Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0336(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0435/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0435/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 12/03/2019 - 9.21
CRE 12/03/2019 - 9.21

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0155

Téacsanna atá glactha
PDF 117kWORD 51k
Dé Máirt, 12 Márta 2019 - Strasbourg
Cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ***I
P8_TA(2019)0155A8-0435/2018
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 i dtaca le nós imeachta fíorúcháin a bhaineann le sáruithe ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. (COM(2018)0636 – C8-0413/2018 – 2018/0336(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0636),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 224 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0413/2018),

–  ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 25 Eanáir 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0435/2018),

1.  ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 110, 22.3.2019, lch. 72.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE, Euratom) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a mhéid a bhaineann le nós imeachta fíorúcháin a bhaineann le sáruithe ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa
P8_TC1-COD(2018)0336

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE, Euratom) 2019/493.)

An nuashonrú is déanaí: 27 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais