Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearraí cultúrtha a allmhairiú (COM(2017)0375 – C8-0227/2017 – 2017/0158(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0375),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0227/2017),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra faoi Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do thuairimí an Choiste um Chultúr agus um Oideachas agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0308/2018),
1. ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é(1);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta
Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 25 Deireadh Fómhair 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA-PROV(2018)0418)
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/880.)