Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas (COM(2018)0568 – C8-0385/2018 – 2018/0299(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0568),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0385/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 10 Deireadh Fómhair 2018(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus an gealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir an 20 Feabhra 2019 seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A8-0009/2019),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/495.)