Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0152A(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0078/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0078/2019

Díospóireachtaí :

PV 12/03/2019 - 25
CRE 12/03/2019 - 25

Vótaí :

PV 13/03/2019 - 11.10
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0174

Téacsanna atá glactha
PDF 506kWORD 186k
Dé Céadaoin, 13 Márta 2019 - Strasbourg
An Córas Faisnéise Víosaí ***I
P8_TA(2019)0174A8-0078/2019
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán XX/2018 [An Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht], agus Cinneadh 2004/512/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (COM(2018)0302 – C8-0185/2018 – 2018/0152(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0302),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 16(2), Airteagal 77(2)(a), (b), (d) agus (e), Airteagal 78(2)(d), (e) agus (g), Airteagal 79(2)(c) agus (d), Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0185/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0078/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-athchóirítear an Córas Faisnéise Víosaí trí leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán XX/2018 [An Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht], agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/512/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle [Leasú 1]
P8_TC1-COD(2018)0152

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe ar Airteagal 16(2), Airteagal 77(2)(a) (b), (d) agus (e), Airteagal 78(2)(d), (e) agus (g), Airteagal 79(2)(c), agus (d), Airteagal 87(2)(a), agus Airteagal 88(2)(a),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Is le Cinneadh 2004/512/CE(4) a bunaíodh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) le bheith ina réiteach teicneolaíoch don mhalartú sonraí faoi víosaí idir Ballstáit. Is le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) a leagadh síos an fheidhm VIS seo, agus na feidhmiúlachtaí agus na freagrachtaí a ghabhann leis, mar aon leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta do mhalartú sonraí faoi víosaí gearrfhanachta idir Ballstáit le hidir iarratais ar víosaí gearrfhanachta agus na cinntí a bhaineann leo a éascú. Is i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) a leagtar amach na rialacha faoi chlárú na n‑aitheantóirí bithmhéadracha sa VIS. I gCinneadh 2008/633/CGB(7), leagadh síos na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis ainmnithe Ballstát agus Europol rochtain a fháil le féachaint ar VIS chun críocha coisc, braite agus imscrúdaithe i ndáil le cionta sceimhlitheora agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile. Cuireadh tús le hoibríochtaí VIS an 11 Deireadh Fómhair 2011(8) agus de réir a chéile a rolladh amach é i gconsalachtaí na mBallstát ar fud an domhain idir Deireadh Fómhair 2011 agus Feabhra 2016. [Leasú 2]

(2)  Is iad na cuspóirí a bheidh ag an VIS ar an iomlán feabhas ar chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí, agus ar chomhar na gconsal agus ar an gcomhairliúchán idir údaráis víosaí lárnacha tríd an malartú sonraí idir Ballstáit maidir leis na hiarratais agus na cinntí lena mbaineann a éascú, d’fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh: an nós imeachta um iarratais ar víosaí a éascú; an tsiopadóireacht víosaí a chosc; an comhrac i gcoinne na calaoise céannachta a éascú; seiceálacha ag pointí trasnaithe na dteorainneacha seachtracha agus laistigh de chríocha na mBallstát a éascú; cuidiú le duine a aithint ar féidir nach mbeadh na coinníollacha iontrála, na coinníollacha fanachta ná na coinníollacha cónaithe i gcríocha na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó ar féidir nach mbeadh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige; Cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) a éascú, agus rannchuidiú le cosc na mbagairtí do shlándáil inmheánach aon ceann de na Ballstáit.

(3)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2016 dar teideal ‘Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste um Theorainneacha agus Slándáil’(10), bhí cur síos ar an ngá atá le neartú agus feabhsú ar chórais TF an Aontais Eorpaigh, agus ar an ailtireacht sonraí agus ar an malartú faisnéise atá aige i réimse an bhainistithe teorann, i bhforfheidhmiú an dlí, agus sa fhrithsceimhlitheoireacht, agus bhí béim ann ar an ngá atá le feabhas ar idir-inoibritheacht na gcóras TF. Rinne an Teachtaireacht an gá le haghaidh a thabhairt ar bhearnaí faisnéise a shainaithint freisin, rud ar a n‑áirítear náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa fadfhanachta ina seilbh acu i bhfianaise go bhforáiltear, in Airteagal 21 den Chonradh lena gcuirtear Comhaontú Schengen i bhfeidhm, don cheart ar shaorghluaiseacht laistigh de chríocha na stát atá i bpáirt sa Chomhaontú le haghaidh tréimhse nach faide ná 90 lá laistigh d’aon tréimhse 180 lá, trí na ceadanna cónaithe agus na víosaí fadfhanachta a eisíonn na Stáit sin a aithint go frithpháirteach. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún dhá staidéar: sa chéad staidéar féidearthachta(11) thángthas ar an tátal gur rud indéanta go teicniúil a bheadh i mbunú lárstórais, agus gurbh í athúsáid struchtúr VIS an rogha theicniúil ab fhearr, agus sa dara staidéar(12), rinneadh anailís riachtanais agus comhréireachta inar thángthas ar an tátal go mbeadh sé riachtanach agus comhréireach leathnú a dhéanamh ar réimse VIS chun na doiciméid thuasluaite a áireamh ann. [Leasú 3]

(4)  Ar an 10 Meitheamh 2016, rinne an Chomhairle formhuiniú ar Threochlár le cur leis an malartú faisnéise agus le bainistiú na faisnéise(13). Le tabhairt faoin mbearna faisnéise atá sna doiciméid a eisíodh do náisiúnaigh tríú tír, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar bhunú lárstóras ceada chónaithe agus víosaí fadfhanachta a eisíonn Ballstáit, chun faisnéis a stóráil ar na doiciméid seo, ar a n‑áirítear na dátaí éaga, agus aistarraingt fhéideartha na víosaí agus na gcead. In Airteagal 21 den Chonradh lena gcuirtear Comhaontú Schengen i bhfeidhm, foráiltear don cheart ar shaorghluaiseacht laistigh de chríocha na stát atá i bpáirt sa Chomhaontú le haghaidh tréimhse nach faide ná 90 lá laistigh d’aon tréimhse 180 lá, trí na ceadanna cónaithe agus na víosaí fadfhanachta a eisíonn na Stáit sin a aithint go frithpháirteach. [Leasú 4]

(5)  I gConclúidí na Comhairle 9 Meitheamh 2017 ar an mbealach le feabhas a chur ar an malartú faisnéise, agus le hidir-inoibritheacht chórais faisnéise an Aontais Eorpaigh a áirithiú(14), d’admhaigh an Chomhairle gur féidir go mbeidh gá le bearta nua chun na bearnaí faisnéise atá ann faoi láthair a líonadh i mbainistiú na dteorannacha agus i bhforfheidhmiú an dlí, i dtaca leis an trasnú teorann a dhéanann sealbhóirí víosaí fadfhanachta agus sealbhóirí ceada chónaithe. D’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún staidéar féidearthachta a dhéanamh gan mhoill faoi lárstóras don Aontas Eorpach a mbeadh faisnéis ann maidir le víosaí fadfhanachta agus cead cónaithe. Ar a bhonn seo, chuir an Coimisiún dhá staidéar i gcóir: Is é ba chonclúid don chéad staidéar féidearthachta(15) gur rud indéanta go teicniúil a bheadh i mbunú lárstórais, agus gurbh í athúsáid struchtúr VIS an rogha teicniúil ab fhearr, agus maidir leis an dara staidéar(16), is anailís riachtanais agus comhréireachta a bhí ansin, rud dar chonclúid gur rud riachtanach comhréireach a bheadh ann cur le réimse an VIS ionas go mbeadh na doiciméid thuasluaite san áireamh ann. [Leasú 5]

(6)  Is éard a dúradh i dTeachtaireacht an Choimisiúin an 27 Meán Fómhair 2017 i dtaobh Chur i gCrích an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce(17) nach amháin gur cuid bhunúsach d’éascú na turasóireachta agus d’éascú cúrsaí gnó atá i gcomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh, ach gurb uirlis ríthábhachtach é le rioscaí slándála agus rioscaí imirce neamhrialta chuig an Aontas Eorpach a chosc. Admhaíodh sa Teachtaireacht gur gá an comhbheartas víosaí a chur in oiriúint fós do na dúshláin atá ann, agus réitigh TF a chur i gcás, mar aon leis an sochar a bhaineann le taisteal éascaithe le víosa a chur i gcothromaíocht le himirce fheabhsaithe, le slándáil agus le bainistiú teorainneacha. Dúradh sa Teachtaireacht go ndéanfaí athbhreithniú ar chreat dlíthiúil an VIS chun breis feabhais a chur ar phróiseáil na víosaí, rud ar a n‑áireofaí gnéithe a bhaineann le cosaint sonraí, mar aon le rochtain d’údaráis fhorfheidhmithe dlí, agus cur le húsáid VIS le haghaidh catagóirí nua agus úsáidí sonraí, agus le húsáid iomlán a bhaint as na huirlisí idir-inoibritheachta.

(7)  I dTeachtaireacht an Choimisiúin 14 Márta 2018 maidir leis an gcomhbheartas víosaí a chur in oiriúint do dhúshláin nua(18), tugadh athdheimhniú go ndéanfar creat dlíthiúil VIS a athbhreithniú, mar chuid de phróiseas machnaimh níos leithne ar idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise.

(8)  Nuair a bhí Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 á ghlacadh, admhaíodh nár mhór aghaidh a thabhairt ar cheist leordhóthanacht iontaofacht na méarlorg chun críocha sainaithint agus fíorú, i gcás linbh faoi bhun 12 bhliain d’aois agus, go háirithe, ar éabhlóid na méarlorg de réir mar a théitear in aois, ar bhonn staidéir a cuireadh i gcrích faoi fhreagracht an Choimisiúin. Is é ba chonclúid do staidéar(19) a rinne an Comh-Ionad Taighde in 2013 gur féidir sainaithint méarlorg leanaí idir 6 agus 12 bliain a dhéanamh le leibhéal sásúil cruinnis faoi choinníollacha ar leith. I Mí na Nollag 2017(20), dheimhnigh an dara staidéar an tátal seo, agus thug sé tuilleadh léargais ar thionchar na haoise ar cháilíocht na méarlorg. Ar a bhonn seo, chuir an Coimisiún staidéar eile i gcóir i 2017 inar fiosraíodh an riachtanas agus an chomhréireacht a bhaineann le haois déanta na méarlorg i gcás na leanaí a ísliú go 6 bliana sa phróiseas víosa. Is éard a thug an staidéar(21) seo chun cruinnis gur fearr a d’fhéadfaí spriocanna VIS a bhaint amach ach aois déanta na méarlorg a ísliú, go mór mór i dtaca le héascú an chomhraic in aghaidh chalaois chéannachta, agus i dtaca le héascú na seiceála ag pointe trasnaithe teorann seachtraí, agus gur rud é gur dhócha breis sochair dá bharr i neartú an chomhraic in aghaidh shárú cearta leanaí, agus i gcosc an tsáraithe sin, go mór mór trí chumasú ar shainaithint/fíorú chéannacht leanaí tríú tír a dtarlaíonn dóibh i gcríocha Schengen sa chás gur baol éigniú a gcuid ceart (m.sh. íobartaigh gáinneála ar leanaí iad, nó leanaí atá ar iarraidh, nó mionaoiseach atá ag iarraidh tearmainn). San am céanna, is grúpa an-leochaileach iad leanaí agus ba cheart bailiú catagóirí speisialta sonraí uathu, amhail méarloirg, a bheith faoi réir coimircí níos déine agus faoi réir teorannú ar na críocha ar chucu a fhéadfar na sonraí sin a úsáid do chásanna ina bhfuil sé ar mhaithe le sárleas an linbh, lena n-áirítear an tréimhse choinneála i gcomhair stóráil sonraí a theorannú. Aithníodh sa dara staidéar freisin go bhfuil méarloirg daoine atá os cionn 70 bliain d’aois ar cháilíocht íseal agus ar chruinneas meánach. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhoibriú chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun dul i ngleic leis na heasnaimh sin. [Leasú 6]

(9)  Tabharfaidh Ballstáit tús áite do leas an linbh i ndáil le gach nós imeachta a bhforáiltear dó sa Rialachán seo. Leas agus sábháilteacht agus slándáil agus tuairimí an linbh, is nithe iad sin a chuirfear san áireamh agus a gcuirfear an suntas cuí iontu de réir aois agus inmhe an linbh. Bíonn ábharthacht faoi leith in VIS nuair is baol gurb íobartach de chuid gáinneála daoine atá sa leanbh.

(10)  Na sonraí pearsanta a sholáthraíonn an t‑iarratasóir le haghaidh víosa gearrfhanachta, is ceart do VIS iad a phróiseáil féachaint an bagairt don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoibli san Aontas a bheadh ann dá dtiocfadh an t‑iarratasóir isteach san Aontas, agus féachaint cén riosca atá ann go gcleachtfadh an t‑iarratasóir imirce neamhrialta. Maidir le náisiúnaigh tríú tír a fuair víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe, ní ceart go mbeadh sna seiceálacha sin ach cuid den rud a dhéantar le céannacht shealbhóir an doiciméid a mheas, agus le barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta a mheas, agus an bhagairt don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san Aontas a mheas dá dtiocfadh an náisiúnach tríú tír isteach ann. Ní ceart go gcuirfidís isteach ar aon chinneadh faoi víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe. [Leasú 7]

(11)  Ní féidir rioscaí den chineál sin a mheas gan próiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta a bhaineann le céannacht an duine, agus leis an doiciméad taistil, agus de réir mar atá an cás, leis an urraitheoir, nó más mionaoiseach don iarratasóir, le céannacht an té atá freagrach as. Ba cheart gach mír sonraí pearsanta sna hiarratais a chur i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh atá cláraithe i gcóras faisnéise (Córas Faisnéise Schengen (SIS), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), sonraí Europol, bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil Ghoidte nó Chaillte (SLTD), an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), Eurodac, an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) chomh fada agus a bhaineann le ciontú i gcoireanna sceimhlitheoireachta nó i gcoireanna tromchúiseacha de chineálacha eile, agus/nó bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (Interpol TDAWN)) nó le liostaí faire comhad faireachais ETIAS, nó le táscairí riosca sonracha. Na catagóirí sonraí pearsanta ba cheart a úsáid chun comparáide, ba cheart iad a bheith teoranta do na catagóirí sonraí atá sna córais faisnéise ina ndéantar an fiosrú, i liosta faire ETIAS nó sna táscairí riosca sonracha. [Leasú 8]

(12)  Is le [Rialachán (AE) XX ar an in-idiroibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] a bunaíodh an in-idiroibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh ionas gurb as lámha a chéile atá na córais faisnéise AE seo ag obair, rud atá amhlaidh chun feabhas a chur ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha, le cosc a chur ar an imirce neamhdhleathach, agus leis an imirce neamhdhleathach a chomhrac, agus le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá ag an Aontas ar a n‑áirítear caomhnú na slándála poiblí agus na mbeartas poiblí, agus coimirce na slándála i gcríocha na mBallstát. [Leasú 9. Tá feidhm ag an leasú seo síos tríd an téacs]

(13)  De thairbhe na hidir-inoibritheachta idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh, tig leis na córais obair as lámha a cheile chun ceart-sainaithint daoine a éascú, chun cuidiú a thabhairt an chalaois chéannachta a chomhrac, chun ceanglais cáilíochta shonraí chórais faisnéise ábhartha an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus a chomhchuibhiú, chun cur chun feidhme teicniúil agus oibríochtúil chórais faisnéise an Aontais Eorpaigh atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a éascú, chun na coimircí i dtaca le slándáil sonraí agus cosaint sonraí a rialaíonn córais faisnéise ábhartha an Aontais Eorpaigh a neartú, a chomhchuibhiú agus a shimpliú, chun rochtain rialaithe údaráis fhorfheidhmithe an dlí ar EES, VIS, ETIAS agus Eurodac a thabhairt chun líofachta, agus chun tacú le cuspóirí EES, VIS, [ETIAS], Eurodac, SIS agus chóras ECRIS-TCN. [Leasú 10]

(14)  Na codanna in-idiroibritheachta atá ann, clúdaíonn siad EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus SIS, agus córas [ECRIS-TCN] mar aon le sonraí Europol ionas gur féidir fiosrú a dhéanamh ann in aon am amháin leis na córais faisnéise seo atá ag an Aontas Eorpach, agus dá bhrí sin is iomchuí na codanna seo a úsáid chun seicéalacha uathoibrithe a dhéanamh, agus le linn VIS a cheadú chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Ba cheart an tairseach Eorpach chuardaithe (ESP) a úsáid chun na críche seo ionas gur féidir córais faisnéise na hEorpa a cheadú go tapa, go líofa, go héifeachtach agus go córasach, mar aon le sonraí de chuid Europol a cheadú, agus bunachair sonraí de chuid Interpol a bhíonn ag teastáil lena gcuid tascanna a chur i gcrích, i gcomhréir lena gcuid cearta rochtana, agus d’fhonn tacú le spriocanna VIS. [Leasú 11]

(15)  Ba cheart uathoibriú a dhéanamh ar an gcomparáid le bunachair sonraí eile. An uair a léireoidh comparáid den chineál sin gurb ann do chomhfhreagairt (‘amas’) idir aon dá cheann de na sonraí pearsanta nó cumasc díobh sna hiarratais agus i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh sna córais faisnéise thuasluaite, nó le sonraí pearsanta sa liosta faire, ba cheart an t‑iarratas, i gcás nach féidir an t-amas a dheimhniú go huathoibríoch in VIS, a phróiseáil de láimh oibreora. Ag brath ar na cineálacha sonraí lenar tionscnaíodh an t-amas, ba cheart do na consalachtaí nó do phointe teagmhála náisiúnta aonair an t-amas a mheas, agus bheadh an pointe teagmhála náisiúnta freagrach as amais arna nginiúint go háirithe ag bunachair sonraí nó córais um fhorfheidhmiú an dlí. An cinneadh i dtaobh údarú taistil a eisiúint nó gan é a eisiúint, sin cinneadh ba cheart a bheith ina thoradh ar an measúnú a dhéanann Aonad Náisiúnta ETIAS. [Leasú 12]

(16)  Má dhiúltaítear údarú taistil, ní ar bhonn phróiseáil uathoibrithe na sonraí pearsanta sna hiarratais ba cheart an diúltú sin a dhéanamh.

(17)  Iarratasóirí ar diúltaíodh víosa ghearrfhanachta dóibh ar bhonn sonra faisnéise a baineadh as an bpróiseáil VIP, ba cheart go mbeadh cead achomhairc acu. Is sa Bhallstát ba cheart an cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas, agus is i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin ba cheart na hachomhairc a sheoladh. Na coimircí agus na rialacha atá i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 maidir le hachomharc, is dóibhsean is ceart a bheith infheidhme.

(18)  Táscairí riosca sonracha a chomhfhreagraíonn do riosca slándála, do riosca imirce neamhrialta, nó do riosca don tsláinte phoiblí, d’ardrioscaí eipidéime, ar rioscaí iad a sainaithníodh cheana, ba cheart iad a úsáid in anailís chomhad an iarratais ar víosa ghearrfhanachta. Na critéir a úsáidtear le táscairí riosca sonracha a shainmhíniú, ní ceart in imthosca ar bith iad a bhunú ar inscne agus ar aois duine amháin. Ní bhunófar iad, in imthosca ar bith, ar fhaisnéis maidir le cine an duine, an dath craicinn atá air, a mhianach eitneach nó sóisialta, a airíonna géiniteacha, an teanga atá aige, na tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile atá aige, an reiligiún nó creideamh fealsúnach atá aige, an ball de cheardchumann é, an ball de mhionlach náisiúnta é, an mhaoin atá aige, an áit ar rugadh é, an bhfuil míchumas air nó an claonadh atá ann ó thaobh gnéis de.. [Leasú 13]

(19)  Ní mór freagraí éifeachtacha a thabhairt ar theacht chun cinn leanúnach cineálacha nua rioscaí slándála, patrúin nua i dtaobh inimirce neamhdhlíthiúil agus ardrioscaí eipidéime, agus ní mór cur ina gcoinne le modhanna nua-aimseartha. Ó tharla próiseáil méideanna móra sonraí pearsanta a bheith i gceist leis na modhanna sin, ba cheart coimircí iomchuí a thabhairt isteach ionas nach mbeifear ag teacht salach ach oiread agus is gá agus is comhréireach i sochaí dhaonlathach ar na cearta atá ann chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, agus do na sonraí pearsanta. [Leasú 14]

(20)  Maidir le hiarratasóirí ar víosa ghearrfhanachta, nó ar náisiúnaigh tríú tír a fuair víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe, is ceart a áirithiú go gcuirfear rud nach lú ná leibhéal seiceála den chineál céanna i gcion orthu sin agus a chuirtear ar náisiúnaigh tríú tír atá saor ó víosa. Cuirtear liosta faire i dtoll a chéile chun na críche seo chomh maith a bhaineann le daoine a bhfuil amhras ina dtaobh faoi choir thromchúiseach nó choir sceimhlitheoireachta a bheith déanta acu, nó a bhfuil fíricí ann ina dtaobh nó cúiseanna réasúnacha a thugann le fios go ndéanfaidh siad coir thromchúiseach nó coir sceimhlitheoireachta, liosta is ceart a úsáid le fíorú a dhéanamh i ndáil leis catagóirí sin de náisiúnaigh tríú tír chomh maith.

(21)  D’fhonn a ndualgas a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, ba cheart go bhféadfadh d’iompróirí idirnáisiúnta fíorú an bhfuil nó nach bhfuil na doiciméid riachtanacha sin ina seilbh ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta nó víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe acu, nó nach bhfuil na doiciméid riachtanacha sin ina seilbh acu trí chuardach a chur chuig VIS. Ba cheart an fíorú sin a thabhairt chun indéantachta trí shonraí a tharraingt as VIS gach lá agus iad a chur i mbunachar sonraí inléite amháin, rud a bhféadfaí ar a laghad fothacar riachtanach sonraí a tharraingt amach as le cuardach a cheadú a mbeadh freagra cgl/níl sé cgl ann dá bharr. Níor cheart comhad ETIAS féin a bheith inrochtana ag iompróirí. Leis na sonraíochtaí teicniúla chun rochtain a fháil ar VIS tríd an ngeata iompróra, ba cheart an tionchar ar thaisteal na bpaisinéirí agus ar iompróirí a theorannú a mhéid is féidir. Chun na críche sin, ba cheart comhtháthú le EES agus ETIAS a mheas. [Leasú 15]

(21a)  D’fhonn tionchar na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo ar iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí thar tír i gcóiste a theorannú, ba cheart réitigh mhóibíleacha sholáimhsithe a chur ar fáil. [Leasú 16]

(21b)  Laistigh de 2 bhliain tar éis thús chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a iomchuí, a chomhoiriúnaí agus a chomhleanúnaí atá na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme chun críocha fhorálacha VIS le haghaidh iompar thar tír i gcóistí. Ba cheart forbairt iompair thar tír i gcóistí le déanaí a chur san áireamh. Ba cheart an gá atá le leasú a dhéanamh ar fhorálacha maidir le hiompar thar tír i gcóistí dá dtagraítear in Airteagal 26 sa Rialachán seo a mheas. [Leasú 17]

(22)  Ba cheart don Rialachán seo sainmhíniú a thabhairt ar údaráis na mBallstát a d’fhéadfaí a údarú chun rochtain a dhéanamh ar VIS le sonraí a iontráil, a leasú, agus a scriosadh, nó le sonraí a cheadú maidir le víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe le aghaidh na gcríoch sonrach a leagtar amach in VIS don chatagóir doiciméad seo agus dóibh siúd a bhfuil siad ina seilbh acu, agus chomh mór agus is gá le gur féidir leo a gcuid tascanna a chur díobh.

(23)  An phróiseáil a dhéanfar ar shonraí an VIS, ba cheart di a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí a leantar dóibh i gcomhlíonadh thascanna na n‑údarás inniúil, cuspóirí atá riachtanach do chomhlíonadh na dtascanna sin. Le linn do na húdaráis inniúla a bheith ag úsáid EES, ba cheart a áirithiú leo go n‑urramaítear dínit agus sláine an duine a bhfuil a chuid sonraí á n‑iarraidh, agus níor cheart dóibh aon idirdhealú a dhéanamh ar bhonn gnéis, nó datha, nó mar gheall ar an mianach eitneach nó sóisialta atá sa duine, ná mar gheall ar na tréithe géiniteacha atá ag roinnt leis, ná an teanga, an reiligiún nó an creideamh atá aige, ná tuairimí polaitiúla ná tuairimí eile, ná an mionlach náisiúnta ar ball de é, ná mhaoin atá aige, an áit ar rugadh é, an míchumas atá air, ná an claonadh atá ann ó thaobh gnéis de.

(23a)  Maidir le sonraí bithmhéadracha, arb é atá i gceist leo i gcomthéacs an Rialacháin seo méarloirg agus íomhánna den aghaidh, tá siad uathúil agus, dá bhrí sin, is iontaofa go mór iad ná sonraí alfa-uimhriúla ó thaobh duine a shainaithint. Mar sin féin, is ionann sonraí bithmhéadracha agus sonraí pearsanta íogaire. Ar an gcaoi sin, leagtar síos sa Rialachán seo bunús agus coimircí le haghaidh phróiseáil na sonraí sin chun críche shainaithint uathúil na ndaoine lena mbaineann. [Leasú 18]

(24)  Ní mór go mbeadh an fhaisnéis is deireanaí ag údaráis fhorfheidhmithe an dlí más leo a gcuid cúram a chur díobh sa chomhrac in aghaidh coireanna sceimhlitheoireachta agus coireanna tromchúiseacha eile. An rochtain atá ag Europol agus ag údaráis fhorfheidhmithe an dlí sna Ballstáit ar VIS, is rud é a bunaíodh le Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle. Ba cheart ábhar an Chinnidh seo a chomhtháthú le Rialachán VIS, lena chur i gcomhréir leis an gcreat atá ag an gconradh faoi láthair.

(25)  Is léir cheana féin a úsáidí agus atá rochtain ar shonraí as VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí chun daoine a maraíodh de bharr foréigin a shainaithint, nó chun cabhrú le himscrúdaitheoirí dul chun cinn mór a dhéanamh i gcásanna a bhaineann le gáinneáil daoine, le sceimhlitheoireacht nó le gáinneáil neamhdhleathach drugaí. Dá bhrí sin, na sonraí atá in VIS a bhaineann le fanacht fada, is rud eile iad ba cheart a chur ar fáil d’údaráis ainmnithe na mBallstát agus d’Oifig Eorpach Póilíní (Europol), de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(26)  Ó tharla ról lárnach ag Europol sa chomhar idir údaráis na mBallstát i réimse an imscrúdaithe choiriúil trasteorann chun coireanna a chosc, a anailísiú agus a imscrúdú ar fud an Aontais, An rochtain atá ag Europol ar VIS faoi láthair laistigh de chreat a chuid tascanna, is rud é ba cheart a chódú agus a thabhairt chun líofachta, agus na hathruithe a tharla le deireanas sa chreat dlí a thabhairt san áireamh ann freisin, Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuir i gcás.(22)

(27)  An rochtain ar VIS chun críche coireanna sceimhlitheoireachta nó coireanna coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, is ionann é agus cur isteach ar na bunchearta atá ann ar urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, agus ar chosaint shonraí pearsanta na ndaoine a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil in VIS. Aon chur isteach den chineál sin, ní mór dó a bheith i gcomhréir leis an dlí, dlí nach mór a chur i bhfocail le hoiread cruinnis agus a chuirfidh ar chumas na n‑indibhidí a gcuid béas a athrú, agus ní mór dó indibhidí a chosaint ar an treallachas, agus taispeáint le dóthain soiléire cén réimse lánrogha atá á bhronnadh ar na húdaráis inniúla agus cén dul atá leis an gcur i gcleachtadh a théann leis. Ní ceart cur isteach ar shochaí dhaonlathach ach nuair is rud riachtanach atá ann chun leas dlisteanach agus comhréireach a chosaint, agus ní mór gan cur isteach uirthi ach ar bhealach atá comhréireach leis an gcuspóir dhlisteanach atáthar ag iarraidh a bhaint amach.

(28)  Tá foráil i [Rialachán 2018/XX ar an idir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] a chuireann ar chumas an údaráis phóilíní i mBallstát ar thug na bearta reachtaíochta náisiúnta an chumhacht sin dóibh duine a shainaithint le sonraí bithmhéadracha a tógadh ón duine sin le linn seicéala céannachta. Tharlódh go bhfuil cúinsí faoi leith ann áfach inarb é leas an duine sin sainaithint a dhéanamh air. Ar na cásanna sin tá an cás ar fuarthas an duine tar éis do a bheith ar iarraidh, tar éis a fhuadaithe, nó tar éis a shainaitheanta ina íobartach ag lucht gáinneála. Sna cásanna sin amháin, ba cheart rochtain thapa a sholáthar do na húdaráis forfheidhmithe dlí ar shonraí VIS ionas gur féidir an duine a shainaithint go tapa agus go hiontaofa gan comhlíonadh gach réamhchoinníll agus gach coimirce breise ar rochtain an fhorfheidhmithe dlí a bheith ag teastáil. [Leasú 19]

(29)  I réimse an chomhair idir póilíní, is rud bunúsach atá sna comparáidí a dhéantar ar bhonn na méarlorg neamhfhollas, is é sin rian dachtalascópach a dtarlódh dó ar láthair na coire. Maidir leis an bhféidearthacht méarlorg neamhfhollas a chur i gcomparáid le sonraí méarlorg atá stóráilte in VIS i gcás ina mbeidh foras réasúnach ann chun creidiúint go bhféadfadh déantóir na coire nó an t‑íospartach a bheith cláraithe in VISagus i ndiaidh cuardach roimh ré faoi Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle(23)1a, ba cheart go soláthrófaí léi uirlis an-luachmhar d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, mar shampla i gcás nach ann d’fhianaise ar láthair na coire ach méarloirg neamhfhollasa. [Leasú 20]

(30)  Ní mór údaráis inniúla a ainmniú i ngach Ballstát, mar aon leis na lárphointí rochtana trína bhfuil na hiarratais ar rochtain ar shonraí EES le cur isteach; agus ní mór liosta a choinneáil de na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe an rochtain sin a iarraidh chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath, nó a imscrúdú.

(31)  Maidir le hiarrataí ar rochtain ar shonraí atá á stóráil sa Lárchóras, ba cheart do na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe na hiarratais sin a chur chuig an lárphointe rochtana agus ba cheart an t‑údar cuí a lua leo. Na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe agus atá údaraithe chun rochtain ar shonraí VIS a iarraidh, níor cheart dóibh gníomhú mar údarás fíoraithe. Ba cheart do na lárphointí rochtana gníomhú go neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe, agus ba cheart dóibh a bheith freagrach, ar dhóigh neamhspleách, as an deimhniú ar chomhlíonadh iomlán na gcoinníollacha rochtana a bhunaítear sa Rialachán seo. I gcásanna eisceachtúla práinne inar gá rochtain luath chun freagairt do bhagairt shonrach iarbhír a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta cóiriúla tromchúiseacha eile, ba cheart don lárphointe rochtana an t‑iarratas a phróiseáil láithreach agus gan an fíorú a dhéanamh ach ina dhiaidh sin.

(32)  Chun sonraí pearsanta a chosaint, agus chun cuardaigh chórasacha a dhéanfadh lucht forfheidhmithe an dlí a chur as an áireamh, níor cheart sonraí VIS a phróiseáil ach i gcásanna ar leith agus nuair is gá sin chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Níor cheart do na húdaráis ainmnithe ná do Europol rochtain ar ESTIAS a iarraidh ach amháin nuair atá foras réasúnach acu chun a chreidiúint go bhfaighfear faisnéis de thoradh na rochtana sin a chuideoidh go mór leo cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú agus i ndiaidh cuardach roimh ré faoi Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle. [Leasú 21]

(32a)  Mar chleachtas ginearálta, déanfaidh úsáideoirí deiridh na mBallstát cuardaigh sna bunachair sonraí náisiúnta ábhartha roimh dóibh bunachair sonraí Eorpacha a chuardach nó i gcomhthráth leis sin. [Leasú 22]

(33)  Na sonraí pearsanta a bhaineann le sealbhóirí doiciméid víosaí fhadfhanachta atá á stóráil in VIS, ní ceart a gcoinneáil ach an seal is riachtanach chun críocha VIS. An fhaisnéis a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír, is iomchuí a coinneáil ar feadh thréimhse cúig bliana ionas gur féidir faisnéis a thabhairt san áireamh le hiarratais ar víosa ghearrfhanachta a mheas, ionas gur féidir rófhanacht i ndeireadh na tréimhse bailíochta a bhrath, agus chun measúnuithe slándála na náisiúnach tríú tír a ghnóthaigh iad a dhéanamh. Na sonraí faoin úsáid a baineadh as doiciméad san am atá caite, is féidir go n‑éascóidh siad eisiúint víosaí gearrfhanachta san am atá le teacht. Níor leor tréimhse ama ba ghiorra ná sin chun na gcríoch a luaitear. Ba cheart na sonraí a scriosadh tar éis tréimhse cúig bliana, mura mbeidh foras ann chun iad a scriosadh níos túisce. [Leasú 23]

(34)  Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24) ar an bpróiseáil sonraí a dhéanann na Ballstáit leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Is le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25) a rialaítear an phróiseáil a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí chun críocha coisc, imscrúdaithe, braite nó ionchúisimh i gcionta coiriúla nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú.

(35)  Baill d’fhoirne Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (EBCG), mar aon le foirne a bhíonn ag plé le tascanna a bhaineann le filleadh, is daoine iad sin, de réir Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá i dteideal bunachair Eorpacha a cheadú nuair is gá le tascanna oibríochtúla a chomhlíonadh, tascanna a luaitear go sonrach sa phlean oibriúchán maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus filleadh, faoi údarás an Bhallstáit óstaigh. Chun an ceadú sin a éascú, agus le cur ar chumas na bhfoirne rochtain éifeachtach a fháil ar fhaisnéis a cuireadh in VIS, ba cheart rochtain ar VIS a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (EBCG). Rochtain den chineál sin, ba ceart di cloí leis na coinníollacha agus leis na teorainneacha a ghabhann leis an rochtain atá i bhfeidhm ar údaráis inniúla na mBallstát faoi gach sainchríoch ar féidir faisnéis VIS a cheadú ina taobh. [Leasú 24]

(36)  Náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais nuair nach gcomhlíonann siad feasta na coinníollacha um iontráil, um fhanacht nó um chónaí sna Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26), is cuid bhunúsach atá ansin de na hiarrachtaí cuimsitheacha chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, agus tá réasún tábhachtach i gceist leis a bhfuil leas an phobail ann go mór.

(37)  Níor cheart sonraí pearsanta a fhaigheann Ballstát de bhun an Rialacháin seo a aistriú ná a chur ar fáil d’aon tríú tír, eagraíocht idirnáisiúnta ná eintiteas príobháideach atá bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas. Mar eisceacht ón riail sin, áfach, ba cheart go bhféadfaí sonraí den sórt sin a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, sa chás ina bhfuil aistriú den sórt sin faoi réir coinníollacha dochta agus ina bhfuil gá leis i gcásanna aonair d’fhonn cuidiú chun náisiúnach tríú tír a shainaithint i ndáil lena fhilleadh nó lena filleadh. In éagmais cinneadh leordhóthanachta trí bhíthin gníomh cur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) 2016/679 nó in éagmais coimircí iomchuí a mbeidh aistrithe faoin réir de bhun an Rialacháin sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta sonraí VIS a aistriú ar bhonn eisceachtúil, chun críche fillte, chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, i gcás inar gá sin ar chúiseanna tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail dá dtagraítear sa Rialachán sin agus sa chás sin amháin. [Leasú 25]

(38)  Na sonraí pearsanta ábhartha a phróiseáiltear in VIS, ba cheart do na Ballstáit iad a chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí infheidhme, agus nuair is gá i gcásanna ar leith le tascanna a chur i gcrích faoi Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27), Rialachán Chreat Athshocraithe an Aontais], chuig [Ghníomhaireacht an Aontais um Thearmann] agus na heagrais idirnáisiúnta ábhartha, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, cuir i gcás, An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, agus chuig oibríochtaí Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge um dhídeanaithe agus um athlonnú, i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó le daoine gan stát a chuireann Ballstáit ina dtreo iad i bhforfheidhmiú Rialachán (AE) .../... [Rialachán Chreat Athshocraithe an Aontais]. [Leasú 26]

(39)  Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28) maidir le gníomhaíochtaí institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais agus iad ag cur a gcuid tascanna díobh nuair is freagrach dóibh i mbainistiú oibríochtúil VIS. [Leasú 27]

(40)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh maidir le an 12 Nollaig 2018 [Leasú 28]

(41)  D’fhonn feabhas a chur ar an gcomhar oibre a dhéanann tríú tíortha in athghlacadh na n‑imirceach mírialta, agus d’fhonn filleadh na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht abhus go mídhleathach a éascú arbh fhéidir go bhfuil a gcuid sonraí a stóráil in VIS, ba cheart cóipeanna na ndoiciméad taistil a bhaineann le hiarratasóirí ar víosa ghearrfhanachta a stóráil in VIS. Ní hionann agus faisnéis a tharraingítear as VIS, is rud a bhfuil aitheantas níos forleithne dó i dtríú tíortha atá i gcóipeanna na ndoiciméad taistil.

(42)  Is cuid éigeantach den nós imeachta a ghabhann le scrúdú na víosaí atá i gceadú an liosta doiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú, doiciméid is féidir a fhormhuiniú le víosa, faoi mar a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29). Ba cheart do na húdaráis víosa an dualgas seo a chur i bhfeidhm go córasach, agus dá bhrí sin ba cheart an liosta seo a ionchorprú in VIS ionas gur féidir fíorú uathoibríoch a dhéanamh ar dhoiciméad taistil an iarratasóra.

(43)  Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit i ndáil le cruinneas na sonraí a iontráiltear in VIS, ba cheart go mbeadh eu-LISA freagrach as cáilíocht sonraí a athneartú trí uirlis lárnach faireacháin cáilíochta sonraí a thabhairt isteach, a chothabháil agus a uasgrádú go leanúnach, agus as tuarascálacha a sholáthar do na Ballstáit go tráthrialta. [Leasú 29]

(44)  Ionas gur féidir faireachán níos fearr a dhéanamh ar úsáid VIS chun anailís a dhéanamh ar threochtaí a bhaineann le brú imirce agus bainistiú teorainneacha, ba cheart go bhféadfadh eu-LISA acmhainn a fhorbairt chun tuairisciú staidrimh do na Ballstáit, don Choimisiún, agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta gan sláine na sonraí a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart do eu-LISA sonraí staidrimh áirithe a stóráil sa lárstóras chun críocha tuairiscithe agus staidreamh a sholáthar i gcomhréir le [Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)]. Níor cheart sonraí pearsanta a bheith sna staitisticí a tháirgtear. [Leasú 30]

(45)  Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.(30)

(46)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a chur i gcrích go leordhóthanach, ach de bharr gur gá cur chun feidhme comhbheartais víosaí a áirithiú, is fearr is féidir ardleibhéal slándála laistigh den limistéar atá gan rialuithe teorann a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, mar aon le córas bainistíochta comhtháite le haghaidh na dteorainneacha seachtracha, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(47)  Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha dochta rochtana ar VIS maille leis na coimircí riachtanacha. Foráiltear ann freisin do chearta rochtana, don cheartú, agus don léirscriosadh, agus go háirithe don ceart ar leigheas breithiúnach, mar aon le maoirseacht ar oibriúcháin phróiseála faoi chúram na údarás neamhspleách poiblí. Tugtar coimircí eile isteach leis an Rialachán seo le riachtanais shonracha na gcatagóirí nua faisnéise a chlúdach, faisnéis a mbeidh VIS á próiseáil. Dá bhrí sin, déanann an Rialachán seo na cearta bunúsacha a urramú, agus géilleann sé do na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go mór mór do cheart dínite an duine, an ceart ar shaoirse agus ar shlándáil, an ceart ar shaol príobháideach agus ar shaol teaghlaigh, ar chosaint na sonraí pearsanta, an ceart ar thearmann agus cosaint phrionsabal an non-refoulement agus na cosanta i gcás asbhainte, díbeartha nó eiseachadta, an ceart ar neamh-idirdhealú, cearta an linbh, agus an ceart ar leigheas éifeachtach.

(47a)  Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, agus maidir leis na gealltanais idirnáisiúnta go léir a rinne an tAontas agus a Bhallstáit a ghlacadh ar láimh. [Leasú 31]

(48)  Ba cheart go mbeadh forálacha sonracha ann do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ag ceanglas víosa ar baill iad de theaghlach shaoránach de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo, nó baill de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil an cárta cónaithe acu a dtagraítear dó faoi Threoir 2004/38/CE. Sonraítear in Airteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna bearta a glacadh lena gcur chun feidhme. Tá na teorainneacha agus na coinníollacha ar fáil faoi seach i dTreoir 2004/38/CE.

(49)  Faoi mar a dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tá sé de cheart ag na baill teaghlaigh sin ní amháin chun dul isteach i gcríoch an Bhallstáit, ach tá sé de cheart acu víosa iontrála a fháil chun na críche sin. Ní mór do na Ballstáit gach saoráid a dheonú do na daoine sin chun na víosaí riachtanacha a fháil, víosaí nach mór a eisiúint saor ina aisce a luaithe agus is féidir, agus é ar bhonn nós imeachta práinne.

(50)  An ceart chun údarú taistil a fháil, ní rud gan choinníoll é, mar is féidir a dhiúltú do na baill teaghlaigh a bhfuil riosca iontu don bheartas poiblí, don tslándáil phoiblí, nó don tsláinte phoiblí de bhun Threoir 2004/38/CE. Ós amhlaidh atá, ní féidir sonraí pearsanta baill teaghlaigh a fhíorú ach amháin nuair a bhaineann na sonraí lena gcuid céannachta agus leis an stádas atá acu, agus sa mhéid go bhfuil na sonraí sin ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an mbagairt slándála a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo. Go deimhin, níor cheart scrúdú a dhéanamh ar a gcuid iarratas ar víosaí ach amháin i gcoinne na n‑ábhar imní atá ann ó thaobh slándála de, agus ní na hábhair imní a bhaineann le rioscaí imirce.

(51)  I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, rud atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dhlí náisiúnta é.

(52)  Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle(31); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(53)  Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle(32); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(54)  Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis(33) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle(34).

(55)  Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis(35) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE(36) ón gComhairle agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB(37) ón gComhairle.

(56)  Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis(38)Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE(39) ón gComhairle agus le hAirteagal 3 den Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle.(40)

(57)  Is é atá sa Rialachán seo, seachas do Airteagal 22r, gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó gníomh atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir mar is brí le hAirteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, le hAirteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005, agus le hAirteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach, cé is moite d’fhorálacha a ndearnadh feidhm a thabhairt dóibh maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin le Cinneadh (AE) 2017/1908(41) ón gComhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

(-1)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta, agus ceadanna cónaithe a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS)”; [Leasú 32]

"

(1)  Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 1:"

“Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin na nósanna imeachta maidir le malartú faisnéise idir na Ballstáit i dtaca le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, lena n‑áirítear faisnéis faoi chinntí áirithe maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe.

Trí shonraí céannachta, sonraí an doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha a stóráil sa stóras coiteann sonraí céannachta arna bhunú le hAirteagal 17 de Rialachán 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht], cuireann VIS agus cuidíonn sé le ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in VIS a éascú.”

_______

* Rialachán 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht] (IO L).”;

"

(2)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:"

“Airteagal 2

Cuspóir VIS

1.  Is é an cuspóir a bheidh ag VIS feabhas a chur ar chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí maidir le víosaí gearrfhanachta, ar an gcomhar consalach agus ar chomhairliúchán idir údaráis víosaí lárnacha trí mhalartú sonraí idir na Ballstáit a éascú maidir le hiarratais agus na cinntí a bhaineann leo, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh: [Leasú 33]

   (a) an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a éascú agus a bhrostú; [Leasú 34]
   (b) cosc a chur le seachaint na gcritéar lena gcinntear cén Ballstát atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar an iarratas;
   (c) an comhrac i gcoinne na calaoise a éascú;
   (d) seiceálacha ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú;
   (e) cuidiú chun duine a shainaithint ar féidir nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó ar féidir nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige;
   (f) cuidiú chun daoine dá dtagraítear in Airteagal 22o atá ar iarraidh a shainaithint; [Leasú 35]
   (g) cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** a éascú;
   (h) rannchuidiú le cosc na mbagairtí do shlándáil inmheánach aon cheann de na Ballstáit, eadhon trí chionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú i gcúinsí atá iomchuí agus sainithe go docht; [Leasú 36]
   (i) cuidiú chun bagairtí ar shlándáil inmheánach aon cheann de na Ballstáit a chosc; [Leasú 37]
   (j) ceart-sainaithint daoine a áirithiú;
   (k) tacú le spriocanna Chóras Faisnéise Schengen (SIS) a bhaint amach maidir le foláirimh i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir diúltú cead isteach, daoine a bhfuil tóir orthu lena ngabháil nó chun críocha géillte nó eiseachadta, daoine atá ar iarraidh, daoine a bhfuil tóir orthu chun cúnamh a thabhairt i gcás nós imeachta breithiúnach nó daoine a bhfuiltear ag iarraidh seiceálacha rúnda nó seiceálacha sonracha a dhéanamh ina leith.”

2.  Maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, beidh sé mar chuspóir ag VIS malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit i ndáil leis na cinntí a bhaineann leis an méid sin, chun críche:

   (a) tacú le hardleibhéal slándála sna Ballstáit uile trí rannchuidiú leis an measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir nó sealbhóir doiciméid ina bhagairt don bheartas poiblí, don tslándáil inmheánach; [Leasú 38]
   (b) seiceálacha ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha a éascú seiceálacha laistigh de chríoch na mBallstát a fheabhsú; [Leasú 39]
   (c) rannchuidiú le cosc na mbagairtí do shlándáil inmheánach aon cheann de na Ballstáit, eadhon trí chionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú i gcúinsí atá iomchuí agus sainithe go docht; [Leasú 40]
   (d) ceart-sainaithint daoine a áirithiú;
   (da) cuidiú chun daoine dá dtagraítear in Airteagal 22o atá ar iarraidh a chéannú; [Leasú 41]
   (e) cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 agus Treoir 2013/32/AE a éascú;
   (f) tacú le spriocanna Chóras Faisnéise Schengen (SIS) a bhaint amach maidir le foláirimh i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir diúltú cead isteach, daoine a bhfuil tóir orthu lena ngabháil nó chun críocha géillte nó eiseachadta, daoine atá ar iarraidh, daoine a bhfuil tóir orthu chun cúnamh a thabhairt i gcás nós imeachta breithiúnach nó daoine a bhfuiltear ag iarraidh seiceálacha rúnda nó seiceálacha sonracha a dhéanamh ina leith.”

______________________

* Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

** Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).”;

"

(2a)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 2a

Ollstruchtúr

1.  Bunófar an Córas Faisnéise Víosaí ar ollstruchtúr láraithe agus is é a bheidh ann:

   (a) an stóras coiteann sonraí céannachta a bhunaítear le [Airteagal 17(2)(a) de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)];
   (b) córas faisnéise lárnach (‘Lárchóras VIS’);
   (c) comhéadan i ngach Ballstát (‘comhéadan náisiúnta’ nó NI-VIS) lena soláthrófar an nasc le húdarás náisiúnta lárnach ábhartha an Bhallstáit i gceist, nó comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta (NUI) i ngach Ballstát a bheidh bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla coiteanna agus iad ar aon dul le chéile sna Ballstáit uile lena gcumasófar do Lárchóras VIS ceangal leis na bonneagair náisiúnta sna Ballstáit;
   (d) bonneagar cumarsáide idir Lárchóras VIS agus na comhéadain náisiúnta;
   (e) bealach cumarsáide slán idir Lárchóras VIS agus Lárchóras EES;
   (f) bonneagar cumarsáide slán idir Lárchóras VIS agus bonneagair lárnacha na tairsí cuardaigh Eorpaí arna bunú le [hAirteagal 6 de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)], an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha arna bunú le [hAirteagal 12 de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)), an stóras coiteann sonraí céannachta arna bhunú le [hAirteagal 17 de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht(teorainneacha agus víosaí)] agus an brathadóir ilchéannachtaí arna bhunú le [hAirteagal 25 de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)];
   (g) sásra le haghaidh comhairliúchán idir údaráis víosaí lárnacha i dtaobh iarratas agus malartú faisnéise (‘VISMail’);
   (h) geata iompróra;
   (i) seirbhís gréasáin shlán lena gcumasaítear cumarsáid idir VIS, ar thaobh amháin, agus an geata iompróra, agus córais idirnáisiúnta, ar an taobh eile;
   (j) stóras sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh;
   (k) a tool enabling applicants to give or withdraw their consent for an additional retention period of their application file.

Déanfaidh Lárchóras VIS, na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta, an tseirbhís gréasáin, an geata iompróra agus bonneagar cumarsáide VIS comhpháirteanna crua-earraí agus comhpháirteanna bogearraí faoi seach ó Lárchóras EES, comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta EES, geata iompróra ETIAS, seirbhís gréasáin EES, agus bonneagar cumarsáide EES a chomhroinnt agus a athúsáid, a oiread is féidir go teicniúil.

2.  Is éard a bheidh in NI-VIS:

   (a) comhéadan náisiúnta áitiúil (LNI) amháin le haghaidh gach Ballstáit arb é an comhéadan é ina nasctar go fisiciúil an Ballstát leis an líonra cumarsáide slán agus ina bhfuil na gléasanna criptiúcháin atá tiomnaithe do VIS. Beidh LNI suite in áitreabh an Bhallstáit;
   (b) beidh LNI cúltaca amháin ann (BLNI) a mbeidh an t-inneachar agus an fheidhm chéanna aige le LNI.

3.  Is chun na gcríoch a shainítear i reachtaíocht an Aontais is infheidhme ar VIS, agus chun na gcríoch sin amháin, a bhainfear úsáid as LNI agus BLNI.

4.  Déanfar seirbhísí láraithe a dhúbláil agus beidh siad ar fáil in dhá áit dhifriúla, eadhon Strasbourg, an Fhrainc, a óstálfaidh Lárchóras VIS, an Láraonad (CU) agus St Johann im Pongau, an Ostair, a óstálfaidh Lárchóras VIS cúltaca agus Láraonad cúltaca (BCU). Leis an nasc idir Lárchóras VIS agus Lárchóras VIS cúltaca, cumasófar sioncrónú leanúnach idir an Láraonad agus an Láraonad cúltaca. Rannchuideoidh an bonneagar cumarsáide lena áirithiú go mbeidh VIS ar fáil gan bhriseadh, agus tacóidh sé leis an gcuspóir sin. Áireofar leis conairí iomarcacha agus deighilte le haghaidh na nasc idir Lárchóras VIS agus Lárchóras VIS cúltaca, agus áireofar freisin conairí iomarcacha agus deighilte le haghaidh na nasc idir gach comhéadan náisiúnta agus Lárchóras VIS agus Lárchóras VIS cúltaca. Leis an mbonneagar cumarsáide soláthrófar líonra criptithe fíorúil príobháideach a bheidh tiomnaithe do shonraí VIS agus do chumarsáid i measc na mBallstát agus idir na Ballstáit agus an t-údarás atá freagrach as bainistiú oibríochtúil Lárchóras VIS.”; [Leasú 42]

"

(3)  Scriostar Airteagal 3;

(4)  Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)  cuirtear isteach na pointí seo a leanas:"

(3a) ciallaíonn ‘údarás lárnach’ an t-údarás arna bhunú ag Ballstát chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;[Leasú 43]

"

(b)  cuirtear isteach na pointí seo a leanas:"

(12) ciallaíonn “sonraí VIS” na sonraí uile a stóráiltear i lárchóras VIS agus sa stóras coiteann sonraí céannachta i gcomhréir le hAirteagal 9 go hAirteagal 14 agus Airteagal 22c go hAirteagal 22f;

   (13) ciallaíonn “sonraí céannachta” na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus (aa);
   (14) ciallaíonn “sonraí méarlorg” na sonraí a bhaineann le méarloirg a stóráiltear i gcomhad VIS;
   (15) ciallaíonn ‘íomhá den aghaidh’ íomhá dhigiteach d’aghaidh ar leor a taifeach agus a cáilíocht leis an íomhá atá le húsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibrithe; [Leasú 44]
   (16) ciallaíonn “sonraí Europol” sonraí pearsanta a phróiseálann Europol chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 18(2)(a) de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
   (17) ciallaíonn “cead cónaithe” na ceadanna cónaithe uile a eisíonn na Ballstáit de réir na formáide aonfhoirmí a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle** agus na doiciméid eile uile dá dtagraítear in Airteagal 2(16)(b) de Rialachán (AE) 2016/399;
   (18) ciallaíonn “víosa fadfhanachta” údarú a eisíonn Ballstát mar a fhoráiltear dó in Airteagal 18 de Choinbhinsiún Schengen;
   (19) ciallaíonn ‘údaráis mhaoirseachta’ na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** agus na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***; [Leasú 45]
   (19a) ciallaíonn ‘amas’ ceangal a bhunaítear trí na sonraí pearsanta atá ar taifead i gcomhad iarratais VIS a chur i gcomparáid leis na sonraí pearsanta atá i láthair i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh atá cláraithe in VIS, Córas Faisnéise Schengen, EES, ETIAS, Eurodac, sonraí Europol nó i mbunachar sonraí SLTD de chuid Interpol; [Leasú 46]
   (20) ciallaíonn ‘forfheidhmiú an dlí’ cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú laistigh de chreat atá sainithe go docht; [Leasú 47]
   (21) ciallaíonn “cionta sceimhlitheoireachta” na cionta faoin dlí náisiúnta a fhreagraíonn do na cionta dá dtagraítear in in Airteagail 3 go 14 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó atá coibhéiseach leo**** nó atá coibhéiseach le ceann de na cionta sin do na Ballstáit sin nach bhfuil faoi cheangal ag an Treoir sin: [Leasú 48]
   (22) ciallaíonn “cionta coiriúla tromchúiseacha” na cionta a fhreagraíonn do na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle*****, nó atá coibhéiseach leo, má tá siad inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála arb é trí bliana ar a laghad a uastréimhse;

________________

* Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

** Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).

*** Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). [Leasú 49]

**** Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/JHA ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

***** Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, a thagann in ionad Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

****** Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1)”;

"

(5)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:"

“Airteagal 5

Catagóirí sonraí

1.  Ní dhéanfar ach na catagóirí sonraí seo a leanas a thaifeadadh in VIS:

   (a) sonraí alfa-uimhriúla maidir leis an iarratasóir ar víosa ghearrfhanachta agus maidir leis na víosaí a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó ar cuireadh síneadh leo dá dtagraítear in Airteagal 9(1) go (4) agus in Airteagal 10 go hAirteagal 14, sonraí alfa-uimhriúla maidir leis an iarratasóir ar víosa fadfhanachta agus maidir leis na ceadanna cónaithe a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó ar cuireadh síneadh leo dá dtagraítear in Airteagail 22c, 22d, 22e agus 22f agus faisnéis maidir leis na hamais dá dtagraítear in Airteagal 9a agus Airteagal 22b, agus torthaí na bhfíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 9c(6);
   (b) íomhánna den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 9(5) agus Airteagal 22c(2)(f);
   (c) sonraí méarlorg dá dtagraítear in Airteagal 9(6), agus Airteagal 22c(2)(g) agus Airteagal 22d(g); [Leasú 50]
   (ca) scanadh de leathanach na sonraí beathaisnéiseacha den doiciméad taistil dá dtagraítear in Airteagal 9(7); [Leasú 51]
   (d) naisc le hiarratais eile dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) agus in Airteagal 22a(3).”

2.  Na teachtaireachtaí a tharchuirfear le VIS, dá dtagraítear in Airteagal 16, Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2), ní dhéanfar iad a thaifeadadh in VIS, gan dochar do thaifead na n‑oibríochtaí próiseála sonraí de bhun Airteagal 34.

3.  Beidh sa stóras coiteann sonraí céannachta na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) go (cc), Airteagal 9(5) agus 9(6), Airteagal 22c(2)(a) go (c), (f) agus (g), agus Airteagal 22d(a) go (cc), (f) agus (g). An chuid eile de shonraí VIS, stórálfar i Lárchóras VIS iad.” [Leasú 52]

"

(6)  cuirtear an tAirteagal 5a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 5a

Liosta na ndoiciméad taistil aitheanta

(1). Liosta na ndoiciméad taistil aitheanta a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, mar a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, déanfar an liosta sin a chomhtháthú in VIS. [Leasú 53]

(2). Cuirfear ar fáil le VIS an fheidhmiúlacht chun liosta na ndoiciméad taistil aitheanta a bhainistiú go lárnach, agus chun fógra a thabhairt faoi na doiciméad taistil atá liostaithe a bheith aitheanta nó gan a bheith aitheanta de bhun Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 1105/2011/AE. [Leasú 54]

(3). Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear i mír 2 a bhainistiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2). [Leasú 55]

_________________

* Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le liosta na ndoiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra á bhunú chun an liosta sin a shocrú (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).

"

(7)  Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(-a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Gan dochar d’Airteagal 22a, is ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás víosaí amháin a bheidh rochtain ar VIS chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a iontráil, a leasú nó a scriosadh de réir an Rialacháin seo. Beidh líon na mball foirne cuí-údaraithe teoranta go docht de réir riachtanais iarbhír a seirbhíse.” [Leasú 56]

"

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. Is ag foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus foireann chuí-údaraithe chomhlachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus Airteagal 22g go hAirteagal 22l, agus chun na gcríoch sin a leagtar síos in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de [Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] agus acusan amháin, a bheidh rochtain ar VIS chun na sonraí a cheadú.

Na húdaráis atá i dteideal sonraí VIS a cheadú nó rochtain a fháil orthu chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ainmneofar iad i gcomhréir le Caibidil IIIb.

Beidh an rochtain sin teoranta do rochtain ar na sonraí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cuspóirí sin, agus i gcomhréir leis na cuspóirí atá le baint amach.”; [Leasú 57]

"

(aa)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

“3. Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla a mbeidh rochtain ag a bhfoireann chuí-údaraithe ar shonraí in VIS d’fhonn iad a iontráil, a leasú, a scriosadh nó a cheadú. Cuirfidh gach Ballstát liosta de na húdaráis sin in iúl do eu-LISA gan mhoill, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 29(3a) agus aon leasuithe ar an liosta. Leis an liosta sonrófar, i gcás gach údaráis, na sonraí a fhéadfaidh sé a chuardach agus na críocha ar chucu a dhéanfar an cuardach sin.

Áiritheoidh eu-LISA go bhfoilseofar go bliantúil an liosta, agus liostaí na n-údarás ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 22k(2) agus na lárphointí rochtana dá dtagraítear in Airteagal 22k(4) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Coinneoidh eu-LISA ar bun liosta, a nuashonrófar go leanúnach, ar a shuíomh gréasáin ar a mbeidh athruithe arna seoladh ag na Ballstáit idir na foilseacháin bhliantúla.”; [Leasú 58]

"

(b)  cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:"

“4. Le VIS, cuirfear ar fáil an fheidhmiúlacht chun an liosta sin a bhainistiú go lárnach.”

"

(c)  cuirtear an mhír 5 seo a leanas isteach:"

“5. Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 2 a bhaineann leis na rialacha mionsonraithe maidir le bainistiú lárnach an liosta dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).[Leasú 59]

"

(7a)  In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. Ní bheidh mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta ag gach údarás inniúil go ndéanfar idirdhealú i gcoinne iarratasóirí, sealbhóirí víosaí ná iarratasóirí agus sealbhóirí víosaí fadfhanachta, agus sealbhóirí ceadanna cónaithe ar bhonn inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Déanfar dínit agus ionracas an duine agus cearta bunúsacha a lánurramú agus comhlíontar leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí saol príobháideach an duine agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Tabharfar aird ar leith ar leanaí, daoine scothaosta agus daoine a bhfuil míchumas orthu chomh maith le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Tabharfar tús áite do leas an linbh.”; [Leasú 60]

"

(8)  In Airteagal 7, cuirtear míreanna seo a leanas isteach:"

“3. Tabharfaidh na Ballstáit tús áite thar aon chúinse eile do leas an linbh i ndáil le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, go huile is go hiomlán i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Tabharfaidh na Ballstáit tús áite do leas an linbh maidir le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Déanfar leas, slándáil agus sábháilteacht an linbh a chur san áireamh, go háirithe nuair a bheidh riosca ann gur íospartach gáinneála ar dhaoine é an leanbh, mar aon le dearcadh an linbh féin, agus cuirfear béim chuí air sin de réir aois an linbh.” [Leasú 61]

3a.  Déanfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go huile agus go hiomlán i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le ceart dínite an duine, an ceart chun saoirse agus slándála, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cosaint na sonraí pearsanta, an ceart chun tearmainn agus cosaint phrionsabal an non-refoulement agus na cosanta i gcás asbhaint, díbirt nó eiseachadadh, an ceart chun neamh-idirdhealú, cearta an linbh, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh.”; [Leasú 62]

"

(8a)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 7a

Sonraí méarlorg leanaí

1.  De mhaolú ar Airteagal 22c(2)(g), ní dhéanfar aon mhéarloirg de pháistí faoi bhun 6 bliana d’aois a iontráil in VIS.

2.  Maidir le sonraí bithmhéadracha a thógáil ó mhionaoisigh ó aois 6 bliana d’aois, is iad oifigigh a bhfuil oiliúint shonrach acu a dhéanfaidh é sin i gcaoi nach gcuireann as don leanbh agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an linbh, agus lánurraim á tabhairt do leasanna an linbh agus do na coimircí a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Beidh mionaoisigh á dtionlacan, nuair is ann dó nó di, ag ball teaghlaigh ar duine fásta é nó í, agus a sonraí bithmhéadracha á dtógáil. Beidh mionaoisigh neamhthionlactha á dtionlacan ag caomhnóir, ionadaí nó, i gcás nár ainmníodh ionadaí, ag duine atá oilte ar leas na leanaí agus ar a bhfolláine a choimirciú, agus a sonraí bithmhéadracha á dtógáil. Ní bheidh an duine oilte sin ina oifigeach a bheidh freagrach as na sonraí bithmhéadracha a thógáil, gníomhóidh sé go neamhspleách agus ní bhfaighidh sé orduithe ón oifigeach nó ón tseirbhís atá freagrach as na sonraí bithmhéadracha a thógáil. Níor cheart aon chineál fornirt a úsáid i gcoinne mionaoiseach chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an oibleagáid sonraí bithmhéadracha a sholáthar.

3.  De mhaolú ar Airteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, ní iarrfaidh consalachtaí go mbeidh ar leanaí idir 6 bliana d’aois agus 12 bhliain d’aois teacht i láthair iad féin ag an gconsalacht ar mhaithe le haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú i gcás ina mbeadh ualach róthrom agus costais iomarcacha i gceist do theaghlaigh. Sna cásanna sin, déanfar aitheantóirí bithmhéadracha a thógáil ag na teorainneacha seachtracha agus tabharfar aird ar leith ar gháinneáil ar leanaí a sheachaint.

4.  De mhaolú ar na forálacha maidir le húsáid sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil II, III, IIIa agus IIIb, ní fhéadfar rochtain a fháil ar shonraí méarlorg leanaí ach chun na gcríoch seo a leanas:

   (a) chun fíorú a dhéanamh ar chéannacht an linbh sa nós imeachta um iarratas ar víosa i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ag na teorainneacha seachtracha i gcomhréir le hAirteagail 18 agus 22g agus
   (b) faoi Chaibidil IIIb chun rannchuidiú le mí-úsáidí ceart leanaí a chosc agus a chomhrac, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo go léir a leanas:
   (i) nach mór an rochtain sin a bheith riachtanach chun gáinneáil leanaí a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;
   (ii) go mbeidh gá le rochtain i gcás faoi leith;
   (iii) gur chun leasa an linbh é an céannacht.”; [Leasú 63]

"

(9)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:"

“IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AR VÍOSAÍ GEARRFHANACHTA GEARRFHANACHTA AG ÚDARÁIS VÍOSAÍ” [Leasú 64]

"

(10)  Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. I gcás ina mbeidh an t‑iarratas inghlactha de bhun Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, déanfaidh an t‑údarás víosaí an comhad iarratais a chruthú laistigh de dhá lá oibre, trí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9 a iontráil in VIS, a mhéid a ceanglaíodh ar an iarratasóir na sonraí sin a sholáthar.”;

"

(b)  cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:"

“1a. Nuair a chruthófar an comhad iarratais, seolfar an cuardach go huathoibríoch in VIS de bhun Airteagal 9a, agus cuirfear torthaí ar fáil.

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"

5. I gcás nach gcaithfear sonraí ar leithligh a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla nó nach féidir iad a sholáthar go fíorasach, cuirfear “neamhbhainteach” sa réimse sainiúil sonraí nó sna réimsí sainiúla sonraí. Luafar “VIS0” i gcás nach ann do shonraí méarlorg; ina theannta sin, ceadóidh an córas idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna de bhun Airteagal 13(7)(a) go (d) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.”

"

(11)  Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)  i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a), phointe (b) agus phointe (c):"

“(a) an sloinne (ainm an teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha; dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne;

   (aa) sloinne breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); áit agus tír bhreithe; náisiúntacht bhreithe;
   (b) cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil agus cód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil;
   (c) an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil in éag;
   (cc) an t‑údarás a d’eisigh an doiciméad taistil agus dáta a eisiúna;”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:"

“5. íomhá d’aghaidh an iarratasóra, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) 13 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.”; [Leasú 65]

"

(ba)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:"

“6. íomhá d’aghaidh an iarratasóra, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.”; [Leasú 66]

"

(c)  cuirtear an pointe 7 seo a leanas isteach:"

“7. scanadh de leathanach na sonraí beathaisnéiseacha.”;

"

(d)  cuirtear an dá mhír seo a leanas isteach:"

“8. Beidh taifeach agus cáilíocht leordhóthanach ag íomhá d’aghaidh na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear i bpointe 5 den chéad mhír chun go bhféadfar í a úsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibrithe. Mura bhfuil dóthain cáilíochta inti, ní úsáidfear an íomhá den aghaidh le haghaidh meaitseáil uathoibrithe. [Leasú 67]

De mhaolú ar an dara gcéad mhír, i gcásanna eisceachtúla nuair nach féidir na sonraíochtaí atá leagtha síos maidir le clárú na híomhá beo den aghaidh in VIS i dtaca le cáilíocht agus le taifeach a chomhlíonadh, is féidir an íomhá den aghaidh a bhaint go leictreonach ó shlis an Doiciméid leictreonaigh Taistil Meaisín-Inléite (eMRTD). I gcásanna den sórt sin, cuirfear an íomhá den aghaidh isteach sa sainchomhad tar éis fíorú leictreonach a dhéanamh go bhfuil an íomhá den aghaidh atá cláraithe i slis eMRTD ag teacht leis an íomhá bheo d’aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.”; [Leasú 68]

"

(12)  cuirtear Airteagal 9a go hAirteagal 9d seo a leanas isteach:"

“Airteagal 9a

Córais eile a chuardach

1.  Déanfar na comhaid iarratais a phróiseáil go huathoibríoch le VIS chun amais a bhrath. Déanfar gach comhad ar leithligh a scrúdú in VIS.

2.  I gcás ina ndéanfar comhad iarratais a chruthú nó víosa a eisiúint, seiceálfaidh VIS an aithnítear an doiciméad taistil a bhaineann leis an iarratas sin i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE trí chuardach uathoibríoch a dhéanamh i liosta na ndoiciméad taistil aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 5a, agus cuirfear toradh ar fáil. [Leasú 69]

3.  Chun críche na bhfíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 21(1) agus in Airteagal 21(3)(a), (c), agus (d) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, cuirfear cuardach ar bun le VIS trí bhíthin na Tairsí Eorpaí Cuardaithe a shainítear in Airteagal 6(1) den [Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht] chun comparáid a dhéanamh idir na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (4) bpointí (4), (5) agus (6) d’Airteagal 9 den Rialachán seo agus na sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe in VIS, Córas Faisnéise Schengen (SIS), an Córas Dul Isteach agus Imeachta (EES), Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), lena n‑áirítear an liosta faire dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/XX chun críocha Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bhunú, Eurodac, [an córas ECRIS-TCN a mhéid a bhaineann le ciontuithe i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha], sonraí Europol, bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil Ghoidte nó Chaillte (SLTD) agus bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí. Fíorófar le VIS:

   (a) an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil a tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é, gur mí-leithghabháladh é nó gur neamhbhailíodh é in SIS;
   (b) an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é nó gur neamhbhailíodh é i mbunachar sonraí DTGC;
   (c) an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta in SIS;
   (d) an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta in SIS;
   (e) an bhfuil an t-iarratasóir agus an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’údarú taistil a diúltaíodh, a rinneadh a chúlghairm nó a cuireadh ar neamhní i Lárchóras ETIAS;
   (f) an bhfuil an t-iarratasóir agus an doiciméad taistil sa chomhad faireachais dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
   (g) an bhfuil sonraí maidir leis an iarratasóir ar taifead cheana in VIS;
   (h) an bhfuil na sonraí a soláthraíodh san iarratas maidir leis an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’iarratas eile ar víosa a ghabhann le sonraí difriúla céannachta;
   (i) an bhfuil sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é nó í an t-iarratasóir nó, trí EES a cheadú, ar tuairiscíodh gur rófhantóir é nó í san am atá caite;
   (j) an bhfuil sé ar taifead in EES gur diúltaíodh cead isteach don iarratasóir;
   (k) an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh i dtaobh víosa ghearrfhanachta atá ar taifead in VIS a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm;
   (l) an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh i dtaobh víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe atá ar taifead in VIS a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm;
   (m) an bhfuil sonraí a bhaineann go sonrach le céannacht an iarratasóra ar taifead i sonraí Europol;
   (n) an bhfuil an t-iarratasóir ar víosa ghearrfhanachta cláraithe in Eurodac;
   (o) i gcás inar mionaoiseach an t-iarratasóir, maidir le sealbhóir údaráis tuismitheora nó le caomhnóir dlí an iarratasóra:
   (i) an bhfuil sé faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta in SIS;
   (ii) an bhfuil sé faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta arna iontráil in SIS;
   (iii) an bhfuil doiciméad taistil aige atá ar áireamh sa chomhad faireachais dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1240. [Leasú 70]

3a.  Nuair a dhéanfar cuardach ar SLTD, maidir leis na sonraí a úsáideann úsáideoir ESP chun cuardach a sheoladh, ní dhéanfar iad a roinnt le húinéirí shonraí Interpol. [Leasú 71]

4.  In VIS, cuirfear leis an gcomhad iarratais tagairt d’aon amas a gheofar de bhun mhír 3. Ina theannta sin, sainaithneofar le VIS, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát nó na Ballstáit a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí ba chúis leis an amas nó na hamais, nó sainaithneofar an é Europol a d’iontráil na sonraí nó a sholáthair na sonraí, agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sa chomhad iarratais. Ní dhéanfar aon fhaisnéis seachas an tagairt d’aon amas agus tionscnóir na sonraí a thaifeadadh. [Leasú 72]

5.  Chun críocha Airteagal 2(1)(f), sna cuardaigh a dhéanfar faoi mhír 3 den Airteagal seo, cuirfear na sonraí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 15(2) i gcomparáid leis na sonraí atá in SIS chun a chinneadh an bhfuil an t‑iarratasóir faoi réir ceann ar bith de na foláirimh seo a leanas:

   (a) foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte nó chun críocha eiseachadta;
   (b) foláireamh maidir le daoine atá ar iarraidh;
   (c) foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach;
   (d) foláireamh maidir le daoine agus rudaí i ndáil le seiceálacha discréideacha, seiceálacha sonracha nó seiceálacha fiosrúcháin. [Leasú 73]

5a.  Is í an chonsalacht inar taisceadh an t-iarratas ar víosa ar dtús a dhéanfaidh measúnú ar aon amas ar toradh é ar iarratais de bhun Airteagal 9a(3)(a), (b), (c), (e), (g), (h), (i), (j), (k), (l) agus (n), i gcás inar gá, tar éis don údarás lárnach an t-iarratas ar víosa a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 9c. [Leasú 74]

5b.  Aon amais ar toradh iad ar iarratais de bhun Airteagal 9a(3)(d), (f), (m) agus (o), is é pointe teagmhála aonair na mBallstát a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí lenar tionscnaíodh na hamais a fhíoróidh, i gcás inar gá, an t-amas sin agus a dhéanfaidh measúnú air, i gcomhréir le hAirteagal 9ca. [Leasú 75]

5c.  Cuirfear fógra uathoibrithe freisin chuig Biúró SIRENE an Bhallstáit a chruthaigh an foláireamh maidir le haon amas in SIS lenar tionscnaíodh an t-amas. [Leasú 76]

5d.  San fhógra a chuirfear chuig Biúró SIRENE an Bhallstáit nó chuig aon phointe teagmhála a d’iontráil an foláireamh, beidh na sonraí seo a leanas:

   (a) sloinne nó sloinnte, an céadainm nó na céadainmneacha agus, más ann dó nó dóibh, ainm bréige nó ainmneacha bréige;
   (b) áit bhreithe agus dáta breithe;
   (c) inscne;
   (d) náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile;
   (e) Ballstát na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe, agus, má tá sé ar fáil, seoladh na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe;
   (f) seoladh baile an iarratasóra nó, más rud é nach bhfuil sin ar fáil, an chathair agus an tír ina bhfuil cónaí air nó uirthi;
   (g) tagairt d’aon amas a gheofar, lena n-áirítear dáta agus am an amais. [Leasú 77]

5e.  Ní dhéanfar leis an Airteagal seo bacainn a chur ar iarratas ar thearmann i gcúinse ar bith. Maidir le híospartach coire foréigní amhail foréigean baile nó gáinneáil ar dhaoine arna ndéanamh ag a n-urraitheoir, más amhlaidh go ndéanfaidh an t-íospartach sin iarratas ar víosa a chur isteach, déanfar an comhad a chuirfear chuig VIS a dheighilt ó chomhad an urraitheora chun na híospartaigh a chosaint ar chontúirt bhreise. [Leasú 78]

________________________

* Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

Airteagal 9b

Forálacha sonracha is infheidhme maidir le baill de theaghlach saoránaigh den Aontas nó baill de theaghlach náisiúnaigh tríú tír eile ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais a chuardach i gcórais eile

1.  Maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo, nó de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus na Ballstáit, ar lámh amháin, agus tríú tír, ar an lámh eile, déanfar na seiceálacha uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 9a(3) chun críche a sheiceáil nach bhfuil aon táscairí fíorasacha nó foras réasúnach bunaithe ar tháscairí fíorasacha ann lena chinneadh go bhfuil riosca slándála ann i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE de dheasca na ndaoine sin a bheith ar chríoch na mBallstát, agus chun na críche sin amháin. [Leasú 79]

2.  Ní fhíorófar an méid seo a leanas in VIS:

   (a) má tá sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é an t‑iarratasóir, nó má tuairiscíodh gur rófhantóir é san am atá caite trí EES a cheadú;
   (b) más duine an t‑iarratasóir a bhfuil a shonraí ar taifead in Eurodac.

3.  I gcás ina bhfaighfear amas de bharr uathphróiseáil an iarratais, mar a thagraítear dó in Airteagal 9a(3), a chomhfhreagraíonn do dhiúltú cead isteach agus foláireamh fanachta mar a thagraítear dó in Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (AE) 2018/1861, fíoróidh an t‑údarás víosaí an foras leis an gcinneadh faoinar cuireadh isteach an foláireamh sin in SIS. Más rud é go mbaineann an foras sin le riosca na himirce neamhdhleathaí, níor cheart an foláireamh a chur san áireamh i measúnú an iarratais. Feidhmeoidh an t‑údarás víosaí de réir Airteagal 25(2) 26(2) de Rialachán SIS II (AE) 2018/1861. [Leasú 80]

Airteagal 9c

Fíorú na n‑údarás lárnach agus ag an bpointe teagmhála náisiúnta aonair [Leasú 81]

1.  Aon amas amhail dá dtagraítear in Airteagal 9a(5b) de thoradh na bhfiosruithe de bhun Airteagal 9a(3) nach féidir a dheimhniú go huathoibríoch le VIS, déanfaidh an pointe teagmhála náisiúnta aonair é a fhíorú de láimh i gcomhréir le hAirteagal 9ca. Cuirfear fógra chuig údarás lárnach an Bhallstáit atá ag próiseáil an iarratais. [Leasú 82]

2.  I gcás ina mbeidh Aon amas amhail dá dtagraítear in Airteagal 9a(5b) de thoradh na bhfiosruithe de bhun Airteagal 9a(3) nach féidir a dheimhniú go huathoibríoch le VIS, déanfaidh an t-údarás lárnach é a fhíorú de láimh i gcomhréir le hAirteagal 9ca. Agus na hamais á bhfíorú de lámh aige, beidh rochtain ag an údarás lárnach ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhad iarratais nasctha atá ann, agus ar na hamais uile a fuarthas le linn na huathphróiseála de bhun Airteagal 9a(3) (5a). [Leasú 83]

3.  Fíoróidh an t‑údarás lárnach an gcomhfhreagraíonn céannacht an iarratasóra atá taifeadta sa chomhad iarratais do na sonraí atá in VIS, nó i gceann éigin de na bunachair shonraí a ceadaíodh.

4.  I gcás nach gcomhfhreagraíonn na sonraí pearsanta do chéannacht an iarratasóra, agus i gcás nach bhfuarthas aon amas eile le linn na huathphróiseála de bhun Airteagal 9a(3), scriosfaidh an t‑údarás lárnach an t‑amas bréagach ón gcomhad iarratais.

5.  I gcás ina gcomhfhreagróidh na sonraí do chéannacht an iarratasóra, nó i gcás ina bhfanfaidh amhras de bheith ann maidir le céannacht an iarratasóra, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo cuirfidh an t-údarás víosaí lárnach a phróiseálfaidh an t-iarratas an t-údarás lárnach ar an eolas faoi na Ballstáit eile ar sainaithníodh gur iontráil nó gur sholáthair siad na sonraí ba chúis leis an amas de bhun Airteagal 9a(3). I gcás ina sainaithneofar gur iontráil nó gur sholáthair Ballstát amháin nó níos mó na sonraí ba chúis leis an amas sin, rachaidh an t-údarás lárnach i gcomhairle le húdaráis lárnacha na mBallstát eile trí bhíthin an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 16(2). Beidh sochar aon amhrais ag an iarratasóir. [Leasú 84]

6.  Cuirfear toradh na bhfíoruithe a dhéanann údaráis lárnacha na mBallstát eile leis an gcomhad iarratais.

7.  De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfaighfear amas amháin nó roinnt amas de thoradh na comparáide dá dtagraítear in Airteagal 9a(5), cuirfidh VIS fógra uathoibrithe chuig údarás lárnach an Bhallstáit a sheol an cuardach agus déanfaidh sé aon bheart leantach is iomchuí. [Leasú 85]

8.  I gcás ina sainaithneofar gurb é Europol a sholáthair na sonraí ba chúis le hamas i gcomhréir le hAirteagal 9a(3), rachaidh údarás lárnach an Bhallstáit atá freagrach i gcomhairle le haonad náisiúnta Europol chun beart leantach a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus go háirithe Caibidil IV de. [Leasú 86]

Airteagal 9ca

Fíorú agus measúnú ag an bpointe teagmhála náisiúnta aonair

1.  Ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta, a bheidh oibríochtúil 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine, agus a áiritheoidh na fíoruithe ábhartha de láimh agus an measúnú ar amais chun críocha an Rialacháin seo (“an pointe teagmhála aonair”). Beidh an pointe teagmhála aonair comhdhéanta d’oifigigh idirchaidrimh de chuid Bhiúró SIRENE, Interpol, Biúrónna Náisiúnta Lárnacha, lárphointe náisiúnta Europol, Aonad Náisiúnta ETIAS agus na n-údarás ábhartha náisiúnta uile um fhorfheidhmiú an dlí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dóthain foirne ann lena gcumasófar an pointe teagmhála aonair chun amais ar tugadh fógra ina leith a fhíorú de bhun an Rialacháin seo agus na spriocdhátaí dá bhforáiltear in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 á gcur san áireamh.

2.  Déanfaidh an pointe teagmhála aonair na hamais a tarchuireadh chuige a fhíorú de láimh. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 9c(2) go (6).

3.  Más rud é, tar éis an fhíoraithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, gurb ionann na sonraí agus go ndeimhnítear amas, rachaidh an pointe teagmhála aonair i dteagmháil, i gcás inar gá, leis na húdaráis fhreagracha, lena n-áirítear Europol, a sholáthair na sonraí lenar tionscnaíodh an t-amas. Ansin déanfaidh sé an t-amas a mheasúnú. Tabharfaidh an pointe teagmhála aonair tuairim réasúnaithe maidir leis an gcinneadh ar an iarratas atá le déanamh faoi Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. Beidh an tuairim réasúnaithe sin san áireamh sa chomhad iarratais. [Leasú 87]

Airteagal 9cb

Lámhleabhar

Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun go leagfar síos i lámhleabhar na sonraí ábhartha a bheidh le cur i gcomparáid i gcomhréir le hAirteagal 9a(3), agus na nósanna imeachta agus na rialacha is gá i dtaca leis na hiarratais, na fíoruithe agus na rialacha sin dá bhforáiltear in Airteagail 9a go 9ca. Áireofar sa ghníomh tarmligthe sin teaglaim de chatagóirí sonraí chun gach córas a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 9.. [Leasú 88]

Airteagal 9d

Freagrachtaí Europol

Déanfaidh Europol a chóras faisnéise a oiriúnú chun a áirithiú go mbeidh sé indéanta próiseáil uathoibríoch a dhéanamh ar na cuardaigh dá dtagraítear in Airteagal 9a(3) agus Airteagal 22b(2).”

"

(13)  In Airteagal 13, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:"

“4. I gcás ina ndéanfar an comhad iarratais a nuashonrú de bhun mhír 1 agus mhír 2, seolfar fógra trí VIS chuig an mBallstát a d’eisigh an víosa, á chur ar an eolas maidir leis an gcinneadh réasúnaithe i dtaca le neamhniú nó cúlghairm na víosa sin. Déanfar an fógra sin a ghiniúint go huathoibríoch sa lárchóras agus tarchuirfear é tríd an sásra dá bhforáiltear in Airteagal 16.”; [Leasú 89]

"

(14)  Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)  i mír 2, cuirtear an pointe (ea) seo a leanas isteach:"

“(ea) íomhá den aghaidh;”;

"

(b)  cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:"

“2a. Ní hí an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (ea) de mhír 2 an t‑aon chritéar cuardaigh amháin.”;

"

(15)  In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:"

“2. I gcás ina gcruthófar comhad iarratais in VIS maidir le náisiúnach tríú tír ar leith nó náisiúnach a bhaineann le catagóir shonrach na náisiúnach sin a n‑iarrtar comhairliúchán roimh ré ina leith de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, déanfar an iarraidh ar chomhairliúchán a tharchur chuig an mBallstát nó chuig na Ballstáit i dtrácht trí VIS.

Tarchuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit a rachfar i gcomhairle leis nó leo freagra chuig VIS, agus déanfar an freagra sin a tharchur trí VIS chuig an mBallstát a chruthaigh an t‑iarratas.

Chun críche an nós imeachta comhairliúcháin a dhéanamh, agus chun na críche sin amháin, déanfar liosta na mBallstát a cheanglaíonn ar údaráis lárnacha Ballstát eile dul i gcomhairle lena n‑údaráis lárnacha le linn scrúdú a bheith á dhéanamh ar iarratais ar víosaí aonfhoirmeacha a thaisceann náisiúnaigh tríú tíortha ar leith nó catagóirí ar leith de na náisiúnaigh sin, de réir Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, agus liosta na náisiúnach tríú tír lena mbaineann, déanfar na liostaí sin a chomhtháthú in VIS.” [Leasú 90]

3.  Beidh feidhm leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 maidir leis an méid seo a leanas freisin:

   (a) tarchur faisnéise de bhun Airteagal 25(4) maidir le víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu, Airteagal 24(2) den Rialachán seo maidir le sonraí a leasú, agus Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 maidir le fógraí ex post; [Leasú 91]
   (b) aon teachtaireacht eile a bhaineann le comhar consalach a bhfuil tarchur sonraí pearsanta atá taifeadta in VIS nó gaolmhar leis ag baint léi, le tarchur iarrataí chuig an údarás inniúil víosaí maidir le cóipeanna de dhoiciméid taistil a chur ar aghaidh de bhun phointe 7 d’Airteagal 9 agus doiciméid eile a thacaíonn leis an iarratas, agus le tarchur cóipeanna leictreonacha de na doiciméid sin, agus a bhaineann le hiarrataí de bhun Airteagal 9c agus Airteagal 38(3). Tabharfaidh na húdaráis inniúla víosaí freagra ar aon iarraidh den chineál sin laistigh de dhá lá oibre.”; [Leasú 92]

"

(16)  Scriostar Airteagal 17;

(17)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III:"

“ROCHTAIN AR SHONRAÍ VÍOSAÍ GHEARRFHANACHTA AG ÚDARÁIS EILE”

"

(18)  In Airteagal 18(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"

“Déanfaidh na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n‑oibrítear EES méarloirg an tsealbhóra víosa a fhíorú i gcoinne na méarlorg atá taifeadta in VIS. I gcás sealbhóirí víosa nach féidir a méarloirg a úsáid, déanfar an cuardach dá dtagraítear i mír 1 leis na sonraí alfa-uimhriúla dá bhforáiltear i mír 1 i gcomhar leis an íomhá den aghaidh.”;

"

(18a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18a:"

“Airteagal 18a

Sonraí VIS a aisghabháil chun taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach an tsealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES

Chun taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach do shealbhóir víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus le hAirteagail 16 agus 18 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus chun na críche sin amháin, tabharfar rochtain don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES na sonraí atá stóráilte in VIS agus a liostaítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) agus i bpointe (c) go pointe (f) d’Airteagal 16(2) den Rialachán sin a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES.” [Leasú 93]

"

(19)  cuirtear an tAirteagal 20a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 20a

Úsáid sonraí VIS chun críche foláirimh SIS a iontráil i dtaca le daoine atá ar iarraidh nó daoine leochaileacha is gá a chosc ó bheith ag taisteal agus rochtain ar na sonraí ina dhiaidh sin [Leasú 94]

1.  Féadfar sonraí méarlorg agus íomhánna den aghaidh a stóráiltear in VIS a úsáid chun críche foláireamh a iontráil maidir le daoine ar iarraidh, leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe nó daoine leochaileacha is gá a chosc ó bheith ag taisteal i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán (AE) maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla].Sna cásanna sin, déanfar sonraí méarlorg agus íomhánna den aghaidh a mhalartú trí mhodh sábháilte chuig oifig SIRENE an Ballstáit ar leis na sonraí. [Leasú 95]

2.  I gcás ina mbeidh amas i leith fholáireamh SIS trí shonraí méarlorg agus íomhánna den aghaidh a stóráiltear in VIS amhail dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh údaráis cosanta leanaí agus údaráis bhreithiúnacha náisiúnta, lena n-áirítear na húdaráis atá freagrach as ionchúisimh phoiblí a thionscnamh in imeachtaí coiriúla agus as fiosrúcháin bhreithiúnacha roimh chúiseamh mar aon lena n-údaráis chomhordúcháin, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 44 de Rialachán (AE) ... [COM(2016)0883 – SIS comhar póilíneachta, féadfaidh siad, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, rochtain a iarraidh ar na sonraí arna n-iontráil in VIS ó údarás a bhfuil rochtain aige ar VIS. Beidh feidhm leis na coinníollacha dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta. Áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfear na sonraí ar bhealach slán. [Leasú 96]

__________

* Rialachán (AE) … ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … (IO L .., lch…).”;

"

(20)  In Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus  2:"

"1. Chun iarratas ar thearmann a scrúdú, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 d’fhonn cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarrthóra tearmainn. I gcás nach féidir méarloirg an duine sin a úsáid nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus/nó (b) go (cc); féadfar an cuardach seo a dhéanamh i dteannta na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(aa). [Leasú 97]

2.  Más léir ón gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil sonraí maidir leis an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta taifeadta sa VIS, beidh rochtain ag an údarás inniúil tearmainn ar shonraí seo a leanas an iarratasóra, d’fhonn iad a cheadú, agus ar aon chomhad iarratais nasctha a bhaineann leis an iarratasóir de bhun Airteagal 8(3), chun na críche dá dtagraítear i mír 1, agus chun na críche sin amháin :

   (a) uimhir an iarratais;
   (b) na sonraí a bhaintear ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointí (4), (5) agus (7) d’Airteagal 9;
   (c) grianghraif íomhanna den aghaidh; [Leasú 98]
   (d) na sonraí a iontráiltear maidir le haon víosa a eisítear, a neamhnítear, a chúlghairtear nó a ndéantar a bailíocht a shíneadh, dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14;
   (e) na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4) agus i bpointe (5) d’Airteagal 9 de na comhaid iarratais nasctha de bhun Airteagal 8(4).”; [Leasú 99]

"

(21)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:"

“Airteagal 23

Tréimhse choinneála i gcomhair sonraí a stóráil

1.  Stórálfar gach comhad iarratais in VIS ar feadh cúig bliana ar a mhéad, gan dochar don scriosadh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25 agus gan dochar do choimeád na dtaifead dá dtagraítear in Airteagal 34. [Leasú 100]

Tosóidh an tréimhse sin:

   (a) ar dháta éaga na víosa, na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, más rud é gur eisíodh víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;
   (b) ar dháta éaga nua na víosa na víosa fadfhanachta, más rud é gur cuireadh síneadh le víosa víosa fadfhanachta; [Leasú 101]
   (c) ar an dáta a chruthaítear an comhad iarratais in VIS, más rud é go ndearnadh an t‑iarratas a aistarraingt, a dhúnadh nó gur scoireadh dó;
   (d) ar dháta an chinnidh ón údarás freagrach, más rud é go ndearnadh víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a dhiúltú, a neamhniú, a ghiorrú, a aistarraingt nó a cúlghairm, de réir mar is infeidhme.

2.  Ar dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i mír 1, scriosfar go huathoibríoch in VIS an comhad agus an nasc nó na naisc leis an gcomhad sin mar a thagraítear dóibh in Airteagal 8(3) agus (4) agus in Airteagal 22a(3) agus (5).”; [Leasú 102]

2a.  De mhaolú ar mhír 1:

   (a) déanfar comhaid iarratais a bhaineann le cead cónaithe a scriosadh tar éis uastréimhse de 10 mbliana;
   (b) déanfar comhaid iarratais a bhaineann le leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois tráth a théann an leanbh amach as limistéar Schengen. [Leasú 103]

2b.  De mhaolú ar mhír 1, d’fhonn iarratas nua a éascú, ní fhéadfar an comhad iarratais dá dtagraítear ann a stóráil ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná trí bliana ó dheireadh thréimhse bailíochta na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe ach, más rud é, tar éis iarraidh ar thoiliú, ina dtoileoidh an t-iarratasóir go sainráite agus faoi shaoirse trí bhíthin dearbhú sínithe go leictreonach. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirfear iarrataí ar thoiliú i láthair ar bhealach soiléir is féidir a dhealú ó na hábhair eile, i bhfoirm intuigthe a bhfuil rochtain shimplí uirthi agus trí úsáid a bhaint as friotal soiléir simplí. Féadfaidh an t-iarratasóir a thoiliú nó a toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2016/679. Más rud é go dtarraingeoidh an t-iarratasóir an toiliú siar, scriosfar go huathoibríoch an comhad iarratais ó VIS.

Déanfaidh eu-LISA uirlis a fhorbairt chun go gcuirfear ar chumas iarratasóirí a dtoiliú a thabhairt agus a tharraingt siar.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun an uirlis atá le húsáid ag na hiarratasóirí chun a dtoiliú a thabhairt agus a tharraingt siar a shainiú tuilleadh.”; [Leasú 104]

"

(22)  In Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:"

“2. Má tá fianaise ag Ballstát a léiríonn go bhfuil sonraí a próiseáladh in VIS míchruinn nó gur próiseáladh na sonraí sin in VIS de shárú ar an Rialachán seo, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Bhallstát ata freagrach. Déanfar an teachtaireacht sin a tharchur i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

I gcás ina dtagraíonn na sonraí neamhchruinne do naisc a cruthaíodh de bhun Airteagal 8(3) nó (4) agus Airteagal 22a(3), déanfaidh an Ballstát atá freagrach na fíoruithe is gá agus tabharfaidh sé freagra laistigh de 48 n‑uaire agus, de réir mar atá an cás, leigheasfaidh sé an nasc. Mura dtugtar freagra laistigh den sprioc-am atá leagtha síos, leigheasfaidh an Ballstát a rinne an t‑iarratas an nasc agus tabharfaidh sé fógra don Bhallstát atá freagrach trí VISMail faoin leigheas a rinneadh.”;

3.  A luaithe is féidir, seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach as na sonraí lena mbaineann agus, más gá, ceartóidh sé nó scriosfaidh sé na sonraí sin láithreach."; [Leasú 105]

"

(23)  Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Más rud é, sula rachaidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 23(1) in éag, go mbeidh náisiúntacht Ballstáit faighte ag iarratasóir, maidir leis an mBallstát a chruthaigh na comhaid iarratais agus na naisc ábhartha faoi seach, scriosfaidh sé na comhaid iarratais, na comhaid agus na naisc dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) agus in Airteagal 22a(3) ó VIS. [Leasú 106]

"

(b)  i mír 2, cuirtear na focail “VISMail” in ionad na bhfocal “bhonneagar an VIS”.

(23a)  leasaíteart Airteagal 26 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus and 2:"

“1. Beidh eu-LISA freagrach as bainistiú oibríochtúil VIS agus a chomhpháirteanna mar atá leagtha amach in Airteagal 2a. Áiritheoidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit, go n-úsáidfear an teicneolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil i gcónaí, faoi réir anailís costais agus tairbhe, i gcomhair na gcomhpháirteanna sin. [Leasú 107]

2.   Is éard a bheidh i mbainistiú oibríochtúil VIS na cúraimí go léir a theastaíonn chun VIS a choinneáil ar bun 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá in aghaidh na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá lena áirithiú go bhfeidhmeoidh VIS ar leibhéal atá sásúil ó thaobh na cáilíochta oibríochtúla de, go háirithe maidir leis an aga freagartha a bheidh ag ionadaíochtaí taidhleoireachta agus ag údaráis teorann i dtaobh iarratais i Lárchóras VIS. Beidh na hagaí freagartha sin chomh gearr agus is féidir.”; [Leasú 108]

"

(b)  scriostar míreanna 3 go 8; [Leasú 109]

(24)  in Airteagal 26, cuirtear an mhír 8a seo a leanas isteach:"

“8a. Beidh cead ag eu-LISA fíorshonraí pearsanta anaithnithe as córas táirgthe VIS a úsáid chun críocha tástála sna cásanna seo a leanas:

   (a) le haghaidh diagnóisice agus deisiú i gcás fabhtanna sa lárchóras;
   (b) chun teicneolaíochtaí agus teicnící nua a thástáil atá ábhartha maidir le feabhsú ar fheidhmíocht an lárchórais nó ar tharchur sonraí chuige.

Sna cásanna sin, beidh na bearta slándála, an rialú rochtana agus na gníomhaíochtaí logála sa timpeallacht tástála ar comhchéim leis na réimsí céanna sin i gcóras táirgthe Eurodac. Na sonraí pearsanta iarbhír a ghlacfar le haghaidh tástála, déanfar sonraí anaithnide díobh chun nach féidir a dhéanamh amach cén duine is ábhar do na sonraí a thuilleadh.”; [Leasú 110]

"

(c)  Cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:"

“9a. Nuair a dhéanann eu-LISA comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí a bhaineann le VIS, déanfaidh sé faireachán géar ar ghníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo, go háirithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

9b.  Ní thabharfar de chúram do chuideachtaí nó eagraíochtaí príobháideacha bainistiú oibríochtúil Lárchóras VIS.”; [Leasú 111]

"

(25)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:"

“Airteagal 27

Suíomh an Lárchórais Faisnéise Víosaí

Beidh príomh-lárchóras VIS, lena ndéanfar an mhaoirseacht theicniúil agus na feidhmeanna riarachán, suite in Strasbourg (an Fhrainc) agus beidh cúltaca de lárchóras VIS, a mbeidh ar a chumas feidhmiúlachtaí uile phríomh-lárchóras VIS a áirithiú, suite in Sankt Johann im Pongau (an Ostair).

Déanfaidh eu-LISA réitigh theicniúla a chur chun feidhme chun infhaighteacht gan bhriseadh a áirithiú trí bhíthin oibriú comhuaineach Lárchóras VIS agus Lárchóras VIS cúltaca, ar choinníoll go mbeidh sé fós ar chumas Lárchóras VIS cúltaca oibriú VIS i gcás ina dteipfidh ar Lárchóras VIS, nó trí dhúbailt a dhéanamh ar an gcóras nó ar a chomhpháirteanna.”; [Leasú 112]

"

(26)  Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Freagracht maidir le húsáid agus cáilíocht na sonraí”;

"

(b)  leasaítear i mír 1 mar a leanas:

(i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

“(c) go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta agus ar cháilíocht leordhóthanach agus iomlán a ndóthain nuair a tharchuirfear chuig VIS iad.”;

"

(ii)  cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:"

“Chun na críche sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh foireann chonsalach agus foireann aon soláthraí seirbhíse seachtrach lena bhfuil siad ag comhoibriú amhail dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 oiliúint rialta maidir le cáilíocht na sonraí.”; [Leasú 113]

"

(c)  i bpointe (a) de mhír 2, cuirtear na focail “VIS nó an stórais choitinn sonraí céannachta” in ionad na bhfocal “an VIS Láir” an chéad uair a fheictear é agus na focail “VIS® nó an stóras coiteann sonraí céannachta” in ionad “an VIS Láir” an dara huair a fheictear é;

(d)  cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:"

“2a. Maidir le sásraí uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí agus nósanna imeachta maidir le seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí in VIS, déanfaidh eu-LISA mar aon leis an gCoimisiún iad a fhorbairt, a chothabháil agus a uasghrádú go leanúnach agus soláthróidh siad tuarascálacha ar bhonn rialta do na Ballstáit. Áiritheoidh eu-LISA leibhéil leormhaithe d’fhoireann atá oilte go gairmiúil chun go gcuirfí chun feidhme na nuálaíochtaí teicniúla agus na huasghráduithe is gá chun na sásraí rialaithe cáilíochta sonraí a oibriú. Soláthróidh eu-LISA tuarascáil ar bhonn rialta do na Ballstáit agus don Choimisiún ar na rialuithe cáilíochta sonraí. Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na fadhbanna a bhí ann i dtaobh cáilíocht sonraí agus maidir leis an gcaoi a ndeachthas i ngleic leo. [Leasú 114]

Déanfar an sásra sin, na nósanna imeachta sin agus léirmhíniú na comhlíontachta ó thaobh cáilíochta sonraí de a bhunú trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(2).”;

2b.  Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar indéantacht, infhaighteacht, ullmhacht agus iontaofacht na teicneolaíochta is gá chun íomhánna den aghaidh a úsáid chun duine a chéannú."; [Leasú 115]

"

(da)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

“3a. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta in VIS, ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás a mheasfar a bheith ina rialaitheoir i gcomhréir le pointe (7) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 agus arb é an t-údarás é a mbeidh freagracht lárnach air as pé próiseáil sonraí a dhéanfaidh an Ballstát sin. Tabharfaidh gach Ballstát don Choimisiún fógra maidir leis an ainmniú.”; [Leasú 116]

"

(27)  cuirtear an tAirteagal 29a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 29a

Rialacha sonracha maidir le sonraí a iontráil

1.  Beidh iontráil na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d in VIS faoi réir na réamhchoinníollacha seo a leanas:

   (a) sonraí de bhun Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d agus Airteagal 6(4), ní fhéadfar iad a sheoladh iontráil chuig VIS go dtí go mbeidh seiceáil cháilíochta déanta ag na húdaráis náisiúnta freagracha; [Leasú 117]
   (b) sonraí de bhun Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d agus Airteagal 6(4), déanfar iad a phróiseáil in VIS tar éis seiceáil cháilíochta a bheith déanta ag VIS de bhun mhír 2.

2.  Déanfar seiceálacha cáilíochta in VIS, dé réir mar a leanas:

   (a) nuair a bheidh comhaid iarratais nó comhaid náisiúnach tríú tír á gcruthú in VIS, déanfar seiceálacha cáilíochta ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d; i gcás ina dteipfeadh ar na seiceálacha sin na critéir cháilíochta bhunaithe a chomhlíonadh, thabharfaí freagrach uathoibríoch ar na húdaráis fhreagracha trí VIS;
   (b) ní fhéadfar na nósanna imeachta uathoibrithe de bhun Airteagal 9(a)(3) agus 22b(2) a chur i bhfeidhm in VIS go dtí go mbeidh seiceáil cháilíochta déanta ag VIS de bhun an Airteagail seo; i gcás ina dteipfeadh ar na seiceálacha sin na critéir cháilíochta bhunaithe a chomhlíonadh, thabharfaí freagra uathoibríoch ar na húdaráis fhreagracha trí VIS; [Leasú 118]
   (c) déanfar seiceálacha cáilíochta ar íomhánna den aghaidh agus ar shonraí dachtalagrafacha nuair a bheidh comhaid iarratais náisiúnach tríú tír á gcruthú in VIS, chun a chinneadh go gcomhlíonfar na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí lenar féidir meaitseáil bhithmhéadrach a dhéanamh; [Leasú 119]
   (d) déanfar seiceálacha cáilíochta ar na sonraí de bhun Airteagal 6(4) nuair a bheidh faisnéis faoi na húdaráis ainmnithe náisiúnta á stóráil in VIS.

3.  Bunófar caighdeáin cháilíochta i ndáil le stóráil na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo. Leagfar síos sonraíocht na gcaighdeán sin sna gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).”; [Leasú 120]

"

(28)  in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2: "

“1. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), (b), (c), (k) agus (m), agus Airteagal 9(6) agus 9(7), féadfar iad a tharchur nó a chur ar fáil do thríú tír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn, más gá i gcásanna aonair chun críche céannacht náisiúnach tríú tír a chruthú, agus chun críche filleadh i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE nó athlonnú i gcomhréir le Rialachán ...[An Creat-Rialachán maidir le himlonnú], agus chun na críche sin amháin, agus ar choinníoll go bhfuil formheas faighte ón mBallstát a d’iontráil na sonraí in VIS.”; [Leasú 121]

"

(28a)  Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:"

“2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh údaráis teorann nó údaráis imirce na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), (aa), (b), (c), (cc), (k) agus (m), (6) agus (7) a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i gcásanna aonair, más gá sin chun céannacht náisiúnach tríú tír a chruthú chun críche a bhfillte agus chun na críche sin amháin, ach ceann de na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

   (a) tá an Coimisiún tar éis cinneadh a ghlacadh maidir le cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta sa tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679;
   (b) go bhfuil coimircí iomchuí soláthartha de réir mar a thagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679, amhail comhaontú um athligean isteach is infheidhme idir an tAontas nó Ballstát agus an tríú tír atá i gceist; nó
   (c) tá feidhm ag pointe (d) d’Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2016/679. [Leasú 122]

3.  Ní fhéadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), (b), (c), (k) agus (m), (6) agus (7) a aistriú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ach amháin sa chás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

   (a) go ndéantar na sonraí a aistriú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sin de dhlí an Aontais, go háirithe le forálacha maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, agus comhaontuithe um athligean isteach, agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil na sonraí á n-aistriú aige;
   (b) go mbeidh a fhormheas tugtha ag an mBallstát a d’iontráil na sonraí in VIS;
   (c) go bhfuil a chomhaontú nó a comhaontú tugtha ag an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta gan na sonraí sin a phróiseáil ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil dóibh iad; agus
   (d) go bhfuiltear tar éis cinneadh maidir le filleadh, a glacadh de bhun Threoir 2008/115/CE, a eisiúint i dtaca leis an náisiúnach tríú tír i dtrácht, ar choinníoll nach bhfionrófaí feidhmiú an chinnidh sin maidir le filleadh agus nár tíolacadh aon achomharc ba shiocair leis an bhfeidhmiú a fhionraí.”; [Leasú 123]

"

(b)  cuirtear na mireanna a leanas isteach:"

“3a. Ní dhéanfaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun mhír 2 dochar, go háirithe maidir le non-refoulement, dá gcearta siúd a iarrfaidh nó a dtabharfar dóibh cosaint idirnáisiúnta.

3b.  Na sonraí pearsanta a bhainfidh Ballstát nó Europol as VIS chun críocha fhorghníomhú an dlí, ní dhéanfar iad a aistriú chuig aon tríú tír, eagraíocht idirnáisiúnta ná eintiteas príobháideach arna bhunú laistigh den Aontas nó lasmuigh de ná ní chuirfear ar fáil dóibh iad. Beidh feidhm ag an toirmeasc seo freisin i gcás ina ndéantar tuilleadh próiseála ar na sonraí sin ar an leibhéal náisiúnta nó idir Ballstáit de bhun Chinneadh (AE) 2016/680.”; [Leasú 124]

"

(28b)  in Airteagal 32, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)   cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

“(ea) cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu córais uathphróiseála sonraí a úsáid;”; [Leasú 125]

"

(b)  cuirtear na pointí seo a leanas isteach:"

“(ja) ensure that, in the event of an interruption, installed systems can be restored to normal operation;

   (jb) an iontaofacht a áirithiú trína chinntiú go ndéantar aon fhabht dá n-éireodh d’fheidhmiú VIS a thuairisciú mar is cuí agus go gcuirtear i bhfeidhm pé bearta teicniúla is gá chun a áirithiú gur féidir sonraí pearsanta a fháil ar ais i gcás ina dtarlódh truailliú sonraí mar gur mhífheidhmigh VIS;”; [Leasú 126]

"

(28c)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 32a

Teagmhais slándála

1.   Maidir le haon imeacht a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar shlándáil VIS, agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le damáiste do shonraí VIS, nó le cailleadh na sonraí sin, measfar gur teagmhas slándála é, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go bhfuarthas rochtain ar shonraí nó i gcás ina ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol nó ina bhféadfadh sé go ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol.

2.   Déanfar teagmhais slándála a bhainistiú chun freagairt thapa, éifeachtach agus iomchuí a áirithiú.

3.   Gan dochar d’fhógra a thabhairt faoi shárú sonraí pearsanta agus do chur in iúl an tsáraithe sin de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/679 nó de bhun Airteagal 30 de Threoir (AE) 2016/680, cuirfidh na Ballstáit, Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta an Coimisiún, eu-LISA, an t-údarás inniúil maoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas gan mhoill maidir le teagmhais slándála. Cuirfidh eu-LISA an an Coimisiún agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas gan mhoill faoi aon teagmhas slándála a bhaineann le Lárchóras*** VIS.

4.   An fhaisnéis maidir le teagmhas slándála a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar oibriú VIS i mBallstát nó laistigh de eu-LISA nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí arna n-iontráil nó arna seoladh ag Ballstáit eile, déanfar í a chur ar fáil do na Ballstáit ar fad gan mhoill agus a thuairisciú de réir an phlean bainistithe teagmhais arna sholáthar ag eu-LISA.

5.   Rachaidh na Ballstáit agus eu-LISA i gcomhar le chéile má tharlaíonn teagmhas slándála.

6.   Déanfaidh an Coimisiún teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú láithreach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Aicmiú EU RESTRICTED/RESTREINT UE a dhéanfar ar na tuarascálacha sin i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme.

7.   I gcás ina dtarlaíonn teagmhas slándála mar thoradh ar mhí-úsáid sonraí, déanfaidh na Ballstáit, Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a áirithiú go bhforchuirtear pionóis i gcomhréir le hAirteagal 36.”; [Leasú 127]

"

(28d)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:"

“Airteagal 33

Dliteanas

1.  Gan dochar don cheart chun cúiteamh a fháil, ná do dhliteanas an rialaitheora nó an phróiseálaí faoi Rialachán (AE) 2016/679, faoi Threoir (AE) 2016/680 ná faoi Rialachán (AE) 2018/1726:

   (a) aon duine nó aon Bhallstát ar bhain damáiste ábharach dó de dheasca oibríocht phróiseála neamhdhleathach ar shonraí pearsanta nó de dheasca aon bheart eile nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, arna déanamh nó arna dhéanamh ag Ballstát, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát sin;
   (b) aon duine nó aon Bhallstát dár bhain damáiste ábharach nó neamhábharach de dheasca aon ghníomhaíocht nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, arna déanamh ag Europol, ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, nó ag eu-LISA, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón ngníomhaireacht i dtrácht.

Déanfar an Ballstát lena mbaineann, Europol, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó eu-LISA a dhíolmhú óna dhliteanas nó óna dliteanas faoin gcéad fhomhír, go hiomlán nó go páirteach, má chruthaíonn sé nó sí nach é nó í atá freagrach as an imeacht ba chúis leis an damáiste.

2.  Má theipeann ar Bhallstát a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus sin a bheith ina chúis damáiste do Lárchóras VIS, is é an Ballstát sin a bheidh faoi dhliteanas i leith an damáiste sin más rud é agus a mhéid nach ndearna eu-LISA nó Ballstát eile atá rannpháirteach i Lárchóras VIS bearta réasúnta chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3.  Maidir le héilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3, is faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin a rialálfar iad. Is faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Europol, na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2..”; [Leasú 128]

"

(29)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:"

“Airteagal 34

Logaí a choinneáil

1.  Coinneoidh gach Ballstát, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus eu-LISA logaí ar na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa VIS. Léireofar leis na logaí sin cuspóir na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 6(1), Airteagal 20a(1), Airteagal 22k(1) agus Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus Airteagal 22g go hAirteagal 22j, cineál na sonraí a tharchuirtear dá dtagraítear in Airteagal 9 go hAirteagal 14 agus in Airteagal 22c go 22f, an dáta agus an t-am, an cineál sonraí a úsáideadh i gcomhair iniúchadh dá dtagraítear in Airteagail 15(2), 18, 19(1), 20(1), 21(1), 22(1), 22g, 22h, 22i, 22j, 45a agus  45d agus ainm an údaráis a d’iontráil nó a d’aisghabh na sonraí. Ina theannta sin, coinneoidh gach Ballstát logaí den fhoireann atá cuí-údaraithe chun na sonraí a iontráil nó a aisghabháil. [Leasú 129]

2.  I gcás na n-oibríochtaí a liostaítear in Airteagal 45b, coinneofar loga ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in VIS agus in EES i gcomhréir leis an Airteagal sin agus le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES). I dtaca leis na hoibríochtaí a liostaítear in Airteagal 17a, coinneofar taifead ar gach oibríocht próiseála sonraí a rinneadh in VIS agus in EES i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226. [Leasú 130]

3.  Ní fhéadfar logaí den sórt sin a úsáid ach amháin chun faireachán cosanta sonraí a dhéanamh ar inghlacthacht próiseála sonraí agus freisin chun slándáil sonraí a áirithiú. Cosnófar na logaí le bearta iomchuí in éadan rochtain neamhúdaraithe agus scriosfar iad tar éis tréimhse bliana tar éis don tréimhse choinneála dá dtagraítear in Airteagal 23(1) dul in éag, mura mbeidh siad de dhíth i gcomhair nósanna imeachta faireacháin a mbeidh tús curtha leo cheana.”;

"

(29a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:"

“Airteagal 35

Féinfhaireachán

Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh gach údarás a bheidh i dteideal rochtain a bheith aige ar shonraí VIS na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh siad leis an Údarás Maoirseachta Náisiúnta.”; [Leasú 131]

"

(29b)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36:"

“Airteagal 36

Pionóis

Maidir le haon mhí-úsáid nó próiseáil sonraí a chuirtear isteach in VIS contrártha don Rialachán seo, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go bhféadfar pionóis, a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, a fhorchur, lena n-áirítear pionóis riaracháin agus/nó pionóis choiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”; [Leasú 132]

"

(30)  Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)  leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití 1:"

1. Gan dochar don cheart chun faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679, agus in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680, déanfaidh an Ballstát atá freagrach náisiúnaigh tríú tíortha agus na daoine dá dtagraítear in Airteagail 9(4)(f), 22c(2)(e) nó 22d(e) a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:”; [Leasú 133]

"

(ii)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):"

“(f) go bhfuil ceart rochtana acu ar shonraí a bhaineann leo, agus go bhfuil sé de cheart acu a iarraidh go gceartófaí aon sonraí míchruinne a bhaineann leo, nó go scriosfaí aon sonraí a bhaineann leo a próiseáladh go neamhdhleathach, lena n-áirítear an ceart faisnéis a fháil faoi nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú agus faoi shonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí atá freagrach as bailiú na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 41(1), a éistfidh éilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta;”; [Leasú 134]

"

(iii)  cuirtear an pointe seo a leanas léi:"

“(fa) an fíoras go bhféadfaidh na Ballstáit agus Europol EES a rochtain chun críocha fhorghníomhú an dlí.”; [Leasú 135]

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfear ar fáil i scríbhinn go soiléir, go gonta agus go cruinn í don náisiúnach tríú tír nuair a bhaileofar na sonraí, an íomhá den aghaidh agus na sonraí méarlorg dá dtagraítear i bpointe (4), pointe (5) agus pointe (6) d’Airteagal 9, Airteagal 22c(2) agus Airteagal 22d (a) go (g). Ní mór leanaí a chur ar an eolas ar bhealach a oireann dá n-aois, trí bhíthin bileoga eolais agus/nó grafaicí faisnéise agus/nó taispeántais arna gceapadh go sonrach chun míniú a thabhairt ar an nós imeachta maidir le méarloirg a ghlacadh.”; [Leasú 136]

"

(c)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"

“Cheal foirm den sórt sin a bheidh sínithe ag na daoine sin, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679.”;

"

(31)  in Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "

“3. Má chuirtear an iarraidh dá bhforáiltear i mír 2 faoi bhráid Ballstát eile seachas an Ballstát atá freagrach, déanfaidh údaráis an Bhallstáit inar taisceadh an iarraidh teagmháil le húdaráis an Bhallstáit atá freagrach laistigh de seacht lá. Seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht a bpróiseála sa VIS laistigh d’aon mhí amháin.”; [Leasú 137]

"

(31a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38:"

“Airteagal 38

Ceart rochtana ar shonraí pearsanta, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil sonraí pearsanta

1.   Gan dochar don cheart chun faisnéise faoi Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725, cuirfear iarratasóirí agus sealbhóirí víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe a bhfuil a sonraí stóráilte in VIS ar an eolas, an tráth a bhaileofar a gcuid sonraí, faoi na nósanna imeachta maidir leis na cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 17 go hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus faoi Airteagal 15 go hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/679. Soláthrófar sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí dóibh an tráth céanna.

2.   Chun a gcearta a fheidhmiú faoi Airteagail 17 go 20 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus faoi Airteagal 15 go hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh sé de cheart ag na daoine dá dtagraítear i mír 1 dul i dteagmháil leis an mBallstát a chuir isteach a sonraí in VIS. Déanfaidh an Ballstát a gheobhaidh an iarraidh í a scrúdú agus tabharfaidh sé freagra uirthi a luaithe is féidir, agus laistigh de 30 lá ar a dhéanaí. I gcás ina bhfaightear amach mar fhreagra ar iarraidh go bhfuil na sonraí atá stóráilte in VIS míchruinn go fíorasach nó gur taifeadadh go mídhleathach iad, ceartóidh nó scriosfaidh an Ballstát atá freagrach na sonraí sin in VIS gan mhoill agus laistigh de 30 lá tar ar a dhéanaí tar éis an iarraidh a fháil i gcomhréir le hAirteagal 12(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2016/679. Má dhéantar an iarraidh chuig Ballstát seachas an Ballstát atá freagrach, déanfaidh údaráis an Bhallstáit inar taisceadh an iarraidh teagmháil le húdaráis an Bhallstáit atá freagrach laistigh de sheacht lá. Seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht a bpróiseála in VIS laistigh de mhí. Déanfaidh an Ballstát a rinne teagmháil le húdarás an Bhallstáit atá freagrach na daoine lena mbaineann a chur ar an eolas gur cuireadh a iarraidh nó a hiarraidh ar aghaidh, cé chuige ar cuireadh í agus faoin gcuid eile den nós imeachta.

3.   Más rud é nach n-aontaíonn an Ballstát atá freagrach leis an éileamh go bhfuil sonraí atá stóráilte in VIS míchruinn ó thaobh fíricí de, nó gur taifeadadh iad go neamhdhleathach, glacfaidh sé cinneadh riaracháin gan mhoill lena míneofar i scríbhinn, don té lena mbaineann, cad chuige nach bhfuil sé sásta na sonraí a bhaineann leis an té sin a cheartú nó a scriosadh.

4.   Sa chinneadh sin freisin, tabharfar faisnéis don duine lena mbaineann ina míneofar go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh i ndáil leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis ar conas caingean a thionscnamh nó gearán a dhéanamh os comhair na n-údarás inniúil nó na gcúirteanna agus aon chúnamh, lena n-áirítear ó na húdaráis inniúla náisiúnta mhaoirseachta.

5.  Pé iarraidh a dhéanfar de bhun mhír 2, beidh an fhaisnéis is gá inti chun an duine lena mbaineann a shainaithint. Úsáidfear an fhaisnéis sin go heisiach chun feidhmiú na gceart dá dtagraítear i mír 2 a chumasú.

6.  Coinneoidh an Ballstát atá freagrach taifead i bhfoirm doiciméad i scríbhinn go ndearnadh iarraidh dá dtagraítear i mír 2 agus conas a tugadh aghaidh uirthi. Cuirfidh sé an doiciméad sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí gan mhoill, agus tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an chinnidh na sonraí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 a cheartú nó a scriosadh nó tar éis an cinneadh lena mbaineann dá dtagraítear i mír 3.”; [Leasú 138]

"

(31b)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:"

“Airteagal 39

Comhoibriú chun cearta ar chosaint sonraí a áirithiú

1.  Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach chun na cearta a leagtar síos in Airteagal 38 a fhorghníomhú.

2.  I ngach Ballstát, cabhróidh an t-údarás maoirseachta, dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679, arna iarraidh sin air, leis an duine is ábhar do na sonraí agus cuirfidh sé comhairle air nó uirthi maidir le feidhmiú a chirt nó a cirt go gceartófaí, go gcomhlánófaí nó go léirscriosfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi nó go ndéanfaí próiseáil na sonraí sin a shrianadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

D’fhonn na haidhmeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhaint amach, comhoibreoidh údarás maoirseachta an Bhallstáit sin atá freagrach agus a tharchuir na sonraí le húdarás maoirseachta an Bhallstáit ar chuige a seoladh an iarraidh.”; [Leasú 139]

"

(31c)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:"

“Airteagal 40

Leigheasanna

1.  Gan dochar d’Airteagal 77 agus d’Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh sé de cheart i ngach Ballstát ag aon duine caingean a thabhairt nó gearán a dhéanamh os comhair údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit sin a dhiúltaigh an ceart rochtana ar na sonraí a bhaineann leis nó léi, nó a dhiúltaigh an ceart na sonraí sin a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, mar a fhoráiltear in Airteagal 38 den Rialachán seo. Beidh sé de cheart caingean a thabhairt nó gearán a dhéanamh freisin i gcás nach bhfuarthas aon fhreagra, laistigh de na sprioc-amanna dá bhforáiltear in Airteagal 38, ar iarrataí ar rochtain a fháil, go ndéanfaí ceartúcháin, comhlánú nó léirscriosadh, nó i gcás nár dhéileáil an rialaitheoir sonraí leis an iarraidh ar chor ar bith.

2.  Beidh cúnamh le fáil ón údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 i gcaitheamh na n-imeachtaí.”; [Leasú 140]

"

(31d)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:"

“Airteagal 41

Maoirseacht ag an Údarás Maoirseachta Náisiúnta

1.  Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 faireachán neamhspleách ar dhlíthiúlacht na próiseála ar shonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo arna dhéanamh ag an mBallstát lena mbaineann.

2.  Áiritheoidh an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1)de Rialachán (AE) 2016/679 go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta fhreagracha, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha, iniúchadh ar na hoibríochtaí próiseála sonraí gach trí bliana ar a laghad. Féadfar torthaí na hiniúchóireachta sin a chur san áireamh sna measúnuithe a dhéanfar faoi chuimsiú an tsásra a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle. Gach bliain, foilseoidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 líon na n-iarrataí a fuarthas go ndéanfaí sonraí a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, nó go ndéanfaí próiseáil sonraí a shrianadh, an beart a glacadh ina dhiaidh sin, agus líon na gceartúchán, na gcomhlánuithe, an léirscriosta agus na srianta próiseála a rinneadh mar fhreagairt ar iarrataí ó na daoine lena mbaineann.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag a n-údarás maoirseachta féin a dhóthain acmhainní chun na cúraimí a leagtar orthu faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus go mbeidh rochtain aige ar chomhairle uathu siúd atá leoreolach ar shonraí bithmhéadracha.

4.  Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis a iarrfaidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus, go háirithe, soláthróidh sé dó faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir lena fhreagrachtaí mar a leagtar síos iad sa Rialachán seo. Tabharfaidh na Ballstáit rochtain don údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ar a gcuid logaí agus ceadóidh siad dó rochtain a bheith aige gach tráth ar gach áitreabh dá gcuid a bhaineann le hidir-inoibritheacht.”; [Leasú 141]

"

(31e)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42:"

“Airteagal 42

Maoirsiú arna dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.  Is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí eu-LISA, Europol agus na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda agus Cósta faoin Rialachán seo agus as a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus leis an Rialachán seo.

2.  Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha a dhéanfar iniúchóireacht ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta a dhéanfaidh eu-LISA gach trí bliana ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar an iniúchóireacht sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig eu-LISA, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit. Tabharfar deis do eu-LISA barúlacha a thabhairt sula nglacfar na tuarascálacha.

3.  Soláthróidh eu-LISA faisnéis don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin aige, tabharfaidh siad rochtain don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na doiciméid ar fad agus ar a logaí dá dtagraítear in Airteagal 22r, Airteagal 34 agus Airteagal 45b, agus lamhálfaidh siad don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí rochtain a fháil aon tráth ar a n-áitribh ar fad.”; [Leasú 142]

"

(32)  in Airteagal 43, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2: "

“1. Gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndlúthchomhar leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar shaincheisteanna sonracha inar gá rannpháirtíocht náisiúnta, go háirithe más rud é go gcinneann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó údarás maoirseachta náisiúnta go bhfuil neamhréitigh mhóra idir cleachtais na mBallstát nó má aimsíonn sé aistrithe a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a rinneadh trí bhealaí cumarsáide na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta a úsáid, nó i gcomhthéacs ceisteanna arna n‑ardú ag údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó ar chur chun feidhme agus léirmhíniú an Rialacháin seo.

2.  Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar maoirseacht chomhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) XXXX/2018 [Rialachán athbhreithnithe (CE) Uimh. 45/2001].”; [Leasú 143]

"

(32a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43:"

“Airteagal 43

Comhoibriú idir na hÚdaráis Maoirseachta Náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí

1.  Na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag gníomhú dóibh araon laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí féin faoi seach, déanfaidh siad comhar gníomhach le chéile faoi chuimsiú na bhfreagrachtaí acu chun maoirseacht chomhordaithe ar na comhchodanna idir-inoibritheachta agus ar fhorálacha eile an Rialacháin seo a áirithiú.

2.  An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta, déanfaidh siad faisnéis ábhartha a mhalartú, cabhróidh siad le chéile chun iniúchóireachtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdóidh siad deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh siad measúnú ar aon fhadhbanna a bhaineann le feidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó le feidhmiú chearta an duine is ábhar do na sonraí, ullmhóidh siad tograí comhchuibhithe i gcomhair réitigh chomhpháirteacha ar aon fhadhbanna, agus cuirfidh siad feasacht ar chearta cosanta sonraí chun cinn, de réir mar is gá.

3.  Chun críche mhír 2, tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile dhá uair ar a laghad in aghaidh na bliana faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. Is é an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí a íocfaidh as costais na gcruinnithe sin agus a ghlacfaidh eagrú na gcruinnithe sin mar chúram air. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirt a chéile, de réir mar is gá.

4.  Seolfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí comhthuarascáil ar na gníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Europol, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus chuig eu-LISA gach re bliain. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil ar gach Ballstát arna hullmhú ag údarás maoirseachta an Bhallstáit sin.”; [Leasú 144]

"

(32b)  Scriostar Airteagal 44; [Leasú 145]

(33)  In Airteagal 45, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:"

“2a. Glacfar na bearta is gá d’fhorbairt Lárchóras VIS, an Chomhéadain Náisiúnta i ngach Ballstát agus an bhonneagair cumarsáide idir Lárchóras VIS agus na comhéadain náisiúnta maidir leis na hábhair seo a leanas i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(2):

   (a) dearadh ollstruchtúr fisiciúil an chórais lena n-áirítear a líonra cumarsáide;
   (b) gnéithe teicniúla a bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta;
   (c) gnéithe teicniúla a bhfuil impleachtaí airgeadais tromchúiseacha acu do bhuiséid na mBallstát nó a bhfuil impleachtaí teicniúla tromchúiseacha acu do chórais náisiúnta na mBallstát;
   (d) forbairt ceanglas slándála, lena n-áirítear gnéithe bithmhéadracha. [Leasú 146]

3.  Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla i dtaca le cáilíocht, taifeach agus úsáid méarlorg agus na híomhá den aghaidh le haghaidh fíorú bithmhéadrach agus sainaithint in VIS. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).”;

"

(34)  cuirtear an tAirteagal 45 a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 45a

Úsáid sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh

1.  Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin, ach gan cead a bheith acu iarratasóirí aonair a shainaithint mar thoradh ar na sonraí a bheith anaithnid go hiomlán, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún, eu-LISA agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú: [Leasú 147]

   (a) faisnéis maidir le stádas;
   (b) an t‑údarás inniúil, lena n‑áirítear a shuíomh;
   (c) inscne, dáta bliain bhreithe agus náisiúntacht reatha an iarratasóra; [Leasú 148]
   (d) Ballstát an chéad dul isteach, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;
   (e) dáta agus áit an iarratais agus an cinneadh maidir leis an iarratas (ar eisíodh víosa nó ar diúltaíodh don iarratas);
   (f) an cineál doiciméid a eisíodh, i.e. víosa idirthurais aerfoirt, víosa aonfhoirmeach, víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;
   (g) cineál an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre eisiúna, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;
   (h) an foras a luaitear le haon chinneadh maidir leis an doiciméad nó an t‑iarratas, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin; i gcás víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, an cinneadh a bhaineann leis an iarratas (an víosa a eisiúint nó an t‑iarratas a dhiúltú, agus an foras leis an gcinneadh sin) i dtaobh víosa ghearrthéarmach a dhiúltú, lena n-áirítear an tagairt d’aon amais i gcórais faisnéise an Aontais arna bhféachaint orthu, i sonraí Europol nó Interpol, sa liosta faire dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1240 nó sna táscairí riosca sonracha; [Leasú 149]
   (ha) an foras a luaitear le haon chinneadh i dtaobh doiciméad a dhiúltú, lena n-áirítear an tagairt d’aon amais i gcórais faisnéise an Aontais arna bhféachaint orthu, i sonraí Europol nó Interpol, sa liosta faire dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1240 nó sna táscairí riosca sonracha; [Leasú 150]
   (i) an t‑údarás inniúil víosaí, lena n‑áirítear a shuíomh, a dhiúltaigh an t‑iarratas ar víosa agus dáta an diúltaithe, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;
   (j) na cásanna ina ndearna an t‑iarratasóir céanna iarratas ar víosa ghearrfhanachta ó bhreis agus údarás víosaí amháin, agus na húdaráis víosaí sin a lua, a suíomh agus dátaí na ndiúltuithe, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;
   (k) i gcás víosa ghearrfhanachta, príomhchuspóirí an turais; i gcás víosaí fadfhanachta agus cead cónaithe, cuspóir an iarratais; [Leasú 151]
   (l) na sonraí a iontráiltear i ndáil le haon doiciméad víosa a aistarraingíodh, a neamhníodh, a cúlghairmeadh nó ar cuireadh síneadh lena bhailíocht, de réir mar is infheidhme; [Leasú 152]
   (m) i gcás inarb infheidhme, dáta éaga na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe;
   (n) an líon daoine atá díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt de bhun Airteagal 13(7) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;
   (o) na cásanna nárbh fhéidir na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar go fíorasach i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5);
   (p) na cásanna nár ghá na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5);
   (q) na cásanna inar diúltaíodh víosa do dhuine, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5), nach raibh in ann na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar go fíorasach.

Beidh ag foireann chuí-údaraithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta rochtain d’fhonn na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a cheadú chun na hanailísí riosca agus na measúnuithe leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 11 agus in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1624 a dhéanamh.

2.  Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, stórálfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in [Airteagal 39 de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)].

3.  Áireofar leis na nósanna imeachta a chuirfidh eu-LISA ar bun chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht VIS mar a thagraítear dó in Airteagal 50(1) go bhféadfar staidreamh a sholáthar ar bhonn rialta d’fhonn an faireachán sin a áirithiú.

4.  Gach ráithe, tiomsóidh eu-LISA staidreamh ar bhonn shonraí VIS maidir le víosaí gearrfhanachta, ina léireofar, i gcás gach suímh inar taisceadh iarratas ar víosa, an méid seo a leanas go háirithe:

   (a) líon iomlán na víosaí idirthurais aerfoirt a ndearnadh iarratas orthu, lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach idirthurais aerfoirt;
   (b) líon iomlán na víosaí a eisíodh, lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach A;
   (c) líon iomlán na víosaí dul isteach iolrach a eisíodh,
   (d) líon iomlán na víosaí nár eisíodh (lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach A),
   (e) líon iomlán na víosaí aonfhoirmeacha a ndearnadh iarratas orthu, lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach aonfhoirmeacha;
   (f) líon iomlán na víosaí a eisíodh, lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach;
   (g) líon iomlán na víosaí dul isteach iolrach a eisíodh, arna roinnt ar fhad na bailíochta (níos lú ná 6 mhí, bliain amháin, 2 bhliain, 3 bliana, 4 bliana, 5 bliana).
   (h) líon iomlán na víosaí aonfhoirmeacha nár eisíodh, lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach;
   (i) líon iomlán na víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu.

Déanfar an staidreamh laethúil a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh.

5.  Gach ráithe, tiomsóidh eu-LISA staidreamh ar bhonn shonraí VIS maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe ina léireofar, i gcás gach suímh, an méid seo a leanas go háirithe:

   (a) líon iomlán na víosaí fadfhanachta a ndearnadh iarratas orthu, a diúltaíodh, ar cuireadh síneadh leo agus a aistarraingíodh;
   (b) líon iomlán na gceadanna cónaithe a ndearnadh iarratas orthu, a diúltaíodh, ar cuireadh síneadh leo agus a aistarraingíodh.

6.  Ag ceann gach bliana, déanfar sonraí staidrimh a thiomsú i dtuarascáil bhliantúil don bhliain sin. Beidh miondealú ar shonraí gach Ballstáit sa staidreamh. Foilseofar an tuarascáil agus seolfar í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus chuig na húdaráis maoirseachta náisiúnta. [Leasú 153]

7.  Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh eu-LISA ar fáil dó staidreamh maidir le gnéithe ar leith a bhaineann le cur chun feidhme an chomhbheartais víosaí nó an bheartais imirce, lena n‑áirítear gnéithe de bhun chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013.”;

"

(35)  cuirtear na hAirteagail 45b, 45c, 45d agus 45e seo a leanas isteach:"

“Airteagal 45b

Rochtain ar shonraí chun críocha fíorú ag iompróirí

1.  D’fhonn a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh faoi phointe (b) d’Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, déanfaidh aeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí ar tír i gcóiste, déanfaidh siad cuardach in VIS chun a fhíorú an bhfuil víosa ghearrfhanachta bhailí, víosa fadfhanachta bhailí nó cead cónaithe bailí ina seilbh ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe ina seilbh acu, de réir mar is infheidhme. Chun na críche sin, maidir le víosaí gearrfhanachta, soláthróidh iompróirí na sonraí a liostaítear faoi phointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 9(4) den Rialachán seo, nó faoi phointe (a), (b) agus (c) d’Airteagal 22c, de réir mar is infheidhme I gcásanna nach lamháiltear do phaisinéirí dul ar bord mar gheall ar iarratas in VIS, soláthróidh iompróirí an fhaisnéis sin do phaisinéirí agus na meáin chun feidhmiú a gcearta i leith rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta a stóráiltear in VIS agus na sonraí sin a cheartú agus a scriosadh.. [Leasú 154]

2.  Chun críche mír 1 a chur chun feidhme, nó chun críche aon díospóid fhéideartha a d’fhéadfadh a eascairt as cur i bhfeidhm na míre sin, coinneoidh eu-LISA logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfaidh iompróirí laistigh den gheata iompróra. Taispeánfaidh na logaí sin dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a úsáideadh don iniúchadh, na sonraí a tarchuireadh leis an geata iompróra, agus ainm an iompróra i dtrácht.

Stórálfar logaí go ceann tréimhse 2 bhliain. Úsáidfear bearta iomchuí chun logaí a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe.

3.  Le rochtain shlán ar an ngeata iompróra dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(h) de Chinneadh 2004/512/CE arna leasú leis an Rialachán seo, 2a(h), lena n-áirítear an fhéidearthacht réitigh theicniúla mhóibíleacha a úsáid, lamhálfar d’iompróirí an tseiceáil iarratais dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh sula rachaidh paisinéir ar bord. Cuirfidh an t-iompróir na sonraí atá sa chuid den doiciméad taistil atá meaisín-inléite ar fáil agus sonróidh sé an Ballstát dul isteach. De mhaolú, i gcás idirthuras aerfoirt, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an iompróir a fhíorú an bhfuil víosa ghearrfhanachta bailí, víosa fadfhanachta bailí nó cead cónaithe bailí, de réir mar is infheidhme, i seilbh an náisiúnaigh tríú tír. [Leasú 155]

4.  Léireoidh an freagra ó VIS cibé acu atá nó nach bhfuil víosa ghearrfhanachta bailí, víosa fadfhanachta bailí nó cead cónaithe bailí ag an duine, de réir mar is infheidhme, agus soláthrófar “CGL/NÍL SÉ CGL” do na hiompróirí. I gcás inar eisíodh údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, tabharfar san áireamh san fhreagra a chuirfidh VIS ar fáil an Ballstát/na Ballstáit ina bhfuil an víosa bailí mar aon leis an mBallstát dul isteach arna shonrú ag an iompróir. Féadfaidh iompróirí pé faisnéis a sheoltar a stóráil mar aon leis an bhfreagra a gheofar i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Ní mheasfar an freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” a bheith ina chinneadh cead isteach a údarú nó a dhiúltú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le feidhmiú an gheata iompróra agus leis na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2). [Leasú 156]

5.  Bunófar scéim fíordheimhnithe, d’iompróirí amháin, d’fhonn rochtain a thabhairt ar an ngeata iompróra, chun críocha mhír 2, do na baill chuí-údaraithe d’fhoireann na n-iompróirí. Agus an scéim fíordheimhnithe á bunú, cuirfear san áireamh bainistiú riosca a bhaineann le slándáil faisnéise agus na prionsabail maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Glacfaidh an Coimisiún an scéim fíordheimhnithe sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2). [Leasú 157]

5a.  Úsáidfidh an geata iompróra bunachar sonraí ar leith, a bheidh inléite amháin, a ndéanfar nuashonrú air go laethúil trí asbhaint-aon-slí a dhéanamh ar an íos-fhothacar sonraí is gá arna stóráil in VIS. Beidh eu-LISA freagrach as slándáil an gheata iompróra, as slándáil na sonraí pearsanta atá ann agus as an bpróiseas lena mbainfear sonraí pearsanta agus lena gcuirfear isteach iad sa bhunachar sonraí ar leith, atá inléite amháin. [Leasú 158]

5b.  Na hiompróirí ar muir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir na bpionós dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 26(2) den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (“an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme”) agus le hAirteagal 4 de Threoir 2001/51/CE ón gComhairle nuair a bheidh náisiúnaigh tríú tír á n-iompar acu nach bhfuil víosa bhailí thaistil acu cé go bhfuil siad faoi réir cheanglas víosa thaistil. [Leasú 159]

5c.  Má dhiúltaítear cead isteach do náisiúnaigh tríú tír, beidh sé d’oibleagáid ar aon iompróir a thug go dtí na teorainneacha seachtracha iad, san aer, ar muir agus ar talamh, freagracht láithreach a ghlacadh astu an athuair. Arna iarraidh sin ag na húdaráis teorann, beidh sé d’oibleagáid ar na hiompróirí na náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh ar an tríú tír ónar iompraíodh iad, ar an tríú tír a d’eisigh an doiciméad taistil lenar thaistil siad, nó ar aon tríú tír eile a bhfuil sé cinnte go ligfear isteach inti iad. [Leasú 160]

5d.  De mhaolú ar mhír 1, d’iompróirí a iompraíonn grúpaí thar tír i gcoiste, sna chéad 3 bliana tar éis thús chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh an fíorú dá dtagraítear i mír 1 roghnach agus ní bheidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear i mír 5b maidir leo. [Leasú 161]

Airteagal 45c

Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, ag iompróirí na sonraí a rochtain

1.  I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an cuardach dá dtagraítear in Airteagal 45b(1) a dhéanamh, de bharr gur chlis ar chuid éigin de VIS nó ar chúiseanna eile nach bhfuil neart ag na hiompróirí orthu, déanfar na hiompróirí a dhíolmhú ón oibleagáid a fhíorú, tríd an ngeata iompróra a úsáid, an bhfuil víosa bhailí nó doiciméad taistil bailí ag taistealaí. I gcás ina mbraithfidh an t‑údarás bainistíochta eu-LISA cliseadh den chineál sin, cuirfidh sé na hiompróirí ar an eolas faoi. Cuirfidh sé na hiompróirí ar an eolas freisin nuair a bheidh an cliseadh réitithe. I gcás ina mbraithfidh na hiompróirí cliseadh den chineál sin, féadfaidh siad an t‑údarás bainistíochta eu-LISA a chur ar an eolas faoi. [Leasú 162]

1a.  Maidir leis na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 45b(5b), ní fhorchuirfear ar iompróirí iad sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. [Leasú 163]

1b.  Más rud é, ar chúiseanna eile seachas mar gheall ar chliseadh ar chuid éigin de VIS, nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, dul ar aghaidh leis an iarratas seiceála dá dtagraítear in Airteagal 45b(1) ar feadh tréimhse fhada ama, cuirfidh an t-iompróir sin eu-LISA ar an eolas. [Leasú 164]

2.  Déanfar mionsonraí na nósanna imeachta cúltaca a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Airteagal 45d

Rochtain ar shonraí VIS ag foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta

1.  Chun na cumhachtaí agus cúraimí a fheidhmiú de bhun Airteagal 40(1) de Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus i dteannta na rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 40(8) den Rialachán sin, beidh an ceart ag baill Fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó ag foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, de réir a sainordaithe, chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in VIS, agus chun cuardach a dhéanamh sna sonraí sin. [Leasú 165]

2.  Chun an rochtain dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, ainmneoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta aonad speisialaithe le hoifigigh chuí-chumhachtaithe de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh mar lárphointe rochtana. Fíorófar tríd an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45e maidir le rochtain ar VIS a iarraidh.

__________

* Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

Airteagal 45e

Coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí VIS ag foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta

1.  I bhfianaise na rochtana dá dtagraítear i mír1 d’Airteagal 45d, féadfaidh Foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta iarraidh a dhéantar ar na sonraí uile nó ar thacar sonraí atá stóráilte in VIS a cheadú a chur faoi bhráid an lárphointe rochtana de chuid an Garda Teorann agus Cósta Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 45d(2). Déanfar tagairt san iarraidh sin don phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, agus faireachas teorann agus/nó filleadh atá ag an mBallstát sin ar a bhfuil an iarraidh bunaithe. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, déanfaidh lárphointe rochtana an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a fhíorú an bhfuil na coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 2 comhlíonta. Más rud é go bhfuil na coinníollacha rochtana uile comhlíonta, déanfaidh foireann chuí-údaraithe an lárphointe rochtana na hiarrataí a phróiseáil. Tarchuirfear na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu in VIS chuig an bhfoireann ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí sin. [Leasú 166]

2.  Chun cead rochtana a thabhairt, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

   (a) tugann an Ballstát óstach údarú do na baill foirne VIS a cheadú chun na haidhmeanna oibríochtúla a shonraítear sa phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus filleadh faireachas teorann a chomhlíonadh, agus [Leasú 167]
   (b) ní mór VIS a cheadú chun na cúraimí sonracha a chuireann an Ballstát óstach de chúram ar an bhfoireann a dhéanamh.

3.  I gcomhréir le hAirteagal 40(3) de Rialachán (AE) 2016/1624, ní fhéadfaidh baill na bhfoirne, ná foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, gníomhú chun freagairt ar fhaisnéis arna fáil ó VIS ach amháin de réir treoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh an Bhallstáit óstaigh ina bhfuil siad ag oibriú, agus, mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh siad gníomhú amhlaidh ach amháin i láthair na ngardaí teorann nó na mball foirne sin. Féadfaidh an Ballstát óstach baill na bhfoirne a údarú chun gníomhú thar a cheann. [Leasú 168]

4.  I gcás amhrais nó má theipeann ar fhíorú chéannacht shealbhóir na víosa, shealbhóir na víosa fadfhanachta nó shealbhóir an cheada cónaithe, treoróidh ball d’fhoireann an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh an duine chuig garda teorann de chuid na an Bhallstáit óstaigh.

5.  Déanfaidh baill na bhfoirne sonraí VIS a cheadú mar seo a leanas:

   (a) Agus na cúraimí a bhaineann le seiceálacha teorann de bhun Rialachán (AE) 2016/399 á bhfeidhmiú, beidh rochtain ag baill na bhfoirne ar shonraí VIS lena bhfíorú ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 18 nó Airteagal 22d den Rialachán seo, faoi seach;
   (b) Agus baill na bhfoirne ag fíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, beidh rochtain acu ar shonraí VIS lena bhfíorú laistigh de chríoch náisiúnach tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 19 nó Airteagal 22h den Rialachán seo, faoi seach;
   (c) Agus aon duine ar féidir nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó ar féidir nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige á shainaithint, beidh rochtain ag baill na bhfoirne ar shonraí VIS lena sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo.

6.  I gcás ina nochtar de bharr rochtain agus cuardach den chineál sin gurb ann d’amas in VIS, cuirfear an Ballstát eisiúna ar an eolas ina leith sin.

7.  Gach iontráil a dhéanfaidh baill Fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó baill na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh sa loga ar oibríochtaí próiseála sonraí laistigh de VIS, coinneoidh an t‑údarás bainistíochta é i gcomhréir le forálacha Airteagal 34. [Leasú 169]

8.  Gach rochtain agus gach cuardach a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta déanfar é a logáil i gcomhréir le forálacha Airteagal 34 agus déanfar gach úsáid a bhainfear as sonraí a mbeidh rochtain faighte ag foirne na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta orthu a chlárú. [Leasú 170]

9.  Ach amháin más gá ar mhaithe le comhlíonadh na gcúraimí chun críocha an Rialacháin lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), Ní dhéanfar aon chodanna de VIS a nascadh le haon chóras ríomhaireachta atá ann chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó sa Ghníomhaireacht sin, ná ní dhéanfar na sonraí atá in VIS a bhfuil rochtain ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta orthu a aistriú chuig córas den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de VIS a íoslódáil. Ní fhorléireofar logáil rochtana agus cuardach mar íoslódáil nó cóipeáil shonraí VIS. [Leasú 171]

10.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta bearta chun slándáil a áirithiú, dá bhforáiltear in Airteagal 32, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm.”

"

(35a)  Scriostar Airteagail  46, 47 agus 48 ; [Ams. 172, 173 and 174]

(35b)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 48a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9cb agus Airteagal 23 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 9cb agus Airteagal 23 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9cb agus Airteagal 23 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; [Leasú 175]

"

(36)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49:"

“Airteagal 49

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

____________

* Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;

"

(37)  cuirtear an tAirteagal 49 a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 49 a

Grúpa comhairleach

Bunóidh eu-LISA grúpa comhairleach agus soláthróidh sé don ghrúpa sin an saineolas a bhaineann le VIS, go háirithe i gcomhthéacs ullmhú a chláir oibre bhliantúil agus a tuarascála bliantúla gníomhaíochta.” ;

"

(38)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:"

“Airteagal 50

Faireachán agus meastóireacht ar an tionchar ar chearta bunúsacha [Leasú 176]

1.  Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú VIS de réir a chuspóirí maidir le haschur, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse, agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach lena n-áirítear an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun neamh-idirdhealú, cearta an linbh, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh. [Leasú 177]

2.  Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag an údarás bainistíochta eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála a dhéanfar in VIS. [Leasú 178]

3.  Gach dhá bhliain, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil VIS, lena n-áirítear slándáil an chórais sin agus na costais a ghabhann leis, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin. Beidh san áireamh sa tuarascáil sin forléargas ar dhul chun cinn reatha maidir le forbairt an tionscadail agus na costais a ghabhann leis, measúnú tionchair airgeadais, agus faisnéis maidir le haon saincheisteanna teicniúla agus rioscaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chostas foriomlán an chórais. [Leasú 179]

3a.  I gcás moilleanna le linn an phróisis forbartha, cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi na cúiseanna a bhaineann leis na moilleanna agus faoina dtionchar i dtéarmaí ama agus airgeadais. [Leasú 180]

4.  Agus urraim á tabhairt d’fhorálacha an dlí náisiúnta maidir le faisnéis íogair a fhoilsiú, ullmhóidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla maidir le héifeachtacht na rochtana ar shonraí VIS ina mbeidh faisnéis agus staidreamh, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, maidir leis an méid seo a leanas:

   (a) cuspóir baileach an chomhairliúcháin, lena n-áirítear an cineál ciona sceimhlitheoireachta nó an cineál ciona thromchúisigh choiriúil agus rochtain ar shonraí faoi leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois; [Leasú 181]
   (b) an foras réasúnach a tugadh maidir leis an amhras a bhfuil údar leis go bhfuil amhrastach, déantóir nó íospartach i gcatagóir a chumhdaítear leis an Rialachán seo;
   (c) an líon iarrataí ar rochtain ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí;
   (ca) líon agus cineál na gcásanna inar úsáideadh na nósanna imeachta maidir le cásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 22m(2), lena n-áirítear na cásanna sin nuair nár glacadh leis an bpráinn iontu san fhíorú ex post a rinne an lárphointe rochtana; [Leasú 182]
   (d) an líon agus na cineálacha cásanna inar éirigh leis an tsainaithint.
   (da) staidreamh maidir le gáinneáil ar leanaí, lena n-áirítear cásanna ina rabhthas in ann daoine a shainaithint. [Leasú 183]

Tarchuirfear tuarascálacha bliantúla na mBallstát agus Europol chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh an bhliain ina dhiaidh sin. Tiomsóidh an Coimisiún na tuarascálacha bliantúla i dtuarascáil chuimsitheach a fhoilseofar faoin 30 Nollaig an bhliain chéanna. [Leasú 184]

5.  Gach ceithre dhá bhliana, déanfaidh an Coimisiúin meastóireacht fhoriomlán ar VIS. Áireofar sa mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar na torthaí a fuarthas de réir na gcuspóirí a bhí ann agus na gcostas a tabhaíodh, agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnachta, agus a tionchar a chearta bunúsacha, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le VIS, ar shlándáil VIS, ar an úsáid a baineadh as na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 31 agus ar aon impleachtaí ar oibríochtaí amach anseo. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. [Leasú 185]

6.  Soláthróidh na Ballstáit don údarás bainistíochta agus don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, mír 4, agus mír 5 a dhréachtú.

7.  Soláthróidh an t‑údarás bainistíochta don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh.”;

"

(39)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn 1:"

“Liosta de na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 31(1)”. [Leasú 186]

"

(40)  Tar éis Airteagal 22, cuirtear isteach Caibidil IIIa agus Caibidil IIIb seo a leanas:"

CAIBIDIL IIIa

IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AR VÍOSAÍ FADFHANACHTA AGUS CEADANNA CÓNAITHE

Airteagal 22a

Nósanna imeachta maidir le sonraí a iontráil tráth a dhéantar cinneadh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe

1.  Tráth a dhéantar cinneadh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe, cruthóidh an t‑údarás a rinne an cinneadh sin an sainchomhad gan mhoill, trí bhíthin na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 22c nó Airteagal 22d a iontráil in VIS.

1a.  Cruthóidh an t-údarás atá inniúil cinneadh a eisiúint comhad aonair sula n-eiseofar é. [Leasú 187]

2.  Tráth a chruthaítear an sainchomhad, seolfar go huathoibríoch in VIS an cuardach de bhun Airteagal 22b.

3.  Má tá iarratas déanta ag an sealbhóir mar chuid de ghrúpa nó le ball teaghlaigh, cruthóidh an t‑údarás sainchomhad do gach aon duine sa ghrúpa agus nascfaidh sé comhaid na ndaoine a chuir iarratas isteach in éineacht le chéile agus ar tugadh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe dóibh. Ní dhéanfar iarratais ó thuismitheoirí ná ó chaomhnóirí dlíthiúla a dheighilt ó iarratais ó leanaí. [Leasú 188]

4.  I gcás nach gcaithfear sonraí ar leithligh a sholáthar i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta nó nach féidir iad a sholáthar go fíorasach, cuirfear “níl bainteach” sa réimse sainiúil sonraí nó sna réimsí sainiúla sonraí. I gcás méarlorg, ceadóidh an córas idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna nach gá méarloirg a sholáthar i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta agus na cásanna nach féidir iad a sholáthar go fíorasach.

Airteagal 22b

Córais eile a chuardach

1.  Chun measúnú a dhéanamh an bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt don bheartas poiblí, nó don slándáil inmheánach nó don tsláinte phoiblí slándáil inmheánach sna Ballstáit, de bhun Airteagal 6(1)(e) de Rialachán (AE) 2016/399, agus chuige sin amháin, déanfar na comhaid a phróiseáil go huathoibríoch in VIS chun aon amas a bhrath. Déanfar gach comhad ar leithligh a scrúdú in VIS. [Leasú 189]

2.  Gach uair a chruthaítear sainchomhad tar éis víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint nó a dhiúltú de bhun Airteagal 22d , 22c maidir le víosa fadfhanachta nó cead cónaithe cuirfear cuardach ar bun le VIS trí bhíthin na Tairsí Cuardaigh Eorpaí chuardaithe a shainítear in Airteagal 6(1) den [Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] chun comparáid a dhéanamh idir na sonraí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(a), (b), (c), (f) agus (g) den Rialachán seo agus na sonraí ábhartha in VIS, Córas Faisnéise Schengen (SIS), an Córas Dul Isteach agus Imeachta (EES), Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), lena n‑áirítear an liosta faire dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/XX chun Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bhunú [an córas ECRIS-TCN a mhéid a bhaineann le ciontuithe i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha] sonraí Europol, bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil Ghoidte nó Chaillte (SLTD), bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (TDAWN Interpol) Fíorófar an méid seo a leanas le VIS:.

   (a) an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é, gur mí-leithghabháladh é nó gur neamhbhailíodh é in SIS;
   (b) an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é nó gur neamhbhailíodh é in DTGC;
   (c) an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta arna iontráil in SIS;
   (d) an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta in SIS;
   (e) an bhfuil an t-iarratasóir agus an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’údarú taistil a diúltaíodh, a rinneadh a chúlghairm nó a cuireadh ar neamhní i Lárchóras ETIAS;
   (f) an bhfuil an t-iarratasóir agus an doiciméad taistil sa chomhad faireachais dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/1240;
   (g) an bhfuil sonraí maidir leis an iarratasóir ar taifead cheana in VIS i ndáil leis an duine céanna;
   (h) an bhfuil na sonraí a soláthraíodh san iarratas maidir leis an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’iarratas eile ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a ghabhann le sonraí difriúla céannachta;
   (i) an bhfuil sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é nó í an t-iarratasóir nó, trí EES a cheadú, ar tuairiscíodh gur rófhantóir é nó í san am atá caite;
   (j) an bhfuil sé taifeadta in EES gur diúltaíodh cead isteach don iarratasóir;
   (k) an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh, maidir le víosa ghearrfhanachta atá ar taifead in VIS, í a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm;
   (l) an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh, maidir le víosa fadfhanachta nó cead cónaithe atá ar taifead in VIS, í a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm;
   (m) an bhfuil sonraí a bhaineann go sonrach le céannacht an iarratasóra ar taifead i sonraí Europol;
   (n) i gcás inar mionaoiseach an t-iarratasóir, an bhfuil údarás tuismitheora an iarratasóra nó caomhnóir dlí an iarratasóra:
   (i) an bhfuil sé faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta in SIS;
   (ii) an bhfuil sé faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta in SIS;
   (iii) an bhfuil doiciméad taistil aige sa chomhad faireachais dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.

Níor cheart leis an mír seo bac a chur ar iarratas ar thearmann ar fhorais ar bith. Maidir le híospartach coire foréigní amhail foréigean baile nó gáinneáil ar dhaoine arna ndéanamh ag a n-urraitheoir, más amhlaidh go ndéanfaidh an t-íospartach sin iarratas ar víosa a chur isteach, déanfar an comhad a chuirfear chuig VIS a dheighilt ó chomhad an urraitheora chun na híospartaigh a chosaint ar chontúirt bhreise.

Chun baol amas bréagach a sheachaint, aon chuardach maidir le leanaí faoi bhun 14 bliana nó maidir le daoine is sine ná 75 bliana a dhéanfar le haitheantóir bithmhéadracha a glacadh níos mó ná cúig bliana roimh an meaitseáil agus nach ndearbhaíonn céannacht an náisiúnaí tríú tír, beidh sé faoi réir seiceáil éigeantach láimhe ag saineolaithe ar shonraí bithmhéadracha. [Leasú 190]

3.  In VIS, cuirfear leis an sainchomhad tagairt d’aon amas a gheofar de bhun mhír (2) agus mhír (5). Ina theannta sin, sainaithneofar le VIS, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát nó na Ballstáit a d’iontráil na sonraí nó a sholáthair na sonraí ba chúis leis an amas nó na hamais, nó sainaithneofar an é Europol a d’iontráil na sonraí nó a sholáthair na sonraí, agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sa sainchomhad. Ní dhéanfar aon fhaisnéis seachas an tagairt d’aon amas agus tionscnóir na sonraí a thaifeadadh. [Leasú 191]

3a.  Nuair a dhéanfar cuardach ar SLTD, maidir leis na sonraí a úsáideann úsáideoir ESP chun cuardach a sheoladh, ní dhéanfar iad a roinnt le húinéirí shonraí Interpol. [Leasú 192]

4.  Chun críocha Airteagal 2(2)(f) i dtaca le víosa fadfhanachta a eisíodh nó ar cuireadh síneadh léi, leis na cuardaigh a dhéanfar faoi mhír 2 den Airteagal sin cuirfear na sonraí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22c(2) i gcomparáid leis na sonraí atá in SIS chun a chinneadh an bhfuil an sealbhóir faoi réir ceann ar bith de na foláirimh seo a leanas: [Leasú 193]

   (a) foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte nó chun críocha eiseachadta;
   (b) foláireamh maidir le daoine atá ar iarraidh;
   (c) foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach;
   (d) foláireamh maidir le daoine agus rudaí i ndáil le seiceálacha discréideacha, seiceálacha sonracha nó seiceálacha fiosrúcháin. [Leasú 194]

I gcás ina bhfaighfear amas amháin nó roinnt amas de thoradh na comparáide dá dtagraítear sa mhír seo, cuirfidh VIS fógra uathoibrithe chuig údarás lárnach an Bhallstáit a sheol an cuardach agus déanfaidh sé aon bheart leantach is iomchuí Beidh feidhm ag Airteagal 9a(5a), (5b), (5c), (5d), agus Airteagail 9c, 9ca, 9cb mutatis mutandis faoi réir na forálacha sonracha seo a leanas: [Leasú 195]

5.  Maidir le sonraí EES, ETIAS agus VIS a cheadú de bhun mhír 2, beidh na hamais teoranta d’údarú taistil, cead isteach nó víosa a diúltaíodh bunaithe ar fhoras slándála a léiriú.

6.  I gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eiseoidh údarás consalach Ballstáit, nó lena gcuirfidh an t‑údarás sin síneadh, beidh feidhm ag Airteagal 9a. [Leasú 196]

7.  I gcás cead cónaithe a eiseoidh údarás ar chríoch Bhallstáit nó lena gcuirfidh an t‑údarás sin síneadh nó i gcás ina gcuirfidh údarás ar chríoch Bhallstáit síneadh le víosa fadfhanachta, beidh feidhm ag na nithe seo a leanas:

   (a) fíoróidh an t‑údarás sin an bhfuil na sonraí atá ar an taifead sa sainchomhad ag teacht leis na sonraí atá ar fáil in VIS, nó i gceann de na córais faisnéise nó bunachair shonraí de chuid an Aontais Eorpaigh, sonraí Europol, nó bunachair shonraí Interpol a cheadaítear de bhun mhír 2;
   (b) i gcás ina mbainfidh an t‑amas de bhun mhír 2 le sonraí Europol, cuirfear aonad náisiúnta Europol ar an eolas le haghaidh gníomhaíocht leantach;
   (c) i gcás nach gcomhfhreagróidh na sonraí le céannacht an iarratasóra, agus i gcás nach bhfuarthas aon amas eile le linn na huathphróiseála de bhun mhír 2 agus mhír 3, scriosfaidh an t‑údarás an t‑amas bréagach ón gcomhad iarratais;
   (d) i gcás ina gcomhfhreagróidh na sonraí le céannacht an iarratasóra nó i gcás ina mbeidh amhras ann i dtaca le céannacht an iarratasóra, déanfaidh an t‑údarás beart maidir leis na sonraí ba chúis leis an amas de bhun mhír 4 de réir na nósanna imeachta, na gcoinníollacha agus na gcritéar dá bhforáiltear i reachtaíocht AE agus reachtaíocht náisiúnta. [Leasú 197]

Airteagal 22c

Sainchomhad atá le cruthú i gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisítear

Beidh i sainchomhad a chruthaítear de bhun Airteagal 22a(1) na sonraí seo a leanas:

   (1) an t‑údarás a d’eisigh an doiciméad, lena n‑áirítear a shuíomh;
   (2) sonraí an tsealbhóra mar a leanas:
   (a) an sloinne (ainm an teaghlaigh); céadainm (céadainmneacha); dáta bliain bhreithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí faoi láthair; inscne; dáta breithe, láthair bhreithe agus tír bhreithe; [Leasú 198]
   (b) cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil;
   (c) dáta éaga bhailíocht an doiciméid taistil;
   (cc) an t‑údarás a d’eisigh an doiciméad taistil
   (d) i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm nó céadainmneacha údarás tuismitheora nó chaomhnóir dlíthiúil an tsealbhóra;
   (e) sloinne, céadainm agus seoladh an duine nádúrtha nó ainm agus seoladh an fhostóra nó aon eagraíochta eile a mbaineann an t‑iarratas leis;
   (f) íomhá d’aghaidh an tsealbhóra agus, i gcás inar féidir, an íomhá sin a arna ghlacadh beo ar an láthair; [Leasú 199]
   (g) dhá mhéarlorg an tsealbhóra, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta ábhartha;
   (3) na sonraí seo a leanas maidir leis an víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisíodh:
   (a) faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur eisíodh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;
   (b) an áit a ndearnadh an cinneadh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe a eisiúint, agus an dáta a rinneadh an cinneadh sin;
   (c) an cineál doiciméid a eisíodh (víosa fadfhanachta nó cead cónaithe);
   (d) líon na víosaí fadfhanachta nó na gceadanna cónaithe a eisíodh;
   (e) dáta éaga na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe.

Airteagal 22d

Sainchomhad atá le cruthú i gcásanna áirithe nuair a dhiúltaítear víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint

I gcás ina ndéanfar cinneadh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a dhiúltú toisc go meastar gur bagairt é an t‑iarratasóir don bheartas poiblí, don slándáil inmheánach nó don tsláinte phoiblí nó toisc gur thaispeáin an t‑iarratasóir doiciméid a fuarthas go calaoiseach, nó a ndearnadh iad a fhalsú nó a chrioscaíl, cruthóidh an t‑údarás a dhiúltaigh an víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint sainchomhad a mbeidh na sonraí seo a leanas ann: [Leasú 200]

   (a) sloinne, sloinne tráth a bhreithe nó a breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); céadainm (céadainmneacha); inscne; dáta breithe, láthair bhreithe agus tír bhreithe;
   (b) náisiúntacht faoi láthair agus náisiúntacht ag tráth a bhreithe nó a breithe;
   (c) cineál agus uimhir an doiciméid taistil, an t‑údarás a d’eisigh é agus dáta a eisithe agus a éaga;
   (d) i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm nó céadainmneacha údarás tuismitheora nó chaomhnóir dlíthiúil an iarratasóra.
   (e) sloinne, céadainm agus seoladh an duine nádúrtha a mbaineann an t‑iarratas leis; [Leasú 201]
   (f) íomhá d’aghaidh an iarratasóra agus, i gcás inar féidir, an íomhá sin a arna ghlacadh beo ar an láthair; [Leasú 202]
   (g) dhá mhéarlorg an iarratasóra, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta ábhartha;
   (h) faisnéis lena gcuirtear in iúl gur diúltaíodh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe toisc go meastar gur bagairt é an t‑iarratasóir don bheartas poiblí, don slándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí nó toisc gur thaispeáin an t‑iarratasóir doiciméid a fuarthas go calaoiseach, nó a ndearnadh iad a fhalsú nó a chrioscaíl; [Leasú 203]
   (i) an t‑údarás a dhiúltaigh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe, lena n‑áirítear a shuíomh;
   (j) an áit a ndearnadh an cinneadh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe a dhiúltú, agus an dáta a rinneadh an cinneadh sin.

Airteagal 22e

Sonraí atá le cur leis an sainchomhad i gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a aistarraingítear

1.  I gcás ina ndéanfar cinneadh cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a aistarraingt nó tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta a ghiorrú, cuirfidh an t‑údarás a rinne an cinneadh sin na sonraí seo a leanas sa sainchomhad:

   (a) faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur aistarraingíodh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe nó, i gcás víosa fadfhanachta, gur giorraíodh an tréimhse bhailíochta;
   (b) an t‑údarás a d’aistarraing an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe nó a ghiorraigh tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta, lena n‑áirítear a shuíomh;
   (c) an áit a ndearnadh an cinneadh, agus an dáta a rinneadh é.
   (d) dáta nua éaga bhailíocht na víosa fadfhanachta, más iomchuí;
   (e) uimhir an ghreamáin víosa, má tá greamán nua víosa i gceist leis an tréimhse ghiorraithe.

2.  Ina theannta sin, léireofar sa sainchomhad an foras nó na forais chun víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a aistarraingt nó tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta a ghiorrú, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 22d.

Airteagal 22f

Sonraí atá le cur leis an sainchomhad i gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe lena gcuirtear síneadh

I gcás inar cinneadh síneadh a chur le cead cónaithe nó víosa fadfhanachta, cuirfidh an t‑údarás a chuir síneadh leis an gcead cónaithe nó leis an víosa fadfhanachta na sonraí seo a leanas sa sainchomhad:

   (a) faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur cuireadh síneadh leis an víosa fadfhanachta nó leis an gcead cónaithe;
   (b) an t‑údarás a chuir síneadh leis an víosa fadfhanachta nó leis an gcead cónaithe, lena n‑áirítear a shuíomh;
   (c) an áit a ndearnadh an cinneadh, agus an dáta a rinneadh é;
   (d) i gcás víosa fadfhanachta, uimhir an ghreamáin víosa, má tá greamán nua víosa i gceist leis an víosa fadfhanachta ar cuireadh síneadh léi;
   (e) dáta éaga na tréimhse ar cuireadh síneadh léi.

Airteagal 22g

Rochtain ar shonraí chun víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a fhíorú ag pointí trasnaithe teorann seachtraí

1.  Chun céannacht an tsealbhóra doiciméid agus/nó barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú agus chun a fhíorú an meastar nach bhfuil an duine ina bhagairt do bheartas poiblí, slándáil inmheánach nó sláinte phoiblí aon cheann de na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(e) de Rialachán (AE) 2016/399, agus chuige sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis atá inniúil i leith seiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí i gcomhréir leis an Rialachán sin chun cuardach a dhéanamh trí uimhir an doiciméid a úsáid in éineacht le sonra amháin nó roinnt sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c) den Rialachán seo. [Leasú 204]

2.  Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar shonraí maidir le sealbhóir an doiciméid in VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil rialaithe teorann chun sonraí seo a leanas an tsainchomhaid a cheadú, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus chun na gcríoch sin amháin:

   (a) faisnéis maidir le stádas na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe lena gcuirtear in iúl ar eisíodh í nó é, ar aistarraingíodh í nó é, nó ar cuireadh síneadh léi nó leis;
   (b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(3)(c), (d) agus (e);
   (c) más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22e(1)(d) agus (e);
   (d) más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22f(d) agus (e);
   (e) grianghraif íomhánna den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(f). [Leasú 205]

Airteagal 22h

Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe laistigh de chríoch na mBallstát

1.  Chun céannacht an tsealbhóra mar aon le barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú agus chun a fhíorú an meastar nach bhfuil an duine ina bhagairt do bheartas poiblí, slándáil inmheánach nó sláinte phoiblí aon cheann de na Ballstáit, agus chuige sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis atá inniúil i leith seiceálacha a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát lena gcinntear an bhfuil na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát comhlíonta agus, de réir mar is infheidhme, beidh rochtain ag na húdaráis phóilíneachta acu chun cuardach a dhéanamh trí líon na víosaí fadfhanachta nó na gceadanna cónaithe a úsáid in éineacht le sonra amháin nó roinnt sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c). [Leasú 206]

2.  Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar shonraí maidir leis an sealbhóir in VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil chun sonraí seo a leanas an tsainchomhaid a cheadú agus, chomh maith leis sin, más infheidhme, sonraí an chomhaid nó na gcomhad nasctha de bhun Airteagal 22a(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, agus chun na gcríoch sin amháin:

   (a) faisnéis maidir le stádas na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe lena gcuirtear in iúl ar eisíodh í nó é, ar aistarraingíodh í nó é, nó ar cuireadh síneadh léi nó leis;
   (b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(3)(c), (d) agus (e);
   (c) más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22e(1)(d) agus (e);
   (d) más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22f(d) agus (e);
   (e) grianghraif íomhánna den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(f). [Leasú 207]

Airteagal 22i

Rochtain ar shonraí chun an fhreagracht maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh

1.  Chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn chun cuardach a dhéanamh trí bhíthin mhéarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta.

I gcás nach féidir méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin líon na víosaí fadfhanachta nó na gceadanna cónaithe i gcomhar leis na sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c) a úsáid.

2.  Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe in VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil tearmainn chun sonraí seo a leanas an chomhaid iarratais a cheadú agus, maidir leis na sonraí a liostaítear i bpointe (g), chun sonraí i gcomhad nó comhaid iarratais nasctha an chéile agus na leanaí a cheadú, de bhun Airteagal 22a(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus chun na críche sin amháin:

   (a) an t‑údarás a d’eisigh nó a chuir síneadh leis an víosa fadfhanachta nó leis an gcead cónaithe;
   (b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(a) agus (b);
   (c) an cineál doiciméid;
   (d) tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe;
   (e) grianghraif dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(f);
   (f) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(a) agus (b) de chomhad nó comhaid iarratais nasctha an chéile agus na leanaí.

3.  Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus iadsan amháin a dhéanfaidh VIS a cheadú de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 22j

Rochtain ar shonraí chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú

1.  Chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 chun cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta.

I gcás nach féidir méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin líon na víosaí fadfhanachta nó na ndoiciméad cónaithe i gcomhar leis na sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c) a úsáid, nó meascán de shonraí in Airteagal 22d(a), (b), (c) agus (f).

2.  Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar shonraí maidir leis an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta in VIS, beidh rochtain ag an údarás inniúil tearmainn, chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus chun na críche sin amháin, chun sonraí an iarratasóra agus sonraí i gcomhad nó comhaid iarratais nasctha an iarratasóra a iontráladh i dtaobh aon víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisíodh, a diúltaíodh, a aistarraingíodh nó ar cuireadh síneadh lena bailíocht nó lena bhailíocht, dá dtagraítear in Airteagail 22c, 22d, 22e agus 22f, chun na sonraí sin a cheadú de bhun Airteagal 22a(3).

3.  Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 agus iadsan amháin a dhéanfaidh VIS a cheadú de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo.

CAIBIDIL IIIb

Nós imeachta agus coinníollacha rochtana ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

Airteagal 22k

Údaráis ainmnithe na mBallstát

1.  Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis atá i dteideal na sonraí atá stóráilte in VIS a cheadú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú in imthosca iomchuí agus arna sainiú go docht amhail dá dtagraítear in Airteagal 22n. Ní lamhálfar do na húdaráis sin ach féachaint ar shonraí leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois chun leanaí ar iarraidh agus leanaí arb íospartaigh ar choiriúlacht thromchúiseach iad a chosaint. [Leasú 208]

2.  Coinneoidh gach Ballstát liosta a mbeidh teorainn dhocht léi de na húdaráis ainmnithe sin. Tabharfaidh gach Ballstát fógra do eu-LISA agus don Choimisiún maidir lena chuid údarás ainmnithe agus féadfaidh sé fógra eile a chur in ionad an fhógra nó é a leasú tráth ar bith. [Leasú 209]

3.  Ainmneoidh gach Ballstát lárphointe rochtana a mbeidh rochtain aige ar VIS. Fíoróidh an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22n maidir le rochtain ar VIS a iarraidh.

Féadfaidh an t‑údarás ainmnithe agus an lárphointe rochtana a bheith san eagraíocht chéanna, má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta, ach gníomhóidh an lárphointe rochtana go hiomlán neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe agus a chúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. Beidh an lárphointe rochtana ar leithligh ó na húdaráis ainmnithe agus ní bhfaighidh sé treoracha uathu maidir le toradh an fhíoraithe a dhéanfaidh sé go neamhspleách.

Ag brath ar a struchtúr eagraíochtúil agus riaracháin, féadfaidh na Ballstáit níos mó ná aon lárphointe rochtana amháin a ainmniú chun a gceanglais bhunreachtúla nó dhlíthiúla a chomhlíonadh.

4.  Tabharfaidh gach Ballstát fógra do eu-LISA agus don Choimisiún maidir lena chuid lárphointí rochtana agus féadfaidh sé fógra eile a chur in ionad an fhógra nó é a leasú tráth ar bith.

5.  Ar an leibhéal náisiúnta, coimeádfaidh gach Ballstát liosta de na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe rochtain a iarraidh ar shonraí atá stóráilte in VIS trí na lárphointí rochtana.

6.  Is í foireann chuí-chumhachtaithe na lárphointí rochtana agus í sin amháin a bheidh údaraithe VIS a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 22m agus Airteagal 22n.

Airteagal 22l

Europol

1.  Ainmneoidh Europol ceann amháin dá aonaid oibríochtúla mar “údarás ainmnithe Europol” agus tabharfaidh sé údarás dó rochtain a iarraidh ar VIS trí lárphointe rochtana ainmnithe VIS dá dtagraítear i mír 2 chun tacú le bearta na mBallstát agus chun iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

2.  Ainmneoidh Europol aonad speisialaithe ina mbeidh oifigigh chuí-chumhachtaithe Europol mar lárphointe rochtana. Fíoróidh an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22p maidir le rochtain ar VIS a iarraidh.

I dtaca lena chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, gníomhóidh an lárphointe rochtana go hiomlán neamhspleách agus ní bhfaighidh sé treoracha ó údarás ainmnithe Europol dá dtagraítear i mír 1 i dtaobh thoradh an fhíoraithe sin. [Leasú 210]

Airteagal 22m

Nós imeachta le haghaidh rochtain ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

1.  Cuirfidh na haonaid oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 22k(5) iarraidh réasúnaithe i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach faoi bhráid na lárphointí rochtana dá dtagraítear in Airteagal 22k(3) le haghaidh rochtain ar shonraí arna stóráil in VIS. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, fíoróidh an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana an bhfuil na coinníollacha maidir le rochtain dá dtagraítear in Airteagal 22n comhlíonta. Má tá na coinníollacha rochtana comhlíonta, déanfaidh an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana na hiarrataí a phróiseáil. Cuirfear na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu in VIS ar aghaidh chuig na haonaid oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 22k(5) ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí sin.

2.  I gcás práinn eisceachtúil nuair is gá garchontúirt do bheatha duine a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó le cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, déanfaidh an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana an iarraidh a phróiseáil láithreach agus fíoróidh siad ex post ar comhlíonadh na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 22n, lena n‑áirítear an raibh cás práinne ann i ndáiríre. Déanfar an fíorú ex post gan moill mhíchuí agus, ar aon chuma, ag tráth nach déanaí ná seacht lá oibre tar éis an iarraidh a phróiseáil.

3.  I gcás ina gcinntear leis an bhfíorú ex post nach raibh údar leis an rochtain ar shonraí VIS, déanfaidh na húdaráis uile a cheadaigh na sonraí sin in VIS an fhaisnéis a raibh rochtain acu uirthi a scriosadh láithreach agus cuirfidh siad na lárphointí rochtana ar an eolas faoin scriosadh sin. [Leasú 211]

Airteagal 22n

Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe na mBallstát

1.  [on interoperability (borders and visas)] Gan dochar d’Airteagal 22 de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)], féadfaidh údaráis ainmnithe VIS a rochtain chun é a cheadú má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: [Leasú 212]

   (a) is gá agus is comhréireach rochtain a thabhairt chun VIS a cheadú ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;
   (b) is gá agus is comhréireach rochtain a thabhairt chun VIS a cheadú i gcás ar leith;
   (c) má tá foras réasúnach ann chun a mheas go bhféadfaidh ceadú shonraí VIS a bheith ina mhórchuidiú chun aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe sa Rialachán seo;
   (ca) i dtaca le cuardaigh le méarloirg, seoladh cuardach roimhe sin i gcóras uathoibrithe um shainaithint méarlorg na mBallstát eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil méarloirg a chur i gcomparáid, agus rinneadh an cuardach sin ina iomláine nó ní dhearnadh an cuardach sin ina iomláine laistigh de 24 uair an chloig ón uair a cuireadh tús leis. [Leasú 213]
   (c) i gcásanna inar seoladh iarraidh ar chuardach chuig an stóras coiteann sonraí céannachta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)], i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, dá dtagraítear i mír 5 d’Airteagal 22 den Rialachán sin 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht]], go bhfuil sonraí á stóráil in VIS. [Leasú 214]

2.  Ní gá an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 a chomhlíonadh i gcásanna ina mbeidh rochtain ar VIS riachtanach mar uirlis chun an cúlra i dtaobh víosaí nó tréimhsí údaraithe fanachta ar chríoch na mBallstát a cheadú i dtaobh amhrastach aitheanta, déantóir aitheanta nó íospartach amhrasta aitheanta ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile.

3.  Beidh ceadú VIS teoranta do chuardach a dhéanamh sa chomhad iarratais sa sainchomhad le haon cheann de na sonraí seo a leanas: [Leasú 215]

   (a) sloinne nó sloinnte (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha, dáta bliain bhreithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí agus/nó inscne; [Leasú 216]
   (b) cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil, cód trí litir na tíre eisiúna agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;
   (c) uimhir an ghreamáin víosa nó uimhir na víosa fadfhanachta nó an doiciméid cónaithe agus dáta éaga bhailíocht na víosa, na víosa fadfhanachta nó an doiciméid cónaithe, de réir mar is infheidhme;
   (d) méarloirg, lena n‑áirítear méarloirg neamhfhollasa;
   (e) íomhá den aghaidh.

3a.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar indéantacht, infhaighteacht, ullmhacht agus iontaofacht na teicneolaíochta is gá chun íomhánna den aghaidh a úsáid chun duine a shainaithint. [Leasú 217]

3b.  Ní hí an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (ea) de mhír 3 an t-aon chritéar cuardaigh amháin. [Leasú 218]

4.  I gcás ina bhfaighfear amas nuair a dhéanfar VIS a cheadú, tabharfar rochtain ar aon sonraí a liostaítear i mír 3 den Airteagal seo mar aon le haon sonraí eile ón gcomhad iarratais nó ón sainchomhad, lena n-áirítear sonraí arna n-iontráil maidir le haon doiciméad a eisíodh, a diúltaíodh, a cuireadh ar neamhní, a rinneadh a chúlghairm nó ar cuireadh síneadh leis. Ní thabharfar rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4)(l) d’Airteagal 9 as mar atá ar taifead sa chomhad iarratais ach amháin má rinneadh ceadú na sonraí sin a iarraidh go sainráite in iarraidh réasúnaithe agus a formheasadh de bharr fíorú neamhspleách. [Leasú 219]

Airteagal 22o

Rochtain ar VIS chun daoine a shainaithint i gcásanna ar leith

De mhaolú ar Airteagal 22n(1), ní bheidh sé d’oibleagáid ar údaráis ainmnithe na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin a chomhlíonadh chun rochtain ar VIS a fháil ar mhaithe le daoine a bhí ar iarraidh, go háirithe leanaí, a shainaithint, ar daoine iad a bhí ar iarraidh, a fuadaíodh nó a sainaithníodh ina n-íospartaigh gáinneála ar dhaoine agus a bhfuil forais thromchúiseacha ina leith lena mheas go gcuideoidh ceadú shonraí VIS na daoine sin a shainaithint agus go mbeidh sé ina rannchuidiú imscrúdú a dhéanamh ar chásanna sonracha gáinneála ar dhaoine. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh na húdaráis ainmnithe cuardach a dhéanamh in VIS le méarloirg na ndaoine sin. [Leasú 220]

I gcás nach féidir méarloirg na ndaoine sin a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 9(4) nó i bpointe (a) agus (b) d’Airteagal 22c(2). [Leasú 221]

I gcás ina bhfaighfear amas nuair a dhéanfar VIS a cheadú, tabharfar rochtain ar aon sonraí in Airteagal 9, in Airteagal 22c nó in Airteagal 22d, mar aon leis na sonraí in Airteagal 8(3) agus (4) nó in Airteagal 22a(3). [Leasú 222]

Airteagal 22p

Nós imeachta agus coinníollacha le haghaidh rochtain ag Europol ar shonraí VIS

1.  Beidh rochtain ag Europol chun VIS a cheadú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

   (a) is gá agus is comhréireach an ceadú chun tacú le bearta na mBallstát agus chun iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a thagann faoi réim shainordú Europol a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;
   (b) is gá agus is comhréireach an ceadú i gcás ar leith;
   (c) má tá foras réasúnach ann chun a mheas go bhféadfaidh ceadú shonraí VIS a bheith ina mhórchuidiú chun aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe sa Rialachán seo;
   (d) i gcásanna inar seoladh iarraidh ar chuardach chuig an stóras coiteann sonraí céannachta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)], i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, dá dtagraítear in Airteagal 22(3) den Rialachán sin, go bhfuil sonraí á stóráil in VIS.

2.  Beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22n(2), (3) agus (4) dá réir sin.

3.  Féadfaidh údarás ainmnithe Europol iarraidh leictreonach réasúnaithe a dhéanamh chun na sonraí uile nó tacar sonraí ar leith atá stóráilte in VIS a cheadú agus an iarraidh sin a chur chuig lárphointe rochtana Europol dá dtagraítear in Airteagal 22k(3) 22l(2). Ar iarraidh a fháil ar rochtain, déanfaidh lárphointe rochtana Europol a fhíorú an bhfuil na coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 comhlíonta. Más tá na coinníollacha rochtana uile comhlíonta, déanfaidh foireann chuí-údaraithe an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana na hiarrataí a phróiseáil. Cuirfear na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu in VIS ar aghaidh chuig na haonaid oibríoctúla dá dtagraítear in Airteagal 22l(1) ar bhealach nach sáraíonn slándáil na sonraí sin. [Leasú 223]

4.  An phróiseáil ar fhaisnéis a fuair Europol trí shonraí VIS a cheadú, beidh sí faoi réir údarú ón mBallstát tionscnaimh. Gheofar an t‑údarú sin trí aonad náisiúnta Europol sa Bhallstát sin.

Airteagal 22q

Logáil agus doiciméadú

1.  Áiritheoidh gach Ballstát agus Europol go ndéanfar gach oibríocht próiseála sonraí a thagann as iarrataí ar rochtain ar shonraí VIS i gcomhréir le Caibidil IIIc a logáil IIIb a thaifeadadh nó a dhoiciméadú chun críocha faireachán a dhéanamh ar inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus ar shláine agus ar shlándáil sonraí agus chun críocha féinfhaireacháin agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar chearta bunúsacha, agus chun críocha féinfhaireacháin.

Úsáidfear bearta iomchuí chun na taifeadtaí nó na doiciméid sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, agus scriosfar iad dhá bhliain tar éis a gcruthaithe, mura mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin. [Leasú 224]

2.  Léireoidh an loga nó an doiciméadacht an méid seo a leanas, i ngach cás:

   (a) cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar rochtain ar shonraí VIS, lena n‑áirítear an cion sceimhlitheoireachta nó an cion coiriúil tromchúiseach eile lena mbaineann agus, i gcás Europol, cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar rochtain;
   (b) tagairt an chomhaid náisiúnta;
   (c) an dáta agus an t‑am baileach ar iarr an lárphointe rochtana rochtain ar lárchóras VIS;
   (d) ainm an údaráis a d’iarr rochtain le haghaidh ceadaithe;
   (e) más infheidhme, an cinneadh arna ghlacadh maidir leis an bhfíorú ex post;
   (f) na sonraí a úsáideadh le haghaidh ceadaithe;
   (g) i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nó le Rialachán (AE) 2016/794 nó, i gcás inarb infheidhme, le Rialachán (AE) 2018/1725, aitheantas uathúil úsáideora an duine a rinne an cuardach agus an t-oifigeach a d’ordaigh an cuardach. [Leasú 225]

3.  Ní úsáidfear logaí ná doiciméadacht ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí, chun faireachán ar an tionchar ar chearta bunúsacha, agus chun sláine agus slándáil sonraí a áirithiú. Ní fhéadfaidh ach logaí nach gcuimsíonn sonraí pearsanta a úsáid i gcomhair an fhaireacháin agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 50 den Rialachán seo. An t-údarás maoirseachta, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680, atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus as sláine agus slándáil na sonraí, beidh rochtain aige ar na logaí seo arna iarraidh sin dó chun críche a dhualgais a chomhlíonadh. [Leasú 226]

Airteagal 22r

Coinníollacha le haghaidh rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós

1.  Beidh rochtain ar shonraí VIS chun é a cheadú ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

   (a) tá an rochtain laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí;
   (b) tá an rochtain faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 22n(1);
   (c) sula dtabharfar rochtain ar shonraí VIS, déanfar iarraidh chuí-réasúnaithe i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach a chur faoi bhráid údarás ainmnithe Ballstáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis; ansin iarrfaidh an t‑údarás ar an lárphointe rochtana náisiúnta nó na lárphointí rochtana náisiúnta VIS a cheadú.

2.  Ballstát nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós, cuirfidh sé an fhaisnéis atá aige faoi víosaí ar fáil do na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, bunaithe ar iarraidh chuí-réasúnaithe i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22n(1).

_____________

* Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).”.

Airteagal 22ra

Cosaint sonraí pearsanta arna rochtain i gcomhréir le Caibidil IIIb

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na dlíthe náisiúnta, na rialacháin náisiúnta agus na forálacha riaracháin náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680, infheidhme freisin i dtaca le rochtain a thabhairt ar VIS do na húdaráis náisiúnta faoin gcaibidil seo, lena n-airítear i dtaca lena gcearta siúd a ndéantar a gcuid sonraí a rochtain ar an gcuma sin.

2.   Is é an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680 a dhéanfaidh faireachán ar dhlíthiúlacht na rochtana a thabharfar do na Ballstáit ar shonraí pearsanta i gcomhréir leis an gCaibidil seo, lena n-áirítear tarchur na sonraí sin chuig VIS agus as. Beidh feidhm dá réir ag Airteagal 41(3) agus (4) den Rialachán seo.

3.   Beidh an phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh Europol de bhun an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus faoi mhaoirseacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

4.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhainfear as VIS i gcomhréir leis an gCaibidil seo a phróiseáil ach amháin d’fhonn an cás sonrach ar iarr Ballstát nó Europol na sonraí ina leith a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

5.   Coinneoidh eu-LISA, na húdaráis ainmnithe, na lárphointí rochtana agus Europol logaí dá dtagraítear in Airteagal 22q chun gur féidir leis an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680 agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh rialacha cosanta sonraí an Aontais agus rialacha cosanta sonraí náisiúnta a bheith á gcomhlíonadh ag an bpróiseáil sonraí. Cé is moite de na sonraí a bheidh á gcoimeád chun na críche sin, déanfar, tar éis 30 lá, sonraí pearsanta chomh maith leis na taifid ar chuardaigh a rinneadh, a léirscriosadh ó na comhaid náisiúnta uile agus ó chomhaid Europol uile, ach amháin má tá na sonraí agus na taifid sin de dhíth chun críocha an imscrúdaithe choiriúil shonraigh atá fós ar siúl agus ar iarr an Ballstát nó Europol na sonraí ina leith. [Leasú 227]

"

Airteagal 2

Leasuithe ar Chinneadh 2004/512/CE [Leasú 228]

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2) de Aisghairtear Cinneadh 2004/512/CE. Déanfar tagairtí don Chinneadh sin a fhorléiriú mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn 2.:"

“2. Bunófar an Córas Faisnéise Víosaí ar ailtireacht láraithe agus is é a bheidh ann:

   (a) an stóras coiteann sonraí céannachta dá dtagraítear in [Airteagal 17(2)(a) de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht],
   (b) córas lárnach faisnéise, dá ngairtear an “lárchóras faisnéise víosaí’ (VIS) anseo feasta,
   (c) comhéadan i ngach Ballstát, dá ngairtear an “comhéadan náisiúnta” (NI-VIS) anseo feasta lena ndéanfar an nasc le húdarás náisiúnta láir ábhartha an Bhallstáit i gceist, nó comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta i ngach Ballstát a bheidh bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla coiteanna agus iad ar aon dul le chéile sna Ballstáit uile ionas gur féidir ceangal a dhéanamh idir an córas lárnach agus na bonneagair teorann náisiúnta sna Ballstáit,
   (d) bonneagar cumarsáide idir an córas lárnach faisnéise víosaí (VIS) agus na comhéadain náisiúnta (NI-VISanna);
   (e) bealach cumarsáide slán idir lárchóras VIS agus lárchóras EES;
   (f) bonneagar cumarsáide slán idir lárchóras VIS agus bonneagair láir na tairsí Eorpaí chuardaithe arna bunú le [hAirteagal 6 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht], an tseirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí arna bunú le [hAirteagal 12 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht], an stóras coiteann sonraí céannachta arna bhunú le [hAirteagal 17 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht] agus an brathadóir ilchéannachtaí arna bhunú le [Airteagal 25 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht];
   (g) sásra le haghaidh comhairliúchán idir údaráis víosaí láir i dtaobh iarratas agus malartú faisnéise (“VISMail”);
   (h) geata iompróra;
   (i) seirbhís gréasáin shlán lena gcumasaítear cumarsáid idir VIS, sa chéad chás de, agus an geata iompóra, agus na córais idirnáisiúnta (córais/bunachair shonraí Interpol), sa dara cás de;
   (j) stóras sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh.

Déanfaidh an lárchóras, na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta, an tseirbhís gréasáin, an geata iompróra agus an bonneagar cumarsáide atá ag VIS comhpháirteanna crua-earraí agus comhpháirteanna bogearraí ó lárchóras EES, comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta EES, geata iompróra ETIAS, seirbhís gréasáin EES, agus bonneagar cumarsáide EES a chomhroinnt agus a athúsáid, a oiread is féidir go teicniúil.”. [Leasú 229]

"

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 810/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 10(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

“ (c) grianghraf a thíolacadh i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 nó beoghlacadh d’íomhá den aghaidh a lamháil tráth an chéad iarratais agus ar a laghad gach 59 mí tar éis sin i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach in Airteagal 13 den Rialachán seo.”; [Leasú 230]

"

(2)  Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:"

“– grianghraf a glacadh beo ar an láthair agus a bailíodh go digiteach tráth an iarratais;”; [Leasú 231]

"

(b)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"

“I gcás inar bailíodh méarloirg agus grianghraf de cháilíocht leordhóthanach ón iarratasóir agus inar iontráladh iad in VIS mar chuid d’iarratas a taisceadh ag tráth is lú ná 59 mí roimh dháta an iarratais nua, d’fhéadfaí na [sonraí] déanfar sin a chóipeáil isteach san iarratas a dhéanfar ina dhiaidh sin.”; [Leasú 232]

"

(c)  i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

“(a) leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois agus daoine os cionn 70 bliain d’aois;”; [Leasú 253]

"

(d)  scriostar mír 8;

(3)  Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. I dtaca le gach iarratas, déanfar VIS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 8(2), Airteagal 9a agus Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear lánúsáid as na critéir chuardaigh uile de bhun na n‑airteagal seo chun diúltú bréagach agus céannú bréagach a sheachaint.

"

(b)  cuirtear isteach mír 3a agus mír 3b mar seo a leanas:"

“3a. Chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le dul isteach dá bhforáiltear i mír 3, cuirfidh an chonsalacht san áireamh an toradh a bheidh ar an bhfíorú a dhéanfar ar na bunachair shonraí seo a leanas de bhun Airteagal 9c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008:

   (a) SIS agus SLTD chun a sheiceáil an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é nó gur neamhbhailíodh é agus an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil atá ar taifead i gcomhad in TDAWN Interpol; [Leasú 233]
   (b) lárchóras ETIAS chun seiceáil an bhfuil an t‑iarratas ag comhfhreagairt d’iarratas ar údarú taistil a diúltaíodh, a rinneadh a chúlghairm nó a cuireadh ar neamhní;
   (c) bunachar sonraí VIS chun seiceáil an bhfuil na sonraí a soláthraíodh san iarratas maidir leis an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’iarratas eile ar víosa a ghabhann le sonraí difriúla céannachta agus, lena chois sin, an raibh an t‑iarratasóir faoi réir cinneadh i dtaobh víosa ghearrfhanachta a dhiúltú, a chúlghairm nó a chur ar neamhní;
   (d) bunachar sonraí EES chun seiceáil an bhfuil sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é an t‑iarratasóir, nó ar tuairiscíodh gur rófhantóir é san am atá caite nó ar diúltaíodh cead isteach don iarratasóir san am atá caite;
   (e) bunachar sonraí Eurodac chun seiceáil an raibh an t‑iarratasóir faoi réir tharraingt siar nó dhiúltú an iarratais ar mhaithe le cosaint idirnáisiúnta;
   (f) sonraí Europol chun seiceáil an gcomhfhreagraíonn na sonraí a soláthraíodh san iarratas do shonraí atá ar taifead sa bhunachar sonraí sin;
   (g) an córas ECRIS-TCN chun seiceáil an gcomhfhreagraíonn an t‑iarratasóir do dhuine a bhfuil a shonraí ar taifead sa bhunachar sonraí sin i ngeall ar chionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile; [Leasú 234]
   (h) bunachar sonraí SIS chun seiceáil an bhfuil an t‑iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta.

Beidh rochtain ag an gconsalacht ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhad iarratais nasctha, más ann dó, mar aon le toradh na bhfíoruithe ar fad de bhun Airteagal 9c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

3b.  Ceadóidh an t‑údarás víosaí an brathadóir ilchéannachtaí mar aon leis an stóras coiteann sonraí céannachta dá dtagraítear in Airteagal 4(37) de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] nó Córas Faisnéise Schengen nó an dá rud chun na difríochtaí sna céannachtaí atá nasctha a mheasúnú agus déanfaidh sé aon fhíorú breise is gá chun cinneadh a dhéanamh maidir le stádas agus dath an naisc agus, chomh maith leis sin, chun cinneadh a dhéanamh maidir le víosa an duine lena mbaineann a eisiúint nó a dhiúltú.

I gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin ó thús oibríochtaí an bhrathadóra ilchéannachtaí.”;

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

“4. Fíoróidh an chonsalacht, trí bhíthin úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a fuarthas ó EES, nach mbeidh de thoradh an fhanachta atá beartaithe fad uasta aon fhanachta a údaraíodh ar chríoch na mBallstát sáraithe ag an iarratasóir, beag beann ar thréimhsí féideartha fanachta arna n‑údarú faoi víosa fadfhanachta náisiúnta nó faoi chead cónaithe arna eisiúint ag Ballstát eile.”;

"

(4)  cuirtear an tAirteagal 21a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 21a

Táscairí riosca sonracha

-1.  Is é a bheidh sna táscairí riosca sonracha algartam a chumasóidh próifíliú mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 trí chomparáid a dhéanamh idir na sonraí arna dtaifeadadh i gcomhad iarratais lena ngabhann táscairí riosca sonracha a dhíríonn ar shlándáil, inimirce neamhdhleathach nó ar ardrioscaí eipidéime. Beidh na táscairí riosca sonracha cláraithe in VIS. [Leasú 235]

1.  Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 51a chun na rioscaí a bhaineann leis an tslándáil nó leis an inimirce neamhdhlíthiúil nó ardriosca eipidéime a shainiú tuilleadh ar bhonn na nithe seo a leanas: [Leasú 236]

   (a) staitisticí arna ngineadh ag EES lena léirítear rátaí neamhghnácha rófhantóirí agus diúltuithe cead isteach i ndáil le grúpa sonrach taistealaithe a bhfuil víosa acu;
   (b) staitisticí arna ngineadh ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a lena léirítear rátaí neamhghnácha diúltuithe iarratas ar víosa mar gheall ar bhaol imirce neamhrialta, baol slándála nó baol don tsláinte phoiblí a bhaineann le grúpa sonrach taistealaithe grúpa sonrach taistealaithe; [Leasú 237]
   (c) staitisticí arna ngineadh ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a agus ag EES lena léirítear comhghaolta idir faisnéis arna bailiú tríd an bhfoirm iarratais agus rófhanacht nó diúltuithe cead isteach;
   (d) faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit i dtaobh táscairí riosca sonracha maidir le slándáil nó bagairtí sonracha slándála a shainaithin an Ballstát sin;
   (e) faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit maidir le rátaí neamhghnácha rófhantóirí nó diúltuithe cead isteach i gcás grúpa sonrach taistealaithe i leith an Bhallstáit sin;
   (f) faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit maidir le hardrioscaí sonracha eipidéime chomh maith le faisnéis um fhaireachas eipidéimeolaíochta agus measúnuithe riosca arna soláthar ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus ráigeanna galair arna dtuairisciú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS).

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, lena sonrófar na rioscaí dá dtagraítear i mír 1. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2). [Leasú 238]

3.  Ar bhonn na rioscaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1, bunófar táscairí riosca sonracha a bheidh comhdhéanta de shonraí éagsúla lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: [Leasú 239]

   (a) aoisghrúpa, inscne, náisiúntacht;
   (b) tír chónaithe agus cathair chónaithe;
   (c) Ballstát/Ballstáit cinn scríbe
   (d) Ballstát na chéad iontrála;
   (e) cuspóir an taistil;
   (f) slí bheatha reatha.

4.  Beidh na táscairí riosca sonracha spriocdhírithe agus comhréireach. Ní bheidh, i gcás ar bith, na táscairí sin bunaithe ar inscne nó aois duine agus orthu sin amháin. Ní bhunófar iad, i gcás ar bith, ar fhaisnéis maidir le cine an duine, an dath craicinn atá air, a mhianach eitneach nó sóisialta, a airíonna géiniteacha, an teanga atá aige, na tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile atá aige, an reiligiún nó creideamh fealsúnach atá aige, an ball de cheardchumann é, an ball de mhionlach náisiúnta é, an mhaoin atá aige, an áit ar rugadh é, an bhfuil míchumas air nó an claonadh atá ann ó thaobh gnéis de.

5.  Glacfaidh an Coimisiún na táscairí riosca sonracha trí ghníomh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

6.  Úsáidfidh na húdaráis víosaí na táscairí riosca sonracha nuair a dhéanfaidh siad a mheas an bhfuil baol na hinimirce neamhdhleathaí, baol do shlándáil aon cheann de na Ballstáit nó ardriosca eipidéime i gcomhréir le hAirteagal 21(1) ag roinnt leis an iarratasóir. [Leasú 240]

7.  Déanfaidh an Coimisiún agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha na rioscaí sonracha agus na táscairí riosca sonracha a athbhreithniú go tráthrialta.”; [Leasú 241]

"

(4a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:"

“Airteagal 39

Iompar na foirne agus urraim do chearta bunúsacha

1.  Áiritheoidh consalachtaí na mBallstát go gcuirfear fáilte chúirtéiseach roimh na hiarratasóirí. Déanfaidh comhaltaí foirne na gconsalachtaí dínit an duine a lánurramú agus iad i mbun a ndualgas.

2.  Déanfaidh comhaltaí foirne na gconsalachtaí na cearta bunúsacha a lánurramú agus cloífidh siad leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus iad i mbun a ndualgas. Beidh aon bhearta a ghlacfar i gcomhréir leis na cuspóirí a bheidh á saothrú leis na bearta sin.

3.  Agus iad i mbun a gcuid dualgas, ní dhéanfaidh an fhoireann chonsalach idirdhealú in aghaidh daoine ar aon fhoras amhail inscne, tionscnamh ciníoch nó eitneach, dath, bunadh sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Tabharfar tús áite do leas an linbh.”; [Leasú 242]

"

(4b)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 39a

Cearta bunúsacha

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a gcuid cúraimí a chomhall agus dlí ábhartha an Aontais á chomhlíonadh go hiomlán acu, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), an dlí idirnáisiúnta is ábhartha, lena n-áirítear an Coinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951, oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement, agus cearta bunúsacha. I gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, is ar bhonn indibhidiúil a dhéanfar cinntí faoin Rialachán seo. Tabharfar tús áite do leas an linbh.”; [Leasú 243]

"

(5)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:"

“Airteagal 46

Tiomsú staidrimh

Faoin 1 Márta gach bliain, foilseoidh an Coimisiún tiomsú de na staitisticí bliantúla seo a leanas maidir le víosaí in aghaidh na consalachta agus an phointe trasnaithe teorann i gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit astu féin iarratais ar víosa a phróiseáil:

   (a) líon na víosaí idirthurais aerfoirt a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh agus a diúltaíodh;
   (b) líon na víosaí aonfhoirmeachta dul isteach aonuaire, agus líon na víosaí dul isteach iolracha a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh (arna n‑imdhealú de réir a bhfaid bailíochta: bliain amháin, dhá bhliain, trí bliana, ceithre bliana agus cúig bliana) agus a diúltaíodh;
   (c) líon na víosaí a eisíodh a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu.

Tiomsófar na staitisticí sin ar bhonn tuarascálacha arna nginiúint ag lárstóras sonraí VIS i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”;

"

(5a)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 51a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 21a a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón ...[dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 21a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 21a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; [Leasú 244]

"

(6)  in Airteagal 57, scriostar mír 3 agus mír 4.

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2226

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2226 mar a leanas:

(1)  cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 9(2):"

“Leis an gcóras dul isteach/imeachta, cuirfear ar fáil an fheidhmiúlacht chun an liosta sin a bhainistiú go lárnach. Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfeidhmiúlacht sin a bhainistiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2) den Rialacháin seo.”;

"

(2)  in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

“3. Chun a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh faoi phointe (b) d’Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, bainfidh iompróirí úsáid as an tseirbhís gréasáin chun a fhíorú an bhfuil víosa ghearrfhanachta bailí, lena n‑áirítear ar úsáideadh cheana an líon uaireanta dul isteach údaraithe nó ar bhain an sealbhóir amach fad uasta an fhanachta údaraithe nó, de réir mar a bheidh, an bhfuil an víosa bailí i leith chríoch calafoirt cinn scríbe an taistil sin. Cuirfidh iompróirí na sonraí a liostaítear faoi phointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 16(1) den Rialachán seo ar fáil. Ar an mbonn sin, tabharfaidh an tseirbhís gréasáin freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” do na hiompróirí. Féadfaidh iompróirí pé faisnéis a sheoltar a stóráil mar aon leis an bhfreagra a gheofar i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Bunóidh iompróirí scéim fíordheimhniúcháin lena áirithiú gur ag an bhfoireann údaraithe amháin a bheidh rochtain ar an tseirbhís gréasáin. Ní bheidh sé indéanta an freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” a mheas ina chinneadh cead isteach a údarú nó a dhiúltú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 21a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; [Leasú 245]

"

(2a)  In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

“3. I gcás inar gá sonraí maidir le taifead ar dhul isteach/imeacht sealbhóra víosa a iontráil nó a nuashonrú, féadfaidh na húdaráis teorann na sonraí dá bhforáiltear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) agus pointe (c) go pointe (f) d’Airteagal 16(2) den Rialachán seo a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”; [Leasú 246]

"

(2b)  Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. I gcás inar gá sainchomhad a chruthú nó íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 17(1) a nuashonrú, tógfar an íomhá den aghaidh beo.”; [Leasú 247]

"

(b)  cuirtear isteach an mhír seo a leanas:"

“1a. An íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1), déanfar í a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES freisin.”; [Leasú 248]

"

(c)  scriostar mír 5; [Leasú 249]

(3)  in Airteagal 35(4), scriostar an fhoclaíocht “trí bhíthin bhonneagar VIS”.

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/399

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 mar seo a leanas:

(1)  in Airteagal 8(3), cuirtear isteach an pointe (ba) seo a leanas:"

“(ba) má bhíonn víosa fadfhanachta nó cead cónaithe ina sheilbh ag náisiúnach tríú tír, is éard a bheidh sna seiceálacha críochnúla ar dhul isteach go bhfíorófar céannacht an tsealbhóra víosa fadfhanachta nó ceada cónaithe agus barántúlacht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, trí bhíthin an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 22g de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

i gcásanna ina dteipfidh ar an bhfíorú a dhéanfar ar chéannacht an tsealbhóra doiciméid nó ar an bhfíorú a dhéanfar ar an doiciméad i gcomhréir le hAirteagal 22g den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme, nó i gcás ina mbeidh amhras maidir le céannacht an tsealbhóra doiciméid, maidir le barántúlacht an doiciméid agus/nó an doiciméid taistil, déanfaidh foireann chuí-údaraithe na n‑údarás inniúil sin an slis doiciméid a fhíorú.”;

"

(2)  in Airteagal 8(3), scriostar pointí (c) go (f).

Airteagal 7

Leasuithe ar Rialachán (AE) XXX maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí) [an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht]

Leasaítear Rialachán (AE) XXX maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí) [an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht] mar seo a leanas:

(1)  in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6), Airteagal 22c(2)(f) agus (g), agus Airteagal 22d(f) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”

"

(2)  In Airteagal 18(1) cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 9(4)(a), (b) agus (c) go (cc), 9(5) agus (6), 22c(2)(a) go (cc), (f) agus (g), agus 22d(a), (b), (c), (f) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;” [Leasú 250]

"

(3)  in Airteagal 26(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 nuair a chruthaítear nó nuair a nuashonraítear comhad iarratais nó sainchomhad in VIS i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

"

(4)  Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) go ndéantar comhad iarratais a chruthú nó a nuashonrú in VIS i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

"

(b)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm (céadainmneacha); dáta breithe, inscne agus náisiúntacht (náisiúntachtaí) dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), Airteagal 22c(2)(a) agus Airteagal 22d(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

"

(5)  in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i gcás amais a bhíonn ann nuair a chruthaítear nó nuair a nuashonraítear comhad iarratais nó sainchomhad in VIS i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

"

Airteagal 8

Cinneadh 2008/633/CGB a aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB. Déanfar tagairtí do Chinneadh 2008/633 a fhorléiriú mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn 2.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

It shall apply from ... [two years after the date of entry into force] with the exception of the provisions on implementing and delegated acts provided for in points (6), (7), (26), (27), (33) and (35) of Article 1, point (4) of Article 3 and point (1) of Article 4, which shall apply from the date of entry into force of this Regulation.

By ... [one year after the entry into force of this Regulation] the Commission shall submit a report to the European Parliament and to the Council on the state of play of the preparation of the full implementation of this Regulation. That report shall also contain detailed information on the costs incurred and information as to any risks which may impact the overall costs. [Leasú 251]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN 2

Tábla comhghaoil

Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Airteagal 2

Sainmhínithe

Airteagal 4

Sainmhínithe

Airteagal 3

Údaráis ainmnithe agus lárphointí rochtana

Airteagal 22k

Údaráis ainmnithe na mBallstát

Airteagal 22l

Europol

Airteagal 4

Nós imeachta le haghaidh rochtain ar VIS

Airteagal 22m

Nós imeachta le haghaidh rochtain ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

Airteagal 5

Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe na mBallstát

Airteagal 22n

Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe na mBallstát

Airteagal 6

Coinníollacha le haghaidh rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i bhfeidhm ina leith fós

Airteagal 22r

Coinníollacha le haghaidh rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós

Airteagal 7

Coinníollacha le haghaidh rochtain ag Europol ar shonraí VIS

Airteagal 22p

Nós imeachta agus coinníollacha le haghaidh rochtain ag Europol ar shonraí VIS

Airteagal 8

Sonraí pearsanta a chosaint

Caibidil VI

Cearta agus maoirseacht ar chosaint sonraí

Airteagal 9

Slándáil sonraí

Airteagal 32

Slándáil sonraí

Airteagal 10

Dliteanas

Airteagal 33

Dliteanas

Airteagal 11

Féinmhonatóireacht

Airteagal 35

Féinmhonatóireacht

Airteagal 12

Pionóis

Airteagal 36

Pionóis

Airteagal 13

Sonraí VIS a choimeád i gcomhaid náisiúnta

Airteagal 30

Sonraí VIS a choimeád i gcomhaid náisiúnta

Airteagal 14

Ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scriosadh

Airteagal 38

Ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scriosadh

Airteagal 15

Costais

N/A

Airteagal 16

Taifid a choinneáil

Airteagal 22q

Logáil agus doiciméadú

Airteagal 17

Monatóireacht agus meastóireacht

Airteagal 50

Monatóireacht agus meastóireacht

(1)IO C, , lch. .
(2)IO C, , lch. .
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(4)Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5).
(5)Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(6)Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(7)Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha coisc, braite agus imscrúdaithe i ndáil le cionta sceimhlitheora agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129).
(8)Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/636/AE ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2011 lena gcinntear an dáta óna rachaidh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) i mbun oibríochtaí i gcéad réigiún (IO L 249, 27.9.2011, lch. 18).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).
(10)COM(2016)0205.
(11) “Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBM) – Staidéar Féidearthachta le cur san áireamh i stóras doiciméad le haghaidh víosaí Fadfhanachta, Ceadanna Cónaithe, agus Ceadanna Tráchta Teorann” (2017).
(12) “Anailís dhlíthiúil ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le raon feidhme an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) a leathnú chun sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe a thabhairt san áireamh ann” (2018).
(13)Treochlár chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise agus ar an mbainistiú faisnéise lena n‑áirítear réitigh idir-inoibritheachta i réimse an Cheartais agus na nGnóthaí Baile — 9368/1/16 REV 1.
(14)Conclúidí na Comhairle faoin mbealach leis an malartú faisnéise a fheabhsú, agus agus le hidir-inoibritheacht chórais fhaisnéise an Aontais Eorpaigh a áirithiú (10151/17).
(15)“Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBM) – Staidéar Féidearthachta le cur san áireamh i stóras doiciméad le haghaidh víosaí Fadfhanachta, Ceadanna Cónaithe, agus Ceadanna Tráchta Teorann” (2017).
(16)“Anailís dhlíthiúil ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le raon feidhme an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) a leathnú chun sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe a thabhairt san áireamh ann” (2018).
(17)COM(2017)0558, lch 15.
(18)COM(2018)0251.
(19)Leanaí a Aithint as a gCuid Méarlorg (2013 - EUR 26193).
(20)“Aithint Uathoibríoch na Méarlorg: ón leanbh go dtí an duine aosta” (2018 – an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC)).
(21)“An indéantacht agus na himpleachtaí a ghabhann le hísliú aois déanta méarlorg na leanaí agus le cóip scanta de dhoiciméad taistil an iarratasóra víosa a stóráil sa chóras faisnéise víosaí VIS” (2018).
(22)Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(23) Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).
(24)Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(25)Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bhíonn á bpróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(26)Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(27)Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an teideal iomlán] (IO L ..., , lch. ...).
(28)Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le cosaint daoine aonair daoine nádúrtha i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(29)Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le liosta na ndoiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra á bhunú chun an liosta sin a shocrú (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).
(30)Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríocha na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(31)Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
(32)Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn ar bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(33)IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(34)Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(35)IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(36)Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(37)Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).
(38)IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(39)Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(40)Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).
(41)Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe d’acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin a chur i bhfeidhm (IO L 269, 19.10.2017, lch. 39).

An nuashonrú is déanaí: 14 Aibreán 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais