Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhair, ar son an Aontais, i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile (15093/2016 – C8-0107/2018 – 2015/0302(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15093/2016),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile (05385/2015),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207, le hAirteagal 209, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(8), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0107/2018),
– ag féachaint dá rún neamhreachtach an 13 Márta 2019(1) ar an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt (A8-0026/2019),
1. ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Ioslamach na hAfganastáine.