Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0249(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0089/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0089/2019

Díospóireachtaí :

PV 12/03/2019 - 27
CRE 12/03/2019 - 27

Vótaí :

PV 13/03/2019 - 11.12
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0176

Téacsanna atá glactha
PDF 372kWORD 117k
Dé Céadaoin, 13 Márta 2019 - Strasbourg
Lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí ***I
P8_TA(2019)0176A8-0089/2019
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí (COM(2018)0473 – C8-0272/2018 – 2018/0249(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0473),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2) agus d’Airteagal 79(2)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0272/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Buiséid (A8-0089/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí
P8_TC1-COD(2018)0249

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) agus Airteagal 79(2)(d) de

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  I gcomhthéacs na ndúshlán imirceach atá ag teacht chun cinn san Eoraip, chomh maith le hábhair imní faoi chúrsaí slándála, tá sé fíorthábhachtach go gcaomhnófar an chothromaíocht chúramach idir saorghluaiseacht daoine ar thaobh amháin agus an tslándáil ar an taobh eile. Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a ghnóthú, i measc nithe eile, trí bhíthin comhbheart maidir le trasnú teorainneacha inmheánacha ag daoine agus maidir le rialuithe teorann ag teorainneacha seachtracha agus trí bhíthin an chomhbheartais víosaí, agus an chothromaíocht chúramach idir saorghluaiseacht daoine ar thaobh amháin agus slándáil ar an taobh eile á caomhnú ag an am céanna. [Leasú 1]

(2)  De bhun Airteagal 80 CFAE, ba cheart na beartais sin agus cur chun feidhme na mbeartas sin a bheith á rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus prionsabal chomhroinnt chóir na freagrachta idir na Ballstáit, lena n‑áirítear na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis.

(3)  I nDearbhú na Róimhe arna shíniú an 25 Meán Fómhair 2017, dhearbhaigh ceannairí 27 mBallstát a ndiongbháilteacht i ndáil le hEoraip shábháilte agus shlán a áirithiú agus i ndáil le hAontas a chruthú ina mothóidh na saoránaigh go léir sábháilte agus ina bhféadfaidh siad gluaiseacht faoi shaoirse, ina mbeidh na teorainneacha seachtracha daingnithe agus ina mbeidh beartas imirce a bheidh éifeachtúil, freagrach agus inbhuanaithe, lena n-urramófar noirm idirnáisiúnta, chomh maith le hEoraip atá meáite ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe a chomhrac. [Leasú 2]

(3a)   Ba cheart gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim seo a chur chun feidhme i lánchomhréir le forálacha Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dlí cosanta sonraí an Aontais, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR), prionsabal na córa cothroime i dtaca le náisiúnaigh tríú tír, an ceart chun tearmainn agus chun cosaint idirnáisiúnta, prionsabal an non-refoulement agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta lenar sínithe iad amhail Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shainaithint, cúnamh láithreach agus atreorú chuig seirbhísí cosanta i gcás daoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaoisigh gan tionlacan. [Leasú 3]

(4)  Is é is cuspóir do bheartas an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha seachtracha bainistiú comhtháite coincheap an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, ar réamhchoinníoll é maidir le chun trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, chun imirce neamhrialta agus coireacht trasteorann a chosc agus a bhrath agus chun tacú leis an gcomhbheartas víosaí, ar coincheap é ar cheart dó atreisiú a dhéanamh ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus ar gné bhunúsach é de limistéar saoirse, slándála agus ceartais. [Leasú 4]

(5)  Le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, arna chur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4)13, atá comhdhéanta den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúramaí rialaithe teorann, ba cheart go gcuideofaí le rialú ag teorainneacha a chomhchuibhiú, trína bhfeabhsófaí bainistiú imirce dá bhrí sin, lena n-áirítear rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a éascú dóibh siúd a bhfuil sí de dhíth orthu - agus slándáil mhéadaithe a sholáthar trí rannchuidiú le coireacht agus sceimhlitheoireacht trasteorann a chomhrac. [Leasú 5]

(6)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce(5), sainaithníodh taisteal dlisteanach a éascú, agus imirce neamhrialta agus rioscaí slándála á gcosc, ar cheann de na príomhchuspóirí atá ag freagairt an Aontais ar na dúshláin sna réimsí sin. [Leasú 6]

(7)  D’iarr an Chomhairle Eorpach an 15 Nollaig 2016(6) go leanfaí d'idir-inoibritheacht córas faisnéise agus bunachar sonraí de chuid AE a sholáthar. Leag Chomhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2017(7) béim ar an ngá a bhí le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí agus an 12 Nollaig 2017 ghlac an Chomhairle togra le haghaidh Rialachán maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise de chuid AE(8). [Leasú 7]

(8)  Chun sláine limistéar Schengen a chaomhnú agus chun a fheidhmiú a neartú, bhí sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, ón 6 Aibreán 2017 i leith, seiceálacha córasacha a dhéanamh in aghaidh bunachair sonraí ábhartha maidir le saoránaigh de chuid AE atá ag trasnú teorainneacha seachtracha AE. Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún Moladh chuig na Ballstáit maidir le húsáid fheabhsaithe a bhaint as , sa bhreis ar na seiceálacha córasacha atá á ndéanamh cheana ar gach saoránach tríú tír a thagann isteach i limistéar Schengen. Ba léir go raibh gá le seiceálacha spriocdhírithe, áfach, in ionad seiceálacha córasacha ag roinnt pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha, mar gheall ar thionchar díréireach seiceálacha póilíní agus as comhar trasteorann córasacha ar shreabhadh tráchta trasteorann(9). [Leasú 8]

(8a)  Tá Moladh (AE) 2017/1804(10) eisithe ag an gCoimisiún freisin chuig na Ballstáit chun úsáid níos fearr a bhaint as seiceálacha póilíní agus comhar trasteorann chun srian a chur leis an tionchar ar shaorghluaiseacht agus chun an bhagairt don bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach a leigheas. D’ainneoin bearta difriúla atá curtha ar bun, tá roinnt Ballstát fós ag baint úsáid as rialú neamhdhleathach ag teorainneacha inmheánacha, lena mbaintear an bonn ó bhunphrionsabal limistéar Schengen. [Leasú 9]

(9)  Tá tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais fíor-riachtanach maidir le chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme le tacú leis na Ballstáit trasnú na dteorainneacha seachtracha a bhainistiú go héifeachtúil agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirceacha agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na teorainneacha sin a bheidh ann amach anseo ag na teorainneacha sin, rud a rannchuidíonn le haghaidh a thabhairt ar choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha san am céanna. [Leasú 10]

(10)  Chun cur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip, arna shainiú ag a chomhpháirteanna i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/1624, a chur chun cinn mar atá: rialú ag teorainneacha, cuardach agus tarrtháil le linn faireachas teorann, anailís riosca, comhar idir na Ballstáit (le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus arna chomhordú aici sin), comhar idirghníomhaireachta (lena n-áirítear malartú faisnéise ar bhonn rialta), comhar le tríú tíortha, bearta teicniúla agus oibríochtúla laistigh de limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú ag teorainneacha agus ar bearta iad a ceapadh chun dul i ngleic le hinimirce neamhrialta agus cur in aghaidh na coireachta trasteorann ar bhealach níos fearr, úsáid na teicneolaíochta úrscothaí, sásraí rialaithe cáilíochta agus sásraí dlúthpháirtíochta, agus chun a áirithiú go dtiocfaidh sí de bheith ag feidhmiú go hiarbhír, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontais a chur ar fáil do na Ballstáit. [Leasú 11]

(11)  De bhrí go bhfuil údaráis custaim na mBallstát ag glacadh le freagrachtaí breise a bhaineann go minic le réimse na slándála agus a chuirtear i gcrích ag an teorainn sheachtrach, tá sé tábhachtach comhar idirghníomhaireachta a chothú, lena n-áirítear malartú faisnéise trí uirlisí malartaithe faisnéise atá ann cheana, mar chomhpháirt de chur chuige an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(e) de Rialachán (AE) 2016/1624. Ní mór comhlántacht i gcur i gcrích rialú ag teorainneacha agus rialú custaim ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú trí thacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit. Ní hamháin go neartófar rialuithe custaim ar an dóigh sin chun gach cineál gáinneála a chomhrac, go háirithe gáinneáil ar earraí ag teorainneacha, mar aon le sceimhlitheoireacht, ach, éascófar trádáil dhlisteanach agus taisteal freisin agus rannchuideofar le haontas custaim a bheidh slán agus éifeachtúil. [Leasú 12]

(12)  Dá bhrí sin, is gá an ciste a bheidh mar chomharba ar an gCiste Slándála Inmheánaí 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhunú(11) i bpáirt, trí Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (‘an Ciste’) a chur ar bun. [Leasú 13]

(13)  Mar gheall ar na sainghnéithe dlíthiúla a bhfuil feidhm acu maidir le Teideal V de CFAE agus na bunúis dlí éagsúla is infheidhme i ndáil leis na beartais maidir le teorainneacha seachtracha agus maidir le rialú custaim, ní fhéadfar, de réir dlí, an Ciste a bhunú mar ionstraim aonair.

(14)  Ba cheart an Ciste a bhunú, dá bhrí sin, mar chreat cuimsitheach le haghaidh thacaíocht airgeadais an Aontais sa réimse a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus víosaí ina gcuimsítear an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus víosaí (‘an ionstraim’) a bhunaítear leis an Rialachán seo mar aon leis an ionstraim le hionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. .../...(12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart comhlánú a dhéanamh ar an gcreat le Rialachán (AE) Uimh. …/… [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13), ar cheart tagairt a dhéanamh dó sa Rialachán seo i ndáil leis na hionstraim lena leagtar síos rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte. [Leasú 14]

(15)  Ba cheart an ionstraim a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais maidir le cearta bunúsacha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR) agus go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabal an non-refoulement, phrionsabal na trédhearcachta, phrionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an chirt chun cosaint idirnáisiúnta a lorg a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shainaithint, cúnamh láithreach agus atreorú chuig seirbhísí cosanta i gcás daoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaoisigh gan tionlacan. [Leasú 15]

(15a)  Tá feidhm chothrom ag na hoibleagáidí sin maidir le tríú tíortha lena n-oibríonn na Ballstáit agus an tAontas faoin ionstraim seo. [Leasú 16]

(16)  Leis an ionstraim ba cheart cur leis na torthaí agus leis na hinfheistíochtaí a gnóthaíodh le tacaíocht na n-ionstraimí a tháinig roimpi: an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007-2013, a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) agus an ionstraim le haghaidh teorainneacha seachtracha agus víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, agus ba cheart iad a leathnú chun forbairtí nua a chur san áireamh. [Leasú 17]

(17)  Chun rialú aonfhoirmeach agus ardcháilíochta ag teorainneacha seachtracha a áirithiú agus chun taisteal dlisteanach thar theorainneacha seachtracha a éascú, ba cheart an ionstraim a bheith ina rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, lena n-áirítear na bearta ar fad a bhaineann le beartas, le dlí, le comhar córasach, le comhroinnt ar an ualach, le measúnú ar an staid agus le himthosca athraitheacha maidir le pointí trasnaithe d’imircigh neamhrialta, le pearsanra, le trealamh agus le teicneolaíocht arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ar leibhéil éagsúla, ag gníomhú i gcomhar le gníomhairí eile amhail comhlachtaí eile de chuid AE, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála, agus ceartais (eu-LISA), Europol agus, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. [Leasú 18]

(18)  Ba cheart cur le héifeachtúlacht próiseála víosaí a fheabhsú leis an ionstraim maidir leis i dtaobh nósanna imeachta víosa a éascú do thaistealaithe bona fide agus i dtaobh na rioscaí a bhaineann le slándáil agus le himirce neamhrialta a bhrath agus a mheas, chomh maith leis na nósanna imeachta maidir le víosaí do thaistealaithe bona fide a éascú. Go háirithe, ba cheart cúnamh airgeadais a chur ar fáil leis an ionstraim chun tacú le digitiú a dhéanamh ar phróiseáil víosaí agus é mar chuspóir aige sin nósanna imeachta maidir le víosaí atá tapa, slán agus áisiúil don chliant a chur ar fáil chun tairbhe na n‑iarratasóirí ar víosaí agus na gconsalachtaí araon. Ba cheart cumhdach consalachta ar fud an domhain a áirithiú leis an ionstraim freisin. Ba cheart cur chun feidhme aonfhoirmeach an chomhbheartais víosaí agus nuachóiriú an bheartais sin a chumhdach leis an ionstraim freisin, chomh maith le cúnamh do na Ballstáit i dtaca le víosaí a eisiúint le bailíocht chríochach theoranta a eisítear ar fhorais dhaonnúla, ar chúiseanna a bhaineann leis an leas náisiúnta, nó mar gheall ar oibleagáidí idirnáisiúnta, agus le haghaidh tairbhithe de chlár athlonnaithe nó athshocraithe de chuid an Aontais, agus le haghaidh lánchomhlíonadh acquis an Aontais maidir le víosaí. [Leasú 19]

(19)  Leis an ionstraim ba cheart tacú le bearta a bhfuil nasc soiléir acu le rialú ag teorainneacha seachtracha i gcríoch thíortha Schengen atá nasctha le rialú ag teorainneacha mar chuid d’fhorbairt comhchórais um bainistiú comhtháite teorainneacha, lena neartaítear feidhmiú foriomlán limistéar Schengen. [Leasú 20]

(20)  D’fhonn bainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú, chun rannchuidiú le cosc a chur le himirce taisteal dlisteanach a éascú, chun rannchuidiú le cosc a chur le trasnú teorainneacha neamhrialta agus é a chomhrac agus chun rannchuidiú le hardleibhéal slándála laistigh de réimse saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, ba cheart tacú leis an ionstraim le forbairt a dhéanamh ar na córais mhórscála TF leis an ionstraim, bunaithe ar chórais TF atá ann cheana nó ar chórais nua sin arna gcomhaontú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Leis an ionstraim I ndáil leis sin, ba cheart tacú le bunú léi freisin le cur ar bun na hidir-inoibritheachta idir na córais faisnéise AE sin (an córas dul isteach/imeachta (EES)(15), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS)(16), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS(17)), Eurodac(18), Córas Faisnéise Schengen (SIS)(19), agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla do náisiúnaigh tríú tír (ECRIS‑TCN))(20) sna Ballstáit, chun go mbeidh na córais faisnéise sin de chuid AE agus a gcuid sonraí ag forlíonadh a chéile. Chomh maith leis sin, ba cheart rannchuidiú le forbairtí riachtanacha ar an leibhéal náisiúnta leis an ionstraim tar éis chur chun feidhme na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta ar an leibhéal lárnach (an tairseach cuardaigh Eorpach, seirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí (BMS comhroinnte), stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) agus brathadóir ilchéannachta (MID))(21). [Leasú 21]

(21)  Leis an ionstraim ba cheart na gníomhaíochtaí a chomhlánú agus a neartú chun lena gcuirtear bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme i gcomhréir le freagracht chomhroinnte agus le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arb ionann iad agus dhá cholún an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh. Fágann sin, go háirithe, agus a gcláir náisiúnta á dtarraingt suas ag Ballstáit gur cheart dóibh na huirlisí anailíse agus na treoirlínte oibríochtúla agus teicniúla a d’fhorbair an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chur san áireamh chomh maith leis na curaclaim oiliúna a d’fhorbair sí, amhail an lárchuraclam coiteann chun gardaí teorann a oiliúint, lena n‑áirítear a gcomhpháirteanna i ndáil le cearta bunúsacha agus le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta. Chun comhlántacht idir an misean cúraimí agus freagrachtaí na mBallstát maidir le rialú na dteorainneacha seachtracha chomh maith le , agus chun comhsheasmhacht a áirithiú agus neamhéifeachtúlacht costais a sheachaint, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na dréachtchláir náisiúnta arna gcur isteach ag na Ballstáit a mhéid a thagann siad faoi réim inniúlachtaí na Gníomhaireachta, go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi thacaíocht oibríochta. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin go mbeidh ról ag eu-LISA, ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ag aon gníomhaireacht nó comhlacht eile ábhartha de chuid an Aontais i bhforbairt chláir náisiúnta na mBallstát ag céim luath, a mhéid a thagann sin faoi inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí. [Leasú 22]

(22)  San ionstraim A mhéid a iarrfaidh na Ballstáit a ndéanfar difear dóibh amhlaidh, ba cheart tacú le cur chun feidhme chur chuige na dteophointí mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce agus a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Meitheamh agus an 26 Meitheamh  2015(22). Le cur chuige na dteophointí cuirtear tacaíocht oibríochtúil ar fáil do na Ballstáit a ndéanann brú díréireach ón imirce difear dóibh ag teorainneacha seachtracha an Aontais a bhfuil cás éigeandála rompu. Tugtar cúnamh comhtháite, cuimsitheach, spriocdhírithe leis an gcur chuige sin de mheon na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta comhroinnte, lena lamháiltear go ndéantar teacht isteach líon mór daoine ag teorainneacha seachtracha an Aontais a láimhseáil go daonnúil agus go héifeachtúil, agus chomh maith leis sin, d’fhonn sláine limistéar Schengen a choimirciú. [Leasú 23]

(23)  Ar mhaithe le dlúthpháirtíocht i limistéar Schengen ina iomláine agus ar fud an Aontais agus de mheon na freagrachta comhroinnte maidir le teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint, i gcás ina ndéantar laigí nó rioscaí a shainaithint, go háirithe tar éis mheastóireacht Schengen i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle(23), ba cheart don Bhallstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an ábhar ar bhealach leordhóthanach trí úsáid a bhaint as acmhainní faoina chlár chun moltaí a chur chun feidhme, ar moltaí iad a glacadh de bhun an Rialacháin sin agus i gcomhréir leis na measúnuithe leochaileachta arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1624. [Leasú 24]

(24)  Ba cheart dlúthpháirtíocht agus freagracht chomhroinnte a léiriú leis an ionstraim trí cúnamh airgeadais a sholáthar leis an ionstraim do na Ballstáit sin a chuireann forálacha Schengen maidir le teorainneacha seachtracha agus víosaí i bhfeidhm go hiomlán agus do na Ballstáit sin atá ag ullmhú do bheith iomlán rannpháirteach in Schengen, agus ba cheart do na Ballstáit í a úsáid ar mhaithe le comhbheartas an Aontais maidir leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú. [Leasú 25]

(25)  I gcomhréir le Prótacal Uimh. 5 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003(24) maidir le hidirthuras daoine de thalamh idir réigiún Kaliningrad agus codanna eile de Chónaidhm na Rúise, leis an ionstraim ba cheart aon chostas breise a íoc, ar costas é a thabhaítear i gcur chun feidhme fhorálacha sonracha acquis an Aontais lena gcumhdaítear idirthuras den sórt sin, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle agus (25)Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle(26). Maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach airgeadais i gcomhair táillí tarscaoilte, ba cheart é a bheith ag brath, áfach, ar an gcóras víosaí atá i bhfeidhm ag an Aontas le Cónaidhm na Rúise.

(26)  Chun rannchuidiú le gnóthú chuspóir beartais na hionstraime, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar aghaidh ina gcláir ar chuspóirí sonracha na hionstraime, go bhfuil na beartais a roghnófar i gcomhréir leis na tosaíochtaí arna gcomhaontú ag AE agus leis na bearta cur chun feidhme arna leagan amach in Iarscríbhinn II agus go bhfuil leithdháileadh acmhainní idir cuspóirí agus gníomhaíochtaí comhréireach leis na dúshláin agus leis na riachtanais nach mór dóibh aghaidh a thabhairt orthu. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach dáileadh cothrom agus trédhearcach acmhainní a bhaint amach i measc chuspóirí sonracha na hionstraime. Dá réir sin, is iomchuí íosleibhéal caiteachais a áirithiú le haghaidh an chuspóra sonraigh tacú leis an gcomhbheartas víosaí do na bearta faoi bhainistiú díreach nó indíreach, nó do bhearta faoi bhainistiú comhroinnte. [Leasú 26]

(27)  Ba cheart sineirgí, comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht a lorg le Cistí eile de chuid AE agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.

(28)  Tá filleadh náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n‑eisiúint ag Ballstát ar cheann de chomhpháirteanna an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1624. Mar gheall ar a nádúr agus ar a gcuspóir, áfach, ní thagann bearta i réimse an fhillte faoi raon feidhme thacaíocht na hionstraime agus cumhdaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. …/… [CTI nua](27) iad.

(29)  Chun aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag údaráis chustaim na mBallstát ag na teorainneacha seachtracha agus chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain acmhainní ar fáil dóibh chun a raon leathan cúramaí ag na teorainneacha sin a chur chun feidhme, leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. … [an Ciste nua um Threalamh Rialaithe Custaim] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart an cistiúchán riachtanach a sholáthar do na húdaráis náisiúnta sin chun infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh chun rialú custaim a dhéanamh chomh maith le trealamh ar féidir cuspóirí eile a bheith leis amhail rialú a dhéanamh ar theorainneacha i dteannta rialú custaim.

(30)  Den chuid is mó, féadfaidh trealamh rialaithe custaim a bheith curtha in oiriúint go cothrom nó go teagmhasach do rialuithe comhlíontachta le reachtaíocht eile, amhail forálacha maidir le bainistiú teorainneacha, le víosa nó le comhar póilíneachta. Dá bhrí sin, tá an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha beartaithe mar dhá ionstraim chomhlántacha a bhfuil dhá raon feidhme éagsúla ach chomhtháite acu chun trealamh a cheannach. Ar thaobh amháin, eisiafar leis an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí arna bunú leis an Rialachán seo trealamh is féidir a úsáid do bhainistiú teorainneacha agus do rialú custaim araon. Ar an taobh eile, ní hamháin go mbeidh tacaíocht airgeadais ar fáil ón ionstraim do threalamh rialaithe custaim do threalamh a bhfuil rialuithe custaim mar phríomhchuspóir leis ach féadfar é a úsáid freisin do chuspóirí breise amhail rialuithe ag teorainneacha agus slándáil. Cothóidh an dáileadh sin atá á dhéanamh ar róil an comhar idirghníomhaireachta mar chomhpháirt den chur chuige um bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, dá dtagraítear in Airteagal 4(e) de Rialachán (AE) 2016/1624, agus dá réir sin, féadfaidh na húdaráis chustaim agus na húdaráis teorann oibriú le chéile agus tionchar bhuiséad an Aontais a uasmhéadú trí chomhroinnt agus trí idir-inoibritheacht an trealaimh rialaithe.

(31)  Meastar go bhfuil faireachas teorann ar muir ar cheann d’fheidhmeanna an gharda cósta a dhéantar i réimse muirí an Aontais. Na húdaráis náisiúnta a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, tá freagracht orthu freisin i leith raon leathan cúraimí, a bhféadfadh an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, cuardach agus tarrtháil, rialú teorann, rialú ar iascach, rialú custaim, forfheidhmiú ginearálta an dlí agus cosaint an chomhshaoil a bheith ar áireamh leo ach gan bheith teoranta dóibh sin. Cuireann raon leathan fheidhmeanna an gharda cósta faoi shainchúram bheartais éagsúla de chuid an Aontais iad, agus ba cheart dóibh sineirgí a lorg chun torthaí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bhaint amach. [Leasú 27]

(31a)  Agus gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin ionstraim a bhaineann le faireachas teorann muirí á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar a n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta muirí chun cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair. I ndáil leis sin, féadfar trealamh agus córais a fhaigheann tacaíocht faoin ionstraim a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chásanna cuardaigh agus tarrthála a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríocht faireachais teorann ar muir, a rannchuideoidh ar an tslí sin le cosaint agus sábháil beatha na n-imirceach a áirithiú. [Leasú 28]

(32)  Chomh maith le comhar an Aontais maidir le feidhmeanna an gharda cósta i measc na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624, na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28) agus na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle(29), ba cheart comhleanúnachas feabhsaithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí sa réimse muirí a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta freisin. Ba cheart sineirgí idir na gníomhaithe éagsúla sa réimse muirí a bheith i gcomhréir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus le straitéisí um shlándáil mhuirí.

(33)  Chun comhlántacht na ngníomhaíochtaí muirí a neartú agus chun comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí sin a threisiú mar aon le dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus srianta buiséadacha a laghdú i réimse gníomhaíochtaí costasacha amhail an réimse muirí, ba cheart tacú le hoibríochtaí muirí de chineál ilchuspóireach leis an ionstraim, i gcás inarb é faireachas teorann an príomhchuspóir ach, ina bhféadfaí cuspóirí eile atá nasctha leis sin a shaothrú san am céanna, amhail comhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine daonna. [Leasú 29]

(34)  Ba cheart go mbeadh mar phríomhchuspóir ag an ionstraim seo tacú le bainistiú comhtháite teorainneacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus tacú leis an gcomhbheartas víosaí. Laistigh de theorainneacha sainithe, áfach, agus faoi réir coimircí iomchuí, d’fhéadfaí tacú le bearta áirithe i dtríú tíortha agus bearta a bhaineann le tríú tíortha tríd an ionstraim. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme ar bhonn sineirgíocht iomlán agus comhleanúnachas le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas agus ba cheart na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Maidir leis an ngné sheachtrach, ba cheart tacaíocht ón ionstraim a dhíriú ar chomhar a fheabhsú le tríú tíortha agus ar phríomhghnéithe a threisiú, ar príomhghnéithe iad a bhaineann lena gcumais i ndáil le faireachas teorann agus le bainistiú teorainneacha i réimsí ar díol suime iad ó thaobh bheartas imirce an Aontais agus chuspóirí slándála inmheánaí an Aontais de. [Leasú 30]

(34a)  Ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí agus cláir a bhaineann le tríú tíortha. [Leasú 31]

(35)  Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. Ós rud é go bhfuil deis níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú maidir le rialú teorann, le comhbheartas víosaí agus bainistiú sreafaí imirce, bainistiú ag teorainneacha agus leis an gcomhbheartas víosaí agus chun ardán a chur ar fáil chun comhchórais TF a fhorbairt a bheidh mar bhonn taca leis na beartais sin, rannchuideoidh an tacaíocht airgeadais a sholáthraítear faoin Rialachán seo le cumais na mBallstát agus cumas an Aontais a neartú sna réimsí sin. [Leasú 32]

(36)  Féadfar a mheas nach bhfuil Ballstát ag comhlíonadh an acquis ábhartha de chuid an Aontais, lena n‑áirítear maidir le tacaíocht oibríochta faoin ionstraim seo, murar chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí sna réimsí a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus víosaí, má tá baol soiléir ann go sáróidh an Ballstát luachanna an Aontais agus an acquis maidir le bainistiú teorainneacha agus víosaí á chur chun feidhme aige, má sainaithníodh easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, nó má mhaoinigh an Ballstát, agus é ag obair i gcomhar le tríú tír, gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus má rinne sé gníomhaíochtaí comhpháirteacha leis an tríú tír sin as ar eascair sáruithe ar chearta bunúsacha arna dtuairisciú sa sásra meastóireachta agus faireacháin. [Leasú 33]

(37)  Ba cheart a áirithiú leis an ionstraim go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart di cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le hintuarthacht i ndáileadh an chistithe agus an gá atá le solúbthacht mhéadaithe agus simplíocht leis an gcistiú sin. Chun na ceanglais i dtéarmaí thrédhearcacht an chistithe a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, faisnéis a fhoilsiú maidir le forbairt na gclár bliantúil agus ilbhliantúil faoin tsaoráid théamach. Ba cheart prionsabail na héifeachtúlachta, na héifeachtachta agus cháilíocht an chaiteachais a bheith mar threoir ag cur chun feidhme na hionstraime. Thairis sin, ba cheart an ionstraim a chur chun feidhme ar an mbealach is sothuigthe agus is féidir don úsáideoir. [Leasú 34]

(38)  Ba cheart na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát arna ríomh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a bhunú leis an Rialachán seo, ar critéir iad lena léirítear fad agus leibhéil bhagartha ag codanna tionchair bunaithe ar shonraí a fuarthas le déanaí agus go stairiúil ar chodanna talún agus mara, an t‑ualach oibre ag na haerfoirt agus ag na consalachtaí chomh maith le líon na gconsalachtaí. [Leasú 35]

(39)  Beidh na méideanna tosaigh sin mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát. Chun athruithe ar an gcás bonnlíne a chur san áireamh, amhail brú ar theorainn sheachtrach an Aontais agus an t‑ualach oibre ag na teorainneacha seachtracha agus ag consalachtaí, leithdháilfear méid breise ar na Ballstáit ag an meántéarma agus beidh sé bunaithe ar na sonraí staitistiúla is déanaí atá ar fáil mar a leagtar amach san eochair dháilte iad agus staid chur chun feidhme an chláir á cur san áireamh.

(39a)  Ba cheart an t-athbhreithniú meántéarma a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus breisluach AE na gclár, chun fadhbanna a bhí ann le linn na chéad chéime a réiteach, agus chun forléargas trédhearcach ar an gcur chun feidhme a sholáthar. [Leasú 36]

(40)  De bhrí go mbíonn dúshláin i réimse an bhainistithe teorainneacha agus víosaí ag teacht chun cinn de shíor, is gá leithdháileadh cistiúcháin a chur in oiriúint do na hathruithe ar shreafaí imirce, don bhrú d’athruithe i dtosaíochtaí i dtaca le beartas víosaí agus bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear athruithe de thoradh brú méadaithe ag an teorainn agus do bhagairtí slándála agus , agus is gá cistiúchán a stiúradh i dtreo na dtosaíochtaí a bhfuil an breisluach is airde don Aontas ag baint leo. Chun freagairt do riachtanais phráinneacha, d’athruithe ar bheartais agus do thosaíochtaí an Aontais agus chun cistiúchán a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal breisluacha don Aontas ag baint leo, déanfar cuid den chistiúchán a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus ar chúnamh éigeandála. [Leasú 37]

(41)  Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a mhaoiniú trí leas a bhaint as ranníocaíocht níos airde ón Aontas.

(42)  Laistigh de theorainneacha sainithe, ba cheart an ionstraim a bheith ina rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt do na costais oibriúcháin a bhaineann le bainistiú teorainneacha, leis an gcomhbheartas víosaí agus le córais mhórscála TF agus dá réir sin cur ar chumas na mBallstát na hacmhainneachtaí sin atá ríthábhachtach don Aontas ina iomláine a choinneáil. Is é atá i gceist le tacaíocht den sórt sin costais shonracha a bhaineann le cuspóirí na hionstraime a aisíoc ina n-iomláine agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát. [Leasú 38]

(43)  D’fhéadfaí cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin ionstraim a leithdháileadh freisin ar chláir na mBallstát chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme i dteannta a leithdháilte tosaigh. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ba cheart baint a bheith acu le gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Aontais acu agus nach mór iarracht chomhoibríoch idir na Ballstáit nó gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh ina leith chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí san Aontais ar gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó ina leith, amhail trealamh teicniúil a cheannach trí chláir náisiúnta na mBallstát, ar trealamh é a bhfuil gá ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta leis chun a gníomhaíochtaí oibríochtúla a fheidhmiú, próiseáil iarratas ar víosaí a nuachóiriú, córais mhórscála TF nua a fhorbairt agus idir-inoibritheacht idir na córais sin a bhunú a chur ar bun. Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainiú ina chláir oibre, ar cheart iad a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe. [Leasú 39]

(44)  Chun cur chun feidhme chuspóir beartais na hionstraime sin a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil leis an ionstraim freisin le haghaidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críocha straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála na hionstraime i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais.

(45)  Chun go neartófar acmhainneacht an Aontais dul i ngleic láithreach le brú gan choinne nó le brú díréireach ón imirce riachtanais phráinneacha, shonracha agus gan choinne i gcás staid éigeandála, go háirithe ag na codanna sin den teorainn inar sainaithníodh an leibhéal tionchair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30) mar leibhéal ar a gcuirfear feidhmiú limistéar Schengen ina iomláine i gcontúirt, mar aon le dul i ngleic le brú ar ranna víosaí chonsalachtaí na mBallstát nó le rioscaí i leith slándáil teorann, ba cheart go bhféadfaí , leis an ionstraim seo, go soláthrófaí ar bhonn eisceachtúil cúnamh éigeandála a chur ar fáil airgeadais mar rogha dheiridh i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo. [Leasú 40]

(45a)  Níor cheart a mheas gur bagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach í an imirce agus trasnú teorainneacha seachtracha ag líon mór náisiúnach tríú tír, per se, ná níor cheart, per se, go dtionscnófaí cúnamh éigeandála faoin ionstraim seo ina leith. [Leasú 41]

(46)  Tabharfar aghaidh ar chuspóir beartais na hionstraime seo freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíocht bhuiséadach faoi fhuinneog bheartais nó faoi fhuinneoga beartais [...] an Chiste InvestEU. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar mhodh comhréireach agus níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbláil nó a phlódú mar gheall ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir Eorpach a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar. [Leasú 42]

(47)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don ionstraim iomlán arb éard a bheidh ann an príomh‑mhéid tagartha, de réir bhrí [phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais](31), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(48)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. .../... [Rialachán Airgeadais nua] (‘Rialachán Airgeadais’)(32) maidir leis an ionstraim seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha. D’fhonn comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme clár cistiúcháin de chuid an Aontais, beidh feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme sa bhainistíocht dhíreach nó sa bhainistíocht indíreach faoin ionstraim.

(49)  D’fhonn gníomhaíochtaí faoin mbainistíocht chomhroinnte a chur chun feidhme, ba cheart an ionstraim a bheith mar chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus agus ionstraim lena leagfar síos forálacha coiteanna don bhainistiú chomhroinnte. I gcás forálacha codarsnacha, ba cheart tosaíocht a bheith ag an Rialachán (AE) Uimh. …/… [RFC] seo thar na forálacha coiteanna. [Leasú 43]

(50)  Le Rialachán (AE) Uimh.  …/… [RFC] bunaítear an creat gníomhaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), don Chiste Tearmainn agus Imirce (CTI), don Chiste Slándála Inmheánaí (CSI), agus don ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (IBTV), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT), agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht,bainistiú agus rialú cistí AE arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ina theannta sin, is gá cuspóirí na hionstraime um bainistiú teorainneacha agus um víosaí sa Rialachán seo a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir le gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú tríd an ionstraim seo.

(51)  Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, an t‑ualach riaracháin, agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh a bhfuiltear ag súil leis á gcur san áireamh. Ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a chur san áireamh.

(52)  I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. .../... [an Rialachán Airgeadais nua](33), Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(35), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(36) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(37), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart torthaí na n-imscrúduithe ar neamhrialtachtaí nó ar chalaois maidir leis an ionstraim a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. [Leasú 44]

(53)  Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin leis an Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil iontu i gcomhair seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Chomh maith leis sin, baineann rialacha a glacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, de bhrí go bhfuil urraim don smacht reachta mar réamhchoinníoll fíor-riachtanach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus le cistiú éifeachtach AE.

(54)  De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(39), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiúchán faoi réir rialacha agus chuspóirí na hionstraime agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(55)  De bhun Airteagal 349 de CFAE agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí in AE arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúid an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir náisiúnta ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, ar bagairtí iad nach mór do na réigiúin fhorimeallacha dul i ngleic leo, amhail faireachas teorann, insreabhadh díréireach daoine nó imlonnú chórais faisnéise AE. Tacaítear leis na Ballstáit sin san ionstraim seo trí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun cuidiú leis na réigiúin fhorimeallacha de réir mar is iomchuí is forimeallaí i bhfianaise sonraíochtaí den chineál sini bhfianaise sonraíochtaí den chineál sin. [Leasú 45]

(56)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(40), is gá an ionstraim seo a mheas ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin ar leith, agus san am céanna rórialáil agus ualach riaracháin a sheachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Féadfaidh táscairí intomhaiste, lena n-áirítear táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla, a bheith san áireamh sna ceanglais sin, i gcás inarb iomchuí, mar bhonn chun éifeachtaí na hionstraime ar an talamh a mheas. Chun a bhfuil gnóthaithe ag an ionstraim a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den ionstraim. [Leasú 46]

(57)  Mar léiriú ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an ionstraim seo le gníomhaíochtaí aeráide príomhshrutha agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach, is é sin go n‑úsáidfear 25% den chaiteachas i mbuiséad AE chun tacú le cuspóirí aeráide. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an ionstraim á hullmhú agus á cur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithnithe.

(58)  Trí na táscairí agus tríd an tuairisciú airgeadais, Ba cheart don Choimisiún achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht ar glacadh leo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain. Arna iarraidh sin dóibh, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hionstraime, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. .../... [RFC] agus an Rialacháin seo téacs iomlán na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 47]

(58a)  Tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí bainistíocht fhónta airgeadais agus deimhneacht dhlíthiúil le linn na hidirthréimhse agus le linn chur chun feidhme na hIonstraime. Níor cheart go gcuirfí isteach ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh i rith na tréimhse 2014-2020 le linn an aistrithe. [Leasú 48]

(59)  Chun gnéithe neamhriachtanacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh agus a leasú ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoiniú níos airde mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, le tacaíocht oibriúcháin agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat coiteann faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(41).

(60)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(42). Ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus Ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta comhairleach chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na módúlachtaí a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún i gcreat an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad. [Leasú 49]

(61)  Níor cheart rannpháirtíocht Bhallstáit san ionstraim seo a bheith ag teacht lena rannpháirtíocht in ionstraim airgeadais shealadach de chuid an Aontais lena dtacaítear leis na Ballstáit is tairbhithe chun, i measc nithe eile, gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais chun acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosaí agus rialú ag teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme.

(62)  Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis(43) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, rud a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle(44).

(63)  Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis(45) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle(46).

(64)  Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis(47) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle(48).

(65)  I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(66)  Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle(49). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(67)  Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) .../...ón gComhairle [an Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil](50),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Bunaítear leis an Rialachán seo an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí a bhainistiú (‘an ionstraim’) mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (‘an Ciste’) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. [Leasú 50]

2.  Go comhpháirteach le Rialachán (AE) Uimh .../... [Ciste um Threalamh Rialaithe Custaim], lena mbunaítear, mar chuid den Chiste(51) um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, bunaítear an Ciste leis an Rialachán seo. [Leasú 51]

3.  Leagtar síos an Rialachán seo leis cuspóirí na hionstraime, na cuspóirí sonracha agus bearta chun na cuspóirí sonracha sin a chur chun feidhme, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar. [Leasú 52]

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn 'oibríochtaí measctha' gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh‑iníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí; [Leasú 53]

(2)  ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann” aon phointe trasnaithe atá údaraithe ag na húdaráis inniúla chun teorainneacha seachtracha a thrasnú faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le hAirteagal 2(8) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(52);

(3)  ciallaíonn ‘bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip’ na comhpháirteanna a liostaítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/1624;

(4)  ciallaíonn ‘teorainneacha seachtracha’ teorainneacha seachtracha faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 eadhon teorainneacha na mBallstát: teorainneacha talún lena n-áirítear teorainneacha abhann agus locha, teorainneacha farraige agus a n-aerfoirt, a gcalafoirt abhann, a gcalafoirt mhara agus a gcalafoirt locha lena bhfuil feidhm ag forálacha dhlí an Aontais maidir le trasnú teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear na teorainneacha inmheánacha sin nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe orthu fós; [Leasú 54]

(5)  ciallaíonn "cuid den teorainn sheachtrach" teorainn sheachtrach iomlán talún nó muirí Ballstáit, nó cuid de, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013;

(6)  ciallaíonn ‘teophointe’ teophointe mar a shainítear in Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) 2016/1624;

(7)  ciallaíonn ‘teorainneacha inmheánacha áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós:

(a)  an chomhtheorainn idir Ballstát a chuireann acquis Schengen chun feidhme go hiomlán agus Ballstát a bhfuil de cheangal air acquis Schengen a chur chun feidhme ina iomláine, i gcomhréir lena Ionstraim Aontachais, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n‑údaraítear dó an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

(b)  an chomhtheorainn idir dhá Bhallstát a bhfuil de cheangal orthu acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine, i gcomhréir lena nIonstraimí Aontachais faoi seach, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n‑údaraítear dóibh an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

Airteagal 3

Cuspóirí na hionstraime

1.  Mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, is é a bheidh i gcuspóir beartais na hionstraime bainistiú comhtháite teorainneacha láidir éifeachtach san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú agus san am céanna saorghluaiseacht daoine laistigh den Eoraip a chosaint, i gcomhréir iomlán le gealltanais an Aontais maidir le cearta bunúsacha, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le hardleibhéal slándála san Aontas a ráthú acquis an Aontais agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus a Bhallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta eile a bhfuil siad ina sínithe leo. [Leasú 55]

2.  Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an ionstraim rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)  tacú le bainistiú comhtháite éifeachtach teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha arna cur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar chomhfhreagracht chomhroinnte idir an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhleathach neamhrialta agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreafaí imirce a bhainistiú go héifeachtach; [Leasú 56]

(b)  tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun cur chuige níos comhchuibhithe i measc na mBallstát a áirithiú i ndáil le víosaí a eisiúint agus chun taisteal dlisteanach a éascú agus rioscaí imirce agus slándála a mhaolú. [Leasú 57]

3.  Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an ionstraim a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 3a

Neamh-idirdhealú agus urraim do chearta bunúsacha

Cuirfear an ionstraim chun feidhme i lánchomhlíonadh na gceart agus na bprionsabal a chumhdaítear in acquis an Aontais, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus i lánchomhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha, go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an non-refoulement a áirithiú. [Leasú 58]

Airteagal 4

Raon feidhme na tacaíochta

1.  Faoi na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus I gcomhréir leis na bearta a liostaítear in Iarscríbhinn II tacófar leis an ionstraim le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus go háirithe na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III. [Leasú 59]

2.  Chun cuspóirí an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 3 a ghnóthú, féadfar leis an ionstraim, i gcásanna eisceachtúla, laistigh de theorainneacha sainithe agus faoi réir coimircí iomchuí, tacú le gníomhaíochtaí i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i dtaca le tríú tíortha agus sna tíortha sin, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 5. [Leasú 60]

2a.  Maidir le méid iomlán an chistiúcháin i gcomhair gníomhaíochtaí tacaíochta i dtríú tíortha nó i dtaca leo faoin tsaoráid théamach i gcomhréir le hAirteagal 8, ní rachaidh sé thar 4 % den mhéid iomlán a leithdháiltear ar an tsaoráid théamach sin faoi Airteagal 7(2)(b). [Leasú 61]

2b.  Maidir le méid iomlán an chistiúcháin i gcomhair gníomhaíochtaí tacaíochta i dtríú tíortha nó i dtaca leo faoi chláir na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 12, ní rachaidh sé thar, i gcás gach Ballstáit, 4 % den mhéid iomlán arna leithdháileadh ar an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(a), Airteagal 10(1) agus Iarscríbhinn I. [Leasú 62]

3.  Ní bheidh na bearta seo a leanas incháilithe:

(a)  na bearta dá dtagraítear i mír 1(a) d'Iarscríbhinn III ag na teorainneacha inmheánacha sin áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós;

(b)  gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú teorann a thabhairt isteach athuair go sealadach agus go heisceachtúil ag teorainneacha inmheánacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/399;

(c)  i dtaca le rialú earraí:

(1)  gníomhaíochtaí a bhfuil rialú earraí go huathúil mar aidhm leo nó mar éifeacht acu;

(2)  trealamh a cheannach, a chothabháil nó a uasghrádú, gan modhanna iompair san áireamh, a bhfuil rialú earraí mar aidhm leis nó mar éifeacht leis;

(3)  gníomhaíochtaí eile faoin Rialachán seo a bhfuil rialú earraí mar aidhm leis nó mar éifeacht leis.

I gcás ina dtarlaíonn cás éigeandála, amhail dá dtagraítear in Airteagal 23, féadfar gníomhaíochtaí neamh-incháilithe dá dtagraítear sa mhír seo a mheas mar ghníomhaíochtaí incháilithe. [Leasú 63]

Airteagal 5

Eintitis incháilithe

1.  Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)  eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(i)  Ballstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)  tríú tír atá liostaithe sa chlár faoi na coinníollacha a shonraítear ann, faoi réir an choinníll go ndéanfaidh gach gníomhaíocht a tharlóidh sa tríú tír sin, nó i dtaca leis an tríú tír sin na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a urramú go hiomlán. [Leasú 64]

(b)  aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó faoi aon eagraíocht idirnáisiúnta.

2.  Níl daoine nádúrtha incháilithe.

3.  Go heisceachtúil, tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír incháilithe chun bheith rannpháirteach i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach, agus i gcás ina ndéantar sin agus acquis an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh á lánchomhlíonadh. [Leasú 65]

4.  Eintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach i gcuibhreannais ina bhfuil dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, atá bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha nó i gcríocha éagsúla thar lear atá bainteach leis na Ballstáit nó leis na tríú tíortha sin, tá siad incháilithe. Beidh feidhm ag Airteagal 6(3) i gcás ina bhfuil eagraíochtaí idirnáisiúnta atá rannpháirteach i gcuibhreannas bunaithe i dtríú tír. [Leasú 66]

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

Roinn 1

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 6

Prionsabail ghinearálta

1.  Leis an tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus leagfar béim ar bhreisluach Aontais a chur le cuspóirí an Rialachán seo. [Leasú 67]

2.  Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus a chuireann na Ballstáit ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí, beartais agus le tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach le hionstraimí eile de chuid an Aontais.

3.  Déanfar an ionstraim a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a), Airteagal 62(1)(b) agus Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

3b.  Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar le chéile chun an ionstraim a chur chun feidhme. Cuirfidh an Coimisiún deasc chabhrach agus pointe teagmhála ar bun chun tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit agus chun rannchuidiú le leithdháileadh éifeachtach an chistithe. [Leasú 68]

Airteagal 7

An buiséad

1.  Is é EUR 8 018 000 000 EUR 7 087 760 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 8 018 000 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hionstraime don tréimhse 2021–2027. [Leasú 69]

2.  Úsáidfear an t‑imchlúdach airgeadais mar a leanas:

(a)  Déanfar EUR 4 811 000 000 EUR 4 252 833 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 4 811 000 000 i bpraghsanna reatha) a leithdháileadh ar na cláir a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte agus EUR 157 200 000 EUR 138 962 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 157 200 000 i bpraghsanna reatha) as an méid sin ar an Scéim Idirthurais Speisialta, dá dtagraítear in Airteagal 16, a chuirfear chun feidhme faoi bainistíocht chomhroinnte; [Leasú 70]

(b)  Déanfar EUR 3 207 000 000 EUR 2 834 927 i bpraghsanna 2018 (EUR 3 207 000 000 i bpraghsanna reatha) a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach. [Leasú 71]

3.  Déanfar suas le 0.52 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún le aghaidh an ionstraim a chur chun feidhme.

4.  De réir fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais, déanfar socruithe chun sonrú a dhéanamh ar chineál agus rialacha mionsonraithe rannpháirtíocht na dtíortha a bhfuil ról acu i gcur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen. Cuirfear na rannchuidithe airgeadais ó na tíortha sin leis na hacmhainní foriomlána atá ar fáil ó bhuiséad an Aontais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 8

Forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na saoráide téamaí

1.  Déanfar an t‑imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b) a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí bhíthin na saoráide téamaí trí úsáid a bhaint as bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre. Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena comhpháirteanna:

(a)  gníomhaíochtaí sonracha;

(b)  gníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus

(c)  cúnamh éigeandála.

Tabharfar tacaíocht don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin as imchlúdach airgeadais na saoráide téamaí.

2.  Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhfuil breisluach ard ó thaobh an Aontais ag baint leo nó chun freagairt do riachtanais phráinneacha, i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a shonraítear in Iarscríbhinn II, nó le bearta tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 20. Chun na cláir oibre a ullmhú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na comhpháirtithe ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta. [Leasú 72]

2a.  Leithdháilfear íosmhéid de 20% den chistiú ón tsaoráid théamach ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b). [Leasú 73]

3.  Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistiú díreach nó indíreach ar na Ballstáit, ní bheidh cistiú ar bith ar fáil do thionscadail i gcás ina bhfuil fianaise ann go mbeadh amhras ann faoi dhlíthiúlacht na dtionscadal sin, nó faoi dhlíthiúlacht agus rialtacht an chistithe sin, nó faoi fheidhmíocht na dtionscadal sin, mar thoradh ar thuairim réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol. [Leasú 74]

4.  Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht chomhroinnte, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, chun críocha Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] nach ndéantar difear do ghníomhaíochtaí atá a bheidh beartaithe chun a áirithiú nach mbeidh cistiú ar bith ar fáil do thionscadail i gcás ina bhfuil fianaise ann go mbeadh amhras ann faoi dhlíthiúlacht na dtionscadal sin, nó faoi dhlíthiúlacht agus rialtacht na dtionscadal sin, nó faoi fheidhmíocht na dtionscadal sin, de mar thoradh tuairimí ar thuairim réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol. [Leasú 75]

4a.  Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistiú díreach nó indíreach, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaca le difear a bheidh déanta do na gníomhaíochtaí beartaithe ag easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát a dhéanann difear do phrionsabal an bhainistithe airgeadais fhónta nó do phrionsabal chosaint leasanna airgeadais an Aontais, nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na prionsabail sin, ar bhealach a chuireann dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais nó feidhmíocht na dtionscadal i mbaol. [Leasú 76]

5.  Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán a chuirfear ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais.

6.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun cláir oibre a leagan síos amhail dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais don tsaoráid théamach, ina sainaithneofar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh agus ina sonrófar na méideanna do gach ceann dá chomhpháirteanna, amhail dá dtagraítear i mír 1. Leagfar amach i gcinntí airgeadais, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. [Leasú 77]

7.  Tar éis dó cinneadh airgeadais clár oibre a ghlacadh dá dtagraítear i mír 3 6, féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh dá réir sin ar na cláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. [Leasú 78]

8.  Féadfaidh cinntí cláir oibre bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí airgeadais cláir oibre agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí a chumhdach leo. [Leasú 79]

Roinn 2

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte

Airteagal 9

Raon Feidhme

1.  Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an gcuid den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) agus leis na hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, de réir chinneadh chláir oibre an Choimisiúin don tsaoráid théamach an Choimisiúin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8. [Leasú 80]

2.  Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus le Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

Airteagal 10

Acmhainní buiséadacha

1.  Leithdháilfear na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) ar na cláir náisiúnta a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte ('na cláir') go táscach mar a leanas:

(a)  EUR 3 543 880 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 4 009 000 000 i bpraghsanna reatha) ar na Ballstáit i gcomhréir leis na critéir in Iarscríbhinn I; [Leasú 81]

(b)  EUR 708 953 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 802 000 000 i bpraghsanna reatha) ar na Ballstáit le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar na cláir dá dtagraítear in Airteagal 13(1). [Leasú 82]

2.  I gcás nach leithdháiltear an méid dá dtagraítear i mír 1(b), féadfar an fuílleach a chur leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b).

Airteagal 11

Rátaí cómhaoinithe

1.  Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % 85 % den chaiteachas incháilithe iomlán a bheidh ag tionscadal ó Bhallstáit a bhfuil ollioncam náisiúnta (‘OIN’) per capita acu atá níos ísle ná 90% de mheán an Aontais ná ní sháróidh sí 75% den chaiteachas incháilithe iomlán do Bhallstáit eile. [Leasú 83]

2.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thionscadail a chuirfear chun feidhme faoi réir gníomhaíochtaí sonracha.

3.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

4.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thacaíocht oibriúcháin, lena n‑áirítear an Scéim Idirthurais Speisialta.

5.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar chúnamh éigeandála.

6.  Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón ionstraim seo le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1 go mír 5.

7.  I gcás gach cuspóir sonrach, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh gach cuspóir sonrach i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  an ranníocaíocht iomlán, lena n‑áirítear ranníocaíocht phoiblí agus phríobháideach nó

(b)  an ranníocaíocht phoiblí amháin.

Airteagal 12

Na cláir

1.  Áiritheoidh gach Ballstát agus an Coimisiún go bhfuil na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu sa chlár náisiúnta comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse an bhainistithe teorann agus víosaí agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais, agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais, agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina sínithe leo. Agus tosaíochtaí a gclár á sainaithint acu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ar na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II. [Leasú 84]

1a.  I ndáil leis an méid sin, déanfaidh na Ballstáit méid íosta de 20% den chistiú a leithdháilfear orthu a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b). [Leasú 85]

2.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ról ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus, i gcás inarb iomchuí, ag , eu-LISA Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus aon ghníomhaireacht ábhartha eile de chuid an Aontais le próiseas forbartha chláir na mBallstát ag céim luath, a mhéid a thagann sin faoi inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí. [Leasú 86]

3.  Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na dréachtchláir agus leagfar béim ar leith ar na gníomhaíochtaí lena n‑áirítear gníomhaíochtaí faoi thacaíocht oibriúcháin i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(a) chun comhleanúnachas agus comhlántacht ghníomhaíochtaí na gníomhaireachta agus ghníomhaíochtaí na mBallstát i dtaca le bainistíocht teorann a áirithiú agus chun maoiniú dúbailte a sheachaint agus cost‑éifeachtúlacht a bhaint amach. [Leasú 87]

3a.  Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le eu-LISA maidir leis na dréachtchláir agus leagfar béim ar leith ar na gníomhaíochtaí a áirítear faoi thacaíocht theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(a) chun comhleanúnachas agus comhlántacht ghníomhaíochtaí eu-LISA agus ghníomhaíochtaí na mBallstát a áirithiú. [Leasú 88]

4.  Féadfaidh an Coimisiún ról a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus i gcás inarb iomchuí, do eu-LISA, , do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus d’aon ghníomhaireacht ábhartha eile maidir le cúraim faireacháin agus mheastóireachta dá dtagraítear i Roinn 5, go háirithe d'fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ón ionstraim i gcomhréir leis an acquis ábhartha de chuid an Aontais agus le tosaíochtaí atá comhaontaithe ag an Aontas. [Leasú 89]

5.  Tar éis dó na moltaí a ghlacadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus na moltaí a eisíodh faoi chuimsiú measúnuithe íogaireachta a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1624, breathnóidh an Ballstát i gceist, i gcomhar leis an gCoimisiún, ar an gcur chuige is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin le tacaíocht na hionstraime seo.

6.  I gcás inarb ábhartha, tabharfaidh an Coimisiún ról don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, do eu-LISA, do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus d’aon ghníomhaireacht nó comhlacht ábhartha eile sa phróiseas scrúdúcháin i ndáil leis an gcur chuige is iomchuí chun dul i ngleic leis na moltaí le tacaíocht ón ionstraim seo. [Leasú 90]

7.  Agus mír 5 á cur chun feidhme aige, cinnfidh an Ballstát lena mbaineann gur tosaíocht de chuid a chláir a bheidh i gcur chun feidhme beart chun dul i ngleic le haon easnaimh atá ann, go háirithe bearta chun dul i ngleic le heasnaimh thromchúiseacha agus measúnuithe neamhchomhlíontacha.

8.  I gcás inar gá, leasófar an clár lena mbaineann chun na moltaí dá dtagraítear i mír 5 a chur san áireamh maille leis an dul chun cinn i ndáil le gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna arna measúnú sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht amhail dá dtagraítear in Airteagal 27(2)(a). Ag brath ar thionchar an choigeartaithe, déanfaidh an Coimisiún an clár athbhreithnithe a fhormheas. [Leasú 91]

9.  I gcomhar agus i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hinniúlachtaí na gníomhaireachta, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann acmhainní a ath‑leithdháileadh faoina chlár, lena n‑áirítear na hacmhainní atá clársceidealaithe do thacaíocht oibriúcháin, d'fhonn dul i ngleic leis na moltaí dá dtagraítear i mír 5 a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo.

10.  Nuair a chinnfidh Sula gcinnfidh Ballstát tionscadail a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír, i dtríú tír nó i dtaca le tríú tír, le tacaíocht na hionstraime, áiritheoidh sé go gcomhlíonfar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus an Bhallstáit sin le gach gníomhaíocht arna moladh ag an tríú tír sin, sa tríú tír sin nó i dtaca leis an tríú tír sin, agus go n-urramófar go hiomlán na cearta agus na prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula gcuirfear tús leis an tionscadal, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha thuasluaite. [Leasú 92]

11.  Gach uair a chinneann Ballstát, go heisceachtúil, gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír, i dtríú tíri dtaca le tríú tír, le tacaíocht na hionstraime a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe agus ar choireacht trasteorann agus lena mbrath, lena sainaithint, lena rianú, lena gcosc agus lena ngabháil chun an imirce neamhrialta agus an choireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac nó chun rannchuidiú le beatha imirceach a chosaint agus a shábháil, áiritheoidh sé go gcuirfidh sé fógra chuig an gCoimisiún faoi aon chomhaontú comhair déthaobhach nó iltaobhach leis an tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar lán-urraim do phrionsabal an non-refoulement, lena n-áirítear i ngníomhaíochtaí a tharlaíonn ar an mórmhuir.. [Leasú 93]

11a.  A luaithe a chinneann Ballstát tionscadail a thionscnamh le tríú tír, i dtríú tír nó i dtaca le tríú tír faoin ionstraim seo, cuirfidh an Ballstát na heagraithe a dhéanann ionadaíocht ar na comhpháirtithe ar an leibhéal náisiúnta ar an eolas laistigh de 10 lá, mar aon le comhaltaí an Choiste Stiúrtha. [Leasú 94]

12.  Maidir le trealamh oibriúcháin, lena n-áirítear modhanna iompair, agus córais chumarsáide, a bhfuil gá leis chun rialú éifeachtach slán ag teorainneacha a dhéanamh, mar aon le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, a ceannaíodh le tacaíocht na hionstraime seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas: [Leasú 95]

(a)  sula dtionscnóidh siad nósanna imeachta um cheannach chun trealamh oibriúcháin a fháil, lena n‑áirítear modhanna iompair, agus córais chumarsáide le tacaíocht na hionstraime, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonann an trealamh sin na caighdeáin a bhunaítear ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, i gcás inarb ann do na caighdeáin sin, agus fíoróidh siad a sonraíochtaí teicniúla leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus é mar aidhm acu idir-inoibritheacht na sócmhainní a úsáideann an Garda Teorann agus Cósta a áirithiú.

(b)  déanfar gach trealamh oibriúcháin mórscála i gcomhair bainistíocht teorann, amhail modhanna iompair agus faireachais aeir agus mhuirí a cheannaigh na Ballstáit a chlárú sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta d'fhonn na sócmhainní sin a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 39(8) de Rialachán (AE) 2016/1624.

(c)  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ítimí a cheannach i gcomhair oibríochtaí muirí ilchuspóireacha a dtugtar tacaíocht dóibh leis an ionstraim ar choinníoll go n‑úsáidfear na hítimí seo, agus iad á n‑oibriú ag na húdaráis náisiúnta ábhartha, le haghaidh oibríochtaí faireachais teorann ar feadh 60 % den tréimhse úsáide iomláine chun críocha náisiúnta in aon bhliain amháin. Clárófar na hítimí sin sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta d'fhonn na sócmhainní sin a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 39(8) de Rialachán (AE) 2016/1624;

(d)  chun tacú le pleanáil chomhleanúnach maidir le forbairt acmhainneachta don Ghníomhaireacht um an nGarda Teorann agus Cósta agus le húsáid fhéideartha soláthair chomhpháirtigh, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid den líne tuarascála i gcomhréir le hAirteagal 27, maidir leis an bpleanáil ilbhliantúil infhaighte i dtaca leis an trealamh atá beartaithe a cheannach faoin ionstraim. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

I gcás ina gcuireann na Ballstáit gníomhaíochtaí chun feidhme faoin ionstraim seo, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le faireachas teorann muirí, tabharfaidh siad aird ar leith ar a n-oibleagáidí idirnáisiúnta i ndáil le cuardach agus tarrtháil ar muir agus beidh siad i dteideal, chun na críche sin, an trealamh agus na córais dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den mhír seo a úsáid. [Leasú 96]

13.  Bunófar an oiliúint i réimse an bhainistithe teorann a dhéanfar le tacaíocht na hionstraime seo ar na caighdeáin comhchuibhithe ábhartha Eorpacha ar cháilíocht dhearbhaithe don oideachas agus don oiliúint chomhchoiteann i réimse na gardála teorann agus cósta, agus ar dhlí ábhartha an Aontais agus ar an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus an dlí muirí ábhartha. [Leasú 97]

14.  Go háirithe saothróidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn IV.

15.  Bunófar clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i Déanfaidh gach clár na cineálacha idirghabhála a leagan amach i gcomhair gach cuspóra shonraigh i gcomhréir le Tábla 1 d'Iarscríbhinn VI chomh maith le miondealú táscach ar na hacmhainní clársceidealaithe de réir chineál na hidirghabhála nó an réimse tacaíochta. [Leasú 98]

Airteagal 13

Athbhreithniú meántéarma

-1.  Beidh na cláir faoi réir athbhreithniú agus meastóireacht mheántéarma i gcomhréir le hAirteagal 26. [Leasú 99]

1.  In Roimh dheireadh 2024, agus i ndiaidh dó Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 1(c) agus i mír míreanna 2 go 11 d'Iarscríbhinn I a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann. Bunófar an leithdháileadh ar na sonraí staidrimh is déanaí a bheidh ar fáil maidir leis na critéir dá dtagraítear i mír 1(c) agus míreanna 2 go 11 d'Iarscríbhinn I. Beidh an cistiú éifeachtach don tréimhse amhail ón mbliain féilire 2025. [Leasú 100]

2.  Mura gcumhdaítear 10 % 30 % de leithdháileadh tosaigh cláir dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a) trí bhíthin iarratais ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ní bheidh an Ballstát i gceist incháilithe chun an leithdháileadh breise dá dtagraítear i mír 1 a fháil. [Leasú 101]

2a.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ach amháin má bhíonn an creat ábhartha rialála agus gníomhartha gaolmhara i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022. [Leasú 102]

3.  Amhail ó 2025, i gcás inarb iomchuí sin, cuirfear san áireamh i leithdháileadh na gcistí ón tsaoráid théamach an dul chun cinn a dhéanfar maidir le garspriocanna an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] a ghnóthú agus maidir le laigí cur chun feidhme aitheanta. [Leasú 103]

Airteagal 14

Gníomhaíochtaí sonracha

1.  Is é atá i ngníomhaíochtaí sonracha tionscadail thrasnáisiúnta nó náisiúnta óna n-eascraíonn breisluach Aontais agus atá i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo a d’fhéadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir. [Leasú 104]

2.  Féadfaidh Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10(1), cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí sonracha, ar choinníoll go bhfuil sé curtha in iúl mar sin sa chlár agus go n‑úsáidfear é chun cur le cur chun feidhme chuspóirí an Rialacháin seo.

3.  Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

Airteagal 15

Tacaíocht oibriúcháin

1.  Tá tacaíocht oibriúcháin ina cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid mar thacaíocht leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as saothrú na gcúraimí agus na seirbhísí ar cuid de sheirbhís phoiblí don Aontas iad.

2.  Féadfaidh Ballstát suas le 30 % den mhéid a leithdháilfear faoin ionstraim ar a chlár oibre chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú do na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí agus na seirbhísí ar seirbhís phoiblí don Aontas iad a shaothrú.

3.  Comhlíonfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as tacaíocht oibriúcháin acquis an Aontais maidir le teorainneacha agus víosaí. [Leasú 105]

4.  Léireoidh na Ballstáit sa chlár agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 27 an t‑údar atá le húsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Sula ndéanfaidh sé an clár a fhormheas, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir le hinniúlachtaí na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 12(3), measúnú ar an gcás bonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin, agus an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis atá ar fáil i bhfianaise mheastóireachtaí agus mheasúnuithe íogaireachta Schengen, lena n‑áirítear na moltaí a thagann as meastóireachtaí agus measúnuithe íogaireachta Schengen á cur san áireamh aige.

5.  Gan dochar d’Airteagal 4(3)(c), díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar chúraimí agus seirbhísí sonracha ghníomhaíochtaí incháilithe mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII. [Leasú 106]

6.  Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach maoiniúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun leasú a dhéanamh ar na cúraimí agus seirbhísí sonracha gníomhaíochtaí incháilithe in Iarscríbhinn VII. [Leasú 107]

Airteagal 16

Tacaíocht oibriúcháin don Scéim Idirthurais Speisialta

1.  Cuirfidh an ionstraim tacaíocht ar fáil chun cúiteamh a dhéanamh ar tháillí tarscaoilte ó víosaí arna n‑eisiúint chun costais idirthurais agus costais bhreise a tabhaíodh le linn chur chun feidhme na scéime um an doiciméad idirthurais éascaithe (FTD) agus um an doiciméad idirthurais Iarnróid éascaithe (FRTD) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 694/2003.

2.  Maidir leis na hacmhainní a leithdháilfear ar an Liotuáin faoin Scéim Idirthurais Speisialta de bhun Airteagal 7(2)(a), cuirfear ar fáil iad mar thacaíocht oibriúcháin bhreise don Liotuáin i gcomhréir le gníomhaíochtaí incháilithe tacaíochta oibriúcháin laistigh den chlár, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.

3.  De mhaolú ar Airteagal 15(2), féadfaidh an Liotuáin an méid a leithdháilfear uirthi i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(a) a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú de bhreis ar an méid a shainítear in Airteagal 15(2).

4.  Déanfaidh an Coimisiún agus an Liotuáin athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo i gcás athruithe a imríonn tionchar ar an Scéim Idirthurais Speisialta a bheith ann nó ar fheidhmiú na Scéime sin.

Roinn 3

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 17

Raon Feidhme

Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin.

Airteagal 18

Gníomhaíochtaí Aontais

1.  Is é atá i ngníomhaíochtaí Aontais tionscadail trasnáisiúnta nó náisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.

2.  Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ionstraim a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III.

3.  Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais, agus féadfaidh an cistiú sin bheith in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh siad maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.

4.  Tabharfar agus bainisteofar deontais faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le [Teideal VIII] den Rialachán Airgeadais.

5.  Féadfaidh an coiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

6.  Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in [Airteagal X de] Rialachán (AE) .../... [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

Airteagal 19

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gClár seo chun feidhme i gcomhréir le [Rialachán InvestEU] agus le [Teideal X] den Rialachán Airgeadais. [Leasú 108]

Airteagal 20

Cúnamh teicniúil ar leibhéal an Choimisiúin

Leis an ionstraim féadfar tacú le bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann. Féadfar na bearta sin, eadhon réamhchéimeanna, faireachán, maoirseacht, iniúchadh, meastóireacht agus gach gníomh riaracháin agus teicniúil a bhfuil gá leis chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, le tríú tíortha, a mhaoiniú ar ráta 100 %. [Leasú 109]

Airteagal 21

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n‑áirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, sin é an bonn a bheidh leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 22

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Déanfaidh faighteoirí chistiú an Aontais na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí a chur chun cinn trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus fhónta a sholáthar d’iliomad sainghrúpaí ábhartha, lena n-áirítear na meáin agus an pobal, sna teangacha ábhartha. Chun infheictheacht chistiú an Aontais a áirithiú, déanfaidh faighteoirí chistiú an Aontais tagairt dá bhunús agus cumarsáid á déanamh acu maidir leis an ngníomhaíocht. Chuige sin, i ngach teachtaireacht chun na meán nó chun an phobail, áiritheoidh na faighteoirí go mbeidh suaitheantas an Aontais le sonrú uirthi agus go luafar go sainráite inti an tacaíocht airgeadais ón Aontas. [Leasú 110]

2.  Chun an dream daoine is leithne agus is féidir a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hionstraime seo, agus le gníomhaíochtaí agus torthaí na hionstraime, a chur chun feidhme. Go háirithe, foilseoidh an Coimisiún faisnéis i dtaca le forbairt chláir bhliantúla agus ilbhliantúla na saoráide téamaí. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún liosta na n-oibríochtaí arna roghnú le tacaíocht a fháil faoin tsaoráid théamach a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a bhfuil teacht ag an bpobal air agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta gach trí mhí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an ionstraim seo, rannchuideofar freisin le cumarsáid chorparáideach faoi chur chun feidhme thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo. Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún dea-chleachtais a chur chun cinn agus faisnéis a mhalartú maidir le cur chun feidhme na hionstraime. [Leasú 111]

2a.  Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i bhformáidí oscailte agus meaisín-inléite, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(53)1a, lenar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid le chéile agus a athúsáid. Féadfar na sonraí a rangú de réir an mhéid seo a leanas: tosaíocht, cuspóir sonrach, costas incháilithe iomlán na n-oibríochtaí, costas iomlán na dtionscadal, costas iomlán na nósanna imeachta soláthair, ainm an tairbhí agus ainm an chonraitheora. [Leasú 112]

2b.   Is faoi na Ballstáit a bheidh sé faisnéis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún maidir le forbairt clár faoi bhainistiú comhroinnte, chun go bhféadfar an fhaisnéis i dtrácht a fhoilsiú ansin ar a shuíomh gréasáin. [Leasú 113]

Roinn 4

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 23

Cúnamh éigeandála

1.  Leis an ionstraim cuirfear Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cúnamh airgeadais a sholáthar, ar bhonn eisceachtúil, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shonracha i gcás staid éigeandála lena bhfuil údar cuí agus mar rogha dheireanach. Féadfaidh staideanna den chineál sin tarlú mar thoradh ar bhrú práinneach eisceachtúil i gcás inar thrasnaigh líon mór nó líon díréireach náisiúnach tríú tír, ina bhfuil siad ag trasnú nó ina meastar go dtrasnóidh siad teorainneacha seachtracha Ballstáit amháin nó níos mó, go háirithe ag codanna den teorainn a sainítear go gcuirfidh an leibhéal tionchair iontu feidhmiú limistéar Schengen ina iomláine i mbaol, nó aon staid éigeandála chuí-réasúnaithe eile ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha faoi raon feidhme an Rialacháin seo ina n-éilitear beart láithreach. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill. [Leasú 114]

2.  Féadfaidh cúnamh éigeandála bheith i bhfoirm deontas a bhronnfar go díreach ar ghníomhaireachtaí díláraithe.

3.  Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10(1) ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh sa chlár náisiúnta. Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár.

4.  Tabharfar agus bainisteofar deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le [Teideal VIII] den Rialachán Airgeadais.

4a.  I gcás inar gá é chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar a chumhdach le cúnamh éigeandála caiteachas arna thabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh, ach gan an dáta sin a bheith roimh an 1 Eanáir 2021. [Leasú 115]

4b.  Soláthrófar cúnamh éigeandála ar bhealach atá i lánchomhréir le acquis an Aontais agus le hoibleagáidí an Aontais agus na mBallstát faoi na hionstraimí idirnáisiúnta ar sínithe leo iad. [Leasú 116]

Airteagal 24

Cistiú carnach, comhlántach agus comhcheangailte

1.  Féadfaidh gníomhú a fuair ranníocaíocht faoin ionstraim ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach clár de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht, maidir lena ranníocaíocht féin leis an mbeart. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht. Tabharfar aitheantas, i gcás inarb iomchuí, do ranníocaíochtaí faoi chláir eile de chuid an Aontais le gníomhaíochtaí faoin ionstraim seo, i gcláir oibre an Choimisiúin nó sna cláir náisiúnta agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht. [Leasú 117]

2.  Seo a leanas gníomhaíochtaí Maidir le hoibríochtaí a bhronntar dearbhú séala barr feabhais orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha, comparáideacha: [Leasú 118]

(a)  rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin ionstraim;

(b)  comhlíonann siad na ceanglais íosta cáilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)  ní fhéadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha,

féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 67 de Rialachán (AE) .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) .../... [maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air] chistí struchtúrtha an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin comhleanúnach le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirtear tacaíocht ar fáil. [Leasú 119]

Roinn 5

FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Foroinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 25

Faireachán agus tuairisciú

1.  I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal 43(3)(h)(i)(iii) 41(3)(h)(i)(iii) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hIarscríbhinn V, ar bhonn bliantúil ar a laghad. [Leasú 120]

2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn V a leasú d’fhonn na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht atá le cur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hionstraime maidir le baint amach chuspóirí sonracha an Rialacháin seo a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII. Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna garspriocanna a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029. I gcás acmhainní faoi bhainistiú comhroinnte, úsáidfear táscairí coiteanna. Arna iarraidh sin dóibh, déanfar na sonraí a bheidh faighte ag an gCoimisiún maidir leis na táscairí aschuir agus toraidh a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 121]

4.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil éifeachtach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, nuair is ábhartha, ar na Ballstáit.

5.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn na hionstraime i dtreo bhaint amach a chuspóirí, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena n‑áirítear faisnéis a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit.

5a.  I gcás acmhainní faoi bhainistiú comhroinnte, beidh faireachán agus tuairisciú bunaithe ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun a áirithiú go gcuirfear an cistiú chun feidhme go héifeachtach. [Leasú 122]

5b.  Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar fhaireachán ar ghníomhaíochtaí a dhéanfaidh tríú tíortha, a dhéanfar iontu, nó a dhéanfar i dtaca leo, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 12(10) agus (11). [Leasú 123]

Airteagal 26

Meastóireacht

1.  Déanfaidh Faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar i láthair ar chur chun feidhme an Rialachán seo, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin Rialachán seo. Sa mheastóireacht mheántéarma, scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, simplíocht agus solúbthacht an Chiste. Níos sonraí ná sin, áireofar inti measúnú ar an méid seo a leanas: [Leasú 124]

(a)  an dul chun cinn i dtreo baint amach chuspóirí an Rialacháin seo, agus an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil á cur san áireamh, go háirithe na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht arna dtíolacadh ag na Ballstáit faoi Airteagal 30 agus na táscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;; [Leasú 125]

(b)  an breisluach Aontais a ghabhann le gníomhaíochtaí agus le hoibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoin ionstraim seo; [Leasú 126]

(c)  rannchuidiú na hionstraime le dul i ngleic le dúshláin atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha, le forbairt a dhéanamh ar an gcomhbheartas víosaí, agus le húsáid na hionstraime chun dul i ngleic le heasnaimh arna sainaithint ag Sásra Meastóireachta agus measúnú Leochaileachta Schengen; [Leasú 127]

(d)  ábharthacht leanúnach na mbeart cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus na ngníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus a iomchuí agus atá siad; [Leasú 128]

(e)  an chomhlántacht agus an comhleanúnachas idir gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin ionstraim seo agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile de chuid an Aontais. [Leasú 129]

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht mheántéarma torthaí siarghabhálacha meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach na hionstraime a bhí ann roimhe seo le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus víosaí, ar cuid í den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020. [Leasú 130]

1a.  Faoin 31 Eanáir 2030, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht shiarghabhálach. Faoin dáta céanna, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh measúnú ar na gnéithe a leagtar amach i mír 1 sa mheastóireacht shiarghabhálach. I dtaca leis sin, déanfar meastóireacht ar thionchair níos fadtéarmaí na hionstraime d’fhonn rannchuidiú le cinneadh maidir le hathnuachan nó modhnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chiste ina dhiaidh sin. [Leasú 131]

2.  Déanfar an athbhreithniú meántéarma agus an mheastóireacht shiarghabhálach go tráthúil chun cur leis an bpróiseas cinnteoireachta i gcomhréir leis an amlíne a leagtar amach in Airteagal 40 de 14 den Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] seo. [Leasú 132]

2a.  San athbhreithniú meántéarma agus sa mheastóireacht shiarghabhálach uaidh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí a dhéanfaidh tríú tíortha, a dhéanfar iontu, nó a dhéanfar i dtaca leo, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 12(10) agus (11). [Leasú 133]

Foroinn 2

Rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte

Airteagal 27

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.  Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin go 2031 agus an bhliain sin san áireamh cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht chuig an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. Leis an tuarascáil a thíolacfar in 2023 cumhdófar cur chun feidhme an chláir a dhéanfar go dtí an 30 Meitheamh 2022. Déanfaidh na Ballstáit na tuarascálacha sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus cuirfidh siad ar aghaidh iad chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. [Leasú 134]

2.  Leagfar amach sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faisnéis maidir le :

(a)  an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir le garscpriocanna agus spriocanna a bhaint amach agus na sonraí carnacha is déanaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] arna dtarchur chuig an gCoimisiún á gcur san áireamh; [Leasú 135]

(aa)  miondealú ar chuntais bhliantúla an chláir náisiúnta de réir aisghabhálacha, réamh-mhaoiniú tairbhithe deiridh agus caiteachas a tabhaíodh iarbhír; [Leasú 136]

(b)  aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir agus na bearta a rinneadh chun dul i ngleic leo, lena n-áirítear tuairimí réasúnaithe arna n-eisiúint ag an gCoimisiún i ndáil le nós imeachta sáraithe faoi Airteagal 258 CFAE; [Leasú 137]

(c)  an chomhlántacht, an comhordú agus an comhleanúnachas idir na bearta a dtugtar tacaíocht dóibh leis an ionstraim agus tacaíocht a chuirtear ar fáil ó Chistí Aontais eile, go háirithe bearta ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais agus ionstraimí eile lena soláthraítear cistiú i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha; [Leasú 138]

(d)  rannchuidiú an chláir le cur chun feidhme an acquis agus na bpleananna gníomhaíochta ábhartha de chuid an Aontais;

(da)  comhlíonadh na gceanglas um chearta bunúsacha; [Leasú 139]

(e)  cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)  comhlíonadh coinníollacha cumasaithe agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse.

(fa)  cur chun feidhme tionscadal i dtríú tír nó i dtaca le tríú tír. [Leasú 140]

3.  Féadfaidh an Coimisiún barúlacha maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh den spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha. A luaithe a ghlacfar leo, déanfaidh an Coimisiún achoimrí ar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus foilseoidh sé na hachoimrí sin ar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht ar shuíomh gréasáin tiomnaithe. [Leasú 141]

4.  Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Airteagal 28

Faireachán agus tuairisciú

1.  Bunófar faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1, i dTábla 2 agus i dTábla 3 in Iarscríbhinn VI. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach maoiniúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na cúraimí agus seirbhísí sonracha in Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hAirteagal 29.

2.  Úsáidfear na táscairí coiteanna i gcomhréir le hAirteagal 12(1), le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. …/… [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. [Leasú 142]

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8, 12, 15 25 agus 28 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028. [Leasú 143]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8, 12, 15, 25 agus 28 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ar an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 144]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8, 12, 15, 25 agus 28 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 145]

Airteagal 30

Nós imeachta coiste

1.  Beidh an Coiste Comhordaithe um an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí ina chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás nach dtugann an coiste achomhairc tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 27(4) a ghlacadh. [Leasú 146]

Airteagal 31

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní bheidh éifeacht ag an Rialachán ar leanúint de ná ar leasú na mbeart atá i gceist faoin ionstraim le haghaidh teorainneacha seachtracha agus víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, a leanfaidh d'fheidhm a bheith aige maidir leis na bearta sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Speansais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin is gá chun an t‑aistriú idir an ionstraim agus na bearta a glacadh faoina réamhtheachtaí, i.e. an ionstraim le haghaidh teorainneacha seachtracha agus víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, féadfar na speansais sin a chumhdach leis an imchlúdach airgeadais.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Critéir maidir le leithdháileadh cistí ar na cláir faoi bhainistíocht chomhroinnte

1.  Déanfar na hacmhainní atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 10 a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)  gheobhaidh gach Ballstát méid seasta EUR 5 000 000 ón ionstraim ag tús na clárthréimhse amháin;

(b)  méid EUR 157 200 000 don Scéim Idirthurais Speisialta a leithdháilfear ar an Liotuáin ag tús na clárthréimhse amháin;

(c)  agus leithdháilfear na hacmhainní atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 10 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

30 % i gcomhair teorainneacha seachtracha talún;

35 % i gcomhair teorainneacha seachtracha muirí;

20 % i gcomhair aerfort.

15 % i gcomhair oifigí consalacha.

2.  Déanfar na hacmhainní atá ar fáil faoi mhír 1(c) i gcomhair teorainneacha seachtracha talún agus teorainneacha seachtracha muirí a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)  70 % i gcomhair fad a dteorainneacha seachtracha talún agus a dteorainneacha seachtracha muirí, a ndéanfar a ríomh ar bhonn fachtóirí ualaithe i gcomhair gach cuid shonrach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013, a chinnfear i gcomhréir le mír 11; agus

(b)  30 % don ualach oibre ag a dteorainneacha seachtracha talún agus a dteorainneacha seachtracha muirí, mar a chinnfear i gcomhréir le mír 7(a).

3.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta an t‑ualú dá dtagraítear i mír 2(a) a chinneadh i gcomhréir le mír 11.

4.  Déanfar na hacmhainní a bheidh ar fáil faoi mhír 1(c) i gcomhair aerfort a roinnt ar na Ballstáit de réir an ualaigh oibre ag a n‑aerfoirt, mar a chinnfear i gcomhréir le mír 7(b).

5.  Déanfar na hacmhainní atá ar fáil faoi mhír 1(c) i gcomhair oifigí consalacha a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)  50 % do líon oifigí consalacha (gan consalachtaí oinigh san áireamh) na mBallstát sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001(54) ón gComhairle, agus

(b)  50 % den ualach oibre i dtaca le beartas víosaí a bhainistiú ag oifigí consalacha na mBallstát sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, mar a chinnfear i gcomhréir le mír 7(c) den Iarscríbhinn seo.

6.  Chun críche acmhainní a leithdháileadh faoi mhír 1(c), ciallóidh 'teorainneacha seachtracha muirí' teorainn sheachtrach fharraige teorann na mBallstát mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagail 4 go 16 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. Ach, i gcásanna ina bhfuil oibríochtaí fadtréimhseacha ag teastáil ar bhonn rialta chun imirce neamhdhleathach/ dul isteach neamhdhleathach neamhrialta a chosc, is é a bheidh iontu teorainn fhorimeallach na limistéar ina bhfuil bagairt ard. Déanfar an sainmhíniú ar 'theorainneacha muirí seachtracha' i dtaca leis seo a chinneadh trí na sonraí oibríochtúla a chuir na Ballstáit lena mbaineann ar fáil le dhá bhliain anuas a chur san áireamh. Bainfear úsáid go heisiach as an sainmhíniú seo chun críche an Rialacháin seo. [Leasú 147]

7.  Chun críocha an leithdháilte tosaigh den mhaoiniúchán, bunófar an measúnú ar an ualach oibre ar na meánfhigiúirí is déanaí atá ar fáil lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe sin ar dháta infheidhmeacht an Rialacháin seo. Chun críocha an athbhreithnithe mheántéarmach, bunófar an measúnú ar an ualach oibre ar na meánfhigiúirí is déanaí atá ar fáil lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe sin tráth an mheasúnaithe mheántéarmaigh in 2024. Bunófar an measúnú ar an ualach oibre ar na fachtóirí seo a leanas:

(a)  ag teorainneacha seachtracha talún agus teorainneacha seachtracha muirí:

(1)  70 % 60 % don líon trasnuithe teorann seachtraí ag pointí trasnaithe teorann údaraithe; [Leasú 148]

(2)  30 % 20 %don líon náisiúnach tríú tíre a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha. [Leasú 149]

(2a)  20% do líon na ndaoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin mar dhuine de theaghlach agus a ndearnadh a n-iarratais a phróiseáil faoin nós imeachta teorann dá dtagraítear in Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(55). [Leasú 150]

(b)  ag aerfoirt:

(1)  70 % don líon trasnuithe teorann seachtraí ag pointí trasnaithe teorann údaraithe;

(2)  30 % don líon náisiúnach tríú tíre a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha.

(c)  ag oifigí consalacha:

an líon iarratas ar víosaí le haghaidh gearrfhanachtaí nó idirthuras aerfoirt.

8.  Déanfar na figiúirí tagartha don líon oifigí consalacha dá dtagraítear i mír 5(a) a ríomh de réir na faisnéise atá in Iarscríbhinn 28 a ghabhann le Cinneadh C(2010)1620 an 19 Márta 2010 ón gCoimisiún lena mbunaítear an Lámhleabhar le haghaidh iarratais ar víosaí a phróiseáil agus ar víosaí a eisíodh cheana a mhodhnú.

I gcás nach gcuireann na Ballstáit na staitisticí lena mbaineann ar fáil, bainfear úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil i leith na mBallstát sin. I gcás nach mbeidh aon sonraí ar fáil i leith Ballstáit, nó ina mainníonn ar Bhallstát faisnéis den chineál sin a chur ar fáil dhá bhliain as a chéile, is é nialas an figiúr tagartha a bheidh ann. [Leasú 151]

9.  Is é a bheidh sna figiúirí tagartha don ualach oibre dá dtagraítear:

(a)  i mír 7(a)(1) agus mír 7(b)(1) na staitisticí is déanaí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

(b)  i mír 7(a)(2) agus 7(b)(2) na staitisticí is déanaí a bheidh curtha ar fáil ag an gCoimisiún (Eurostat) ar bhonn na sonraí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

(c)  i mír 7(c) na staitisticí is déanaí a sholáthróidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 46 den Chód Víosaí(56).

(d)  I gcás nach gcuireann na Ballstáit na staitisticí lena mbaineann ar fáil, bainfear úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil i leith na mBallstát sin. I gcás nach mbeidh aon sonraí ar fáil i leith Ballstáit, nó ina mainníonn ar Bhallstát faisnéis den chineál sin a chur ar fáil dhá bhliain as a chéile, is é nialas an figiúr tagartha a bheidh ann. [Leasú 152]

10.  Soláthróidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta tuarascáil don Choimisiún ar mhiondealú na n-acmhainní i dtaca le teorainneacha seachtracha talún, teorainneacha seachtracha muirí agus aerfoirt, dá dtagraítear i mír 1(c). Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar fáil go poiblí.. [Leasú 153]

11.  Chun críocha an leithdháilte tosaigh, déanfar a shainaithint leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 an meánleibhéal bagartha i ngach tionchair ar gach cuid den teorainn bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe sin ar dháta infheidhmeacht an Rialacháin seo. Chun críocha an athbhreithnithe mheántéarmach, déanfar a shainaithint leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 an meánleibhéal bagartha i ngach tionchair ar gach cuid den teorainn bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe tráth an mheasúnaithe mheántéarmaigh in 2024. Cinnfear léi na fachtóirí ualaithe sonracha seo a leanas in aghaidh na coda trí na leibhéil bhagartha tionchair a shainmhínítear in Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 a chur i bhfeidhm: [Leasú 154]

(a)  fachtóir 0.5 maidir le bagairt leibhéal tionchair íseal; [Leasú 155]

(b)  fachtóir 3 maidir le meánbhagairt meánleibhéal tionchair; [Leasú 156]

(c)  fachtóir 5 maidir le bagairt ard hardleibhéal tionchair; [Leasú 157]

(d)  fachtóir 8 maidir le bagairt chriticiúil. [Leasú 158]

IARSCRIBHINN II

Bearta cur chun feidhme

1.  Rannchuideoidh an ionstraim leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  feabhas a chur ar an rialú teorann i gcomhréir le hAirteagal 4(a) de Rialachán (AE) 2016/1624 trí:

i.  atreisiú a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí chun seiceálacha agus faireachas a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha lena n-áirítear bearta chun trasnuithe teorann dlisteanacha a éascú agus, i gcás inarb iomchuí, bearta a bhaineann le coireacht trasteorann a chosc agus a bhrath, amhail smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine daonna agus an sceimhlitheoireacht, a chosc agus a bhrath agus bearta a bhaineann le daoine a bhfuil gá cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh uirthi, a tharchur; [Leasú 159]

ii.  tacú leis an gcuardach agus an tarrtháil i gcomhthéacs faireachas teorann a dhéanamh ar muir; [Leasú 160]

iii.  bearta teicniúla agus oibríochtúla a chur chun feidhme i limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú ag teorainneacha, ar choinníoll nach ionann na bearta sin agus riosca don tsaorghluaiseacht; [Leasú 161]

iv.  anailís a dhéanamh ar na rioscaí atá ann don tslándáil inmheánach agus anailís ar aon bhagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú nó do shlándáil na dteorainneacha seachtracha;

v.  tacú, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, le Ballstáit a bhfuil brú díréireach imirce orthu nó a d'fhéadfadh a bheith orthu ag teorainneacha seachtracha an Aontais orthu aghaidh a thabhairt ar staid éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 23, lena n‑áirítear trí atreisiú oibríochtúil agus teicniúil agus trí fhoirne tacaíochta bainistithe imirce a imlonnú i limistéir theophointe. [Leasú 162]

(b)  forbairt bhreise a dhéanamh ar an nGarda Eorpach Teorann agus Cósta, trí acmhainneachtaí chomhchoiteanna a fhothú acmhainneachtaí, comhsholáthar a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir i measc na mBallstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um a chuíchóiriú, d’fhonn forbairt bhreise a dhéanamh ar an an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach; [Leasú 163]

(c)  comhar idirghníomhaireachta a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta i measc na n-údarás náisiúnta atá freagrach as rialú ag teorainneacha nó as cúraimí eile a dhéantar ag na teorainneacha agus ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, nó idir na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí, lena n-áirítear gníomhaireachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí seachtracha, ábhartha an Aontais ar an taobh eile; [Leasú 164]

(d)  cur i bhfeidhm acquis an Aontais maidir le teorainneacha seachtracha a áirithiú, lena n‑áirítear trí cur chun feidhme moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta amhail sásra measúnaithe Schengen i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, measúnuithe íogaireachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1624 agus sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta;

(e)  bunú, oibriú agus cothabháil na gcóras mórscála TF sin atá faoi réir dhlí an Aontais cheana i réimse an bhainistithe teorainneacha, lena n-áirítear idir-inoibritheacht na gcóras TF sin agus a mbonneagar cumarsáide, agus gníomhaíochtaí chun cáilíocht sonraí agus soláthar faisnéise a threisiú. [Leasú 165]

(ea)  acmhainneacht a mhéadú chun cúnamh a thabhairt do dhaoine i nguais ar muir, go háirithe tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála; [Leasú 166]

(eb)  tacú leis an gcuardach agus an tarrtháil i gcomhthéacs faireachas teorann a dhéanamh ar muir. [Leasú 167]

2.  Rannchuideoidh an ionstraim leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  seirbhísí éifeachtúla soláimhsithe don chliant a sholáthar d’iarratasóirí ar víosaí agus san am céanna slándáil agus sláine an nós imeachta víosaí a chothabháil, le haird ar leith ar dhaoine leochaileacha agus leanaí; [Leasú 168]

(aa)  tacú leis na Ballstáit i dtaca le víosaí a eisiúint, lena n-áirítear víosaí le bailíocht chríochach theoranta a eisítear ar fhorais dhaonnúla, ar chúiseanna a bhaineann leis an leas náisiúnta, nó mar gheall ar oibleagáidí idirnáisiúnta, agus le haghaidh tairbhithe de chlár athlonnaithe nó athshocraithe de chuid an Aontais, agus le acquis an Aontais maidir le víosaí a chomhlíonadh go hiomlán; [Leasú 169]

(b)  cur i bhfeidhm aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le víosaí a áirithiú, lena n‑áirítear forbairt bhreise agus nuachóiriú an chomhbheartais maidir le víosaí;

(c)  foirmeacha difriúla comhair idir na Ballstáit a fhorbairt i dtaca le próiseáil víosaí;

(d)  bunú nuashonrú, oibriú agus cothabháil ar chórais mhórscála TF i réimse an chomhbheartais maidir le víosaí, lena n‑áirítear idir-inoibritheacht na gcóras sin agus a mbonneagar cumarsáide. [Leasú 170]

IARSCRÍBHINN III

Raon feidhme na tacaíochta

1.  Ag teacht leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) tabharfar tacaíocht leis an ionstraim don mhéid seo go háirithe:

(a)  bonneagair, foirgnimh agus córais agus seirbhísí atá ag teastáil ag pointí trasnaithe teorann, i limistéir theophointe agus le haghaidh faireachas teorann idir pointí trasnaithe teorann chun dul i ngleic le trasnuithe teorann neamhúdaraithe, inimirce neamhdhlíthiúil neamhrialta agus coiriúlacht trasteorann ag na teorainneacha seachtracha, agus iad a chosc, chomh maith le sreafaí rianúla taistealaithe dlisteanacha a ráthú agus bainistiú éifeachtach ar shreafaí imirce, lena n-áirítear bearta a bhaineann le daoine a tharchur a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta agus, ag an am céanna, á áirithiú i gcónaí go gcaithfear leis na daoine lena mbaineann le dínit; [Leasú 171]

(b)  trealamh oibriúcháin, lena n‑áirítear modhanna iompair, agus córais chumarsáide is gá le haghaidh rialú teorann éifeachtach slán, i gcomhréir leis na caighdeáin a bhunaítear ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, i gcás inarb ann do na caighdeáin sin;

(c)  oiliúint i réimse an bhainistithe teorainneacha chomhtháite san Eoraip nó cuidiú lena fhorbairt, agus riachtanais oibríochtúla agus, anailís riosca agus dúshláin arna sainaithint i moltaí tír-shonracha á gcur san áireamh agus i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha; [Leasú 172]

(d)  comhoifigigh idirchaidrimh a thabhairt ar iasacht do thríú tíortha mar a shainmhínítear i Rialachán Uimh ... ... [an Rialachán nua maidir leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair](57) agus gardaí teorann agus saineolaithe ábhartha eile a thabhairt ar iasacht do na Ballstáit nó ó Bhallstát do thríú tír, an comhar idir líonraí saineolaithe nó oifigigh idirchaidrimh agus a n‑acmhainneacht oibríochtúil a atreisiú, mar aon le dea-chleachtais a mhalartú agus dlús a chur le hacmhainn líonraí Eorpacha beartais an Aontais a mheasúnú, a chur chun cinn agus a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt dóibh. [Leasú 173]

(e)  staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile arb aidhm dóibh an bhainistíocht teorainneacha chomhtháite san Eoraip a chur chun feidhme nó a fhorbairt, lena n‑áirítear bearta arb aidhm dóibh an Garda Eorpach Teorann agus Cósta a fhorbairt, amhail acmhainneachtaí comhchoiteanna a fhothú, comhsholáthar a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chuíchóiriú, mar aon le bearta a bhaineann le daoine a tharchur a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta; [Leasú 174]

(f)  gníomhaíochtaí lena ndéantar forbairt ar mhodhanna nuálacha nó teicneolaíochtaí nua a d'fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile a chur i bhfeidhm, go háirithe trí thorthaí tionscadal taighde slándála a chur i bhfeidhm, i gcás ina gcinneann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ag gníomhú dó faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2016/1624, go rannchuidíonn an cur i bhfeidhm sin le hacmhainní oibríochtúla an Gharda Eorpaigh Teorann agus Cósta a fhorbairt. Beidh modhanna nuálacha agus teicneolaíochtaí nua den chineál sin go hiomlán i gcomhréir le cearta bunúsacha agus leis an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; [Leasú 175]

(g)  réamhchéimeanna, gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla, atá riachtanach chun na beartais um theorainneacha seachtracha a chur chun feidhme, lena n‑áirítear rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen agus Chód Teorainneacha Schengen a fhíorú, lena n‑áirítear caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar láithreáin mar aon le bearta chun moltaí a eisíodh de thoradh measúnuithe íogaireachta a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1624, na moltaí sin a chur chun feidhme; [Leasú 176]

(ga)   gníomhaíochtaí chun cáilíocht na sonraí atá stóráilte i gcórais TF i réimse na víosaí agus na dteorainneacha a atreisiú agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an chirt atá ag ábhar sonraí chun faisnéis a fháil agus chun sonraí a rochtain, a cheartú nó a scrios agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na hionstraime seo; [Leasú 208]

(h)  sainaithint, méarlorgaireacht, clárú, seiceálacha slándála, faisnéisiú, soláthar faisnéise, scagthástáil liachta agus íogaireachta, agus, i gcás inar gá, cúram leighis, mar aon le náisiúnaithe ó thríú tíortha a tharchur, i gcás inarb infheidhme, chuig an nós imeachta iomchuí ag na teorainneacha seachtracha, i limistéir theophointe go háirithe; [Leasú 177]

(i)  gníomhaíochtaí arb aidhm dóibh feasacht maidir le beartais teorainneacha seachtracha a fheabhsú i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena n‑áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(j)  uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe; [Leasú 178]

(k)  tacaíocht oibriúcháin don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip.

(ka)  malartú dea-chleachtas agus saineolais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint i gcomhthéacs chodanna difriúla an rialaithe teorann agus, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine leochaileacha a shainaithint, le cúnamh a thabhairt dóibh láithreach agus lena dtarchur chuig na seirbhísí cosanta; [Leasú 179]

(kb)  bearta chun forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta, lena n-áirítear cur i bhfeidhm uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh comhchoiteanna chun dul chun cinn a thomhas agus chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí beartais. [Leasú 180]

2.  Ag teacht leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) tabharfar tacaíocht leis an ionstraim don mhéid seo go háirithe:

(a)  bonneagair atá ag teastáil chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus don chomhar consalach, lena n‑áirítear bearta slándála, chomh maith le gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar fheabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse d’iarratasóirí ar víosaí;

(b)  trealamh oibriúcháin agus córais chumarsáide atá ag teastáil chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus comhar consalach;

(c)  oiliúint a chur ar bhaill foirne consalaí agus foirne eile lena rannchuidítear leis an gcomhbheartas víosaí agus leis an gcomhar consalach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cearta bunúsacha a chomhlíonadh; [Leasú 181]

(d)  dea-chleachtais agus saineolaithe a mhalartú, lena n-áirítear saineolaithe a thabhairt ar iasacht, mar aon le borradh a chur faoi acmhainneacht líonraí Eorpacha i dtaca le beartais agus cuspóirí an Aontais a mheasúnú, a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh agus tacú leo, lena n-áirítear chun críche cearta bunúsacha a chosaint i ndáil le sainaithint daoine leochaileacha, cúnamh láithreach a thabhairt dóibh agus iad a tharchur; [Leasú 182]

(e)  staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile, amhail gníomhaíochtaí arb aidhm dóibh eolas a fheabhsú trí bhíthin anailísí, faireacháin agus meastóireachta;

(f)  gníomhaíochtaí trína bhforbraítear modhanna nuálacha nó a gcuirtear teicneolaíochtaí nua chun oibre a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

(g)  réamhchéimeanna, gníomhaíochtaí faireacháin, riaracháin agus teicniúla lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, lena n-áirítear caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar an láthair; [Leasú 183]

(h)  gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le beartais víosaí i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena n‑áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(i)  uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt, agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint á n-urramú; [Leasú 184]

(j)  tacaíocht oibríochta do chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe; [Leasú 185]

(ja)  tacú leis na Ballstáit i dtaca le víosaí a eisiúint, lena n-áirítear víosaí le bailíocht chríochach theoranta a eisítear ar fhorais dhaonnúla, ar chúiseanna a bhaineann leis an leas náisiúnta, nó mar gheall ar oibleagáidí idirnáisiúnta, agus le haghaidh tairbhithe de chlár athlonnaithe nó athshocraithe de chuid an Aontais, agus le acquis an Aontais maidir le víosaí a chomhlíonadh go hiomlán. [Leasú 186]

3.  Faoin gcuspóir beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1), tacófar leis an ionstraim leis an méid seo go háirithe:

(a)  bonneagair agus foirgnimh atá ag teastáil chun córais mhórscála TF agus comhpháirteanna bonneagair cumarsáide atá bainteach leo a óstáil;

(b)  trealamh agus córais chumarsáide atá ag teastáil chun dea-fheidhmiú córas mórscála TF a áirithiú;

(c)  gníomhaíochtaí oiliúna agus cumarsáide i dtaca le córais mhórscála TF;

(d)  córais mhórscála TF a fhorbairt agus a uasghrádú;

(e)  staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le córais mhórscála TF lena n‑áirítear a n‑idir-inoibritheacht a chur chun feidhme;

(f)  gníomhaíochtaí trína bhforbraítear modhanna nuálacha nó a gcuirtear teicneolaíochtaí nua chun oibre a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

(g)  uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt do chórais mhórscála TF sa réimse víosaí agus na dteorainneacha, agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint á n-urramú; [Leasú 187]

(ga)  gníomhaíochtaí chun cáilíocht sonraí a atreisiú agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an chirt atá ag ábhar sonraí chun faisnéis a fháil agus chun a shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scrios agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin; [Leasú 188]

(h)  tacaíocht oibriúcháin do chur chun feidhme do chórais mhórscála TF.

IARSCRÍBHINN IV

Gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus Airteagal 12(14)

(1)  Trealamh oibriúcháin a cheannach trí bhíthin scéimeanna comhpháirteacha soláthair i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a bheidh le cur ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta le haghaidh a gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 39(14) de Rialachán (AE) 2016/1624.

(2)  Bearta lena dtacaítear le comhar idirghníomhaireachta idir Ballstát agus tríú tír comharsanachta a bhfuil comhtheorainn talún nó mhuirí ag an Aontas léi.

(3)  Forbairt bhreise ar an nGarda Eorpach Teorann agus Cósta, trí acmhainneachtaí comhchoiteanna a a dhéanamh ar fhothú acmhainneachtaí comhchoiteanna, comhsholáthar a dhéanamh, caighdeáin chomhchoiteanna a bhunú agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú i measc na mBallstát a chuíchóiriú, mar a shonraítear i mír 1(b) d'Iarscríbhinn II d’fhonn forbairt bhreise a dhéanamh ar an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach. [Leasú 189]

(4)  Oifigigh idirchaidrimh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a imlonnú go comhpháirteach;

(5)  Bearta lena n-atreisítear sainaithint íospartaigh na gáinneála ar dhaoine daonna agus tacaíocht dóibh agus lena n-atreisítear comhar trasteorann i dtaca le lucht gáinneála a bhrath faoi chuimsiú an rialaithe teorann, lena n-áirítear trí shásraí cosanta agus tarchuir a fhorbairt agus trí thacú leo. [Leasú 190]

(5a)  Córais chomhtháite chun leanaí a chosaint a fhorbairt ag na teorainneacha seachtracha mar aon le beartais do leanaí san imirce i gcoitinne, lena n-áirítear trí oiliúint leordhóthanach a chur ar fhoirne agus trí mhalartú dea-chleachtas i measc na mBallstát. [Leasú 191]

(6)  Bearta lena ndéanfar modheolaíochtaí nó teicneolaíochtaí nua a chur chun oibre, a aistriú, a thástáil agus a bhailíochtú, lena n‑áirítear treoirthionscadail agus bearta leantacha a bhaineann le tionscadail taighde slándála arna gcistiú ag an Aontas, dá dtagraítear in Iarscríbhinn III chun cáilíocht na sonraí atá stóráilte i gcórais TF i réimse na víosaí agus na dteorainneacha a atreisiú agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an chirt atá ag ábhar sonraí chun faisnéis a fháil agus chun sonraí a rochtain, a cheartú nó a scrios agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na hionstraime seo. [Leasú 209]

(6a)  Bearta lena spriocdhírítear ar dhaoine leochaileacha a shainaithint, ar chúnamh a thabhairt dóibh agus ar a dtarchur chuig na seirbhísí cosanta. [Leasú 193]

(7)  Bearta lena ndéanfar limistéir theophointe a bhunú agus a bhainistiú sna Ballstáit a bhfuil brú díréireach imirce orthu nó a d'fhéadfadh a bheith orthu.

(8)  Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar fhoirmeacha comhair idir na Ballstáit i dtaca le próiseáil víosaí, mar a shonraítear i mír 2(c) d'Iarscríbhinn II.

(9)  Láithreacht chonsalach nó ionadaíocht na mBallstát a mhéadú i dtíortha a bhfuil ceanglais víosa orthu, go háirithe i dtíortha nach bhfuil láithreacht ag aon Bhallstát iontu faoi láthair.

Iarscríbhinn V

Croítháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(1);

(a)  Cuspóir sonrach 1: Tacú le bainistiú comhtháite éifeachtach teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha arna cur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar chomhfhreagracht chomhroinnte idir an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhleathach neamhrialta agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreafaí imirce a bhainistiú go héifeachtach; [Leasú 194]

(1)  An líon trasnuithe teorann neamhrialta a bhraitear ag teorainneacha seachtracha an Aontais a) idir na pointí trasnaithe; agus b) ag na pointí trasnaithe teorann

Foinse sonraí: An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

(2)  An líon daoine a mbíonn doiciméid chalaoiseacha á n‑úsáid acu a bhraitear ag pointí trasnaithe teorann

Foinse sonraí: An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

(2a)  Líon na ndaoine a bhfuil iarratas déanta acu ar chosaint idirnáisiúnta ag na pointí trasnaithe teorann

Foinse sonraí: Ballstáit [Leasú 195]

(2b)  Líon na ndaoine ar diúltaíodh cead isteach dóibh

Foinse sonraí: Ballstáit [Leasú 196]

(b)  Cuspóir sonrach 2: Tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun cur chuige níos comhchuibhithe a áirithiú i measc na mBallstát i ndáil le víosaí a eisiúint agus chun taisteal dlisteanach a éascú agus rioscaí imirce agus chun maolú ar slándála a chosc. [Leasú 197]

(1)  An líon daoine a mbíonn doiciméid chalaoiseacha á n‑úsáid acu a bhraitear ag consalachtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste

Foinse sonraí: Ballstáit

(1a)  Líon na ndaoine a bhfuil iarratas déanta acu ar chosaint idirnáisiúnta ag consalachtaí na mBallstát

Foinse sonraí: Ballstáit [Leasú 198]

(2)  Meán‑am cinnidh (agus treochtaí ) sa chur chuige maidir le víosaí

Foinse sonraí: Ballstáit

IARSCRÍBHINN VI

Cineálacha idirghabhála

TÁBLA 1:   CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

I.  Bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip

001

Seiceálacha teorann

002

Faireachas teorann – sócmhainní aeir

003

Faireachas teorann – sócmhainní talún

004

Faireachas teorann – sócmhainní muirí

005

Faireachas teorann – córais faireachais teorann uathoibríocha

006

Faireachas teorann – bearta eile

007

Bearta oibríochtúla agus teicniúla i limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú teorann;

008

Comhfheasacht staide agus malartú faisnéise

009

Anailís riosca

010

Sonraí agus faisnéis a phróiseáil

011

Limistéir theophointe

011a

Bearta a bhaineann le daoine leochaileacha a shainaithint agus a tharchur[Leasú 199]

011b

Bearta a bhaineann le daoine a shainaithint agus a tharchur, a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta[Leasú 200]

012

An Garda Eorpach Teorann agus Cósta a fhorbairt

013

Comhar idirghníomhaireachta – ar an leibhéal náisiúnta

014

Comhar idirghníomhaireachta – ar an leibhéal an Aontais Eorpaigh

015

Comhar idirghníomhaireachta – le tríú tíortha

016

Comhoifigigh idirchaidrimh a imlonnú

017

Córais mhórscála TF – Eurodac chun críocha bainistithe teorainneacha

018

Córais mhórscála TF – córais dul isteach/imeachta (EES)

019

Córais mhórscála TF – Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)

020

Córais mhórscála TF – Córas Faisnéise Schengen (SISII)

021

Córais mhórscála TF – Idir-inoibritheacht

022

Tacaíocht oibriúcháin – bainistiú comhtháite teorainneacha

023

Tacaíocht oibriúcháin – córais mhórscála TF chun críocha bainistithe teorainneacha

024

Tacaíocht oibriúcháin – Scéim Idirthurais Speisialta

II.  Comhbheartas víosaí

001

Feabhas a chur ar phróiseáil iarratas ar víosaí

002

Feabhas a chur ar éifeachtúlacht, ar an tseirbhís don chliant agus ar an tslándáil ag na consalachtaí

003

Slándáil doiciméad / comhairleoirí doiciméad

004

Comhar consalachta

005

Cumhdach consalachta

006

Córais mhórscála TF – Córas Faisnéise Víosaí (VIS)

007

Córais TF eile chun críocha iarratais ar víosaí a phróiseáil

008

Tacaíocht oibriúcháin – An Comhbheartas Víosaí

009

Tacaíocht oibriúcháin – córais mhórscála TF chun críocha iarratais ar víosaí a bhainistiú

010

Tacaíocht oibriúcháin – Scéim Idirthurais Speisialta

010a

Víosaí daonnúla a eisiúint [Leasú 201]

 

III.  Cúnamh teicniúil

001

Faisnéis agus cumarsáid

002

Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

003

Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

003a

Cáilíocht sonraí agus an ceart atá ag ábhair sonraí chun faisnéis a fháil agus chun a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scrios agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin [Leasú 202]

004

Forbairt acmhainneachtaí

TÁBLA 2:   CÓID DO GHNÉ AN CHINEÁIL MAOINITHE

001

bonneagair agus foirgnimh

002

an modh iompair

003

trealamh oibriúcháin eile.

004

córais chumarsáide

005

Córais TF

006

oiliúint

007

malartú dea-chleachtas – idir na Ballstáit

008

malartú dea-chleachtas – le tríú tíortha

009

saineolaithe

010

staidéir, cruthúnas choincheapa, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí comhchosúla

011

gníomhaíochtaí cumarsáide

012

uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt

013

feidhmiú tionscadal taighde agus obair leantach eile

TÁBLA 3:   CÓID DO DHIMINSEAN NA RIALAITHE MIONSONAITHE MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME

001

Gníomhaíocht shonrach

002

Cúnamh éigeandála

003

Gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV

004

Moltaí meastóireachta Schengen a chur chun feidhme

005

Moltaí maidir le measúnú íogaireachta a chur chun feidhme

006

Comhar le tríú tíortha

007

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha

IARSCRÍBHINN VII

Gníomhaíochtaí atá incháilithe chun tacaíocht oibriúcháin a fháil

(a)  Faoin sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a), cumhdófar le tacaíocht oibriúcháin na costais seo a leanas ar choinníoll nach bhfuil siad á gcumhdach ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhthéacs a gníomhaíochtaí oibriúcháin:

(1)  costais foirne

(2)  trealamh agus bonneagar a chothabháil agus a dheisiú;

(3)  costais seirbhíse, lena n‑áirítear limistéir theophointe faoi raon feidhme an Rialacháin seo; [Leasú 203]

(4)  costais reatha oibríochtaí.

Féadfaidh Ballstát is óstach de réir bhrí Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2016/1624 úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun na costais reatha a thabhaíonn sé de thoradh a rannpháirtíochta féin sna gníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2016/1624 agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó chun críocha a ghníomhaíochtaí rialaithe teorann náisiúnta.

(b)  Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b), cumhdófar leis an tacaíocht oibriúcháin:

(1)  costais foirne, lena n‑áirítear le haghaidh oiliúna;

(2)  costais seirbhíse;

(3)  trealamh agus bonneagar a chothabháil agus a dheisiú;

(4)  costais a bhaineann le réadmhaoin, lena n‑áirítear costais a bhaineann le cíos agus bonneagar;

(c)  Ag teacht leis an gcuspóir beartais a leagtar amach in Airteagal 3(1), cumhdófar leis an tacaíocht oibriúcháin:

(1)  costais foirne, lena n‑áirítear le haghaidh oiliúna

(2)  bainistiú agus cothabháil oibríochtúil ar chórais mhórscála TF agus a mbonneagair chumarsáide, lena n‑áirítear idir-inoibritheacht na gcóras sin agus an cíos ar áitreabh daingnithe.

(d)  I dteannta leis an méid thuas, cuirfear tacaíocht ar fáil i gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 16 trí bhíthin tacaíocht oibriúcháin laistigh den chlár don Liotuáin

IARSCRÍBHINN VIII

táscairí aschuir agus torthaí dá dtagraítear in Airteagal 25(3);

(a)  Cuspóir sonrach 1: Tacú le bainistiú comhtháite éifeachtach teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha arna cur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar chomhfhreagracht chomhroinnte idir an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhleathach neamhrialta agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreafaí imirce a bhainistiú go héifeachtach; [Leasú 204]

(1)  Bonneagar rialaithe teorann, modhanna iompair agus trealamh eile a mhaoinítear le tacaíocht ón ionstraim:

–  an líon pointí trasnaithe teorann nuathógtha nó uasghrádaithe mar sciar d'iomlán na bpointí trasnaithe teorann nuathógtha nó uasghrádaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

–  an líon geataí rialaithe uathoibrithe teorann;

–  an líon modhanna aeriompair;

–  an líon modhanna iompair mhuirí;

–  an líon modhanna iompair talún;

–  an líon ítimí trealaimh a chuirtear ar fáil don Gníomhaireachta Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

–  an líon ítimí trealaimh eile, as a dtagann an líon ítimí trealaimh le haghaidh limistéir theophointe a bhunú, a uasghrádú agus a chothabháil chun cíocha an Rialacháin seo;

–  an líon ítimí trealaimh ilchuspóireacha dá dtugtar leis an ionstraim.

(2)  An líon post speisialaithe i dtríú tíortha le tacaíocht ón ionstraim

–  comhoifigigh idirchaidrimh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III;

–  poist speisialaithe eile a bhaineann le bainistíocht teorainneacha.

(3)  An líon tionscadal comhair agus sruthanna comhair, idir na húdaráis náisiúnta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a bhunaítear sna Ballstáit le tacaíocht ón ionstraim agus a rannchuidíonn le forbairt an Gharda Eorpaigh Teorann agus Cósta.

(4)  An líon ítimí trealaimh a úsáidtear le linn ghníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus a ceannaíodh le tacaíocht ón ionstraim mar sciar den líon iomlán ítimí trealaimh atá cláraithe sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta.

(5)  An líon tionscadal comhair agus sruthanna comhair idir na húdaráis náisiúnta agus lárionad comhordúcháin náisiúnta Eurosur a bhunaítear le tacaíocht ón ionstraim.

(6)  An líon ball foirne a oiltear i réimsí a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha le tacaíocht ón ionstraim.

(7)  An líon feidhmiúlachtaí a fhorbraíodh, a cuireadh chun feidhme, a rinneadh a chothabháil nó a uasghrádú le tacaíocht ón ionstraim, lena n‑áirítear chun críocha idir-inoibritheachta:

–  An córas Faisnéise Schengen (SISII);

–  An córas Dul Isteach/ Imeachta (ETIAS);

–  EES;

–  An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) chun críocha bainistithe teorainneacha:

–  Eurodac chun críocha bainistithe teorainneacha

–  An líon nasc idir córais TF agus an Tairseach Cuardaigh Eorpach a mhaoinítear le tacaíocht ón ionstraim;

–  Aon chórais TF mhórscála eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(8)  An líon moltaí meastóireachta Schengen i réimse na dteorainneacha agus na moltaí measúnaithe íogaireachta a chuirtear chun feidhme le tacaíocht na hionstraime, mar sciar de líon iomlán na moltaí a mbeidh impleachtaí airgeadais ag baint leo.

(b)  Cuspóir sonrach 2: Tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun cur chuige níos comhchuibhithe a áirithiú i measc na mBallstát i ndáil le víosaí a eisiúint agus chun taisteal dlisteanach a éascú agus chun maolú ar rioscaí imirce agus slándála a chosc. [Leasú 205]

(1)  An líon consalachtaí a bunaíodh nó a uasghrádaíodh lasmuigh de limistéar Schengen le tacaíocht na hionstraime mar sciar de líon iomlán chonsalachtaí an Bhallstáit lasmuigh de limistéar Schengen.

(2)  An líon ball foirne a oiltear agus líon na gcúrsaí oiliúna i ngnéithe a bhaineann leis an gcomhbheartas víosaí le cabhair na hionstraime.

(3)  An líon feidhmiúlachtaí a fhorbraítear, a chuirtear chun feidhme, a dhéantar a chothabháil nó a uasghrádú le tacaíocht na hionstraime, lena n‑áirítear chun críocha idir-inoibritheachta:

–  VIS;

–  EES;

–  Aon chórais TF mhórscála eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(4)  An líon cineálacha comhair i measc na mBallstát i dtaca le próiseáil víosaí a bhunú agus a uasghrádú le tacaíocht na hionstraime:

–  comhshuímh;

–  comh‑lárionaid iarratas,

–  ionadaíochtaí;

–  nithe eile.

(5)  An líon moltaí meastóireachta Schengen i réimse an chomhbheartais víosaí a cuireadh chun feidhme le tacaíocht na hionstraime, mar sciar de líon iomlán na moltaí a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo.

(6)  Líon na dtíortha a bhfuil ceanglais víosa orthu ina bhfuil láithreacht ag na Ballstáit iontu nó ina bhfuil méadú tagtha ar an ionadaíocht atá acu iontu le tacaíocht na hionstraime

(1)IO C […], […], lch. […].
(2)IO C […], […], lch. […].
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(4) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(5)COM(2015)0240 an 13 Bealtaine 2015.
(6)http://www.consilium.europa.eu/en/press/press‑releases/2016/12/15/euco-conclusions‑final/
(7)Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 22-23 Meitheamh 2017.
(8)COM(2017)0794.
(9) Ráiteas ón gCoimisiún maidir le bainistiú sreafaí daoine ag na teorainneacha idir an tSlóivéin agus an Chróit an 29 Aibreán 2017.
(10) Moladh (AE) 2017/1804 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Chód Teorainneacha Schengen i ndáil le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach i limistéar Schengen (IO L 259, 7.10.2017, lch. 25).
(11)Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(12)IO L […], […], lch. […].
(13)IO L […], […], lch. […].
(14) IO L 144, 6.6.2007, lch. 22.
(15)Rialachán (AE) 2017/2226 an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(16)Rialachán (CE) Uimh. 767/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(17)COM(2016)0731 an 16 Samhain 2016.
(18)COM(2016)0272 an 4 Bealtaine 2016.
(19)COM(2016)0881, 0882 agus 0883 an 21 Nollaig 2016.
(20)COM(2017)0344 an 29 Meitheamh 2017.
(21)COM(2017)0794 an 12 Nollaig 2017.
(22)EUCO 22/15 CO EUR 8 CONCL 3.
(23)Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).
(24)IO L 236, 23.9.2003, lch. 946.
(25)Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, 17.4.2003, lch. 8).
(26)Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le formáidí aonfhoirmeacha le haghaidh Doiciméid Idirthurais Éascaithe (FTD) agus Doiciméid Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 (IO L 99, 17.4.2003, lch. 15).
(27)IO L […], […], lch. […].
(28)Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).
(29)Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena mbunaítear Gníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 lena mbunaítear córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1).
(30)Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).
(31)IO C […], […], lch. […].
(32)IO C […], […], lch. […].
(33)IO C […], […], lch. […].
(34)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(35)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch.1).
(36)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(37)Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(38)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(39)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(40)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016; IO L 123, 12.5.2016, lch. 1
(41)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(42)IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(43)IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(44)Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(45)IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(46)Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(47)IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(48)Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(49)Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(50)IO C […], […], […], lch.
(51)IO L [..], [...], lch. […].
(52)Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(53) Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).
(54)Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).
(55) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a aistarraingt (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
(56)Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(57)IO L [..], [...], lch.

An nuashonrú is déanaí: 14 Aibreán 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais