Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2015/0302M(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0058/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0058/2019

Díospóireachtaí :

PV 12/03/2019 - 21
CRE 12/03/2019 - 21

Vótaí :

PV 13/03/2019 - 11.6
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0170

Téacsanna atá glactha
PDF 186kWORD 71k
Dé Céadaoin, 13 Márta 2019 - Strasbourg
Comhaontú Comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbair (rún)
P8_TA(2019)0170A8-0058/2019

Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhair, ar son an Aontais, i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile (15093/2016 – C8-0107/2018 – 2015/0302M(NLE))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15093/2016),

–  ag féachaint don Chomhaontú Comhair i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile(1), a shínigh Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR), Federica Mogherini, an 18 Feabhra 2017,

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle an 6 Feabhra 2018 i gcomhréir le hAirteagal 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le hAirteagail 207, 209, 218(6)(a), an dara fomhír, agus 218(8), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C8-0107/2018),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle(2),

–  ag féachaint do chur i bhfeidhm sealadach na gcodanna den Chomhaontú Comhair i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt (CAPD) faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh amhail ón 1 Nollaig 2017,

–  ag féachaint dá rún an 13 Meitheamh 2013 maidir leis an gcaibidlíocht ar chomhaontú comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le comhpháirtíocht agus forbairt(3),

–  ag féachaint do na rúin a tháinig uaithi roimhe seo a bhaineann leis an Afganastáin, go háirithe na rúin seo a leanas: an 16 Nollaig 2010 maidir le straitéis nua don Afganastáin(4), an 15 Nollaig 2011 maidir le rialú buiséadach ar chúnamh airgeadais AE don Afganastáin(5), an 12 Márta 2014 maidir le ról réigiúnach agus caidreamh polaitiúil na Pacastáine le AE(6), an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir le pionós an bháis(7), an 26 Samhain 2015 maidir leis an Afganastáin, go háirithe na maruithe i gcúige Zebul(8), an 28 Aibreán 2016 maidir le hionsaithe ar ospidéil agus scoileanna mar sháruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta(9), an 5 Aibreán 2017 maidir le haghaidh a thabhairt ar ghluaiseachtaí dídeanaithe agus imirceach: ról Ghníomhaíocht Sheachtrach AE(10), an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le caidreamh polaitiúil AE leis an India(11), an 14 Nollaig 2017 maidir leis an staid san Afganastáin(12),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2018 agus an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an Afganastáin,

–  ag féachaint don Teachtaireacht Chomhpháirteach ó VP/HR agus ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 24 Iúil 2017 maidir le Gnéithe le haghaidh Straitéis AE maidir leis an Afganastáin (JOIN(2017)0031),

–  ag féachaint do Chlár Táscach Ilbhliantúil 2014-2020 don Afganastáin, laistigh d’Ionstraim an Aontais maidir le Comhar um Fhorbairt,

–  ag féachaint do Threochlár Tíre AE i gcomhair Idirphlé leis an tSochaí Shibhialta san Afganastáin 2018-2020,

—  ag féachaint do dhúnadh Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin (EUPOL na hAfganastáine) in 2016,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe an 10 Meán Fómhair 2018 dar teideal ‘an staid san Afganastáin agus a himpleachtaí do shíocháin agus slándáil idirnáisiúnta’,

—  ag féachaint do Chomhghníomh don Todhchaí (JWF) AE-na hAfganastáine maidir le saincheisteanna imirce, an 2 Deireadh Fómhair 2016,

—  ag féachaint do Rúin 2210 (2015) agus 2344 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus do shainordú Mhisean Cúnaimh NA san Afganastáin (UNAMA),

–  ag féachaint do thuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine atá ag daoine easáitithe ina dtír féin an 12 Aibreán 2017 maidir lena mhisean chuig an Afganastáin,

–  ag féachaint d’iarraidh ó Phríomhionchúiseoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, Fatou Bensouda, an 3 Samhain 2017 chun tús a chur le himscrúdú ar na coireanna cogaidh agus coireanna i gcoinne an chine dhaonna a líomhnaítear go ndearnadh iad san Afganastáin ón 1 Bealtaine 2003,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh,

–  ag féachaint do Chomhdháil Airí na Ginéive maidir leis an Afganastáin an 27-28 Samhain 2018,

—  ag féachaint do thorthaí Chomhdháil Idirnáisiúnta na Bruiséile ar an Afganastáin an 5 Deireadh Fómhair 2016, a raibh an tAontas Eorpach ina chomhchathaoirleach air agus do ghealltanais fhrithpháirteacha a tugadh ag comhdhálacha idirnáisiúnta ar an Afganastáin a reáchtáladh in Bonn an 5 Nollaig 2011, i dTóiceo an 8 Iúil 2012, agus i Londain an 4 Nollaig 2014,

–  ag féachaint do Chomhdháil Tashkent maidir leis an Afganastáin an 26-27 Márta 2018,

—  ag féachaint do phróiseas ‘Chroí na hÁise’ a seoladh in Iostanbúl an 2 Samhain 2011,

—  ag féachaint do Dhearbhú Chabúl an 22 Nollaig 2002 maidir le dea-chaidreamh idir comharsana,

–  ag féachaint don Fhórsa Cúnaimh Slándála Idirnáisiúnta (ISAF) (2003-2014) faoi shainordú ó na Náisiún Aontaithe agus faoi stiúir ECAT agus do chonclúidí chruinniú mullaigh ECAT a tionóladh sa Bhruiséil an 24-25 Bealtaine 2017, maidir le leanúint don mhisean oiliúna, comhairle agus cúnaimh, ‘Tacaíocht Dhiongbháilte’, (2014 go dtí an lá atá inniu ann),

–  ag féachaint do Phlean Freagartha Daonnúla na hAfganastáine 2018-2021,

–  ag féachaint don Chreat don Fhéintuilleamaí tríd an gCuntasacht Fhrithpháirteach, ar glacadh leis ag Comhdháil na Bruiséile maidir leis an Afganastáin an 4-5 Deireadh Fómhair 2016,

–  ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt agus don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0058/2019),

A.  de bhrí, an 10 Samhain 2011, gur ghlac an Chomhairle cinneadh lena dtugtar údarás don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh ar CAPD idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach an hAfganastáine(13); de bhrí gur cuireadh CAPD i bhfeidhm go sealadach agus i bpáirt ón 1 Nollaig 2017, sular thug Parlaimint na hEorpa a toiliú;

B.  de bhrí gur chuir VP/HR agus an Coimisiún an Moladh Comhpháirteach le haghaidh Cinntí ón gComhairle maidir le síniú agus tabhairt i gcrích CAPD i láthair don Chomhairle an 13 Eanáir 2016, mar chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Afganastáin (‘AE amháin’);

C.  de bhrí gur chuir na Ballstáit in iúl, cé gur chomhaontaigh siad le bunábhar CAPD, gurbh fhearr leo comhaontú ‘measctha’ le cur i bhfeidhm sealadach, agus dá bhrí sin gur iarr siad ar an gCoimisiún agus ar VP/HR athbhreithniú a dhéanamh ar na tograí dá réir sin chun cur i bhfeidhm measctha agus sealadach a chur san áireamh;

D.  de bhrí gur síníodh CAPD an 18 Feabhra 2017;

E.  de bhrí go mbeidh CAPD mar bhunús don chaidreamh idir AE agus an Afganastáin go ceann deich mbliana agus go bhféadfaí síneadh a chur leis sin go ceann tréimhsí cúig bliana;

F.  de bhrí gur cuireadh an Pharlaimint ar an eolas i bpáirt ach nár cuireadh ar an eolas í ina iomláine le linn na gcaibidlíochtaí; de bhrí nach bhfuair an Pharlaimint treoracha caibidlíochta na Comhairle don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) go dtí an 16 Márta 2018, seachas i mí na Samhna 2011, nuair a cuireadh an Pharlaimint ar an eolas maidir leis an gcinneadh chun tús a chur le caibidlíochtaí;

G.  de bhrí go gcuireann an creat dlíthiúil seo le Straitéis reatha AE maidir leis an Afganastáin chomh maith le cúnamh maoinithe sheachtraigh fhairsing AE;

H.  de bhrí gurb é CAPD an chéad chaidreamh conarthach a bheidh ann idir AE agus an Afganastáin, ar caidreamh conarthach é lena ndéanfar tiomantas AE a dheimhniú maidir le forbairt na hAfganastáine sa todhchaí le linn ‘deich mbliana an chlaochlaithe’ (2014-2024) agus lena ndéanfar an gaol stairiúil, polaitiúil agus eacnamaíoch idir an dá pháirtí a neartú;

I.  de bhrí gur léiriú é CAPD ar na prionsabail agus na coinníollacha ar a mbunófar an chomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo idir AE agus an Afganastáin (Teideal I agus Teideal II), lena n-áirítear clásail na n-eilimintí bunriachtanacha maidir le cearta an duine agus neamhleathadh arm ollscriosta; de bhrí go ndéantar foráil le CAPD don fhéidearthacht comhar a bheith ann i raon leathan réimsí, lena n-áirítear forbairt (Teideal III), trádáil agus infheistíocht (Teideal IV), ceartas agus an smacht reachta (Teideal V), lena n-áirítear an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, i gcoinne sciúradh airgid agus i gcoinne drugaí, comhar maidir le himirce agus comhaontú ionchasach todhchaíoch um athligean isteach, agus comhar earnálach (Teideal VI);

J.  de bhrí go gcuirfidh CAPD ar chumas AE agus na hAfganastáine dul i ngleic go comhpháirteach le dúshláin dhomhanda amhail sábháilteacht núicléach, neamhleathadh agus athrú aeráide;

K.  de bhrí go bhfuil an Afganastáin ag pointe an-tábhachtach, rud a fhágann, mura ndéanfar tuilleadh iarrachtaí, go mbeidh riosca ann go gcaillfear leas na n-iarrachtaí, an dul chun cinn agus na n-íobairtí go léir atá déanta go dtí seo maidir le forbairt na hAfganastáine;

L.  de bhrí gur rannchuidíodh go suntasach leis an díghrádú breise ar an tslándáil mar thoradh ar theacht chun cinn na bagartha sceimhlitheoireachta ón ngrúpa atá nasctha le Da’esh, ar a dtugtar Stát Ioslamach-Cúige Khorasan (IS-KP). de bhrí go raibh smacht ag Rialtas na hAfganastáine i mí Bealtaine 2018 ar 56% de cheantair na hAfganastáine agus ar 56% den chríoch, ina bhfuil 65% den daonra, le coimhlint in 32% de na ceantair agus 12% díobh faoi smacht na gceannairceach(14),(15),

M.  de bhrí, ó 2002, gurb iad an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit le chéile an deontóir idirnáisiúnta is mó don Afganastáin agus dá pobal, agus níos mó ná EUR 3.66 billiún tugtha acu i gcabhair forbartha agus dhaonnúil; de bhrí, dar le Clár Táscach Ilbhliantúil 2014-2020 don Afganastáin, go bhfuil ciste forbartha nua de EUR 1.4 billiún leithdháilte don tréimhse 2014-2020; de bhrí gurb é USD 20 billiún OTI reatha na hAfganastáine agus go bhfuil a ráta fáis craptha ó 2014; agus de bhrí go bhfuil roinnt dúshlán roimh gheilleagar na hAfganastáine fós, ar dúshláin iad amhail éilliú, bailiú íseal ioncaim, drochbhonneagar agus cruthú lag post;

N.  de bhrí, ó 2001, go bhfuil cuid mhór de Bhallstáit AE, de chomhpháirtithe ECAT agus tíortha comhghuaillithe tar éis rannchuidiú le cobhsú agus forbairt na hAfganastáine le hacmhainní míleata agus sibhialtacha, agus inar fhulaing siad an-chuid taismeach agus ár; de bhrí gur chun leasanna slándála ríthábhachtacha ECAT, AE agus a Bhallstáit í Afganastáin chobhsaí agus neamhspleách ar féidir léi soláthar di féin agus tearmann a dhiúltú do ghrúpaí sceimhlitheoirí; de bhrí go bhfuil níos mó ná 3 000 duine míleata fós ag Ballstáit AE san Afganastáin atá rannpháirteach i misean Tacaíochta Diongbháilte ECAT;

O.  de bhrí go bhfuil 2.5 milliún dídeanaí cláraithe, agus idir 2 agus 3 mhilliún Afganastánach gan doiciméid san Iaráin agus sa Phacastáin; de bhrí go bhfuil níos mó ná 2 mhilliún duine easáitithe ina dtír féin san Afganastáin, ar easáitíodh níos mó ná 300 000 díobh in 2018; de bhrí go bhfuil mórán de na daoine sin ag fulaingt mar thoradh ar neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, rochtain neamhleor ar shaoráidí sláintíochta agus sláinte agus easpa cosanta, agus de bhrí gur leanaí roinnt mhaith díobh, arna n-aicmiú mar bheith i mbaol rioscaí ó thaobh saothar leanaí, mí-úsáid ghnéasach nó earcú i ngrúpaí coiriúla de; de bhrí gur fhill níos mó ná 450 000 Afganastánach chun na hAfganastáine nó gur díbríodh ar ais ón Iaráin iad ó thús 2018; de bhrí gur fhógair Rialtas na Pacastáine go mbeidh gá ann an 1.7 milliún dídeanaí Afganastánach atá cláraithe sa tír a fhilleadh go héigeantach chun na hAfganastáine;

P.  de bhrí, dar leis na Náisiúin Aontaithe, go bhfuil éilliú san Afganastáin ag baint an bonn ó dhlisteanacht an stáit agus gur bagairt thromchúiseach é don dea-rialachas agus don fhorbairt inbhuanaithe toisc go gcuireann sé cosc ar ‘theacht chun cinn an fhíorgheilleagair’;

Q.  de bhrí gur tír íseal-ioncaim, iar-choinbhleachta agus thalamhiata í an Afganastáin, a chruthaíonn dúshláin speisialta don phobal idirnáisiúnta agus dá institiúidí;

R.  de bhrí, dar leis an Innéacs Domhanda don Oiriúnú, go bhfuil an Afganastáin ar na tíortha ar domhan is mó atá i mbaol ón athrú aeráide;

S.  de bhrí go bhfuil bagairtí agus géarchéimeanna idirnáisiúnta nua ag teacht chun cinn agus ag tarraingt aird, tacaíocht agus imní an phobail ón staid mar atá san Afganastáin;

T.  de bhrí go bhfuil tuairim is 87% de mhná Afganastánacha ag fulaingt ó fhoréigean a bhaineann le hinscne; de bhrí go bhfuil an Afganastáin sa 153ú háit as 160 tír ar Innéacs Neamh-Chomhionannais Inscne na Náisiún Aontaithe 2017;

U.  de bhrí, gur shroich saothrú óipiam an leibhéal is airde riamh in 2017, le méadú 63% i gcomparáid le 2016; de bhrí go gcuireann gáinneáil aindleathach ar chodlaidínigh treise le héagobhsaíocht agus ceannairc agus le cistiú do ghrúpaí sceimhlitheoireachta san Afganastáin;

V.  de bhrí, den chéad uair, go bhfuil buiséad na hAfganastáine in 2018 ag cloí le caighdeáin idirnáisiúnta i dtaca le réamh-mheastacháin agus cuntasaíocht;

W.  de bhrí gur tháinig deireadh le Misean Póilíneachta AE san Afganastáin in 2016 tar éis naoi mbliana de dhul chun cinn;

Gnéithe polaitiúla-straitéiseacha

1.  ag leanúint de bheith tiomanta do thacú le Rialtas na hAfganastáine maidir lena iarrachtaí i dtaca le todhchaí shlán agus chobhsaí a fhorbairt do mhuintir na hAfganastáine trí thabhairt faoi athchóirithe ríthábhachtacha chun rialachas agus an smacht reachta a fheabhsú, chun sceimhlitheoireacht agus antoisceachas a chomhrac, chun síocháin agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, chun institiúidí dlisteanacha agus daonlathacha a thógáil, chun athléimneacht a chothú roimh dhúshláin slándála náisiúnta agus réigiúnacha, chun urraim do chearta an duine a áirithiú, lena n-áirítear cearta na mban, cearta leanaí, agus cearta mionlach eitneach agus reiligiúnach, chun éilliú a chomhrac, chun cur in aghaidh drugaí, chun inbhuanaitheacht fhioscach a fheabhsú agus chun fás cuimsitheach agus inbhuanaithe eacnamaíoch a chothú mar aon le forbairt shóisialta agus tuaithe, trína gcruthófar todhchaí níos fearr do dhaoine óga, arb ionann iad agus dhá thrian den daonra. ag cur i bhfios go bhfuil gá le réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht san Afganastáin agus gur cheart gach iarracht a dhíriú ar an gcuspóir an-phráinneach sin;

2.  ag cur i bhfios go láidir go mbeidh forbairt fhadtéarmach na hAfganastáine ag brath ar chuntasacht, dea-rialachas, soláthar inbhuanaithe shlándáil an duine, lena n-áirítear laghdú na bochtaineachta agus cruthú deiseanna post, rochtain ar sheirbhísí sóisialta agus sláinte, oideachas agus cosaint saoirsí bunúsacha agus cearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear cearta na mban agus na mionlach; ag cur i bhfios go bhfuil gá ann gnóthaí a bhainistiú ar bhealach lena n-áiritheofar fás cuimsitheach eacnamaíoch agus dálaí fabhracha don infheistíocht choigríche inbhuanaithe a rachaidh chun tairbhe do mhuintir na hAfganastáine, le lánurraim do chaighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus saothair;

3.  ag cur in iúl gur ábhair imní di leochaileacht agus éagobhsaíocht an rialtais láir agus an easpa rialála a chuireann sé i bhfeidhm i gcuid mhaith den tír, a chuireann le tionchar na coinbhleachta ar an bpobal sibhialtach; á iarraidh ar AE agus ar an bpobal idirnáisiúnta idirghabháil a éascú i gcásanna amhail saincheisteanna iarthoghcháin gan réiteach;

4.  á iarraidh ar AE cúnamh a thabhairt sna hiarrachtaí i gcoinne threocht fhadtéarmach na dteannas idir-eitneach atá ag cur le titim as a chéile na cumhachta lárnaí agus tacú le creatlach shaibhir il-eitneach na sochaí Afganastánaí;

5.  ag leagan béim ar an tacaíocht fhadtéarmach a thugann sí do thoghcháin inchreidte, shaora, chothroma agus thrédhearcacha, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, agus ag cur in iúl go dtacaíonn sí le breathnóireacht toghcháin AE sa tír, lena n-áirítear breathnóireacht ar thoghchán uachtaránachta 2019; ag cur i bhfios go mbeidh tionchar ollmhór ag toradh na dtoghchán sin ar chobhsaíocht thodhchaíoch Rialtas na hAfganastáine mar thoradh ar dhianiomaíocht sheasta pholaitiúil;

6.  ag leagan béim ar phoitéinseal eacnamaíoch ollmhór na tíre mar thoradh ar a seasamh geografach agus a hacmhainní daonna agus nádúrtha;

7.  ag leagan béim ar thacaíocht airgeadais agus pholaitiúil shuntasach AE d’fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch na hAfganastáine, don chúnamh daonnúil agus don nascacht réigiúnach; ag tathant go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí i dtreo clársceidealú comhpháirteach idir AE agus a Bhallstáit;

8.  ag cur i bhfios, i ndáil leis sin, go bhfuil gá ann le comhordú beartais agus idirphlé idir AE agus na Stáit Aontaithe maidir leis an Afganastáin agus saincheisteanna réigiúnacha;

9.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an Ráiteas Comhpháirteach a glacadh ag Comhdháil na nAirí maidir leis an Afganastáin sa Ghinéiv, arna hóstáil ag na Náisiúin Aontaithe an 27-28 Samhain 2018, ag féachaint do na gealltanais arna ndéanamh ag Comhdháil na Bruiséile maidir leis an Afganastáin in 2016;

Ról agus freagracht na ngníomhaithe réigiúnacha

10.  ag meabhrú di gur tír thalamhiata í an Afganastáin atá lonnaithe ag achomhal a nascann an Áise agus an Meánoirthear agus ag aithint, go bhfuil bunriachtanas le tacaíocht agus comhar dearfach ó thíortha comharsanachta agus ó chumhachtaí réigiúnacha, go háirithe an tSín, an Iaráin, an India, an Rúis, agus an Phacastáin, maidir le cobhsú, forbairt agus inmharthanacht eacnamaíoch na hAfganastáine; ag cur in iúl gurb oth léi nach bhfuil sé i gcónaí mar chuspóir ag na gníomhaithe réigiúnacha sin Afganastáin chobhsaí agus rathúil a bheith ann agus ag cur i bhfáth an róil an-tábhachtach atá ag na tíortha sin sa phróiseas cobhsaíochta agus síochána; á iarraidh ar thíortha comharsanacha staonadh amach anseo ó bhac a chur ar onnmhairí Afganastánacha, mar a tharla roimhe seo;

11.  ag cur i bhfios go mbíonn soghluaisteacht agus gníomhaíocht leanúnach na líonraí sceimhlitheoireachta atá ag feidhmiú san Afganastáin, agus sa Phacastáin freisin, ag cur le héagobhsaíocht na staide sa réigiún ina iomláine;

12.  ag cur i bhfáth go mbíonn an Afganastáin faoi réir chuspóirí eascairdiúla na gcumhachtaí réigiúnacha go minic; ag tathant orthu tacú go hiomlán leis na hiarrachtaí síochána san Afganastáin; ag tacú le fóraim chomhair réigiúnacha, ach imní uirthi ag an am céanna faoi rannpháirtíocht ionadach chomhuaineach maidir le roinnt de chomharsana na hAfganastáine, rud atá ag baint an bonn ó iarrachtaí síochána; á iarraidh ar na comharsana sin staonadh ó rannpháirtíocht ionadach ina gcoimhlintí san Afganastáin agus ag tathant ar chomharsana agus ar chumhachtaí réigiúnacha araon oibriú i lánchomhar le chéile chun síocháin bhuanseasmhach agus inbhuanaithe a bhaint amach san Afganastáin;

13.  ag tathant ar AE méadú a dhéanamh ar a iarrachtaí maidir le plé agus comhar a bheith ann le comhpháirtithe réigiúnacha chun gáinneáil ar dhrugaí, sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac;

14.  ag leagan béim ar an tábhacht bhunúsach atá le forbairt bhonneagair agus réigiúnach san Afganastáin ó thaobh trádáil agus nascacht idir tíortha na hÁise Láir agus Theas de agus mar thoisc chobhsaíochta sa réigiún;

15.  á iarraidh ar AE breithniú ar chomhar idir AE agus an Afganastáin a chur san áireamh ina straitéisí don Áise Láir agus Theas;

Slándáil agus cothú síochána

16.  ag cur in iúl go bhfuil an-imní uirthi go fóill maidir leis an meath leantach ar staid na slándála san Afganastáin agus an méadú leanúnach ar limistéar na gcríoch atá faoi smacht ag míleataigh an Talaban agus grúpaí sceimhlitheoireachta éagsúla amhail IS-KP, agus go bhfuil treisiú láidir ó throdaithe eachtracha sa tír ag cuidiú leis sin de réir dealraimh; ag cáineadh ionsaithe atá déanta acu i gcoinne shibhialtaigh, fhórsaí slándála, institiúidí agus shochaí shibhialta na hAfganastáine; ag athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta go hiomlán do gach cineál sceimhlitheoireachta a chomhrac agus ag tabhairt ómós do gach comhghuaillíocht agus d’fhórsaí agus saoránaigh na hAfganastáine a bhfuil a saol tugtha acu ar son Afganastáin dhaonlathach, chuimsitheach, rachmasach, shlán agus chobhsaí; Ag tabhairt dá haire gur cuireadh níos mó ná leath na n-ionsaithe frith-rialtais in 2018 i leith IS-KP, a bhfuil sé mar aidhm aige cur isteach ar an bpróiseas athmhuintearais agus síochána agus é a chur dá bhonn; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur éirigh leis na heagraíochtaí jiohádacha reatha, IS-KP, Al Qaeda agus a bhfoghrúpaí éagsúla, oiriúnú agus iad féin a dhaingniú, ar léiriú iad ar mhórdhúshlán slándála don Afganastáin, don réigiún agus don Eoraip;

17.  ag leagan béim ar thacaíocht leanúnach AE don phróiseas síochána cuimsitheach ar a bhfuil an Afganastáin i gceannas agus ar a bhfuil seilbh aici, lena n-áirítear cur chun feidhme an tsocraithe síochána arna chomhaontú le Hezb-e-Islami; réidh le rannchuidiú leis seo le gach ionstraim iomchuí de chuid an Aontais a luaithe agus a bheidh próiseas síochána fónta ann; á iarraidh ar an Talaban an foréigean a shéanadh, dul isteach sa phróiseas síochána agus glacadh le Bunreacht na hAfganastáine; ag cur a tacaíocht i bhfáth i dtaca leis an tairiscint chuimsitheach síochána arna tabhairt don Talaban arís is arís eile ag an rialtas; á iarraidh ar an tsochaí shibhialta rannpháirtíocht iomlán a bheith aici sna cainteanna sin; ag aithint gur gá dul i ngleic leis an gceist a bhaineann le láithreacht slándála idirnáisiúnta fhadtéarmach agus chomhpháirteach chun cuidiú le fórsaí slándála na hAfganastáine chun an tír a chobhsú agus gan ligean di a bheith ina tearmann do ghrúpaí sceimhlitheoireachta nó ina foinse éagobhsaíochta réigiúnaí arís; á iarraidh ar gach páirtí sa choinbhleacht urraim a thabhairt don dlí daonnúil idirnáisiúnta;

18.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an chéad tréimhse ina raibh sos cogaidh ann ó 2001, Eid al-Fitr, a léirigh mian fhorleathan síochána i measc na nAfganastánach; á iarraidh ar an Talaban na glaonna ó Uachtarán na hAfganastáine a leanúint, maidir le tréimhse nua shosa cogaidh;

19.  ag leagan béim ar an bhfíoras gur eascair cuid mhaith de na fadhbanna gan réiteach atá roimh an Afganastáin inniu as daichead bliain cogaidh, ar chuir ionradh na Sóivéadach ar an Afganastáin in 1979 tús leo; i ndáil leis sin, ag aithint ról na ndaoine óga agus dhiaspóra na hAfganastáine sa phróiseas i dtaca le todhchaí níos daingne agus níos fearr a thógáil don tír; á iarraidh ar AE tacú le ceartas trasnáisiúnta d’íospartaigh an fhoréigin;

20.  ag tabhairt dá haire, tar éis do mhisean Chomhbheartas Slándála agus Cosanta EUPOL na hAfganastáine dúnadh i mí na Nollag 2016, ar misean é lenar soláthraíodh oiliúint agus comhairle speisialaithe do Phóilíní Náisiúnta na hAfganastáine agus don Aireacht Gnóthaí Baile, tá an tAontas tar éis leanúint lena chomhar le póilíní na hAfganastáine trí ionstraimí seachtracha AE, amhail an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin (IcSP), a mhaoiníonn gníomhaíochtaí athmhuintearais freisin;

21.  ag tabhairt dá haire gur chruthaigh misean ISAF Fórsaí Slándála Náisiúnta na hAfganastáine ó bhonn aníos agus go ndearna sé fórsa cumasach de 352 000 saighdiúir agus póilín as, le saighdiúirí coise, póilíní míleata, fórsaí faisnéisíochta, glanta bealaigh, tacaíochta comhraic, leighis, eitlíochta agus cumais lóistíochta, ag comhrac tionchar na gceannairceach sa tír mar thoradh orthu sin;

22.  ag tabhairt dá haire gur chruthaigh ISAF timpeallacht shlán chun feabhas a chur ar rialachas agus forbairt eacnamaíoch, as ar eascair an gnóthachan céatadáin is mó as measc na dtíortha uile ó thaobh sláinte bhunúsach agus táscairí forbartha eile de; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur tháinig meáin fhuinniúla chun cinn mar thoradh ar an rath bhí ar ISAF agus go bhfeidhmíonn na milliúin Afganastánach a gceart chun vótála anois;

23.  á mholadh arís do mhisean Tacaíochta Diongbháilte ECAT leanúint dá oiliúint agus dá fhormhaoirseacht ar arm na hAfganastáine; á mholadh do na Ballstáit oiliúint bainistithe ghéarchéime shibhialtach a chur ar fáil do rialtais náisiúnta agus áitiúla na hAfganastáine;

24.  á mholadh do ECAT agus do AE oibriú le chéile chun faisnéisíocht a bhailiú maidir le grúpaí ceannairceacha atá ag bagairt ar an Afganastáin agus moltaí beartais chuig fórsaí slándála na hAfganastáine a comhordú ar bhonn comhpháirteach;

25.  ag cur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil an Talaban agus grúpaí ceannairceacha eile ag baint leas as láithreacht AE agus as an bpobal idirnáisiúnta san Afganastáin agus na forbairtí atá bainte amach acu, chun críocha bolscaireachta, chun scéal a chur chun cinn go bhfuil gabhálaithe eachtracha ag cur as do thír na nAfganastánach agus dá modh maireachtála; á mholadh do AE agus Rialtas na hAfganastáine cur i gcoinne bolscaireacht den chineál sin;

26.  ag cur an fíoras i bhfios go láidir go bhfuil an comhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ríthábhachtach chun timpeallacht a chruthú a bheidh fabhrach don tslándáil san Afganastáin; ag tathant ar gach páirtí ábhartha a n-iarrachtaí a threisiú i dtaca le gach líonra maoinithe sceimhlitheoireachta a tharraingt ó chéile, lena n-áirítear deireadh a chur le mí-úsáid líonraí hawala agus deontais idirnáisiúnta chun na críche sin, chun radacú agus antoisceachas a chomhrac, mar aon leis na huirlisí earcaíochta a bhfuil eagraíochtaí sceimhlitheoireachta Afganastánacha fós ag brath orthu;

27.  ag tathant ar Rialtas na hAfganastáine gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh tús áite i measc a thosaíochtaí ag cosc agus cur in aghaidh leathadh na n-idé-eolaíochtaí antoisceacha;

28.  ag tacú le Chlár Síochána agus Ath-lánpháirtithe na hAfganastáine, a dhéanann comhaltaí an Talaban a thugann iad féin suas agus a shéanann an foréigean a lánpháirtiú ar ais sa tsochaí; ag moladh na Ríochta Aontaithe as níos mó ná GBP 9 milliún a ranníoc cheana féin;

29.  á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine Rúin Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, Síocháin agus Slándáil a chur chun feidhme go hiomlán, agus rannpháirt, cosaint agus cearta na mban a áirithiú ar fud an timthrialla coinbhleachta, ó chosc ar choinbhleacht go atógáil iarchoinbhleachta;

30.  á mholadh do Rialtas na hAfganastáine frithbhearta éifeachtacha ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN) a fhorbairt; ag tathant ar AE tacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar d’fhothú acmhainneachta CBRN;

31.  á mholadh do Rialtas na hAfganastáine a chórais rialaithe intíre a threisiú chun cur i gcoinne chúrsaíocht fhorleathan na mionarm agus na n-armán éadrom (SALW), i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana;

Cothú stáit

32.  ag cur i bhfios go bhfuil gá ann go gcuirfeadh Rialtas na hAfganastáine agus an comhphobal idirnáisiúnta dlús lena n-iarrachtaí chun deireadh a chur le héilliú sa tír, mar aon le neartú a dhéanamh ar institiúidí freagrúla agus cuimsitheacha agus feabhas a chur ar rialú áitiúil mar chéimeanna ríthábhachtacha i dtógáil stáit chobhsaí agus dhlisteanaigh atá in ann cosc a chur ar choinbhleacht agus ceannairc; á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine an acmhainneacht náisiúnta a threisiú chun sócmhainní goidte a aisghabháil trí chláir amhail an Tionscnamh um Aisghabháil Sócmhainní Goidte atá faoi stiúir Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda agus Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC);

33.  á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine cuimsitheacht pholaitiúil a mhéadú, cuntasacht a neartú agus comhrac go gníomhach i gcoinne an éillithe;

34.  ag cur i bhfios gur gá an bhearna idir rialtais náisiúnta agus áitiúla na hAfganastáine a dhruidim; ag aithint go bhfuil seans ann go bhféadfaí maolú ar an bhfadhb sin dá bhforfheimeodh Rialtas na hAfganastáine an reacht lena gceanglaítear ar gobharnóirí réigiúnacha a bheith i láthair sna críocha a ndéanann siad ionadaíocht orthu;

35.  á iarraidh ar AE a áirithiú go ndéantar cistí AE a infheistiú i dtionscadail a chuidíonn le pobal na hAfganastáine agus go soláthraítear a dhóthain tacaíocht do bhardais agus iad ag soláthar seirbhísí bunriachtanacha agus ag cothú rialú áitiúil, chun go n-áiritheofar bunchaighdeáin mhaireachtála don phobal, chun comhordú idir údaráis lárnacha agus bardais áitiúla a áirithiú chun na tosaíochtaí ar cheart infheistiú iontu a shainaithint, chun tacaíocht don tsochaí shibhialta a threisiú, go háirithe cosantóirí chearta an duine agus, go háirithe, chun tús áite a thabhairt do chistiú do thionscadail a thacaíonn le gníomhaithe a chuireann cuntasacht, cearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha chun cinn agus a chothaíonn sásraí idirphlé agus réiteach coinbhleachta atá leabaithe go háitiúil;

36.  á iarraidh ar AE leanúint lena phlean céimnithe amach i ndiaidh dhúnadh mhisean EUPOL, ar plean é lena n-áirítear aistriú inbhuanaithe gníomhaíochtaí chuig chomhpháirtithe áitiúla agus idirnáisiúnta EUPOL a áirithiú; ag tathant ar gach páirtí leanúint ar aghaidh lena n-iarrachtaí chun Póilíní Náisiúnta na hAfganastáine a fhorbairt ina fhórsa proifisiúnta don tsábháilteacht agus don tslándáil, chun gach institiúid forfheidhmithe dlí a neartú, le béim ar leith ar neamhspleáchas a chórais bhreithiúnaigh, ar na póilíní agus ar fheabhas a chur ar staid na bpríosún Afganastánach, mar aon le hurraim do chearta na bpríosúnach;

37.  ag cur in iúl gur oth léi go bhfuil ag teip ar fheachtais frithdhrugaí san Afganastáin agus nár leor na hiarrachtaí chun spriocdhíriú ar shaotharlanna drugaí an Talaban agus na líonraí idirnáisiúnta coireachta eagraithe, atá i gcroílár na gáinneála ar dhrugaí agus a sholáthraíonn cistiú don Talaban agus d’oibríochtaí sceimhlitheoireachta; ag tacú le straitéis nua frithdhrúgaí Rialtas na hAfganastáine agus á formhuiniú, ar straitéis í a fhaigheann tacaíocht ó UNODC; ag cur in iúl gur cúis imní di an méadú ar shaothrú óipiam san Afganastáin(16) agus á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine beartais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun an treocht sin a chur ar cúl; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach roghanna malartacha inbhraite agus inbhuanaithe ar tháirgeadh poipíní a ghiniúint agus iad a chur ar fáil do tháirgeoirí;

38.  ag cur i bhfáth gurb iad príomhfhoinsí ioncaim an Talaban mianadóireacht neamhdhleathach agus táirgeadh óipiam; ag tabhairt dá haire go meastar faoi láthair go mbíonn ioncam de EUR 200-300 milliún in aghaidh na bliana ag an Talaban ó ghníomhaíochtaí mianadóireachta neamhdhleathaí;

39.  á iarraidh go gcuirfí seiceálacha agus ceartúcháin iomchuí ar bun agus go mbeadh trédhearcacht mhéadaithe ann chun éifeachtacht an riaracháin phoiblí a áirithiú, lena n-áirítear bainistíocht airgeadais chomh maith le cosc ar aon mhí-úsáid a bhainfí as cabhair eachtrach nó forbartha, i gComhréir le Dearbhú Pháras maidir le hÉifeachtacht Cabhrach;

40.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di gur shínigh AE Conradh Forbartha Stáit (SBC) leis an Afganastáin in 2016, lena leithdháilfear EUR 200 milliún thar dhá bhliain i dtacaíocht bhuiséadach chun institiúidí rialtais a neartú agus chun acmhainní a mhéadú i gcomhair tosaíochtaí forbartha amhail fás eacnamaíoch a ghiniúint, bochtaineacht a laghdú agus éilliú a chomhrac; ag cur i bhfios gur gá acmhainní a úsáid go héifeachtach;

41.  ag tabhairt dá haire go bhfuil SBC bunaithe ar athbhreithniú foriomlán dearfach ar dhul chun cinn na hAfganastáine i dtaca le príomhréimsí athchóirithe; ag aithint go bhfuil tábhacht ag baint le leagan amach na spriocanna a cuireadh chun tosaigh le SBC mar aon leis na coinníollacha maoinithe; ag leagan béim bhreise ar an tábhacht a bhaineann le formhaoirseacht agus faireachán córasach chun mí-úsáid a chosc; ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá béim ar fhorbairt agus cobhsaíocht ag Rialtas na hAfganastáine; á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint a choimeád ar an eolas go rialta faoi chur chun feidhme SBC agus ag leagan béim ar an bhfíoras gur cheart torthaí i ndáil leis sin a úsáid chun ullmhúchán a dhéanamh chun leanúint leis an oibríocht i ndáil le tacaíocht bhuiséadach don tréimhse 2018-2021;

An tsochaí shibhialta agus cearta an duine

42.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di go leagann CAPD AE-na hAfganastáine béim ar idirphlé maidir le saincheisteanna chearta an duine, go háirithe cearta na mban, leanaí, agus mionlach eitneach agus reiligiúnach chun rochtain ar acmhainní a áirithiú agus chun tacú le lánfheidhmiú a gceart bunúsach, lena n-áirítear trí níos mó ban a fhostú i struchtúir rialtais na hAfganastáine agus sna córais slándála agus bhreithiúnacha; á iarraidh ar an Afganastáin oibriú chun gach cineál foréigin agus idirdhealaithe i gcoinne ban agus cailíní a dhíothú; ag cur i bhfios gur gá níos mó iarrachta a dhéanamh maidir le cur chun feidhme fhorálacha CAPD arna lua i dTeideal I agus i dTeideal II;

43.  ag áitiú go gcoinneodh AE seasamh láidir maidir le cearta an duine a chur chun feidhme agus ag cur i bhfios gur gnéithe bunriachtanacha den Chomhaontú iad prionsabail dhaonlathacha, cearta an duine, go háirithe cearta na mban agus cearta mionlach, agus an smacht reachta; ag áitiú go ndéanfadh AE bearta sonracha má sháraíonn Rialtas na hAfganastáine gnéithe bunriachtanacha den Chomhaontú;

44.  ag meabhrú go bhfuil béim ar leith á leagan ag AE ar dhálaí ban, leanaí, daoine faoi mhíchumas agus daoine atá ina gcónaí faoi bhochtaineacht a fheabhsú agus go bhfuil riachtanas cúnaimh ar leith ag na grúpaí sin, lena n-áirítear i réimsí na sláinte agus an oideachais;

45.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an áit lárnach atá tugtha don chomhionannas inscne agus beartais ghaolmhara sa Chomhaontú, agus a bhéim láidir ar fhorbairt na sochaí sibhialta; á iarraidh ar AE tuilleadh spreagadh a thabhairt do chomhionannas idir mná agus fir agus do chumhachtú na mban, trína iarrachtaí um fhorbairt, agus é á chur san áireamh go mbíonn gá, agus meon na sochaí i dtreo ról socheacnamaíoch na mban á athrú, le bearta comhfhreagracha i dtaca le múscailt feasachta, oideachas agus athchóiriú an chreata rialála;

46.  ag cur i bhfios go bhfuil gá le mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha atá á mbagairt nó á n-ionsaí a chosaint; ag tabhairt dá haire go spriocdhírítear ar ghrúpa eitneach Siach Hazara níos minice ná na grúpaí eile agus nach mór aird ar leith a thabhairt air dá bhrí sin;

47.  á iarraidh go neartófaí institiúidí náisiúnta agus fonáisiúnta san Afganastáin a bhfuil baint acu le cearta an duine agus go dtacófaí leo mar aon le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus lucht acadúil; ag tathant ar chontrapháirtithe idirnáisiúnta comhar agus plé níos dlúithe a spreagadh leis na páirtithe Afganastánacha sin;

48.  ag tacú le hiarrachtaí na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta chun cuntasacht a áirithiú do choireanna cogaidh agus do choireanna in aghaidh an chine dhaonna a líomhnaítear go ndearnadh iad ó Bhealtaine 2003;

49.  ag cur in iúl gur cúis imní di líon méadaitheach na n-ionsaithe is foréigní agus d’aon ghnó ar shaoráidí sláinte agus ar oibrithe sláinte agus an spriocdhíriú ar bhonneagar sibhialtach; ag tathant ar gach páirtí a n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta a urramú, chun cosc a chur ar ionsaithe i gcoinne sibhialtach agus an bhonneagair shibhialtaigh;

50.  á iarraidh ar rialtas na hAfganastáine moratóir láithreach a thabhairt isteach ar úsáid phionós an bháis mar chéim i dtreo a chealaithe;

Forbairt agus trádáil

51.  ag aithint gurb é cuspóir chabhair AE don Afganastáin cuidiú le rialtas agus geilleagar na tíre an bhochtaineacht a dhíothú agus staid neamhspleáchais agus fáis a bhaint amach le forbairt inmheánach agus comhar réigiúnach trí thrádáil agus infheistíocht sheachtrach agus infheistíocht inbhuanaithe phoiblí, chun ró-bhrath ar chabhair eachtrach a laghdú, trí rannchuidiú le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil na hAfganastáine;

52.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an Afganastáin ar cheann do na faighteoirí is mó cabhrach um fhorbairt ar domhan agus go raibh EUR 3.6 billiún i gcabhair don tír geallta ag institiúidí den Aontas idir 2002 agus 2016; ag cur in iúl gurb oth léi an fíoras go bhfuil sciar na nAfganastánach atá ag maireachtáil i mbochtaineacht méadaithe ó 38 % (2012) go dtí 55 % (2017) agus ag leagan béim ar an bhfíoras gur cláraíodh fás mall sa tír ó 2014 tar éis fórsaí slándála idirnáisiúnta a laghdú, na laghduithe ar dheontais idirnáisiúnta a ghabhann leis sin, agus staid slándála atá ag dul in olcas;

53.  ag cur i bhfios an gá atá ann le dul i ngleic le ráta ard dífhostaíochta agus le comhrac i gcoinne na bochtaineachta chun oibriú i dtreo síocháin agus cobhsaíocht a bhaint amach sa tír;

54.  ag leagan béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tuilleadh deiseanna fostaíochta lasmuigh den fheirmeoireacht agus d’oibriú don rialtas chun cosc a chur ar earcú fear óg sa Talaban agus i líonraí ceannairceacha eile;

55.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di Creat Náisiúnta don tSíocháin agus don Fhorbairt san Afganastáin 2016 (ANPDF) agus an Creat don Fhéintuilleamaí tríd an gCuntasacht Fhrithpháirteach (SMAF) atá glactha ag Rialtas na hAfganastáine; á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt, trí CAPD, do thosaíochtaí forbartha atá faoi úinéireacht na hAfganastáine i gcomhréir le prionsabail éifeachtacht na forbartha;

56.  á iarraidh ar VP/HR agus ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar gach beart de chuid an Aontais san Afganastáin ar bhonn tráthrialta trí táscairí sainráite cáilíochtúla agus cainníochtúla a úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann le cabhair um fhorbairt, dea-rialachas lena n-áirítear earnáil an cheartais, urraim do chearta an duine agus slándáil; á iarraidh sa chomhthéacs sin go ndéanfaí meastóireacht ar an tionchar coibhneasta atá ag bearta AE ar an staid fhoriomlán sa tír agus ar leibhéal an chomhordaithe agus an chomhair idir gníomhaithe AE agus misin agus bearta idirnáisiúnta eile, agus go ndéanfaí na torthaí agus na moltaí a fhoilsiú agus a thuairisciú don Pharlaimint;

57.  ag cur in iúl gur oth léi gur teoranta an tionchar a bhí ann, d’ainneoin gur infheistíodh cúnamh suntasach ón iasacht; ag tabhairt cuireadh do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta a tharraingt suas maidir le héifeachtacht chúnamh AE don Afganastáin le deich mbliana anuas;

58.  á mholadh do AE agus do ghníomhaireachtaí idirnáisiúnta eile atá rannpháirteach i bhforbairt na hAfganastáine oibriú le meáin na hAfganastáine chun cur in iúl straitéiseach na n-iarrachtaí forbartha, a bhfoinsí, a gcríocha agus a dtionchar do mhuintir na hAfganastáine a áirithiú;

59.  ag meabhrú go bhfuil easpa saineolaithe sibhialtacha ann san Afganastáin faoi láthair; á mholadh do AE agus dá Bhallstáit saineolaithe sibhialtacha a fhostú agus oiliúint chuí a chur orthu i bpríomhréimsí atá an-tábhachtach i gcomhair forbairt eacnamaíoch agus i gcomhair an chomhraic in aghaidh drugaí, chun cuidiú le hoifigigh agus daoine áitiúla Afganastánacha agus chun oiliúint a chur orthu;

60.  ag cur i bhfáth go bhfuil gá ann tacú le córas oideachais na hAfganastáine agus líon na leanaí a leanann ranganna scoile ar gach leibhéal a mhéadú;

61.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an fíoras go bhfuil méadú faoi dheich tagtha ar cur ar rolla sna scoileanna ó 2001, agus ar cailíní iad ionann 39 % de dhaltaí scoile;

62.  ag tathant go dtabharfaí aird ar leith ar na glúnta óga agus á iarraidh go mbainfí lán-úsáid as cláir amhail Erasmus+ agus Fís 2020 chun naisc a chur ar bun idir institiúidí oideachais, lucht léinn, earnálacha taighde agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);

63.  ag tacú le gníomhaíochtaí AE agus na mBallstát lena ndéantar ranníocaíochtaí le Ciste Iontaobhais Atógála na hAfganastáine, a ndéanann an Banc Domhanda agus Aireacht Airgeadais na hAfganastáine comhbhainistiú air agus atá ag obair chun bunseirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil le béim ar leith ar shláinte agus ar oideachas;

64.  ag fáiltiú roimh aontachas na hAfganastáine le EDT in 2016, agus ag aithint an bhreisluacha a thabharfaidh trádáil agus infheistíocht dhíreach sheachtrach do thodhchaí na hAfganastáine; ag aithint an róil dhearfaigh a d’fhéadfadh a bheith ag ballraíocht EDT maidir leis an Afganastáin a chomhtháthú i ngeilleagar an domhain;

65.  ag tabhairt dá haire gur thug AE rochtain shaor ó dhleacht agus shaor ó chuótaí ar mhargadh AE don Afganastáin, tar éis aontachas na tíre sin le EDT in 2016, a mhéadaigh naisc na hAfganastáine leis an ngeilleagar domhanda, ach ag aithint go bhfuil gá le tuilleadh bearta nithiúla chun go mbeidh an earnáil phríobháideach in ann tairbhe a bhaint as an gcóras sin agus a forbairt inmheánach a mhéadú dá réir sin;

66.  ag cur i bhfios gur cheart d’údaráis na hAfganastáine samhail eacnamaíoch inbhuanaithe a fhorbairt, agus prionsabal an athdháilte mar chroílár inti; á iarraidh ar AE tacú leis an Afganastáin ina forbairt chomhshaoil agus aistriú fuinnimh, ós rud é go bhfuil forálacha maidir le fuinneamh glan agus inbhuanaithe bunriachtanach chun dlús a chur le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe;

67.  ag cur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun méadú a dhéanamh ar acmhainn institiúidí rialtais chun straitéisí agus beartais trádála a cheapadh agus a chur chun feidhme, chun feabhas a chur ar aistriú earraí trasteorann agus chun cáilíocht táirgí a threisiú chun go mbeidh siad ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta;

68.  ag iarraidh feabhsú ar caidreamh gnó le gnó idir cuideachtaí atá bunaithe in AE agus earnáil phríobháideach na hAfganastáine; á mholadh go ndéanfaí dálaí fabhracha a chur chun feidhme i gcomhair fhorbairt FBManna;

69.  ag tacú le haon chlár um fhorbairt arna sheoladh ag AE, ag Ballstát aonair nó ag aon bhall den chomhphobal idirnáisiúnta agus ag cur in iúl gur díol sásaimh di clár den chineál sin, a bhfuil sé mar sprioc leis cuidiú le húinéirí gnólachtaí beaga agus le fiontraithe agus iad ag dul i ngleic le costais dhlíthiúla, rialacháin agus le bacainní eile ar tháirgeadh a bheadh murach sin mar dhíspreagadh do ghnólachtaí ó dhul isteach sa mhargadh agus/nó ó fhás laistigh den mhargadh;

70.  ag aithint go soláthraítear le cúltaiscí mianraí san Afganastáin, deis eacnamaíoch don tír ioncam agus poist a ghiniúint; ag tabhairt dá haire go bhfuil suim léirithe ag an tSín sna cúltaiscí mianraí sin, le béim ar leith ar dhúile tearc-chré;

An Imirce

71.  ag aithint gur dúshlán leanúnach don Afganastáin í an imirce, a chruthaíonn saincheisteanna do thíortha comharsanachta agus do Bhallstáit AE; ag cur in iúl gur cúis imní di an líon gan choinne d’imircigh atá ag filleadh, den chuid is mó ón bPacastáin agus ón Iaráin, agus líon níos lú ón Eoraip; ag aithint gur toradh ar bhagairt an fhoréigin ó ghrúpaí ceannairceacha san Afganastáin agus ar chúinsí eacnamaíocha agus comhshaoil iad na saincheisteanna a bhaineann le daoine atá easáitithe ina dtír féin agus dídeanaithe; ag cur i bhfios gur cheart iarrachtaí ar pháirt AE agus ar pháirt an chomhphobail idirnáisiúnta a dhíriú ar chosc a chur ar bhunchúiseanna na hollimirce; ag cur in iúl gur díol sásaimh di an straitéis i ndáil le filleadh náisiúnaigh na hAfganastáine; ag cur in iúl gur cúis imní di, áfach, easpa na mbeartas seasta imirce i measc údaráis na hAfganastáine i dtaca leis na fillithe atá acu faoi láthair a bhainistiú; ag cur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhfuil ath-lánpháirtiú fillithe cuí, go háirithe leanaí, nach mór rochtain ar bhunoideachas agus meánoideachas a ráthú dóibh, an-tábhachtach chun cobhsaíocht a áirithiú sa tír agus nach bhfuil na daoine atá tar éis filleadh faoi réir foréigin nó comhéigin le linn na nósanna imeachta fillte;

72.  ag cur i bhfáth go bhfuil gá ag 5.5 milliún duine le cabhair dhaonnúil san Afganastáin dar le Oifig um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA) na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear daoine easáitithe ina dtír féin i ndiaidh coinbhleachta nó triomaigh, agus ag leagan béim ar an bhfíoras gur eascair easáitiú éigeantach níos mó ná 250 000 duine i dtuaisceart agus iarthar na tíre as an triomach; ag tabhairt dá haire nach bhfuil ach 33.5% den mhaoiniú atá uaidh ag an bPlean Freagartha Daonnúil agus ag tathant ar AE agus a Bhallstáit dá bhrí sin, dlús a chur lena n-iarrachtaí chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin dhaonnúla agus na riachtanais dhaonna agus aird ar leith a thabhairt ar dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear na daoine sin atá lonnaithe i gceantair ar deacair teacht orthu;

73.  ag cur in iúl gur oth léi an fíoras nach bhfuil aon chomhaontú foirmiúil bainte amach in ainneoin Airteagal 28(4) CAPD a deir gur cheart go dtabharfadh na Comhpháirtithe comhaontú um athligean isteach i gcrích agus nach bhfuil ann ach comhaontú neamhfhoirmiúil – an Comhghníomh don Todhchaí; ag brath go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí comhaontú ar bith um athligean isteach ar bhonn foirmiúil chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú; ag cur in iúl gur oth léi an easpa formhaoirseacht pharlaiminteach agus rialú daonlathach ar thabhairt i gcríoch an Chomhghnímh don Todhchaí agus ag cur i bhfios an tábhacht a bhaineann le hidirphlé leanúnach le gníomhaithe ábhartha a sheoladh chun réiteach inbhuanaithe maidir leis an ngné réigiúnach a aimsiú i dtaca le saincheist na ndídeanaithe Afganastánacha;

74.  ag cur in iúl gur oth léi an sreabhadh imirce ón Afganastáin chuig an Iarthar, go háirithe i gcás na ndaoine oilte agus óga, mar gheall ar easpa deiseanna sa tír; ag cur i bhfáth cúnamh AE chun saolta eisimirceach Afganastánach atá scaipthe amach sa Phacastáin agus san Iaráin a fheabhsú; á iarraidh ar na tíortha sin gan na daoine sin a dhíbirt, ar rud é a d’fhéadfadh éifeacht an-dhiúltach a bheith aige ar chobhsaíocht agus ar gheilleagar na hAfganastáine; ag tathant go ndéanfaí filleadh dídeanaithe chuig a mbailte a eagrú ar bhealach sábháilte, eagraithe agus deonach;

75.  ag moladh an Choimisiúin as mórthionscadal a chur ar bun in 2016 chun ath-lánpháirtiú níos fearr a dhéanamh ar imircigh fhillteacha san Afganastáin, sa Bhanglaidéis agus sa Phacastáin, le EUR 72 mhilliún curtha i leataobh go sonrach don Afganastáin idir 2016 agus 2020;

76.  ag leagan béim ar an bhfíoras nár cheart féachaint ar chúnamh um fhorbairt ón AE don Afganastáin go heisiach ó thaobh na himirce de agus ó thaobh chuspóirí an bhainistithe teorainneacha de, agus ag meas gur cheart go rachadh cabhair um fhorbairt i ngleic le bunchúiseanna na himirce go héifeachtach;

Comhar earnálach

77.  ag tathant ar an gCoimisiún straitéisí cuimsitheacha a chur i láthair do gach earnáil agus é mar aidhm leo forbairt fhorleathan a áirithiú i ngach réimse comhair leis an Afganastáin;

78.  ag iarraidh iarrachtaí chun úsáid fhónta a bhaint as taithí AE maidir le fothú acmhainní agus riarachán poiblí agus athchóiriú ar an státseirbhís; ag leagan béim ar an ngéarghá atá le feabhas a chur ar rialachas i réimse an chánachais; ag iarraidh tacaíocht i gcomhair eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, le lánurraim dá gcúlra eitneach, reiligiúnach, sóisialta nó polaitiúil difriúil;

79.  ag cur i bhfáth an fhíorais go soláthraítear 50 % d’ioncam phobal na hAfganastáine agus ceathrú dá OTI leis an talmhaíocht; ag tabhairt dá haire go bhfuil AE tiomanta do EUR 1.4 billiún a chaitheamh idir 2014 agus 2020 ar thionscadail forbartha i gceantair thuaithe; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil na tionscadail sin an-tábhachtach chun a áirithiú nach mbogfaidh feirmeoirí i dtreo an gheilleagair dhuibh;

80.  ag tabhairt dá haire go mbíonn 80 % de phobal na hAfganastáine i mbun talmhaíocht leorchothaitheach i dtimpeallacht nach bhfeileann don talmhaíocht, le drochmhodhanna uiscithe; ag tacú le hiarrachtaí a threisiú chun slándáil an tsoláthair bia a áirithiú;

81.  ag tabhairt dá haire go himníoch an triomach reatha san Afganastáin, arb é an triomach is measa é leis na blianta fada agus atá ag bagairt ar dhaoine, ar bheostoc agus ar an talmhaíocht; ag cur in iúl go bhfuil imní uirthi thairis sin maidir le tubaistí nádúrtha rialta amhail tulcaí, sciorrthaí talún agus geimhrí diana;

82.  ag tabhairt dá haire go himníoch go n-eascraíonn easáitiú, bochtaineacht, ocras agus, i gcásanna áirithe bogadh go dtí an margadh dubh as díobháil do tháirgí talmhaíochta amhail cruithneacht, agus go bhfuil trí mhilliún duine go mór mór i mbaol ó thaobh shlándáil an tsoláthair bia agus cailleadh slí bheatha;

83.  ag aithint, trí níos mó de luachshlabhra na próiseála bia a bhogadh ar ais isteach san Afganastáin, go bhféadfaí ioncam a mhéadú do theaghlaigh, slándáil an tsoláthair bia a mhéadú, costais bhia a laghdú agus níos mó deiseanna fostaíochta a chur ar fáil;

84.  á mholadh do AE leanúint dá iarrachtaí chun cúram sláinte san Afganastáin a fheabhsú agus ag cur i bhfios a thábhachtaí atá vacsaíniú do gach duine, ach go háirithe dóibh siúd a bhfuil leochaileacht faoi leith acu do thinneas, amhail leanaí;

85.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di gur mhéadaigh rochtain phríomhúil ar chúram sláinte ó 9 % go dtí níos mó ná 57 %, gur mhéadaigh ionchas saoil ó 44 go 60 agus gurbh fhéidir na feabhsuithe sin a bhaint amach mar thoradh ar ranníocaíochtaí ó AE, ó Bhallstáit aonair agus ón gcomhphobal idirnáisiúnta; ag aithint, i bhfianaise a bhfuil bainte amach, go bhfuil gá ann fós níos mó a dhéanamh chun leanúint leis an ionchas saoil a ardú agus ráta básmhaireachta na mban a shaolaíonn leanaí a laghdú, chomh maith le ráta básmhaireachta leanaí nuabheirthe;

86.  ag cáineadh go trom na cleachtais éillitheacha i gcóras cúraim sláinte na hAfganastáine, amhail allmhairiú cógas neamhdhleathach, agus ag tathant ar AE leanúint ar aghaidh le brú a chur ar Rialtas na hAfganastáine chun níos mó a dhéanamh chun cleachtais éillitheacha den chineál sin a chosc;

87.  ag athdhearbhú go bhfuil gá le gairmithe oilte leighis laistigh den Afganastáin agus á mholadh do AE agus a Bhallstáit leanúint de bheith ag tabhairt isteach gairmithe leighis chun oiliúint a chur ar dhochtúirí agus ar oibrithe leighis áitiúla;

88.  ag tabhairt dá haire go ndéantar díobháil do gach taobh, go háirithe do shochaí na hAfganastáine, le gáinneáil ar dhaoine agus le smuigleáil imirceach; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go gasta na comhaontuithe atá ann cheana féin, lena n-áirítear na comhaontuithe maidir le malartú faisnéise, chun líonraí coiriúla idirnáisiúnta a bhaint as a chéile, ar líonraí iad a bhaineann tairbhe as éagobhsaíocht agus institiúidí laga;

Cur chun feidhme CAPD

89.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di CAPD mar an chéad chaidreamh conarthach idir AE agus an Afganastáin;

90.  ag tabhairt dá haire go soláthraítear le CAPD an bonn chun caidreamh a fhorbairt i réimsí éagsúla amhail an smacht reachta, sláinte, forbairt tuaithe, oideachas, eolaíocht agus teicneolaíocht, frith-éilliú, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, coireacht eagraithe agus drugaí, imirce, slándáil núicléach, neamhleathadh arm ollscriosta agus athrú aeráide;

91.  ag fáiltiú roimh bhunú na gcomhlachtaí comhpháirteacha comhair ar an leibhéal feidhmiúcháin, agus béim á leagan ar idirphlé rialta a bheith ann maidir le saincheisteanna polaitiúla, lena n-áirítear cearta an duine, go háirithe cearta na mban agus na leanaí, ar gnéithe bunriachtanacha den chomhaontú seo iad, agus dul i ngleic le dúshláin agus deiseanna a chruthú i gcomhair comhpháirtíocht níos láidre;

92.  ag cur in iúl gur ábhar imní é nach bhfuil forálacha in CAPD maidir le grinnscrúdú comhpháirteach parlaiminteach a dhéanamh ar a chur chun feidhme; ag cur ról Pharlaimint na hEorpa, ról pharlaimintí na mBallstát agus ról Pharlaimint na hAfganastáine chun cinn maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CAPD;

93.  ag tabhairt dá haire gur cuireadh Toscaire Speisialta in ionad Ionadaí Speisialta AE don Afganastáin amhail ó Mheán Fómhair 2017, arna chuíchóiriú laistigh de struchtúr SEGS;

94.  ag cur in iúl gur oth léi gur lean an Chomhairle ar aghaidh le cinneadh maidir le cur i bhfeidhm sealadach i réimsí atá faoi réir thoiliú na Parlaiminte, go háirithe an chaibidil ar chomhar maidir le hábhair thrádála agus infheistíochta, atá laistigh d’inniúlachtaí eisiacha AE, seachas daingniú a iarraidh go luath sa phróiseas, sula ndearnadh an beart sin; á mheas go bhfuil an cinneadh sin bunoscionn le prionsabal an chomhair dhílis atá cumhdaithe in Airteagal 4(3) CAE agus go mbaineann sé an bonn ó chearta dlíthiúla agus freagrachtaí dlíthiúla na Parlaiminte;

o
o   o

95.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig VP/HR, chuig Toscaire Speisialta AE le haghaidh na hAfganastáine, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Rialtas agus Parlaimint Phoblacht Ioslamach an hAfganastáine.

(1)IO L 67, 14.3.2017, lch. 3.
(2)Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0169.
(3) IO C 65, 19.2.2016, lch. 133.
(4) IO C 169 E, 15.6.2012, lch. 108.
(5) IO C 168 E, 14.6.2013, lch. 55.
(6) IO C 378, 9.11.2017, lch. 73.
(7) IO C 349, 17.10.2017, lch. 41.
(8) IO C 366, 27.10.2017, lch. 129.
(9) IO C 66, 21.2.2018, lch. 17.
(10) IO C 298, 23.8.2018, lch. 39.
(11) IO C 337, 20.9.2018, lch. 48.
(12) IO C 369, 11.10.2018, lch. 85.
(13) Cinntí ón gComhairle an 10 Samhain 2011 (16146/11 agus 16147/11).
(14) Tuarascáil EASO maidir le Faisnéis faoi Thír Thionscnaimh, Staid Slándála san Afganastáin - an tEolas is déanaí, Bealtaine 2018, https://coi.easo.europa.eu/administration/easo/PLib/Afghanistan-security_situation_2018.pdf
(15) Ardchigire na Stát Aontaithe d’Atógáil na hAfganastáine (SIGAR), Tuarascáil ráithiúil chuig Comhdháil na Stát Aontaithe, an 30 Deireadh Fómhair 2018, https://www.sigar.mil/pdf/quarterlyreports/2018-10-30qr.pdf
(16) https://www.unodc.org/unodc/en/frontpage/2018/May/last-years-record-opium-production-in-afghanistan-threatens-sustainable-development--latest-survey-reveals.html

An nuashonrú is déanaí: 27 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais