Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 12 Feabhra 2019 - Strasbourg
Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Cósta Eabhair agus AE (2018-2024) ***
 Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Cósta Eabhair agus AE (2018-2024) (rún)
 Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe AE-Mharacó ***
 Clár Frithchalaoise AE ***I
 Plean ilbhliantúil do na stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird, agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin ***I
 Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta ***I
 Íoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce ***I
 Formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta ***I
 Clár le haghaidh margadh aonair, iomaíochas fiontar agus staidreamh Eorpach ***I
 Na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh)

Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Cósta Eabhair agus AE (2018-2024) ***
PDF 107kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair (2018-2024) (10858/2018 – C8-0387/2018 – 2018/0267(NLE))
P8_TA(2019)0063A8-0030/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10858/2018),

–  ag féachaint don Phrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair (2018-2024) (10856/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43 agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0387/2018),

–  ag féachaint dá rún neamhreachtach an 12 Feabhra 2019(1) ar an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach agus do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Buiséid (A8-0030/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht an Chósta Eabhair.

(1) Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0064.


Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Cósta Eabhair agus AE (2018-2024) (rún)
PDF 125kWORD 53k
Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair (2018-2024) (10858/2018 – C8-0387/2018 – 2018/0267M(NLE))
P8_TA(2019)0064A8-0034/2019

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10858/2018),

–  ag féachaint don Phrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair (2018-2024) (10856/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0387/2018),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 12 Feabhra 2019 maidir leis an dréachtchinneadh(1),

–  ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach agus don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt (A8-0034/2019),

A.  de bhrí go bhfuil an Coimisiún agus an Cósta Eabhair i ndiaidh comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nua (SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair) agus prótacal cur chun feidhme go ceann tréimhse de shé bliana a chaibidliú;

B.  de bhrí gurb é an aidhm fhoriomlán atá le SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair ná méadú a dhéanamh ar an gcomhar idir AE agus an Cósta Eabhair maidir le hiascaigh, chun leasa an dá pháirtí, trí bheartas inbhuanaithe iascaigh agus saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a chur chun cinn i limistéar eacnamaíoch eisiach (LEE) an Chósta Eabhair;

C.  de bhrí gur chomhionann le 79 %, ar an meán, é glacadh deiseanna iascaigh faoin SFPA a bhí ann roimhe seo idir AE agus an Cósta Eabhair, ar figiúr é a meastar a bheith maith ar an mórgóir; de bhrí, áfach, le linn na tréimhse sin, nár bhain na báid spiléar leas as na deiseanna iascaireachta a bhí ar fáil;

D.  de bhrí, mar gheall ar na SFPAnna idir AE agus an Cósta Eabhair a bheith tugtha i gcrích ceann i ndiaidh a chéile, go bhfuiltear ag cabhrú le geilleagar an Chósta Eabhair sa mhéid is go bhfuiltear tar éis mairnéalaigh áitiúla, calafort Abidjan agus saoráidí cannadóireachta a úsáid, foghabhálacha éisc ó bháid tuinnín-saighneoireachta AE a shaothrú agus acmhainneacht faireacháin áitiúil a neartú (cé go meastar go ginearálta an méid sin a bheith ábhar beag);

E.  de bhrí gur cheart go ndéanfadh an SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair forbairt inbhuanaithe níos éifeachtaí ar earnáil iascaigh an Chósta Eabhair agus ar na hearnálacha agus na gníomhaíochtaí gaolmhara, a chur chun cinn; de bhrí, maidir leis an tacaíocht a bheidh le soláthar faoin bPrótacal, gur gá go mbeadh sí comhsheasmhach leis na pleananna forbartha náisiúnta – go háirithe an Plean Straitéiseach i ndáil le Beostoc, Iascaigh agus Dobharshaothrú a fhorbairt (PSDEPA) – agus an Plean Gníomhaíochta don Fhás Gorm, a dréachtaíodh i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe chun táirgeacht san earnáil a mhéadú agus an earnáil a dhéanamh gairmiúil chun riachtanais bia agus fostaíochta an phobail a chomhlíonadh; de bhrí, de réir an Phlean Straitéisigh thuasluaite, go bhfuil gá le buiséad de níos mó ná EUR 140 milliún chun na haidhmeanna sin a bhaint amach;

F.  de bhrí go bhfuil AE, tríd an gCiste Eorpach Forbraíochta, ag cur buiséad ilbhliantúil de EUR 273 mhilliún ar fáil don Chósta Eabhair, faoina ndírítear, i measc réimsí eile, ar an mbonneagar, ar an tsláinte agus ar an gcabhair dhaonnúil;

1.  den tuairim gur cheart go saothródh an SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair dhá sprioc atá chomh tábhachtach le chéile: (1) deiseanna iascaigh a sholáthar do shoithí AE atá i LEE an Chósta Eabhair, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil agus gan cur isteach ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta de chuid na n-eagraíochtaí réigiúnacha a bhfuil an Cósta Eabhair ina cuid díobh – an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh go príomha – nó an barrachas ar fáil a shárú; agus (2) comhar idir AE agus an Cósta Eabhair a chur chun cinn d’fhonn beartas inbhuanaithe iascaigh agus saothrú fónta acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta an Chósta Eabhair, agus rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe earnáil iascaigh an Chósta Eabhair trí chomhar eacnamaíoch, airgeadais, teicniúil agus eolaíoch, gan an bonn a bhaint ó roghanna ceannasacha an Chósta Eabhair ná ó straitéisí maidir leis an bhforbairt sin;

2.  ag tarraingt aird ar thorthaí an mheasúnaithe shiarghabhálaigh agus fhadbhreathnaithigh ar an bPrótacal a ghabhann leis an SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair, a rinneadh i mí Mheán Fómhair 2017, agus inar luadh gur léir an Prótacal a ghabhann le SFPA 2013-2018 a bheith, ar an mórgóir, éifeachtach, éifeachtúil, iomchuí do na leasanna lena mbaineann, comhsheasmhach le beartas earnálach an Chósta Eabhair agus go raibh na geallsealbhóirí an-toilteanach glacadh leis, agus inar moladh go mbeadh an rogha ann prótacal nua a thabhairt chun críche;

3.  ag áitiú gur gá don SFPA idir AE agus an Cósta Eabhair agus an Prótacal a ghabhann leis, nuair a chuirfear chun feidhme iad agus dá ndéanfaí athbhreithniú agus/nó athnuachan orthu, foráil a dhéanamh do PSDEPA agus don Phlean Gníomhaíochta don Fhás Gorm maidir le forbairt earnáil iascaigh an Chósta Eabhair, agus ailíniú a dhéanamh leo, agus gur cheart dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

   feabhas a chur ar an rialachas: reachtaíocht a dhréachtú agus a bhailíochtú agus cuir le pleananna bainistíochta;
   treisiú leis an rialú agus leis an bhfaireachas i limistéar eacnamaíoch eisiach an Chósta Eabhair;
   neartú a dhéanamh ar bhearta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chomhrac, lena n-áirítear in uiscí intíre;
   cead a thabhairt chun céanna agus calafoirt cur i dtír a thógail agus/nó a athchóiriú, lena n-áirítear – ach gan a bheith teoranta dó – Calafort Abidjan;
   feabhas a chur ar choinníollacha ag tithe deataithe éisc, go háirithe do mhná, agus ar an gcaoi sin, an córas leasaithe a dhéanamh níos éifeachtaí;
   tacú le feabhas a chur ar dhálaí oibre do mhná, arb iad go príomha atá freagrach as déileáil le forghabháil éisc;
   limistéir muirí faoi chosaint a bhunú;
   comhpháirtíochtaí le tríú tíortha a threisiú trí bhíthin comhaontuithe iascaigh, trédhearcacht a áirithiú trí fhoilsiú inneachar na gcomhaontuithe sin, agus chomh maith leis sin, trí chlár réigiúnach i gcomhair oiliúint agus úsáid breathnadóirí a bhunú;
   tógáil margaí éisc a chumasú;
   treisiú eagraíochtaí ina ndéantar ionadaíocht ar fhir agus ar mhná in earnáil na hiascaireachta a chumasú, go háirithe iad siúd a bhíonn ag plé le hiascaireacht ar mhionscála, agus ar an gcaoi sin, a chabhraíonn le hinniúlachtaí teicniúla, bainistíochta agus caibidlíochta a neartú;
   fónamh chun lárionaid bhunúsacha agus oiliúna gairmiúla a chur ar bun agus/nó a athchóiriú, agus ar an gcaoi sin, leibhéil scileanna na n-iascairí agus na mairnéalach a ardú;
   feabhas a chur ar acmhainní taighde eolaíoch agus ar an gcumas faireachán a dhéanamh ar acmhainní iascaigh;
   feabhas a chur ar inbhuanaitheacht acmhainní muirí trí chéile;

4.  ag meas go bhféadfadh na rialacha atá ann maidir le mairnéalaigh ACC a earcú i gcomhair shoithí iascaireachta AE, arbh ionann é agus 20 % den fhoireann, a bheith níos uaillmhianaí; ag athdhearbhú gur gá cloí le prionsabail EIS agus, go háirithe, ag moladh go síneofaí Coinbhinsiún Uimh. 188 EIS, lena dtugtar le fios go bhfuil oibleagáid ann urraim a thabhairt do phrionsabail ghinearálta na saoirse comhlachais agus na cómhargála neamhshrianta i gcás oibrithe agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe san fhostaíocht agus ag an obair; á iarraidh freisin go dtabharfaí aird ar na héilimh ó cheardchumainn na mairnéalach áitiúil go ndéanfaí an cumhdach slándála sóisialta, an cumhdach sláinte agus an cumhdach scoir do mhairnéalaigh ACC a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr;

5.  ag meas gur cheart an fhaisnéis ar na tairbhí a dhéanann cur chun feidhme an Phrótacail do gheilleagair áitiúla (fostaíocht, bonneagar, feabhsuithe sóisialta) a thiomsú;

6.  ag meas gurb inmhianaithe feabhas a chur ar chainníocht agus cruinneas sonraí maidir le gach gabháil (spriocspeicis agus foghabhálacha) agus maidir le stádas caomhantais acmhainní iascaigh agus feabhas a chur ar chur chun feidhme an chistithe tacaíochta earnála chun gur féidir, ar bhealach níos cruinne, an tionchar atá ag an gComhaontú ar éiceachóras na mara agus ar phobail iascaireachta, a thomhas; á iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú chun a áirithiú gur féidir leis na comhlachtaí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena n-áirítear coiste comhpháirteach eolaíoch a bheidh le cur ar bun chun na críche sin, feidhmiú go rialta agus go trédhearcach, i gcomhar le comhlachais iascairí mionscála agus comhlachais dheataithe éisc, le ceardchumainn, le hionadaithe ó phobail chósta, agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Chósta Eabhair;

7.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, sa chomhar eatarthu agus ina mbeartais oifigiúla cúnaimh um fhorbairt trína ndírítear ar an gCósta Eabhair, aird a thabhairt air gur cheart go mbeadh an Ciste Eorpach Forbraíochta agus an tacaíocht earnála a leagtar síos sa SFPA seo comhlántach lena chéile d’fhonn rannchuidiú, ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtaí, le cumhachtú na bpobal iascaireachta áitiúil agus le feidhmiú iomlán cheannasacht an Chósta Eabhair ar acmhainní na tíre sin;

8.  á iarraidh ar an gCoimisiún go n-áiteoidh sé ar Phoblacht an Chósta Eabhair an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an bprótacal a úsáid chun a tionscal iascaigh náisiúnta a neartú ar bhonn inbhuanaithe, lena gcuirfí borradh faoin éileamh ar infheistíocht áitiúil agus ar thionscadail thionsclaíocha, agus lena gcruthófaí poist áitiúla.

9.  á iarraidh ar an gCoimisiún miontuairiscí agus conclúidí chruinnithe an Choiste Chomhpháirtigh dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Chomhaontú, an clár earnála ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Phrótacal, agus torthaí na meastóireachtaí bliantúla, a chur chuig Parlaimint na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún cead a thabhairt d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa freastal ar chruinnithe an Choiste Chomhpháirtigh mar bhreathnadóirí agus rannpháirtíocht phobail iascaireachta an Chósta Eabhair a spreagadh;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, ag gníomhú dóibh laistigh de theorainneacha a gcumhachtaí féin, Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas láithreach agus go hiomlán ag gach céim de na nósanna imeachta a bhaineann leis an bPrótacal agus, más infheidhme, lena athnuachan, de bhun Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 218(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

11.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus rialtais agus parlaimintí Phoblacht an Chósta Eabhair.

(1) Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0063.


Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe AE-Mharacó ***
PDF 107kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó, an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis agus an mhalartaithe litreacha a ghabhann leis an gComhaontú (14367/2018 – C8-0033/2019 – 2018/0349(NLE))
P8_TA(2019)0065A8-0027/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14367/2018),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó, don Phrótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis agus don mhalartú litreacha a ghabhann leis an gComhaontú (12983/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8‑0033/2019),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0027/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe don chomhaontú;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Ríocht Mharacó.


Clár Frithchalaoise AE ***I
PDF 221kWORD 77k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh (COM(2018)0386 – C8-0236/2018 – 2018/0211(COD))
P8_TA(2019)0068A8-0064/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0386),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 33 agus 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0236/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 15 Samhain 2018(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0064/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag meabhrú nach bhfuil san imchlúdach airgeadais a shonraítear sa togra reachtach ach nod don údarás reachtach agus nach féidir é a shocrú go dtí go dtiocfar ar chomhaontú maidir leis an togra le haghaidh rialachán lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh

P8_TC1-COD(2018)0211


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 325 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar an Aontas agus ar na Ballstáit calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Ba cheart don Aontas tacú le gníomhaíochtaí sna réimsí sin.

(2)  San am atá thart, bhíothas in ann, a bhuí le tacaíocht do ghníomhaíochtaí den sórt sin le Cinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) (Clár Hercule), arna leasú agus arna leathnú le Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) (Clár Hercule II), arna aisghairm agus arna ionadú le Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) (Clár Hercule III), feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an tAontas agus na Ballstáit maidir le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

(3)  Ceanglas den reachtaíocht earnála é tacú le tuairisciú na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, ar neamhrialtachtaí agus ar chalaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí a úsáid, i dtaca leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe(7), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh(8) agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta agus an ionstraim maidir le tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht ghéarchéime(9), an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí(10), agus an cúnamh réamhaontachais(11) i dtaca leis an gclárthréimhse 2014-2020 agus ina dhiaidh sin. Uirlis chumarsáide leictreonaí shlán is ea an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí a éascaíonn an oibleagáid atá ar na Ballstáit, agus ar tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, neamhrialtachtaí a bhraitear a thuairisciú, agus tacaíonn sí le bainistiú agus anailísiú neamhrialtachtaí.

(3a)  Is gá ilchineálacht na gcóras dlí agus riaracháin sna Ballstáit a chúiteamh chun teacht thar neamhrialtachtaí agus chun comhrac in aghaidh na calaoise. Féadtar luainiú líon na neamhrialtachtaí a chur i leith dhul chun cinn na gclár ilbhliantúil pleanála agus i leith tuairisciú déanach. Éilíonn sé sin go léir go mbunófaí córas aonfhoirmeach trína mbaileofaí ó na Ballstáit sonraí maidir le neamhrialtachtaí agus cásanna de chalaois chun an próiseas tuairiscithe a chaighdeánú agus chun cáilíocht agus inchomparáideacht na sonraí arna soláthar a áirithiú. [Leasú 1]

(3b)  Níl amhras ar bith faoin tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí coisc an Choimisiúin agus na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF), le go neartófaí cur chun feidhme an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) agus an Chórais Faisnéise Frithchalaoise (AFIS) agus go gcuirfí i gcrích na straitéisí frithchalaoise náisiúnta. Éilíonn na ceanglais sin go dtarraingeofaí suas creat le haghaidh dhigitiú gach próisis i gcur chun feidhme bheartais AE (glaonna ar thograí, cur i bhfeidhm, meastóireacht, cur chun feidhme agus íocaíochtaí) a bheidh le cur i bhfeidhm ag gach Ballstát. [Leasú 2]

(4)  Foráiltear le Rialachán (CE) 515/97(12), agus le Cinneadh 2009/917/CGB(13) ón gComhairle, tá an tAontas chun tacú le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart.

(5)  Tugtar an tacaíocht sin do roinnt gníomhaíochtaí oibríochtúla éagsúla. Orthu sin tá an Córas Faisnéise Frith-Chalaoise (AFIS), ardán teicneolaíochta faisnéise arb é ata ann tacar d’fheidhmchlár arna n‑oibriú faoi chóras coiteann faisnéise arna bhainistiú ag an gCoimisiún. Faoi ardán AFIS a bhíonn an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS) ag oibriú freisin. Bíonn cistiú cobhsaí intuartha de dhíth ar chóras den chineál sin thar na blianta chun a áirithiú go mbíonn sé inbhuanaithe.

(6)  Ba cheart an tacaíocht ón Aontas i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais, an tuairiscithe ar neamhrialtachtaí agus an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh agus an chomhair in ábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta a chuíchóiriú faoi aon chlár amháin, Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh (“an Clár”), d’fhonn sinéirgíochtaí agus solúbthacht bhuiséid a mhéadú, agus chun bainistiú a shimpliú gan dochar do rialú éifeachtach a bheith á dhéanamh ag comhreachtóirí chur chun feidhme an chláir. [Leasú 3]

(7)  Tugtar le chéile sa Chlár, dá bhrí sin, comhpháirt atá inchurtha leis an gclár Hercule, comhpháirt eile lena n‑áirithítear maoiniú an Chórais Bainistíochta Neamhrialtachtaí, agus tríú comhpháirt lena maoinítear na gníomhaíochtaí a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 515/97, lena n‑áirítear ardán AFIS.

(7a)   Ba cheart go spriocdhíreodh cosaint ar leasanna airgeadais an Aontais ar gach gné de bhuiséad an Aontais, ó thaobh ioncaim agus caiteachais de araon. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an bhfíoras gurb é an Clár an t-aon cheann atá ann go sonrach chun taobh caiteachais de bhuiséad an Aontais a chosaint. [Leasú 4]

(8)  Áirítear roinnt córas faisnéise in ardán AFIS, lena n‑áirítear an Córas Faisnéise Custaim. Córas uathoibrithe faisnéise is ea an Córas Faisnéise Custaim, atá ceaptha cuidiú leis na Ballstáit oibríochtaí atá de shárú ar reachtaíocht chustaim nó reachtaíocht talmhaíochta a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí éifeachtúlacht chomhar agus nósanna imeachta a riarachán custaim a mhéadú trí bhíthin faisnéis a scaipeadh níos tapa. Cumhdaíonn an Córas Faisnéise Custaim cásanna de chomhar riaracháin agus comhar póilíneachta araon faoi bhonneagar amháin. Chun críocha an chomhair riaracháin, bunaítear an Córas Faisnéise Custaim le Rialachán (CE) Uimh. 515/97, arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 33 agus Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Chun críocha an chomhair póilíneachta, bunaítear an Córas Faisnéise Custaim le Cinneadh 2009/917/CGB, arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 30(1)(a) agus Airteagal 34(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Go teicniúil, ní féidir an ghné comhair póilíneachta den Chóras Faisnéise Custaim a scaradh ón ngné riaracháin toisc go n‑oibrítear an dá ghné sin faoi aon chóras teicneolaíochta faisnéise amháin. Ós rud é nach bhfuil sa Chóras Faisnéise Custaim féin ach ceann amháin de na córais éagsúla faisnéise a ritear faoi AFIS, agus gur lú líon na gcásanna den chomhar póilíneachta ná líon na gcásanna den chomhar riaracháin sa Chóras Faisnéise Custaim, meastar gur gné choimhdeach gné chomhar póilíneachta AFIS i gcomparáid leis an ngné riaracháin.

(9)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do thréimhse ar fad an Chláir arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe nua idirinstitiúideach: phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(14)], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(10)  Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhairí airgeadais. Dá bhrí sin, tá conarthaí arna maoiniú go hiomlán nó go páirteach ag buiséad an Aontais faoin gClár, faoi réir, inter alia, phrionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, agus tá deontais faoi réir phrionsabail an chómhaoinithe, na dámhachtana neamhcharnaí agus an neamh-mhaoinithe dhúbailte, na neamh-chúlghabhálachta agus an neamhbhrabúis. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, baineann siad freisin le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i dtaca le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistíocht fhónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh. [Leasú 5]

(11)  Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, mar a thagraítear dó in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(11a)   Ní sháróidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár 80 % de na costais incháilithe. I gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a bhfuil bonn cuí leo, arna sainiú sa chlár oibre, amhail cásanna a bhaineann leis na Ballstáit atá neamhchosanta ar riosca maidir le leasanna airgeadais an Aontais, ní rachaidh an ráta cómhaoinithe uasta thar 90 % de na costais incháilithe. [Leasú 6]

(12)  D’fhonn leanúnachas a áirithiú faoin gClár i dtaca le maoiniú na ngníomhaíochtaí ar fad a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 515/97, lena n‑áirítear ardán AFIS, cuirtear liosta táscach ar fáil in Iarscríbhinn I de na gníomhaíochtaí atá le maoiniú.

(12a)   Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear na cláir oibre chun feidhme. Ba cheart go nglacfadh an Coimisiún na cláir oibre ina leagtar amach tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, nod maidir leis an tsuim arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, tráthchlár táscach cur chun feidhme agus ráta uasta an chómhaoiniúcháin le haghaidh deontas. Agus an clár oibre á ullmhú ag an gCoimisiún, ba cheart go gcuirfeadh sé san áireamh tosaíochtaí Pharlaimint na hEorpa, ar tosaíochtaí iad a shonraítear faoi chuimsiú chreat a meastóireachta bliantúla ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ba cheart an clár oibre a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus é a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa. [Leasú 7]

(12b)   Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí incháilithe ar bhonn a gcumais spriocanna sonracha an Chláir a bhaint amach, ar spriocanna iad dá bhforáiltear in Airteagal 2. Féadfaidh siadsan foráil a áireamh maidir le cúnamh teicniúil speisialta le haghaidh údaráis inniúla na mBallstát, amhail eolas sonrach a sholáthar, ardtrealamh speisialaithe agus teicniúil agus uirlisí éifeachtacha teicneolaíochta faisnéise (TF); an tacaíocht is gá a áirithiú agus imscrúduithe a éascú, go háirithe cur ar bun foirne comhpháirteacha imscrúdaithe agus oibríochtaí trasteorann; nó feabhas a chur ar mhalairtí foirne le haghaidh tionscadail shonracha. Anuas air sin, féadtar a áireamh i measc na ngníomhaíochtaí incháilithe freisin oiliúint speisialaithe spriocdhírithe, ceardlanna anailíse riosca, agus, i gcás inarb iomchuí, comhdhálacha agus staidéir a eagrú. [Leasú 8]

(13)  Maidir le ceannach trealaimh trí ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim(15), d’fhéadfadh sé tionchar dearfach a bheith aige ar an gcomhrac i gcoinne calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh. Is faoi ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim agus faoin gClár araon atá sé aon dúbailt a sheachaint sa tacaíocht ón Aontas. Go bunúsach, ba cheart don Chlár a thacaíocht a dhíriú ar chineálacha trealaimh a fháil nach dtagann faoi raon feidhme ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, nó do threalamh arb iad na tairbhithe údaráis seachas na húdaráis a bhfuil ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim dírithe orthu. Thairis sin, ba cheart go mbeadh nasc soiléir ann idir tionchar an trealaimh ar cuireadh maoiniú ar fáil lena aghaidh agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ba cheart a áirithiú go ndéanfar forluí a sheachaint agus an clár oibre bliantúil á go ndéanfar sinéirgíochtí a aimsiú idir an Clár agus cláir ábhartha eile i réimsí amhail ceartas, custaim agus gnóthaí baile i gcomhthéacs ullmhú na gclár oibre. [Leasú 9]

(13a)   Tacaíonn an Clár leis an gcomhar idir údaráis riaracháin agus forfheidhmiúcháin dlí na mBallstát agus idir na húdaráis forfheidhmiúcháin agus an Coimisiún, lena n-áirítear OLAF, chomh maith le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile an Aontais, amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Europol), d’fhonn a áirithiú go ndéanfar cosaint níos éifeachtaí ar leasanna airgeadais an Aontais. Tacóidh sé freisin leis an gcomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) maidir leis sin, a luaithe is a théann an oifig sin i mbun a cúraimí. [Leasú 10]

(14)  Ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha ar comhaltaí iad de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar cuid den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) iad. Ba cheart é a bheith oscailte freisin do thíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí, tíortha agus is iarrthóirí ionchasacha mar aon le tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna. Ina theannta sin, ba cheart an Clár a bheith oscailte do thríú tíortha eile ar choinníoll go bhfuil comhaontú comhlachais acu nó go dtugann siad comhaontú sonrach i gcrích a chumhdaíonn a rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais. [Leasú 11]

(15)  Ag cur san áireamh meastóireachtaí a rinneadh ar chláir Hercule roimhe seo agus d’fhonn an Clár a neartú, ba cheart, go heisceachtúil, go mbeidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár in ann a bheith rannpháirteach gan a bheith ar na heintitis sin costas na rannpháirtíochta a sheasamh.

(15a)   Go háirithe, ba cheart go spreagfaí rannpháirtíocht eintiteas bunaithe i dtíortha a bhfuil comhaontú comhlachais i bhfeidhm acu leis an Aontas, d’fhonn cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú trí chomhar a bhaineann le custaim agus malartú dea-chleachtais, go háirithe i ndáil le bealaí chun comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a bhfuil tionchar acu ar leasanna airgeadais an Aontais agus i ndáil le dul i ngleic le dúshláin a bhaineann le forbairtí teicneolaíocha nua. [Leasú 12]

(16)  Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ag cur san áireamh na moltaí agus na mbeart a liostaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2013 dar teideal Stepping up the fight against cigarette smuggling and other forms of illicit trade in tobacco products — A comprehensive EU Strategy [Dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne smuigléireachta agus foirmeacha eile den trádáil neamhdhleathach i dtáirgí tobac – Straitéis chuimsitheach AE](16) agus an tuarascáil dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Teachtaireachta sin an 12 Bealtaine 2017(17).

(17)  Dhaingnigh an tAontas an Prótacal maidir le trádáil neamhdhleathach i dtáirgí tobac le Creatchoinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Slándála maidir le Rialú Tobac (an Prótacal) in 2016. Ba cheart don Phrótacal leasanna airgeadais an Aontais a chosaint sa mhéid agus a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne trádáil neamhdhleathach trasteorann i dtáirgí tobac, rud is cúis le caillteanas ioncaim. Ba cheart don Chlár tacú le Rúnaíocht Chreatchoinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Slándála maidir le Rialú Tobac i dtaobh na bhfeidhmeanna atá aige a bhaineann leis an bPrótacal. Ba cheart dó tacú freisin le gníomhaíochtaí eile arna n‑eagrú ag an Rúnaíocht i dtaca leis an gcomhrac i gcoinne na trádála neamhdhleathaí i dtáirgí tobac.

(18)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18), Rialachán (CE, Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(19), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(20) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(21), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur.

Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(19)  Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár trí chinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach.

(20)  

(21)  De bhun [tagairt le nuashonrú de réir cinneadh nua maidir le OCTanna: Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(23)], tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(22)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(24), is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí thuairisciú, go háirithe maidir le feidhmíocht, cheanglais faireacháin shonracha agus meastóireachta, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí sin, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair. Ba cheart do mheastóir neamhspleách an mheastóireacht sin a dhéanamh. [Leasú 13]

(23)  Chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na forálacha is gá le haghaidh creat faireachán agus monatóireacht don Chlár a fhorbairt cláir oibre a ghlacadh. Sa bhreis air sin, chun an Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 14]

(24)  Is é Airteagal 42a(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 an bunús dlí chun AFIS a mhaoiniú. Ba cheart don Rialachán seo teacht in ionad an bhunúis dlí sin agus cuirfidh sé ceann nua ar fáil. Ba cheart Airteagal 42a(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a scriosadh dá bhrí sin.

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 lena mbunaítear an clár Hercule III, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le forbairt ar an gClár Hercule III, ón 1 Eanáir 2021 amach. Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 a aisghairm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh leis an Rialachán seo (“an Clár”).

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Cuspóirí an Chláir

1.  Tá na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:

(a)  leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;.

(b)  tacú le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart.

2.  Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)  calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac.;

(b)  tacú le tuairisciú neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, maidir le cistí bainistíochta comhroinnte agus cistí cúnaimh réamhaontachais bhuiséad an Aontais.;

(c)  uirlisí a sholáthar le haghaidh malartú faisnéise agus tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla i réimse an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh in ábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta.

Airteagal 3

An buiséad

1.  Is é EUR 181.207 milliún 321 314 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 362 414 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027. [Leasú 15]

2.  Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1, seo a leanas a dháileadh táscach:

(a)  EUR 114.207 milliún 202 512 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 228 414 000 i bpraghsanna reatha) don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a); [Leasú 16]

(b)  EUR 7 12 412 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 14 mhilliún i bpraghsanna reatha) don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b); [Leasú 17]

(c)  EUR 60 106 390 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 120 milliún i bpraghsanna reatha) don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(c). [Leasú 18]

2a.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún cistí a ath-leithdháileadh idir na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2). I gcás ina bhfuil athrú de 10% nó níos mó i gceist le hath-leithdháileadh ar cheann de na méideanna a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, déanfar an t-ath-leithdháileadh sin trí ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14. [Leasú 19]

3.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n‑áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha. Thairis sin, cuirtear san áireamh sa leithdháileadh táscach i bpointe (a) de mhír 2 an fíoras gurb é an Clár an t-aon cheann dá chineáil a théann i ngleic leis an taobh caiteachais de chosaint leasanna airgeadais an Aontais. [Leasú 20]

Airteagal 4

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)  tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:;

(a)  go n‑áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais; [Leasú 21]

(b)  go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

(c)  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht cinnteoireachta don tríú tír maidir leis na cláir;

(d)  go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Airteagal 5

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe i bhfoirm deontas i gcomhréir le Teideal VIII agus i bhfoirm soláthair i gcomhréir le Teideal VII, mar aon le haisíocaíocht caiteachais taistil agus caiteachais cothaithe de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais. [Leasú 22]

3.  Féadfaidh an Clár cistiú a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) 515/97, go háirithe chun na cineálacha costas dá dtagraítear i liosta táscach Iarscríbhinn I a chumhdach.

4.  Nuair a bhaineann an ghníomhaíocht lena bhfuiltear ag tacú le trealamh a fháil, bunóidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, sásra comhordúcháin lena n‑áiritheofar éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht idir an trealamh uile a cheannaítear le tacaíocht ó Chláir an Aontais.

Airteagal 6

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise, beidh san áireamh sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiniúchtaí arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise.

CAIBIDIL II

DEONTAIS [Leasú 23]

Airteagal 7

Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais. Ní sháróidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár 80 % de na costais incháilithe. In imthosca eisceachtúla atá cuí-réasúnaithe, arna sainiú sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10, ní sháróidh an ráta cómhaoinithe 90 % de na costais incháilithe. [Leasú 24]

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí incháilithe

Ní bheidh ach Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil. :

(a)  eolas teicniúil, trealamh speisialaithe ardteicneolaíoch agus uirlisí éifeachtacha teicneolaíochta faisnéise (TF) a sholáthar lena bhfeabhsaítear an comhar trasnáisiúnta agus ildisciplíneach agus an comhar leis an gCoimisiún;

(b)  feabhas a chur ar mhalartuithe foirne i gcás tionscadail shonracha, an tacaíocht is gá a áirithiú agus imscrúduithe a éascú, go háirithe cur ar bun foirne comhpháirteacha imscrúduithe agus oibríochtaí trasteorann;

(c)  tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil d’imscrúduithe náisiúnta, go háirithe d’údaráis chustaim agus údaráis forfheidhmithe dlí chun an comhrac i gcoinne na calaoise agus gníomhaíochta neamhdhleathacha eile a neartú;

(d)  acmhainneacht TF a fhorbairt ar fud na mBallstát agus na dtríú tíortha, malartú sonraí a mhéadú, uirlisí TF a fhorbairt agus a chur ar fáil le haghaidh imscrúduithe agus faireachán a dhéanamh ar obair faisnéise;

(e)  oiliúint speisialaithe, ceardlanna anailíse rioscaí, comhdhálacha agus staidéir a eagrú a bhfuil sé mar aidhm leo feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú i measc seirbhísí lena mbaineann cosaint leasanna airgeadais an Aontais;

(f)  sraith d’fheidhmchláir chustaim TF a mhaoiniú, arna n-oibriú faoi chóras coiteann faisnéise arna bhainistiú ag an gCoimisiún agus arna bhunú chun na tascanna a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a dhéanamh;

(g)  uirlis chumarsáide leictreonaí shlán a mhaoiniú, lena n-éascaítear an oibleagáid atá ar na Ballstáit, neamhrialtachtaí a bhraitear a thuairisciú, lena n-áirítear éilliú, agus lena dtacaítear leis an mbainistiú agus leis an anailísiú orthu sin;

(h)  aon ghníomhaíocht eile, dá bhforáiltear leis na cláir oibre bhliantúla faoi Airteagal 10, a bhfuil gá léi chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 2 a bhaint amach. [Leasú 25]

Nuair is fáil trealaimh atá i gceist leis an ngníomhaíocht a gcuirtear tacaíocht ar fáil di, áiritheoidh an Coimisiún go rannchuideoidh an trealamh arna mhaoiniú le cosaint leasanna airgeadais an Aontais. [Leasú 26]

Airteagal 9

Eintitis incháilithe

1.  Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2.

2.  Tá na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)  údaráis phoiblí a fhéadfaidh cuidiú a thabhairt ceann de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhaint amach, atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(a)  Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(b)  tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár;

(c)  tríú tír atá liostaithe sa chlár oibre faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3.;

(b)  institiúidí taighde agus oideachais agus eintitis neamhbhrabúis a fhéadfaidh cuidiú chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhaint amach, ar choinníoll go bhfuil siad bunaithe agus ag feidhmiú le bliain amháin ar a laghad i mBallstát, nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár, nó i dtríú tír atá liostaithe i gclár oibre, faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3.;

(c)  aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta, mar a shainmhínítear in Airteagal 156 den Rialachán Airgeadais. [Leasú 27]

3.  Go heisceachtúil, na heintitis dá dtagraítear i mír 2 atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, beidh siad incháilithe chun a bheith rannpháirteach sa Chlár i gcás ina mbeidh sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

4.  Ba cheart do na heintitis dá dtagraítear i mír 2 atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ba cheart dóibh costas a rannpháirtíochta a sheasamh i bprionsabal.

CAIBIDIL III

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 10

Clár oibre

Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.

Déanfaidh an Coimisiún na cláir oibre a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14. [Leasú 28]

Breathnóidh an Coimisiún ar shinéirgíochtaí a aimsiú idir an Clár agus cláir ábhartha eile i réimsí amhail ceartas, custaim agus gnóthaí baile, agus áiritheoidh sé go ndéanfar forluí a sheachaint i gcomhthéacs ullmhú na gclár oibre. [Leasú 29]

Déanfar na cláir oibre a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus déanfar iad a tharchur chuige Parlaimint na hEorpa, a dhéanfaidh measúnú ar a n-inneachar agus ar a dtorthaí faoi chuimsiú chreat na meastóireachta bliantúla ar leasanna airgeadais an Aontais. [Leasú 30]

Airteagal 11

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 2.

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 14, chun Iarscríbhinn II a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú sin. [Leasú 31]

2a.  Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmíocht an Chláir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. [Leasú 32]

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, nuair is ábhartha, ar na Ballstáit.

Airteagal 12

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóir neamhspleách meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta. [Leasú 33]

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár. [Leasú 34]

4.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, do Choiste na Réigiún agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus foilseoidh sé iad ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. [Leasú 35]

Airteagal 13

Tarmligean cumhachtaí

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun na forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 11 cláir oibre dá bhforáiltear in Airteagal 10 a ghlacadh agus chun na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. [Leasú 44]

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5a.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 10 agus 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 36]

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht uasta an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal. Ní cheanglófar aitheantas a thabhairt d’fhoinse an chistithe ón Aontas ná infheictheacht a áirithiú i gcás ina mbeidh riosca ann go gcuirfí feidhmíocht éifeachtach gníomhaíochtaí oibríochtúla frithchalaoise agus custaim i mbaol. [Leasú 37]

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme go rialta gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina gcuidiú freisin maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2. [Leasú 38]

Airteagal 16

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 515/97

Scriostar mír 1 agus mír 2 d’Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97.

Airteagal 17

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 18

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 agus faoi Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 agus faoi Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a áirithiú.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Liosta táscach na gcineálacha costas a chisteoidh an Clár i gcás gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97;

(a)  na costais uile a bhaineann leis an infreastruchtúr buan teicniúil lena gcuirtear ar fáil do na Ballstáit na hacmhainní lóistíochta, uathoibrithe oifige agus TF a theastaíonn chun oibríochtaí comhpháirteacha custaim agus gníomhaíochtaí oibríochtúla eile a chomhordú, an t‑infreastruchtúr sin a shuiteáil agus a chothabháil;

(b)  aisíocaíocht costas iompair agus cóiríochta agus aon slánaíochtaí eile, i gcás inarb iomchuí, a thabhaíonn ionadaithe na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe tríú tíortha, a ghlacann páirt i misin an Chomhphobail, oibríochtaí comhpháirteacha custaim arna n‑eagrú ag an gCoimisiún nó i gcomhpháirt leis an gCoimisiún agus cúrsaí oiliúna, cruinnithe ad hoc agus cruinnithe ullmhúcháin agus meastóireachta le haghaidh imscrúduithe riaracháin nó le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag na Ballstáit, i gcás ina n‑eagraíonn an Coimisiún iad nó i gcás ina n‑eagraítear i gcomhpháirt leis an gCoimisiún iad.

(c)  caiteachas a bhaineann le bonneagar ríomhaireachta (crua-earraí), bogearraí agus naisc thiomnaithe líonra a fháil agus le staidéar, forbairt agus cothabháil a dhéanamh orthu agus caiteachas a bhaineann leis na seirbhísí gaolmhara táirgeachta, tacaíochta agus oiliúna chun críche na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a dhéanamh, go háirithe an chalaois a chosc agus a chomhrac;

(d)  caiteachas a bhaineann le faisnéis a sholáthar agus caiteachas ar ghníomhaíochtaí gaolmhara a cheadaíonn rochtain ar fhaisnéis, ar shonraí agus ar fhoinsí sonraí chun críocha na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a dhéanamh, go háirithe an chalaois a chosc agus a chomhrac;

(e)  caiteachas a bhaineann le húsáid an Chórais Faisnéise Custaim dá bhforáiltear in ionstraimí arna nglacadh faoi Airteagal 87 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe i gCinneadh 2009/971/CGB maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim, a mhéid a dhéanann na hionstraimí sin foráil maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh an caiteachas sin a sheasamh.;

(f)  caiteachas a bhaineann le comhpháirteanna an Aontais den líonra cumarsáide coiteann arna úsáid chun críocha phointe (c) a fháil agus le staidéar, forbairt agus cothabháil a dhéanamh orthu.

IARSCRIBHINN II

TÁSCAIRÍ I dTACA LE FAIREACHÁN AR AN gCLÁR

Déanfar faireachán géar ar an gclár ar bhonn thacar táscairí atá beartaithe chun a oiread agus atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach a mheas agus d'fhonn costais agus ualaí riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí a bhaineann leis na príomhtháscairí seo a leanas:

Sainchuspóir 1: Calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac.

Táscaire 1: Tacaíocht a thabhairt chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, arna thomhas mar seo a leanas:

1.1: Ráta sástachta i dtaca leis na gníomhaíochtaí arna n‑eagrú agus arna gcómhaoiniú/maoiniú tríd an gclár.

(a)  Líon agus cineál na gníomhaíochtaí arna n-eagrú agus arna gcómhaoiniú/maoiniú tríd an gclár; [Leasú 39]

1.2: Céatadán Liosta na mBallstát a fhaigheann tacaíocht gach bliain a bhíonn an clár i bhfeidhm agus a sciaranna faoi seach den chistiú. [Leasú 40]

Sainchuspóir 2: Tacú le tuairisciú neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, maidir le cistí bainistíochta comhroinnte agus cistí cúnaimh réamhaontachais bhuiséad an Aontais.

Táscaire 2: Ráta sástachta na n‑úsáideoirí i dtaca le húsáid an Chórais Bainistíochta Neamhrialtachtaí.

(a)  An líon tuairisc ar neamhrialtachtaí; [Leasú 41]

Táscaire 2: Ráta sástachta na n-úsáideoirí i dtaca le húsáid an Chórais Bainistíochta Neamhrialtachtaí. [Leasú 42]

Sainchuspóir 3: Uirlisí a sholáthar le haghaidh malartú faisnéise agus tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla i réimse an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh in ábhair chustaim.

Táscaire 3: An méid faisnéise cúnaimh fhrithpháirtigh a cuireadh ar fáil agus líon na ngníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh frithpháirteach ar tugadh tacaíocht dóibh.

Táscaire 3a: Cineál na ngníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh frithpháirteach;[Leasú 43]

(1) IO C 10, 10.1.2019, lch. 1.
(2)IO C 10, 10.1.2019, lch. 1.
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019.
(4)Cinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule) (IO L 143, 30.4.2004, lch. 9).
(5)Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2007 lena leasaítear agus lena leathnaítear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule II) (IO L 193, 25.7.2007, lch. 18).
(6)Rialachán (AE) Uimh.250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (clár Hercule III) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 6).
(7)Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1971 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a thuairisciú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1848/2006 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1975 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena leagtar síos minicíocht agus formáid tuairiscithe neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 293, 10.11.2015, lch. 6).
(8)Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1970 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a thuairisciú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1848/2006 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1974 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena leagtar síos minicíocht agus formáid tuairiscithe neamhrialtachtaí a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 293, 10.11.2015, lch. 1).
(9)Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1973 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht a thuairisciú agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime; agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1977 ón gCoimisiún lena leagtar síos minicíocht agus formáid tuairiscithe neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, faoi Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 293, 10.11.2015, lch. 15).
(10)Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1972 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí a thuairisciú agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1976 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena leagtar síos minicíocht agus formáid tuairiscithe neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 293, 10.11.2015, lch. 11).
(11)Airteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 447/2014 ón gCoimisiún maidir leis na rialacha sonracha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) (IO L 132, 3.5.2014, lch. 32).
(12)Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart, arna leasú go deireanach ag Rialachán 2015/1525 (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).
(13)Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim, (IO L 323, 10.12.2009, lch. 20).
(14)Tagairt le nuashonrú: IO L 373, 20.12.2013, lch. 1. Tá an comhaontú le fáil ag: http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv:OJ.C_.2013.373.01.0001.01.ENG&toc=OJ:C:2013:373:TOC
(15)[ref]
(16)COM(2013)0324 final
(17)COM(2017)0235 final
(18)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(19)IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.
(20)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún d’fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(21)Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(22)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(23)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(24)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).


Plean ilbhliantúil do na stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird, agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin ***I
PDF 124kWORD 47k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic éisc in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 (COM(2018)0149 – C8–0126/2018 – 2018/0074(COD)
P8_TA(2019)0069A8-0310/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0149),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0126/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d'fhógra oifigiúil an 29 Márta 2017 ó rialtas na Ríochta Aontaithe, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, faoina intinn tarraingt siar as an Aontas Eorpach,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),

—  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 12 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A8-0310/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle

P8_TC1-COD(2018)0074


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/472.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Tá sé beartaithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle na cumhachtuithe chun bearta teicniúla a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 8 den Rialachán seo a aisghairm nuair a bheidh rialachán nua maidir le bearta teicniúla á nglacadh acu lena n-áirítear cumhachtú lena gcumhdaítear na bearta céanna.

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 171.
(2) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 25 Deireadh Fómhair 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0425).


Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta ***I
PDF 120kWORD 53k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (COM(2017)0772/2 – C8-0409/2017 – 2017/0309(COD))
P8_TA(2019)0070A8-0180/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0772/2),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 196 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0409/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach na dTeachtaí sa tSeic, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 16 Bealtaine 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach arna bhformheas ag an gcoiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormeas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus freisin do na tuairimí agus don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0180/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  ag formheas an ráitis comhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún staonadh ó athdháileadh a úsáid chun tosaíochtaí beartais nua atá curtha isteach le linn creat airgeadais ilbhliantúil leanúnach a mhaoiniú, toisc go mbeidh tionchar diúltach mar thoradh air sin, ar ndóigh, ar chur chun feidhme príomhghníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún foráil a dhéanamh maidir le maoiniú leordhóthanach don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (SACS) faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile ag tosú in 2021, ag cur leis an athchóiriú a dhéantar faoi láthair ar SACS;

6.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta

P8_TC1-COD(2017)0309


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2019/420.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

Socraíodh ar EUR 205,6 milliún an t-imchlúdach breise airgeadais do chur chun feidhme an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta in 2019 agus in 2020. Gan dochar do chumhachtaí an údaráis bhuiséadaigh, ba cheart cuid den mhéadú iomlán ar bhuiséad rescEU a chur ar fáil trí athdháiltí a dhéanamh faoi Cheannteideal 3 (slándáil agus saoránacht) agus faoi Cheannteideal 4 (An Eoraip Dhomhanda) de chuid Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020. Meabhraíonn na trí hinstitiúid go bhfuil cuid de na hathdháiltí curtha san áireamh i mbuiséad 2019 cheana agus cuireadh EUR 15,34 milliún san áireamh cheana sa chlárú airgeadais do 2020.

I gcomhthéacs an nós imeachta buiséadach do 2020, iarrtar ar an gCoimisiún athdháiltí breise EUR 18,24 milliún a mholadh chun 50% a shroicheadh i gcomhair 2019 agus 2020 faoi na ceannteidil chéanna.

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2)IO C 361, 5.10.2018, lch. 37
(3)Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 31 Bealtaine 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0236).


Íoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce ***I
PDF 341kWORD 94k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (COM(2018)0337 – C8-0220/2018 – 2018/0169(COD))
P8_TA(2019)0071A8-0044/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0337),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0220/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0044/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce

P8_TC1-COD(2018)0169


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá níos mó agus níos mó brú ag teacht ar acmhainní uisce an Aontais, rud a fhágann ganntanas uisce agus meathlú ar cháilíocht an uisce. Go háirithe, tá athrú aeráide, patrúin aimsire nach féidir a thuar agus triomach ag cur go mór leis an mbrú ar infhaighteacht fionnuisce, ar brú é a thagann as forbairt uirbeach agus talmhaíocht. [Leasú 1]

(2)  D’fhéadfaí feabhas a chur ar chumas an Aontais freagairt do bhrú bhrúnna méadaitheach ar acmhainní uisce trí athúsáid níos leithne a bhaint as fuíolluisce cóireáilte, trí astarraingt ó dhobharlaigh agus uisce talún a theorannú, tionchar scaoileadh fuíolluisce cóireáilte isteach i ndobharlaigh a laghdú, agus coigilteas uisce a chur chun cinn trí fhuíolluisce uirbeach a úsáid ar iliomad bealaí, agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú. Luaitear i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) athúsáid uisce i gcomhcheangal le cur chun cinn úsáid teicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh uisce de i dtionscail agus i dteicnící uiscithe a spárálann uisce, mar cheann de na bearta forlíontacha a fhéadfaidh na Ballstáit a roghnú a cur i bhfeidhm chun cuspóirí na Treorach maidir le dea-stádas cáilíochtúil agus cainníochtúil le haghaigh uiscí dromchla agus screamhuiscí a bhaint amach. Éilítear le Treoir 91/271/CEE(7) go ndéanfaí fuíolluisce cóireáilte a athúsáid cibé uair is iomchuí.[Leasú 2]

(2a)  Fadhb áirithe ina lán ceantar ná aois an bhonneagair chun fuíolluisce cóireáilte a dháileadh agus an drochbhail atá air agus an toradh a bhíonn air sin ná go gcailltear méid mór den fhuíolluisce cóireáilte sin agus cuirtear amú acmhainní airgeadais a bhaineann leis an infheistíocht sa chóireáil sin. Dá bharr sin, ba cheart go mbeadh uasghrádú gach bonneagar píobáin den sórt sin a bheith ina thosaíocht. [Leasú 3]

(3)  Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le “Treoirphlean chun Acmhainní Uisce na hEorpa a Chosaint”(8) tarraingíodh aird ar athúsáid uisce chun críocha uiscithe nó tionsclaíoch mar an ngá atá le hionstraim rialála ar leibhéal an Aontais a bhunú chun críocha caighdeáin a leagan síos maidir le hathúsáid uisce, chun go mbainfí bacainní ar úsáid fhorleathan rogha mhalartach soláthair uisce lena n‑éilítear aird an Aontais. sholáthar malartaigh uisce, eadhon ceann trínar féidir rannchuidiú le laghdú a dhéanamh ar ghanntanas uisce agus ar leochaileacht córas soláthair uisce. [Leasú 4]

(4)  Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle “Ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin an ghanntanais uisce agus na dtriomach san Aontas Eorpach”(9), leagtar amach ordlathas na mbeart gur cheart do na Ballstáit a bhreithniú agus ganntanas uisce agus triomaigh á mbainistiú acu. Chun na críche céanna, ba cheart foráil a dhéanamh i dTreoir 2000/60/CEa d’orlathas na mbearta ceangailteach maidir le bainistíocht chuí uisce. Deirtear ann maidir leis na réigiúin inar cuireadh chun feidhme na bearta coisctheacha go léir de réir an ordlathais uisce agus inar mó an t‑éileamh ar uisce ná an infhaighteacht, gur féidir le bonneagar breise um sholáthar uisce, in imthosca áirithe, agus gné an chostais agus tairbhe á cur san áireamh, a bheith ina chur chuige malartach chun iarmhairtí triomaigh thromchúisigh a mhaolú.[Leasú 5]

(4a)  Meabhraíonn an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Deireadh Fómhair 2008 maidir le aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an ghanntanais uisce agus triomach san Aontas Eorpach(10) ba cheart tús áite a thabhairt do chur chuige dírithe ar thaobh an éilimh nuair a bheidh bainistiú á dhéanamh ar acmhainní uisce agus tá sé den tuairim gur cheart don Aontas cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh nuair a bheidh acmhainní uisce á mbainistiú, ag cumasc bearta bainistithe éilimh, bearta chun barrfheabhsú a dhéanamh ar na hacmhainní atá ann cheana laistigh den timthriall uisce, agus bearta chun acmhainní nua a chruthú, agus gur gá don chur chuige saincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chomhtháthú ann.[Leasú 6]

(5)  Ina Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach(11), gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé sraith gníomhaíochtaí chun athúsáid fuíolluisce cóireáilte a chur chun cinn, lena n‑áirítear togra reachtach a fhorbairt maidir leis na híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce. Ba cheart don Choimisiún nuashonrú a dhéanamh ar a Phlean Gníomhaíochta agus ba cheart go mbeadh acmhainní uisce ina réimse tosaíochta aige a bhfuil gá le gníomhaíocht ina leith.[Leasú 7]

(6)  Meastar go bhfuil tionchar comhshaoil níos ísle ag baint le hathúsáid fuíolluisce cóireáilte ná modhanna malartacha eile soláthair uisce, mar shampla ó ionaid cóireála fuíolluisce uirbigh nó suiteálacha tionsclaíocha ná modhanna malartacha eile soláthair uisce, amhail aistrithe uisce nó díshalannú, ach ní dhéantar an athúsáid sin Ach ní tharlaíonn athúsáid den sórt sin, a d’fhéadfadh cur amú uisce a laghdú agus uisce a spáráil ach amháin ar bhonn teoranta san Aontas. Dealraíonn sé go bhfuil sé sin mar thoradh go páirteach chostas suntasach chóras athúsáide fuíolluisce agus ar chaighdeáin chomhchoiteanna chomhshaoil agus sláinte an Aontais a bheith in easnamh le haghaidh athúsáid uisce, agus, go háirithe maidir le táirgí talmhaíochta, na rioscaí ionchasacha sláinte agus comhshaoil agus bacainní ionchasacha a d’fhéadfadh a bheith ann do shaorghluaiseacht na dtáirgí sin a dhéantar a uisciú le huisce athshlánaithe. Ach mar sin féin, ba cheart cuimhneamh air, go bhfuil an bonneagar uisciúcháin, i mBallstáit áirithe, easnamhach nó nach ann dó in aon chor.[Leasú 8]

(6a)  D’fhéadfadh athúsáid uisce rannchuidiú le cothaithigh i bhfuíolluisce cóireáilte a athshlánú, agus d’fhéadfadh úsáid uisce athshlánaithe chun críocha uisciúcháin in earnáil na talmhaíochta nó earnáil na foraoiseachta a bheith ina bhealach chun cothaithigh amhail nítrigin, fosfar agus potaisiam a chur ar ais i dtimthriallta bithgheoiceimiceacha nádúrtha. [Leasú 9]

(6b)  Ba cheart go mbeadh athúsáid uisce athshlánaithe a cóireáladh go leordhóthanach chun críche uiscithe de bhun an Rialacháin seo a bheith neamhdhíobhálach don chomhshaol. Níor cheart dó, dá bharr sin, a bheith faoi deara scaoileadh méadaithe nítrigine agus fosfair, mar déanann barraíocht de chothaithigh den sórt sin eotrófú ar ithreacha agus dobharlaigh dromchla agus talún, déantar díobháil d’éiceachórais agus rannchuidíonn siad le laghdú ar an mbithéagsúlacht. [Leasú 10]

(6c)   Má tá athúsáid éifeachtach acmhainní fuíolluisce uirbeacha le bheith faoi ráthú, ba cheart a admháil nach féidir feidhm a bhaint as gach cineál uisce athchúrsáilte i gcomhair gach barra. Dá bhrí sin, ba cheart d’fheirmeoirí a chur faoi oiliúint chun feidhm a bhaint as na cineálacha éagsúla uisce athchúrsáilte ar bhealach barrfheabhsaithe do bharraí i ndáil leis nach bhfuil aon impleachtaí don tsláinte phoiblí ag cáilíocht an uisce a bhainfear feidhm as. [Leasú 11]

(7)  Na caighdeáin choibhéiseacha sláinte maidir le sláinteachas bia le haghaidh táirgí talmhaíochta a uiscítear le huisce athshlánaithe, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin más rud é nach bhfuil na ceanglais cháilíochta d’uisce athshlánaithe atá ceaptha d’uisciú talmhaíochta éagsúil go suntasach sna Ballstáit. Rannchuideoidh comhchuibhiú ceanglas freisin le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i ndáil leis na táirgí sin. Is iomchuí dá bhrí sin leibhéal íosta comhchuibhiú íosta a thabhairt isteach trí íoscheanglais a leagan síos do cháilíocht uisce agus d’fhaireachán maidir le cáilíocht uisce, maidir le minicíocht faireacháin agus cúraimí barrthábhachtacha bainistithe riosca. Ba cheart paraiméadair íosta a bheith sna híoscheanglais sin d’uisce athshlánaithe agus ceanglais eile níos déine nó ceanglais bhreise cháilíochta a fhorchuirfidh na húdaráis inniúla, más gá, mar aon le haon bhearta coisctheacha ábhartha. Chun ceanglais níos déine nó ceanglais bhreise a shainaithint do cháilíocht uisc, ba cheart d’oibreoirí an ghléasra athshlánaithe Ba cheart d’oibreoir na saoráide athshlánaithe Plean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce a dhréachtú i gcomhar leis na gníomhaithe ábhartha a bhfuil baint acu leis agus ba cheart go mbeadh sé in ann ceanglais níos déine nó ceanglais bhreise a shainaithint i gcomhair cháilíocht an uisce athshlánaithe. Ba cheart go ndéanfaí an t-oibreoir saoráide príomhchúraimí bainistithe riosca a dhéanamh, i gcomhar le hoibreoir dáileacháin an uisce athshlánaithe agus le hoibreoir stórála an uisce athshlánaithe ar a laghad. Ba cheart, ar bhonn leanúnach, an Plean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce a nuashonrú agus a dhréachtú i gcomhréir le nósanna imeachta caighdeánaithe a aithnítear go hidirnáisiúnta. Tá na paraiméadair bunaithe ar an tuarascáil theicniúil ó Airmheán Comhpháirteach an Choimisiúin agus léirítear iontu na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hathúsáid uisce. Ba cheart d’Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin paraiméadair agus modhanna tomhais a fhorbairt chun a shainaithint an bhfuil micreaphlaistigh agus iarmhair ó ábhair chógaisíochta in uisce athshlánaithe.[Leasú 12]

(7a)  Is féidir le micreaphlaistigh a d’fhéadfadh a bheith i láthair a bheith ina mbaol do shláinte an duine agus don chomhshaol. Dá bharr sin, mar chuid de ghrinn-athbhreithniú ar fhoinsí, ar dháileadh, ar chinniúint agus ar éifeachtaí mhicreaphlaistigh i gcomhthéacs chóireáil fhuíolluisce, ba cheart don Choimisiún modheolaíocht a fhorbairt chun micreaphlaistigh i bhfuíolluisce uirbeach a cóireáladh i gcomhréir le Treoir 91/271/EEC agus athshlánaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a thomhas. [Leasú 13]

(7b)  Is féidir le húsáid fuíolluisce nach bhfuil glan a dhóthain i gcomhair seirbhísí poiblí, amhail glanadh sráideanna nó uisciú páirceanna agus machairí gailf, a bheith díobhálach don sláinte. Ba cheart don Choimisiún dá bharr sin spriocanna cáilíochta maidir le hathúsáid uisce i gcomhair seirbhísí poiblí a shocrú d’fhonn sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus cáilíocht an screamhuisce agus an uisce dromchla a chosaint. [Leasú 14]

(7c)   Ba cheart go gcuirfidh na ceanglais cháilíochta d’uisce a bhaintear feidhm as d’uisciú dul chun cinn eolaíoch a chur san áireamh, go háirithe maidir le scrúduithe do mhicreatruailleáin agus ábhair nua “atá ag teacht chun cinn”, chun úsáid shábháilte uisce a ráthú agus chun an comhshaol agus an tsláinte phoiblí a chosaint. [Leasú 15]

(7d)  Ba cheart do cheanglais i leith cáilíocht uisce turgnaimh a rinneadh, go háirithe i dtaca le húsáid sloda séarachais i dtalmhaíocht agus eisiltigh mheatánaithe, a chur san áireamh. [Leasú 16]

(8)  Ba cheart, trína bheith ag cloí leis na híoscheanglais le haghaidh úsáid uisce, go gcabhródh sé sin go mbeadh íoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce a chomhlíonadh comhsheasmhach le beartas uisce an Aontais agus go rannchuideoidh siad le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, go háirithe Sprioc Uimh. 6, a bhaint amach, chun a áirithiú go mbeidh infhaighteacht agus bainistiú inbhuanaithe uisce agus sláintíocht ann do gach duine chomh maith rochtain do chách ar uisce agus ar shláintíocht agus bainistiú inbhuanaithe orthu a áirithiú chomh maith le méadú suntasach ar athchúrsáil uisce agus athúsáid shábháilte uisce uisce ar fud an domhain d’fhonn rannchuidiú le sprioc forbartha inbhuanaithe Uimh. 12 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach. Thairis sin, féachtar leis an Rialachán seo lena áirithiú go gcuirfear Airteagal 37 i ndáil le cosaint comhshaoil de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm. [Leasú 17]

(8a)  Leagtar amach na ceanglais cháilíochta d’uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine i dTreoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12). Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú nach ndéantar acmhainní uisce a mbaintear feidhm astu chun críocha óil a éilliú le huisce athshlánaithe, chun meath ar cháilíocht uisce óil a sheachaint. [Leasú 18]

(8b)  I roinnt cásanna, iompraíonn agus stórálann oibreoirí saoráidí athshlánaithe fós an t-uisce athshlánaithe níos faide ná asraon na saoráide athshlánaithe, roimh an t-uisce athshlánaithe a sheachadadh chuig na chéad ghníomhaithe eile sa slabhra, amhail oibreoir dáileacháin an uisce athshlánaithe, oibreoir stórála an uisce athshlánaithe, nó an t-úsáideoir deiridh. Is gá an pointe comhlíonta a shainaithint chun a shoiléiriú mar a bhfuil foirceann fhreagracht oibreoir na saoráide athshlánaithe agus mar a thosaíonn fhreagracht an chéad ghníomhaí eile sa slabhra [Leasú 19]

(9)  Le bainistiú riosca, ba cheart go gcuimseofaí rioscaí a shainaithint agus a bhainistiú ar bhealach réamhghníomhach agus an coincheap uisce athshlánaithe a tháirgeadh tháirgeadh, a dháileadh, a stóráil agus a úsáid ar cháilíocht a éilítear le haghaidh úsáidí ar leith a ionchorprú. Ba cheart an measúnú riosca a bheith bunaithe ar príomhchúraimí bainistithe riosca agus agus ar chur i bhfeidhm, go huile is go hiomlán, inter alia, phrionsabal an réamhchúraim, ba cheart go sainaithneofaí aon cheanglais cáilíochta uisce breise is gá chun cosaint leordhóthanach an chomhshaoil, shláinte an duine agus sláinte ainmhithe a áirithiú. Ba cheart go mbeadh bainistiú riosca a bheith ina fhreagracht roinnte ar na gníomhaithe ábhartha uile a bhfuil baint acu leis an bPlean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce. Ba cheart go mbeadh róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe bainteach leis a bheith sonraithe go soiléir sa Phlean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce. Agus cead á dheonú, ba cheart go mbeadh an t-údarás inniúil in ann a iarraidh go ndéanfadh na gníomhaithe ábhartha a bhfuil baint acu leis an bPlean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce tuilleadh beart bainistithe riosca. [Leasú 20]

(9a)  Ba cheart go mbeadh comhar agus idirghníomhaíocht idir na gníomhairí éagsúla a mbaineann leis an athshlánú uisce ina réamhriachtanas chun cóireálacha athshlánaithe a bhunú de réir na gceanglas is gá d’úsáidí sonracha agus chun go mbeifí in ann soláthar an uisce athshlánaithe a bheartú i gcomhréir le héileamh na n-úsáideoirí deiridh. [Leasú 21]

(10)  Chun an comhshaol lena n-áirítear cáilíocht na hithreach, agus sláinte an duine a chosaint go héifeachtach, ba cheart go mbeadh na hoibreoirí gléasra saoráide athshlánaithe freagrach go príomha as cáilíocht an uisce athshlánaithe arna athshlánú ag an bpointe comhlíonta. Chun na híoscheanglais agus aon choinníollacha breise, Chun na ceanglais íosta agus aon choinníoll bhreise, a leagtar síos ag an údarás inniúil a chomhlíonadh, ba cheart do na hoibreoirí gléasra d’oibreoirí saoráidí athshlánaithe faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an uisce athshlánaithe i gcomhréir leis na ceanglais íosta agus aon choinníoll bhreise leagtha síos ag na húdaráis inniúla. Dá bhrí sin, is iomchuí na híoscheanglais maidir le faireachán a shuíomh, arb é a bheidh iontu minicíochtaí an ghnáthfhaireacháin agus na spriocanna uainithe agus feidhmíochta le haghaidh faireachán bailíochtaithe. Sonraítear ceanglais áirithe le haghaidh gnáthfhaireachán i gcomhréir le Treoir 91/271/CEE. [Leasú 22]

(11)  Is gá úsáid shábháilte uisce athshlánaithe a áirithiú, agus ar an gcaoi sin spreagfar úsáid a áirithiú go ndéanfaí uisce athshlánaithe a sholáthar, a stóráil agus a úsáid go sábháilte, agus ar an gcaoi sin spreagfar forbairt athúsáid uisce ar leibhéal an Aontais, rud a spreagfaidh feirmeoirí AE go háirithe an cleachtas sin a ghlacadh agus feabhsófar muinín an phobail ann. Ba cheart go mbeadh cainníochtaí an fhuíolluisce chóireáilte a úsáidtear, a nádúr, na modhanna cóireála agus a thréithe, gan beann ar an gcaoi a bhaintear feidhm as, den sórt sin nach ndéanfadh a láimhseáil, a úsáid agus a stóráil, lena n-áirítear spraeáil, sil-uisciú, stóráilte nó gan a bheith stóráilte, difear, go díreach nó go neamhdhíreach, do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe ná do cháilíocht na hithreach agus do thimpeallachtaí uisceacha sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus go fadtéarmach. Níor cheart, dá bhrí sin, go gceadófaí soláthar agus stóráil uisce athshlánaithe a cheadú ar bhonn ceadúnais, arna dheonú ag údaráis inniúla na mBallstát. Chun cur chuige comhchuibhithe, inrianaitheacht agus trédhearcacht a áirithiú ar leibhéal an Aontais, ba cheart na rialacha substainteacha don cheadúnas sin a leagan síos ar leibhéal an Aontais. Ba Mar sin féin, ba cheart go gcinnfeadh na Ballstáit, áfach, mionsonraí na nósanna imeachta chun ceadúnais a dheonú.a bhfuil a n-údaráis inniúla féin freagrach as measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hathúsáid uisce, mionsonraí na nósanna imeachta chun ceadúnais a dheonú. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann na nósanna imeachta atá ann cheana a chur i bhfeidhm chun ceadúnais a dheonú agus ba cheart iad a oiriúnú chun na ceanglais a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chur san áireamh. [Leasú 23]

(11a)  Is dlúthchuid den chóras athúsáide uisce é soláthar agus stóráil uisce athshlánaithe chomh maith lena úsáid ag úsáideoirí deiridh. Laistigh den phróiseas soláthar agus stórála, is féidir athruithe teacht ar an uisce athshlánaithe a imríonn drochthionchar ar a cháilíocht cheimiceach agus bhitheolaíoch. Ba cheart feidhm iomchuí a bhaint as uisce athshlánaithe i ndáil le haicmí uisce athshlánaithe, le tréithe na mbarr agus le modhanna uiscithe. Ba cheart do phríomhchúraimí bainistithe riosca a chur san áireamh na héifeachtaí ionchasacha díobhálacha ar an sláinte agus ar mháithreacha comhshaoil a bhaineann le soláthar, stóráil agus úsáid bheartaithe uisce athshlánaithe. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún treoirdhoiciméid a chur i dtoll a chéile chun cabhrú leis na húdaráis inniúla rialú agus faireachán a dhéanamh ar sholáthar, stóráil agus úsáid uisce athshlánaithe. [Leasú 24]

(11b)  Má tá oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe agus oibreoir stórála uisce athshlánaithe de dhíth, ba cheart go mbeadh oibreoir den sórt sin faoi réir ceadúnas. Má chomhlíonfar gach ceanglas don cheadúnas, ba cheart go n-eiseoidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát ceadúnas ar cheart na coinníollacha agus bearta riachtanacha uile a bheith ann bunaithe sa mheasúnú riosca chun na críocha uisce athshlánaithe a dháileadh slán ar an úsáideoir dheiridh agus é stóráil go sábháilte dó. [Leasú 25]

(12)  Tá forálacha an Rialacháin seo comhlántach le riachtanais eile Aontais, go háirithe maidir le rioscaí sláinte agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann. Chun cur chuige iomlánaíoch a áirithiú maidir le dul i ngleic le rioscaí sláinte sláinte an duine, agus ainmhithe agus rioscaí comhshaoil plandaí sa bhreis orthu siúd a bhaineann le cosaint chomhshaoil, nuair is iomchuí, a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart go gcuirfeadh na hoibreoirí gléasra athshlánaithe agus dá bhrí sin, go gcomhlíonfadh na hoibreoirí gléasra athshlánaithe agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoracha 86/278/CEE(13), 91/676/CEE(14) agus 98/83/CE(15) ón gComhairle, Treoracha 91/271/CEE agus 2000/60/CE, Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002(16), (CE) Uimh. 852/2004(17), (CE) Uimh. 183/2005(18), (CE) Uimh. 396/2005(19) agus (CE) 1069/2009(20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2006/7/CE(21) 2006/118/CE (22) 2008/105/CE(23) agus 2011/92/CE(24) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 2073/2005(25), (CE) Uimh. 1881/2006(26) agus (CE) Uimh.142/2011(27) ón gCoimisiún. [Leasú 26]

(12a)   Chun críche an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh sé indéanta oibríochtaí cóireála agus oibríochtaí athshlánaithe i dtaca le fuíolluisce uirbeach a dhéanamh san aon láthair fhisiciúil amháin, ag baint feidhm as an saoráid chéanna, nó as saoráidí éagsúla ar leithligh. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an t-oibreoir céanna in ann a bheith mar oibreoir an ghléasra cóireála agus oibreoir na saoráide athshlánaithe araon. [Leasú 27]

(13)  Is é a dhéantar le Rialachán Uimh. (CE) 852/2004 go leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le hoibreoirí gnólachtaí bia agus go gcumhdaítear bia atá ceaptha lena chaitheamh ag an duine a tháirgeadh, a phróiseáil, a dháileadh agus a chur ar an margadh. Tugtar aghaidh sa Rialachán sin ar cháilíocht sláinte an bhia agus luaitear ar cheann de na prionsabail bhunúsacha gur ar an oibreoir gnólachta bia atá an phríomhfhreagracht as an tsábháilteacht bia. Tá an Rialachán sin faoi réir treoir mhionsonraithe, freisin, agus tá tábhacht ar leith leis an bhFógra ón gCoimisiún maidir le treoirdhoiciméad a bhaineann le dea-chleachtais sláinteachais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus i nglasraí úra sa táirgeadh príomhúil (2017/C 163/01). Ní fhágann na spriocanna feidhmíochta le haghaidh uisce athshlánaithe a leagtar síos sa Rialachán seo go gcuirtear cosc ar oibreoirí gnólachtaí bia an cháilíocht uisce is gá chun cloí le Rialachán Uimh. 852/2004 a bhaint amach trí roinnt roghanna cóireála uisce a úsáid, ag céim eile ina dhiaidh sin, astu féin nó i gcomhar le roghanna eile neamhchóireála.

(13a)  D’fhonn oibríochtaí athúsáide uisce a chur chun cinn ar bhealach níos fearr, níor cheart go gcuirfeadh léiriú úsáidí sonracha laistigh den Rialachán seo bac ar na Ballstáit cead a thabhairt feidhm a bhaint as uisce athshlánaithe chun críocha breise, lena n-áirítear athúsáid chun críocha tionsclaíochta, chun críocha a bhaineann le fóillíocht agus chun críocha comhshaoil, ar choinníoll go n-áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaí an oibleagáid chun a áirithiú go mbeidh ardleibhéal cosanta ann do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol. [Leasú 28]

(14)  Chun muinín a spreagadh in athúsáid uisce, ba cheart faisnéis a sholáthar don phobal. Trí fhaisnéis shoiléir, chuimsitheach agus nuashonraithe a chur ar fáil maidir le hathúsáid uisce ba cheart go ndéanfaí foráil do thrédhearcacht agus inrianaitheacht mhéadaithe agus d’fhéadfadh sé go mbeadh spéis ar leith ag údaráis ábhartha eile ann a bhfuil impleachtaí ag an úsáid shonrach uisce ina leith. Chun athúsáid uisce a spreagadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhforbraítear feachtais faisnéise chun feasacht a ardú atá sonrach agus curtha in oiriúint do na gníomhaithe éagsúla lena mbaineann, d’fhonn na gníomhaithe sin a chur ar an eolas faoin timthriall uisce uirbeach, faoin ngá atá ann uisce a athúsáid agus faoi na tairbhí a eascraíonn as athúsáid uisce, agus ar an gcaoi sin glacadh le cleachtais athúsáide uisce ag na geallsealbhóirí agus a mbaint iontu a chur chun cinn. [Leasú 29]

(14a)  Tá tábhacht thar na bearta le hoideachas agus oiliúint do na húsáideoirí deiridh a bhfuil baint acu le huisciú talmhaíochta mar chomhpháirteanna de bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm agus a choinneáil. Ba cheart úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas faoi úsáid chuí an uisce athshlánaithe, ós rud é go bhfuil siad thar a bheith leochaileach dó. Ba cheart raon beart coisctheach i gcoinne nochta don duine a chur i bhfeidhm, amhail úsáid trealamh cosanta pearsanta, níochán lámh agus sláinteachas pearsanta. Ba cheart go mbeadh faireachán ar dhea-chur i bhfeidhm bhearta den sórt sin mar chuid de na príomhchúraimí bainistithe riosca. [Leasú 30]

(15)  Is é is aidhm do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28) an ceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a ráthú sna Ballstáit i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil(29) (Coinbhinsiún Aarhus). I dTreoir 2003/4/EC, leagtar síos oibleagáidí fairsinge a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a bheith ar fáil, ach í a iarraidh, agus a bheith gníomhach i scaipeadh na faisnéise sin. Le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30), cuimsítear faisnéis spásúil a bheith á roinnt, lena n‑áirítear tacair sonraí maidir le hábhair éagsúla chomhshaoil. Tá sé tábhachtach go mbeadh forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis agus le socruithe malartaithe sonraí ag comhlánú na dTreoracha sin agus nach gcruthóidh siad córas dlí ar leith. Ba cheart, dá bhrí sin, d’fhorálacha na Treorach seo maidir le faisnéis don phobal agus maidir le faisnéis faoin bhfaireachán ar chur chun feidhme na Treorach a bheith gan dochar do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE.

(16)  Chun na híoscheanglais atá ann cheana agus na príomhchúraimí bainistithe riosca a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na híoscheanglais agus na príomhchúraimí bainistithe riosca a leasú, gan an raon feidhme chun fuíolluisce a cóireáladh i gceart a athúsáid a chur i mbaol. Thairis sin, chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a áirithiú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar na príomhchúraimí bainistithe riosca trí shonraíochtaí teicniúla a leagan síos. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(31). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 31]

(17)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le formáid agus cur i láthair na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit don phobal maidir le formáid agus cur i láthair na faisnéise faoi fhaireachán a dhéanamh ar chur feidhme an Rialacháin seo a sholathróidh na Ballstáit agus maidir le formáid agus cur i láthair na faisnéise i leith fhorléargas an Aontais ina iomláine arna tharraingt suas ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32).

(18)  Ba cheart do na húdaráis fíorú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach sa cheadúnas a bheith á gcomhlíonadh ag na húdaráis inniúla. I gcásanna neamhchomhlíonta, ba cheart dóibh a cheangal ar an oibreoir gléasra saoráide athshlánaithe na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíonadh a áirithiú. Ba cheart d’oibreoirí na ngléasraí saoráidí athshlánaithe aon soláthar ar uisce athshlánaithe a chur ar fionraí nuair is é an láithreach aon uair a théann neamhchomhlíonadh faoi deara neamhchomhlíonadh thar uasluachanna áirithe agus a mbíonn mar thoradh air sin go mbíonn riosca suntasach don chomhshaol nó do shláinte an duine. Ba cheart do na húdaráis inniúla obair go dlúth leis na húsáideoirí deiridh chun athúsáid uisce a cóireáladh i gceart a éascú. Ba cheart do na húdaráis inniúla soláthar, stóráil agus úsáid uisce athshlánaithe a rialú agus faireachán a dhéanamh air ag cur na rioscaí ábhartha sláinte agus comhshaoil san áireamh. [Leasú 32]

(19)  Ba cheart d’údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis ábhartha eile trí fhaisnéis a mhalartú, chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais ábhartha Aontais agus náisiúnta.

(20)  Tá na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit fíor-riachtanach chun go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na reachtaíochta maidir leis na cuspóirí atá á saothrú aige.

(21)  De bhun mhír 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar na cúig chritéar maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach agus ba cheart an bonn a sholáthar léi le haghaidh measúnuithe tionchair ar bhearta breise a d’fhéadfadh a bheith i gceist amach anseo.

(22)  I gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus, ba cheart rochtain ar an gceartas a bheith ag baill den phobal lena mbaineann chun cur le cosaint an chirt chun cónaí i dtimpeallacht atá leormhaith do shláinte agus d’fholláine daoine aonair.

(23)  Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(24)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(25)  Is gá foráil a dheanamh do dhóthain ama do na Ballstáit chun go gcuirfí ar bun an bonneagar riaracháin atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus do na hoibreoirí ullmhú chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm.

(25a)   D’fhonn athúsáid fuíolluisce cóirithe i gceart a fhorbairt agus a chur chun cinn a mhéid is ar féidir, ba cheart don Aontas Eorpach tacú le taighde agus le forbairt sa réimse seo trí chlár Fhís na hEorpa chun feabhas suntasach a bhaint amach in iontaofacht fuíolluisce cóirithe i gceart agus i modhanna úsáide atá inmharthana. [Leasú 33]

(25b)  Chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhair leis na geallsealbhóirí, seiceálacha ar cháilíocht na hithreach a thabhairt isteach sa ghearrthéarma, sa mheántéarma, agus san fhadtéarma. [Leasú 34]

(25c)  Féachann an Rialachán seo le húsáid inbhuanaithe uisce a spreagadh. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún feidhm a bhaint as cláir de chuid an Aontais, lena n-áirítear an clár LIFE, chun tacú le tionscnaimh áitiúla ina bhfuil athúsáid fuíolluisce cóirithe i gceart mar chuid dóibh. [Leasú 35]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

1.  Leagtar síos sa Rialachán seo na híoscheanglais le haghaidh cáilíocht an uisce athshlánaithe agus faireachán uisce agus an oibleagáid chun na príomhchúraimí bainistithe riosca a chur i gcrích, chun fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid go sábháilte i gcomhthéacs bainistiú comhtháite uisce agus rannchuidíonn sé leis na cuspóirí a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE a bhaint amach. [Leasú 36]

2.  Is é cuspóir an Rialacháin seo ná a ráthú go bhfuil an t‑uisce athshlánaithe sábháilte don úsáid atá beartaithe dó, rud a fhágfaidh go n‑áiritheofar chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol, a áirithiú, agus, san am céanna, éifeachtaí díobhálacha úsáid na n-acmhainní uisce a laghdú agus a n-éifeachtúlacht a fheabhsú, go dtabharfar aghaidh, aghaidh a thabhairt ar an nganntanas uisce, ar shaincheisteanna maidir leis an athrú aeráide agus cuspóirí comhshaoil an Aontais, agus, ar bhealach comhordaithe ar ghanntanas uisce agus an mbrú mar thoradh air sin a fud an Aontais, rud a chuirfidh freisin le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh., ar an mbrú a bhíonn mar thoradh air sin ar na hacmhainní uisce, agus lenar féidir rannchuidiú le himlonnú réitigh inbhuanaithe úsáide uisce, ag tacú leis an aistriú ionsar gheilleagar ciorclach, chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. [Leasú 37]

2a.  Áiritheoidh na Ballstáit nach n-éillítear na hacmhainní uisce a mbaintear feidhm astu chun críche uisce óil le huisce athshlánaithe. [Leasú 38]

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le huisce athshlánaithe atá ceaptha le haghaidh úsáid a shonraítear i mír 1 d’Iarscríbhinn I.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le treoirthionscadail lena ndíreofar ar athúsáid uisce i ngléasraí athshlánaithe. [Leasú 39]

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.  ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás nó comhlacht arna ainmniú ag Ballstát chun oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a chomhlíonadh;

2.  ciallaíonn ‘údarás uisce’ údarás nó údaráis a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 3(2) nó (3) de Threoir 2000/60/CE;

3.  ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ duine nádúrtha nó dlítheanach eintiteas poiblí nó príobháideach, a úsáideann uisce athshlánaithe chun na críche a bhfuil sé beartaithe dó; [Leasú 40]

4.  ciallaíonn ‘fuíolluisce uirbeach’ fuíolluisce uirbeach faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(1) de Threoir 91/271/CEE;

4a.  ciallaíonn “fuíolluisce cóireáilte” fuíolluisce uirbeach a cóireáladh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271CEE; [Leasú 41]

5.  ciallaíonn ‘uisce athshlánaithe’ fuíolluisce uirbeach a cóireáladh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE agus a eascraíonn as cóireáil bhreise i ngléasra athshlánaithe; ciallaíonn ‘uisce athshlánaithe’ fuíolluisce cóireáilte a bhfuil ina thoradh ar chóireáil bhreise i saoráid athshlánaithe a dhéanann a cháilíocht oiriúnach don úsáid a bhfuil beartaithe dó;[Leasú 42]

5a.  ciallaíonn ‘athúsáid uisce’ úsáid uisce athshlánaithe de cháilíocht shonraithe atá oiriúnach lena úsáid i gcomhair úsáid a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, trí bhíthin líonra dáileacháin, agus ar an gcaoi sin, déantar úsáid uisce dromchla nó screamhuisce a ionadú i bpáirt nó go hiomlán; [Leasú 43]

6.  ciallaíonn ‘gléasra athshlánaithe’ gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó gléasra eile a dhéanann cóireáil bhreise ar fhuíolluisce uirbeach i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE chun uisce atá oiriúnach le haghaidh úsáid a shonraítear i mír 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a tháirgeadh; ciallaíonn ‘saoráid athshlánaithe’ cuid de ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó saoráid eile a dhéanann cóireáil bhreise ar fhuíolluisce uirbeach a cóireáladh cheana i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE chun uisce athshlánaithe atá oiriúnach le haghaidh úsáid a shonraítear i mír 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a tháirgeadh agus áirítear ann aon bhonneagar stórála agus aon bhonneagar ceaptha chun an t-uisce athshlánaithe a sheachadadh chuig bonneagar dáileacháin an uisce athshlánaithe, nó chuig an úsáideoir deiridh; [Leasú 44]

7.  ciallaíonn ‘oibreoir gléasra saoráid athshlánaithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a rialaíonn gléasra saoráid athshlánaithe; [Leasú 45]

7a.  ciallaíonn ‘bonneagar dáileacháin uisce athshlánaithe’ córas phíobáin agus caidéil thiomnaithe, nó saoráidí iompair tiomnaithe eile, atá ceaptha chun an t-uisce athshlánaithe a sheachadadh chuig an úsáideoir deiridh, lena n-áirítear aon saoráidí i gcomhair cothromaithe, cóireáil agus stóráil bhreise, lasmuigh den saoráid athshlánaithe; [Leasú 46]

7b.  ciallaíonn ‘oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a rialaíonn an bonneagar dáileacháin uisce athshlánaithe; [Leasú 47]

7c.  ciallaíonn ‘bonneagar stórála uisce athshlánaithe’ córas de shaoráidí stórála tiomnaithe atá ceaptha chun an t-uisce athshlánaithe a stóráil; [Leasú 48]

7d.  ciallaíonn ‘oibreoir stórála uisce athshlánaithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a rialaíonn an bonneagar stórála uisce athshlánaithe; [Leasú 49]

8.  ciallaíonn ‘guais’ oibreán bitheolaíoch, ceimiceach, fisiceach nó raideolaíoch a bhfuil d’acmhainn aige dochar a dhéanamh do dhaoine, d’ainmhithe, do bharra nó do phlandaí, do bhithraí talún eile, do bhithraí uisceacha, d’ithreacha nó don chomhshaol i gcoitinne;

9.  ciallaíonn ‘riosca’ an dóchúlacht go mbeidh guaiseacha sainaitheanta ag déanamh díobhála i dtréimhse shonraithe, lena n‑áirítear déine na n‑iarmhairtí;

10.  is é is ‘bainistiú riosca’ ann ná bainistiú córasach a dhéanann sábháilteacht athúsáid uisce i gcomhthéacs sonrach a áirithiú go comhsheasmhach;

11.  ciallaíonn ‘beart coisctheach’ aon ghníomhaíocht iomchuí is féidir a úsáid chun riosca sláinte agus comhshaoil a chosc nó a dhíchur, nó é a laghdú go leibhéal inghlactha. [Leasú 50]

11a.  ciallaíonn ‘an pointe comhlíonta’ an pointe mar a sheachadann oibreoir na saoráide athshlánaithe an t-uisce athshlánaithe chuig an gcéad ghníomhaí eile sa slabhra; [Leasú 51]

11b.  ciallaíonn ‘micreatruailleán’ ábhar nach bhfuil inmhianaithe ar féidir é a bhrath sa chomhshaol ag tiúchan an-íseal, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII de Threoir 2000/60/CE. [Leasú 52]

Airteagal 4

Oibleagáidí oibreoirí gléasraí saoráidí athshlánaithe maidir le cáilíocht uisce [Leasú 53]

1.  Áiritheoidh oibreoirí gléasraí saoráidí athshlánaithe go ndéanfaidh uisce athshlánaithe atá ceaptha le haghaidh úsáid a shonraítear i mír 1 d’Iarscríbhinn I, ag asraon an ghléasra athshlánaithe, (pointe comhréireachta), an bpointe comhréireachta, an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)  na híoscheanglais maidir le cáilíocht uisce a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;

(b)  aon choinníollacha breise a leagann an t‑údarás inniúil síos sa cheadúnas ábhartha de bhun phointí (b) agus (c) d’Airteagal 7(3), maidir le cáilíocht uisce. [Leasú 54]

2.  Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais agus na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t‑oibreoir gléasra athshlánaithe faireachán ar cháilíocht an uisce i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)  Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;

(b)  aon choinníollacha breise a leagann an t‑údarás inniúil síos sa cheadúnas ábhartha de bhun phointí (b) agus (c) d’Airteagal 7(3), maidir le faireachán.

2a.  Áiritheoidh na hoibreoirí saoráidí freisin go ndéanfar ar a laghad na bearta bainistithe riosca a leagtar amach sa Phlean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce dá dtagraítear i mír -1 d’Airteagal 5 a chomhlíonadh go hiomlán laistigh den saoráid athshlánaithe. [Leasú 55]

2b.  I ndiaidh an phointe comhlíonta, ní bheidh oibreoir na saoráide athshlánaithe freagrach a thuilleadh as cáilíocht an uisce, agus beidh an chéad ghníomhaí eile sa slabhra freagrach aisti. [Leasú 56]

3.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 14 chun na híoscheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. [Leasú 57]

Airteagal 4a

Oibleagáidí oibreoirí dáileacháin uisce athshlánaithe, oibreoirí stórála uisce athshlánaithe agus úsáideoirí deiridh

1.  Coinneoidh an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe an leibhéal cáilíochta uisce athshlánaithe laistigh de bhonneagar dáileacháin an uisce athshlánaithe ar a laghad ar an leibhéal cáilíochta céanna leis sin a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I. Áiritheoidh an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe freisin go ndéanfar ar a laghad na bearta bainistithe riosca a leagtar amach sa Phlean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce dá dtagraítear i mír -1 d’Airteagal 5 a chomhlíonadh go hiomlán laistigh de bhonneagar dáileacháin an uisce athshlánaithe.

Agus ceadúnas á dheonú i gcomhréir le hAirteagal 7, féadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh go ndéanfaí tuilleadh beart bainistithe riosca i ndáil le cúraimí atá le déanamh ag an oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe agus ceanglais bhreise agus bearta coisctheacha a shonrú a bhfuil gá leo i gcomhréir le pointe (b) agus pointe (c) d’Iarscríbhinn II.

2.  Déanfaidh an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe leibhéal cáilíochta an uisce athshlánaithe a chothabháil laistigh den bhonneagar stórála uisce athshlánaithe ar a laghad ar aon leibhéal cáilíochta ar a laghad agus atá leagtha síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I. Déanfaidh an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe a áirithiú freisin go ndéanfar, ar a laghad, na bearta bainistithe riosca a leagtar amach sa Phlean Bainistíochta Riosca um Athúsáid Uisce dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 5 chur i bhfeidhm go hiomlán laistigh den bhonneagar athshlánaithe uisce athshlánaithe.

Le linn cead a thabhairt i gcomhréir le Airteagal 7, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal go ndéanfar tuilleadh beart bainistithe riosca maidir le cúraimí a bheidh le déanamh ag an oibreoir stórála uisce athshlánaithe agus ceanglais bhreise agus bearta coisctheacha a shonrú a bheidh ag teastáil i gcomhréir le pointe (b) agus le pointe (c) d’Iarscríbhinn II.

3.  Is é an t-uisce athshlánaithe a úsáideann úsáideoirí deiridh ar a laghad an leibhéal cáilíochta atá leagtha amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh an t-údarás inniúil foráil do thuilleadh ceanglas maidir leis na hoibleagáidí ar úsáideoirí deiridh sa bhreis ar na hoibleagáidí a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

4.  Bunóidh an Coimisiún doiciméid treorach chun cuidiú leis na húdaráis inniúla i gcur chun feidhme na gceanglas a bhaineann le rialú agus faireachán a dhéanamh ar tháirgeadh, dáileadh, stóráil agus úsáid an uisce athshlánaithe. [Leasú 58]

Airteagal 5

Bainistiú riosca

-1.  Déanfaidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe, i gcomhar leis na gníomhaithe ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, Plean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce a tharraingt suas. Beidh an Plean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce bunaithe ar na príomhchúraimí bainistithe riosca a leagtar amach i bpointe (a) d’Iarscríbhinn II, leagfar amach ann aon cheanglais sa bhreis orthu sin a shonraítear in Iarscríbhinn I i gcomhréir le pointe (b) d’Iarscríbhinn II agus sainaithneoidh siad guaiseacha, rioscaí agus bearta coisctheacha iomchuí i gcomhréir le pointe (c) d’Iarscríbhinn II. [Leasú 59]

1.  Chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh agus a sholáthar, rachaidh an t‑oibreoir gléasra athshlánaithe i mbun bainistiú riosca agus déanfaidh sé an méid sin i gcomhairle leis na gníomhaithe seo a leanas: a dháileadh, a stóráil agus a úsáid go sábháilte, déanfaidh an t-údarás inniúil maoirseacht ar bhainistiú riosca agus déanfaidh sé an méid sin i gcomhairle leis na gníomhaithe seo a leanas: [Leasú 60]

(a)  oibreoir na ngléasraí gléasra(í) cóireála fuíolluisce a sholáthraíonn gléasra athshlánaithe le huisce, más éagsúil ón oibreoir gléasra athshlánaithe; uirbigh a sholáthraíonn saoráid athshlánaithe le fuíolluisce cóireáilte i gcomhréir leis an gceanglas cáilíochta a leagtar amach i Treoir 91/271/CEE más rud é nach ionann iad agus oibreoir na saoráide athshlánaithe; [Leasú 61]

(aa)  oibreoir na saoráide athshlánaithe; [Leasú 62]

(ab)  oibreoir dáileacháin an uisce athshlánaithe; [Leasú 63]

(ac)  oibreoir stórála an uisce athshlánaithe; [Leasú 64]

(b)   úsáideoir deiridh/úsáideoirí deiridh;

(c)   aon pháirtí eile a measann an t‑oibreoir gléasra athshlánaithe é t-údarás inniúil a bheith ábhartha.[Leasú 65]

2.  Déanfaidh an t‑oibreoir gléasra athshlánaithe Plean Bainistíochta Riosca um Athúsáid Uisce a tharraingt suas bunaithe ar na príomhchúraimí bainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Sa Phlean Bainistíochta Riosca um Athúsáid Uisce, déanfar aon cheanglais is gá sa bhreis orthu siúd a shonraítear in Iarscríbhinn I a mholadh chun aon rioscaí a mhaolú tuilleadh, agus sainaithneofar ann, inter alia, na rioscaí agus na bearta coisctheacha iomchuí. Déanfaidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe, an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe agus an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe na cúraimí bainistíochta riosca atá sainithe sa Phlean Bainistíochta Riosca um Athúsáid Uisce dá dtagraítear i mír -1 ar a laghad. Beidh na modhanna bainistithe riosca a úsáideann oibreoir na saoráide athshlánaithe, an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe agus an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe bunaithe ar mhodheolaíochtaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta. [Leasú 66]

2a.  Maidir leis an gcead iomchuí a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 7, féadfaidh an t-údarás inniúil cúraimí agus freagrachtaí éagsúla a shonrú do na gníomhaithe éagsúla atá páirteach sa Phlean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce. [Leasú 67]

2b.  Má tá an cineál bairr a bheidh le uiscithe le bheith ar an margadh i roinnt foirmeacha éagsúla agus má thiteann sé faoi roinnt aicmí cáilíochta uisce athshlánaithe eile, beidh de cheangal ar oibreoir na saoráide athshlánaithe uisce a fhreagraíonn don uisce is airde de chuid na n-aicmí cáilíochta lena mbaineann a sholáthar don fheirmeoir. [Leasú 68]

3.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear an Rialachán seo chun na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. [Leasú 69]

Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo chun sonraíochtaí teicniúla na bPríomhchúram bainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leagan síos. [Leasú 70]

Faoin ... [1 bhliain tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a thabhairt isteach ar mhaithe le micreaphlaistigh in uisce athshlánaithe a thomhas agus d’fhéadfadh an mhodheolaíocht sin a bheith faoi réir ceanglais bhreise bunaithe ar an measúnú riosca dá dtagraítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II. [Leasú 133]

3a.  Má bhíonn amhras ar úsáideoir deiridh nach gcomhlíonann an t-uisce atá stóráilte mar a fhoráiltear in Airteagal 4a(2), na ceanglais íosta a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh sí mar a leanas:

(a)  an t-údarás sláinte lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach agus í a chur ar fáil, más iomchuí;

(b)  comhoibriú go hiomlán leis an údarás lena mbaineann chun na forais le haghaidh amhrais a fhíorú agus a chinneadh agus chun láithreacht substaintí neamhúdaraithe nó luachanna neamhúdaraithe mar a thagraítear dóibh i dTábla 2 agus i dTábla 4 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a fhíorú. [Leasú 71]

Airteagal 6

Iarratas ar cheadúnas chun uisce athshlánaithe a sholáthar a tháirgeadh, a dháileadh agus a stóráil [Leasú 72]

1.  Beidh aon soláthar táirgeadh, dáileadh nó stórála uisce athshlánaithe le haghaidh úsáid a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I faoi réir ceada. [Leasú 73]

2.  Déanfaidh oibreoir saoráide athshlánaithe iarratas ar an gcead dá dtagraítear i mír 1, nó iarratas ar an gcead atá ann cheana a mhodhnú, a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina n‑oibríonn an gléasra tsaoráid athshlánaithe nó ina bhfuil sé beartaithe oibriú. [Leasú 74]

3.  Beidh an méid seo a leanas san iarratas:

(a)  Plean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 5(2); mír -1 d’Airteagal 5; [Leasú 75]

(aa)  na sonraí is déanaí atá le fáil ina léirítear comhlíonadh fhuíolluisce cóireáilte laistigh de mhíniú Threoir 1991/271/CEE ag an ngléasra cóireála fuíolluisce as a dtagann an t-uisce atá le hathshlánú; [Leasú 76]

(b)  tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíonfaidh an t‑oibreoir gléasra saoráide athshlánaithe ag an bpointe comhlíonta na híoscheanglais don cháilíocht uisce agus don fhaireachán a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I; [Leasú 77]

(c)  tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíonfaidh an t‑oibreoir gléasra saoráide athshlánaithe ag an bpointe comhlíonta na ceanglais bhreise a mholtar sa Phlean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce. [Leasú 78]

3a.  Déanfaidh an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe iarratas ar an gcead dá dtagraítear i mír 1, nó iarratas ar chead atá ann cheana a mhodhnú, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an bonneagar dáileacháin uisce athshlánaithe ag oibriú nó ina bhfuil sé beartaithe oibriú. Beidh tuairisc san iarratas ar an tslí ina gcomhlíonann an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1 d’Airteagal 4a. [Leasú 79]

3b.  Déanfaidh an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe iarratas ar an gcead dá dtagraítear i mír 1 nó iarratas ar chead atá ann cheana a mhodhnú, a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an bonneagar stórála uisce athshlánaithe ag oibriú nó ina bhfuil sé beartaithe a bheith ag oibriú. Beidh tuairisc san iarratas ar an gcaoi a mbeidh ar oibreoir stórála an uisce athshlánaithe na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 2 d’Airteagal 4a chomhlíonadh. [Leasú 80]

Airteagal 7

An cead a dheonú

1.  Chun an t‑iarratas a mheas, déanfaidh an t‑údarás inniúil, más iomchuí, comhairliúchán leo seo a leanas agus faisnéis ábhartha a mhalartú leo:

(a)  údaráis ábhartha eile an Bhallstáit chéanna, go háirithe an t‑údarás uisce agus sláinte más éagsúil ón údarás inniúil; [Leasú 81]

(b)  pointí teagmhála i mBallstát nó i mBallstáit a d’fhéadfadh a bheith ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 9(1).

2.  Cinnfidh an t‑údarás inniúil laistigh de 3 mhí ón iarratas iomlán dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6(3) a fháil ar cheart cead a dheonú. I gcás ina mbeidh gá ag an údarás inniúil le níos ama mar gheall ar chastacht an iarratais, cuirfidh sé an t‑iarratasóir ar an eolas faoi sin, cuirfidh sé an dáta a mbeifear ag súil leis go ndeonófar an cead in iúl dó agus tabharfaidh sé cúiseanna don fhadú. Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarratas, tar éis dul ar iontaoibh an chúnaimh eolaíoch iomchuí, agus cinnfidh sé laistigh de 3 mhí ón iarratas iomlán dá dtagraítear i mír 2, i mír 3, i mír 3a agus mír 3b d’Airteagal 6 fháil, cibé acu an cead a dheonú nó a dhiúltú é. I gcás ina mbeidh gá ag an údarás inniúil le níos ama mar gheall ar chastacht an iarratais, cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas faoi sin gan mhoill agus sonróidh sé an dáta a bhfuiltear ag súil leis an gcead a thabhairt nó an cead a dhiúltú agus cuirfidh sé cúiseanna an fhadaithe in iúl. Déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná sé mhí ón dáta a bhfaighfear an t-iarratas iomlán dá dtagraítear i mír 2, i mír 3, i mír 3a agus i mír 3b d’Airteagal 6.[Leasú 82]

3.  I gcás ina gcinnfidh an t‑údarás cead a dheonú, cinnfidh sé na coinníollacha is infheidhme, lena n‑áireofar an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)  na coinníollacha i ndáil leis na híoscheanglais don cháilíocht uisce agus don fhaireachán uisce a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;

(b)  coinníollacha i ndáil leis na ceanglais bhreise a mholtar sa Phlean Bainistithe Riosca um Athúsáid Uisce;

(c)  aon choinníollacha eile is gá chun aon rioscaí do-ghlactha do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol a mhaolú tuilleadh a dhíothú. [Leasú 83]

3a.  I gcás nach bhfuil na coinníollacha atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) de mhír 3 san áireamh cheana sa Phlean Bainistíochta Riosca um Athúsáid Uisce dá dtagraítear in Airteagal 5, déanfaidh an t-údarás inniúil an plean a nuashonrú gan mhoill. [Leasú 84]

4.  Déanfar athbhreithniú ar an gceadúnas go rialta agus gach cúig bliana ar a laghad agus é a mhodhnú, más gá.

Airteagal 8

Seiceáil ar chomhlíonadh

1.  Déanfaidh an t‑údarás inniúil fíorú ar na coinníollacha a leagtar amach sa chead a bheith á gcomhlíonadh ag na húdaráis inniúla ag an bpointe comhlíonta. Déanfar an tseiceáil ar chomhlíonadh trí na modhanna seo a leanas a úsáid: Fíoróidh an t-údarás inniúil go bhfuil an t-uisce athshlánaithe ag comhlíonadh na gcoinníollacha arna leagan amach sna ceadanna arna dheonú i gcomhréir le Airteagal 7. Déanfar an tseiceáil ar chomhlíonadh trí na modhanna seo a leanas a úsáid:[Leasú 85]

(a)  seiceálacha ar an láthair;

(b)  úsáid na sonraí faireacháin a fhaightear de bhun an Rialacháin seo agus Threoracha 91/271/CEE agus 2000/60/CE;

(c)  aon mhodh leormhaith eile.

2.  I gcás neamhchomhlíonta, ceanglóidh an t‑údarás inniúil ar an oibreoir gléasra athshlánaithe na bearta is gá a dhéanamh chun an comhlíonadh a athbhunú gan mhoill. i gcás neamhchomhlíonadh, cuirfidh an t-údarás inniúil ceangal ar oibreoir na saoráide athshlánaithe, an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe, nó an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe, de réir mar is infheidhme, aon bhearta is gá a dhéanamh chun an comhlíonadh a athbhunú agus a chur in iúl láithreach do na húsáideoirí deiridh a ndearnadh difear dóibh. [Leasú 86]

3.  I gcás ina n‑eascróidh riosca suntasach don chomhshaol nó do shláinte an duine ón neamhchomhlíonadh, déanfaidh an t‑oibreoir gléasra athshlánaithe aon soláthar breise ar an uisce athshlánaithe a chur ar fionraí go dtí go gcinnfidh an t‑údarás inniúil go ndearnadh an comhlíonadh a athbhunú. I gcás ina sáraíonn luach aonair aon pharaiméadair na híoscheanglais maidir le cáilíocht uisce a leagtar amach i bpointe (a) de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, déanfaidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe aon soláthar eile ar an uisce athshlánaithe a chur ar fionraí láithreach. Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach bhfuil comhlíonadh tugtha ar ais ach amháin tar éis luach aonair an pharaiméadair, nó na bparaiméadar, atá níos mó ná na híoscheanglais cháilíochta uisce is ábhartha, a fuarthas faoi bhun na huasluacha ceadaithe i dtrí sheiceáil as a chéile ar a laghad.[Leasú 87]

4.  Má tharlaíonn teagmhas a dhéanann difear do chomhlíonadh choinníollacha an cheada, cuirfidh an t‑oibreoir gléasra saoráide athshlánaithe an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe nó an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe, de réir mar is infheidhme, an t‑údarás inniúil agus an t‑úsáideoir deiridh nó na húsáideoirí deiridh a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh ar an eolas láithreach, agus déanfaidh sé an t‑eolas is gá chun tionchair an teagmhais sin a chur in iúl don údarás inniúil. [Leasú 88]

4a.  Tar éis dó cead a dheonú i gcomhréir le Airteagal 7, déanfaidh an t-údarás inniúil fíorú go tráthrialta ar chomhlíonadh an oibreora saoráidí athshlánaithe, an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe agus an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe, agus na bearta a leagtar amach sa Phlean Bainistíochta Riosca um Athúsáid Uisce. [Leasú 89]

4b.  I gcás neamhchomhlíonadh uisce athshlánaithe ag pointe an chomhlíonta agus éilliú ithreach nó táirgí talmhaíochta ina dhiaidh sin trí dháileadh agus stóráil an uisce athshlánaithe neamhchomhlíontaigh sin, a mbeidh guaiseacha sláinte agus comhshaoil mar thoradh air sin, cuirfear an fhreagracht ar oibreoir na saoráide athshlánaithe agus beidh sé faoi dhliteanas i leith damáistí. [Leasú 134]

Airteagal 9

Comhar idir na Ballstáit

1.  Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála chun comhoibriú mar is iomchuí le pointí teagmhála agus údaráis inniúla Ballstát eile. Is é an ról a bheidh ag na pointí teagmhála cúnamh a sholáthar arna iarraidh sin agus cumarsáid a chomhordú idir údaráis inniúla. Déanfaidh na pointí teagmhála, go háirithe, iarratais ar chúnamh a fháil agus a tharchur.

2.  Freagróidh na Ballstáit iarrataí ar chúnamh gan moill mhíchuí.

Airteagal 9a

Feachtais chun feasacht a mhúscailt

1.   Cuirfidh na Ballstáit ar bun faisnéis agus feachtais ardaithe feasachta ag díriú ar úsáideoirí deiridh ionchasacha, lena n-áirítear saoránaigh, agus maidir le sábháilteacht athúsáid uisce agus maidir le coigiltis acmhainní uisce atá mar thoradh ar athúsáid uisce.

2.  Cuirfidh na Ballstáit feachtais ar bun freisin chun faisnéis a chur ar bun d’fheirmeoirí chun a áirithiú go ndéanfaidh siad uisce athshlánaithe a úsáid ar bharra ar bhealach barrmhaith, agus ar an tslí sin aon éifeachtaí díobhálacha sláinte nó comhshaoil a thagann as úsáid den sórt sin a sheachaint. [Leasú 91]

Airteagal 10

Faisnéis don phobal

1.  Gan dochar do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis leormhaith agus cothrom le dáta ar fáil ar líne don phobal. Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis: Gan dochar do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE, agus d’Airteagal 9(4) de Threoir 2000/60/CE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis leormhaith, atá cothrom le dáta agus inrochtana maidir le hathúsáid a chur ar fáil ar líne don phobal nó trí mhodhanna eile atá éasca feidhm a bhaint astu, agus go ndéanfaí sin ar bhealach a chomhlíonann rialacha consanta sonraí. Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis: [Leasú 92]

(a)  cainníocht agus cáilíocht an uisce athshlánaithe a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(aa)  úsáid uisce athshlánaithe arna úsáid i gcoibhneas le méid iomlán an fhionnuisce arna úsáid chun na críocha a chumhdaítear leis an Rialachán seo; [Leasú 93]

(b)  céatadán an uisce athshlánaithe sa Bhallstát, arb uisce é a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcomparáid le méid iomlán an fhuíolluisce uirbigh chóireáilte;

(ba)  céatadán an uisce athshlánaithe sa Bhallstát, arb uisce é a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcomparáid le méid iomlán an fhuíolluisce uirbigh inchóireáilte; [Leasú 94]

(c)  ceadanna arna ndeonú i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n‑áirítear coinníollacha arna leagan síos ag údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 7(3);

(d)  toradh na seiceála comhlíonta a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 8(1);

(e)  na pointí teagmhála arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 9(1).

2.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad.

2a.   I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 lena leagtar amach rialacha ginearálta is infheidhme ar oibreoirí in earnáil an bhia, lena gcumhdaítear táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus margú bia-ábhair a ceapadh lena chaitheamh ag an duine, ní mór do na húdaráis inniúla úsáideoirí a chur ar an eolas faoi uaschion cothaitheach an fhuíolluisce chóireáilte i gceart a soláthraíodh, le go mbeidh an úsáideoirí in ann iad féin a shásamh go bhfuil an t-uisce i gcomhréir leis na leibhéil chothaitheacha a leagtar síos ag rialacha ábhartha an Aontais. [Leasú 95]

3.  Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le formáid agus cur i láthair na faisnéise atá le soláthar faoi mhír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15. [Leasú 96]

Airteagal 11

Faisnéis maidir le faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme

1.  Gan dochar do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE, déanfaidh gach Ballstát, le cabhair ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil:

(a)  faoi ... [trí ceithre bliana tar éis an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm] tacar sonraí a chur ar bun agus a fhoilsiú, agus nuashonrú a dhéanamh air gach 6 bliana ina dhiaidh sin, ina bhfuil faisnéis maidir le toradh na seiceála ar chomhlíonadh arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus faisnéis eile atá le cur ar fáil ar líne don phobal i gcomhréir le hAirteagal 10; [Leasú 97]

(b)  tacar sonraí a chur ar bun, a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, ina bhfuil faisnéis faoi chásanna nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa cheada arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus faisnéis faoi na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3).

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar na tacair sonraí dá dtagraítear i mír 1 ag an gCoimisiún, ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

3.  Ar bhonn na sonraí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ar bhonn rialta nó tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún forléargas ar an Aontas ina iomláine ina n‑áireofar, mar is iomchuí, táscairí d’aschuir, do thorthaí agus do thionchair an Rialacháin seo, léarscáileanna, agus tuarascálacha Ballstát.

4.  Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le formáid agus cur i láthair na faisnéise a sholáthrófar i gcomhréir le mír 1 chomh maith leis na rialacha mionsonraithe maidir le formáid agus cur i láthair an fhorléargais ar an Aontas ina iomláine dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15.

Airteagal 12

Rochtain ar an gceartas

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh, i gcomhréir leis an reachtaíocht nó leis an gcleachtas náisiúnta, fáil ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó a gcomhlachais, a n‑eagraíochtaí, nó a ngrúpaí, ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách nó neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht nós imeachta nó shubstainteach cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha a bhaineann le cur chun feidhme Airteagail 4 go 8, i gcás ina mbeidh ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)  go bhfuil leas leordhóthanach acu ann;

(b)  go n‑áitíonn siad sárú ar cheart, i gcás ina gceanglaítear é sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin an Bhallstáit ábhartha.

2.  Is iad na Ballstáit a chinnfidh an chéim ag ar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha.

3.  Déanfaidh na Ballstáit an rud is leas leordhóthanach ann, agus sárú ar cheart, a chinneadh i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain fhairsing ar an gceartas a thabhairt don phobal lena mbaineann.

Chuige sin, measfar gur leordhóthanach chun críocha mhír 1(a) an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a comhlíonann na ceanglais faoin dlí náisiúnta.

Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críocha mhír 1(b) ag na heagraíochtaí sin.

4.  Ní eisiafar, le míreanna 1, 2 agus 3, an deis nós imeachta um athbhreithniú tosaigh a thabhairt os comhair údarás riaracháin agus ní dhéanfaidh na míreanna sin difear don cheanglas go n‑ídeofar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin sula rachfar ar iontaoibh nósanna imeachta um athbhreithniú breithiúnach, i gcás ina mbeidh ceanglas den sórt sin ann faoin dlí náisiúnta.

5.  Aon nós imeachta um athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 4, beidh sé cóir, cothrom agus tráthúil, agus ní bheidh sé róchostasach.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis ar fáil don phobal i dtaobh rochtain ar nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach.

Airteagal 13

Meastóireacht

1.  Déanfaidh an Coimisiún, faoin ... [6 cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], meastóireacht ar an Rialachán seo. Beidh an mheastóireacht sin bunaithe, ar a laghad, ar na heilimintí seo a leanas: [Leasú 98]

(a)  an taithí a fuarthas ón Rialachán seo a chur chun feidhme;

(b)  na tacair sonraí arna gcur ar bun ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus an forléargas ar an Aontas ina iomláine arna thiomsú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 11(3);

(c)  sonraí eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha ábhartha;

(d)  eolas teicniúil agus eolaíochta;

(e)  moltaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, más ann dóibh.

(ea)   turgnaimh a rinneadh, go háirithe i dtaca le húsáid sloda séarachais i dtalmhaíocht agus eisiltigh mheatánaithe. [Leasú 99]

2.  I gcomhthéacs na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na gnéithe seo a leanas:

(a)  na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)  na príomhchúraimí bainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(c)  na ceanglais bhreise arna leagan síos ag na húdaráis inniúla de bhun phointí (b) agus (c) d’Airteagal 7(3);

(d)  tionchair athúsáide uisce ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine;

(da)   láidreacht mhéadaithe mhicreatruailleáin agus ábhair nua ‘atá ag teacht chun cinn’ in uisce athúsáidte. [Leasú 100]

2a.  I gcomhthéacs na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an indéantacht maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig uisce athshlánaithe atá beartaithe d’úsáidí sonracha eile, lena n-áirítear é a athúsáid chun críocha tionsclaíocha;

(b)  ceanglais an Rialacháin seo a leathnú chuig úsáid indíreach fuíolluisce cóireáilte;

(c)  íoscheanglais a leagan síos maidir le cáilíocht an uisce chóireáilte arna athshlánú chun críche athlíonadh screamhuisce. [Leasú 101]

2b.  I gcas inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún i gceangal leis an measúnú dá dtagraítear in mír 1 le nós imeachta reachtach. [Leasú 102]

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 5(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 5(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

An Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le Treoir 2000/60/CE. cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Faoin ... [trí ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. [Leasú 103]

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [bliain amháin dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 104]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

ÚSÁIDÍ AGUS CEANGLAIS ÍOSTA

Roinn 1. Úsáidí an uisce athshlánaithe dá dtagraítear in Airteagal 2

(a)  Uisciú talmhaíochta

Ciallaíonn uisciú talmhaíochta na cineálacha barr seo a leanas a uisciú:

—  barra bia a thomhailtear amh, a chiallaíonn barra atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine agus iad amh nó neamhphróiseáilte;

—  barra bia próiseáilte, a chiallaíonn barra atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, nach bhfuil le hithe amh ach tar éis próiseas cóireála (i.e. cócaráilte, próiseáilte go tionsclaíoch);

—  barra neamhbhia, a chiallaíonn barr nach bhfuil beartaithe lena dtomhailt ag an duine (e.g. barra féaraigh, foráiste, snáithín, ornáideacha, síl agus scraithe).

Gan dochar do dhlí ábhartha an Aontais i réimsí an chomhshaoil agus na sláinte, féadfaidh na Ballstáit feidhm a bhaint as uisce athshlánaithe i gcomhair tuilleadh úsáidí amhail athúsáid uisce tionsclaíoch agus chun críocha a bhaineann le taitneamhacht agus chun críocha comhshaoil. [Leasú 105]

Roinn 2. Ceanglais íosta

2.1.  Ceanglais íosta is infheidhme maidir le huisce athshlánaithe atá beartaithe lena úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta [Leasú 106]

Leagtar amach i dTábla 1 na haicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe agus an úsáid a cheadaítear agus na modhanna uisciúcháin le haghaidh gach aicme. Leagtar amach na ceanglais íosta do cháilíocht uisce i bpointe (a), Tábla 2. Leagtar amach na minicíochtaí íosta agus na spriocanna feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar an uisce athshlánaithe i bpointe (b), Tábla 3 (faireachán gnáthrialta) agus Tábla 4 (faireachán bailíochtaithe).

Tábla 1 Aicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe agus an úsáid talmhaíochta cheadaithe agus an modh uiscithe

Aicme de cháilíocht íosta uisce athshlánaithe

Catagóir an bhairr

Modh uisciúcháin

A

Na barra bia ar fad, lena n‑áirítear barra fréimhe a thomhailtear amh agus barra bia a bhfuil an chuid inite díobh i dteagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe

Gach modh uisciúcháin

B

Barra bia a thomhailtear amh a dtáirgtear an chuid inite díobh os cionn talún agus nach bhfuil i dteagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe, barra bia próiseáilte agus barra neamhbhia, lena n‑áirítear barra chun ainmhithe a tháirgeann bainne nó feoil a bheathú

Gach modh uisciúcháin

C

Uisciú silte* amháin Modhanna uisciúcháin nach mbíonn teagmháil dhíreach ag an mbarr leis an uisce athshlánaithe dá mbarr, agus na modhanna uisciúcháin sin amháin. Mar shampla, uisciú silte*

[Leasú 107]

D

Barra tionsclaíocha, fuinnimh agus síl

Gach modh uisciúcháin

(*) Is é is uisciú silte ann (ar a dtugtar sil-uisciú freisin) ná córas miocruiscithe ar féidir leis braonta uisce nó srutháin bheaga a sheachadadh go dtí na plandaí trí uisce a shileadh ar an ithir nó go díreach faoina dromchla ar rátaí fíorísle (2-20 lítear san uair) ó chóras píopaí plaisteacha ag a bhfuil trastomhas beag atá feistithe le hasraonta ar a dtugtar astairí nó sileáin.

(a)  Na híocheanglais le haghaidh cáilíocht uisce

Tábla 2 Na ceanglais maidir le cáilíocht an uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta

Aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe

Cóireáil iomchuí tháscach

Ceanglais cháilíochtaTeorainnluach

 

E. coli

(cfu/100 ml)

BOD5

(mg/l)

TSS

(mg/l)

Moirtiúlacht

(NTU)

Eile

A

Cóireáil thánaisteach, scagachán, agus dífhabhtú

≤10

nó faoi bhun na teorann braite

≤10

≤10

≤5

Legionella spp.: <1,000 cfu/l i gcás ina bhfuil riosca aerasólaithe i dtithe gloine

Néimeatóidí stéigeacha (Uibheacha heilminte): ≤1 ubh/l chun féaraigh nó foráiste a uisciú Salmonella: gan a bheith ann [Leasú 108]

B

Cóireáil thánaisteach, agus dífhabhtú

≤100

De réir Threoir 91/271/CEE ón gComhairle(33)

(Iarscríbhinn I, Tábla 1)

De réir Threoir 91/271/CEE

(Iarscríbhinn I, Tábla 1)

-

C

Cóireáil thánaisteach, agus dífhabhtú

≤1,000

-

D

Cóireáil thánaisteach, agus dífhabhtú

≤10,000

-

Measfar go bhfuil an t‑uisce athshlánaithe ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i dTábla 2 má chomhlíonann na bearta na critéir seo ar fad a leanas:

—  Tá na luachanna táscacha do E. coli, Legionella spp agus néimeatóidí stéigeacha comhlíonta in 90 % nó níos mó de na samplaí. Ní féidir le haon cheann de na luachanna a bheith os cionn na teorann uasta diallais d’aon aonad loga amháin ón luach táscach do E. coli agus Legionella agus 100 % den luach táscach do néimeatóidí stéigeacha. Beidh feidhm ag an gceanglas chun a áirithiú nach ann do salmonella maidir le 100% de na samplaí.[Leasú 109]

—  Déantar na luachanna táscacha do BOD5, TSS, agus moirtiúlacht in Aicme A a chomhlíonadh in 90 % nó níos mó de na samplaí. Ní féidir le haon cheann de na huasluachanna a bheith os cionn na teorann uasta diallais de 100 % den luach táscach. [Leasú 110]

(b)  Na ceanglais íosta le haghaidh faireacháin

Déanfaidh oibreoirí na monarchana na saoráide athshlánaithe faireachán gnáthrialta chun a fhíorú go bhfuil an t‑uisce athshlánaithe ag comhlíonadh na gceanglas íosta maidir le cáilíocht uisce a leagtar amach i bpointe (a). Cuirfear an faireachán gnáthrialta gnáthfhaireachán san áireamh i nósanna imeachta fíoraithe an chórais an tionscadail athúsáide uisce. [Leasú 111]

Maidir leis na samplaí a úsáidfear chun comhlíonadh na bparaiméadar micribhitheolaíochta a fhíorú ag an bpointe comhlíonta, glacfar iad i gcomhréir le caighdeán EN ISO 19458. [Leasú 112]

Tábla 3 Na minicíochtaí íosta le haghaidh faireachán gnáthrialta ar uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta

 

Na minicíochtaí íosta faireacháin

Aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe

E. coli

BOD5

TSS

Moirtiúlacht

Legionella spp.

(nuair is infheidhme)

Néimeatóidí stéigeacha

(nuair is infheidhme)

A

Uair

sa tseachtain

Uair

sa tseachtain

Uair

sa tseachtain

Leanúnach

Uair

sa tseachtain

Faoi dhó sa mhí nó ar mhinicíocht a chinneann oibreoir na monarchan athshlánaithe de réir líon na n‑uibheacha i bhfuíolluisce a thagann isteach go dtí an mhonarcha athshlánaithe

B

Uair

sa tseachtain

De réir Threoir 91/271/CEE

(Iarscríbhinn I, Roinn D)

De réir Threoir 91/271/CEE

(Iarscríbhinn I, Roinn D)

-

C

Faoi dhó sa mhí

-

D

Faoi dhó sa mhí

-

Ní mór an faireachán bailíochtaithe a dhéanamh sula gcuirtear an mhonarcha an tsaoráid athshlánaithe i mbun oibriúcháin, nuair a dhéantar uasghrádú ar threalamh, agus nuair a thugtar trealamh nó próisis nua isteach, agus nuair a thugtar cead nua nó a dhéantar ceann atá cheana ann a mhodhnú. [Leasú 113]

Déanfar an faireachán bailíochtaithe don aicme is déine de cháilíocht uisce athshlánaithe, Aicme A, chun a áirithiú go bhfuil na spriocanna feidhmíochta (laghdú logartaim10) comhlíonta. Is é atá i gceist le faireachán bailíochtaithe ná faireachán ar na miocrorgánaigh tháscacha a bhaineann le gach grúpa pataigíní (baictéir, víris agus protozoa). Is iad na miocrorgánaigh tháscacha atá roghnaithe ná E. coli le haghaidh baictéir phataigineacha, baictéarafagaigh dhrólannacha F-shonracha, baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha nó baictéarafagaigh dhrólannacha le haghaidh víris phataigineacha, agus spóir de Clostridium perfringens nó baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta le haghaidh protozoa. Tá na spriocanna feidhmíochta (laghdú logartaim10 ) le haghaidh an fhaireacháin bailíochtaithe ar na miocrorgánaigh tháscacha roghnaithe leagtha amach i dTábla 4 agus comhlíonfar iad ag asraon na monarchan athshlánaithe (an pointe comhlíonta), na saoráide athshlánaithe, agus dlús an eisiltigh fuíolluisce amh atá ag teacht isteach go dtí an mhonarcha cóireála fuíolluisce uirbigh á chur san áireamh. Bainfear amach nó sárófar an sprioc feidhmíochta le, ar a laghad, 90% de na samplaí bailíochtaithe. [Leasú 114]

Murab ann do chainníocht leordhóthanach do tháscaire bitheolaíoch san fhuíolluisce amh le laghdú logartaim10 a bhaint amach, fágfaidh an táscaire sin a bheith ar lár san eisilteach go bhfuil na ceanglais bhailíochtaithe á gcomhlíonadh. Féadfar feidhmíocht na sprice comhlíonta a dheimhniú trí mheán rialú anailíseach, trí shuimiú na feidhmíochta a cheadaítear do chéimeanna cóireála aonair arna bunú ar fhianaise eolaíoch do phróisis chaighdeánacha sheanbhunaithe, amhail sonraí a foilsíodh ó thuarascálacha tástála, ó chás-staidéir, srl., nó sonraí a tástáladh i saotharlann faoi dhálaí rialaithe i gcomhair cóireáil nuálach. [Leasú 115]

Tábla 4 Faireachán bailíochtaithe ar uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta

Aicme

de cháilíocht uisce

athshlánaithe

Miocrorgánaigh tháscacha (*)

Spriocanna feidhmíochta don slabhra cóireála

(laghdú logartaim10)

A

E. coli

≥ 5.0

Iomlán na mbaictéarafagach drólannach/baictéarafagaigh dhrólannacha F-shonracha/baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha/baictéarafagaigh dhrólannacha (**)

≥ 6.0

Spóir de Clostridium perfringens/baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta (***)

≥ 5.0

(*) Is féidir úsáid a bhaint, freisin, as na pataigíní tagartha Campylobacter, Rotavirus agus Cryptosporidium, seachas na miocrorgánaigh tháscacha atá molta a úsáid, chun faireachán a dhéanamh ar bhailíochtú. Ba cheart, sa chás sin, go mbeadh feidhm ag na spriocanna feidhmíochta seo a leanas atá sloinnte mar laghdú log10: Campylobacter (≥ 5.0), Rotavirus (≥ 6.0) agus Cryptosporidium (≥ 5.0). Féadfaidh an t-údarás náisiúnta sláinte táscairí breise a leagan síos bunaithe ar an gcás sonrach, i gcás ina mbeidh údar leis sin mar gheall ar an ngá le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol a áirithiú. [Leasú 116]

(**) Roghnaítear iomlán na mbaictéarafagach drólannach mar an táscaire víreasach is iomchuí. Mura féidir anailís a dhéanamh ar iomlán na mbaictéarafagach drólannach, áfach, ní mór anailís a dhéanamh ar cheann amháin acu (baictéarafagaigh dhrólannacha F-shonracha nó baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha) ar a laghad. Murab ann do chainníocht leordhóthanach d’iomlán na mbaictéarafagach drólannach san eisilteach fuíolluisce amh, féadfar comhlíonadh na sprice feidhmíochta a dheimhniú trí shuimiú na feidhmíochta a cheadaítear do chéimeanna cóireála aonair arna bunú ar fhianaise eolaíoch do phróisis chaighdeánacha sheanbhunaithe, amhail sonraí a foilsíodh ó thuarascálacha tástála, ó chás-staidéir, srl., nó sonraí a tástáladh i saotharlann faoi dhálaí rialaithe i gcomhair cóireáil nuálach. [Leasú 117]

(***) Roghnaítear spóir de Clostridium perfringens mar an táscaire protozoa is iomchuí. Is rogha mhalartach iad baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta, áfach, mura féidir baint logartaim10 arna iarraidh a bhailíochtú de dheasca dhlús na spór de Clostridium perfringens. Murab ann do chainníocht leordhóthanach de Clostridium perfringens san eisilteach fuíolluisce amh, féadfar comhlíonadh na sprice feidhmíochta a dheimhniú trí shuimiú na feidhmíochta a cheadaítear do chéimeanna cóireála aonair arna bunú ar fhianaise eolaíoch do phróisis chaighdeánacha sheanbhunaithe, amhail sonraí a foilsíodh ó thuarascálacha tástála, ó chás-staidéir, srl., nó sonraí a tástáladh i saotharlann faoi dhálaí rialaithe i gcomhair cóireáil nuálach.[Leasú 118]

Déanfaidh an t‑oibreoir na modhanna anailíse don fhaireachán a bhailíochtú agus a dhoiciméadú i gcomhréir le EN ISO/IEC-17025 nó caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n‑áirithítear cáilíocht choibhéiseach. Áiritheoidh oibreoir an ghléasra athshlánaithe go ndéanfaidh na saotharlanna a roghnófar don fhaireachán bailíochtaithe cleachtais bainistíochta cáilíochta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le caighdeán EN ISO/IEC 17025.[Leasú 119]

Iarscríbhinn II

(a)  Príomhchúraimí bainistithe riosca[Leasú 120]

-1.  Anailís indéantachta a dhéanamh maidir leis an tsaoráid athshlánaithe atá beartaithe lena gcuirfear san áireamh ar a laghad costais forbartha na saoráide i dtaca leis an éileamh réigiúnach ar uisce athshlánaithe, leis na húsáideoirí deiridh ionchasacha agus le riachtanais fuíolluisce na saoráide, agus measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an fhuíolluisce chóireáilte isteach sa tsaoráid. [Leasú 121]

1.  Tabhair tuairisc ar an gcóras athúsáide uisce, ón bhfuíolluisce a thagann isteach go dtí an mhonarcha cóireála fuíolluisce uirbigh go dtí an pointe úsáide, lena n‑áirítear na foinsí fuíolluisce, na céimeanna cóireála agus na teicneolaíochtaí ag an monarcha athshlánaithe, an bonneagar soláthair agus stórála, an úsáid bheartaithe, an t‑ionad úsáide, agus cainníochtaí an uisce athshlánaithe atá le soláthar. Is é is aidhm don tasc seo tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar an gcóras athúsáide uisce ina iomláine.

2.  Guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, go háirithe truailleáin agus pataigíní, agus an baol go dtarlódh eachtraí guaiseacha, amhail teip chóireála, sceitheadh de thimpiste nó éilliú sa chóras athúsáide uisce a bhfuil tuairisc tugtha air.

3.  Na comhshaoil, daonraí agus daoine aonair a shainaithint ina bhfuil baol ann go nochtfar iad do na guaiseacha shainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ann, agus aird ar na himthosca comhshaoil shonracha, amhail an hidrigeolaíocht, toipeolaíocht, cineál ithreach agus éiceolaíocht áitiúil, agus imthosca a bhaineann le cineál na mbarr agus na cleachtais feirmeoireachta. Ní mór aird a thabhairt freisin ar na héifeachtaí fadtéarmacha nó na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith do-athraithe a bhaineann leis an oibríocht athshlánaithe uisce. Le linn gach céim den chóras athúsáide fuíolluisce, cuirfear san áireamh an measúnú riosca don tsláinte, lena n-áirítear sainaithint guaiseacha, dáileog agus freagairt, measúnú nochta agus tréithriú riosca. Ní mór aird a thabhairt freisin ar na drochéifeachtaí ar an gcomhshaol nó ar an tsláinte a d’fhéadfadh a bheith ann go fadtéarmach nó a bheith dhochúlaithe, lena n-áirítear drochthionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar shreafaí éiceolaíocha, a bhaineann leis an oibríocht athshlánaithe uisce, amhail dáileadh, stóráil agus úsáid.[Leasú 122]

4.  Measúnú riosca a dhéanamh ina gcumhdaítear idir rioscaí comhshaoil agus rioscaí do shláinte an duine agus ainmhithe, agus aird á tabhairt ar chineál na nguaiseacha sainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ann, na comhshaoil, daonraí agus daoine aonair a sainaithníodh go bhfuil baol ann go nochtfar iad do na guaiseacha sin agus déine na n‑éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na guaiseacha, mar aon le reachtaíocht ábhartha uile an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta ábhartha uile, na treoirdhoiciméid uile agus na ceanglais íosta uile a bhaineann le sábháilteacht bia agus beatha agus sábháilteacht oibrithe agus le cuspóirí comhshaoil. Féadfar leas a bhaint as staidéir cháilíochtúla chun críocha an mheasúnaithe riosca. Tabharfar aghaidh ar éiginnteacht eolaíoch sa saintréithiú riosca i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim. [Leasú 123]

Beidh na gnéithe seo a leanas sa mheasúnú riosca:

(a)  measúnú ar na rioscaí comhshaoil, lena n‑áirítear iad seo ar fad a leanas:

i.  deimhniú ar chineál na nguaiseacha, lena n‑áirítear, i gcás inar iomchuí, an leibhéal tuartha neamhéifeachta;

ii.  measúnú ar raon féideartha an nochta;

iii.  saintréithiú an riosca.

(b)  measúnú ar na rioscaí do shláinte an duine, lena n‑áirítear iad seo ar fad a leanas:

i.  deimhniú ar chineál na nguaiseacha, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, an caidreamh atá bainteach le dáileogacht; deimhniú ar chineál na nguaiseacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an gaol idir dáileog agus freagairt i gcomhar le húdaráis sláinte; [Leasú 124]

ii.  measúnú ar raon féideartha an nochta nó na dáileogachta;

iii.  saintréithiú an riosca.

Cuirfear na ceanglais agus na hoibleagáidí seo a leanas, ar a laghad, san áireamh sa mheasúnú riosca: Comhlíonfar, ar a laghad, na ceanglais agus na hoibleagáidí seo a leanas, sa mheasúnú riosca: [Leasú 125]

(c)  an ceanglas go laghdófaí agus go gcoiscfí truailliú uisce ó níotráití i gcomhréir le Treoir 91/676/CEE;

(d)  an oibleagáid go gcomhlíonfadh limistéir cosanta uisce óil na ceanglais i dTreoir 98/83/CE;

(e)  an ceanglas go gcomhlíonfaí na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE;

(f)  an ceanglas cosc a chur ar thruailliú fuíolluisce i gcomhréir le Treoir 2006/118/CE;

(g)  an ceanglas go gcomhlíonfaí na caighdeáin cháilíochta chomhshaoil le haghaidh substaintí tosaíochta agus truailleáin áirithe eile a leagtar síos i dTreoir 2008/105/CE;

(h)  an ceanglas go gcomhlíonfaí na caighdeáin cháilíochta chomhshaoil le haghaidh truailleán ar údar imní náisiúnta iad (i.e. truailleáin shonracha in abhantracha) a leagtar síos i dTreoir 2000/60/CE;

(i)  an ceanglas go gcomhlíonfaí na caighdeáin cháilíochta uisce a leagtar síos i dTreoir 2006/7/CE;

(j)  na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, nuair a úsáidtear sloda séarachais sa talmhaíocht faoi Threoir 86/278/CEE;

(k)  na ceanglais maidir le sláinteachas earraí bia a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus an treoir a thugtar san Fhógra ón gCoimisiún maidir leis an treoirdhoiciméad maidir le haghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus glasraí úra le linn chéim an phríomhtháirgthe trí shláinteachas maith;

(l)  na ceanglais maidir le sláinteachas beatha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 183/2005.

(m)  an ceanglas go gcomhlíonfaí na critéir mhicribhitheolaíocha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005;

(n)  na ceanglais maidir le leibhéil uasta le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006;

(o)  na ceanglais maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia agus ar bheatha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005;

(p)  na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe i Rialacháin (CE) 1069/2009 agus  (AE) 142/2011.

(b)  Coinníollacha i ndáil leis na ceanglais bhreise [Leasú 126]

5.  I gcás inar gá agus inarb iomchuí sin chun cosaint leordhóthanach leormhaith an chomhshaoil agus shláinte an duine a áirithiú, sonraigh ceanglais maidir le cáilíocht uisce agus faireachán atá sa bhreis ar na ceanglais a shonraítear in Iarscríbhinn I agus/nó atá níos déine ná iad.

Ag brath ar thoradh an mheasúnaithe tionchair dá dtagraítear i bpointe 4, dD’fhéadfadh sé go mbainfeadh na ceanglais bhreise sin leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)  miotail throma;

(b)  lotnaidicídí;

(c)  seachtháirgí dífhabhtaithe;

(d)  cógais;

(da)  micreaphlaistigh a bheith ann;

(e)  substaintí eile ar díol imní iad; truailleáin eile a fuarthas a bheith suntasach trí anailísí comhshaoil agus anailísí sláinte poiblí a rinneadh ar an leibhéal áitiúil;

(f)  frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach. [Leasú 127]

(c)  Bearta coisctheacha [Leasú 128]

6.  Sainaithin bearta coisctheacha atá i bhfeidhm cheana féin nó ar cheart iad a dhéanamh chun srian a chur le rioscaí sa chaoi gur féidir na rioscaí sainaitheanta ar fad a bhainistiú go leordhóthanach.

Féadfar a áireamh ar na bearta coisctheacha sin:

(g)  rialú rochtana:

(h)  dífhabhtú breise nó bearta bainte truailleán;

(i)  teicneolaíocht shonrach uiscithe lena maolaítear an riosca aerasólaithe (e.g. uisciú silte);

(j)  tacaíocht básaithe pataiginí roimh an mbuaint;

(k)  achair íosta sábháilteachta a bhunú.

Leagtar amach i dTábla 1 bearta coisctheacha sonracha a d’fhéadfadh a bheith ábhartha.

Tábla 1: Bearta coisctheacha sonracha

Aicme

de cháilíocht uisce

athshlánaithe

Bearta coisctheacha sonracha

A

—  Níor cheart muca a nochtadh d’fharae a uiscítear le huisce athshlánaithe ach amháin más ann do shonraí leordhóthanacha a léireodh gur féidir na rioscaí do chás sonrach a bhainistiú.

B

—  Tá toirmeasc ar tháirgí uiscithe nó faoi shileadh a bhuain agus iad fós fliuch.

—  Ba cheart eallach déiríochta atá ag lachtadh a choinneáil amach ó fhéarach go dtí go bhfuil sé tirim.

—  Ní mór farae a thriomú nó sadhlas a dhéanamh de sula ndéanfar é a phacáistiú.

—  Níor cheart muca a nochtadh d’fharae a uiscítear le huisce athshlánaithe ach amháin más ann do shonraí leordhóthanacha a léireodh gur féidir na rioscaí do chás sonrach a bhainistiú.

C

—  Tá toirmeasc ar tháirgí uiscithe nó faoi shileadh a bhuain agus iad fós fliuch.

—  Coinnigh ainmhithe féaraigh amach ó fhéarach ar feadh cúig lá tar éis an uiscithe deiridh.

—  Ní mór farae a thriomú nó sadhlas a dhéanamh de sula ndéanfar é a phacáistiú.

—  Níor cheart muca a nochtadh d’fharae a uiscítear le huisce athshlánaithe ach amháin más ann do shonraí leordhóthanacha a léireodh gur féidir na rioscaí do chás sonrach a bhainistiú.

D

—  Tá toirmeasc ar tháirgí uiscithe nó faoi shileadh a bhuain agus iad fós fliuch.

7.  Áirithigh go bhfuil córais agus nósanna imeachta leordhóthanacha maidir le rialú cáilíochta i bhfeidhm, lena n‑áirítear faireachán ar an uisce athshlánaithe le haghaidh paraiméadair ábhartha, agus go mbunófar cláir chothabhála leordhóthanacha do threalamh.

8.  Áirithigh go bhfuil córais faireacháin comhshaoil i bhfeidhm a bhraithfidh aon éifeachtaí diúltacha atá ag athúsáid an uisce agus, chomh maith leis sin, áirithigh go gcuirfear an t‑aiseolas ón bhfaireachán ar fáil agus go ndéanfar gach próiseas agus nós imeachta a bhailíochtú agus a dhoiciméadú mar is iomchuí.

Moltar go mbunódh agus go gcoinneodh an t‑oibreoir monarchan athshlánaithe córas bainistithe cáilíochta atá deimhnithe faoi ISO 9001 nó a choibhéis.

8a.  A áirithiú go mbeidh modh malartach ag an tsaoráid athshlánaithe chun an fuíolluisce cóireáilte nach n-athúsáidfear a sceitheadh. [Leasú 129]

9.  Áirithigh go bhfuil córas iomchuí i bhfeidhm chun teagmhais agus cásanna éigeandála a bhainistiú, lena n‑áirítear nósanna imeachta chun na páirtithe ábhartha ar fad a chur ar an eolas mar is iomchuí faoi theagmhais den sórt sin, agus coimeád plean freagartha éigeandála a thugtar cothrom le dáta ar bhonn rialta.

9a.  A áirithiú go mbeidh bonneagar dáileacháin an uisce athshlánaithe ar deighilt agus go dtógfar é ar bhealach lena seachnófar rioscaí éilithe i gcás sholáthar agus chóras dáileacháin an uisce atá ceaptha lena thomhailt ag an duine. [Leasú 130]

9b.  A áirithiú go mbeidh bonneagar dáileacháin an uisce athshlánaithe marcáilte go hiomchuí agus, i gcás ina dtógfar é le draenacha aeir oscailte, go mbeidh comharthaíocht leormhaith aige a bheidh infheicthe go leor, fiú amháin i gcás ina measctar an fuíolluisce le huisce ó fhoinsí eile. [Leasú 131]

9c.  A áirithiú go mbunófar sásraí comhordúcháin i measc gníomhaithe difriúla chun táirgeadh agus úsáid shábháilte an uisce athshlánaithe a áirithiú. [Leasú 132]

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 353.
(3)IO C
(4)IO C 86, 7.3.2019, lch. 353.
(5) Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019.
(6)Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(7)Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).
(8)COM(2012)0673.
(9)COM(2007)0414.
(10) IO C 9 E, 15.1.2010, lch. 33.
(11)COM(2015)0614.
(12) Treoir (AE) .../... maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (IO L ..., lch. ...).
(13) Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, nuair a úsáidtear sloda séarachais sa talmhaíocht (IO L 181, 4.7.1986, lch. 6).
(14)Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1-8).
(15)Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).
(16)Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(17)Rialachán (CE) Uimh 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).
(18)Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos na ceanglais i ndáil le sláinteachas beatha ainmhithe (IO L 35, 8.2.2005, lch. 1).
(19)Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).
(20)Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil beartaithe le caitheamh ag an duine agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).
(21)Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 76/160/CE (IO L 64, 4.3.2006, lch. 37).
(22)Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).
(23)Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).
(24)Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1)
(25)Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lch. 1).
(26)Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 ag socrú leibhéil uasta le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).
(27)Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil beartaithe le caitheamh ag an duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/EC ón gComhairle maidir le samplaí áirithe agus míreanna atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin, Téacs atá ábhartha maidir le LEE, (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1)
(28)Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(29)IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.
(30)Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(31)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(32)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(33)Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).


Formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta ***I
PDF 115kWORD 45k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (COM(2018)0289 – C8-0183/2018 – 2018/0142(COD))
P8_TA(2019)0072A8-0318/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0289),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0183/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Eanáir 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0318/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta

P8_TC1-COD(2018)0142


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/519.)

(1)IO C 440, 6.12.2018, lch. 104.


Clár le haghaidh margadh aonair, iomaíochas fiontar agus staidreamh Eorpach ***I
PDF 405kWORD 142k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus don staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826 (COM(2018)0441 – C8-0254/2018 – 2018/0231(COD))
P8_TA(2019)0073A8-0052/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0441),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 43(2), d’Airteagal 168(4)(b) agus d’Airteagal 114, Airteagal 173 agus Airteagal 338 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0254/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus freisin ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus ón gCoiste um Buiséid (A8-0052/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas fiontar, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus don staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826

P8_TC1-COD(2018)0231


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), Airteagal 168(4)(b) agus Airteagal 114, Airteagal 173 agus Airteagal 338 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Is bunchloch de chuid an Aontais é an margadh inmheánach. Ó cuireadh ar bun é, chuir sé go mór leis an bhfás, leis an iomaíochas agus leis an bhfostaíocht. A bhuí leis an margadh inmheánach, cuireadh deiseanna nua agus barainneachtaí scála nua ar fáil do ghnólachtaí, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus neartaíodh a n-iomaíochas tionsclaíoch, agus ba cheart go leanfaidh sé bheith ag dul chun sochair do gach saoránach go cothrom. Leis an margadh inmheánach, cabhraíodh le poist a chruthú agus ba mhó, dá bharr, an rogha ar phraghsanna níos ísle a cuireadh ar fáil agus ag an am céanna ráthaigh sé cáilíocht ard táirgí agus seirbhísí a tairgeadh. Leanann an margadh inmheánach de bheith ina spreagadh chun margadh níos comhtháite agus geilleagar níos láidre, níos cothroime agus níos córa a chur ar bun. Is ceann de mhóréachtaí an Aontais é agus tá sé ar an sócmhainn is láidre atá aige i ngeilleagar atá níos domhandaithe anois ná riamh, chomh maith le bheith ar cheann de na croímhíreanna chun an geilleagar a thiontú go geilleagar inbhuanaithe atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní agus fuinnimh de chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú de bharr an athraithe aeráide atá ag dul i méad. [Leasú 1]

(2)  De thoradh na réabhlóide digití agus an domhandaithe, ní mór don mhargadh inmheánach oiriúnú, ar bhonn leanúnach, do thimpeallacht atá ag athrú go tapa. I ngeall ar ré nua na nuálaíochta digití, leantar de dheiseanna agus tairbhí a chur ar fáil don gheilleagar agus do ghnáthshaol daoine, go háirithe do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair agus de tháirgí nua agus samhlacha nua gnó a chruthú ach, san am céanna, is dúshlán é ó thaobh an rialaithe agus an fhorfheidhmithe de, agus do chosaint agus sábháilteacht an tomhaltóra. [Leasú 2]

(3)  Tá cuid mhór de reachtaíocht an Aontais ina bonn taca d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Baineann sé sin, go háirithe, leis an iomaíochas, leis an gcaighdeánú, leis an aitheantas frithpháirteach, le cosaint tomhaltóirí, le faireachas margaidh agus le rialú an bhiashlabhra ach, ina theannta sin, baineann sé le rialacha i dtaca le hidirbhearta gnó, trádála agus airgeadais agus iomaíocht chóir a chur chun cinn lena soláthraítear cothrom iomaíochta, rud atá ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh chun tairbhe na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí. [Leasú 3]

(4)  D’ainneoin sin, is ann fós do bhacainní gan údar maith, idirdhealaitheacha agus díréireacha ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus tá constaicí nua ag teacht chun cinn. Níl i nglacadh rialacha ach an chéad chéim, ach tá sé chomh tábhachtach céanna iad a chur ag feidhmiú. Cuireann forfheidhmiú uireasach rialacha atá ann cheana, bacainní ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, agus leibhéil ísle den soláthar poiblí trasteorann teorainn leis na deiseanna do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí. Sa deireadh, baineann aghaidh a thabhairt ar bhacainní den sórt sin leis an iontaoibh atá ag saoránaigh san Aontas, ina acmhainneacht beart a dhéanamh de réir a bhriathair agus ina chumas poist d’ardchaighdeán cáilíochta agus fás a chruthú agus, san am céanna, leas an phobail a chosaint. [Leasú 4]

(5)  Is ann cheana féin do roinnt clár gníomhaíochta de chuid an Aontais in earnáil an iomaíochais i dtaca le fiontair, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, cosaint tomhaltóirí, custaiméirí agus úsáideoirí deiridh i seirbhísí airgeadais, ceapadh beartais i seirbhísí airgeadais agus an biashlabhra. Maoinítear go díreach roinnt gníomhaíochtaí breise faoi línte buiséid an mhargaidh inmheánaigh. Is gá sineirgíochtaí idir na gníomhaíochtaí éagsúla a chuíchóiriú agus a úsáid agus creat níos solúbtha, níos trédhearcaí, níos simplithe agus níos lúfaire a sholáthar chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú arb é is aidhm dóibh margadh inmheánach dea-fheidhmiúil agus inbhuanaithe a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní mór clár nua a chur ar bun lena dtugtar le chéile gníomhaíochtaí a maoiníodh roimhe seo faoi na cláir eile sin agus faoi línte ábhartha eile buiséid a bhaineann na ceachtanna atá le foghlaim ó chlár atá ann cheana. Chomh maith leis sin, ba cheart tionscnaimh nua a áireamh sa Chlár arb é is aidhm dóibh feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, agus dúbailt le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha an Aontais á seachaint. [Leasú 5]

(6)  Tá forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh faoi réir clár staidrimh Eorpach ar leith arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6). Chun leanúnachas a sholáthar maidir leis an staidreamh Eorpach a tháirgeadh agus a scaipeadh, ba cheart a áireamh sa chlár nua freisin gníomhaíochtaí arna gcumhdach ag an gClár Staidrimh Eorpach atá ann cheana trí chreat a sholáthar chun sonraí a bhailiú, agus lena chois sin, i gcomhair forbairt, táirgeadh, úsáid cheart, cur i bhfeidhm agus scaipeadh staidreamh Eorpach. Leis an gclár nua, ba cheart an creat airgeadais don staidreamh Eorpach a bhunú chun go soláthrófaí staidreamh Eorpach ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa, agus ar nithe amhail trádáil agus imirce freisin, chun tacú le beartais uile an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme chomh maith le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). [Leasú 6]

(7)  Dá bhrí sin, is iomchuí Clár an Mhargaidh Aonair a bhunú chun neartú a dhéanamh ar an margadh inmheánach agus chun feabhas a chur ar a fheidhmiú i réimsí an iomaíochais agus inbhuanaitheacht fiontar, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, an chaighdeánaithe, an fhaireachais margaidh, chosaint an tomhaltóra, an tslabhra soláthair bia agus an staidrimh Eorpaigh (an ‘Clár’). Ba cheart an Clár a bhunú le haghaidh tréimhse seacht mbliana ó 2021 go 2027. [Leasú 7]

(8)  Leis an gClár, ba cheart go dtabharfaí tacaíocht maidir le reachtaíocht de chuid an Aontais a cheapadh, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, rud a thacódh le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Leis an gClár, ba cheart tacú le coinníollacha cearta a chruthú chun gníomhaithe uile an mhargaidh inmheánaigh a chumhachtú: gnólachtaí, saoránaigh lena n-áirítear tomhaltóirí, agus fostaithe, an tsochaí shibhialta agus údaráis phoiblí. Chuige sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár iomaíochas agus inbhuanaitheacht gnólachtaí a áirithiú, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear iad siúd in earnáil na turasóireachta, ach, ina theannta sin, tacú le rialacha cosanta agus sábháilteachta tomhaltóirí chomh maith le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta a fhorfheidhmiú, agus feasacht gnólachtaí agus daoine aonair a ardú trí bhíthin uirlisí, faisnéis agus cúnamh iomchuí, eolas agus inniúlacht a chur ar fáil dóibh chun go bhféadfaidís cinntí eolacha a dhéanamh agus cur lena rannpháirtíocht i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais. Anuas air sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár comhar rialála agus riaracháin a fheabhsú, go háirithe trí bhíthin cláir oiliúna, dea-chleachtais a mhalartú, cur leis an mbonn eolais agus leis an mbonn inniúlachtaí, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as soláthar poiblí straitéiseach. Ba cheart freisin é a bheith mar aidhm ag an gClár cúnamh a thabhairt chun forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin idirnáisiúnta ardcháilíochta a thacaíonn le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme. Áirítear leis seo chomh maith caighdeáin a leagan síos in réimse an tuairiscithe airgeadais agus iniúchóireachta agus, ar an dóigh sin, rannchuidiú le trédhearcacht agus dea-fheidhmiú mhargaí caipitil an Aontais agus cosaint infheisteoirí a fheabhsú. Ina theannta sin, ba cheart don Chlár tacú le déanamh rialacha agus le socrú caighdeáin trí bhíthin an rannpháirtíocht is mó is féidir a áirithiú i measc na ngeallsealbhóirí. Is é is aidhm don Chlár freisin tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais lena soláthraítear leibhéal ard sláinte do dhaoine, ainmhithe agus plandaí ag gach céim den bhiashlabhra agus leas ainmhithe a fheabhsú. [Leasú 8]

(9)  Cuireann margadh inmheánach úrnua atá bunaithe ar phrionsabail na cothroime, na trédhearcachta agus na hiontaoibhe frithpháirtí an iomaíocht chun cinn agus téann sé chun tairbhe do thomhaltóirí, gnólachtaí agus fostaithe. De thoradh úsáid níos fearr a bhaint as an margadh inmheánach do sheirbhísí, ar margadh é a bhíonn de shíor ag forbairt, ba cheart go dtabharfaí cúnamh do ghnólachtaí san Eoraip poist a chruthú agus fás thar theorainneacha, rogha níos leithne seirbhísí a sholáthar ar phraghsanna níos ísle, agus caighdeáin arda a choimeád do thomhaltóirí agus fostaithe. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart don Chlár rannchuidiú le faireachán níos fearr ar fhorbairtí sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear tionchar na forbartha teicneolaíochta nua, sainaithint agus díchur na mbacainní gan údar, idirdhealaitheacha agus díréireacha atá fós ann, agus a áirithiú gur féidir leis an gcreat rialála freastal ar shamhlacha gnó nuálacha nua, lena n-áirítear samhlacha de chuid an gheilleagair chomhoibríoch agus na fiontraíochta sóisialta, agus ardleibhéal cosanta sóisialta, lena n-áirítear d’fhiontraithe, a áirithiú ag an am céanna. [Leasú 9]

(10)  De bhíthin sásraí coiscthe, glacadh rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna, agus, i gcás nach bhfuil rialacha den sórt sin ag an Aontas, trí bhíthin phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, cuireadh deireadh le constaicí rialála roimh tháirgí tionsclaíocha sa mhargadh inmheánach. I réimsí nach ann do reachtaíocht de chuid an Aontais, ciallaíonn prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh go bhfuil an ceart saorghluaiseachta ag earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin agus go bhféadtar iad a dhíol i mBallstát eile, mura rud é go bhfuil forais ag an mBallstát lena mbaineann chun cur i gcoinne mhargú na n-earraí, ar choinníoll nach bhfuil srian den sórt sin neamh-idirdhealaitheach, go bhfuil údar maith leis an srian sin le cuspóirí dlisteanacha leas an phobail, mar a leagtar amach in Airteagal 36 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) nó atá aitheanta le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus go bhfuil sé i gcomhréir leis an aidhm atá á saothrú. Más rud é, áfach, nach ndéantar aitheantas frithpháirteach a chur i bhfeidhm go leormhaith, amhail srianta gan údar nó atá díréireach, is deacra do chuideachtaí rochtain a bheith acu ar mhargaí i mBallstáit eile. D’ainneoin leibhéal ard an chomhtháthaithe margaidh i réimse na n-earraí, fágann sé sin go gcailltear deiseanna sa gheilleagar i gcoitinne. Cabhróidh an t-athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. xxx/ 2018 maidir le hAitheantas Frithpháirteach chun borradh a chur faoi na tairbhí eacnamaíocha sa réimse sin. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an gClár, dá bhrí sin, feabhas a chur ar chur i bhfeidhm an aitheantais fhrithpháirtigh i réimse na n-earraí, lena chumas iomlán a bhaint amach agus le líon na n-earraí neamhdhleathacha agus neamhchomhlíontacha atá ag teacht isteach sa mhargadh a laghdú, trí fheasacht a mhúscailt agus oiliúint spriocdhírithe a chur ar fáil, tacaíocht do Phointí Teagmhála do Tháirgí agus comhar níos fearr i measc údaráis inniúla le haghaidh aitheantas frithpháirteach agus trí fhaireachas margaidh a neartú. [Leasú 10]

(11)  Baineann dúshláin nua ó thaobh rialála agus forfheidhmithe de le timpeallacht na réabhlóide digití atá ag athrú go tapa, i gcás saincheisteanna amhail an cibearshlándáil, cosaint sonraí agus príobháideachas, idirlíon na rudaí nithiúla nó an intleacht shaorga agus caighdeáin eiticiúla ghaolmhara. I gcás díobhála, ní mór rialacha dochta maidir le sábháilteacht táirgí agus soiléireacht maidir le dliteanas, chomh maith le forfheidhmiú docht rialacha a bheith ann chun a áirithiú gur ann do bheartas lena dtugtar an deis do shaoránaigh Eorpacha, tomhaltóirí agus gnólachtaí san áireamh, tairbhiú de na rialacha sin. Ba cheart, mar sin, go rannchuideodh an Clár le córas de chuid an Aontais maidir le dliteanas i leith táirgí a ghlacadh go tapa agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, ar córas é lena gcothaítear an nuálaíocht agus sábháilteacht agus slándáil úsáideoirí á áirithiú ag an am céanna. [Leasú 11]

(12)  Má dhéantar táirgí nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais a chur ar an margadh, gan beann ar cibé acu má chuirtear na táirgí sin ar an margadh ar bhealach traidisiúnta nó bealach leictreonach agus gan beann ar cibé acu má tháirgtear san Aontas iad nó má chuirtear ar an margadh iad ó thríú tíortha, cuirtear saoránaigh agus tomhaltóirí an Aontais i mbaol. Bíonn iomaíocht shaofa ag oibreoirí eacnamaíocha a dhíolann táirgí atá comhlíontach óna siúd nach gcomhlíonann na rialacha de bharr easpa eolais nó d’aon ghnó chun buntáiste iomaíoch a fháil. Is minic nach gcuirtear dóthain airgid ar fáil d’údaráis faireachais margaidh agus go gcuirtear srian leo i ngeall ar theorainneacha náisiúnta ach, san am céanna, go mbíonn fiontraithe ag trádáil ar leibhéal an Aontais nó, go deimhin féin, ar an leibhéal domhanda. Ó thaobh na ríomhthráchtála de, go háirithe, is rí-dheacair do na húdaráis faireachais margaidh rianú a dhéanamh ar earraí neamh-chomhlíontacha a allmhairítear ó thríú tíortha agus an t-eintiteas atá freagrach astu laistigh dá ndlínse a shainaithint nó measúnuithe riosca nó tástálacha sábháilteachta a dhéanamh cheal rochtain fhisiceach ar tháirgí. Ba cheart don Chlár féachaint le comhlíonadh táirgí a neartú trí bhíthin faireachas margaidh a neartú, rialacha soiléire, trédhearcacha agus cuimsitheacha a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha, feasacht faoi rialacha an Aontais is infheidhme maidir le sábháilteacht táirgí a mhúscailt, seiceálacha comhlíontachta a ghéarú, lena n-áirítear trí sheiceálacha a úsáid ar bhonn sistéimeach ar shamplaí de tháirgí atá in ionannas le céatadáin shuntasacha de gach cineál táirge a chuirtear ar an margadh agus trí shiopadóireacht rúnda faoi chúram údarás um fhaireachas margaidh agus, chomh maith leis sin, trí chomhar trasteorann níos dlúithe idir na húdaráis forfheidhmiúcháin a chur chun cinn. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an Clár ina chuidiú chun an creat atá ann faoi láthair maidir le gníomhaíochtaí faireachais margaidh a chomhdhlúthú, gníomhaíochtaí comhpháirteacha ag údaráis faireachais margaidh ó Bhallstáit éagsúla a spreagadh, malartú faisnéise a fheabhsú agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh a chóineasú agus a chomhtháthú ar bhealach níos dlúithe a chur chun cinn, go háirithe trína áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go docht na ceanglais nua a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) chun díol táirgí neamhchomhlíontacha le saoránaigh Eorpacha a sheachaint. Sa chaoi sin, ba cheart go ndéanfadh an Clár acmhainneacht na n-údarás faireachais margaidh ar fud an Aontais a neartú agus ba cheart go rannchuideodh sé le haonchineálacht níos fearr idir na Ballstáit, a bhaineann an leas céanna as an Margadh Inmheánach i dtaobh rathúnas eacnamaíoch agus fás inbhuanaithe de, agus ag an am céanna aghaidh a thabhairt ar a riachtanais shonracha ar bhealach saincheaptha. [Leasú 12]

(13)  Ábhar imní don phobal ar fad is ea an tsábháilteacht táirgí. Fíoraíonn na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta an gcomhlíonann táirgí na ceanglais sábháilteachta sula gcuirtear na táirgí sin ar an margadh. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, go mbeadh na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta iontaofa agus inniúil. Chuir an tAontas ar bun córas creidiúnaithe do chomhlachtaí measúnaithe comhréireachta, lena bhfíoraítear go bhfuil siad inniúil, neamhchlaonta agus neamhspleách. Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 765/2008(8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, áfach, a chur chun feidhme ar a lán bealaí éagsúla ar an leibhéal náisiúnta. Baineann na héagsúlachtaí sin le dáileadh na n-inniúlachtaí idir údaráis faireachais margaidh agus sásraí comhordaithe inmheánacha ar an leibhéal náisiúnta, leibhéal na n-acmhainní airgeadais imscartha atá tiomnaithe d’fhaireachas margaidh, straitéisí agus cur chuigí faireachais margaidh, chomh maith leis na cumhachtaí maidir le táirgí neamhchomhlíontacha agus leibhéal na bpionós ar sháruithe, as a n-eascraíonn forfheidhmiú ilroinnte i ndáil le reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais. Tá faireachas margaidh níos déine i roinnt Ballstát ná mar a bhíonn i mBallstáit eile tar éis eascairt as an ilroinnt sin, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chumhacht dhíspreagtha na reachtaíochta, a chruthóidh éagothroime iomaíochta i measc gnólachtaí i roinnt Ballstát agus a bheidh mar thoradh air míchothromaíocht i leibhéal shábháilteacht na dtáirgí san Aontas. Is é an dúshlán is mó atá ann anois ná an córas creidiúnaithe a choimeád bord ar bhord leis an teicneolaíocht is úrnua agus deimhin a dhéanamh de go gcuirtear i bhfeidhm é leis an dúthracht chéanna ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár tacú le bearta chun a áirithiú go leanann comhlachtaí measúnaithe comhréireachta de cheanglais rialála a chomhlíonadh, go háirithe trí úsáid a bhaint as measúnú tríú páirtí chun nósanna imeachta neamhchlaonta agus neamhspleácha a fhorbairt, agus chun an córas creidiúnúcháin Eorpach a fheabhsú, go háirithe i réimsí nua beartais, trí thacaíocht a thabhairt don aonfhoirmeacht i dtaobh seiceálacha agus pionóis, chomh maith leis an gComhar Eorpach um Chreidiúnú (EA) dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. [Leasú 13]

(14)  D'fhéadfadh forbairt na ríomhthráchtála saincheisteanna áirithe maidir le cosaint shláinte agus shábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh ar tháirgí neamhchomhlíontacha a ardú. De bhrí nach ann do theorainneacha i gcás margaí tomhaltóirí mar thoradh ar an bhforbairt atá tar éis teacht ar sheirbhísí trádála agus taistil ar líne, tá sé tábhachtach a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí atá ag cur fúthu san Aontas tairbhiú de chosaint leordhóthanach choibhéiseach agus ag allmhairiú earraí agus seirbhísí ó oibreoirí eacnamaíocha atá lonnaithe i dtríú tíortha. Ar an ábhar sin, ba cheart leis an gClár bonn taca a chur faoin gcomhar le comhlachtaí ábhartha atá lonnaithe i dtríú tíortha ar comhpháirtithe trádála tábhachtacha de chuid an Aontais iad, i gcás inar gá, a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise maidir le táirgí neamhchomhlíontacha, maidir ar fhorbairtí eolaíocha le déanaí agus teicneolaíochtaí nua, maidir le rioscaí atá ag teacht chun cinn agus maidir le gnéithe eile a bhaineann le gníomhaíochtaí rialaithe. [Leasú 14]

(15)  Baineann údaráis phoiblí úsáid as soláthar poiblí chun luach ar airgead poiblí a chaitear a áirithiú agus chun tacú le margadh inmheánach atá níos nuálaí, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos iomaíche, lena n-áirítear, sa chás go bhfuil sé sin i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, trí chritéir eile seachas an praghas is ísle nó éifeachtúlacht costais a chur i bhfeidhm, ag cur san áireamh, i measc nithe eile, gnéithe cáilíochtúla, comhshaoil, trádála córa agus sóisialta agus trí éascú a dhéanamh ar thairiscintí a roinnt ina luchtóga i gcomhair bonneagar mór. Le Treoracha 2014/23/AE(9),  2014/24/AE(10) agus 2014/25/AE(11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirtear ar fáil an creat dlíthiúil maidir le comhtháthú agus feidhmiú éifeachtach na margaí soláthair phoiblí arb iad 14 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais iad, rud a théann chun sochair d’údaráis phoiblí, gnólachtaí agus saoránaigh, lena n-áirítear tomhaltóirí. Is uirlis ríthábhachtach iad rialacha soláthair phoiblí arna gcur chun feidhme i gceart chun an margadh aonair a neartú agus chun borradh a chur faoi fhás cuideachtaí san Aontas agus faoi phoist san Aontas. Leis an gClár, mar sin, ba cheart tacú le bearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbainfí úsáid níos leithne as soláthar poiblí straitéiseach, go ndéanfaí ceannaitheoirí poiblí a ghairmiúlú, go n-éascófaí agus go bhfeabhsófaí rochtain do FBManna agus micrifhiontair ar mhargaí soláthair, go háirithe trí sheirbhísí comhairleacha agus oiliúint, go gcuirfí le trédhearcacht, sláine agus sonraí feabhsaithe, go spreagfaí claochlú digiteach an tsoláthair phoiblí agus cur chun cinn an tsoláthair chomhpháirtigh trí chur chuige comhpháirtíochta leis na Ballstáit a neartú, go bhfeabhsófaí an chaoi a ndéantar sonraí a bhailiú agus a anailísiú trí uirlisí tiomnaithe TF a fhorbairt, go dtacófaí le malartú taithí agus dea-chleachtas, go ndéanfaí tagairt do chaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, go gcuirfí treoir ar fáil, go ndéanfaí comhaontuithe trádála tairbhiúla a shaothrú, go neartófaí comhar idir údaráis náisiúnta agus go seolfaí treoirthionscadail. [Leasú 15]

(16)  Chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach agus chun an saol a éascú do shaoránaigh agus gnólachtaí, ní mór seirbhísí poiblí ardcháilíochta atá dírithe ar an úsáideoir, agus iad dírithe níos mó agus níos mó ar chur chuige digiteach agus a bhfuil rochtain iomlán orthu, a chur ar bun agus caithfear borradh breise a chur faoi iarrachtaí ríomh-riaracháin agus ríomh-rialtais fad agus a dhéantar cosaint sonraí agus príobháideachas iomchuí á áirithiú. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh riaracháin phoiblí tosú ar a bheith ag obair i mbealaí nua, níos nuálaí, chun fáil réidh leis na bacainní idir codanna difriúla dá seirbhísí riaracháin, agus tabhairt faoi na seirbhísí poiblí sin a chruthú go comhpháirteach i gcomhar le saoránaigh agus gnólachtaí. Thairis sin, i ngeall ar an méadú leanúnach agus rialta ar ghníomhaíochtaí trasteorann sa mhargadh inmheánach, is gá go mbeadh faisnéis chothrom le dáta, bheacht agus atá éasca le tuiscint ar fáil faoi chearta gnólachtaí agus saoránaigh mar aon le faisnéis lena mínítear foirmiúlachtaí riaracháin, chomh maith leis na foirmiúlachtaí sin a shimpliú. Sa bhreis air sin, is den riachtanas é comhairle dlí a chur ar fáil agus a bheith ina chuidiú chun fadhbanna a bhíonn ann ar leibhéal trasnáisiúnta a réiteach. Chomh maith leis sin, ní mór údaráis riaracháin náisiúnta a nascadh ar bhealach simplí agus éifeachtúil, ag tacú le húdaráis phoiblí chun na cuspóirí sin a bhaint amach, chomh maith le meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an margadh inmheánach ar an láthair. Tá ról tábhachtach cheana ag na huirlisí atá ann cheana chun rialachas a dhéanamh ar an margadh inmheánach i ndáil le gnóthú na gcuspóirí sin a éascú. Chuige sin, agus chun coinneáil bord ar bhord le forbairtí i dtaca le teicneolaíocht agus forbairtí sa mhargadh, chomh maith le dúshláin nua rialála agus forfheidhmithe, ba cheart don Chlár tacú le feabhas a chur ar cháilíocht, infheictheacht agus trédhearcacht agus iontaofacht na n-uirlisí chun rialachas a dhéanamh ar an margadh inmheánach. Mar sin, ba cheart don Chlár tacú leis na huirlisí atá ann cheana, i measc cinn eile, chun rialachas a dhéanamh ar an margadh inmheánach: an tairseach An Eoraip Agatsa, rud ba cheart a bheith ina bunsraith den Tairseach Aonair Dhigiteach atá ar na bacáin, An Eoraip Agatsa – Comhairle, an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT), Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh chun saol laethúil na saoránach agus cumas gnólachtaí trádáil thar theorainneacha a fheabhsú. [Leasú 16]

(17)  Leis an gClár, ba cheart tacú le creat rialála de chuid an Aontais a fhorbairt sa réimse maidir le dlí na gcuideachtaí agus i réimse an rialachais chorparáidigh, mar aon le dlí na gconarthaí, d’fhonn gnólachtaí, go háirithe FBManna, a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos iomaíche agus, san am céanna, cosaint a chur ar fáil do gheallsealbhóirí a ndéanann oibríochtaí cuideachta difear dóibh, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn ar cheart do bheartas dul i ngleic leo. Leis an gClár, ba cheart a áirithiú freisin go ndéanfaí meastóireacht iomchuí ar an acquis ábhartha, agus go ndéanfaí é a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach iomchuí, go gcuirfí geallsealbhóirí ar an eolas agus go gcuideofaí leo, agus go gcuirfí malartú faisnéise chun cinn sa réimse. Ba cheart leis an gClár tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na tionscnaimh ón gCoimisiún chun tacú le creat dlíthiúil soiléir agus oiriúnaithe maidir leis an ngeilleagar sonraíbhunaithe agus an nuálaíocht. Is gá na tionscnaimh sin chun cur leis an deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an dlí conarthach agus an dlí seach-chonarthach, go háirithe maidir le dliteanas agus eitic ó thaobh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail idirlíon na rudaí nithiúla, an intleacht shaorga, an róbataic agus priontáil 3T. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár spreagadh a thabhairt chun gnólachtaí sonraíthreallúsaithe a fhorbairt, agus ardleibhéal cosanta príobháideachais á áirithiú ag an am céanna, óir go mbeidh na gnólachtaí sin ríthábhachtach má tá geilleagar an Aontais le dul i ngleic leis an iomaíocht dhomhanda. [Leasú 17]

(18)  Leis an gClár freisin, ba cheart do na Ballstáit creat dlíthiúil an Aontais maidir leis an bhfrithsciúradh airgid agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm i gceart agus ina iomláine agus ba cheart beartais don todhchaí a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua san earnáil. Ina theannta sin, ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí ábhartha eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil leas Eorpach acu, amhail an Coiste saineolaithe maidir le meastóireacht a dhéanamh ar bhearta frithsciúrtha airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta de chuid Chomhairle na hEorpa.

(19)  Tá cur chun feidhme agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh i réimse na seirbhísí airgeadais, na cobhsaíochta airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil, lena n‑áirítear maoiniú inbhuanaithe, ag brath go mór ar bhearta beartais fianaisebhunaithe a dhéanann an tAontas Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart ról gníomhach a bheith ag an gCoimisiún i bhfaireachán síoraí a dhéanamh ar na margaí airgeadais agus ar an gcobhsaíocht airgeadais, measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais ag na Ballstáit, an reachtaíocht atá ann faoi láthair a mheas le feiceáil an bhfuil sé oiriúnach don fheidhm atá léi, réimsí gníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint ina dtagann rioscaí nua chun cinn agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a áirithiú le linn an timthrialla beartais. Is ar anailísí, staidéir, ábhair oiliúna, suirbhéanna, measúnuithe comhréireachta, meastóireachtaí agus staidreamh a tháirgeadh a bhraitheann na gníomhaíochtaí sin agus tacaítear leo trí bhíthin córais teicneolaíochta faisnéise agus uirlisí cumarsáide.

(20)  Ós rud é go bhfuil san áireamh sa CFAE córas rialacha chun a áirithiú nach saobhtar iomaíocht sa mhargadh inmheánach, ba cheart don Chlár rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt do bheartas iomaíochta an Aontais, tríd an comhar leis an nGréasán Eorpach Iomaíochta agus le húdaráis náisiúnta agus cúirteanna náisiúnta a fheabhsú agus a threisiú, lena n-áirítear trí bhíthin an comhar idirnáisiúnta a neartú chomh maith le cearta, tairbhí agus oibleagáidí bheartas iomaíochta an Aontais a chur in iúl agus a mhíniú. Go háirithe, ba cheart don Chlár cabhrú leis an gCoimisiún chun feabhas a chur ar a anailís agus a mheasúnú ar fhorbairtí sa mhargadh, mar aon le húsáid fhorleathan fiosrúchán earnála agus trí thorthaí agus dea-chleachtais a chomhroinnt go córasach laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta. Ba cheart go rannchuideoidh sé sin le hiomaíocht chothrom agus dálaí iomaíochta cothroma a áirithiú, ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin, agus gnólachtaí, go háirithe FBManna, agus tomhaltóirí a chumhachtú chun tairbhe a bhaint as an Margadh Aonair.. [Leasú 18]

(21)  Leis an gClár, is gá, go háirithe, dul i ngleic leis na himpleachtaí radacacha atá ann don iomaíocht agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh de thoradh an chlaochlaithe leanúnaigh ar an ngeilleagar agus ar thimpeallacht an ghnó, go háirithe a bhuí leis an bhfás easpónantúil ar shonraí agus ar an úsáid a bhaintear astu, ag cur san áireamh go bhfuil an úsáid a bhaineann cuideachtaí agus a gcomhairleoirí as intleacht shaorga, mórshonraí agus algartaim mar aon le huirlisí agus saineolas TF eile ag méadú. Is den riachtanas é freisin go dtacóidh an Clár le líonraí agus rannpháirtíocht níos leithne agus níos doimhne le húdaráis agus cúirteanna na mBallstát, ag cur san áireamh go mbraitheann an iomaíocht gan saobhadh agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh go mór ar ghníomhaíocht ó na heintitis sin. I bhfianaise an róil ar leith atá ag an mbeartas iomaíochta chun cosc a chur le díobháil don mhargadh inmheánach de thoradh iompar frithiomaíoch lasmuigh den Aontas, ba cheart don Chlár tacaíocht a thabhairt do chomhar le húdaráis tríú tíortha de réir mar is iomchuí. Ar deireadh, ní mór cur le gníomhaíochta cumarsáide chun gur féidir le tuilleadh saoránach agus gnólachtaí tairbhe iomlán a bhaint as iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach. Go háirithe, is gá a léiriú cad iad na sochair nithiúla a bhaineann le beartas iomaíochta an Aontais do shaoránaigh na hEorpa trína dhul i dteagmháil le grúpaí de chuid na sochaí sibhialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha a ndéanann sé difear dóibh go díreach. Toisc gur tionscnaimh nua iad cuid de na tionscnaimh atá sa Chlár agus toisc go háirithe go ndéanann forbairtí dinimiciúla agus tapa ar choinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach difear don chuid sin den Chlár a bhaineann leis an iomaíocht, go sonrach forbairtí i dtaca le forbairtí digiteacha, an intleacht shaorga, algartaim, mórshonraí, an chibearshlándáil agus an teicneolaíocht fóiréinsice, ar deacair a luas agus a mhéid a mheas, meastar go mbeidh solúbthacht ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais nua a thagann chun cinn faoin gcuid sin den Chlár. [Leasú 19]

(22)  Tá sé ríthábhachtach iomaíochas agus inbhuanaitheacht na bhfiontar Eorpach a neartú agus, san am céanna, cothrom iomaíochta éifeachtach agus margadh inmheánach atá oscailte agus iomaíoch a áirithiú. Is iad FBManna bunchloch an gheilleagair Eorpaigh a chomhdhéanann 99 % de na gnólachtaí uile san Eoraip, a sholáthraíonn dhá thrian de phoist, agus a rannchuidíonn go mór le poist d’ardchaighdeán cáilíochta i ngach earnáil a chruthú a bhfuil gné réigiúnach agus áitiúil ag baint leo, agus dá bharr sin, comhtháthú sóisialta. Tá ról lárnach ag FBManna maidir leis an aistriú fuinnimh a shaothrú agus maidir le rannchuidiú le baint amach chuspóirí aeráide an Aontais, ar cuspóirí iad a tháinig as Comhaontú Pháras. Leis an gClár, dá bhrí sin, ba cheart cur lena n-acmhainneacht táirgí agus seirbhísí atá ar ardcháilíocht agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt agus tacú lena n-iarrachtaí éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh’. Sa chaoi sin, rannchuidíonn an Clár freisin le hiomaíochas FBManna an Aontais ar an margadh domhanda a fheabhsú. [Leasú 20]

(23)  Bíonn ag FBManna dúshláin chomónta nach ndéanann a oiread céanna difir do ghnólachtaí móra chun maoiniú a fháil, teacht ar oibrithe oilte, an t‑ualach riaracháin a laghdú, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a chur á n‑úsáid, rochtain a fhail ar mhargaí agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnaithe a chothú. Leis an gClár, ba cheart aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh den sórt sin ar bhealach comhréireach ach, san am céanna, gan an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh go míchuí. Leis an gClár, ba cheart dálaí iomchuí a chruthú go háirithe chun nuálaíocht teicneolaíochta agus eagraíochtúla a thabhairt isteach sa phróiseas táirgthe, agus aird á tabhairt ar cineálacha sonracha FBManna amhail micrifhiontair, fiontair atá i mbun gníomhaíochtaí ceirde, duine féinfhostaithe, na saorghairmeacha beatha agus fiontair sa gheilleagar sóisialta. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar fhiontraithe nua, ar fhiontraithe óga agus ar bhanfhiontraithe a d'fhéadfadh a bheith ann, agus ar spriocghrúpaí sonracha eile, amhail daoine scothaosta, imircigh agus fiontraithe a thagann as grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta nó as grúpaí leochaileacha amhail daoine faoi mhíchumas. [Leasú 21]

(23a)  Leis an gclár, ba cheart tacú le cultúr nuálaíochta agus é a chur chun cinn, agus éiceachóras á fhorbairt ar féidir leis gnólachtaí nuathionscanta a spreagadh agus a bhfás a chothú, agus aird á díriú ar mhicrifhiontair agus ar FBManna nuálacha atá in ann dul i ngleic leis an dúshláin a bhaineann le timpeallacht atá ag éirí níos iomaíche agus atá ag athrú go gasta. Le próisis nua nuálaíochta atá nua ó bhonn, bíonn gá le samhail nuálaíochta oscailte lena gcuirtear le taighde chomhoibríoch agus le comhroinnt eolais agus maoine intleachtúla idir eagraíochtaí éagsúla. Leis an gClár, ba cheart, dá réir sin, iarracht a dhéanamh tacú leis an bpróiseas nuálaíochta trí shamhlacha comhoibríocha nua gnó a ionchorprú, agus aird á díriú ar eolas agus acmhainní a chomhroinnt laistigh de phobail idireagraíochta. [Leasú 22]

(23b)  Leis an gClár, ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhealach comhréireach ar theipeanna margaidh den sórt sin, agus aird ar leith á tabhairt ar ghníomhaíochtaí atá go díreach chun tairbhe do FBManna agus do líonraí fiontair agus, ag an am céanna, gan saobhadh á dhéanamh go míchuí ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach. [Leasú 23]

(24)  Baineann cuid mhór d’fhadhbanna iomaíochais an Aontais le deacrachtaí FBManna maidir le teacht ar mhaoiniú toisc go mbíonn faisnéis in easnamh acu, go mbíonn sé crua orthu a n-acmhainneacht creidmheasa a thaispeáint agus toisc nach mbíonn dóthain comhthaobhachta acu nó go simplí mar gheall ar leibhéal íseal feasachta maidir leis an sásra atá ann cheana chun tacú lena ngníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil. Tagann dúshláin bhreise mhaoinithe as méid bheag na micrifhiontar agus as an ngá atá ag FBManna le bheith iomaíoch trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí digitithe, cuir i gcás, gníomhaíochtaí idirnáisiúnaithe agus gníomhaíochtaí nuálacha agus trí oiliúint bhreise a chur ar a gcuid oibrithe. De thoradh rochtain theoranta ar mhaoiniú, imrítear tionchar diúltach ar chruthú gnólachtaí, ar a bhforbairt agus ar a rátaí marthanais agus, lena chois sin, ar ullmhacht fiontraithe nua dul i mbun cuideachtaí inmharthana i gcomhthéacs comharbas gnó. [Leasú 24]

(25)  Chun na teipeanna margaidh sin a shárú agus chun a áirithiú go leanann FBManna de bheith ag gníomhú mar bhunchloch don iomaíochas i ngeilleagair an Aontais, agus mar údar spreagtha i gcomhair geilleagair inbhuanaithe, ní mór tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide trí bhíthin ionstraimí fiachais agus cothromais a bhunófar faoi réir na gné sin den chiste InvestEU arna bhunú le Rialachán [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle(12). Tá sé cruthaithe go bhfuil breisluach ag baint leis an tsaoráid ráthaíochta iasachta a cuireadh i bhfeidhm faoi Chlár COSME, mar a bhí, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) agus meastar go n-imreoidh sé tionchar dearfach ar 500 000 FBM ar a laghad; faoi réir na gné sin den chiste InvestEU a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide, cuirfear ar bun comharba ar an tsaoráid sin. Ba cheart aird níos mó a thabhairt ar chumarsáid níos fearr agus ar fheachtais phoiblí níos fearr chun feasacht a mhéadú maidir leis na tairbhithe a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an gClár a bheith ar fáil do FBManna. Chun feasacht a ardú maidir le gníomhaíochtaí an Aontais lena dtacaítear le FBManna, ba cheart an suaitheantas Eorpach (bratach), in éineacht le habairt ag tabhairt aitheantais don tacaíocht a fuair an Clár sin, a ionchorprú i ngníomhaíochtaí arna gcistiú go páirteach nó go hiomlán ag an gClár sin. [Leasú 25]

(26)  Ina theannta sin, déanfar cuspóirí beartais an Chláir a shaothrú le hionstraimí airgeadais agus le ráthaíocht bhuiséadach faoi réir na gné sin den chiste InvestEU a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide. Ba cheart pointe lárnach uileghabhálach a bheith ag an ngné de Chiste InvestEU a bhaineann le FBManna, ar pointe é lena ndéanfaí faisnéis faoin gClár a chur ar fáil i ngach Ballstát chun méadú a dhéanamh ar rochtain agus feasacht maidir leis na cistí do FBManna. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid, ar bhealach comhréireach, chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus níor cheart, de thoradh gníomhaíochtaí, go ndéanfaí maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú amach nó níor cheart go ndéanfaí an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach, agus ba cheart a chur ar fáil go soiléir léi breisíocht agus feabhsú ar shineirgíochtaí le cláir Eorpacha eile. Ba cheart a léiriú go soiléir go bhfuil breisluach Eorpach ag gabháil leis na gníomhaíochtaí. [Leasú 26]

(26a)  Níor cheart do na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chiste InvestEU trí urrann an Aontais nó trí na Ballstáit cistiúchán poiblí a dhúbláil ná dul ina ionad, ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh, ach, agus na scéimeanna ráthaíochta áitiúla poiblí agus príobháideacha atá ag oibriú cheana á gcur san áireamh, ba cheart dóibh a gcomhtháthú leis scéimeanna den sórt sin a éascú, agus an cuspóir sáraitheach a bheith leis sin na tairbhí iarbhír d’fhaighteoirí deiridh (ar FBManna iad de réir bhrí Moladh 2003/361/CE) ón gCoimisiún(14) a fheabhsú agus a leathnú chun fíorbhreisíocht na mbeart a bhaint amach. [Leasú 27]

(26b)  Mar aon le rochtain ar mhaoiniú, tá rochtain ar scileanna ríthábhachtach freisin, lena n-áirítear scileanna agus eolas bainistíochta, ar nithe ríthábhachtacha iad do FBManna maidir le rochtain a bheith acu ar chistí atá ann cheana, nuálaíocht a dhéanamh, a bheith ag iomaíocht agus a bheith ag fás. Dá bhrí sin, in éineacht le hionstraimí airgeadais a sholáthar mar atá beartaithe faoi Chiste InvestEU, ba cheart scéimeanna iomchuí meantóireachta agus cóitseála a fhorbairt agus seirbhísí eolasbhunaithe gnó a sholáthar. [Leasú 28]

(27)  Leis an gClár, ba cheart go gcuirfí bonn taca éifeachtach faoi FBManna le linn a saolré, rud lena dtabharfaí cúnamh lena gcumhdófaí ullmhú tionscadail go tráchtálú agus rochtain ar an margadh, agus lena spreagfaí cruthú líonraí fiontraíochta. Ba cheart go gcuirfeadh sé leis an eolas agus leis an saineolas atá forbartha i dtaobh FBManna agus earnálacha eacnamaíocha agus fiontraíocha agus leis an taithí sheanbhunaithe ó bheith ag obair le páirtithe leasmhara Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha. Ba cheart go gcuirfeadh an tacaíocht sin leis an taithí a fuarthas ón Líonra Fiontar Eorpach a bheith ina ionad ilfhreastail chun iomaíochas FBManna a fheabhsú agus a ngnó a fhorbairt laistigh den margadh aonair agus lasmuigh de. Tá rún ag an Líonra leanúint de bheith ag soláthar seirbhísí thar ceann cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe an clár Fís 2020, trí bhíthin acmhainní airgeadais na gclár sin. Ba cheart dó freisin tacú le rannpháirtíocht fheabhsaithe ag eagraíochtaí ionadaithe FBManna i dtaobh tionscnamh a fhorbairt maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair, amhail soláthar poiblí, nós imeachta caighdeánaithe agus córais mhaoine intleachta. Ba cheart don Líonra freisin líon na ngníomhaíochtaí a mhéadú, rud a chuirfeadh comhairle níos spriocdhírithe ar fáil do FBManna maidir le cláir a dhréachtú agus tacú le líonrú agus le haistriú teicneolaíochta agus eagraíochta. Ba cheart don Líonra freisin feabhas a chur ar mhoil Chomhairleacha eile arna mbunú sa chlár Digiteach agus i gCiste InvestEU maidir le rochtain ar mhaoiniúchán. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm freisin le gníomhaíochtaí FBManna sa Líonra seirbhísí ardcháilíochta a sholáthar ar fud na hEorpa, agus aird ar leith á tabhairt ar réimsí gníomhaíochtaí agus ar cheantair gheografacha den Aontas nach bhfuil na torthaí a bhfuiltear ag súil leo á mbaint amach ag na Líonraí agus na páirtithe leasmhara idirghabhála iontu. Lena chois sin, ba cheart go leanfaí den scéim meantóireachta rathúil d’fhiontraithe nua - Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga - chun gur féidir le fiontraithe nua nó daoine a dteastaíonn uathu a bheith ina bhfiontraithe taithí ghnó agus bhainistíochta a fháil trí iad a mheaitseáil le fiontraithe seanchleachta ó thír eile agus, ar an dóigh sin, cuidiú leo a gcumas fiontraíochta a neartú. Ba cheart don Chlár a chumhdach geografach a mhéadú agus a leathnú agus, ar an dóigh sin, raon níos leithne féidearthachtaí meaitseála a thairiscint d’fhiontraithe i gcomhlántacht le tionscnaimh eile de chuid an Aontais i gcás inarb ábhartha. Chun méadú a dhéanamh ar an luach breise a thagann as tionscnaimh fiontraíochta a chur chun cinn, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhicrifhiontair agus orthu sin is lú a bhfuil tairbhe bainte acu as an gclár atá ann cheana, agus i gcás ina bhfuil cultúr an fhiontair fós ar leibhéal an-bhunúsach agus a bhfuil tuilleadh bacainní roimhe. Ba cheart gach iarracht a dhéanamh chun leithdháileadh na gcistí atá réasúnta cothrom ó thaobh geografaíochta de a bhaint amach. [Leasú 29]

(27a)  Ba cheart iarracht níos mó a dhéanamh an t-ualach riaracháin a laghdú agus inrochtaineacht na gclár a mhéadú chun laghdú a dhéanamh ar na costais FBManna agus micrifhiontair mar gheall ar phróiseas casta iarratais agus ceanglais chasta rannpháirtíochta. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh freisin ar phointe aonair faisnéise a bhunú do ghnóthais ar spéis leo úsáid a bhaint as cistí an Aontais atá ag feidhmiú mar ionad ilfhreastail. Ba cheart go mbeadh an nós imeachta meastóireachta chomh simplí agus chomh tapa agus is féidir chun go bhféadfar úsáid thráthúil a bhaint as na tairbhí a chuirtear ar fáil leis an gClár. [Leasú 30]

(28)  Is uirlis straitéiseach é braislí fiontar a chur ar bun chun tacú le hiomaíochas FBManna agus chun iad a chur ag gníomhú ar scála níos leithne óir cruthaítear leo timpeallacht atá fabhrach don ghnó, déanann siad méadú ar fhorbairt inbhuanaithe tionscail agus seirbhísí agus déanann siad fás eacnamaíoch na réigiún a neartú trí phoist ardcháilíochta a chruthú. Ba cheart do thionscnaimh chomhpháirteacha le haghaidh braislí fiontar mais chriticiúil a bhaint amach chun dlús a chur le fás FBManna. De thoradh éiceachórais speisialaithe a nascadh, cruthaítear le braislí fiontar deiseanna nua gnó do FBManna agus déantar iad a chomhtháthú ar dhóigh níos fearr i slabhraí luacha straitéiseacha ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal domhanda. Trí thacaíocht ón ardán comhair do bhraislí fiontar Eorpacha, ba cheart tacú le straitéisí comhpháirtíochta trasnáisiúnta a fhorbairt agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun feidhme. Ba cheart comhpháirtíocht inbhuanaithe a spreagadh trí leanúint de mhaoiniú a chur ar fáil má bhaintear amach spriocanna feidhmíochta agus rannpháirtíochta. Le haghaidh na nithe seo a leanas, ba cheart tacaíocht dhíreach do FBManna a threorú trí eagraíochtaí de bhraislí fiontar: glacadh ardteicneolaíochtaí, samhlacha nua gnó, réitigh, cruthaitheacht agus dearadh, seisiúin oiliúna, daoine inniúla a mhealladh, dlús a chur leis an bhfiontraíocht, agus an t-idirnáisiúnú. Gníomhaithe ar speisialtóirí iad i dtacaíocht a chur ar fáil do FBManna, ba cheart iad a bheith rannpháirteach san athrú tionsclaíoch a éascú agus in straitéisí um speisialtóireacht chliste a chur chun feidhme. Ar an dóigh sin, ba cheart don Chlár rannchuidiú le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus naisc a chruthú le moil nuálaíochta (digití) agus infheistíochtaí an Aontais arna gcur ar bun faoi réir an Bheartais Comhtháthaithe agus an chláir Fís na hEorpa. Chomh maith leis sin, is féidir sineirgíochtaí le clár Erasmus a fhiosrú. [Leasú 31]

(28a)  D’fhéadfadh an Clár cuidiú le cur leis an gcaidreamh idir micrifhiontair agus FBManna agus ollscoileanna, lárionaid taighde agus institiúidí eile atá rannpháirteach i dtáirgeadh agus scaipeadh eolais. D’fhéadfadh an caidreamh sin feabhas a chur ar chumas gnólachtaí maidir le dul i ngleic leis na dúshláin straitéiseacha a bhaineann leis an gcomhthéacs nua idirnáisiúnta. [Leasú 32]

(28b)  Mar gheall ar iad a bheith beag, bíonn constaicí sonracha ar fhás roimh FBManna agus bíonn deacrachtaí móra acu maidir le bheith ag fás agus méadú a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí gnó. Bhí an tAontas ag tabhairt tacaíochta chun méadú a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí lena ndírítear ar nuálaíocht agus taighde go príomha trí Ionstraim FBM agus tríd an treoirthionscadail a bhí á reáchtáil ag an gComhairle Eorpach Nuálaíochta le déanaí laistigh de chlár Fís 2020. Bunaithe ar mhodhanna oibre agus taithí Ionstraim FMB, ba cheart do Chlár an Mhargaidh Aonair tacaíocht a thabhairt freisin do ghníomhaireachtaí méadaithe ag FBManna a comhlánaíonn an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach nua agus an bhéim shonrach a leagan sí ar nuálaíocht cheannródaíoch faoi chlár Fís na hEorpa. Le gníomhaireachtaí méadaithe do FBManna faoin gclár sin, ba cheart, mar shampla, díriú ar chuidiú le FBManna méadú a dhéanamh trí thráchtálú, idirnáisiúnú agus deiseanna margadhthiomáinte. [Leasú 33]

(29)  Tá an chruthaitheacht agus an nuálaíocht, claochlú teicneolaíochta agus eagraíochta, inbhuanaitheacht fheabhsaithe ó thaobh an phróisis táirgthe, go háirithe éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh, ríthábhachtach ó thaobh iomaíochas shlabhraí luacha tionsclaíocha an Aontais. Spreagann siad nuachóiriú na hearnála gnó agus na hearnála tionsclaíche agus rannchuidíonn siad le fás atá cliste, cuimsitheach agus inbhuanaithe. Mar sin féin, tá FBManna ar gcúl go fóill i dtaca lena n-úsáid. Dá réir sin, ba cheart leis an gClár tacú le gníomhaíochtaí, líonraí agus comhpháirtíochtaí spriocdhírithe ar an nuálaíocht atá bunaithe ar an gcruthaitheacht ag gach céim den slabhra luacha tionsclaíoch. [Leasú 34]

(29a)  Ag aithint gur éirigh go han-mhaith le hIonstraim FBM faoi Chlár Fís 2020 d’fhiontraithe trí dheontais i gcéim 1 agus i gcéim 2 maidir lena smaointe le haghaidh gnólachtaí nua a chur chun cinn agus fréamhshamhalacha a thástáil agus a fhorbairt. Cé go bhfuil an próiseas roghnúcháin an-dian cheana, is iomaí tionscadal maith nach féidir a mhaoiniú mar gheall ar acmhainní airgeadais teoranta. Bhí an cur chun feidhme faoi chreat na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (EASME) ag feidhmiú go han-éifeachtúil. Cé go ndírítear ar thionscadail ardteicneolaíochta leis an gclár sin, ba cheart don Chlár sin an mhodheolaíocht a leathnú chuig aon chineál FMB méadaithe. [Leasú 35]

(29b)  Le gníomhaíochtaí FBManna, ba cheart díriú freisin ar earnálacha a mbíonn fás suntasach, acmhainneacht shóisialta agus cion ard FBManna ina saintréithe acu. Is earnáil ar leith de Gheilleagar an Aontas í an turasóireacht, earnáil a rannchuidíonn go suntasach le OTI an Aontais agus atá á reáchtáil go príomha ag FBManna. Ba cheart don Aontas leanúint de ghníomhaíochtaí a thacaíonn le sainiúlachtaí na hearnála sin, agus na gníomhaíochtaí sin a mhéadú. [Leasú 36]

(30)  Tá ról tábhachtach ag caighdeáin Eorpacha sa mhargadh inmheánach. Tá siad ríthábhachtach ó thaobh a iomaíche atá gnóthais, go háirithe FBManna. Is den riachtanas iad chun bonn taca a chur faoi reachtaíocht agus beartais an Aontais i roinnt réimsí tábhachtacha, amhail an t-aistriú fuinnimh, an t-athrú aeráide agus cosaint chomhshaoil, teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, úsáid inbhuanaithe agus athchúrsáil acmhainní, an nuálaíocht, sábháilteacht táirgí, cosaint tomhaltóirí, sábháilteacht agus dálaí oibre oibrithe, agus aosú an daonra agus, ar an dóigh sin, tairbhe a dhéanamh don tsochaí i gcoitinne. Is léir ón taithí a fuarthas, áfach, gur gá luas agus tráthúlacht leagan amach na gcaighdeán a fheabhsú agus gur gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun gach páirtí ábhartha leasmhar, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar thomhaltóirí, a bheith páirteach ar bhealach níos fearr. [Leasú 37]

(31)  Rialaítear gníomhaíochtaí caighdeánaithe Eorpacha le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) agus cuirtear chun feidhme na gníomhaíochtaí sin trí bhíthin comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí sheanbhunaithe, rud atá fíorthábhachtach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán sin, agus i mbeartais ghinearálta agus beartais earnálacha de chuid an Aontais i dtaca le caighdeánú, a bhaint amach

(32)  Tá creat coiteann tuairiscithe airgeadais a fheidhmíonn go cuí ríthábhachtach don mhargadh inmheánach, d’fheidhmiú éifeachtach na margaí caipitil airgeadais agus chun margadh comhtháite a thabhairt i gcrích do sheirbhísí airgeadais i gcomhthéacs Aontais Bhaincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil. [Leasú 38]

(33)  I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16), níor cheart Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) arna nglacadh ag Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta, agus léirmhínithe lena mbaineann ó Choiste Léirmhíniúcháin na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, níor cheart iad a ionchorprú i ndlí an Aontais chun a bheith curtha i bhfeidhm ag comhlachtaí le hurrúis atá liostaithe ar mhargadh rialaithe san Aontas, ach amháin má chomhlíonann IFRS na critéir a leagtar amach sa Rialachán sin, lena n‑áirítear an ceanglas go dtabharfaidh cuntais “léargas fíor agus cothrom” mar a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17) agus go mbeidh siad ina gcuidiú don leas poiblí Eorpach. Ní foláir caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta den sórt sin a fhorbairt faoi phróiseas trédhearcach atá freagrach go daonlathach. Dá bhrí sin, tá príomhról ag IFRS i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus, ar an ábhar sin, tá leas díreach ag an Aontas a áirithiú go soláthraíonn an próiseas lena ndéantar IFRS a fhorbairt agus a fhormheas, go soláthraíonn an próiseas sin caighdeáin atá ag teacht le ceanglais chreat dlíthiúil an mhargaidh inmheánaigh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin a bhunú d’Fhondúireacht IFRS.

(34)  Agus ról an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) á chur san áireamh maidir le measúnú a dhéanamh an gcomhlíonann IFRS ceanglas dlí agus beartais an Aontais, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, ní foláir don Aontas maoiniú cobhsaí EFRAG a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, cuidiú lena chistiú. Ba cheart obair theicniúil EFRAG a bheith dírithe ar chomhairle theicniúil don Choimisiún maidir le formhuiniú IFRS chomh maith leis an rannpháirtíocht iomchuí i bpróiseas forbartha IFRS den sórt sin agus ba cheart go n‑áiritheofaí go gcuirfear leasanna an Aontais san áireamh go leordhóthanach sa phróiseas bunaithe caighdeán idirnáisiúnta. Ba cheart go n‑áireodh na leasanna sin coincheap na “stuamachta”, an ceanglas a choimeád maidir le “léargas fíor agus cothrom”, arna leagan síos i dTreoir 2013/34/AE, agus an leas poiblí Eorpach, arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, ag cur san áireamh tionchar IFRS ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar an ngeilleagar. Ba cheart chomh maith saotharlann Eorpach maidir le tuairisciú corparáideach a chur ar bun mar chuid den Ghrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG), chun an nuálaíocht a chur chun cinn agus chun dea-chleachtais i dtuairisciú corparáideach a fhorbairt. San fhóram sin, is féidir le cuideachtaí agus infheisteoirí dea-chleachtais a chomhroinnt, go háirithe sa réimse maidir leis an tuairisciú neamhairgeadais agus i dtaobh na hinbhuanaitheachta.

(35)  In earnáil na hiniúchóireachta reachtúla, in 2005 bhunaigh an Grúpa Faireacháin, eagraíocht idirnáisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an athchóiriú rialachais ar Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC), an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB). Is é ról an PIOB maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas is bunús le glacadh na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) agus ar ghníomhaíochtaí eile IFAC maidir le leas an phobail. Is féidir ISAnna a ghlacadh lena gcur i bhfeidhm san Aontas ar chuntar, go háirithe, gur forbraíodh iad faoi phróiseas cuí, faoi mhaoirseacht phoiblí agus go trédhearcach faoi mar a cheanglaítear faoi Airteagal 26 de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18). Ag cur san áireamh tabhairt isteach ISAnna san Aontas agus ról ríthábhachtach PIOB maidir le deimhin a dhéanamh de go gcomhlíontar leis na ISAnna sin na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2006/43/CE, tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin a áirithiú do PIOB.

(36)  Trí thacaíocht a thabhairt do bheartas na mBallstát lena ndéantar iarracht a áirithiú gur féidir le saoránaigh, agus iad ag gníomhú mar thomhaltóirí, tairbhe iomlán a bhaint as an margadh inmheánach agus trí na bearta sin a chomhlánú, bíonn an tAontas ina chuidiú le leibhéal ard cosanta a áirithiú do thomhaltóirí, cumhacht a thabhairt dóibh agus iad a chur i gcroílár an mhargaidh inmheánaigh agus, ar an dóigh sin, déantar a sábháilteacht agus a leasanna dlí agus eacnamaíocha a chosaint go cuí trí bhíthin gníomhaíochtaí nithiúla. Ina theannta sin, ní mór don Aontas deimhin a dhéanamh de go bhforfheidhmítear ar an láthair dlíthe maidir le sábháilteacht tomhaltóirí agus táirgí i gceart agus go cothrom agus gur féidir le gnólachtaí tairbhiú de chothrom iomaíochta agus d’iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach. Anuas air sin, is gá tomhaltóirí a chumhachtú, a spreagadh agus is gá cuidiú leo chun roghanna inbhuanaithe agus eolasacha a dhéanamh agus, ar an dóigh sin, tacú le geilleagar atá inbhuanaithe, éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh agus na n-acmhainní de agus ciorclach. [Leasú 39]

(37)  Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár feasacht tomhaltóirí, gnólachtaí, na sochaí sibhialta agus na n-údarás a ardú i dtaobh dlíthe cosanta tomhaltóirí agus dlíthe sábháilteachta agus cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí agus dá n-eagraíochtaí ionadaíocha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe trí thacú le Bureau Européen des Unions de Consommateurs (BEUC) arb é an eagraíocht neamhrialtasach sheanbhunaithe aitheanta é a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí i dtaca le beartais ábhartha uile an Aontais, agus an Comhlachas Eorpach um Chomhordú Ionadaíochta Tomhaltóirí maidir le Caighdeánú (ANEC) a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí i dtaca le saincheisteanna caighdeánaithe. Agus é sin á dhéanamh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar riachtanais nua margaidh i dtaca le tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn agus go háirithe ar ghníomhaíochtaí chun dul i ngleic le saincheist na dífheidhmeachta ionsuite táirgí agus chun leochaileachtaí a chosc chomh maith leis sin, ar dhúshláin a thagann as digitiú an gheilleagair, ar tháirgí nasctha, ar idirlíon na rudaí nithiúla, ar intleacht shaorga agus ar úsáid algartaim nó ar fhorbairt patrúin nua tomhaltais agus samhlacha nua gnó, amhail an geilleagar comhoibríoch agus fiontraíocht shóisialta. Leis an gClár, ba cheart tacú le forbairt na faisnéise ábhartha faoi mhargaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí arb é is aidhm leo inrianaitheacht táirgí feadh an tslabhra soláthair agus caighdeáin cháilíochta ar fud an Aontais a fheabhsú, agus aghaidh a thabhairt ar shaincheist décháilíocht na dtáirgí, dúshlán beartais, na saincheisteanna beartais agus na hiompair atá ag teacht chun cinn, agus faoi fhoilsiú scórchlár tomhaltóirí an Aontais. [Leasú 40]

(38)  Leis an gClár, ba cheart bonn taca a chur faoi údaráis inniúla náisiúnta, lena n‑áirítear na húdaráis sin atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí, a chomhoibríonn go háirithe trí bhíthin chóras mear-rabhaidh an Aontais do tháirgí contúirteacha. Ina theannta sin, ba cheart dó tacú le forfheidhmiú Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19) agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, agus leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí agus le comhar idirnáisiúnta idir na húdaráis ábhartha i dtríú tíortha agus san Aontas. Leis an gClár, ba cheart freisin é a bheith mar aidhm rochtain ar sheirbhísí ardchaighdeáin réitithe díospóide lasmuigh den chúirt agus ar líne a áirithiú do thomhaltóirí agus trádálaithe uile, mar aon le faisnéis maidir le féidearthachtaí leis an bpróiseas chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochta a lorgaíonn sásaimh, ar an gcostas is ísle. [Leasú 41]

(39)  Ba cheart don Chlár cuidiú freisin le Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí, cuidítear le a thugann cabhair do thomhaltóirí na cearta atá acu ina gcáil mar shaoránaigh de chuid an Aontais a chur chun sochair nuair a cheannaíonn siad earraí agus seirbhísí trasteorann sa mhargadh inmheánach agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), bíodh sé ar líne nó le linn dóibh a bheith ag taisteal. Tá sé cruthaithe ag an líonra sin, a bhfuil 30 lárionad aige agus atá maoinithe go comhpháirteach le deich mbliana anuas ag cláir tomhaltóirí an Aontais, go bhfuil breisluach ag baint leis ó thaobh iontaoibh tomhaltóirí agus trádálaithe as an margadh inmheánach a neartú. Déileálann sé le breis agus 100 000 iarraidh ó thomhaltóirí in aghaidh na bliana agus bíonn teagmháil aige leis na milliúin saoránach trína ghníomhaíochtaí faisnéise preasa agus ar líne. Tá sé ar cheann de na líonraí cúnaimh do shaoránaigh de chuid an Aontais is mó a bhfuil meas air agus foráiltear le Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20) go bhfuil pointí teagmhála maidir le dlí an mhargaidh inmheánaigh lonnaithe i bhformhór d’ionaid an líonra agus, de thoradh na meastóireachta a rinneadh air, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint dá chuid oibríochtaí. Féadfaidh Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí a bheith freisin ina fhoinse faisnéise i dtaca leis na dúshláin agus na fadhbanna a bhaineann do thomhaltóirí ar an leibhéal áitiúil, atá ábhartha do cheapadh beartas an Aontais agus do chosaint leasanna na dtomhaltóirí. Dá bhrí sin, ba cheart leis an gClár foráil a dhéanamh maidir le sineirgíochtaí idir ionadaíocht tomhaltóirí a thógáil agus a fheabhsú ar an leibhéal áitiúil agus ar leibhéal an Aontais chun abhcóideacht tomhaltóirí a neartú. Tá sé de rún ag an líonra socruithe cómhalartachta le comhlachtaí comhchosúla i dtríú tíortha a fhorbairt. [Leasú 42]

(40)  De thoradh na seiceála oiriúnachta a rinne an Coimisiún i mí Bealtaine 2017 ar dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus maidir le margaíocht táirgí agus seirbhísí, léiríodh gur ghá rialacha a fhorfheidhmiú ar dhóigh níos fearr agus caingne sásamh a éascú nuair a dhéantar díobháil do thomhaltóirí de dheasca sáruithe ar dhlíthe cosanta tomhaltóirí. Dá bharr sin, ghlac an Coimisiún “Margadh Nua do Thomhaltóirí” in Aibreán 2018 chun a áirithiú, inter alia, go dtabharfaí an chóir chomhionann do thomhaltóirí ar fud an mhargaidh inmheánaigh i dtaca le cásanna trasteorann, amhail díol táirgí neamhchomhlíontacha san earnáil mótarfheithiclí, caighdeáin décháilíochta táirgí nó na fadhbanna atá ag paisinéirí a fágadh tréigthe de bharr gur cuireadh líon mór eitiltí ar ceal, acmhainneachtaí forfheidhmiúcháin níos láidre a bheith ag na Ballstáit, sábháilteacht táirgí a fheabhsú, comhar idirnáisiúnta a mhéadú agus féidearthachtaí nua le haghaidh sásaimh, go háirithe trí chaingne ionadaíocha ag eintitis cáilithe. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár tacú le beartas cosanta tomhaltóirí trí fheasacht a ardú agus cur leis an mbonn eolais, acmhainneachtaí a fhorbairt agus dea-chleachtais a mhalartú idir na heagraíochtaí tomhaltóirí agus na húdaráis cosanta tomhaltóirí, líonrú agus faisnéis mhargaidh a fhorbairt, an bunús fianaise i dtaca le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do thomhaltóirí, córais teicneolaíochta faisnéise agus uirlisí cumarsáide, inter alia, a neartú.. [Leasú 43]

(41)  Imríonn feidhmiú na margaí airgeadais tionchar mór ar shaoránaigh agus dá bhrí sin, ba cheart go gcuirfí ar an eolas tuilleadh iad maidir le cearta, rioscaí agus tairbhí ábhartha. Is dlúthchuid den mhargadh inmheánach iad agus ní mór creat stóinseach rialála agus maoirseachta a bheith ann a áirithíonn ní hamháin cobhsaíocht airgeadais agus geilleagar inbhuanaithe ach, lena chois sin, a sholáthraíonn leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola, coigilteoirí, sealbhóirí polasaí árachais, comhaltaí agus tairbhithe cistí pinsin, scairshealbhóirí aonair, iasachtaithe agus FBManna. Ba cheart don Chlár rannchuidiú lena n-acmhainneacht a fheabhsú chun páirt a ghlacadh i gceapadh beartais, agus chomh maith leis sin trí fhaisnéis shoiléir, iomlán agus soláimhsithe don úsáideoir a tháirgeadh agus a scaipeadh maidir le táirgí a tráchtáiltear sna margaí airgeadais. [Leasú 44]

(42)  Mar sin, ba cheart don Chlár leanúint de bheith ag tacú le gníomhaíochtaí sonracha a chumhdaítear le Clár Fothaithe Acmhainneachtaí 2017–2020 lena bhfeabhsaítear rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/826 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21) lena leantar de threoirthionscadal agus réamhbheart na mblianta 2012–2017. Is gá sin chun tuairimí geallsealbhóirí nach gairmithe de chuid na hearnála airgeadais iad a sholáthar do lucht ceaptha beartas agus chun a áirithiú gur fearr an ionadaíocht a dhéantar ar leasanna tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais. Ba cheart don Chlár a mhodheolaíocht agus a dhea-chleachtais a fhorbairt go leanúnach faoi conas rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh seirbhísí airgeadais a mhéadú chun na saincheisteanna atá ábhartha do cheapadh beartais an Aontais a shainaithint agus chun leasanna tomhaltóirí i réimse na seirbhísí airgeadais a áirithiúBa cheart go dtiocfadh feabhas ar bheartais seirbhísí airgeadais dá bharr sin, go mór mór a bhuí le tuiscint níos fearr i measc an phobail ar na saincheisteanna i gceist i dtaca le rialáil airgeadais agus a bhuí le feabhas ar an tuiscint airgeadais. Ba cheart acmhainní poiblí an Chláir seo a dhíriú a bhfuil ríthábhachtach do na húsáideoirí deiridh agus ba cheart aon fhoirm de thacaíocht airgeadais, díreach nó neamhdhíreach, i gcomhair gníomhaíochtaí tráchtála a mholtar ag oibreoirí airgeadais príobháideacha a sheachaint. [Leasú 45]

(43)  De thoradh treoirthionscadail, a reáchtáladh le linn na tréimhse 2012–2013, agus réamhbhirt, a rinneadh idir 2014–2016, bhronn an Coimisiún deontais ar dhá eagraíocht tar éis glao oscailte bliantúil ar thograí. Is iad Finance Watch, a cuireadh ar bun le deontais ón Aontas in 2011 mar chomhlachas idirnáisiúnta neamhbhrabúis faoi dhlí na Beilge, agus Better Finance, a tháinig as as cónaidhmeanna Eorpacha infheisteoirí agus scairshealbhóirí a bhí ann cheana agus a atheagraíodh agus a athbhrandáladh roinnt uaireanta ó bhí 2009 ann, an dá eagraíocht sin. Leis an gClár Fothaithe Acmhainneachtaí a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2017/826, sainaithnítear an dá eagraíocht sin mar thairbhithe aonair. Is gá, mar sin, leanúint de bheith ag cómhaoiniú na n‑eagraíochtaí sin i gcomhthéacs an Chláir. Mar sin féin, ba cheart an maoiniú sin a bheith faoi réir athbhreithnithe. I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcás ina leathnaítear an Clár Fothaithe Acmhainneachtaí agus an maoiniú comhfhreagrach níos faide ná 2020, agus i gcás i dtagann tairbhithe féideartha eile chun cinn, ba cheart an glao ar iarratasóirí a oscailt d'aon eagraíocht eile a chomhlíonann na critéir agus a chuireann le cuspóirí an Chláir, agus a dhéanann amhlaidh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/826. [Leasú 46]

(44)  Chun tomhaltóirí a chosaint agus i dteannta sin, chun gur féidir leis an margadh inmheánach oibriú go héifeachtúil agus go rianúil, caithfidh leibhéal ard cosanta sláinte a bheith ann trí bhíthin an tslabhra soláthair bia agus an tslabhra soláthair cothaithe. Ó thaobh na sochaí agus an mhargaidh inmheánaigh de, is réamhriachtanas é slabhra talmhaíochta agus soláthair bia atá sábháilte agus inbhuanaithe. Mar a léirigh teagmhais a tharla le déanaí amhail ionfhabhtú uibheacha le fiprinil in 2017 agus scannal na feola capaill in 2013, cuireann géarchéimeanna sláinte trasteorann, amhail fliú éanúil nó fiabhras Afracach na muc, agus scéalta uafáis faoi bhia isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí shrian a chur ar ghluaiseacht daoine agus earraí agus trí chur isteach ar tháirgeacht. Tá sé thar a bheith tábhachtach cosc a chur le géarchéimeanna sláinte trasteorann agus le scéalta uafáis faoi bhia. Ba cheart go dtacódh an Clár, dá bharr sin, le gníomhaíochtaí nithiúla, amhail bearta éigeandála a bhunú i gcás dálaí géarchéime agus imeachtaí neamh-intuartha a théann i bhfeidhm ar shláinte ainmhithe agus plandaí, ag cruthú sásra chun go bhféadfaí rochtain dhíreach a fháil ar chúlchiste um chabhair éigeandála chun déileáil leis na héigeandálaí sin ar bhonn níos tapúla, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. [Leasú 47]

(45)  Is é cuspóir ginearálta dhlí an Aontais i réimse an bhiashlabhra ardleibhéal sláinte do dhaoine, ainmhithe agus plandaí ag gach céim den bhiashlabhra a ráthú, tacú le leas ainmhithe a fheabhsú, cur le hardleibhéal cosanta agus faisnéise do thomhaltóirí agus leibhéal ard cosanta don chomhshaol, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht a chaomhnú, agus, san am céanna, inbhuanaitheacht na táirgeachta bia agus beatha Eorpaí a fheabhsú, cur amú bia a ghearradh, cur le caighdeáin cháilíochta na dtáirgí ar fud an Aontais, iomaíochas thionscal bia agus beatha an Aontais a fheabhsú agus cruthú post a chothú. [Leasú 48]

(46)  Os rud é gur gníomhaíochtaí sonracha iad na gníomhaíochtaí lena mbaineann leibhéal ard sláinte do dhaoine, ainmhithe agus plandaí ag gach céim den bhiashlabhra, is gá foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le critéir speisialta incháilitheachta i dtaobh cur ar fáil deontas agus úsáid soláthair phoiblí. De mhaolú, go háirithe, ar Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22) (an “Rialachán Airgeadais”), mar eisceacht ar phrionsabal na neamh-aisghníomhaíochta, ba cheart costais na mbeart éigeandála, i ngeall ar chineál práinneach agus neamh-intuartha na mbeart sin, a bheith incháilithe agus, ina theannta sin, ba cheart costais a tabhaíodh de dheasca amhrais faoi ghalar nó lotnaid a áireamh ar choinníoll go ndearbhaítear tar éis sin an galar nó an lotnaid a bheith ann agus go gcuirtear sin in iúl don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha agus íocaíocht caiteachais incháilithe a dhéanamh, tar éis na gealltanais dhlíthiúla a shíniú agus tar éis na hiarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag na Ballstáit a mheasúnú. Ina theannta sin, ba cheart costais a bheith incháilithe i dtaca le bearta cosanta arna ndéanamh i gcás ina mbeadh baol díreach ann do stádas sláinte an Aontais de dheasca galair agus zónóisí áirithe ainmhithe a bheith ann nó a bheith ag forbairt ar chríoch tríú tír nó i mBallstát nó i dtíortha nó ar chríocha thar lear agus i dtaca le bearta cosanta, nó gníomhaíochtaí ábhartha eile, arna ndéanamh chun tacú le stádas sláinte plandaí san Aontas.[Leasú 49]

(47)  I bhfianaise go bhfuil an slabhra bia ag éirí níos domhandaithe, is uirlis fhíor-riachtanach anois níos mó ná riamh iad rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit chun a fhíorú go ndéantar ceanglais ábhartha Aontais a chur chun feidhme, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, agus chun faireachán a dhéanamh air sin, go háirithe i dtaca le táirgí a allmhairíodh ó thríú tíortha. Tá éifeachtacht agus éifeachtúlacht na gcóras rialaithe oifigiúil ríthábhachtach chun leibhéal ard sábháilteachta don duine, d’ainmhithe agus do phlandaí a chaomhnú ag gach céim den bhiashlabhra, mar aon le muinín tomhaltóirí, agus, ag an am céanna, leibhéal ard cosanta don chomhshaol a áirithiú. Ba cheart tacaíocht airgeadais ón Aontas a chur ar fáil do na bearta rialaithe sin. Go háirithe, ba cheart ranníocaíocht airgeadais a bheith ar fáil do shaotharlanna tagartha an Aontais chun cuidiú leo na costais a sheasamh a thagann as cur chun feidhme na gclár oibre arna bhformheas ag an gCoimisiún. Thairis sin, ós rud é freisin go mbraitheann éifeachtacht rialuithe oifigiúla ar bhaill foirne dhea-oilte, a bhfuil eolas iomchuí acu ar dhlí an Aontais, a bheith ar fáil do na húdaráis rialaithe, ba cheart don Aontas a bheith in ann rannchuidiú lena n-oiliúint agus leis na cláir mhalartacha ábhartha arna n-eagrú ag údaráis inniúla. [Leasú 50]

(48)  Tá staidreamh ardcháilíochta arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh faoin gclár staidrimh Eorpach riachtanach le haghaidh cinnteoireacht ar bhonn fianaise; ba cheart an staidreamh Eorpach a bheith ar fáil go tráthúil agus ba cheart go gcuirfeadh sé le cur chun feidhme bheartais an Aontais mar a léirítear sa CFAE, go háirithe an rialachas eacnamaíoch neartaithe agus comhtháthaithe, an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, an fhorbairt inbhuanaithe, an beartas talmhaíochta, gné shóisialta na hEorpa agus an domhandú.

(49)  Tá an staidreamh Eorpach riachtanach le haghaidh chinnteoireacht an Aontais agus chun feidhmíocht agus tionchar thionscnaimh an Aontais a thomhas. Ar an ábhar sin, ba cheart a áirithiú go leanfaí den staidreamh Eorpach a sholáthar agus a fhorbairt, bunaithe ar chur chuige uile-Aontais agus peirspictíocht níos leithne aige ná peirspictíocht an mhargaidh inmheánaigh amháin, chun gníomhaíochtaí agus réimsí beartais uile an Aontais a chumhdach, lena n‑áirítear gnólachtaí agus saoránaigh a chumhachtú chun cinntí eolacha a dhéanamh.

(50)  Mar gheall ar ghné chothrománach an Chláir Staidrimh Eorpaigh, tá sé faoi réir riachtanas sonrach, go háirithe na riachtanais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23), go háirithe i dtaca leis na prionsabail staidrimh a urramú, feidhmiú an chórais staidrimh Eorpaigh agus a rialachais, lena n‑áirítear an ról agus na cúraimí arna sannadh do choiste an chórais staidrimh Eorpaigh agus don Choimisiún, bunú agus cur chun feidhme chlárú na ngníomhaíochtaí staidrimh.

(51)  Cuireadh an Clár faoi bhráid an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach le go ndéanfaí réamhscrúdú air, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, agus ba cheart é a chur chun feidhme trí ghrinnscrúdú éifeachtach parlaiminte a áirithiú. [Leasú 51]

(52)  Tá an tAontas agus na Ballstáit tiomanta do bheart a dhéanamh de réir a mbriathra a bheith mar cheann feadhna i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe. Fágfaidh rannpháirtíocht an Aontais agus na mBallstát i gcuspóirí Chlár Oibre 2030 go mbeidh an Eoraip á cothú ar bhealach a fhágfaidh níos láidre, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí, níos sláine agus níos rathúla í. Ba cheart don Chlár rannchuidiú le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, lena n-áirítear trí na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil den fhorbairt inbhuanaithe a chothromú, trí ghealltanais shoiléire agus infheicthe a sholáthar chun na críocha sin ina rialachán CAI, agus trí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a phríomhshruthú, mar a d’iarr rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta agus an 30 Bealtaine 2018 i ndáil le CAI 2021-2027. [Leasú 52]

(53)  Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, ba cheart don Chlár sin cuidiú chun an ghníomhaíocht ar son na haeráide a phríomhshruthú agus chun sprioc fhoriomlán 25  % de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais a bhaint amach maidir leis an tacaíocht do chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha.

(54)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe nua idirinstitiúideach: pointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(24)], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(55)  Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch déantar foráil do chomhar sna réimsí is ábhar don Chlár idir an tAontas agus a Bhallstáit ar thaobh amháin, agus tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, ar an taobh eile. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin chun an Clár a oscailt do rannpháirtíocht tíortha eile, lena n‑áirítear tíortha comharsanachta an Aontais agus tíortha atá ag déanamh iarratais ar bhallraíocht den Aontas, tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht den Aontas, nó tíortha atá ag aontú dó. Ina theannta sin, i réimse an staidrimh Eorpaigh, ba cheart an Clár a bheith oscailte don Eilvéis i gcomhréir leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh(25).

(56)  Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach leis an Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach.

(57)  Tá feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis an gClár sin. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar.

(58)  Léiríodh gur leor na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi na cláir agus na línte buiséid a tháinig roimhe agus ba cheart iad a choinneáil. Tá sé mar aidhm leis na gníomhaíochtaí nua arna dtabhairt isteach faoin gClár an margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a threisiú go háirithe. Chun tuilleadh simplíochta agus solúbthachta a chur ar fáil i gcur i gcrích an Chláir agus ar an mbealach sin lena chuspóirí a bhaint amach ar shlí níos fearr, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin i gcatagóirí ginearálta foriomlána. Ba cheart liostaí de ghníomhaíochtaí táscacha a bhaineann le cuspóirí sonracha i réimse an iomaíochais, cosaint tomhaltóirí, nó gníomhaíochtaí sonracha a eascraíonn as riachtanais rialála, amhail i dtaca le caighdeánú, faireachas margaidh, rialáil an tslabhra bia agus staidreamh Eorpach a chur san áireamh leis an gClár freisin. [Leasú 53]

(59)  Is gá catagóirí ar leith a shonrú d’eintitis atá incháilithe chun cistiú a fháil, chomh maith leis na heintitis sin a ba cheart a bheith incháilithe chun cistiú a fháil gan ghlao ar thograí.

(60)  Ós rud é go bhfuil codanna éagsúla den gheilleagar domhanda, lena n-áirítear an geilleagar digiteach, á gcomhshnaidhmeadh le chéile diaidh ar ndiaidh, ba cheart go leanfar leis an gClár d’fhoráil a dhéanamh maidir le saineolaithe seachtracha a bheith páirteach freisin, saineolaithe amhail oifigigh de chuid tríú tíortha, ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta nó oibreoirí eacnamaíocha i gcás gníomhaíochtaí áirithe. [Leasú 54]

(61)  Is gá critéir speisialta a bhaineann le rialacha cómhaoinithe agus costais incháilithe a chur in iúl.

(62)  I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a leagadh amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal 'Athbhreithniú Bhuiséad AE'(26), agus chun foráil a dhéanamh maidir le cláir mhaoiniúcháin a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos simplí, ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí eile maoiniúcháin de chuid an Aontais más ionann na spriocanna atá á saothrú ag gníomhaíochtaí an Chláir atá beartaithe agus spriocanna roinnt ionstraimí maoiniúcháin eile, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh.

(63)  Ba cheart an Clár seo a bheith ina chuidiú don tacaíocht iomlán lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais shonracha na réigiún is forimeallaí agus ar a gcomhtháthú sa mhargadh inmheánach, de réir mar a athdheimhníodh le déanaí sa Teachtaireacht ón gCoimisiún "A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions" "Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas"(27).

(64)  Ba cheart don Chlár sineirgí a chur chun cinn agus dúbláil le cláir ghaolmhara agus gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid an Aontais á seachaint aige. Ba cheart na gníomhaíochtaí faoin gClár seo a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí na gClár Custaim agus Fiscalis arna mbunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28) agus Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29) a dhírítear freisin ar thacaíocht a thabhairt d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus é a fheabhsú. [Leasú 55]

(65)  Ba cheart don Chlár sineirgí agus comhlántacht a chur chun cinn i leith na FBManna agus sa bhreis air sin, agus i leith na tacaíochta fiontraíochta faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30). Ina theannta sin, leis an ngné sin den chiste InvestEU, arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31), a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBMAnna) áiritheofar tacaíocht d’fhiachas agus do chothromas chun rochtain agus fáil ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna agus do mhicrifhiontair. Ba cheart don Chlár sineirgí a lorg freisin leis an gClár Spáis arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32) i ndáil le FBManna a spreagadh chun tairbhe a bhaint as nuálaíocht cheannródaíoch agus réitigh eile arna bhforbairt faoi na cláir sin. [Leasú 56]

(66)  Ba cheart don Chlár seo sineirgí a chur chun cinn le Horizon Europe arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33), a bhfuil sé mar aidhm leis taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn. Ba cheart go mbainfeadh sé sin go háirithe le comhlántacht le gníomhaíochtaí Chomhairle Nuálaíochta Eorpach na todhchaí ar mhaithe le comhlachtaí nuálacha, chomh maith le tacaíocht do sheirbhísí le haghaidh FBManna.

(67)  Ba cheart don Chlár sineirgí agus comhlántacht a chur chun cinn i ndáil leis an gClár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34), a bhfuil sé mar aidhm leis digitiú gheilleagar an Aontais agus na hearnála poiblí agus cibearshlándáil mhéadaithe a chur chun cinn. [Leasú 57]

(68)  Ina theannta sin, ba cheart don Chlár sineirgí a lorg leis an gCiste Ceartais, Cearta agus Luachanna arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35), a bhfuil sé mar aidhm leis tacú le forbairt bhreise ar limistéar Eorpach ceartais ar mhaithe le héifeachtúlacht chórais cheartais náisiúnta, a chuidíonn go mór chun geilleagar cothrom costéifeachtach a bhaint amach san Eoraip.

(69)  Ba cheart don Chlár sin sineirgí a chur chun cinn leis an gclár Erasmus arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(36), le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(37) agus le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38) i réimse na soghluaisteachta saothair agus soghluaisteacht na hóige, atá riachtanach don mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil.

(70)  Ar deireadh, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí a bhaineann leis an mbiashlabhra, amhail bearta tréidliachta agus fiteasláintíochta i gcás géarchéime sláinte ainmhithe agus plandaí, a chomhlánú le hidirghabhálacha margadhbhunaithe ó chlársceidealú Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(39).

(71)  I gcás inarb ábhartha, Ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith ag gníomhaíochtaí an Chláir a úsáid chun dul i ngleic le teipeanna margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamacha, ar bhealach comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú agus ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith acu. [Leasú 58]

(72)  Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le cláir oibre a ghlacadh lena gcuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí a chuideoidh chun leibhéal ard sláinte a bhaint amach i ngeall le daoine, ainmhithe agus plandaí feadh an bhiashlabhra. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(40). [Leasú 59]

(73)  Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na mbeart a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, breisluach an Aontais, ar na costais a bhaineann le rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. [Leasú 60]

(74)  Chun faireachán agus tuairisciú rialta maidir leis an dul chun cinn atá baint amach agus maidir le héifeachtacht agus éifeachtúlacht an Chláir a áirithiú, ba cheart creat iomchuí a bheith curtha i bhfeidhm ón tús le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Ba cheart faireachán agus tuairisciú den sórt sin a bheith bunaithe ar tháscairí, lena dtomhaisfear éifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoin Chlár i gcomparáid le bonnlínte réamhshainithe. [Leasú 61]

(75)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(41), is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha agus, san am céanna, ró‑rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, a sheachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart gur féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin ar an talamh. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil eatramhach mheastóireachta a tharraingt suas maidir le gnóthú chuspóirí na ngníomhaíochtaí a thugtar dóibh faoin gClár, maidir leis na torthaí agus an tionchair, maidir le héifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus maidir lena bhreisluach an Aontais, chomh maith le tuarascáil chríochnaitheach mheastóireachta maidir lena thionchar go fadtéarmach, le torthaí agus le hinbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí, agus na sineirgíochtaí le Cláir eile. [Leasú 62]

(75a)  Chun codanna áirithe den Rialachán seo nach bhfuil bunriachtanach a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an clár/na cláir oibre a ghlacadh. [Leasú 63]

(76)  Ba cheart liosta na oscailte de na galar ainmhithe agus na zónóise atá incháilithe chun cistiú a fháil faoi bhearta éigeandála agus chun cistiú a fháil faoi na gcláir díothaithe, rialaithe agus faireachais a bhunú ar bhonn na ngalar ainmhithe dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(42). Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(43) agus Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(44). [Leasú 64]

(77)  Chun cúinsí a spreagtar ag na galair ainmhithe sin a bhfuil tionchar suntasach acu ar tháirgeadh beostoic nó ar thrádáil, forbairt zónóisí a bheidh ina mbaol don duine, nó forbairt eolaíoch nó eipidéimeolaíoch nua a chur i gcuntas, chomh maith leis na galair ar dócha go mbeidh siad ina bhaol nua don Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le liosta na ngalar ainmhithe agus zónóisí a leasú. Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo ghnóthú a chuspóirí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, i ndáil leis na táscairí chun gnóthú na gcuspóirí sonracha thomhais a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Ba cheart go rachfar i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus le comhlachais tomhaltóirí freisin. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 65]

(78)  De bhun [tagairt le nuashonrú de réir chinneadh nua maidir le OCTanna: Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(45)], tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe chun cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(79)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(46), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(47), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(48) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(49), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(50). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(80)  Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE agus go háirithe an Rialachán Airgeadais lena leagtar síos an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus lena ndéantar foráil do sheiceálacha i dtaobh fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais ar na gníomhaíochtaí faoin gClár seo, faoi réir maoluithe sonracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh. [Leasú 66]

(81)  Le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(51) rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát. Le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(52) rialaítear próiseáil sonraí pearsanta arna dhéanamh ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Beidh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann na húdaráis inniúla i gcomhréir leis na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 agus i Rialachán XXX [Rialachán maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach] agus beidh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann an Coimisiún i gcomhréir leis na rialacha ar aistriú sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. [Leasú 67]

(82)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar chineál trasteorann na saincheisteanna lena mbaineann, ach gur féidir, de bharr an phoitéinsil níos fearr atá ann i ngníomhaíocht an Aontais, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(83)  Ba cheart don Chlár níos mó infheictheachta agus comhsheasmhachta a áirithiú freisin i dtaca le margadh inmheánach an Aontais, chomh maith le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fiontar go háirithe, micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gníomhaíochtaí staidrimh Eorpaigh i dtreo saoránaigh, gnólachtaí agus rialtais na hEorpa. [Leasú 68]

(84)  Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 99/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013, Rialachán (AE) Uimh. 254/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(53), Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(54), Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(55), Rialachán (AE) 2017/826, a asighairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

(85)  Is iomchuí trasdul rianúil gan bhriseadh a áirithiú idir na gclár i réimsí iomaíochais agus inbhuanaitheacht fiontar agus fiontar beag agus meánmhéide, go háirithe micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, cosaint tomhaltóirí, custaiméirí agus úsáideoirí deiridh i seirbhísí airgeadais, ceapadh beartais i seirbhísí airgeadais, an biashlabhra agus staidreamh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013, Rialachán (AE) Uimh. 254/2014, Rialachán (AE) 2017/826, Rialachán (AE) Uimh. 258/2014, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Rialachán (AE) Uimh. 99/2013, agus an Clár seo, go háirithe maidir le leanúint le hidirbhearta ilbhliantúla agus leis an meastóireacht ar an rath a bhí ar an gclár roimhe sin. [Leasú 69]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear an clár an Mhargaidh Inmheánaigh chun feabhas a chur ar fheidhmiú an neartú a dhéanamh ar an margadh inmheánach agus chun feabhas a chur ar a fheidhmiú i réimsí iomaíochais agus inbhuanaitheacht fiontar, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, caighdeánú, cosaint tomhaltóirí, faireachas margaidh, slabhra soláthair bia, agus an creat chun forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh a mhaoiniú faoi réir bhrí Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 (an ‘Clár’). [Leasú 70]

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021 go 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn 'Oibríochtaí measctha' gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(2)  ciallaíonn ‘staidreamh Eorpach’ staidreamh arna fhorbairt, arna tháirgiú agus arna scaipeadh ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 3 CAE agus le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009; [Leasú 71]

(3)  ciallaíonn 'eintiteas dlíthiúil' aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (an 'Rialachán Airgeadais'); [Leasú 72]

(4)  ciallaíonn 'micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide' micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínitear i leagan an 6 Bealtaine 2003 de Mholadh 2003/361/CE iad;

(4a)  ciallaíonn ‘gnóthas sa gheilleagar sóisialta’ gnóthas a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige tionchar sóisialta a bheith aige seachas brabús a shaothrú d’úinéirí nó dá scairshealbhóirí, a oibríonn trí earraí agus seirbhísí a sholáthar don mhargadh agus atá á bhainistiú ar bhealach freagrach agus oscailte lena mbaineann rannpháirtíocht ag fostaithe, ag tomhaltóirí agus ag páirtithe leasmhara; [Leasú 73]

(4b)  ciallaíonn ‘Fiontar Poiblí Áitiúil’ fiontar beag maidir le seirbhís phoiblí áitiúil a chomhlíonann na critéir maidir le FBManna agus a chomhlíonann cúramaí tábhachtacha do phobail áitiúla; [Leasú 74]

(4c)  ciallaíonn ‘Líonraí Fiontar’ teacht le chéile fiontraithe chun dul i mbun tionscadal comhroinnte, lena dtugann dhá FMB nó níos mó faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch amháin nó níos mó chun a n-iomaíochas sa mhargadh a mhéadú. [Leasú 75]

(5)  ciallaíonn 'tríú tír' tír nach bhfuil ina ball den Aontas.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.  Tá na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:

(a)  Feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, agus go háirithe saoránaigh, tomhaltóirí agus gnólachtaí a chosaint agus a chumhachtú, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), trí dhlí chreat dlí, sóisialta agus comhshaoil an Aontais a fhorfheidhmiú, rochtain ar an margadh a éascú, agus rochtain ar mhaoiniú a éascú, chun iomaíocht chóir idir cuideachtaí a chur chun cinn, agus chun caighdeáin a leagan síos agus sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus plandaí, agus leas ainmhithe a chur chun cinn; chomh maith le comhar idir údaráis inniúla na mBallstát a fheabhsú agus comhar idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún agus gníomhaíochtaí díláraithe an Aontais a fheabhsú; [Leasú 76]

(b)  staidreamh Eorpacha ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa faoin Eoraip a thacaíonn le beartais uile an Aontais, lena n-áirítear trádáil agus imirce, a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh chomh maith le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus cuidiú le saoránaigh, lucht ceaptha beartais agus rialtóirí, údaráis mhaoirseachta, gnólachtaí, an lucht acadúil, an tsochaí shibhialta agus na meáin cinntí eolacha a dhéanamh agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas daonlathach.. [Leasú 77]

2.  Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas atá ag an gClár:

(a)  an margadh inmheánach a dhéanamh níos éifeachtaí trí:

(i)   cosc agus baint constaicí a éascú agus trí thacú le dlí an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i réimse an mhargaidh inmheánaigh d’earraí agus do sheirbhísí, agus soláthar poiblí, faireachas margaidh chomh maith le dlí na gcuideachtaí agus an dlí conarthach agus an dlí seach-chonarthach, sciúradh airgid, saorghluaiseacht chaipitil, seirbhísí airgeadais agus iomaíocht, lena n‑áirítear forbairt uirlisí rialachais;

(ii)  tacú le faireachas éifeachtach ar an margadh agus le sábháilteacht táirgí ar fud an Aontais, agus rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne ghóchumadh táirgí, d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí sábháilte agus comhlíontacha a chuireann ardleibhéal cosanta tomhaltóirí ar fáil ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a dhíoltar ar líne, chomh maith le haonchineálacht níos mó agus le hacmhainn na n-údarás faireachais margaidh ar fud an Aontais. [Leasú 78]

(b)  idir iomaíochas agus inbhuanaitheacht fiontar araon a neartú, agus béim ar leith á leagan ar FBManna agus ar bhreisíocht a bhaint amach trí fhoráil a dhéanamh do bhearta (cuspóirí do FBManna), agus aird ar leith á tabhairt ar a riachtanais shonracha, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)  cineálacha éagsúla tacaíochta a thabhairt do FBManna; fás, cur chun cinn agus cruthú FBManna, lena n-áirítear líonraí fiontar, a chothú; scileanna bainistíochta a fhorbairt agus bearta a chothú maidir méadú a dhéanamh, ar bearta iad lena mbeidh rochtain níos fearr ag FBManna ar mhargaí agus ar phróisis idirnáisiúnaithe, mar aon le margú a dtáirgí agus seirbhísí;

(ii)  timpeallacht fhabhrach ghnó agus creat fabhrach gnó a chothú do FBManna, an t-ualach riaracháin a laghdú, iomaíochas earnálacha a fheabhsú, nuachóiriú tionscal a áirithiú, lena n-áirítear a gclaochlú digiteach lena rannchuideofar le geilleagar atá athléimneach agus tíosach ar fhuinneamh agus ar acmhainní a bhaint amach;

(iii)  cultúr fiontraíochta a chur chun cinn agus rannchuidiú le hoiliúint ardcháilíochta do bhaill foirne FBManna;

(iv)  deiseanna nua gnó a chur chun cinn do FBManna, athruithe struchtúrtha a shárú trí bhearta spriocdhírithe, agus cineálacha nuálacha eile gníomhaíochtaí amhail ceannaigh thar barr amach ag oibrithe, cruthú post agus leanúnachas gnólachtaí a éascú ar chríocha ina ndéanann na hathruithe sin difear.[Leasú 79]

(c)  feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí phróisis chaighdeánaithe a dhéanann an méid seo a leanas:

(i)  maoiniú comhlachtaí an chaighdeánaithe Eorpaigh agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile i mbunú caighdeán Eorpach a éascú; [Leasú 80]

(ii)  tacú le forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht ar ardchaighdeán, a gcomhtháthú i ndlí an Aontais a éascú agus/nó nuálaíocht agus forbairt dea-chleachtas i dtuairisciú corparáideach do chuideachtaí beaga agus móra araon a chur chun cinn; [Leasú 81]

(d)  leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus leibhéal aonfhoirmeach agus ard cosanta do thomhaltóirí agus sábháilteachta táirgí a áirithiú tríd an méid seo a leanas: [Leasú 82]

(i)  tomhaltóirí, gnólachtaí, agus an tsochaí shibhialta a chumhachtú, cabhrú leo agus oideachas a chur orthu; ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, go háirithe i gcás na dtomhaltóirí is leochailí chun cothroime, trédhearcacht agus iontaoibh sa mhargadh aonair a fheabhsú; tacú le húdaráis inniúla forfheidhmithe agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí agus gníomhaíochtaí comhair, trí aghaidh a thabhairt ar, i measc cinn eile, shaincheisteanna a thug teicneolaíochtaí atá ann cheana agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn chun solais, lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá dírithe ar inrianaitheacht táirgí feadh an tslabhra soláthair a fheabhsú; caighdeáin cháilíochta ar fud an Aontais, agus aghaidh a thabhairt ar shaincheist na décháilíochta táirgí; feasacht a ardú faoi chearta an tomhaltóra faoi dhlí an Aontais agus a áirithiú go bhfuil rochtain ag gach tomhaltóir ar shásraí sásaimh éifeachtacha agus faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil faoi mhargaí agus do thomhaltóirí, chomh maith le tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn trí fhaisnéis fheabhsaithe do thomhaltóirí maidir le saintréithe sonracha agus tionchar chomhshaoil na n-earraí agus na seirbhísí; [Leasú 83]

(ii)  feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí, úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais agus an tsochaí shibhialta i gceapadh beartas na seirbhísí airgeadais; tuiscint níos fearr ar an earnáil airgeadais agus ar na catagóirí éagsúla de tháirgí airgeadais a tráchtáiltear a chur chun cinn agus leasanna tomhaltóirí i réimse na seirbhísí airgeadais miondíola a áirithiú; [Leasú 84]

(e)  rannchuidiú le hardleibhéal sláinte agus sábháilteachta don duine, d’ainmhithe agus do phlandaí ag gach céim den bhiashlabhra agus slabhra soláthair bia agus i réimsí gaolmhara, lena n-áirítear trí ghalair agus lotnaidí a chosc agus a dhíothú, lena n-áirítear, trí bhearta éigeandála i gcás géarchéimeanna mórscála agus imeachtaí neamh-intuartha a théann i bhfeidhm ar shláinte ainmhithe agus plandaí, chomh maith le trí thacú le feabhas a chur ar leas ainmhithe agus táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe bia ar phraghsanna inacmhainne a fhorbairt, chomh maith le trí thaighde, nuálaíocht agus malartú dea-chleachtas idir páirtithe leasmhara sna réimsí sin a spreagadh; [Leasú 85]

(f)  staidreamh ardchaighdeáin faoin Eoraip a fhorbairt, a tháirgeadh, a scaipeadh agus a chur in iúl ar bhealach atá tráthúil, neamhchlaonta agus éifeachtach ó thaobh costais de, trí chomhpháirtíochtaí feabhsaithe laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus leis na páirtithe seachtracha ábhartha go léir, ag baint úsáide as ilfhoinsí sonraí, ardmhodhanna anailísíochta sonraí, córais chliste agus teicneolaíochtaí digiteacha, agus miondealú náisiúnta, agus más féidir, miondealú réigiúnach a sholáthar. [Leasú 86]

Airteagal 4

Buiséad

1.  Is é EUR 4 088 580 000 6 563 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 go 2027. [Leasú 87]

2.  Laistigh den mhéid dá dtagraítear i mír 1 déanfar na méideanna táscacha seo a leanas a leithdháileadh ar na cuspóirí seo a leanas:

(-a)  EUR 394 590 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(i); [Leasú 88]

(-aa)  EUR 396 200 000 to the objective referred to in Article 3(2)(a)(ii); [Leasú 89]

(a)  EUR 1 000 000 000 3 122 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b); [Leasú 90]

(aa)  EUR 396 200 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(ii); [Leasú 91]

(b)  EUR 188 000 000 198 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i); [Leasú 92]

(c)  EUR 1 680 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e);

(d)  EUR 552 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f).

3.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, go háirithe i ndáil le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, chomh maith le húsáid a bhaint as líonraí teicneolaíochta faisnéise a dhírítear ar phróiseáil faisnéise agus ar mhalairt faisnéise, agus uirlisí teicneolaíochta faisnéise a úsáid agus a fhorbairt. Chun an infhaighteacht uasta ar an gClár a áirithiú chun gníomhaíochtaí a chumhdaítear le cuspóirí an Chláir a mhaoiniú, ní rachaidh costais iomlána na tacaíochta riaracháin agus teicniúla thar 5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais dá dtagraítear i mír 1. [Leasú 93]

4.  Maidir leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e), féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le bearta ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

5.  De mhaolú ar Airteagal 111(2) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún an gealltanas buiséadach don deontas arna bhronnadh as bearta éigeandála tréidliachta agus fíteashláintíochta faoin gcuspóir shonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo tar éis meastóireacht a bheith déanta ar na hiarratais ar íocaíocht a bheidh seolta isteach ag na Ballstáit.

5a.  Ba cheart sásra sonrach a bhunú lena mbeidh rochtain dhíreach ag an mbiashlabhra ar chúlchiste géarchéime an Choimisiúin i gcás éigeandálaí mórscála, chun cistiú a ráthú le haghaidh na mbeart a leagtar amach in Airteagal 3(2)(e). [Leasú 94]

6.  Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh más féidir.

Airteagal 5

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)  tríú tíortha, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

(i)  go n‑áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;

(ii)  go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin;

(iii)  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;

(iv)  go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (ii).

Airteagal 6

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Cuirfear an Clár chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh sé maoiniú a sholáthar freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha.

3.  Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in [Airteagal X de] Rialachán XXX [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta](56).

CAIBIDIL II

DEONTAIS

Airteagal 7

Deontais

Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 8

Bearta incháilithe

1.  Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 incháilithe chun cistiú a fháil.

2.  Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas lena gcuirfear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 incháilithe go háirithe:

(a)  na dálaí cearta a chruthú chun gníomhaithe uile an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear gnólachtaí, saoránaigh, tomhaltóirí, an tsochaí shibhialta agus údaráis phoiblí, a chumhachtú le malartú trédhearcach faisnéise agus feachtais ardaithe feasachta, go háirithe i ndáil le rialacha an Aontais is infheidhme agus cearta na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí, dea-chleachtas a mhalartú, dea-chleachtais agus réitigh nuálacha a chur chun cinn, saintaithí agus eolas a mhalartú agus a scaipeadh agus oiliúint a eagrú i gcomhair cur chun cinn litearthacht dhigiteach na saoránach agus na ngnólachtaí; [Leasú 95]

(b)  sásraí a chur ar fáil do shaoránaigh, do thomhaltóirí, d’úsáideoirí deiridh, don tsochaí shibhialta, do cheardchumainn agus d’ionadaithe gnó ón Aontas, go háirithe iad siúd a dhéanann ionadaíocht thar ceann FBManna chun cur le pléití polaitiúla, le beartais agus leis an bpróiseas cinnteoireachta, go háirithe trí thacú le feidhmiú na n-eagraíochtaí ionadaíocha ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais; [Leasú 96]

(c)  forbairt acmhainneachta, éascú agus comhordú i ndáil le comhghníomhaíochtaí idir Ballstáit agus idir údaráis inniúla na mBallstát agus idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún, gníomhaíochtaí díláraithe an Aontais agus údaráis tríú tíortha, agus go háirithe gníomhaireachtaí comhpháirteacha atá dírithe ar shábháilteacht táirgí a neartú, rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú san Aontas agus inrianaitheacht táirge; [Leasú 97]

(d)  tacú le forfheidhmiú ag na Ballstáit agus nuachóiriú éifeachtach chreat dlíthiúil an Aontais agus lena oiriúnú gasta don timpeallacht a bhíonn ag síorathrú, chomh maith le tacaíocht chun déileáil le saincheisteanna a thugann an digitiú chun solais, lena n-áirítear trí shonraí a bhailiú agus a anailísiú; staidéir, meastóireachtaí agus moltaí beartais; gníomhaíochtaí taispeántais agus treoirthionscadail a eagrú; gníomhaíochtaí cumarsáide; forbairt uirlisí tiomnaithe TF lena n-áiritheofar feidhmiú trédhearcach cothrom éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh. [Leasú 98

2a.  Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas, lena gcuirfear chun feidhme na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(ii), incháilithe chun cistiú a fháil:

(a)  comhordú agus comhar idir údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis ábhartha eile na mBallstát, go háirithe trí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí;

(b)  forbairt agus cothabháil uirlisí TF chun faisnéis maidir le faireachas margaidh agus rialuithe ag na teorainneacha seachtracha a mhalartú;

(c)  tacaíocht d’fhorbairt ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus do thástáil i réimse na sábháilteachta táirgí agus comhlíonadh táirgí lena n-áirítear i ndáil le táirgí bainteacha agus táirgí a dhíoltar ar líne;

(d)  comhar, malartú dea-chleachtas agus comhthionscadail idir údaráis faireachais margaidh agus comhlachtaí ábhartha ó thríú tíortha;

(e)  tacaíocht do straitéisí faireachais margaidh, eolais agus bailiú faisnéise, cumais tástála agus saoráidí, athbhreithnithe piaraí, cláir oiliúna, cúnamh teicniúil agus forbairt acmhainne d’údaráis faireachais margaidh;

(f)  measúnú ar nósanna imeachta cineálcheadaithe agus fíorú comhlíontachta mótarfheithiclí ag an gCoimisiún. [Leasú 99]

3.  Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) incháilithe chun cistiú a fháil:

(a)  foirmeacha éagsúla tacaíochta a sholáthar do FBManna; [Leasú 100]

(b)  rochtain micrifhiontar, FBManna agus líonraí fiontar ar mhargaí a éascú, lena n-áirítear margaí lasmuigh den Aontas, tacú leo agus aghaidh á thabhairt acu ar dhúshláin dhomhanda, chomhshaoil, eacnamaíocha agus sochaíocha agus idirnáisiúnú gnó, tacaíocht dóibh a éascú le linn a saolré agus ceannaireacht fiontraíochta agus thionsclaíoch an Aontais a threisiú i slabhraí luacha domhanda; [Leasú 101]

(c)  aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an margadh, ualach riaracháin a laghdú, lena n-áirítear laghdú a dhéanamh ar chonstaicí maidir le fiontair a chur ar bun agus maidir le gnólachtaí a thionscnamh agus timpeallacht fhabhrach ghnó a chruthú chun ligean do mhicrifhiontair agus FBManna tairbhe a bhaint as an margadh inmheánach, lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniúchán, agus trí threoir iomchuí agus scéimeanna iomchuí meantóireachta agus cóitseála a chur ar fáil, agus seirbhísí eolasbhunaithe gnó a sholáthar; [Leasú 102]

(d)  forbairt agus fás gnólachtaí inbhuanaithe a éascú, feasacht i measc micrifhiontar agus FBManna a ardú maidir le reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear dlí comhshaoil agus fuinnimh an Aontais, a scileanna agus a bhforbairt cáilíochtaí a uasghrádú, agus samhlacha nua gnó agus slabhraí luacha atá tíosach ar acmhainní a éascú, ar samhlacha gnó agus slabhraí luacha iad lena gcothaítear claochlú inbhuanaithe tionsclaíoch, teicneolaíoch agus eagraíochtúil ar fud earnáil na monaraíochta agus earnáil na seirbhísí; [Leasú 103]

(e)  tacú le iomaíochas agus inbhuanaitheacht fiontar agus earnálacha iomlána den gheilleagar a neartú, agus tacú le glacadh micrifhiontar agus FBManna maidir le nuálaíocht theicneolaíoch, eagraíochtúil agus shóisialta, freagracht shóisialta chorparáideach agus comhar sa slabhra luacha a fheabhsú trí éiceachórais agus cnuasaigh a nascadh go straitéiseach, lena n-áirítear an tionscnamh le haghaidh cnuasaigh chomhpháirteacha; [Leasú 104]

(f)  timpeallacht ghnó fhiontraíoch agus cultúr na fiontraíochta a chothú, an scéim meantóireachta d’fhiontraithe nua a mhéadú agus tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta, d’inbhuanaitheacht ghnó agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis, agus aird ar leith á tabhairt ar nuafhiontraithe féideartha (i.e. daoine óga, mná), mar aon le spriocghrúpaí sonracha eile, amhail grúpaí faoi mhíbhuntáiste shóisialta nó grúpaí leochaileacha. [Leasú 105]

3a.  Tráth a bheidh an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) á chur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, sa bhreis ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (f) de mhír 3 den Airteagal seo, tacú leis na gníomhaíochtaí sonracha seo a leanas:

(a)  dlús a chur le seirbhísí comhairleacha, tacú leo agus iad a leathnú tríd an Líonra Fiontar Eorpach chun seirbhís chomhtháite tacaíochta gnó a bhfuil ionad ilfhreastail aici a sholáthar do FBManna san Aontas atá ag iarraidh deiseanna sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha a fhiosrú, agus trí fhaireachán a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil leibhéal cáilíocht seirbhíse den chineál céanna á chur ar fáil ar fud na mBallstát uile ag na tríú tíortha sin;

(b)  tacú le cruthú líonraí fiontar;

(c)  tacú le cláir shoghluaisteachta d’fhiontraithe nua agus iad a fhairsingiú (“Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga”) chun feabhas a chur ar a gcumas i leith fios gnó, scileanna agus dearcaidh fiontraíochta a fhorbairt agus chun feabhas a chur ar a n-acmhainneacht teicneolaíochta agus ar an tslí a mbainistíonn siad fiontair;

(d)  tacú le méadú FBManna trí thionscadail shuntasacha maidir le leathnú gnólachtaí bunaithe ar dheiseanna margadhthiomáinte (ionstraim méadaithe FBManna);

(e)  tacú le gníomhaíochtaí earnáilsonracha i réimsí a mbíonn cion ard micrifhiontar agus FBManna agus rannchuidiú mór le OTI an Aontais ina saintréithe acu, amhail earnáil na turasóireachta. [Leasú 106]

3b.  Féadfar a áireamh i ngníomhaíochtaí a dtabharfar fúthu tríd an Líonra Fiontar Eorpach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír (3a) den Airteagal seo, inter alia:

(a)  idirnáisiúnú FBManna agus sainaithint comhpháirtithe gnó sa mhargadh inmheánach, comhar trasteorann maidir le taighde agus forbairt, teicneolaíocht, comhpháirtíocht aistrithe eolais agus nuálaíochta a éascú;

(b)  faisnéis, treoir agus comhairle shaincheaptha a sholáthar maidir le dlí an Aontais, deiseanna maoinithe agus cistithe an Aontais mar aon le tionscnaimh an Aontais a mbíonn tionchar acu ar ghnó, lena n-áirítear cánachas, cearta maoine, oibleagáidí a bhaineann leis an gcomhshaol agus le fuinneamh, gnéithe maidir le saothar agus slándáil shóisialta;

(c)  rochtain FBManna ar shaineolas comhshaoil, aeráide, éifeachtúlachta fuinnimh agus feidhmíochta a éascú;

(d)  an líonra a fheabhsú le líonraí eile faisnéise agus comhairleacha de chuid an Aontais agus na mBallstát, go háirithe, EURES, Moil nuálaíochta an Aontais agus Mol comhairleach InvestEU.

Déanfar seirbhísí a sholáthraíonn an Líonra thar ceann cláir eile de chuid an Aontais a chistiú leis na cláir sin.

Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht do ghníomhaíochtaí sa Líonra chun feabhas a chur le codanna nó gnéithe de nach gcomhlíonann an caighdeáin íosta chun tacaíocht aonchineálach a thabhairt do mhicrifhiontair agus do FBManna ar fud an Aontais.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena mbunófar táscairí agus caighdeáin íosta chun tionchar an Líonra a thomhas maidir le cuspóirí sonracha agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí i gcomhair FBManna.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun cineálacha breise tacaíochta do na FBManna nach bhforáiltear sa mhír sin a bhunú. [Leasú 107]

4.  Beidh na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(i) den Rialachán seo incháilithe chun cistiú a fháil.

5.  Maidir leis na gníomhaíochtaí lena dtabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí a dhírítear ar chaighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a mheas agus faireachán a dhéanamh orthu i dtaca le tuairisciú agus iniúchóireacht airgeadais agus maoirseacht a dhéanamh ar a bpróisis socraithe caighdeán agus cur chun feidhme an chuspóra sonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), beidh na gníomhaíochtaí sin incháilithe chun cistiú a fháil.

5a.  Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas, lena gcuirfear chun feidhme na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i), incháilithe chun cistiú a fháil:

(a)  feasacht agus oideachas tomhaltóirí ar chearta tomhaltóirí trí oideachas ar feadh an tsaoil a fheabhsú ar rialacha tomhaltóirí AE, agus trí chumhacht a thabhairt do thomhaltóirí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna nua a eascraíonn as forbairt theicneolaíoch agus digitiú, lena n-áirítear riachtanais shonracha tomhaltóirí leochaileacha;

(b)  rochtain ar sheirbhísí ardchaighdeáin réitithe díospóide lasmuigh den chúirt agus ar líne a áirithiú agus a éascú do thomhaltóirí agus trádálaithe uile, mar aon le faisnéis maidir le féidearthachtaí sásaimh;

(c)  tacú le forfheidhmiú níos láidre a dhéanamh ar dhlíthe tomhaltóirí, agus aird ar leith á tabhairt ar chásanna trasteorann nó ar chásanna trasteorann a bhaineann le tríú páirtithe, comhordú agus comhar éifeachtach idir comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin agus comhar forfheidhmiúcháin le tríú tíortha;

(d)  tomhaltas inbhuanaithe a chothú trí fheasacht na dtomhaltóirí a ardú maidir le marthanacht táirge agus tionchar comhshaoil, gnéithe éicidhearthóireachta, cearta tomhaltóirí a chur chun cinn ina leith seo agus an deis sásamh a fháil i gcás táirgí a chliseann go luath. [Leasú 108]

6.  Beidh na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) incháilithe chun cistiú a fháil.

7.  Beidh na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) incháilithe chun cistiú a fháil.

Airteagal 9

Eintitis incháilithe

1.  Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2 go mír 7 den Airteagal seo.

2.  Chomh maith leis na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach i mír 3 go mír 7, beidh na heintitis seo a leanas incháilithe faoin gClár:

(a)  eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(i)  Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)  tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár i gcomhréir le hAirteagal 5;

(b)  aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta;

(c)  Tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár ar an gcoinníoll go bhfuil cuspóirí an Aontais á saothrú leis an ngníomhaíocht agus go gcuireann na gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas le héifeachtacht na n‑idirghabhálacha a dhéantar i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo.

3.  Féadfaidh an Coimisiún cead a thabhairt d’eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí seo a leanas: [Leasú 109]

(a)  gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b);

(b)  gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cosaint tomhaltóirí agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i).

Ní beidh na heintitis atá páirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) i dteideal ranníocaíochtaí airgeadais a fháil ón Aontas, go háirithe i gcás go bhfuil baol ann go n-aistreofaí an teicneolaíocht nuálaíoch, seachas i gcás ina bhfuil sé sár-riachtanach don Chlár, go háirithe maidir le hiomaíochas agus rochtain ar mhargaí d'fhiontair an Aontais nó maidir le cosaint na dtomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin maidir le heintitis a dhéanann brabús. [Leasú 110]

4.  Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(i) den Rialachán seo, beidh na heintitis a shonraítear in Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 incháilithe.

5.  Maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cosaint tomhaltóirí agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i) agus a bhaineann le Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí, beidh na comhlachtaí seo a leanas incháilithe:

(a)  comhlacht a ainmneoidh Ballstát nó tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 5 ar comhlacht neamhbhrabúsach é a roghnófar trí nós imeachta trédhearcach;

(b)  comhlacht poiblí.

6.  Beidh tríú tíortha, atá comhlachaithe leis an gClár nó nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, incháilithe i leith na ngníomhaíochtaí seo a leanas lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e):

(a)  bearta cosanta arna ndéanamh i gcás ina mbeidh baol díreach ann do stádas sláinte an Aontais de dheasca ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó de na lotnaidí plandaí a liostaítear sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16 a bheith ann nó a bheith ag forbairt ar chríoch tríú tír nó i mBallstát;

(b)  bearta cosanta, nó gníomhaíochtaí ábhartha eile, arna ndéanamh chun tacú le stádas sláinte plandaí san Aontas.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn III a leasú i gcás inar gá aird a thabhairt ar na cúinsí a spreagtar ag na galair ainmhithe sin a bhfuil tionchar suntasach acu ar tháirgeadh beostoic nó ar thrádáil, forbairt zónóisí a bheidh ina mbaol don duine, nó forbairt eolaíoch nó eipidéimeolaíoch nua, chomh maith leis na galair ar dócha go mbeidh siad ina bhaol nua don Aontas.

Ach amháin i gcás galar ainmhithe agus lotnaidí plandaí a bhfuil tionchar suntasach acu ar an Aontas, ba cheart do thíortha neamhchomhlachaithe a rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a mhaoiniú iad féin, i bprionsabal.

7.  Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, beidh na heintitis dhlíthiúla seo a leanas incháilithe:

(a)  institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009;

(b)  maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le líonraí comhoibríocha, comhlachtaí eile a fheidhmíonn i réimse an staidrimh nach ionann iad agus na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo;

(c)  go bhfuil siad neamhbhrabúsach, neamhspleách ar an tionscal agus ar leasanna tráchtála agus gnó nó leasanna coinbhleachta eile, agus gurb iad a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhghníomhaíochtaí cur chun feidhme Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, a chur chun cinn agus tacú leis, agus modhanna táirgthe nua a chur chun feidhme i gcomhair staidrimh Eorpaigh, ar modhanna iad a bheidh dírithe ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar fheabhsúcháin cháilíochta ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 10

Tairbhithe ainmnithe

Féadfar deontais a dhámhachtain ar na heintitis seo a leanas faoin gClár gan glao ar thograí:

(a)  maidir le gníomhaíochtaí i réimse an fhaireachais margaidh lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(ii) den Rialachán seo, údaráis faireachais margaidh na mBallstát de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Airteagal 11 de [Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí](57); [Leasú 111]

(b)  maidir le gníomhaíochtaí i réimse an chreidiúnaithe agus an fhaireachais margaidh lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(i) den Rialachán seo, an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a dhéanamh; [Leasú 112]

(c)  maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(i) den Rialachán seo, na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(d)  maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG), Fondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais agus an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB);

(e)  maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i) i ndáil le hionadaíocht leasa tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, Bureau Européen des Unions de Consommateurs (BEUC) agus an Comhlachas Eorpach um Chomhordú Ionadaíochta Tomhaltóirí maidir le Caighdeánú (ANEC) ar an gcoinníoll nach bhfuil aon leasanna coinbhleachta acu agus go ndéanann a mbaill ionadaíocht ar leasanna thomhaltóirí an Aontais in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad;

(f)  maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(ii), Finance Watch agus Better Finance faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, agus measúnú bliantúil le déanamh orthu:

(i)  leanfaidh na heintitis de bheith ina n‑eintitis neamhrialtasacha, neamhbhrabúsacha atá neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó;

(ii)  níl aon leasanna coinbhleachta acu agus déanfaidh siad ionadaíocht, trína mbaill, ar leasanna thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais;

(g)  maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo:

(i)  údaráis inniúla na mBallstát agus a n‑eintitis chleamhnaithe, na Saotharlanna Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus na Lárionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 92, Airteagal 95 agus Airteagal 97 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(58) agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(ii)  i gcás gníomhaíochtaí arna dtuairisciú faoi Airteagal 9(6)(a) agus (b) den Rialachán seo, agus sna cásanna sin amháin, tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár nó tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis;

(h)  maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Maidir le pointe (e) den chéad mhír den Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun oiriúnú a dhéanamh ar liosta na n-eintiteas a fhéadfar deontas a dhámhachtain orthu faoin gClár, le haghaidh gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i). [Leasú 113]

Airteagal 11

Critéir mheastóireachta agus dhámhachtana

Maidir le coiste meastóireachta nó coistí meastóireachta na ngníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach nó na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), féadfaidh an coiste nó na coistí sin a bheith comhdhéanta go hiomlán nó go páirteach de shaineolaithe seachtracha. Beidh obair an choiste/na gcoistí meastóireachta bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. [Leasú 114]

Airteagal 12

Rialacha cómhaoinithe

1.  Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(ii) den Rialachán seo le tagairt d’údaráis faireachais margaidh na mBallstát agus na tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár agus le tagairt do shaoráidí tástála an Aontais de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 20 de [Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí], féadfaidh an Clár suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta a mhaoiniú, ar an gcoinníoll nach sárófar prionsabal an chómhaoinithe mar a shainítear é sa Rialachán Airgeadais. [Leasú 115]

2.  Maidir le deontais arna ndámhachtain ar an mBord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), má shroicheann an cistiúchán ó Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC) i mbliain ar leith níos mó ná dhá thrian de chistiúchán iomlán na bliana, beidh ranníocaíocht bhliantúil na bliana sin teoranta d’uasmhéid arna shonrú sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16.

3.  

4.  Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, féadfaidh an Clár suas le 95 % de chostais incháilithe gníomhaíochtaí lena dtacaítear le líonraí comhoibríocha de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a mhaoiniú.

Airteagal 13

Costais incháilithe

Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir maidir le hincháilitheacht costas seo a leanas i dtaca le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo:

(a)  de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 193(2)(b) den Rialachán Airgeadais, beidh costais incháilithe roimh dháta tosaigh na gníomhaíochta;

(b)  d’fhéadfadh na costais sin a bheith incháilithe freisin mar thoradh ar bhearta a dhéanfar i dtaca le hamhras faoi ghalar nó lotnaid, ar choinníoll go ndearbhaítear tar éis sin an galar nó an lotnaid a bheith ann.

Beidh na costais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír incháilithe ón dáta a thabharfar fógra don Choimisiún maidir le galar nó lotnaid a bheith ann.

Airteagal 14

Cistiú carnach, comhlántach agus comhpháirteach

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ó chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus féadfar an tacaíocht as na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

2.  Seo a leanas gníomhaíochtaí a bhronntar dearbhú Séala Barr Feabhais orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha, comparáideacha:

(a)  rinneadh measúnú ar na gníomhaíochtaí i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)  comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

(c)  ní fhéadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

Féadfaidh sé go bhfaighidh siad tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus nó ó Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal [67] de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal [8] de Rialachán (AE) XX [maoiniú, bainistiú agus faireachán ar an gComhbheartas Talmhaíochta], nó Rialachán (AE) XX [lena mbunaítear an clár don Eoraip Dhigiteach] go háirithe an cuspóir maidir le hArdscileanna Digiteacha, [ar choinníoll go mbíonn na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirtear tacaíocht ar fáil. [Leasú 116]

3.  Is féidir le gníomhaíocht tacaíocht a fháil ó chlár amháin nó níos mó de chuid an Aontais. I gcásanna den sórt sin, an caiteachas arna dhearbhú in iarratas ar íocaíocht, ní dhéanfar é a dhearbhú i gcás iarratas ar íocaíocht le haghaidh clár eile.

4.  Féadfar méid an chaiteachais atá le cur isteach in iarratas ar íocaíochta a ríomh le haghaidh gach cláir lena mbaineann ar bhonn pro rata i gcomhréir leis an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

CAIBIDIL III

OIBRÍOCHTAÍ MEASCTHA

Airteagal 15

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha a chinnfear faoin gClár seo chun feidhme i gcomhréir leis an [Rialachán maidir le InvestEU] agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

CAIBIDIL IV

CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 16

An Clár a chur chun feidhme

1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20, ag forlíonadh an Rialacháin seo, chun clár/cláir oibre a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Beidh na cláir oibre bliantúil nó ilbhliantúil agus leagfar amach iontu, go háirithe, na cuspóirí atá le saothrú, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, an modh cur chun feidhme agus méid iomlán an phlean maoinithe. Leagfar amach iontu freisin go mionsonraithe tuairisc ar na bearta atá le maoiniú, meastachán ar an méid atá le leithdháileadh ar gach beart agus tráthchlár cur chun feidhme garbh. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. [Leasú 117]

2.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 20, lena bhforlíontar an Rialachán seo trí ghlacadh clár oibre i gcomhréir leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) a leagtar amach in Iarscríbhinn I. [Leasú 118]

3.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfar gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 14 agus Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 17

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn éifeachtacht agus éifeachtúlacht an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2). [Leasú 119]

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo ghnóthú a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 20, chun Iarscríbhinn IV a leasú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus (nuair is ábhartha) ar Bhallstáit.

Airteagal 18

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir Faoin ... [ceithre bliana tar éis thús chur chun feidhme an Chláir] ar a dhéanaí, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil eatramhach mheastóireachta faoin gClár maidir le baint amach chuspóirí na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gClár, maidir leis na torthaí agus na hiarmhairtí, le héifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus an breisluach Eorpach a bhaineann leis. [Leasú 120]

3.  Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais i dtaca le forbairt Chaighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, an PIOB agus an EFRAG. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

4.  I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le Coiste an Chórais Staidrimh Eorpaigh maidir leis an gcuid den mheastóireacht a bhaineann le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, sula nglacfar iad agus sula gcuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle iad.

5.  Faoin ... [trí bliana tar éis dheireadh chur chun feidhme an Chláir ] ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta deiridh a tharraingt suas ar thionchar fadtéarmach an Chláir, ar thorthaí agus ar inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí agus ar na sineirgíochtaí idir na cláir oibre éagsúla. [Leasú 121]

6.  Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 5, chomh maith lena thátail féin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún agus cuirfear ar fáil go poiblí iad. I gcás inarb iomchuí, beidh tograí le haghaidh modhnuithe ar an gClár seo ag gabháil leis na tuarascálacha sin. [Leasú 122]

Airteagal 19

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar leis na cearta sin an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, mar a bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir le hiniúchtaí arna ndéanamh ag (OLAF).

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8(3b), 9, 10, 16 agus17, a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028. [Leasú 123]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8(3b), 9, 10, 16 agus17 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 124]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8(3b), 9, 10, 16 agus 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 125]

Airteagal 21

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(59) coiste atá ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(60) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. [Leasú 126]

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n‑iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 22

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad trédhearcacht agus infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. [Leasú 127]

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár ar bhealach oiriúnach don úsáideoir, chun feasacht a ardú i measc tomhaltóirí, saoránach, gnólachtaí, go háirithe FBManna agus riaracháin phoiblí maidir leis na hacmhainní arna soláthar trí ionstraimí airgeadais an Rialacháin seo, chomh maith faoina ghníomhaíochtaí agus a thorthaí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. [Leasú 128]

3.  Déanfaidh an Coimisiún (EUROSTAT) gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme an chuspóra sonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) a chur chun feidhme, chomh maith lena ghníomhaíochtaí agus lena thorthaí nuair a bhaineann siad le bailiú sonraí agus le staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. [Leasú 129]

Airteagal 23

Aisghairm

Aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 24

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na mbeart lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826 , a mbeidh feidhm acu fós maidir leis na tionscadail lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir,arna leagan síos le gníomhartha a liostaítear i mír 1, a áirithiú.

3.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Gníomhaíochtaí incháilithe lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e)

Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas – a chuirfear chun feidhme go príomha trí bhíthin deontais agus soláthar – agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) incháilithe chun cistiú a fháil:

1.  Bearta éigeandála tréidliachta agus fíteashláintíochta

1.1.  Bearta éigeandála tréidliachta agus fiteashláintíochta a bheidh le déanamh mar thoradh ar dhearbhú a fháil go bhfuil ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí a liostaítear in Iarscríbhinn III ann nó lotnaid amháin nó níos mó ann, nó má tá baol díreach ann do stádas sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí san Aontas.

Déanfar na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír a chur chun feidhme láithreach agus beidh a gcur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i ndlí ábhartha an Aontais.

1.2.  Maidir le héigeandálaí fiteashláintíochta, beidh na bearta seo a leanas le déanamh ag na Ballstáit i gcoinne an chéad ráig de lotnaidí i gceantar ar leith:

(a)  bearta chun lotnaid choraintín de chuid an Aontais a chosc, a shrianadh agus/nó a dhíothú, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(61) nó de bhun bhearta an Aontais arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Rialachán sin; [Leasú 130]

(b)  bearta chun lotnaid, nach bhfuil liostaithe mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais, a chosc, a shrianadh agus/nó a dhíothú, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus a d’fhéadfaí a cháiliú mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear san Airteagal sin nó in Airteagal 30(1) den Rialachán sin; [Leasú 131]

(c)  bearta cosanta breise arna ndéanamh i gcoinne leathadh lotnaide, ar ghlac an tAontas bearta ina coinne cheana de bhun Airteagal 28(1) agus Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, seachas na bearta díothaithe sin dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den phointe seo, i gcás ina bhfuil na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin,ag srianadh, i gcás inar gá, shaorghluaiseacht na n-iompróirí isteach sna Ballstáit máguaird. [Leasú 132]

(ca)  bearta chun lotnaidí a tháinig chun solais go tobann a dhíothú, fiú amháin i gcás nach meastar an lotnaid sin a bheith ina lotnaid choraintín de chuid an Aontais ach ar ann di mar thoradh ar mhórthubaiste aeráide nó ar an athrú aeráide i mBallstát. [Leasú 133]

1.3.  D’fhéadfaí cistiú ón Aontas a chur ar fáil freisin do na bearta seo a leanas:

1.3.1.  Bearta cosanta arna ndéanamh i gcás ina mbeadh baol díreach ann do stádas sláinte an Aontais de dheasca ceann de na galair ainmhithe agus zónóisí a liostaítear in Iarscríbhinn III a bheith ann nó a bheith ag forbairt ar chríoch tríú tír nó i mBallstát nó i dtíortha nó ar chríocha thar lear agus bearta cosanta, nó gníomhaíochtaí ábhartha eile, arna ndéanamh chun tacú le stádas sláinte plandaí san Aontas;

1.3.2.  Bearta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo arna ndéanamh ag dhá Bhallstát nó níos mó a théann i ndlúthchomhar lena chéile chun an eipidéim a rialú;

1.3.3.  Bunú stoc táirgí bitheolaíocha lena mbeartaítear na galair ainmhithe agus na zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III a rialú, i gcás ina measann an Coimisiún, ar iarraidh ó Bhallstát, gur gá na stoic sin a bhunú sa Bhallstát sin;

1.3.4.  Bunú stoc táirgí bitheolaíocha nó ceannach dáileog vacsaíne dá bhféadfadh an tAontas a bheith i mbaol de dheasca ceann de na galair ainmhithe nó na zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III a bheith ann nó ag forbairt i dtríú tír nó i mBallstát.

1.3.4a.  I gcás ina dtarlaíonn ráig amhrasta de ghalar ainmhí agus/nó go dtugtar faoi deara gur tháinig orgánaigh dhíobhálacha i láthair, beidh sé den riachtanas cur leis na seiceálacha agus leis an bhfaireachán ar fud AE san Aontas agus ar a theorainneacha seachtracha; [Leasú 134]

1.3.4b.   Bearta chun faireachán a dhéanamh ar theacht i láthair lotnaidí agus galair aitheanta mar aon le lotnaidí agus galair atá anaithnid faoi láthair. [Leasú 135]

2.  Cláir tréidliachta agus fíteashláintíochta bhliantúla agus ilbhliantúla

2.1.  Maidir le cláir thréidliachta agus fíteashláintíochta bhliantúla agus ilbhliantúla chun galair ainmhithe agus zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III agus lotnaidí plandaí a chosc, a dhíothú, a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu, ní mór iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa dlí ábhartha de chuid an Aontais. [Leasú 136]

Sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16, leagfar amach na coinníollacha ar a mbeidh na gníomhaíochtaí incháilithe chun cistiú a fháil.

Déanfar cláir a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine den bhliain roimh an tréimhse cur chun feidhme a bheartaítear.

Tar éis do na tairbhithe na tuarascálacha idirmheánacha a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún, más gá, na comhaontuithe maidir le deontas a thabhairt a leasú i ndáil leis an tréimhse incháilitheachta ina iomláine.

Ba cheart go léireodh na cláir sin na réaltachtaí nua atá ann mar thoradh ar an athrú aeráide maille le héagsúlachtaí na réaltachtaí sin ar an leibhéal Eorpach; ba cheart go gcuideoidís freisin le cosc a chur le creimeadh na bithéagsúlachta Eorpaí. [Leasú 137]

2.2.  I gcás ina mbriseann ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III amach nó i gcás ina bhfuil ceann acu ag forbairt, agus gur dóigh dóibh stádas sláinte an Aontais a chur i mbaol, agus chun an tAontas a chosaint ar thabhairt isteach ceann de na galair nó de na zónóisí sin, nó má tá gá le bearta cosanta chun tacú le stádas sláinte plandaí an Aontais, féadfaidh na Ballstáit bearta a áireamh ina gcláir náisiúnta a chuirfear chun feidhme i gcríocha tríú tíortha i gcomhar le húdaráis na dtíortha sin. Faoi na coinníollacha céanna agus chun na críocha céanna, féadfar cistiú ón Aontas a bhronnadh go díreach ar údaráis inniúla tríú tíortha.

2.3.  Maidir le cláir fhiteashláintíochta, féadfar cistiú ón Aontas a bhronnadh ar Bhallstáit do na bearta seo a leanas:

(a)  suirbhéanna, i rith tréimhsí ama ar leith, ag seiceáil, ar a laghad, láithreacht aon lotnaide coraintín de chuid an Aontais, agus comharthaí nó siomptóim aon lotnaide faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/2031 nó faoi réir bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin;

(b)  suirbhéanna, i rith tréimhsí ama ar leith, ag seiceáil, ar a laghad, láithreacht aon lotnaide, seachas na lotnaidí dá dtagraítear i bpointe (a), a d’fhéadfadh a bheith ina riosca arna theacht chun cinn don Aontas, agus a mbeadh tionchar suntasach ar thalmhaíocht nó ar fhoraoisí an Aontais dá dtabharfaí isteach í nó dá leathfaí í;

(c)  bearta chun lotnaid choraintín de chuid an Aontais a chosc, a shrianadh nó a dhíothú, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle105 nó de bhun bhearta an Aontais arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Rialachán sin; [Leasú 138]

(d)  bearta chun lotnaid, nach bhfuil liostaithe mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais, a chosc, a shrianadh nó a dhíothú, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus a d’fhéadfaí a cháiliú mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear san Airteagal sin nó in Airteagal 30(1) den Rialachán sin; [Leasú 139]

(e)  bearta cosanta breise arna ndéanamh i gcoinne leathadh lotnaide, ar ghlac an tAontas bearta ina coinne cheana de bhun Airteagal 28(1) agus Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, seachas na bearta díothúcháin sin dá dtagraítear i bpointe (c) den phointe seo agus na bearta srianta dá dtagraítear i bpointe agus (d) den phointe seo, i gcás ina bhfuil na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin; [Leasú 140]

(f)  bearta chun lotnaid, ar ghlac an tAontas bearta srianta ina coinne cheana de bhun Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2016/2031 nó Airteagal 30(3) den Rialachán sin, a shrianadh laistigh de limistéar inmhíolaithe nach féidir an lotnaid a dhíothú uaidh, i gcás ina mbeidh na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin.

Cinnfear leis an gclár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16 liosta na lotnaidí plandaí a bheidh le cumhdach faoi na bearta sin.

3.  Gníomhaíochtaí chun tacú le leas ainmhithe a fheabhsú, lena n-áirítear bearta chun comhlíonadh caighdeán maidir le leas ainmnithe agus inrianaitheacht a áirithiú lena n-áirítear le linn iompar ainmnithe. [Leasú 141]

4.  Na Saotharlanna Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus na Lárionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 92, Airteagal 95 agus Airteagal 97 de Rialachán (AE) 2017/625.

5.  Cláir chomhordaithe rialaithe agus bailiú faisnéise agus sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2017/625.

6.  Gníomhaíochtaí chun dramhaíl bia a chosc agus calaois bhia a chomhrac.

7.  Gníomhaíochtaí ag tacú le táirgeadh agrai-éiceolaíoch, tomhaltas inbhuanaithe bia, nach bhfuil aon tionchar díobhálach aige ar an gcomhshaol agus ar bhithéagsúlacht, agus díolacháin dhíreacha agus slabhraí gearra soláthair a chur chun cinn. [Leasú 142]

8.  Bunachair shonraí agus córais bainistíochta faisnéise ríomhairithe atá riachtanach chun an reachtaíocht a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil agus ar cruthaíodh go bhfuil breisluach ag baint leo don Aontas ina iomláine; cur chun feidhme teicneolaíochtaí nua chun inrianaitheacht táirgí a fheabhsú, amhail cóid QR ar phacáistíocht táirgí. [Leasú 143]

9.  Foireann na n‑údarás inniúil atá freagrach as rialuithe oifigiúla a oiliúint, chomh maith le páirtithe eile a bhfuil baint acu le galair ainmnithe nó lotnaidí plandaí a bhainistiú agus/nó a chosc, dá dtagraítear in Airteagal 130 de Rialachán (AE) 2017/625.

10.  Speansais taistil, lóistín agus speansais chothaithe laethúla arna dtabhú ag saineolaithe na mBallstát de bhrí gur iarr an Coimisiún orthu cuidiú lena shaineolaithe féin, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 116(4) agus in Airteagal 120(4) de Rialachán (AE) 2017/625.

11.  Obair theicniúil agus eolaíoch, lena n-áirítear staidéir agus gníomhaíochtaí comhordúcháin, ar obair í is gá a dhéanamh chun go gcuirfí cosc le teacht i láthair lotnaidí agus galar nua agus anaithnid agus lena áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht chun feidhme i gceart sa réimse a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) agus go gcuirfear an reachtaíocht sin in oiriúint d'fhorbairtí eolaíocha, teicneolaíocha agus sochaíocha.. [Leasú 144]

12.  Gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil sé mar aidhm lena bhfeidhmiú an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) a bhaint amach mar thacú le forbairt agus cur chun feidhme na rialacha a bhaineann leis an gcuspóir sin.

13.  Tionscadail arna n‑eagrú ag Ballstát amháin nó níos mó chun cur chun feidhme éifeachtúil an chuspóra sonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) a fheabhsú, trí úsáid a bhaint as teicnící agus prótacail nuálacha.

14.  Tacaíocht do thionscnaimh faisnéise agus tionscnaimh ardaithe feasachta ag an Aontas agus ag na Ballstáit a bhfuil sé mar aidhm acu cleachtais fheabhsaithe, chomhlíontacha agus inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais bia a áirithiú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coiscthe i ndáil le dramhaíl bia ag rannchuidiú leis an ngeilleagar ciorclach agus calaois bhia, laistigh de chur chun feidhme na rialacha i réimse an chuspóra shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e). [Leasú 145]

15.  Bearta arna ndéanamh chun sláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus leas ainmhithe a chosaint, arna gcur chun feidhme ar ainmhithe, táirgí ainmhíocha, plandaí agus táirgí plandaí a thagann isteach ó thríú tíortha ag teorainn de chuid an Aontais.

IARSCRIBHINN II

Gníomhaíochtaí incháilithe lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f)

Tá faisnéis staidrimh ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa faoin staid eacnamaíoch, shóisialta, chríochach agus chomhshaoil san Aontas de dhíth chun beartais an Aontais a chur chun feidhme. Ina theannta sin, le staidreamh Eorpach tugtar an deis do shaoránaigh Eorpacha an próiseas daonlathach agus an díospóireacht maidir le staid reatha agus todhchaí an Aontais a thuiscint agus páirt a ghlacadh iontu.

I gcomhar le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach, soláthraítear an creat foriomlán i gcomhair fhorbairt, tháirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh do 2021-2027. Déantar staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh faoin gcreat sin agus i gcomhréir le prionsabail Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, trí dhlúthchomhar comhordaithe laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach (CSE).

Cuireann staidreamh arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh faoin gcreat sin le cur chun feidhme bheartais an Aontais, mar a leagtar amach in CFAE agus mar a léirítear tuilleadh i dtosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin.

Agus an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) á chur chun feidhme, déanfar na gníomhaíochtaí seo a leanas:

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, Domhandú agus Trádáil

–  staidreamh ardcháilíochta a sholáthar lena gcuirfear bonn faoin Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach, faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú agus faoi thimthriall bliantúil an Aontais i ndáil le faireachán agus treoir eacnamaíoch;

–  na Príomhtháscairí Eacnamaíocha Eorpacha a sholáthar agus, i gcás inar gá, a fheabhsú;

–  staidreamh agus treoir maidir le modheolaíocht a sholáthar i ngeall le láimhseáil staidrimh na n‑ionstraimí infheistíochta agus buiséadacha agus iad ag tacú le cóineasú eacnamaíoch, cobhsaíocht airgeadais agus cruthú post;

–  staidreamh a chur ar fáil chun críocha acmhainní dílse agus luach saothair agus pinsin fhoireann an Aontais;

–  tomhas níos fearr a dhéanamh ar thrádáil earraí agus seirbhísí, infheistíocht dhíreach choigríche, slabhraí luacha domhanda agus tionchar an domhandaithe ar gheilleagair an Aontais. [Leasú 146]

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Claochlú Digiteach

–  staidreamh ardcháilíochta iontaofa a chur ar fáil don Mhargadh Aonair, don Phlean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint agus do réimsí tábhachtacha nuálaíochta agus taighde;

–  tuilleadh staidrimh a chur ar fáil atá níos tráthúla maidir leis an ngeilleagar comhroinnte agus tionchar an digitithe ar ghnó agus ar shaoránaigh na hEorpa.

An ghné shóisialta den Eoraip

–  staidreamh ardcháilíochta, tráthúil agus iontaofa a chur ar fáil lena dtabharfar tacaíocht do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Beartas Scileanna an Aontais, lena n-áirítear, ach gan a bheith eisiach do, staidreamh maidir le margadh an tsaothair, fostaíocht, oideachas agus oiliúint, ioncam, dálaí maireachtála, bochtaineacht, éagothromaíocht, cuimsiú sóisialta, obair neamhdhearbhaithe agus cuntais satailíte maidir le scileanna; [Leasú 147]

–  staidreamh a sholáthar a bhaineann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;

–  staidreamh a fheabhsú maidir le himirce, go háirithe i ndáil le cás agus lánpháirtiú na n‑imirceach agus riachtanais oideachais agus leibhéil cháilíochta iarrthóirí tearmainn;

–  cláir nuachóirithe Daonáirimh agus Áirimh Tithíochta a fhorbairt do na blianta tar éis 2021 chomh maith le staidreamh daonra;

–  réamh-mheastachán daonra a sholáthar agus nuashonruithe bliantúla a dhéanamh orthu.

Forbairt inbhuanaithe, Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

–  faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna);

–  tuilleadh forbartha ar staidreamh a thacaíonn leis an Straitéis Fuinnimh, leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an straitéis i leith plaisteach;

–  staidreamh agus táscairí tábhachtacha a sholáthar maidir leis an gcomhshaol, lena n‑áirítear i dtaca le dramhaíl, uisce, bithéagsúlacht, foraoisí, úsáid talún agus cumhdach talún chomh maith le staidreamh a bhaineann leis an aeráid agus cuntais eacnamaíocha chomhshaoil;

–  staidreamh iompair lastais agus iompair phaisinéirí a sholáthar chun tacú le beartais an Aontais agus

–  táscairí breise a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar an idirmhódúlacht agus ar an aistriú módach i dtreo modhanna iompair nach bhfuil chomh díobhálach céanna don chomhshaol;

–  sonraí tráthúla ábhartha a sholáthar chun freastal ar riachtanais an Chomhbheartais Talmhaíochta, an Chomhbheartais Iascaigh agus na mbeartas a bhaineann leis an gcomhshaol, le slándáil bia agus le leas ainmhithe.

Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach

–  táscairí tráthúla agus cuimsitheacha staidrimh a sholáthar maidir le réigiúin, lena n‑áirítear na réigiúin is forimeallaí san Aontas, cathracha agus ceantair thuaithe an Aontais chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtúil is atá beartais um fhorbairt chríochach agus chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchair chríochacha beartais earnálacha;

–  tacú le forbairt táscairí maidir le sciúradh airgid agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta; agus staidreamh a fhorbairt i ndáil le póilíní agus slándáil;

–  níos mó úsáide a bhaint, de réir a chéile, as sonraí geospásúla agus bainistíocht faisnéise geospásúla a chomhtháthú agus a phríomhshruthú go córasach i dtáirgeadh staidrimh.

Staidreamh Eorpach a chur in iúl ar bhealach níos fearr agus é a chur chun cinn mar fhoinsí iontaofa chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne

–  staidreamh Eorpach a chur chun cinn go córasach mar fhoinse iontaofa faisnéise agus lucht seiceála fíricí, taighdeoirí agus údaráis phoiblí a éascú lena úsáid chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne;

–  é a dhéanamh níos éasca d’úsáideoirí rochtain a fháil ar staidreamh agus é a thuiscint, lena n‑áirítear trí amharcléirithe tharraingteacha agus idirghníomhacha a sholáthar chomh maith le seirbhísí níos oiriúnaithe ar nós sonraí ar éileamh, agus anailísíocht féinseirbhíse;

–  tuilleadh forbartha agus faireacháin a dhéanamh ar an gcreat dearbhaithe cáilíochta do staidreamh Eorpach, lena n‑áirítear trí athbhreithnithe piaraí ar a mhéid is atá Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh á chomhlíonadh ag na Ballstáit;

–  rochtain a sholáthar ar mhicreashonraí chun críocha taighde agus na caighdeáin is airde a chosaint ag an am céanna i dtaca le cosaint sonraí agus rúndacht staidrimh.

Fómhar na réabhlóide sonraí a bhaint agus bogadh go staidreamh iontaofa cliste

–  méadú ar shaothrú foinsí nua sonraí digiteacha agus dúshraith an staidrimh iontaofa a bhunú chun staidreamh nua a tháirgeadh gar d’fhíor-am le halgartaim iontaofa;

–  bealaí nua cuir chuige a fhorbairt chun úsáid a bhaint as sonraí atá faoi sheilbh phoiblí trí ghlacadh le ríomh a chosnaíonn an phríobháideacht agus modhanna ríomha slána ilpháirtí;

–  taighde agus nuálaíocht cheannródaíoch i staidreamh oifigiúil a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as líonraí comhoibríocha agus trí Chláir Oiliúna a sholáthar ar Staidreamh Eorpach.

Comhpháirtíochtaí leathnaithe agus comhar staidrimh

–  an chomhpháirtíocht CSE agus an comhar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais a neartú;

–  comhpháirtíochtaí a chothú le sealbhóirí sonraí poiblí agus príobháideacha agus le hearnáil na teicneolaíochta le rochtain ar shonraí chun críocha staidrimh a éascú, chomh maith le sonraí ó ilfhoinsí a chomhtháthú agus úsáid na teicneolaíochtaí is déanaí;

–  comhar le taighde agus leis an lucht acadúil a fheabhsú, go háirithe maidir le foinsí nua sonraí a úsáid, anailísíocht sonraí, agus cur chun cinn na litearthachta staidrimh;

–  comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha chun tairbhe staidrimh oifigiúil domhanda.

IARSCRÍBHINN III

Liosta galar ainmhithe agus zónóisí

(1)  Tinneas Afracach na gcapall

(2)  Fiabhras Afracach na muc

(3)  Antrasc

(4)  Fliú éanúil (ardphataigineach),

(5)  Fliú éanúil (lagphataigineach),

(6)  Campalabaictéaróis

(7)  Fiabhras clasaiceach muc

(8)  Galar crúb agus béil

(9)  Pliúrainiúmóine tógálach gabhar

(10)  Fothach

(11)  Ionfhabhtú le víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24),

(12)  Ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis

(13)  Ionfhabhtú le víreas ghalar fuilreatha eipeasótach

(14)  Ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh

(15)  Ionfhabhtú le Mycoplasma mycoides fospeiceas mycoides SC (Pliúrainiúmóine tógálach buaibheach),

(16)  Ionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (M. bovis, M. caprae agus M. tuberculosis)

(17)  Ionfhabhtú le víreas ghalar Newcastle

(18)  Ionfhabhtú le víreas ghalar na mion-athchogantach

(19)  Ionfhabhtú le víreas an chonfaidh

(20)  Ionfhabhtú le heipitíteas eansótach

(21)  Ionfhabhtú le víreas phlá na mbó

(22)  Ionfhabhtú le séiritíopaí zónóiseacha Salmonella

(23)  Fíniú le Echinococcus spp

(24)  Listéaróis

(25)  Bolgach caorach agus bolgach gabhar

(26)  Einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha

(27)  Tricineallóis

(28)  Einceifilimiailíteas eachaí Veiniséalach

(29)  E. coli veireatocsaigineach

Cumhdaítear i liosta na ngalar ainmhithe agus zónóisí:

(a)  liosta na ngalar a tarraingíodh suas de bhun Chaibidil 2 de Chuid 1 de Rialachán (AE) 2016/429;

(b)  salmonella, zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 agus in Treoir 2003/99/CE(62);

(c)  Einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha. [Leasú 148]

IARSCRÍBHINN IV

TÁSCAIRÍ

Cuspóir

Táscaire

Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(a)

1 - Líon na ngearán nua agus cásanna neamhchomhlíonta i dtaca le saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, chomh maith le Reachtaíocht an Aontais maidir le soláthar poiblí.

2 - Innéacs Sriantachta na Trádála Seirbhísí.

3 - Líon na gcuairteanna ar thairseach An Eoraip Agatsa.

4 – Líon na bhfeachtas comhpháirteach um fhaireachas margaidh.

Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(a)(ii)

1 - Líon na ngearán nua agus cásanna neamhchomhlíonta i dtaca le saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus díolacháin ar líne.

2 - Líon na bhfeachtas comhpháirteach um fhaireachas margaidh agus sábháilteacht táirgí.

Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(b)

1 - Líon na FBManna a fhaigheann tacaíocht ón gclár agus ón Líonra.

2 - Líon na gcomhlachtaí ar tacaíodh leo agus a bhfuil comhpháirtíochtaí gnó curtha i gcrích acu.

2a - Líon na bhfiontraithe atá ag baint tairbhe as scéimeanna meantóireachta agus soghluaisteachta

2b - Laghdú ama agus costais maidir le FMB a chur ar bun.

2c - Líon na líonraí fiontar arna gcruthú i gcomparáid leis an mbonnlíne

2d - Líon na mBallstát a úsáideann tástáil FBManna.

2e - Ardú mór ar líon na mBallstát ina bhfuil ionad ilfhreastail do ghnólachtaí nuathionscanta.

2f - Ardú ar chion na FBManna atá ag onnmhairiú agus ardú ar chion na FBManna atá ag onnmhairiú lasmuigh den Aontas i gcomparáid leis an mbonnlíne.

2g - Ardú mór ar líon na mBallstát a chuireann réitigh fiontraíochta i bhfeidhm, ar réitigh iad lena ndírítear ar ábhar fiontraithe, ar fhiontraithe nua, ar fhiontraithe ban, agus ar spriocghrúpaí sonracha eile i gcomparáid leis an mbonnlíne

2h - Méadú ar líon na saoránach san Aontas ar mhaith leo a bheith féinfhostaithe i gcomparáid leis an mbonnlíne.

2i - Feidhmíocht FBManna ó thaobh inbhuanaitheachta le tomhas inter alia i dtaca leis an méadú ar chion na FBManna san Aontas atá táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm agus táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe glasa á bhforbairt acu1a agus i dtaca leis an bhfeabhas a chuirfidh siad ar éifeachtúlacht fuinnimh (rud lena bhféadfar a áireamh fuinneamh, ábhair nó uisce, athchúrsáil, etc.) i gcomparáid leis an mbonnlíne.

*gach táscaire le cur i gcomparáid leis an staid reatha in 2018..

__________________

1a Green products and services are those with a predominant function of reducing environmental risk and minimising pollution and resources. Products with environmental features (eco-designed, eco-labelled, organically produced, and with an important recycled content) are also included. Source: Flash Eurobarometer 342, "SMEs, Resource Efficiency and Green Markets".

Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(c)

(i)  

(ii)  

1 - An sciar de chaighdeáin Eorpacha arna gcur chun feidhme ag Ballstáit mar chaighdeáin náisiúnta as méid iomlán na gcaighdeán Eorpach atá gníomhach.

2 - Céatadán na gcaighdeán idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht arna bhformhuiniú ag an Aontas.

Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(d)

(i)  

(ii)  

1 - Innéacs dhálaí na dtomhaltóirí.

2 - Líon na bpáipéar seasaimh agus na bhfreagairtí ar chomhairliúcháin phoiblí i réimse na seirbhísí airgeadais ó thairbhithe.

Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(e)

1 - Líon na gclár náisiúnta tréidliachta agus fiteashláintíochta a cuireadh chun feidhme.

2 - Líon na n-éigeandálaí a réitíodh go rathúil, ar éigeandálaí iad a tharla mar thoradh ar lotnaidí;

3 - Líon na n-éigeandálaí a réitíodh go rathúil, ar éigeandálaí iad a tharla mar thoradh ar ghalair;

Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(f)

1- Tionchar an staidrimh arna fhoilsiú ar an idirlíon: líon na dtráchtanna ar an idirlíon agus líon na dtuairimí dearfacha/diúltacha.

[Leasú 149]

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 40.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 259.
(3)IO C 62, 15.2.2019, lch. 40.
(4)IO C 86, 7.3.2019, lch. 259.
(5) Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019.
(6)Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013–17 (IO L 39, 9.2.2013, lch. 12).
(7) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(9) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(10) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(11) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(12) COM(2018)0439
(13) Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 – 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33).
(14) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(15)Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(16)Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).
(17)Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(18)Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).
(19)Le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).
(20)Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
(21)Rialachán (AE) 2017/826 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le clár de chuid an Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha lena gcuirfear feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais don tréimhse 2017–2020 (IO L 129, 19.5.2017, lch.17).
(22)Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(23)Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(24)IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(25)IO L 90, 28.3.2006, lch. 2.
(26)COM(2010)0700.
(27)COM(2017)0623.
(28)COM(2018)0442.
(29)COM(2018)0443.
(30)COM(2018)0372.
(31)COM(2018)0439.
(32)COM(2018)0447.
(33)COM(2018)0435.
(34)COM(2018)0434.
(35)COM(2018)0375.
(36)COM(2018)0367.
(37)COM(2018)0322, Airteagal 10
(38)COM(2018)0382.
(39)COM(2018)0393.
(40)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(41)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(42)Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
(43)Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le rialú Salmonella agus oibreáin zónóiseacha bia-iompartha sonraithe eile (IO L 325, 12.12.2003, lch. 1).
(44)Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1).
(45)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(46)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle, (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(47)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(48)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(49)Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(50)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(51)Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(52)Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(53)Rialachán (AE) Uimh. 254/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le clár ilbhliantúil tomhaltóirí na mblianta 2014-20 agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 42).
(54)Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-20 agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE, (IO L 105, 8.4.2014, lch. 1).
(55)Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lch. 1).
(56)[le cur isteach]
(57)COM(2017)0795.
(58)Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(59)Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 031, 01.02.2002, lch. 1).
(60) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(61) Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4) ón gComhairle.
(62) Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 92/117/CEE (IO L 325, 12.12.2003, lch. 31).


Na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh)
PDF 149kWORD 67k
Rún
Iarscríbhinn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 maidir le dréachtrialachán ó Pharlaimint na hEorpa lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom (2018/2080(INL)2019/0900(APP))
P8_TA(2019)0080A8-0050/2019

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 228(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 106a(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint d’Airteagail 41 agus 43 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 45 agus 52 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus don tuairim ón gCoiste um Achainíocha (A8-0050/2019),

1.  ag glacadh an dréacht-Rialacháin atá i gceangal;

2.  á threorú dá hUachtarán an dréacht-Rialachán atá i gceangal a chur chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 228(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á threorú dá hUachtarán socrú a dhéanamh, tar éis don Choimisiún a thuairim a thabhairt uaidh agus tar éis don Chomhairle a formheas a thabhairt don dréacht-Rialachán atá i gceangal, chun an Rialachán a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN

Dréachtrialachán ó Pharlaimint na hEorpa lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 228(4) de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don toiliú ón gComhairle,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Ba cheart na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman a leagan síos i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe pointe (d) d’Airteagal 20(2) agus Airteagal 228, an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(2)  Go háirithe, aithnítear in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go bhfuil an ceart chun dea-riaracháin ina cheart bunúsach ag saoránaigh Eorpacha. Maidir le hAirteagal 43 den Chairt, aithnítear an ceart chun cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach. Ionas go mbeidh na cearta sin éifeachtach agus chun cur le hacmhainn an Ombudsman fiosrúcháin chríochnúla agus neamhchlaonta a sheoladh, ba cheart gach uirlis is gá chun na dualgais dá dtagraítear sna Conarthaí agus sa Rialachán seo a chomhlíonadh a sholáthar don Ombudsman.

(3)  Rinneadh Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa(1) a leasú go deireanach in 2008. Le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, bunaíodh creat dlí nua don Aontas. Go háirithe, le hAirteagal 228(4) CFAE, cumasaítear do Pharlaimint na hEorpa, tar éis tuairim a lorg ón gCoimisiún agus le toiliú ón gComhairle, rialacháin a ghlacadh lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman. Is inmhianaithe, dá bhrí sin, Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom a aisghairm agus Rialachán a chur ina ionad i gcomhréir leis an mbunús dlí is infheidhme faoi láthair.

(4)  Ba cheart bunú na gcoinníollacha faoinar féidir gearán a tharchur chuig an Ombudsman a bheith i gcomhréir le prionsabal na rochtana iomláine, saoire agus éasca, d’ainneoin srianta sonracha a bhaineann le tarlú imeachtaí dlí agus riaracháin nua nó ar feitheamh ag an am céanna.

(5)  Tá sé de cheart ag an Ombudsman moltaí a dhéanamh i gcás ina gcinneann an tOmbudsman nach bhfuil institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais ag cur rialú cúirte i bhfeidhm mar is cuí.

(6)  Is gá na nósanna imeachta atá le leanúint a leagan síos nuair a thugann fiosrúcháin an Ombudsman cásanna drochriaracháin chun solais. Ba cheart a fhoráil freisin go ndéanfaidh an tOmbudsman tuarascáil chuimsitheach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa ag deireadh gach seisiúin bhliantúil.

(7)  Chun ról an Ombudsman a neartú, is inmhianaithe a cheadú don Ombudsman, gan dochar do phríomhdhualgas an Ombudsman, eadhon gearáin a láimhseáil, fiosrúcháin féintionscnaimh a sheoladh d’fhonn cásanna athfhillteacha nó thar a bheith tromchúiseach de dhrochriarachán a shainaithint agus dea-chleachtais riaracháin a chur chun cinn laistigh d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

(8)  Chun cur le héifeachtacht ghníomhaíocht an Ombudsman, ba cheart an tOmbudsman a bheith i dteideal, ar thionscnamh an Ombudsman féin nó de bhua gearáin, fiosrúcháin a sheoladh, ar fiosrúcháin iardain iad ag leanúint ó fhiosrúcháin roimhe sin, chun a fháil amach a mhéid a chomhlíon an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann na moltaí a rinneadh. Ba cheart an tOmbudsman a bheith i dteideal freisin measúnú a chur san áireamh i dtuarascáil bhliantúil an Ombudsman chuig Parlaimint na hEorpa, ar measúnú é maidir le ráta comhlíontachta na moltaí a cuireadh ar aghaidh, chomh maith le measúnú ar leordhóthanacht na n-acmhainní a cuireadh ar fáil don Ombudsman chun na dualgais dá dtagraítear sna Conarthaí agus sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(9)  Ba cheart rochtain a bheith ag an Ombudsman ar na nithe go léir atá riachtanach i gcomhair chomhlíonadh dhualgais an Ombudsman. Chuige sin, tá oibleagáid le cur ar institiúidí, ar chomhlachtaí, ar oifigí agus ar ghníomhaireachtaí an Aontais aon fhaisnéis a iarrann an tOmbudsman orthu a sholáthar, gan dochar d'oibleagáidí an Ombudsman faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(2). Ba cheart don rochtain ar fhaisnéis nó doiciméid rúnaicmithe a bheith faoi réir chomhlíonadh na rialacha a bhaineann le próiseáil faisnéise rúnda a dhéanann an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais. Maidir leis na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí nó na gníomhaireachtaí a chuireann an fhaisnéis nó na doiciméid rúnaicmithe ar fáil, ba cheart dóibh an tOmbudsman a chur ar an eolas faoin aicmiú sin. Maidir le cur chun feidhme na rialacha maidir leis an bpróiseáil a dhéanann an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais ar fhaisnéis rúnda, ba cheart comhaontú a bheith déanta roimh ré ag an Ombudsman leis an institiúid, leis an gcomhlacht, leis an oifig nó leis an ngníomhaireacht lena mbaineann maidir leis na coinníollacha a ghabhann le conas faisnéis nó doiciméid rúnaicmithe, nó doiciméid agus faisnéis eile atá cumhdaithe ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil, a láimhseáil. Más rud é go measann an tOmbudsman nach bhfuil an cúnamh a iarrtar á fháil, ba cheart don Ombudsman an méid sin a chur in iúl do Pharlaimint an hEorpa, agus ba cheart do Pharlaimint na hEorpa na huiríll iomchuí a dhéanamh.

(10)  Tá oibleagáid le cur ar an Ombudsman agus ar fhoireann an Ombudsman déileáil faoi rún le haon fhaisnéis a fhaigheann siad le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh. Ba cheart don Ombudsman, áfach, na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoi fhíorais a measann an tOmbudsman ina leith go bhféadfadh baint a bheith acu leis an dlí coiriúil ar fíorais iad a tháinig ar aird an Ombudsman i gcúrsa fiosrúchán. Ba cheart don Ombudsman a bheith in ann an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais a chur ar an eolas freisin faoi fhíorais a chaitheann amhras ar iompar duine dá bhfoireann.

(11)  Ba cheart na hathruithe is déanaí a bhaineann le cosaint leasa airgeadais an Aontais i gcoinne cionta coiriúla a chur san áireamh, go háirithe bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(3), chun a cheadú don Ombudsman fógra a thabhairt d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh faoi aon fhaisnéis a thagann faoi shainchúram na hOifige. Mar an gcéanna, chun lánurraim a thabhairt do thoimhde na neamhchiontachta agus do na cearta chun cosaint a fháil atá cumhdaithe in Airteagal 48 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, is inmhianaithe, i gcás ina dtugann an tOmbudsman fógra d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh faoin bhfaisnéis a thagann faoi shainchúram an hOifige, go dtuairisceodh an tOmbdusman an fógra sin don duine lena mbaineann agus don ghearánach.

(12)  Ba cheart a fhoráil go mbeadh féidearthacht ann maidir le comhar idir an tOmbudsman agus údaráis den chineál céanna sna Ballstáit, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme. Is inmhianaithe freisin céimeanna a ghlacadh chun cead a thabhairt don Ombudsman comhar a fhorbairt le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, sa mhéid go bhféadfadh an comhar sin cuidiú le comhlíonadh níos éifeachtaí dhualgais an Ombudsman.

(13)  Is faoi Pharlaimint na hEorpa atá sé an tOmbudsman a cheapadh ag tús an téarma pharlaimintigh agus go ceann an téarma sin, agus an tOmbudsman a roghnú as measc daoine ar saoránaigh den Aontas iad agus a thugann gach ráthaíocht riachtanach maidir le neamhspleáchas agus inniúlacht. Ba cheart coinníollacha a leagan síos freisin maidir le dualgais an Ombudsman a scor agus maidir leis an Ombudsman a ionadú.

(14)  Déanfar dualgais an Ombudsman a chomhlíonadh ar bhonn atá go hiomlán neamhspleách. Ba cheart don Ombudsman gealltanas sollúnta a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais tráth a rachaidh an tOmbudsman in oifig. Ba cheart neamh-chomhoiriúnachtaí, luach saothair, pribhléidí agus díolúintí an Ombudsman a leagan síos.

(15)  Ba cheart forálacha a ghlacadh maidir le suíomh an Ombudsman, agus ba cheart gur ag suíomh Pharlaimint an hEorpa a bheadh an suíomh sin. Ba cheart forálacha a leagan síos ní hamháin maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile rúnaíocht an Ombudsman a chabhróidh leis an Ombudsman, ach maidir leis an mbuiséad don rúnaíocht sin freisin.

(16)  Is faoin Ombudsman atá sé forálacha cur chun feidhme an Rialacháin seo a ghlacadh. Chun cinnteacht dhlíthiúil agus na caighdeáin is airde ó thaobh chomhlíonadh dhualgais an Ombudsman de a ráthú, ba cheart inneachar íosta na bhforálacha cur chun feidhme atá le glacadh a bhunú sa Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.  Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh).

2.  Feidhmeoidh an tOmbudsman go neamhspleách ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, i gcomhréir leis an cumhachtaí a thugtar don Ombudsman ag na Conarthaí, agus le haird chuí ar phointe (d) d’Airteagal 20(2) agus Airteagal 228 CFAE agus Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an gceart chun dea-riaracháin.

3.  I gcomhlíonadh a dhualgais dá dtagraítear sna Conarthaí agus sa Rialachán seo, ní fhéadfaidh an tOmbudsman idirghabháil a dheanamh i gcásanna atá os comhair na gcúirteanna agus ní fhéadfaidh an tOmbudsman a fhónta is atá rialú cúirte a cheistiú nó an inniúlacht atá ag cúirt maidir le rialú a eisiúint a cheistiú.

Airteagal 2

1.  Tabharfaidh an tOmbudsman cabhair maidir le drochriarachán i ngníomhaíochtaí institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a nochtadh, cé is moite de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina ról breithiúnach, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tOmbudsman moltaí d'fhonn deireadh a chur leis an drochriarachán sin. Ní fhéadfaidh aon ghníomh a dhéanann aon údarás nó duine eile a bheith ina ábhar gearáin don Ombudsman.

2.  Féadfaidh aon saoránach den Aontas nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman go díreach nó go hindíreach nó trí Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, maidir le cás drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, cé is moite de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina ról breithiúnach. Cuirfidh an tOmbudsman an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann ar an eolas a luaithe a chuirtear gearán faoi bhráid an Ombudsman, agus caighdeáin de chuid an Aontais i réimse na cosanta sonraí pearsanta á n-urramú.

3.  Déanfaidh an gearán tagairt shoiléir d’údar an ghearáin agus do chéannacht an ghearánaigh. Féadfaidh an gearánach a iarraidh go ndéanfaí an gearán, nó codanna den ghearán, a choinneáil faoi rún.

4.  Déanfar gearán laistigh de thrí bliana ón dáta a thagann an gearánach ar an eolas faoi na fíorais ar a bhfuil an gearán bunaithe agus déanfar teagmháil riaracháin iomchuí roimh ré leis na hinstitiúidí, leis na comhlachtaí, leis na hoifigí agus leis na gníomhaireachtaí lena mbaineann.

5.  Cinnfidh an tOmbudsman cibé an bhfuil gearán faoi raon shainchúram an Ombudsman agus, i gcás ina bhfuil, cibé an bhfuil sé inghlactha. I gcás nach bhfuil gearán faoi réim shainchúram an Ombudsman nó i gcás nach bhfuil gearán inghlactha, féadfaidh an tOmbudsman, sula ndúntar an comhad, comhairle a chur ar an ngearánach an gearán a chur faoi bhráid údarás eile.

6.  Ní dhéanfaidh gearáin a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman difear do theorainneacha ama maidir le hachomhairc in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha.

7.  Nuair nach mór don Ombudsman, mar gheall ar imeachtaí dlíthiúla atá ar siúl nó atá críochnaithe agus a bhaineann leis na fíorais atá curtha chun cinn, a dhearbhú nach bhfuil gearán inghlactha nó breithniú an ghearáin a fhoirceannadh, déanfar toradh aon fhiosrúcháin atá déanta ag an Ombudsman go dtí sin a chomhdú go cinntitheach.

8.  Cé is moite de ghearáin a bhaineann le cásanna gnéaschiaptha, ní fhéadfar aon ghearán a dhéanamh chuig an Ombudsman a bhaineann leis an gcaidreamh oibre idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus a gcuid oifigeach agus seirbhíseach eile mura rud é go bhfuil leas bainte ag an duine lena mbaineann as na féidearthachtaí go léir i dtaca le hiarratais agus gearáin riaracháin inmheánacha a thíolacadh, go háirithe na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle(4) (“na Rialacháin Foirne”), agus go bhfuil na teorainneacha ama i gcomhair freagraí ón institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht tar éis dul in éag.

9.  Cuirfidh an tOmbudman an gearánach ar an eolas, a luaithe is féidir, maidir leis an ngníomh a glacadh i leith an ghearáin.

Airteagal 3

1.  Déanfaidh an tOmbudsman, ar thionscnamh an Ombudsman féin nó tar éis gearán a fháil, na fiosrúcháin go léir a sheoladh a mheasann an tOmbudsman údar maith a bheith leo, lena n-áirítear na fiosrúcháin sin lena ndéantar obair leantach ar fhiosrúcháin roimhe sin, chun aon drochamhras faoi dhrochriarachán i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a shoiléiriú. Feidhmeoidh an tOmbudsman gan aon ghá údarú a fháil roimh ré agus cuirfidh an tOmbudsman an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann ar an eolas in am trátha maidir leis an ngníomhaíocht sin. Féadfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann aon tuairim nó fianaise úsáideach a chur faoi bhráid an Ombudsman. Féadfaidh an tOmbudsman freisin a iarraidh ar an institiúid, ar an gcomhlacht, ar an oifig nó ar an ngníomhaireacht lena mbaineann tuairimí nó fianaise den sórt sin a chur faoin bhráid an Ombudsman freisin.

2.  Gan dochar do phríomhdhualgas an Ombdusman, eadhon gearáin a láimhseáil, féadfaidh an tOmbudsman fiosrúcháin féintionscnaimh a sheoladh, ar de chineál níos straitéisí iad, chun cásanna athfhillteacha nó thar a bheith tromchúiseach de dhrochriarachán a shainaithint, chun dea-chleachtais riaracháin a chur chun cinn laistigh d’institiúidí, de chomhlachtaí, d’oifigí agus de ghníomhaireachtaí an Aontais agus chun dul i ngleic go réamhghníomhach le saincheisteanna struchtúracha ar chun leas an phobail iad agus a thagann faoi shainchúram an Ombudsman.

3.  Féadfaidh an tOmbudsman dul i mbun plé struchtúrtha agus rialta le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus comhairliúcháin phoiblí a eagrú sula dtabharfaidh an tOmbudsman moltaí nó ag aon chéim ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin, féadfaidh an tOmbudsman anailís agus measúnú a dhéanamh ar bhealach córasach ar dhul chun cinn na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta lena mbaineann, agus tuilleadh moltaí a eisiúint.

4.  Déanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais aon fhaisnéis a iarrann an tOmbudsman orthu a sholáthar don Ombudsman agus déanfaidh siad rochtain a thabhairt don Ombudsman ar na comhaid lena mbaineann. Rochtain ar fhaisnéis nó doiciméid rúnaicmithe, beidh sí faoi réir chomhlíonadh na rialacha a bhaineann le próiseáil faisnéise rúnda a dhéanann an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais.

Maidir leis na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí nó na gníomhaireachtaí a sholáthraíonn faisnéis nó doiciméid rúnda i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cuirfidh siad an rúndacht sin in iúl don Ombudsman roimh ré.

Maidir le cur chun feidhme na rialacha dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, beidh na coinníollacha faoina ndéileáiltear le faisnéis nó doiciméid rúnda comhaontaithe roimh ré ag an Ombudsman leis an institiúid, leis an gcomhlacht, leis an oifig nó leis an ngníomhaireacht lena mbaineann.

Ní thabharfaidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí nó na gníomhaireachtaí lena mbaineann rochtain ar dhoiciméid de thionscnamh Ballstáit, ar doiciméid iad atá aicmithe le dlí nó le rialachán mar dhoiciméid rúnda, ach amháin tar éis do sheirbhísí an Ombudsman bearta agus coimircí iomchuí a chur ar bun chun na doiciméid a láimhseáil, ar bearta agus coimircí iad lena n-áirithítear leibhéal coibhéiseach rúndachta, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus i gcomhréir le rialacha slándála na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta lena mbaineann de chuid an Aontais.

Déanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, arna iarraidh sin ag an Ombudsman, fianaise a thabhairt maidir le fíorais a bhaineann le fiosrúchán leanúnach ag an Ombudsman. Déanfaidh siad labhairt ar son a n-institiúide, a gcomhlachta, a n-oifige nó a ngníomhaireachta. Leanfaidh siad de bheith faoi cheangal na n-oibleagáidí a eascraíonn as na rialacha a bhfuil siad faoina réir. Nuair a bhíonn siad faoi cheangal ag dualgas rúndachta gairmiúla, ní dhéanfar a léirthuiscint as sin go gcumhdaítear faisnéis atá ábhartha i dtaobh gearáin nó fiosrúcháin maidir le ciapadh nó drochriarachán.

5.  Go tráthrialta, déanfaidh an tOmbudsman scrúdú ar na nósanna imeachta atá nasctha le gníomhaíocht riaracháin institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais agus déanfaidh an tOmbudsman measúnú ar a gcumas coinbhleachtaí leasa a sheachaint go héifeachtach, neamhchlaontacht a ráthú agus lánurraim a áirithiú don cheart chun dea-riaracháin. Féadfaidh an tOmbudsman cásanna féideartha de choinbhleachtaí leasa ar gach leibhéal a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu, ar cásanna iad a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinsí drochriaracháin, agus sa chás sin déanfaidh an tOmbudsman conclúidí sonracha a tharraingt suas ina leith agus cuirfidh an tOmbudsman Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir leis na torthaí ar an ábhar sin.

6.  A mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta é, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, arna iarraidh sin ag an Ombudsman nó ar a dtionscnamh féin, aon fhaisnéis nó aon doiciméad a chur chuig an Ombudsman chomh luath agus is féidir, ar faisnéis í nó ar doiciméad é a d’fhéadfadh cuidiú le soiléiriú a dhéanamh ar chásanna de dhrochriarachán ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis nó an doiciméad sin cumhdaithe ag an dlí náisiúnta maidir le próiseáil faisnéise rúnda nó forálacha a chuireann cosc ar an bhfaisnéis sin a scaipeadh, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cead a thabhairt don Ombudsman an fhaisnéis sin nó an doiciméad sin a rochtain ar choinníoll go ngeallann an tOmbudsman go ndéanfar í nó é a láimhseáil i gcomhaontú leis an údarás inniúil as ar thionscain sí nó sé. Soláthrófar cur síos mionsonraithe ar an doiciméad in aon chás.

7.  Más rud é nach bhfaigheann an tOmbudsman an cúnamh a iarradh, cuirfidh an tOmbudsman an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa na huiríll chuí.

8.  I gcás go nochtar le linn fiosrúcháin gur tharla cásanna de dhrochriarachán, cuirfidh an tOmbudsman an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann ar an eolas, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tOmbudsman moltaí. Déanfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht a chuirtear ar an eolas amhlaidh tuairim mhionsonraithe a chur chuig an Ombudsman laistigh de thrí mhí. Féadfaidh an tOmbudsman, ar iarraidh réasúnaithe ón institiúid, ón gcomhlacht, ón oifig nó ón ngníomhaireacht, síneadh ama ar an spriocdháta sin a thabhairt nach rachaidh thar dhá mhí. I gcás nach dtabharfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann aon tuairim laistigh de thrí mhí ón spriocdháta nó laistigh den tréimhse bhreise a cuireadh leis an spriocdháta, féadfaidh an tOmbudsman an fiosrúchán a dhúnadh gan an tuairim sin a fháil.

9.  Ansin seolfaidh an tOmbudsman tuarascáil chuig an institiúid, chuig an gcomhlacht, chuig an oifig nó chuig an ngníomhaireacht lena mbaineann agus, go háirithe i gcás ina n-éilíonn cineál nó scála an drochriaracháin a nochtadh amhlaidh, chuig Parlaimint na hEorpa. Féadfaidh an tOmbudsman moltaí a dhéanamh sa tuarascáil. Cuirfidh an tOmbudsman an gearánach ar an eolas faoi thoradh an fhiosrúcháin, faoin tuairim arna léiriú ag an institiúid, ag an gcomhlacht, ag an oifig nó ag an ngníomhaireacht lena mbaineann agus faoi aon mholtaí arna ndéanamh i dtuarascáil an Ombudsman.

10.  I gcás inarb iomchuí i ndáil le fiosrúchán ar ghníomhaíochtaí a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, féadfaidh an tOmbudsman láithriú os comhair Pharlaimint na hEorpa, ar thionscnamh an Ombudsman féin nó arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, ar an leibhéal is iomchuí.

11.  A mhéid is féidir, féachfaidh an tOmbudsman le réiteach a fháil in éineacht leis an institiúid, leis an gcomhlacht, leis an oifig nó leis an ngníomhaireacht lena mbaineann chun deireadh a chur leis an gcás drochriaracháin agus chun an gearán a réiteach. Cuirfidh an tOmbudsman an gearánach ar an eolas faoin réiteach atá beartaithe chomh maith le haon bharúil, más ann di, ón institiúid, ón gcomhlacht, ón oifig nó ón ngníomhaireacht lena mbaineann. I gcás inar mian leis an ngearánach amhlaidh, beidh an gearánach i dteideal barúlacha, nó faisnéis bhreise nach rabhthas ar an eolas fúithi tráth a tíolacadh an gearán, a chur faoi bhráid an Ombudsman tráth ar bith.

12.  Ag deireadh gach seisiúin bhliantúil, déanfaidh an tOmbudsman tuarascáil ar thorthaí na bhfiosrúchán a rinne an tOmbudsman a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Áireofar sa tuarascáil measúnú maidir le comhlíonadh mholtaí an Ombudsman agus measúnú maidir le leordhóthanacht na n-acmhainní a bhí ar fáil chun dualgais an Ombudsman a chomhlíonadh. Féadfaidh na measúnuithe sin a bheith faoi réir tuarascálacha ar leithligh freisin.

Airteagal 4

Maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid, seachas na doiciméid sin dá dtagraítear in Airteagal 6(1), déileálfaidh an tOmbudsman agus foireann an Ombudsman leo i gcomhréir leis na coinníollacha agus leis na teorainneacha dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

I ndáil le gearáin maidir leis an gceart chun rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid arna dtarraingt suas nó arna bhfáil ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, déanfaidh an tOmbudsman, tar éis anailís chuí agus gach breithnithe is gá, moladh a eisiúint maidir le rochtain ar na doiciméid sin. Déanfaidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann freagra a thabhairt laistigh de na hamchláir dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. Mura leanann an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann moladh ón Ombudsman rochtain a thabhairt ar na doiciméid sin, déanfaidh sí nó sé údar iomchuí a thabhairt dá diúltú nó dá dhiúltú. I gcás den sórt sin, cuirfidh an tOmbudsman an gearánach ar an eolas faoi na leigheasanna dlí atá ar fáil, lena n-áirítear na nósanna imeachta atá ar fáil chun an cás a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Déanfaidh an tOmbudsman measúnuithe rialta ar na beartais agus athbhreithnithe ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 22a de na Rialacháin Foirne (“sceithireacht”) agus déanfaidh an tOmbudsman, i gcás inarb iomchuí, moltaí nithiúla feabhsúcháin a dhéanamh d’fhonn cosaint iomlán a áirithiú d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile a thuairiscíonn fíorais i gcomhréir le hAirteagal 22a de na Rialacháin Foirne. Féadfaidh an tOmbudsman faisnéis, comhairle neamhchlaonta agus saintreoir a thabhairt ar bhonn rúnda d’oifigigh nó do sheirbhísigh eile maidir leis an iompar cuí atá le déanamh más ann do na fíorais dá dtagraítear in Airteagal 22a de na Rialacháin Foirne, lena n-áirítear maidir le raon feidhme fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais.

Chomh maith leis sin, féadfaidh an tOmbudsman tús a chur le fiosrúcháin bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn oifigigh nó seirbhísigh eile a thuairiscíonn fíorais i gcomhréir le hAirteagal 22a de na Rialacháin Foirne, a fhéadfaidh tuairisc a thabhairt go rúnda agus go hanaithnid, i gcás ina bhféadfadh na fíorais a gcuirtear síos orthu a bheith mar bhunús do dhrochriarachán in institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais. Chun go gcumasófar an chríoch sin, féadfar rialacháin foirne is infheidhme maidir le rúndacht a tharscaoileadh.

Airteagal 6

1.  Beidh de cheangal ar an Ombudsman agus ar fhoireann an Ombudsman, a mbeidh feidhm ag Airteagal 339 CFAE agus ag Airteagal 194 de Chonradh Euratom ina leith, gan aon fhaisnéis ná doiciméid a fhaigheann siad i gcúrsa a gcuid fiosrúchán a nochtadh. Gan dochar do mhír 2, ceanglófar orthu, go háirithe, gan aon fhaisnéis rúnda ná aon doiciméad rúnda a sholáthraítear don Ombudsman nó doiciméid a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a nochtadh, chomh maith le haon fhaisnéis a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don ghearánach nó d'aon duine eile atá bainteach leis.

2.  Más rud é, i gcúrsa na bhfiosrúchán, go bhfaigheann an tOmbudsman amach faoi fhíorais a mheasann an tOmbudsman ina leith go bhféadfadh baint a bheith acu leis an dlí coiriúil, tabharfaidh an tOmbudsman fógra do na húdaráis inniúla náisiúnta agus, a mhéid a thagann an cás faoi réim a gcumhachtaí, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Más iomchuí, tabharfaidh an tOmbudsman fógra freisin don institiúid, don chomhlacht, don oifig nó don ghníomhaireacht de chuid an Aontais ag a bhfuil údarás ar an oifigeach nó ar an seirbhíseach lena mbaineann, agus féadfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht sin an dara mír d’Airteagal 17 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

Féadfaidh an tOmbudsman fógra a thabhairt don institiúid, don chomhlacht, don oifig nó don ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais freisin faoi fhíorais a chaitheann amhras ar iompar duine dá bhfoireann, chomh maith le haon ghníomhaíocht bhuanseasmhach a bhfuil mar éifeacht aici bac a chur ar an bhfiosrúchán leanúnach.

Cuirfidh an tOmbudsman na fógraí sin i bhfios don ghearánach agus do dhaoine eile lena mbaineann arb eol a gcéannacht.

Airteagal 7

1.  Féadfaidh an tOmbudsman comhoibriú le húdaráis den chineál céanna sna Ballstáit ar choinníoll go gcomhlíonann an tOmbudsman an dlí náisiúnta is infheidhme.

2.  Laistigh de raon feidhme dhualgais an Ombudsman, comhoibreoidh an tOmbudsman le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile, fad is a sheachnófar aon dúbláil le gníomhaíochtaí na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí sin.

Airteagal 8

1.  Déanfar an tOmbudsman a thoghadh, agus féadfar téarma oifig an Ombudsman a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 228(2) CFAE.

2.  Roghnófar an tOmbudsman as measc daoine ar saoránaigh de chuid an Aontais iad, a bhfuil lánchearta sibhialta agus polaitíochta acu, a thugann gach ráthaíocht neamhspleáchais, nach raibh ina gComhaltaí de rialtais náisiúnta nó ina gComhaltaí nó Feisirí d’institiúidí an Aontais le trí bliana roimhe sin agus a chomhlíonann na coinníollacha neamhchlaonta is gá chun oifig bhreithiúnach ina dtír féin a bheith acu nó a bhfuil inniúlacht agus taithí aitheanta acu chun dul i mbun dhualgais an Ombudsman.

Airteagal 9

1.  Scorfaidh an tOmbudsman d’fheidhmiú na ndualgas dá dtagraítear sna Conarthaí agus sa Rialachán seo ag deireadh théarma oifige an Ombudsman nó tráth a éiríonn an tOmbudsman as an bpost nó tráth a chuirtear an tOmbudsman as oifig.

2.  Ach amháin i gcás ina gcuirtear as oifig an tOmbudsman, fanfaidh an tOmbudsman in oifig go dtí go gceapfar Ombudsman nua.

3.  I gcás luathscor de na dualgais, ceapfar Ombudsman nua laistigh de thrí mhí ón tráth a thagann an oifig chun bheith folamh agus beidh an tOmbudsman nua sin i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige Pharlaimint na hEorpa. Go dtí go dtoghfar Ombudsman nua, beidh an príomhoifigeach dá dtagraítear in Airteagal 13(2) freagrach as nithe práinneacha a thagann faoi shainchúram an Ombudsman.

Airteagal 10

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Parlaimint na hEorpa a iarraidh go mbrisfí an tOmbudsman as an bpost i gcomhréir le hAirteagal 228(2) CFAE, féadfaidh sí éisteacht a thabhairt don Ombudsman sula ndéantar an iarraidh sin.

Airteagal 11

1.  I gcomhlíonadh na ndualgas dá dtagraítear sna Conarthaí agus sa Rialachán seo, feidhmeoidh an tOmbudsman i gcomhréir le hAirteagal 228(3) CFAE. Staonfaidh an tOmbudsman ó aon ghníomh atá ar neamhréir le cineál na ndualgas sin.

2.  Tráth a rachaidh an tOmbudsman in oifig, tabharfaidh an tOmbudsman gealltanas sollúnta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag suí mar Chúirt iomlán go ndéanfar na dualgais dá dtagraítear sna Conarthaí agus sa Rialachán seo a chomhlíonadh go hiomlán neamhspleách agus neamhchlaonta agus go n-urramófar go hiomlán na hoibleagáidí a bheidh ar an Ombusdman le linn an téarma oifige agus tar éis an téarma oifige. Áireoidh an gealltanas sollúnta sin go háirithe an dualgas feidhmiú le hiontaofa agus go discréideach maidir le glacadh ceapachán nó tairbhí áirithe tar éis dheireadh an téarma oifige.

Airteagal 12

1.  Le linn théarma oifige an Ombudsman, ní fhéadfaidh an tOmbudsman a bheith ag gabháil d'aon dualgais pholaitíochta nó riaracháin eile, nó d'aon slí bheatha eile, cibé acu sochrach nó neamhshochrach.

2.  Beidh an chéim chéanna ag an Ombudsman ó thaobh luach saothair, liúntas agus pinsin de agus atá ag breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais.

3.  Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus ag Airteagal 17 de Phrótacal Uimh. 7 maidir leis an Ombudsman agus maidir le hoifigigh agus seirbhísigh rúnaíocht an Ombudsman.

Airteagal 13

1.  Tabharfar buiséad leordhóthanach agus imleor don Ombudsman a áiritheoidh neamhspleáchas an Ombudsman agus chun foráil a dhéanamh maidir le feidhmiú na ndualgas dá dtagraítear sna Conarthaí agus sa Rialachán seo.

2.  Gheobhaidh an tOmbudsman cúnamh ó rúnaíocht agus ceapfaidh an tOmbudsman príomhoifigeach na rúnaíochta sin.

3.  Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Ombudsman cothromaíocht inscne a bhaint amach i gcomhdhéanamh rúnaíocht an Ombudsman.

4.  Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile rúnaíocht an Ombudsman faoi réir na rialacha agus na rialachán is infheidhme maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais. Glacfar líon na n-oifigeach agus na seirbhíseach sin gach bliain mar chuid den nós imeachta buiséadach agus beidh sé leordhóthanach d’fheidhmiú cuí dhualgais agus ualach oibre an Ombudsman.

5.  Déanfar oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid an Aontais agus de chuid na mBallstát a cheaptar chuig rúnaíocht an Ombudsman a iasachtú ar mhaithe le leasanna na seirbhíse agus beidh ráthaíocht acu go ndéanfar iad a athbhunú go huathoibríoch ina n-institiúid bhunaidh, ina gcomhlacht bunaidh, ina n-oifig bhunaidh nó ina ngníomhaireacht bhunaidh.

6.  I dtaca le nithe a bhaineann le foireann an Ombudsman, beidh an stádas céanna ag an Ombudsman atá ag na hinstitiúidí de réir bhrí Airteagal 1a de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 14

Déanfaidh an tOmbudsman measúnú ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun cosc a chur ar chiapadh de chineál agus de nádúr ar bith laistigh d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, mar aon leis na sásraí chun pionós a ghearradh ar na daoine atá freagrach as ciapadh. Déanfaidh an tOmbudsman conclúidí iomchuí a tharraingt suas i dtaobh an bhfuil na nósanna imeachta sin comhsheasmhach le prionsabail na comhréireachta, na leordhóthanachta agus an ghníomhaithe fhuinniúil, agus i dtaobh an dtugann siad cosaint agus tacaíocht éifeachtacht d’íospartaigh.

Ar mhodh tráthúil, déanfaidh an tOmbudsman scrúdú ar cibé an láimhseálann nó nach láimhseálann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais go leordhóthanach cásanna ciaptha de chineál agus de nádúr ar bith trí na nósanna imeachta dá bhforáiltear i ndáil le gearáin sa réimse sin a chur i bhfeidhm go cuí. Déanfaidh an tOmbudsman conclúidí iomchuí ar an ábhar a tharraingt suas.

Déanfaidh an tOmbudsman duine a cheapadh nó struchtúr a chur ar bun laistigh den rúnaíocht ag a mbeidh saineolas i réimse an chiaptha agus a bheidh in ann a mheas go tráthúil i dtaobh an láimhseáiltear nó nach láimhseáiltear cásanna ciaptha de chineál agus de nádúr ar bith, lena n-áirítear gnéaschiapadh, go leormhaith laistigh d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, a bheidh in ann comhairle a sholáthar d’fhoireann an Aontais.

Airteagal 15

Beidh suíomh an Ombudsman suite ag suíomh Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 16

Déanfar aon chomhfhreagras chuig údaráis náisiúnta na mBallstát chun críche chur i bhfeidhm an Rialacháin seo trína mBuanionadaíochtaí chuig an Aontas.

Airteagal 17

Glacfaidh an tOmbudsman na forálacha cur chun feidhme don Rialachán seo. Beidh siadsan i gcomhréir leis an Rialachán seo agus áireoidh siad ar a laghad forálacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  cearta nós imeachta an ghearnánaigh agus na hinstitiúide, an chomhlachta, an hoifige nó na gníomhaireachta lena mbaineann;

(b)  a áirithiú go ndéanfar na hoifigigh nó na seirbhísigh eile a thuairiscíonn cásanna gnéaschiaptha agus cásanna de sháruithe ar dhlí an Aontais a chosaint laistigh d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 22a de na Rialacháin Foirne (“sceithireacht”);

(c)  gearán a fháil, a phróiseáil agus a dhúnadh;

(d)  fiosrúcháin féintionscnaimh;

(e)  fiosrúcháin leantacha; agus

(f)  gníomhaíochtaí bailithe faisnéise.

Airteagal 18

Aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom.

Airteagal 19

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

(1) Cinneadh 94/262/CEGC, EC, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (IO L 113, 4.5.1994, lch. 15).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(3) Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(4) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais