Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0225(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0264/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0264/2018

Díospóireachtaí :

PV 11/03/2019 - 19
CRE 11/03/2019 - 19

Vótaí :

PV 12/03/2019 - 9.17
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0151

Téacsanna atá glactha
PDF 132kWORD 62k
Dé Máirt, 12 Márta 2019 - Strasbourg
Gníomh um Chibearshlándáil an Aontais Eorpaigh ***I
P8_TA(2019)0151A8-0264/2018
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ENISA, ‘Gníomhaireacht um Chibearshlándáil an Aontais Eorpaigh’, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013, agus maidir le deimhniúchán cibearshlándála um Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (‘an Gníomh um Chibearshlándáil’) (COM(2017)0477 – C8-0310/2017 – 2017/0225(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0477),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0310/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad na Fraince, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Feabhra 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 31 Eanáir 2018(2)

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus do thuairimí an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0264/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 227, 28.6.2018, lch. 86.
(2)IO C 176, 23.5.2018, lch. 29.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil)
P8_TC1-COD(2017)0225

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/881.)

An nuashonrú is déanaí: 27 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais