomhionannais deiseanna á n-urramú.

3.   Na teorainneacha aoise amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 agus Airteagal 15, ní chuirfear i bhfeidhm iad maidir leis an tsaorálaíocht a thacaíonn le hoibríochtaí cabhrach daonnúla faoin Airteagal seo. [Leasú 108]

Airteagal 11b

Oiliúint a chur ar shaorálaithe is iarrthóirí

1.   Agus é ag cur leis na cláir agus na nósanna imeachta atá ann cheana, déanfaidh an Coimisiún clár oiliúna a bhunú chun na saorálaithe is iarrthóirí a ullmhú chun tacú le gníomhaíochtaí cabhrach daonnúla agus iad a chomhlánú.

2.   Beidh saorálaithe is iarrthóirí a sainaithníodh agus a roghnaíodh i gcomhréir leis an nós imeachta um iarratas incháilithe le bheith rannpháirteach sa chlár oiliúna arna chur chun feidhme ag eagraíochtaí cáilithe. Maidir le raon feidhme aonair agus inneachar na hoiliúna a bheidh le déanamh ag gach saorálaí is iarrthóir, déanfar an méid sin a chinneadh i gcomhairle leis an ósteagraíocht dheimhnithe, de réir na riachtanas atá ann, agus taithí roimh ré an tsaorálaí is iarrthóir agus suíomh an imlonnaithe atá beartaithe á gcur san áireamh.

3.   Áireofar sa chlár oiliúna measúnú ar ullmhacht na saorálaithe is iarrthóirí a bheith imlonnaithe chun tacú le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus iad a chomhlánú, agus chun na riachtanais áitiúla a chomhlíonadh. [Leasú 109]

CAIBIDIL V

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 12

An buiséad

1.  Is é EUR 1 112 988 000 i bpraghsanna 2018 [EUR 1 260 000 000 i bpraghsanna reatha] a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027. [Leasú 110]

2.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n‑áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha. Ba cheart méid leordhóthanach den bhuiséad a dhíriú freisin ar mhalartú deachleachtas idir na Ballstáit agus ar fhorbairt líonraí don óige. [Leasú 111]

2a.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Rialachán seo a Leasú ar mhaithe le solúbthacht agus oiriúnú den mhiondealú táscach buiséadach de réir gníomhaíochtaí a cheadú faoi Airteagal 12a. Leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo, léireofar na tosaíochtaí polaitiúla nua tríd an miondealú a choigeartú agus corrlach uasta 20 % á urramú. [Leasú 112]

3.  Gan dochar don Rialachán Airgeadais, féadfaidh caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí a eascraíonn ó thionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021.

4.  Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le [pointe (a) d’Airteagal 62.1] den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le [pointe (c) den Airteagal sin]. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh más féidir.

Airteagal 12a

Miondealú an bhuiséid atá tiomnaithe do ghníomhaíochta faoi Airteagail 7, 8, 9, agus 11.

Is mar seo a leanas a bheidh miondealú táscach an bhuiséid atá tiomnaithe do ghníomhaíochta faoi Airteagail 7, 8, 9, agus 11:

(a)  i gcomhair saorálaíocht i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus i dtionscadail dlúthpháirtíochta, mar a shonraítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 9: 86 %;

(b)  i gcomhair cúrsaí oiliúna agus post, mar a shonraítear in Airteagal 8: 8 %; agus

(c)  i gcomhair saorálaíocht mar thacaíocht d’oibríochtaí cabhrach daonnúla, mar a shonraítear in Airteagal 11: 6 %. [Leasú 113]

Airteagal 13

Foirmeacha an chistiúcháin ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme

1.  Cuirfear an Clár chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach leis na comhlachtaí dá dtagraítear i [bpointe (c) d' Airteagal 62.1] den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Chun na ceanglais ar thairbhithe a shimpliú, déanfar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, costais aonaid agus cistiú ar ráta comhréidh a mhéid agus is féidir. [Leasú 114]

3.  Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in [Airteagal X de] Rialachán XXX [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

4.  I gcás roghanna faoin mbainistíocht dhíreach agus indíreach ar aon, féadfaidh an coiste meastóireachta a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

CAIBIDIL VI

RANNPHÁIRTÍOCHT SA CHÓR DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA EORPACH

Airteagal 14

Tíortha rannpháirteacha

1.  Beidh na deiseanna saorálaíochta, na cúrsaí oiliúna, na poist, na tionscadail dlúthpháirtíochta, na gníomhaíochtaí líonraithe agus na bearta cáilíochta agus tacaíochta mar a thagraítear dóibh in Airteagail 5, 7, 8, 9 agus 11 oscailte do na Ballstáit agus do thíortha agus críocha thar lear.

2.  Beidh na deiseanna saorálaíochta, na gníomhaíochtaí líonraithe agus na bearta cáilíochta agus tacaíochta mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5 agus Airteagal 7 oscailte daoibh seo a leanas:

(a)  comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)  tíortha aontacha, iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime ábhartha agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)  tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

–  go n‑áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;

–  go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

–  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;

–  go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

3.  Ní bheidh na tíortha dá dtagraítear i mír 2 rannpháirteach ina n‑iomláine sa Chlár ach sa mhéid agus a chomhlíonann siad na hoibleagáidí uile a fhorchuirtear ar na Ballstáit leis an Rialachán seo.

3a.   Maidir leis an ranníocaíochtaí airgeadais arna ndéanamh ag tríú tíortha leis an gClár agus a mbeifear ag súil léi uathu, a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil, déanfar í a thuairisciú chuig an dá bhrainse den údarás buiséadach mar chuid de thuairisciú bliantúil agus/nó eatramhach an Chláir. [Leasú 115]

4.  Féadfaidh deiseanna saorálaíochta agus gníomhaíochtaí líonraithe mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5 agus Airteagal 7 a bheidh oscailte d'aon tríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, go háirithe tíortha comharsanachta.

Airteagal 15

Rannpháirtíocht daoine aonair

1.  Daoine aonair atá idir 17 agus 30 bliain d’aois agus atá toilteanach a bheith rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, cláróidh siad ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ar a shon sin, an tráth a thosóidh saorálaíocht, cúrsa oiliúna, post nó tionscadal dlúthpháirtíochta ní foláir 18 mbliana d’aois ar a laghad a bheith slánaithe ag an duine óg agus gan é a bheith os cionn 30 bliain d’aois.

1a.  Do rannpháirtithe a théann go tír eile, ráthófar an cúram sláinte iomlán atá ar fáil dóibh ina mBallstát cónaithe, ní cúram sláinte i gcás práinne amháin a bheidh i gceist. Soláthrófar cúram sláinte trí sheirbhísí poiblí sláinte an Bhallstáit ina ndéanfar an ghníomhaíocht agus, in éagmais seirbhísí den sórt sin nó i gcás soiléir de neamh-chomhlíonadh chaighdeáin cháilíochta an Bhallstáit chónaithe, trí sheirbhísí príobháideacha sláinte an Bhallstáit ina ndéanfar an ghníomhaíocht. [Leasú 116]

1b.  Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus tíortha rannpháirteacha eile cuimsiú sóisialta agus coinníollacha rochtana comhionanna a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le rannpháirtíocht daoine óga ar lú na deiseanna a bhíonn acu. [Leasú 117]

Airteagal 16

Eagraíochtaí rannpháirteacha

1.  Beidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach oscailte do rannpháirtíocht eintiteas poiblí nó príobháideach, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, bíodh sé sin ina eintiteas neamhbhrabúis nó ina eintiteas brabúis, agus rannpháirtíocht eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear eagraíochtaí don óige, institiúidí reiligiúnacha, comhlachtaí carthanais, eagraíochtaí tuata daonnachais, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó gníomhaithe eile ón tsochaí shibhialta, ar choinníoll go gcuireann siad gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar fáil, go bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoi dhlí na tíre ina bhfuil siad cláraithe agus ar choinníoll go bhfuil lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh faighte acu. Déanfaidh lipéad cáilíochta a dheimhniú go bhféadfadh na gníomhaíochtaí na cuspóirí faoi Airteagal 3 a chomhlíonadh agus na bearta faoi Airteagal 4 a sholáthar. [Leasú 118]

2.  Déanfaidh comhlacht inniúil cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh measúnú ar iarratas ó eintiteas le bheith ina eagraíocht rannpháirteach de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar bhonn na bprionsabal maidir le cóir chomhionann; deiseanna comhionanna agus neamh-idirdhealú; ionadú post a sheachaint; soláthar gníomhaíochtaí ar ardcháilíocht, atá inrochtana go héasca agus cuimsitheach lena mbainfidh breisluach soiléir do riachtanais sainaitheanta an phobail, agus gné foghlama ag díriú ar fhorbairt phearsanta, soch-oideachasúil, agus ghairmiúil; socruithe oiliúna, oibre agus saorálaíochta leormhaithe; timpeallacht agus coinníollacha sábháilte agus córa; agus an 'prionsabal neamhbhrabúis' i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Leis na prionsabail thuas déantar a chinneadh an gcomhlíontar ceanglais agus cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le gníomhaíochtaí an eintitis sin. Ní dhéanfar an lipéad cáilíochta a shannadh ach d'eagraíochtaí a ghabhann orthu féin cloí leis na prionsabail sin. [Leasú 119]

3.  Mar thoradh ar an measúnú féadfar lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhronnadh ar an eintiteas. Beidh na ceanglais shonracha atá le comhlíonadh chun lipéad cáilíochta a fháil éagsúil ag brath ar chineál na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta agus ar fheidhm an eintitis. Déanfar an lipéad a gheofar a athmheasúnú go tréimhsiúil agus féadfar é i gcás ina mbaintear mí-úsáid as an lipéad sin nó i gcás ina mainnítear na prionsabail a leagtar amach i mír 2 a chomhlíonadh, déanfar an lipéad a chúlghairm. Déanfaidh aon eintiteas a dhéanann athrú suntasach ar a ghníomhaíochtaí é sin a chur in iúl don chomhlacht inniúil cur chun feidhme le haghaidh athmheasúnú. [Leasú 120]

4.  Aon eintiteas a bhfuil lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh faighte aige, tabharfar rochtain ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh dó i gcáil óstaigh, i bhfeidhm tacaíochta, nó an dá rud, agus beidh sé in ann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thairiscint d'iarrthóirí cláraithe.

4a.  Beidh rochtain ag eagraíochtaí rannpháirteacha ar tugadh lipéad cáilíochta dóibh ar ardán chun iarrthóirí oiriúnacha a chuardach go héasca chun go mbeidh an próiseas níos éasca do na rannpháirtithe agus na heagraíochtaí rannpháirteacha araon le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta. [Leasú 121]

4b.  Déanfaidh eagraíochtaí rannpháirteacha cur chun cinn an Chláir a éascú trí dheis a thabhairt d’iar-rannpháirtithe a gcuid eispéireas a chomhroinnt agus gníomhú mar ambasadóirí don ghlúin nua de rannpháirtithe a d’fhéadfadh a bheith ann trí bhíthin líonra. [Leasú 122]

5.  Ní leanfaidh cistiú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach go huathoibríoch as lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a fháil.

5a.  Déanfaidh eagraíochtaí rannpháirteacha feidhmeanna éagsúla faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. I bhfeidhm óstaigh, déanfaidh siad gníomhaíochtaí a bhaineann le tairiscintí a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta do rannpháirtithe cláraithe, le roghnú agus glacadh na rannpháirtithe, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a eagrú, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do rannpháirtithe le linn gach céim den ghníomhaíocht dlúthpháirtíochta, timpeallacht oibre shábháilte agus áisiúil a sholáthar do rannpháirtithe, agus aiseolas a chur ar fáil don rannpháirtí i ndiaidh na gníomhaíochta, de réir mar is iomchuí. I bhfeidhm thacaíochta, déanfaidh siad gníomhaíochtaí a bhaineann le seoladh agus ullmhú na rannpháirtithe, agus tacú leo, sula n-imeoidh siad, agus le linn na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta agus ina diaidh, lena n-áirítear oiliúint a chur ar rannpháirtithe agus iad a threorú chuig eagraíochtaí áitiúla i ndiaidh na gníomhaíochta. Eagraíochtaí i gcáil tacaíochta, féadfaidh siad tacaíocht riaracháin agus lóistíochta a sholáthar do rannpháirtithe i dtionscadail dlúthpháirtíochta. [Leasú 123]

6.  Féadfaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus bearta ábhartha cáilíochta agus tacaíochta a thairgeann eagraíocht rannpháirteach cistiú a fháil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach nó ó fhoinsí cistiúcháin eile nach mbíonn ag brath ar bhuiséad an Aontais.

7.  I gcás eagraíochtaí atá rannpháirteach i gcomhthéacs gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, tosaíocht a bheidh i sábháilteacht agus slándáil na saorálaithe.

Airteagal 17

Rochtain ar chistiú ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Féadfaidh aon eintiteas poiblí nó príobháideach atá bunaithe i dtír rannpháirteach chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. I gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 11, gheobhaidh an eagraíocht rannpháirteach lipéad cáilíochta mar réamhchoinníoll le cistiú a fháil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. I gcás na dtionscadal dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 9, féadfaidh daoine nádúrtha cur isteach freisin ar chistiú thar ceann grúpaí neamhfhoirmiúla de rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Mar riail ghinearálta, cuirfear iarraidh ar dheontais faoi bhráid ghníomhaireacht náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht lonnaithe. Iarrataí ar dheontais i gcomhair gníomhaíochtaí arna n-eagrú ag eagraíochtaí uile-Eorpacha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhair gníomhaíochtaí de chuid foirne saorálaíochta i réimsí tosaíochta a aithnítear ar leibhéal Eorpach, agus i gcomhair gníomhaíochtaí mar thacaíocht d’oibríochtaí cabhrach daonnúla i dtríú tíortha, ba cheart iad a chur faoi bhráid EACEA. [Leasú 124]

CAIBIDIL VII

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 18

Clár oibre bliantúil [Leasú 125]

Cinnfear na roghanna agus tosaíochtaí beartais tánaisteacha, lena n-áirítear mionsonraí beart sonrach a leagtar amach in Airteagal 4 go hAirteagal 11, ar bhonn bliantúil trí chlár oibre mar a thagraítear dó in Airteagal [110] den Rialachán Airgeadais. Leagfar amach sa chlár oibre bliantúil freisin mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Chláir. Ina theannta sin, tabharfar le fios sa chlár oibre an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht agus dáileadh na gcistí idir na Ballstáit agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcás na ngníomhaíochtaí a bheidh le bainistiú tríd an ngníomhaireacht náisiúnta. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chláir oibre a ghlacadh. [Leasú 126]

Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in [Airteagal 110] den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme. Ina theannta sin, tabharfar le fios sa chlár oibre an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht agus dáileadh na gcistí idir na Ballstáit agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcás na ngníomhaíochtaí a bheidh le bainistiú tríd an ngníomhaireacht náisiúnta. Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30.

Airteagal 19

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach san Iarscríbhinn na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

2.  Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar an gClár i dtaca lena chuspóirí a bhaint amach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun an Iarscríbhinn a Leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.  Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe ar fheidhmíocht go mbaileoidh tairbhithe cistí ón Aontas na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus meastóireacht an Chláir ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, agus ar an leibhéal iomchuí mionsonraithe, de réir bhrí Airteagal [2.5] den Rialachán Airgeadais. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar thairbhithe cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit.

Airteagal 20

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach an t-athbhreithniú meántéarmach ar an gClár a luaithe agus a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach. Cuirfidh an Coimisiún an t-athbhreithniú meántéarmach ar an gClár faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir an 30 Meitheamh 2024. Beidh ag gabháil leis freisin meastóireacht deiridh ar an gclár a tháinig roimhe. [Leasú 127]

3.  Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil IX agus d'oibleagáidí na ngníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Aibreán 2024, maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir ina gcríocha féin.

3a.   I gcás inar gá agus ar bhonn an athbhreithnithe mheántéarmaigh agus na dtuarascálacha cur chun feidhme arna dtíolacadh ag na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún tograí reachtacha a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú. Tiocfaidh an Coimisiún os comhair choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa chun tuairisc a thabhairt ar an athbhreithniú meántéarmach, lena n-áirítear maidir lena chinneadh i dtaobh an gá an Rialachán seo a leasú. [Leasú 128]

4.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

5.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

CAIBIDIL VIII

FAISNÉIS, CUMARSÁID AGUS SCAIPEADH

Airteagal 21

Faisnéis, cumarsáid agus scaipeadh

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’ fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar go pras do shainghrúpaí éagsúla, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal. [Leasú 129]

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta agus na gníomhaireachtaí náisiúnta i dtíortha rannpháirteacha agus le líonraí ábhartha ar leibhéal an Aontais, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. [Leasú 130]

3.  Ceapfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23 straitéis chomhsheasmhach maidir leis faisnéis agus an bhfor-rochtain éifeachtach mar aon le scaipeadh do gach tairbhí féideartha agus saothrú thorthaí na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na bearta a ndéanann siad bainistiú orthu laistigh den Chlár, agus cuideoidh siad leis an gCoimisiún i dtaca leis an gcúram ginearálta um fhaisnéis faoin gClár a scaipeadh, lena n‑áirítear faisnéis faoi bhearta agus gníomhaíochtaí arna mbainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus trí spriocghrúpaí ábhartha a chur ar an eolas faoi na bearta agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ina dtír. [Leasú 131]

3a.   Bainfidh na heagraíochtaí rannpháirteacha úsáid as an ainm branda “an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach” chun críocha cumarsáide agus chun faisnéis a scaipeadh a bhaineann leis an gClár. [Leasú 132]

CAIBIDIL IX

CÓRAS BAINISTÍOCHTA AGUS INIÚCHÓIREACHTA

Airteagal 22

An t‑údarás náisiúnta

I ngach tír atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, gníomhóidh na húdaráis náisiúnta atá ainmnithe chun na bearta dá dtagraítear i gCaibidil III de [Rialachán nua Erasmus] a bhainistiú, gníomhóidh siad mar údaráis náisiúnta faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh freisin Beidh feidhm de réir analaí ag míreanna 1, 2, 6, 7, 9, 10, 11, 12, 13 agus 14 d'Airteagal 23 de [Rialachán nua Erasmus] i gcás an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Airteagal 23

An ghníomhaireacht náisiúnta

1.  I ngach tír atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, gníomhóidh na húdaráis náisiúnta atá ainmnithe chun na bearta dá dtagraítear i gCaibidil III de [Rialachán nua Erasmus] a bhainistiú ina dtíortha féin mar ghníomhaireachtaí náisiúnta faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh freisin.

Beidh feidhm de réir analaí ag míreanna 1, 2, 3, 4, 5 agus 6 d'Airteagal 24 de [Rialachán Nua Erasmus] i gcás an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

2.  Gan dochar d'Airteagal 24.2 de [Rialachán Nua Erasmus], beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach freisin as gach céim de shaolré tionscadal na ngníomhaíochtaí sin de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a liostaítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhainistiú, i gcomhréir le pointí [(c)(v) agus (vi) d’Airteagal 62.1] den Rialachán Airgeadais.

3.  I gcás tíortha dá dtagraítear in Airteagal 14.2 den Rialachán seo, áit nach bhfuil gníomhaireacht náisiúnta ainmnithe don tír sin, bunófar í i gcomhréir le míreanna 1, 3, 4, 5 agus 6 d’Airteagal 24 de [Rialachán Nua Erasmus].

3a.   Rachaidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gcomhairle go tráthrialta le tairbhithe an Chláir (daoine aonair agus eagraíochtaí) chun aiseolas a fháil uathu i dtaobh an Chláir, chun cáilíocht na gníomhaíochta a mheasúnú, agus ar an gcaoi a bhforbróidh an ghníomhaíocht, bunaithe ar threoirlíne an Choimisiúin agus cuirfidh sí tacaíocht ar fáil do rannpháirtithe i gcás deacrachtaí agus chun feabhas ar an gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta bunaithe ar an aiseolas agus ar a saineolas. [Leasú 133]

Airteagal 24

An Coimisiún Eorpach

1.  I gcomhréir leis na rialacha atá in Airteagal 24 de [Rialachán Nua Erasmus], leagfar síos i ndoiciméad scríofa na rialacha a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Coimisiún agus gníomhaireacht náisiúnta agus sa doiciméad scríofa sin:

(a)  leagfar síos na caighdeáin rialaithe inmheánaigh le haghaidh na gníomhaireachta náisiúnta lena mbaineann agus na rialacha maidir le bainistiú chistí an Aontais chun tacaíocht deontais ó na gníomhaireachtaí náisiúnta a thabhairt, agus na ceanglais maidir le simpliú á gcur san áireamh agus gan ualach breise a bheith á fhorchur ar na rannpháirtithe agus na heagraíochtaí rannpháirteacha; [Leasú 134]

(b)  áireofar clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta ina bhfuil cúraimí bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta a bhfuil tacaíocht ón Aontas á cur ar fáil di;

(ba)  lena n-áirítear an ceanglas cruinnithe rialta agus oiliúint a eagrú le líonra na ngníomhaireachtaí náisiúnta agus do líonra na ngníomhaireachtaí náisiúnta chun cur chun feidhme comhtháite an Chláir a áirithiú ar fud na dtíortha rannpháirteacha uile. [Leasú 135]

(c)  sonrófar na ceanglais tuairiscithe atá ar an ngníomhaireacht náisiúnta.

1a.  Eagróidh an Coimisiún cruinnithe rialta ar chur chun feidhme an Chláir le líon agus cineál ionadaíoch na líonraí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine óga agus ar shaorálaithe agus ar eagraíochtaí ábhartha eile ón tsochaí shibhialta, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus líonraí is ábhartha do ghníomhaíochtaí an Chláir. [Leasú 136]

2.  Gach bliain, cuirfidh an Coimisiún na cistí seo a leanas ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta:

(a)  cistí le haghaidh tacaíocht deontais sa tír rannpháirteach lena mbaineann do ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar cuireadh de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta iad a bhainistiú;

(b)  ranníocaíocht airgeadais chun tacú le cúraimí bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta arna sainmhíniú i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a ndéantar cur síos orthu i bpointe (b) d’Airteagal 25.3 de [Rialachán Nua Erasmus].

3.  Leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais do chlár oibre na gníomhaireachta náisiúnta. Ní chuirfidh an Coimisiún cistí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta sula mbeidh clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta formheasta go foirmiúil aige.

4.  Ar bhonn na gceanglas comhlíontachta do ghníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23.3 de [Rialachán Nua Erasmus], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na córais náisiúnta bhainistithe agus rialaithe, ar dhearbhú bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, agus an fhaisnéis arna cur ar fáil ag an údarás náisiúnta maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta i dtaca leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach á cur i gcuntas go cuí.

5.  Nuair a bheidh measúnú déanta aige ar an dearbhú bliantúil bainistíochta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, cuirfidh an Coimisiún a thuairim agus a bharúlacha in iúl don ghníomhaireacht náisiúnta agus don údarás náisiúnta.

5a.   I gcás nach féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an dearbhú bliantúil bainistíochta leis an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina leith, nó i gcás ina gcuireann an ghníomhaireacht náisiúnta barúlacha an Choimisiún chun feidhme go míshásúil, féadfaidh an Coimisiún aon bhearta ceartaitheacha agus réamhchúraim is gá chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 131(3) den Rialachán Airgeadais. [Leasú 137]

Airteagal 24a

An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir

Ar leibhéal an Aontais, beidh EACEA freagrach as gach céim den dheontas le haghaidh bhearta tionscadail an Chláir a bhainistiú, de réir mar a liostaítear iad in Airteagal 7, arna dtíolacadh ag eagraíochtaí uile-Eorpacha nó ag eagraíochtaí ardáin, i gcomhair gníomhaíochtaí de chuid foirne saorálaíochta i réimsí tosaíochta a aithnítear ar leibhéal Eorpach, agus i gcomhair gníomhaíochtaí mar thacaíocht d’oibríochtaí cabhrach daonnúla i dtríú tíortha.

Beidh EACEA freagrach freisin as eagraíochtaí uile-Eorpacha nó eagraíochtaí ardáin a chreidiúnú (i.e. lipéad cáilíochta) agus faireachán a dhéanamh orthu, ar eagraíochtaí iad atá i gceannas ar chur chun feidhme scéimeanna náisiúnta nó cistí faoi bhainistíocht chomhroinnt an Aontais agus eagraíochtaí ar mian leo gníomhaíochtaí a dhéanamh lena dtacaítear le hoibríochtaí cabhrach daonnúla. [Leasú 138]

Airteagal 25

Iniúchtaí

1.  Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n‑áirítear daoine nó eintitis seachas iad sin ar thug institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais sainordú dóibh, sin a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun [Airteagal 127] den Rialachán Airgeadais agus déanfar iad i gcomhréir leis na critéir chéanna i ngach Ballstát. [Leasú 139]

2.  Ainmneoidh an t‑údarás náisiúnta comhlacht iniúchóireachta neamhspleách. Eiseoidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear in [Airteagal 155.1] den Rialachán Airgeadais.

3.  Maidir leis an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta:

(a)  beidh na hinniúlachtaí gairmiúla is gá aige chun iniúchtaí san earnáil phoiblí a dhéanamh;

(b)  áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta i gcuntas sna hiniúchtaí; agus

(c)  ní bheidh coinbhleacht leasa ag baint leis maidir leis an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23 ina cuid de, agus beidh sé, i dtaca lena chuid feidhmeanna, neamhspleách ar an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina cuid de.

4.  Cuirfidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta ar fáil don Choimisiún agus dá ionadaithe agus don Chúirt Iniúchóirí rochtain iomlán ar gach doiciméad agus tuarascáil a thacaíonn leis an tuairim iniúchóireachta a eisíonn sé maidir le dearbhú bliantúil bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta.

CAIBIDIL X

CÓRAS RIALAITHE

Airteagal 26

Prionsabail an chórais rialaithe

1.  Is ar an gCoimisiún a bheidh cúram na rialuithe maoirseachta maidir leis na gníomhaíochtaí sin de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Leagfaidh sé síos na híoscheanglais do na rialuithe arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht náisiúnta agus ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta.

2.  Beidh na príomhrialuithe a dhéanfar ar thairbhithe deontais de chúram ar na gníomhaireachtaí náisiúnta i gcás na ngníomhaíochtaí sin den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chuirtear de chúram orthu. A bhuí leis na Rialuithe comhréireacha agus leormhaithe a bheidh sna rialuithe sin agus, mar thoradh orthu, beidh cinnteacht réasúnach ann go mbainfear úsáid as na deontais arna ndámhachtain de réir mar a bhí beartaithe agus i gcomhréir leis na rialacha de chuid an Aontais is infheidhme. [Leasú 140]

3.  Maidir le cistí arna n‑aistriú chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú cuí ar a rialuithe leis na húdaráis náisiúnta agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar bhonn an phrionsabail iniúchóireachta aonair agus tar éis anailís rioscabhunaithe a dhéanamh. Ní bhaineann an fhoráil sin le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Airteagal 27

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, beidh ar na cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair san áireamh, rud dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

CAIBIDIL XI

COMHLÁNTACHT

Airteagal 28

Comhlántacht birt ar leibhéal an Aontais

1.  Beidh gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh comhsheasmhach agus comhlántach leis na beartais, na hionstraimí agus na cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, go háirithe an clár Erasmus, agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (ESIF) agus an Clár um Chearta agus Luachanna, le líonraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais atá ábhartha maidir le gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. [Leasú 141]

2.  Beidh gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh comhsheasmhach agus comhlántach freisin leis na beartais, na cláir agus na hionstraimí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta sna tíortha rannpháirteacha. Maidir leis na beartais, na cláir agus na hionstraimí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil sna tíortha rannpháirteacha, beidh gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh comhsheasmhach leo agus comhlántach leo, ach ní dhéanfaidh siad ionadú orthu. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, na húdaráis náisiúnta agus na gníomhaireachtaí náisiúnta faisnéis a mhalartú faoi na scéimeanna náisiúnta atá ann cheana féin agus na tosaíochtaí a a bhaineann le dlúthpháirtíocht agus an óige, ar lámh amháin, agus gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, ar an lámh eile, d'fhonn cur leis na dea-chleachtais ábhartha agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht a bhaint amach. [Leasú 142]

2a.  Chun an éifeachtúlacht is fearr de chistiú an Aontais agus de thionchar an Chláir a bhaint amach, féachfaidh na húdaráis ábhartha ar gach leibhéal sineirgí a aimsiú ar fud na gclár ábhartha go léir i mbealach comhleanúnach. Ní bheidh sé mar thoradh ar na sineirgí sin go n-úsáidfear cistí ar mhaithe le cuspóirí seachas na cuspóirí sin a leagtar amach sa Rialachán seo. Nósanna imeachta iarratais níos simplithe ar leibhéal an chur chun feidhme, agus treoirlínte cur chun feidhme ag gabháil leo, a bheidh mar thoradh ar aon sineirgí agus ar aon chomhlántacht. [Leasú 143]

3.  Beidh gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 11, beidh siad comhsheasmhach agus comhlántach go háirithe le réimsí eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe an beartas um chabhair dhaonnúil, an beartas maidir le comhar um fhorbairt, an beartas slándála, an beartas um méadú, an beartas comharsanachta agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. [Leasú 144]

4.  Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí sin na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir leis an ranníocaíocht a dhéanann sé féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh luach an cistithe charnaigh níos mó ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

5.  I gcás ina soláthrófar go comhpháirteach, a bhuí leis an gClár agus le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 1 de [Rialachán (AE) XX Rialachán na bhForálacha Coiteanna], tacaíocht airgeadais do bheart aonair, cuirfear an beart sin chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n‑áirítear rialacha maidir le méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú.

6.  Maidir le bearta is incháilithe faoin gClár a rinneadh a mheas i nglao ar thograí faoin gClár agus a chomhlíonann íosleibhéil cháilíochta an ghlao sin ar thograí, ach nach maoinítear i ngeall ar shrianta buiséadach, féadfaidh sé go bhfaighidh siad tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ó Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 7 d'Airteagal [65] de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal [8] de Rialachán (AE) XX [maoiniú, bainistiú agus faireachán ar an gComhbheartas Talmhaíochta], ar choinníoll go mbíonn na bearta sin i gcomhréir le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste a bhfuil an tacaíocht á soláthar aige.

CAIBIDIL XII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal Airteagail 12, 18 agus 19 a thabhairt don Choimisiún ar feadh fhad an Chláir. [Leasú 145]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal Airteagail 12, 18 agus 24 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 146]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal Airteagail 12, 18 agus 19 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 147]

Airteagal 30

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste atá ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 cúnamh don Choimisiún.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 31

Aisghairm

Déantar Rialachán (AE) [Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] agus Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 32

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi [Rialacha maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 375/2014. Beidh feidhm ag na Rialacháin sin maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi [Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 a áirithiú.

3.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 12.2 a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na bearta agus na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nach gcuirfear bac ar aistriú idir na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs Chlár (2018-2020) an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoin gClár seo.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Táscairí le haghaidh faireacháin agus tuairiscithe: Déanfar dlúthfhaireachán ar an gClár chun a mhéid ar baineadh an cuspóir ginearálta agus na cuspóirí sonracha amach a thomhas agus chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Chóir. Chuige sin, leagtar amach íoschreat táscairí, a bheidh mar bhonn do chlár mionsonraithe amach anseo chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Chláir, lena n-áirítear sraith bhreisithe táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla: [Leasú 148]

(a)  líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta;

(b)  céatadán na rannpháirtithe ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu; agus [Leasú 149]

(c)  líon na n‑eagraíochtaí a bhfuil lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh acu. [Leasú 150];

(ca)  líon na rannpháirtithe (intíre agus trasteorann) i bpoist de réir tíre, aoise, inscne, cúlra gairmiúil agus leibhéal an oideachais; [Leasú 151]

(cb)   líon na rannpháirtithe i dtionscadail dlúthpháirtíochta de réir tíre, aoise, inscne, cúlra gairmiúil agus leibhéal an oideachais; [Leasú 152]

(cc)   líon na n-eagraíochtaí a ndearnadh a lipéad cáilíochta a chúlghairm; [Leasú 153]

(cd)  líon na n-eagraíochtaí i seilbh lipéad cáilíochta de réir tíre agus an mhaoinithe a fuarthas; [Leasú 154]

(ce)  líon na ndaoine óga rannpháirteacha a mbíonn níos lú deiseanna acu; [Leasú 155]

(cf)  líon na rannpháirtithe a thuairiscigh torthaí dearfacha foghlama; [Leasú 156]

(cg)  céatadán na rannpháirtithe ar aithníodh a gcuid torthaí foghlama le teastas, mar shampla Youthpass, dioplóma nó cineál eile aitheantais fhoirmiúil as a gcuid rannpháirtíochta sa Chlár Dlúthpháirtíochta Eorpach; [Leasú 157]

(ch)  ráta foriomlán sástachta na rannpháirtithe maidir le cáilíocht na ngníomhaíochtaí; agus [Leasú 158]

(ci)  líon na ndaoine a fhaigheann tacaíocht dhíreach nó indíreach trí ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta. [Leasú 159]

(1)IO C 62, 15.2.2019, lch. 201.
(2)IO C 86, 7.3.2019, lch. 282.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019.
(4)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún – Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, (COM(2016)0942).
(5)Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear 'Erasmus+': clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE, (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).
(6)Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil ( “an Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE”) (IO L 122, 24.4.2014, lch. 1)
(7) Moladh ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Ardchaighdeáin do Chúrsaí Oiliúna (IO C 88, 27.3.2014, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).
(9).Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus an fhoghlaim neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, (IO C 398, 22.12.2012, lch. 1).
(10). Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/776/AE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena mbunaítear ‘an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir’ agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/336/CE (IO L 343, 19.12.2013, lch. 46).
(11). Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach ag comhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(12)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún – An Creat Idir-Inoibritheachta Eorpach – Straitéis Cur Chun Feidhme, (COM(2017)0134).
(13)[Ar feitheamh tagairt don Rialachán Airgeadais].
(14)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(15)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(16)Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(17)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(18)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(19)[Ar feitheamh tagairt don Chinneadh nua ón gComhairle maidir le comhlachas tíortha agus críocha thar lear].
(20)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas] COM(2017)0623.
(21) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(22)Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha dul isteach agus cónaithe náisiúnach tríú tíortha chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí, tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).
(23)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (OJ L 55 28.2.2011 p.13).
(24)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch.1).
(25)Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 26.10.2012, lch. 391).
(26).Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16)
(27) Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(28) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

An nuashonrú is déanaí: 25 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais