Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 13 Feabhra 2019 - StrasbourgEagrán deiridh
An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach ***I
 Ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil ***I
 An dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de ***I
 Clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 ('clár Pericles IV') ***I
 Comhaontú Cosanta Infheistíochta AE-Singeapór ***
 Comhaontú Cosanta Infheistíochta AE-Singeapór (rún)
 Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-Singeapór ***
 Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-Singeapór
 Conradh um Chomhphobal Iompair a thabhairt i gcrích ***
 Comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála ***I
 Doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála ***I
 Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
 Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
 An tsábháilteacht eitlíochta maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
 GATS: coigeartuithe cúiteacha is gá tar éis aontachas na Seicia, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne le AE ***
 Bearta a chuíchóiriú chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích ***I
 Árachas mótarfheithiclí ***I

An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach ***I
PDF 118kWORD 49k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (códú) (COM(2018)0499 – C8-0313/2018 – 2018/0263(COD))
P8_TA(2019)0084A8-0037/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach – códú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0499),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0313/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1)

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 maidir le modh oibre brostaithe le haghaidh códú oifigiúil téacsanna reachtacha(2),

–  ag féachaint do Rialacha 103 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0037/2019),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar an togra ón gCoimisiún mar a oiriúnaíodh do na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (códú)

P8_TC1-COD(2018)0263


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/473.)

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2)IO C 102, 4.4.1996, lch. 2.


Ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil ***I
PDF 89kWORD 49k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 lena tharchuirtear an t-ábhar chuig an gcoiste atá freagrach as idirbheartaíocht idirinstitiúideacha ar bhonn an togra, nár rinneadh leasú air, le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (athmhúnlú) (COM(2018)0341 – C8-0215/2018 – 2018/0187(COD))(1)
P8_TA(2019)0085A8-0010/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

(1).Cinneadh arna ghlacadh faoi Riail 59(4), an ceathrú fomhír, de na Rialacha Nós Imeachta (A8-0010/2019).


An dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de ***I
PDF 197kWORD 59k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de (COM(2018)0096 – C8-0109/2018 – 2018/0044(COD))
P8_TA(2019)0086A8-0261/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0096),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 81(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0109/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0261/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de

P8_TC1-COD(2018)0044


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt. D’fhonn limistéar den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas chun bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a mbeidh impleachtaí trasteorann acu, a mhéad agus is gá sin d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(2)  De bhun Airteagal 81 den Chonradh, áireofar sna bearta sin bearta a mbeidh sé mar aidhm leo comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontacht dlíthe a áirithiú.

(3)  Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go cuí, d’fhonn intuarthacht a fheabhsú i dtaca le toradh dlíthíochta, is gá deimhneacht dhlíthiúil i dtaca le cén dlí is infheidhme agus saorghluaiseacht agus aitheantas breithiúnas, chun go n‑ainmneofar le rialacha na heasaontachta dlíthe sna Ballstáit an dlí náisiúnta céanna mar an dlí is infheidhme, beag beann ar cén Ballstát ina bhfuil an chúirt ina dtugtar an chaingean. [Leasú 1]

(4)  Ní chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) na saincheisteanna maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Ceanglaítear le hAirteagal 27(2) den Rialachán sin, áfach, go ndéanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le héifeachtacht sannta nó seachaíochta éilimh in aghaidh tríú páirtithe agus tosaíocht an éilimh a shanntar nó a sheachaítear ar cheart duine eile, agus ba cheart togra a bheith ag gabháil leis, más iomchuí, maidir leis an Rialachán sin a leasú mar aon le measúnú ar thionchar na bhforálacha atá le tabhairt isteach.

(5)  An 18 Feabhra 2015 ghlac an Coimisiún Páipéar Uaine ar Aontas na Margaí Caipitil a Thógáil inar luadh gur ghné thábhachtach í deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bhaint amach i gcásanna aistrithe éileamh trasteorann agus i dtaobh ord tosaíochta na n‑aistrithe sin, go háirithe i gcásanna dócmhainneachta, chun margadh uile-Eorpach a fhorbairt in urrúsú agus i socruithe comhthaobhachta airgeadais, agus maidir le gníomhaíochtaí eile amhail an fhachtóireacht.

(6)  An 30 Meán Fómhair 2015, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht ina raibh Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil. Sa Phlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil sonraíodh go gcuireann difríochtaí sa chaoi a bpléitear ar an leibhéal náisiúnta le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh fiachais de le castacht úsáid na n‑ionstraimí sin mar chomhthaobhacht trasteorann, agus thángthas ar an gconclúid go gcuireann an éiginnteacht dhlíthiúil sin bac ar oibríochtaí airgeadais atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de, ar nós urrúsuithe. Sa Phlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil fógraíodh go mbeartódh an Coimisiúin rialacha aonfhoirmeacha chun a chinneadh le deimhneacht dhlíthiúil cén dlí náisiúnta ar cheart feidhm a bheith aige maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.

(7)  An 29 Meitheamh 2016 ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le hoiriúnacht Airteagal 3(1) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais inar díríodh ar an gceist an oibríonn an Treoir seo go héifeachtach agus go héifeachtúil maidir leis na bearta foirmiúla is gá chun éilimh chreidmheasa a sholáthar mar chomhthaobhacht. Ba é conclúid na tuarascála go bhféadfaí a chinneadh le deimhneacht dhlíthiúil cén dlí náisiúnta ar cheart feidhm a bheith aige maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, dá nglacfaí leis an moladh maidir le rialacha aonfhoirmeacha i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, rud a bheadh ina chuidiú chun deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bhaint amach i gcásanna úsáide trasteorann éileamh creidmheasa mar chomhthaobhacht.

(8)  An 29 Meán Fómhair 2016, ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le héifeachtacht sannta nó seachaíochta éilimh in aghaidh tríú páirtithe agus tosaíocht an éilimh a shanntar nó a sheachaítear ar cheart duine eile. Ba é conclúid na tuarascála go gcuirfeadh rialacha aonfhoirmeacha na heasaontachta dlíthe lena rialófaí éifeachtacht na sanntaí in aghaidh tríú páirtithe chomh maith le ceisteanna tosaíochta idir sannaithe iomaíocha nó idir sannaithe agus sealbhóirí cirt eile feabhas ar an deimhneacht dhlíthiúil agus go laghdófaí deacrachtaí praiticiúla agus na costais dhlíthiúla a bhaineann leis an éagsúlacht sa chur chuige atá sna Ballstáit faoi láthair dá mbarr.

(9)  Ba cheart raon feidhme substainteach agus forálacha an Rialacháin seo a bheith comhsheasmhach le Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1215/2012 (9) agus (AE) Uimh. 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himeachtaí dócmhainneachta.(10). Ba cheart bearnaí rialála idir na ionstraimí sin a sheachaint a oiread is féidir sa léirmhíniú ar an Rialachán seo.

(10)  Cuirtear chun feidhme leis an Rialachán seo Plean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil. Comhlíontar leis freisin an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 27(2) de Rialachán na Róimhe I gur cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú agus, más iomchuí, togra maidir le héifeachtacht sannta éilimh in aghaidh tríú páirtithe agus tosaíocht an tsannaí ar cheart duine eile.

(11)  Ní ann do rialacha na heasaontachta shraith chomhchuibhithe rialacha easaontachta dlíthe lena rialaítear éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de ar leibhéal an Aontais faoi láthair. Is ar leibhéal na mBallstát a leagtar síos na rialacha easaontachta dlíthe sin, ach bíonn siad neamhréireach agus - mar gheall ar iad a bheith bunaithe ar nascfhachtóirí éagsúla chun an dlí is infheidhme a chinneadh - agus doiléir go minic , dá bhrí sin, go háirithe sna tíortha sin nach ndéantar rialacha den sórt sin a rialú iontu le forálacha reachtacha ar leithligh. I gcás sannadh éileamh trasteorann, is é an toradh ar neamhréireacht na rialacha easaontachta dlíthe éiginnteacht dhlíthiúil maidir le cén dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh an tsannta de . Cruthaíonn an easpa deimhneacht dhlíthiúil riosca dlíthiúil i sannadh éileamh trasteorann nach bhfuil ann i gcás sannadh intíre mar is féidir rialacha substainteacha náisiúnta difriúla a chur i bhfeidhm ag brath ar cén Ballstát a ndéanann a chúirteanna nó a údaráis díospóid maidir leis an teideal dlí ar na héilimh a mheas; is intuigthe as sin go mbeidh toradh éagsúil ar choinbhleacht tosaíochta maidir le húinéireacht éilimh tar éis sannadh trasteorann, ag brath ar an dlí náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm. [Leasú 2]

(12)  Mura bhfuil na sannaithe ar an eolas faoin riosca dlíthiúil nó má roghnaíonn siad neamhaird a dhéanamh de, féadfaidh caillteanais airgeadais gan choinne a bheith ann dóibh. Féadfaidh torthaí iarmhartacha a bheith ar an éiginnteacht maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar na héilimh arna sannadh ar bhonn trasteorann agus tionchar na géarchéime airgeadais a dhoimhniú agus a mhéadú, dá bhrí sin. Má chinneann na sannaithe an riosca dlíthiúil a mhaolú trí chomhairle dlí sainiúil a lorg, tabhóidh siad costais idirbheart níos airde nach mbeadh i gceist i gcás sanntaí intíre. Má tá na sannaithe á gcosc ag an riosca dlíthiúil agus má roghnaíonn siad é a sheachaint, féadfaidh siad deiseanna gnó a chailleadh agus féadfaidh sé go dtiocfaidh laghdú ar chomhtháthú an mhargaidh. [Leasú 3]

(12a)   Is féidir leis an riosca dlíthiúil sin a bheith ina dhíspreagadh, freisin. Féadfaidh na sannaithe agus na sannóirí rogha a dhéanamh é a sheachaint, agus deiseanna gnó a chailleadh ar an gcaoi sin. Taibhsíonn sé, dá bhrí sin, nach bhfuil an easpa soiléireachta seo i gcomhréir leis an gcuspóir maidir le comhtháthú an mhargaidh agus le prionsabal na saorghluaiseachta caipitil a chumhdaítear in Airteagal 63 go hAirteagal 66 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. [Leasú 4]

(13)  Is é cuspóir an Rialacháin seo foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil trí rialacha comhchoiteanna easaontachta dlíthe a leagan síos lena n‑ainmnítear an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, agus idirbhearta éileamh trasteorann a mhéadú ar an gcaoi sin, chun go spreagfaí an infheistíocht thrasteorann san Aontas agus go n-éascófaí rochtain ar mhaoiniú do ghnólachtaí - lena n-áirítear fiontair bheaga agus mhéanmhéide (FBManna) - agus do thomhaltóirí. [Leasú 5]

(14)  Is é is éileamh ann ceart a bheith ag creidiúnaí in aghaidh féichiúnaí ar íocaíocht suim airgid nó ar oibleagáid a chomhlíonadh. Cuireann sannadh éilimh ar chumas an chreidiúnaí (an sannóir) a cheart chun an fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí a aistriú chuig duine eile (an sannaí). Is leis na rialacha easaontachta dlíthe a leagtar síos i Rialachán na Róimhe I a ainmnítear na dlíthe lena rialaítear an gaol conarthach idir an creidiúnaí agus an féichiúnaí, idir an sannóir agus an sannaí, agus idir an sannaí agus an féichiúnaí.

(14a)   Ní bheartaítear leis an Rialachán seo go n-athrófar forálacha Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 maidir le héifeacht dílseánaigh sannta shaorálaigh, amhail idir sanntóir agus sannaí nó idir sannaí agus féichiúnaí. [Leasú 6]

(15)  Ba cheart go rialódh na rialacha easaontachta dlíthe a leagtar síos sa Rialachán seo éifeachtaí dílseánaigh ó thaobh sannadh éileamh de idir na páirtithe go léir a bhaineann leis an sannadh (is é sin, idir an sannóir agus an sannaí agus idir an sannaí agus an féichiúnaí) agus i ndáil le tríú páirtithe (creidiúnaí de chuid an tsannóra, mar shampla), diomaite den fhéichiúnaí. [Leasú 7]

(16)  Is infháltais trádála iad na héilimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, éilimh a eascraíonn as ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais(11) agus airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa. Áirítear le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle urrúis agus díorthaigh arna dtrádáil ar na margaí airgeadais. Cé gur sócmhainní iad urrúis, is conarthaí iad díorthaigh lena n‑áirítear cearta (nó éilimh) agus oibleagáidí ar na páirtithe sa chonradh. [Leasú 8]

(17)  Baineann an Rialachán le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Ní chumhdaítear leis Cumhdaítear ann go háirithe aistriú na gconarthaí sin (amhail conarthaí díorthacha), ina bhfuil cearta (nó éilimh) agus oibleagáidí san áireamh, nó nuachan conarthaí ina gcuimsítear cearta agus oibleagáidí den sórt sin. Toisc nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo aistriú ná nuachan conarthaí, leanfar den trádáil in ionstraimí airgeadais, agus imréiteach agus socrú na n‑ionstraimí sin, a bheith arna rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil le hoibleagáidí conarthacha mar a leagtar síos i Rialachán na Róimhe I é. De ghnáth, is iad na páirtithe sa chonradh a roghnaíonn an dlí nó ainmnítear é le rialacha neamhroghnacha is infheidhme maidir le margaí airgeadais. [Leasú 9]

(18)  Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear d'ábhair arna rialú ag an Treoir Comhthaobhachta Airgeadais, an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta(12), an Treoir maidir le Foirceannadh(13) Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44, Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45, Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46 agus Rialachán na Clárlainne(14) Rialachán (AE) Uimh. 389/201347 ón gCoimisiún, ós rud é nach bhfuil forluí ann, dá bhrí sin, idir raon feidhme rialacha na heasaontachta dlíthe sa Rialachán seo agus raon feidhme rialacha na heasaontachta dlíthe sna trí Threoir sin..[Leasú 10] + MEF

(19)  Ba cheart an Rialachán seo a bheith uilíoch: ba cheart go mbeadh feidhm ag an dlí arna ainmniú leis an Rialachán seo, fiú amháin mura dlí Ballstáit é.

(20)  Tá an intuarthacht riachtanach do thríú páirtithe a bhfuil suim acu teideal dlí a fháil ar an éileamh arna shannadh. Nuair a chuirtear dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir i bhfeidhm maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, cuireann sé ar chumas na dtríú páirtithe a bheith ar eolas roimh ré maidir le cén dlí náisiúnta lena rialófar a gcearta. Ba cheart feidhm a bheith ag gnáthchónaí an tsannóra mar riail maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, dá bhrí sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an riail sin, go háirithe, maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i dtaca leis an bhfachtóireacht, an chomhthaobhacht agus, i gcás nár roghnaigh na páirtithe dlí an éilimh arna shannadh, i dtaca leis an urrúsú.

(21)  Ba cheart go gcumasódh an dlí a roghnaítear mar riail is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, an cinneadh maidir leis an dlí is infheidhme nuair a shannfar éilimh sa todhchaí, cleachtas coitianta ina ndéantar éilimh iomadúla a shannadh, mar shampla i gcás na fachtóireachta. A bhuí le cur i bhfeidhm an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra beifear in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de sa todhchaí.

(22)  Is minic a thagann an gá atá le cinneadh a dhéanamh maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar éileamh arna shannadh chun cinn nuair atá an t‑eastát dócmhainneachta á shainiú i gcás ina bhfuil an sannóir dócmhainneach. Ba mhaith an rud é, dá bhrí sin, comhleanúnachas a bheith idir na rialacha easaontachta dlíthe a leagtar síos leis an Rialachán seo agus na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart comhleanúnachas a bhaint amach trí chur chun feidhme mar riail an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, mar tagann úsáid ghnáthchónaí an tsannóra mar nascfhachtóir le húsáid lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí mar nascfhachtóir chun críocha dócmhainneachta.

(23)  Déantar foráil i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2001 maidir le Sannadh Infháltas i dTrádáil Idirnáisiúnta go bhfuil an tosaíocht atá ag ceart an tsannaí san infháltas arna shannadh ar cheart an éilitheora iomaíoch, go bhfuil an tosaíocht sin arna rialú ag dlí an Stáit ina bhfuil an sannóir lonnaithe. Ba cheart go n‑éascódh an chomhoiriúnacht idir rialacha easaontachta dlíthe an Aontais a leagtar síos leis Rialachán seo agus an réiteach is fearr leis an gCoinbhinsiún ar an leibhéal idirnáisiúnta réiteach díospóidí idirnáisiúnta.

(24)  I gcás ina n‑athraíonn an sannóir a ghnáthchónaí idir sanntaí éagsúla den éileamh chéanna, ba cheart gurb é an dlí is infheidhme, an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra ag an am a dhéanann duine de na sannaithe a chéad sannaí éifeachtach den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe trí na ceanglais faoin dlí is infheidhme a chomhlíonadh ar bhonn gnáthchónaí an sannaithe ag an am sin.

(25)  I gcomhréir le cleachtas an mhargaidh agus le riachtanais rannpháirtithe sa mhargadh, ba cheart éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh áirithe de, mar eisceacht, a bheith arna rialú ag dlí an éilimh arna shannadh, is é sin, an dlí lena rialaítear an chéad chonradh idir an creidiúnaí agus an féichiúnaí as a n‑eascraíonn a bhfuil an t‑éileamh mar thoradh air. [Leasú 11]

(26)  Ba cheart go rialódh dlí an éilimh arna shannadh éifeachtaí tríú páirtí an tsannta arna dhéanamh ag sealbhóir cuntais ar airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa, i gcás inarb é an sealbhóir cuntais an creidiúnaí/an sannóir agus inarb é an institiúid chreidmheasa an féichiúnaí. Bíonn intuarthacht níos fearr ann do thríú páirtithe, amhail creidiúnaithe an tsannóra agus na sannaithe iomaíocha, má bhaineann dlí an éilimh arna shannadh le héifeachtaí tríú páirtí na sanntaí sin toisc go nglactar leis go ginearálta go bhfuil an t‑éileamh atá ag sealbhóir cuntais ar airgead a creidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa arna rialú ag dlí na tíre ina bhfuil an institiúid chreidmheasa lonnaithe (seachas an dlí maidir le gnáthchónaí an tsealbhóra cuntais/an tsannaí). De ghnáth is sa chonradh cuntais idir an sealbhóir cuntais agus an institiúid chreidmheasa a roghnaítear an dlí seo.

(27)  Ba cheart go mbeadh na héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a eascraíonn as ionstraimí airgeadais faoi réir an dlí lena rialaítear an t‑éileamh arna shannadh freisin, is é sin, an dlí lena rialaítear an conradh as a n‑eascraíonn an t‑éileamh (amhail conradh díorthach). D'fhonn cobhsaíocht agus feidhmiú rianúil na margaí airgeadais a chaomhnú, tá sé ríthábhachtach na héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a eascraíonn as ionstraimí airgeadais a bheith faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh seachas an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra. Déantar iad sin a chaomhnú mar gurb é an dlí lena rialaítear an ionstraim airgeadais as a n‑eascraíonn an t‑éileamh, amhail conradh díorthaigh, an dlí a roghnaíonn na páirtithe sa chonradh nó an dlí arna chinneadh i gcomhréir leis na rialacha neamhroghnacha is infheidhme maidir le margaí airgeadais.

(28)  Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an tsolúbthacht i gcinneadh an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i gcomhthéacs urrúsú chun freastal ar riachtanais na n‑urrúsóirí uile agus chun leathnú an mhargaidh urrúsúcháin trasteorann a éascú d'oibreoirí beaga. Cé gur cheart go mbeadh feidhm ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra mar an riail réamhshocraithe i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i gcomhthéacs urrúsú, ba cheart go mbeadh an sannóir (an tionscnóir) agus an sannaí (an t‑aonán sainchuspóireach) in ann a roghnú gur cheart go mbeadh feidhm ag dlí an éilimh arna shannadh maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de. Ba cheart don sannóir agus don sannaí a bheith in ann a chinneadh go bhfanfaidh éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, i gcomhthéacs urrúsú, de bheith faoi réir na rialach ginearálta maidir le gnáthchónaí an tsannóra nó ba cheart iad a bheith in ann dlí an éilimh arna shannadh a roghnú maidir le feidhm struchtúir agus shaintréithe an idirbhirt, mar shampla líon agus suíomh na dtionscnóirí agus an líon dlíthe lena rialaítear na héilimh arna sannadh. [Leasú 12]

(29)  Féadfaidh coinbhleachtaí tosaíochta tarlú idir sannaithe an éilimh chéanna i gcás ina mbeidh éifeachtaí tríú páirtí an tsannta faoi réir an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra i sannadh amháin agus faoi réir dhlí an éilimh arna shannadh i sannadh eile. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gurb é an dlí is infheidhme i ndáil leis an gcoinbhleacht tosaíochta a réiteach an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éilimh de a tháinig de bheith i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí is infheidhme i ndáil leis. I gcás ina dtagann an dá shannadh éileamh chun bheith éifeachtach in aghaidh tríú páirtithe ag an am céanna, ba cheart forlámhas a bheith ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra. [Leasú 13]

(30)  Ba cheart raon feidhme an dlí náisiúnta arna ainmniú ag an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a bheith aonfhoirmeach. Ba cheart a rialú faoin dlí náisiúnta arna ainmniú mar an dlí is infheidhme an méid seo a leanas go háirithe: (i) éifeachtacht shannadh an éilimh in aghaidh tríú páirtithe, is é sin, na bearta agus na nósanna imeachta is gá don sannaí a dhéanamh cloí leo chun a áirithiú go bhfaigheann sé teideal dlí ar an éileamh arna shannadh (an sannadh a chlárú le húdarás poiblí nó le clárlann nó fógra a thabhairt don fhéichiúnaí i scríbhinn maidir leis an sannadh, mar shampla); agus (ii) saincheisteanna tosaíochta, is é sin, réiteach coinbhleachtaí idir éilitheoirí éagsúla maidir le cé aige a bhfuil teideal dlí ar an éileamh (idir beirt sannaí, mar shampla, i gcás inar sannadh an t‑éileamh céanna faoi dhó, nó idir sannaí agus creidiúnaí de chuid an tsannóra). [Leasú 14]

(31)  I bhfianaise gnéithe uilechoiteanna an Rialacháin seo, féadfar dlíthe tíortha a bhfuil traidisiúin dhlíthiúla éagsúla acu a ainmniú mar an dlí is infheidhme. I gcás ina ndéantar aistriú ar an gconradh as a n‑eascraíonn an t‑éileamh tar éis an t‑éileamh a shannadh, ba cheart an dlí arna ainmniú leis an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de rialú a dhéanamh chomh maith ar choinbhleacht tosaíochta idir sannaí an éilimh agus tairbhí nua an éilimh chéanna tar éis aistriú an chonartha as a n‑eascraíonn an t‑éileamh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag an dlí arna ainmniú leis an Rialachán seo mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, i gcás ina n‑úsáidtear nuachan conartha ar bhealach coibhéiseach le haistriú conartha ó thaobh feidhme de, chun coinbhleacht tosaíochta a réiteach idir sannaí an éilimh agus tairbhí nua an éilimh atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de, tar éis nuachan an chonartha as a n‑eascraíonn an t‑éileamh.

(32)  Ar mhaithe le leas an phobail bheadh údar leis an deis a thabhairt do chúirteanna na mBallstát, in imthosca eisceachtúla, eisceachtaí a chur i bhfeidhm ar bhonn an bheartais phoiblí agus forálacha sainordaitheacha a sáraitheacha, ach ba cheart an deis sin a bheith srianta.

(33)  Ós rud é gur gá gealltanais a rinne na Ballstáit ar an leibhéal idirnáisiúnta a urramú, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh d'aon choinbhinsiún idirnáisiúnta a bhfuil Ballstát amháin nó níos mó ina pháirtí ann an uair a ghlactar an Rialachán seo. Chun go mbeidh na rialacha níos inrochtana, ba cheart don Choimisiún liosta de na coinbhinsiúin ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil.

(34)  Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Rialachán seo le cur i bhfeidhm Airteagal 17 agus Airteagal 47 a chur chun cinn, airteagail a bhaineann, faoi seach, leis an gceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, mar aon le hAirteagal 16 a bhaineann leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh. [Leasú 15]

(35)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ní féidir aonfhoirmeacht rialacha na heasaontachta dlíthe atá ag teastáil maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de a bhaint amach ach amháin le Rialachán mar nach n‑áiritheofar ach le Rialachán go ndéanfar na rialacha a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar an leibhéal náisiúnta. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(36)  I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, [tá fógra tugtha ag [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éirinn] gur mian léi/leo bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo] [níl [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éire] rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sé/siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm].

(37)  I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i gcásanna ina mbeidh easaontacht dlíthe, maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de in ábhair shibhialta agus tráchtála seachas éifeachtaí tríú páirtí maidir leis an bhféichiúnaí ar sannadh an t-éileamh dó. [Leasú 16]

Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin.

1a.   Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le cosaint tomhaltóirí. [Leasú 17]

2.  Eisiafar an méid seo a leanas ó raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)  sannadh éileamh a eascraíonn as gaoil teaghlaigh agus as caidrimh a measann an dlí is infheidhme i ndáil le caidrimh den sórt sin éifeachtaí inchomparáide a bheith acu, lena n‑áirítear oibleagáidí cothabhála;

(b)  sannadh éileamh a eascraíonn as réimis maoine pósta, réimis maoine caidreamh a measann an dlí is infheidhme i ndáil le caidrimh den sórt sin éifeachtaí inchomparáide a bheidh acu le pósadh, lena n-áirítear páirtnéireachtaí cláraithe, agus uachtanna agus comharbas; [Leasú 18]

(c)  sannadh éileamh a eascraíonn as billí malairte, seiceanna, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile sa mhéid gur as soshanntacht ionstraimí soshannta eile den chineál sin a eascraíonn na hoibleagáidí ar ann dóibh fúthu;

(d)  sannadh éileamh a eascraíonn as ceisteanna arna rialú ag dlí na gcuideachtaí agus comhlachtaí eile, idir chorpraithe agus neamhchorpraithe, amhail bunú, trí chlárú nó ar shlí eile, inniúlacht dhlíthiúil, eagrú inmheánach nó foirceannadh cuideachtaí agus comhlachtaí eile, idir chorpraithe agus neamhchorpraithe, agus dliteanas pearsanta oifigeach agus comhaltaí, sa cháil sin dóibh, i leith oibleagáidí na cuideachta nó an chomhlachta;

(e)  sannadh éileamh a eascraíonn as comhdhéanamh iontaobhas agus as an gcaidreamh idir socraitheoirí, iontaobhaithe agus tairbhithe;

(f)  sannadh éileamh a eascraíonn as conarthaí árachais a eascraíonn as oibríochtaí a rinne eagraíochtaí seachas na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (3) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) a bhfuil sé de chuspóir acu sochair a sholáthar do dhaoine atá fostaithe nó do dhaoine atá féinfhostaithe a bhfuil baint acu le gnóthas nó le grúpa gnóthas, nó le ceird nó le grúpa ceirdeanna, i gcás báis nó marthanais nó i gcás scoir nó ciorraithe gníomhaíochta, nó i gcás breoiteachta a bhaineann le hobair nó le tionóiscí ag an obair.

(fa)  éilimh a shannadh le linn comhimeachta faoi Rialachán (AE) 2015/848. [Leasú 19]

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)  ciallaíonn "sannóir" duine a aistríonn a cheart chun fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí chuig duine eile;

(b)  ciallaíonn "sannaí" duine a fhaigheann an ceart fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí ó dhuine eile;

(c)  ciallaíonn "sannadh" aistriú deonach ar cheart chun fiach a éileamh in aghaidh féichiúnaí. Áirítear leis sin aistrithe iarbhír ar éilimh, seachaíocht chonarthach, aistrithe éileamh trí urrúis agus gealltanais nó aon chearta eile urrús eile ar éilimh;

(d)  ciallaíonn "éileamh" an ceart fiach de chineál ar bith a éileamh, idir fhiacha airgeadaíochta agus neamh-airgeadaíochta, agus cibé acu a eascraíonn sé as oibleagáid chonarthach nó neamhchonarthach;

(e)  ciallaíonn "éifeachtaí tríú páirtí" éifeachtaí dílseánaigh, is é sin, ceart an tsannaí a theideal dlí a dhearbhú ar éileamh a shanntar dó i leith sannaithe nó tairbhithe eile ar an éileamh céanna nó ar éileamh atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de, creidiúnaithe an tsannóra nó i leith tríú páirtithe eile, diomaite den fhéichiúnaí; [Leasú 20]

(f)  ciallaíonn "gnáthchónaí", i gcás cuideachtaí agus comhlachtaí eile, idir chorpraithe agus neamhchorpraithe, an lárionad riaracháin; agus i gcás duine nádúrtha ag gníomhú dó ina ghníomhaíocht gnó, a phríomháit ghnó;

(g)  ciallaíonn "institiúid chreidmheasa" gnóthas mar atá sainmhínithe i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16), lena n‑áirítear brainsí, de réir bhrí phointe (17) d'Airteagal 4(1) den Rialachán sin, institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifigí taobh istigh nó, i gcomhréir le hAirteagal 47 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17), lasmuigh den Aontas i gcás ina bhfuil na brainsí sin lonnaithe san Aontas;

(h)  ciallaíonn "airgead" airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa in aon chineál airgeadra; [Leasú 21]

(i)  ciallaíonn "ionstraim airgeadais" na hionstraimí sin a shonraítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18).

CAIBIDIL II

RIALACHA AONFHOIRMEACHA

Airteagal 3

Cur i bhfeidhm uilíoch

Déanfar aon dlí a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm cibé acu an dlí de chuid Ballstáit é nó nach ea.

Airteagal 4

An dlí is infheidhme

1.  Mura foráiltear a mhalairt san Airteagal seo, is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir ag an am ábhartha tráth a thabharfar conradh an tsannta i gcrích an dlí lena rialófar éifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.

I gcás ina athróidh an sannóir áit a ghnáthchónaí idir dhá shannadh den éileamh céanna ar shannaithe éagsúla, beidh tosaíocht cirt sannaí ar cheart sannaí eile arna rialú ag an dlí maidir le gnáthchónaí an tsannóra ag am a tháinig an sannadh i bhfeidhm den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí a ainmnítear mar an dlí is infheidhme de bhun na chéad fhomhíre.

2.  D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, rialóidh an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh éifeachtaí tríú páirtí maidir le sannadh na nithe seo a leanas:

(a)  airgead a chreidiúnaítear do chuntas in institiúid chreidmheasa;

(b)  éilimh a eascraíonn as ionstraim ionstraimí airgeadais.

3.  Féadfaidh an sannóir agus an sannaí an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh a roghnú mar an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de i bhfianaise urrúsú.

Luafar an rogha dlí go sainráite i gconradh an tsannta nó i gcomhaontú ar leithligh. Beidh bailíocht shubstaintiúil agus fhoirmiúil an bhirt trína ndearnadh rogha an dlí arna rialú ag an dlí arna roghnú.

4.  Déanfar coinbhleacht tosaíochta idir sannaithe an éilimh chéanna áit a bhfuil éifeachtaí tríú páirtí ceann amháin de na sanntaí arna rialú ag dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir agus éifeachtaí tríú páirtí sanntaí eile arna rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil leis an éileamh arna shannadh, déanfar an choinbhleacht sin a rialú ag an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí an éilimh arna shannadh a raibh feidhm leis den chéad uair in aghaidh tríú páirtithe faoin dlí is infheidhme. I gcás ina dtagann an dá shannadh chun bheith éifeachtach in aghaidh tríú páirtithe ag an am céanna, ba cheart forlámhas a bheith ag dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sannóir. [Leasú 22]

Airteagal 5

Raon feidhme an dlí is infheidhme

Rialóidh an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de bhun an Rialacháin seo de, an méid seo a leanas go háirithe:

(a)  na ceanglais maidir le héifeachtacht an tsannta in aghaidh tríú páirtithe seachas an féichiúnaí a áirithiú, mar shampla foirmiúlachtaí clárúcháin nó foilseacháin;

(b)  tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta sannaí eile i dtaca leis an éileamh céanna;

(c)  tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta chreidiúnaithe an tsannóra;

(d)  tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta an tairbhí maidir le haistriú conartha i leith an éilimh chéanna;

(e)  tosaíocht chearta an tsannaí ar chearta thairbhí na nuachana conartha i gcoinne an fhéichiúnaí i leith an éilimh choibhéisigh.

Airteagal 6

Forálacha sainordaitheacha sáraitheacha

1.  Ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo srian ar chur i bhfeidhm fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha dhlí an fhóraim.

2.  Is forálacha iad forálacha sainordaitheacha sáraitheacha a measann Ballstát é a bheith ríthábhachtach iad a urramú chun a leasanna poiblí a chosaint, amhail a eagrú polaitiúil, sóisialta nó geilleagrach, agus sa mhéid go mbeidh siad infheidhme maidir le haon chás a thagann faoina raon feidhme, beag beann ar an dlí is infheidhme seachas sin maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de bhun an Rialacháin seo de.

2a.  Tabharfar éifeacht d’fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha dhlí an Bhallstáit ar ghá an sannadh a fheidhmiú ann, nó inar feidhmíodh an sannadh, a mhéid a fhágann na forálacha sainordaitheacha sáraitheacha sin go mbeidh feidhmiú an chonartha neamhdhleathach.[Leasú 23]

CHAPTER III

FORÁLACHA EILE

Airteagal 7

Beartas poiblí (ordre public)

Ní fhéadfar diúltú do chur i bhfeidhm forála dlí aon tíre a shonraítear sa Rialachán seo ach amháin más follas nach bhfuil an cur i bhfeidhm sin ag teacht le beartas poiblí (ordre public) an fhóraim.

Airteagal 8

Renvoi a eisiamh

Is éard atá i gceist le cur i bhfeidhm dhlí aon Stáit a shonraítear sa Rialachán seo cur i bhfeidhm na rialacha dlí atá i bhfeidhm sa Stát sin seachas a rialacha maidir leis an dlí idirnáisiúnta phríobháideach.

Airteagal 9

Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu

1.  I gcás ina mbeidh roinnt aonaid chríochacha i Stát agus a rialacha dlí féin ag gach ceann acu i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, breathnófar ar gach aonad críche mar Stát chun críocha an dlí is infheidhme faoin Rialachán seo a shainaithint.

2.  Ní cheanglófar ar Bhallstát ina bhfuil roinnt aonaid chríochacha a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach ceann acu i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de, ní cheanglófar orthu an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí dlíthe a bhaineann leis na haonaid sin amháin.

Airteagal 10

Gaol le forálacha eile de dhlí an Aontais

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Aontais lena leagtar síos, i dtaca le hábhair áirithe, rialacha easaontachta dlíthe a bhaineann le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.

Airteagal 11

An gaol le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann cheana

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ina bpáirtithe iontu tráth a ghlacfar an Rialachán seo agus lena leagtar síos rialacha easaontachta dlíthe a bhaineann le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de.

2.  Beidh tosaíocht ag an Rialachán seo, áfach, amhail idir na Ballstáit, ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó a mhéad a bhaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 12

Liosta na gCoinbhinsiún

1.  Faoin [dáta an chur i bhfeidhm], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 11(1). Tar éis an dáta sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach séanadh a dhéantar ar na coinbhinsiúin sin.

2.  Laistigh de shé mhí ón uair a bhfaighidh sé na fógraí dá dtagraítear i mír 1, foilseoidh an Coimisiún an méid seo a leanas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

(a)  liosta na gcoinbhinsiún dá dtagraítear i mír 1;

(b)  na séantaí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 13

Clásal athbhreithnithe

Faoin … [cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Más iomchuí, beidh tograí maidir leis an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 14

Cur i bhfeidhm i dtaca le ham

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le sannadh éileamh arna dtabhairt i gcrích an [dáta an chur i bhfeidhm] nó dá éis.

2.  Cinnfidh an dlí is infheidhme de bhun an Rialacháin seo an bhfuil tosaíocht ag cearta tríú páirtí i leith éileamh arna shannadh tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chearta tríú duine eile a fuarthas sula raibh an Rialachán seo infheidhme. I gcás ina bhfuil coimhlint idir éilimh bunaithe ar shannacháin, cinnfear leis an dlí is infheidhme de bhun an Rialacháin seo cearta na sannaithe faoi seach, ach amháin maidir le sanntaí arna gcur gcrích tar éis ... [dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 24]

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [18 mí ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)IO C 303, 29.8.2018, lch. 2.
(2)IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.
(3) IO C 303, 29.8.2018, lch. 2.
(4)IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.
(5) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).
(7) Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).
(8)Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II), IO L 199, 31.7.2007, lgh. 40.
(9)Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, IO L 351, 20.12.2012, lgh. 1.
(10)Rialachán (CE) Uimh. 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta, IO L 141, 5.6.2015, lgh. 19.
(11)Treoir 2014/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE, IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349.
(12)Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, (IO L 166, 11.6.1998, lgh. 45).
(13)Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa, (IO L 125, 5.5.2001, lgh. 15).
(14)Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 agus Rialachán Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún, (IO L 122, 3.5.2013, lgh. 1).
(15)Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le e dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Dócmhainneacht II), (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(16)Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i comhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013, lgh. 1-337.
(17)Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le ceanglais stuamachta na n‑institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, IO L 176, 27.6.2013, lgh. 338-436.
(18)Treoir 2014/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE, IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349-496.


Clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 ('clár Pericles IV') ***I
PDF 210kWORD 67k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (‘clár Pericles IV') (COM(2018)0369 – C8-0240/2018 – 2018/0194(COD))
P8_TA(2019)0087A8-0069/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0369),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 133 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0240/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0069/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár 'Pericles 2020')

P8_TC1-COD(2018)0194


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2)

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Tá an cuspóir curtha rompu ag an Aontas agus ag na Ballstáit na bearta is gá a leagan síos chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Tá cosaint an euro ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar ar cheann de na bearta sin, agus dá bharr sin éifeachtacht gheilleagar an Aontais a mhéadú a áirithiú agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a áirithiú a dhaingniú. [Leasú 1]

(2)  I Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle,(3) foráiltear do mhalartuithe faisnéise, do chomhar agus do chúnamh frithpháirteach, lena mbunófar ar an dóigh sin creat comhchuibhithe chun an euro a chosaint. Leathnaíodh éifeachtaí an Rialacháin sin le Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 ón gComhairle(4) ionas go gcumhdófaí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair, chun go mbeadh leibhéal coibhéiseach cosanta ag an euro ar fud an Aontais.

(3)  Gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh malartuithe faisnéise agus foirne, cúnaimh theicniúil agus eolaíoch agus oiliúna speisialaithe a chur chun cinn, is cuidiú mór iad chun airgeadra aonair an Aontais a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar agus, ar an dóigh sin, ardleibhéal de chosaint choibhéiseach a áirithiú ar fud an Aontais, agus léiriú a thabhairt ar chumas an Aontais dul i ngleic le coireacht thromchúiseach eagraithe. Is cabhair iad na gníomhaíochtaí sin freisin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna a bhaineann le sciúradh airgid agus coireacht eagraithe agus ar na naisc leo. [Leasú 2]

(4)  Cuireann clár chun an euro a chosaint ar ghóchumadh le feasacht saoránach de chuid AE a ardú, feabhas a chur ar chosaint an euro, go háirithe trí shíorscaipeadh thorthaí gníomhaíochtaí a dtacaíonn an clár sin leo. [Leasú 3]

(4a)   Dlúthchuid de gheilleagar AE atá slán agus iomaíoch is ea cosaint dhaingean an euro ar ghóchumadh, agus tá dlúthbhaint aige sin le cuspóir AE maidir le feidhmiú éifeachtúil an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a fheabhsú. [Leasú 4]

(5)  A bhuí le tacaíocht a tugadh san am a chuaigh thart do ghníomhaíochtaí den sórt sin, trí Chinneadh 2001/923/CE(5) ón gComhairle agus Chinneadh 2001/924/CE ón gComhairle(6), arna leasú agus arna leathnú ina dhiaidh sin le Cinntí 2006/75/CE(7), 2006/76/CE(849)(8), 2006/849/CE(9), 2006/850/CE(10) agus Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), bhíothas in ann feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát i réimse an euro a chosaint ar ghóchumadh. Tá cuspóirí an chláir chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) do na tréimhsí 2002-2006, 2007-2013 agus 2014 go dtí 2017(12) bainte amach.

(6)  Ar neamhréir leis an nós imeachta caighdeánach, ní dhearnadh measúnú tionchair ar leith ar an gClár. Is é an míniú atá air sin go pointe áirithe go ndearna an Coimisiún meastóireacht mheántéarmach ar an gClár in 2017, a raibh tuarascáil neamhspleách1a(13) ag gabháil léi. Cé go bhfuiltear dearfach ar an mórgóir i leith an Chláir sa tuarascáil, ábhar imní inti is ea líon teoranta na n-údarás inniúil atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Chláir agus cáilíocht na bpríomhtháscairí feidhmíochta arna n-úsáid chun torthaí an Chláir a thomhas. Ina Theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an meastóireacht mheántéarmach ar an gClár Pericles 2020 agus a mheastóireacht ex ante i riocht Doiciméad Inmheánach Oibre a bhí ag gabháil lena thogra (COM(2018)0369), bhain an Coimisiún de thátal gur cheart tacú le leanúint den Chlár níos faide anonn ná 2020, de bharr a bhreisluacha Aontais, a thionchair fhadtéarmaí agus inbhuanaitheacht a ghníomhaíochtaí agus rannchuidiú an Chláir le coireacht eagraithe a chomhrac. [Leasú 5]

(7)  Is í an chomhairle a thugtar sa mheastóireacht mheántéarmach ná gur cheart leanúint de ghníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár Pericles 2020, agus aghaidh a thabhairt, ag an am céanna, ar an ngá le cur isteach iarratas a shimpliú, idirdhealú idir tairbhithe agus rannpháirtíocht an líon is mó is féidir d’údarás inniúil ó thíortha éagsúla i ngníomhaíochtaí an Chláir a spreagadh, agus leanúint de dhíriú ar bhagairtí góchumtha eiritheacha agus athfhillteacha agus na heochairtháscairí feidhmíochta a shruthlíniú. [Leasú 6]

(7a)   Tá príomhionaid ghóchumtha aimsithe i dtríú tíortha agus tá góchumadh an euro ag méadú fud fad an domhain; dá bhrí sin, ba cheart go measfaí gur bunriachtanach iad gníomhaíochtaí maidir le fothú acmhainneachta agus oiliúint lena mbaineann údaráis inniúla tríú tíortha chun cosaint éifeachtach airgeadra aonair an Aontais a ghnóthú agus ba cheart iad a spreagadh tuilleadh i gcomhthéacs an Chláir. [Leasú 7]

(8)  Dá bhrí sin, ba cheart clár nua don tréimhse 2021-2027 (an ‘clár Pericles IV’) a ghlacadh. Ba cheart a áirithiú go bhfuil an clár Pericles IV i gcomhréir le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile, agus ina chomhlánú orthu. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún gach comhairliúchán is gá a dhéanamh maidir le meastóireacht a dhéanamh ar na riachtanais atá ann ó thaobh an euro a chosaint, ba cheart dó iad a dhéanamh leis na príomhpháirtithe lena mbaineann, go háirithe leis na húdaráis náisiúnta inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus le Europol, laistigh den choiste dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, go háirithe a mhéid a bhaineann le malartuithe, cúnamh agus oiliúint, chun críche an clár Pericles IV a chur i bhfeidhm. Fairis sin, agus an clár á chur chun feidhme acu, ba cheart go dtarraingeodh an Coimisiún ar thaithí fhairsing an Bhainc Cheannais Eorpaigh i ndáil le déanamh oiliúna agus soláthar faisnéise maidir le nótaí euro góchumtha. [Leasú 8]

(9)  Tá feidhm ag rialacha cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Tá na rialacha sin leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, sholáthar, dhuaiseanna agus chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo chun freagracht gníomhaithe airgeadais a sheiceáil. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(10)  Comhlíonann an Rialachán seo prionsabal an bhreisluacha agus prionsabal na comhréireachta. Ba cheart go n-éascódh an clár Pericles IV comhar i measc na mBallstát agus comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, gan cur isteach ar fhreagrachtaí na mBallstát, agus úsáid á baint aige as acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla ná mar a d'fhéadfaí úsáid a bhaint astu ar an leibhéal náisiúnta. Is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus tá údar leis toisc gur léir go gcuidíonn sé leis na Ballstáit an euro a chosaint go comhpháirteach agus go spreagann sé úsáid struchtúir choiteanna de chuid an Aontais chun comhar agus malartú tráthúil agus cuimsitheach faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú. [Leasú 9]

(11)  The Pericles IV programme should be implemented in accordance with the multiannual financial framework laid down in [tagairt don Rialachán maidir leis an CAI iar-2020 Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) …/2018].

(12)  Chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le cláir oibre amhail dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus le táscairí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 12 agus san Iarscríbhinn. Ba cheart don Choimisiún cláir oibre bhliantúla a ghlacadh lena leagtar amach na tosaíochtaí, an miondealú buiséid agus na critéir mheastóireachta maidir le deontais le haghaidh gníomhaíochtaí. Ba cheart go mbeadh na cásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, ina bhfuil méadú ar chómhaoiniú riachtanach chun níos mó solúbthachta eacnamaíche a thabhairt do na Ballstáit, rud a chuirfidh ar a gcumas tionscadail a chur i gcrích agus a chríochnú chun an euro a chosaint agus a chumhdach ar bhealach sásúil, mar chuid de na cláir oibre bhliantúla. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 10]

(13)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don chlár Pericles IV arb éard a bheidh ann an príomh‑mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe nua idirinstitiúideach: phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(14)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013(14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(15) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(16), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

(15)  Ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta meántéarmaí maidir le cur chun feidhme an chláir Pericles IV agus tuarascáil mheastóireachta deiridh maidir le baint amach chuspóirí an chláir, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(16)  Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 a aisghairm.

(17)  Is iomchuí trasdul rianúil gan briseadh a áirithiú idir an clár Pericles 2020 agus an clár Pericles IV agus is iomchuí ré an chláir Pericles IV a ailíniú le [tagairt don Rialachán maidir leis an CAI iar-2020] Rialachán (AE, Euratom) .../2018]. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gclár Pericles IV ó 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an clár Pericles IV, clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (‘an clár’).

Leagtar síos leis cuspóirí an chláir, an buiséad don tréimhse ó 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Cuspóirí an chláir

1.  Ag seo cuspóir ginearálta an chláir:

Góchumadh agus calaois ghaolmhar a chosc agus a chomhrac sa dóigh is go gcaomhnófar sláine na nótaí bainc agus bonn euro, lena dtreisítear an mhuinín atá ag saoránaigh agus ag gnólachtaí as barántúlacht na nótaí bainc agus bonn euro sin agus lena bhfeabhsaítear, dá réir sin, an mhuinín as geilleagar an Aontais, agus lena ndaingnítear inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí ag an am céanna. [Leasú 11]

2.  Tá an cuspóir sonrach seo a leanas ag an gclár:

Nótaí bainc agus monaí euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar, trí thacú leis na bearta arna ngabháil de láimh ag na Ballstáit agus trí chur leo, agus trí chúnamh a thabhairt d'údaráis inniúla náisiúnta agus d'údaráis inniúla an Aontais agus iad ag iarraidh dlúthchomhar tráthrialta agus malartú an chleachtais is fearr a fhorbairt eatarthu féin agus leis an gCoimisiún lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 3

Buiséad

1.  Is é EUR 7 700 000(18) (i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. [Leasú 12]

2.  Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla a údarú laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

3.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n‑áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

Airteagal 4

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas Eorpach

1.  Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an clár chun feidhme i gcomhréir leis [an leagan is deireanaí den Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(19).]

2.  Déanfaidh an Coimisiún an clár a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit, trí chomhairliúcháin rialta a chur ar bun ag céimeanna éagsúla le linn chur chun feidhme an Chláir, agus, ag an am céanna, áiritheofar comhréireacht leis na bearta ábhartha atá déanta ag eintitis eile inniúla, go háirithe ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag Europol, agus seachnófar dúbláil neamhriachtanach orthu. Chuige sin, agus na cláir oibre á n-ullmhú aige de bhun Airteagal 10, cuirfidh an Coimisiún san áireamh gníomhaíochtaí BCE agus Europol atá ann cheana agus atá beartaithe i gcoinne ghóchumadh agus chalaois an euro. [Leasú 13]

3.  Is i bhfoirmeacha aon cheann den méid seo a leanas a bheidh tacaíocht airgeadais faoin gclár le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 6:

deontais; nó

soláthar poiblí.

Airteagal 5

Gníomhaíochtaí comhpháirteacha

1.  Féadfaidh an Coimisiún agus comhpháirtithe eile a bhfuil saineolas ábhartha acu, amhail na comhpháirtithe seo a leanas, gníomhaíochtaí a eagrú i gcomhpháirt faoin gclár:

(a)  na bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE);

(b)  na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú (LNAanna) agus na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú Monaí (LNAManna);

(c)  an Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch (LETE) agus na miontaí;

(d)  Europol, Eurojust agus Interpol;

(e)  na lároifigí náisiúnta frith‑ghóchumtha dá bhforáiltear in Airteagal 12 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Deireadh a Chur le Góchumadh Airgeadra a síníodh sa Ghinéiv an 20 Aibreán 1929(20) agus gníomhaireachtaí eile arb é góchumadh a chosc, a bhrath agus an dlí a fhorfheidhmiú ina leith a speisialtacht;

(f)  sainchomhlachtaí a mbíonn baint acu le réimse na dteicneolaíochtaí macasamhlaithe agus deimhnithe, clódóirí agus greanadóirí;

(g)  comhlachtaí seachas na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go (f) a thairgeann saineolas sonrach, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí den sórt sin ó thríú tíortha agus go háirithe ó Stáit aontacha agus ó thíortha is iarrthóirí; agus

(h)  eintitis phríobháideacha a d'fhorbair agus a sholáthair fianaise ar eolas teicniúil agus fhoirne a speisialaíonn i nótaí bainc agus monaí góchumtha a bhrath.

2.  I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí incháilithe á n‑eagrú i gcomhpháirt leis an gCoimisiún agus le BCE, le Eurojust, le Europol nó le Interpol, déanfar na caiteachais dá éis a roinnt eatarthu. In aon chás, seasfaidh gach ceann díobh costais taistil agus lóistín a chuid aoichainteoirí féin.

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 6

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.  Déanfaidh an clár, faoi na coinníollacha a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10, tacaíocht airgeadais a sholáthar do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)  malartú agus scaipeadh faisnéise, go háirithe trí cheardlanna, cruinnithe agus seimineáir lena n‑áirítear oiliúint, socrúcháin spriocdhírithe agus malartuithe foirne de chuid údarás inniúil náisiúnta agus gníomhaíochtaí eile comhchosúla a eagrú. Beidh an malartú faisnéise dírithe ar na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:

–  deachleachtais maidir le góchumadh agus calaois a bhaineann leis an euro a chosc; [Leasú 14]

–  modheolaíochtaí chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch agus airgeadais atá ag góchumadh;

–  bunachair shonraí agus córas réamhrabhaidh a fheidhmiú;

–  uirlisí braith a bhfuil cúltaca ríomhaire acu a úsáid; [Leasú 15]

–  modhanna fiosrúcháin agus imscrúdaithe;

–  cúnamh eolaíoch, lena n‑áirítear faireachán ar fhorbairtí nua;

–  an euro a chosaint lasmuigh den Aontas;

–  gníomhaíochtaí taighde;

–  saineolas oibríochtúil sonrach a sholáthar;

(b)  cúnamh teicniúil, eolaíoch agus oibríochtúil is cosúil a bheith riachtanach mar chuid den chlár, lena n‑áirítear an méid seo a leanas go háirithe:

–  aon bheart iomchuí a bhunaíonn acmhainní múinteoireachta ar leibhéal an Aontais , amhail lámhleabhar maidir le reachtaíocht an Aontais, bullaitíní eolais, lámhleabhair phraiticiúla, gluaiseanna agus foclóirí, bunachair shonraí, go háirithe i réimse an chúnaimh eolaíoch nó na faire teicneolaíochta nó feidhmchlár tacaíochta ríomhaire, amhail bogearraí;

–  staidéir ábhartha a bhfuil gné ildisciplíneach agus thrasnáisiúnta acu, lena n‑áirítear taighde ar ghnéithe slándála nuálacha;

–  uirlisí agus modhanna tacaíochta teicniúla a fhorbairt chun gníomhaíochtaí braith a éascú ar leibhéal an Aontais;

–  tacaíocht do chomhar i gcás oibríochtaí ina bhfuil ar a laghad dhá Stát páirteach nuair nach bhfuil féidir tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil ó chláir eile de chuid institiúidí agus comhlachtaí Eorpacha; [Leasú 16]

(c)  ceannach trealaimh, ar trealamh é atá le húsáid ag údaráis frith‑ghóchumtha speisialaithe tríú tíortha chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, i gcomhréir le hAirteagal 10(3).

2.  Déanfaidh an clár gnéithe trasnáisiúnta agus ildisciplíneacha an chomhraic i gcoinne góchumtha a chur san áireamh trí dhíriú ar rannpháirtíocht na ngrúpaí seo a leanas:

(a)  foireann gníomhaireachtaí a bhíonn ag gabháil do ghóchumadh a bhrath agus a chomhrac, go háirithe fórsaí póilíneachta agus riaracháin chustaim agus airgeadais, de réir a bhfeidhmeanna sonracha ar an leibhéal náisiúnta;

(b)  pearsanra faisnéise;

(c)  ionadaithe de chuid na mbanc ceannais náisiúnta, na miontaí, na mbanc tráchtála agus idirghabhálaithe airgeadais eile, go háirithe maidir le hoibleagáidí institiúidí airgeadais;

(d)  oifigigh bhreithiúnacha, saindlíodóirí agus comhaltaí den bhreithiúnacht sa réimse seo;

(e)  aon ghrúpa eile saineolaithe lena mbaineann, amhail comhlachais tráchtála agus tionscail nó struchtúir inchomparáide a bheadh in ann rochtain a sholáthar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, miondíoltóirí agus cuideachtaí iompair airgid.

3.  Féadfar na grúpaí rannpháirtithe ó thríú tíortha a áireamh sna grúpaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo rannpháirtithe ó thríú tíortha a áireamh, más tábhachtach é sin chun na cuspóirí dá bhforáiltear in Airteagal 2 a bhaint amach. [Leasú 17]

CAIBIDIL III

DEONTAIS

Airteagal 7

Deontais

Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gclár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

I gcás gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme trí dheontais, ní ceannach trealaimh an t‑aon chomhpháirt amháin a bheidh sa chomhaontú deontais.

Airteagal 8

Rátaí cómhaoinithe

Ní sháróidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gclár 75 % de na costais incháilithe. In imthosca eisceachtúla atá cuí‑réasúnaithe, arna sainiú sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10, ní sháróidh an ráta cómhaoinithe 90 % de na costais incháilithe.

Airteagal 9

Eintitis incháilithe

Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta, arna sainiú i bpointe (b) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, a bheidh ina n‑eintitis incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin gclár.

CAIBIDIL IV

CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 10

Cláir oibre

1.  Is leis na Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun cláir oibre a ghlacadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an clár chun feidhme. [Leasú 18]

2.  I gcás deontas, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 108 den Rialachán Airgeadais, sonrófar sa chlár oibre na critéir roghnúcháin agus dámhachtana sár-riachtanacha agus an t‑uasráta cómhaoinithe.

Airteagal 11

Tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal Airteagail 10(1) agus 12(2) a thabhairt don Choimisiún ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. [Leasú 19]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal Airteagail 10(1) agus 12(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 20]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, mar aon le hionadaithe ó BCE agus ó Europol. [Leasú 21]

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.  Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(2) i bhfeidhm mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12

Faireachán

1.  Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an chláir maidir le baint amach an chuspóra shonraigh a leagtar amach in Airteagal 2.

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun na forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt, lena n‑áirítear le leasuithe san Iarscríbhinn chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh, i gcás inar gá chun críocha na meastóireachta.

3.  Soláthróidh an Coimisiún faisnéis bhliantúil ar thorthaí an chláir do Pharlaimint na hEorpa, agus don Chomhairle, don Bhanc Ceannais Eorpach, do Europol, do Eurojust agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), agus na táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo á gcur san áireamh acu. [Leasú 22]

4.  Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha agus tairbhithe eile na sonraí uile agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Choimisiún chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gclár.

Airteagal 13

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gclár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an chláir, ach déanfar í tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an chláir.

2.  Ag deireadh chur chun feidhme an chláir, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse atá sonraithe in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gclár.

3.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhanc Ceannais Eorpach, do Europol, do Eurojust agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. [Leasú 23]

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad trédhearcacht agus infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal. [Leasú 24]

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gclár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an chláir. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gclár ina gcuidiú freisin maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2.

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 16

Forálacha idirthréimhseacha

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 331/2014, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

TÁSCAIRÍ LE hAGHAIDH MHEASTÓIREACHT AN CHLÁIR

Déanfar faireachán grinn ar an gClár ar bhonn tacar táscairí arb é is feidhm dóibh tomhas a dhéanamh, gan ach na hualaí agus costais riaracháin is ísle a bheith ag roinnt leis sin, ar a mhéid atá cuspóir ginearálta agus cuspóirí sonracha an Chláir bainte amach. Chuige sin, baileofar sonraí a mhéid a bhaineann leis an tsraith seo a leanas de phríomhtháscairí:[Leasú 25]

(a)  an líon euro góchumtha a braitheadh an líon Ballstát agus tríú tíortha a raibh a n-údaráis náisiúnta inniúla rannpháirteach sna gníomhaíochtaí faoin gClár; [Leasú 26]

(b)  an líon ceardlann neamhdhleathach a cuireadh ó mhaith; agus an líon rannpháirtithe agus a ráta sástachta mar aon le haon aiseolas a d’fhéadfadh a bheith tugtha acu maidir le fóinteacht na ngníomhaíochtaí faoin gClár; [Leasú 27]

(c)  aiseolas faisnéis a fuarthas ó rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis údaráis náisiúnta inniúla maidir leis an líon euro góchumtha a braitheadh agus an líon ceardlann neamhdhleathach a cuireadh ó mhaith mar iarmhairt dhíreach ar chomhar feabhsaithe tríd an gClár. [Leasú 28]

Is iad an Coimisiún agus tairbhithe an Chláir a bhaileoidh na sonraí agus an fhaisnéis le haghaidh na bpríomhtháscairí feidhmíochta gníomhaithe gach bliain: [Leasú 29]

—  is é an Coimisiún a bhaileoidh na sonraí a bhaineann leis an líon nótaí bainc agus monaí euro góchumtha;

—  is é an Coimisiún a bhaileoidh na sonraí a bhaineann leis an líon ceardlann góchumtha a cuireadh ó mhaith;

—  is é an Coimisiún agus tairbhithe an Chláir a bhaileoidh na sonraí a bhaineann leis an aiseolas a fuarthas ó rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis an gClár.

(1)IO C 137, 12.5.2012, lch. 7.
(2)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019.
(3)Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh ( IO L 181, 4.7.2001, lch. 6).
(4)Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leathnaíear éifeachtaí Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh go dtí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair (IO L 181, 4.7.2001, lch. 11).
(5)Cinneadh 2001/923/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) (IO L 339, 21.12.2001, lch. 50).
(6)Cinneadh 2001/924/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena leathnaítear éifeachtaí an Chinnidh lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) go dtí na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair (IO L 339, 21.12.2001, lch. 55).
(7)Cinneadh 2006/75/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) (IO L 36, 8.2.2006, lch. 40).
(8)Cinneadh 2006/76/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena síntear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/75/CE lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) go dtí na Ballstáit neamh‑rannpháirteacha (IO L 36, 8.2.2006, lch. 42).
(9)Cinneadh 2006/849/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) (IO L 330, 28.11.2006, lch. 28).
(10)Cinneadh 2006/850/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena síntear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/849/CE lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles) do na Ballstáit neamh‑rannpháirteacha (IO L 330, 28.11.2006, lch. 30).
(11)Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (an clár Pericles 2020) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE ón gComhairle (OJ L 103, 5.4.2014, p. 1).
(12)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an meastóireacht mheántéarmach ar an gclár Pericles 2020 an 6.12.2017 (COM (2017) 741 final).
(13) SWD(2017)444 final agus Ares(2917)3289297 '30/06/2017.
(14)IOL 248, 18.9.2013, lch. 1.
(15)IOL 292, 15.11.1996, lch. 2.
(16)IOL 283, 31.10.2017, lch. 1.
(17) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(18) Méid táscach amháin, ag brath ar an CAI foriomlán.
(19) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(20)Conradh na Náisiún, Sraith Conarthaí Uimh. 2623 (1931), lch. 372.


Comhaontú Cosanta Infheistíochta AE-Singeapór ***
PDF 110kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar cheann an Aontais Eorpaigh (07979/2018 – C8-0447/2018 – 2018/0095(NLE))
P8_TA(2019)0090A8-0054/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07979/2018),

–  ag féachaint don Dréachtchomhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile (07980/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8‑0447/2018),

–  ag féachaint do thuairim ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Bealtaine 2017(1),

–  ag féachaint dá rún neamhreachtach an 13 Feabhra 2019(2) ar an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Rialacha 99(1) agus (4), agus do Riail 108(7) de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0054/2019),

1.  ag tabhairt a toiliú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Shingeapór.

(1) Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Bealtaine 2017, 2/15, ECLI:AE:C: 2017:376.
(2) Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0091.


Comhaontú Cosanta Infheistíochta AE-Singeapór (rún)
PDF 121kWORD 53k
Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, , maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh (07979/2018 – C8-0447/2018 – 2018/0095M(NLE))
P8_TA(2019)0091A8-0049/2019

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07979/2018),

–  ag féachaint don Dréachtchomhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile (07980/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C8‑0447/2018),

–  ag féachaint do threoracha caibidlíochta an 23 Aibreán 2007 maidir le comhaontú saorthrádála (CST) le Ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN),

–  ag féachaint don chinneadh ón gComhairle an 22 Nollaig 2009 chun caibidlíochtaí déthaobhacha CST a dhéanamh le Ballstáit aonair de chuid ASEAN, ag tosú le Singeapór,

–  ag féachaint dá rún an 6 Aibreán 2011 maidir le beartas infheistíochta idirnáisiúnta Eorpach amach anseo(1),

–  ag féachaint do mhodhnuithe an 12 Mean Fómhair 2011 ar na treoracha caibidlíochta tosaigh chun an Coimisiún a údarú le hinfheistíocht a chaibidliú,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir na Ballstáit agus tríú tíortha(2),

–  ag féachaint dá rún an 5 Iúil 2016 le haghaidh stráitéis nuálach réamhbhreathnaitheach nua maidir le trádáil agus infheistíocht amach anseo(3),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal ‘Trádáil do chách – Faoi thuairim beartas trádála agus infheistíochta níos freagraí a chothú’ (COM(2015)0497),

–  ag féachaint don tuairim ó Chúirt Bhreithiúnais an 16 Bealtaine 2017 maidir le nós imeachta 2/15(4), arna iarraidh ag an gCoimisiún an 10 Iúil 2015, de bhun Airteagal 218(11) CFAE,

–  ag féachaint dá rún an 4 Deireadh Fómhair 2018 maidir le hionchur AE in Ionstraim Cheangailteach na Náisiún Aontaithe maidir le corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair eile ghnó i leith chearta an duine(5),

–  ag féachaint do na Rialacha maidir le Trédhearcacht in Eadráin Chonradhbhunaithe idir Infheisteoirí agus Stáit ó Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (UNCITRAL),

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Teideal V de maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais,

–  ag féachaint do CFAE, go háirithe Cuid a Cúig, Teidil I, II agus V de, Airteagal 207 go sonrach, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 13 Feabhra 2019(6) ar an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0049/2019),

A.  de bhrí go bhfuil luachanna bunúsacha i gcoiteann ag AE agus Singeapór, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht ratha, urraim do chearta an duine, don éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus tiomantas láidir do rialacha bunaithe ar thrádáil laistigh den chóras iltaobhach trádála;

B.  de bhrí gurb é AE an príomhfhaighteoir agus an phríomhfhoinse maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche ar fud an domhain;

C.  de bhrí gurb é Singeapór an t-ochtú ceann scríbe is mó d’infheistíocht dhíreach choigríche de cuid an Aontais Eorpaigh agus an chéad cheann i réigiún ASEAN;

D.  de bhrí gurb é Singeapór an comhpháirtí is mó de AE in Oirdheisceart na hÁise, agus díreach faoi bhun trian de thrádáil AE-ASEAN in earraí agus seirbhísí aige, agus thart ar dhá thrian de na hinfheistíochtaí uile idir an dá réigiún. de bhrí go bhfuil a n-oifig réigiúnach ag níos mó na 10,000 cuideachta Eorpach i Singeapór agus a oibríonn mar is gnách, i gcomhthéacs deimhneacht dhlíthiúil;

E.  De bhrí gurb é Singeapór an príomhionad d’infheistíocht Eorpach san Áise, agus stoic infheistíochta ag dul chomh hard le EUR 256 bhilliún in 2016;

F.  de bhrí go bhfuil níos mó ná 3 000 conradh infheistíochta idirnáisiúnta i bhfeidhm faoi láthair agus gur páirtí iad Ballstáit an Aontais Eorpaigh i dtimpeall 1 400 acu;

G.  de bhrí gurb é seo an chéad chomhaontú maidir le ‘cosaint infheistíochta amháin’ arna thabhairt i gcrích idir AE agus triú tír tar éis plé i measc na n-institiúidí ar struchtúr nua CSTanna AE ar bhonn thuairim 2/15 ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Bealtaine 2017;

H.  de bhrí, i bhfianaise chur chuige nua AE maidir le cosaint infheistíochta agus a shásra um fhorfheidhmiú agus an chórais cúirte infheistíochta (ICS), gur aontaigh Singeapór in 2017 go ndéanfadh sé athbhreithniú ar na forálacha maidir le cosaint infheistíochta a socraíodh trí chaibidlíocht in 2014, lenar athosclaíodh comhaontú a bhí dúnta;

I.  de bhrí go gcuireann an comhaontú leis na forálacha maidir le cosaint infheistíochta atá sa Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada (CETA), agus a dhaingnigh Parlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2017;

J.  de bhrí gur iarr an Bheilg an 6 Mean Fómhair 2017 ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tuairim a thabhairt maidir le comhoiriúnacht fhorálacha ICS CETA le conarthaí AE;

K.  de bhrí gur lú an tábhacht atá le sásraí um réiteach díospóidí de bharr geilleagair fhorbartha ag a bhfuil údaráis bhreithiúnacha dea-fheidhmiúla, cé go bhféadfadh na sásraí sin réiteach níos tapúla ar na díospóidí sin a áirithiú; de bhrí go ndéanfadh bunú cúirte iltaobhaí infheistíochta neamhspleáiche, mar sin féin, muinín sa chóras agus i ndeimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú;

L.  de bhrí go dtiocfaidh an comhaontú in ionad na gconarthaí déthaobhacha infheistíochta atá ann faoi láthair idir 13 Bhallstát de chuid AE agus Singeapór, nach n-áirítear leo cur chuige nua AE maidir le cosaint infheistíochta agus a shásra um fhorfheidhmiú (ICS);

M.  de bhrí gur thug na Páirtithe gealltanas cúirt iltaobhach infheistíochta a bhunú, tionscnamh ar thug Parlaimint na hEorpa tacaíocht láidir dó;

N.  de bhrí gur ghlac an Chomhairle, an 20 Márta 2018, na treoracha caibidlíochta lenar údaraíodh an Coimisiún le dul i mbun caibidlíochta, thar ceann AE, ar choinbhinsiún lena mbunófaí cúirt iltaobhach infheistíochta; de bhrí gur cuireadh na treoracha caibidlíochta sin ar fáil don phobal;

O.  de bhrí gur thug AE comhaontú comhchosúil maidir le cosaint infheistíochta i gcrích le Vítneam, a ghlac an Coimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018;

1.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di chur chuige nua AE maidir le cosaint infheistíochta agus a shásra um fhorfheidhmiú (ICS), a tháinig in ionad an tsásra thar a bheith conspóideach maidir le réiteach díospóide idir infheisteoirí agus an stát (ISDS), agus ag tabhairt aghaidh ar chuid dá lochtanna sa phróiseas, agus sna cineálacha cur chuige leithleacha atá á leanúint ag Ballstáit AE sna conarthaí déthaobhacha infheistíochta (BITanna) atá ann cheana;

2.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go n-áiritheofar ardleibhéal cosanta infheistíochta, trédhearcachta agus cuntasachta, leis an gcomhaontú agus, ag an am céanna, an ceart na leibhéil rialtasacha go léir a rialáil agus saothrú cuspóirí beartais phoiblí dlisteanacha don dá Pháirtí, amhail sláinte phoiblí agus cosaint an chomhshaoil, á choimirciú ; ag cur i bhfios dá ndéanfadh Pairtí amháin rialáil ar shlí a mbeadh drochthionchar aige ar infheistíocht nó a chuirfeadh isteach ar ionchais brabúis infheisteora, nach mbeadh sé ina shárú ar chaighdeáin cosanta infheistíochta agus nach mbeadh gá le haon chúiteamh dá bhrí sin; ag cur i bhfáth nach gceadaítear don chomhaontú srian a chur le neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta ná cearta na gceardchumann ar aon bhealach.

3.  ag cur i bhfáth go n-áirithítear leis an gcomhaontú nach ndéanfar idirdhealú idir infheisteoirí AE i Singeapór agus infheisteoirí Singeapóracha agus go gcosnófar infheisteoirí AE go cuí leis an gcomhaontú ar dhíshealbhú neamhdhlisteanach;

4.  ag meabhrú go mbeartaítear le ICS go mbunófaí Binse Infheistíochta Buan Céadchéime agus Binse Achomhairc, nach mór dá gcomhaltaí cáilíochtaí inchomparáide le cáilíochtaí na mbreithiúna sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta a bheith acu, lena n-áirítear saineolas i réimse an dlí idirnáisiúnta phoiblí, agus ní i réimse an dlí tráchtála amháin, agus nach mór dóibh rialacha dochta maidir le neamhspleáchas, ionracas agus iompar eiticiúil a shásamh trí chód iompair ceangailteach atá ceaptha coinbhleachtaí leasa a chosc;

5.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di go mbeidh feidhm ag rialacha trédhearcachta os comhair binsí fiosraithe, go mbeidh cásdoiciméid ar fáil go poiblí agus go dtionólfar éisteachtaí go poiblí; den tuairim go gcabhróidh trédhearcacht níos mó le hiontaoibh phoiblí a chothú sa chóras; ag cur in iúl gur díol sásaimh di, thairis sin, an tsoiléireacht maidir leis na forais inar féidir le hinfheisteoir éileamh a chur isteach, ar rud é a áirithíonn trédhearcacht agus cothroime bhreise an phróisis;

6.  ag cur i bhfios nach bhfuil aon seasamh dlíthiúil ag tríú páirtithe amhail eagraíochtaí saothair agus comhshaoil os comhair binsí fiosraithe agus nach féidir a bheith rannpháirteach, dá bhrí sin, mar pháirtithe a ndéantar difear dóibh chun oibleagáidí infheisteoirí a fhorfheidhmiú ach gur féidir leo rannchuidiú le himeachtaí ICS trí mhionteagaisc amicus curiae. ag cur i bhfáth gur córas ar leithligh fós d’infheisteoirí coigríche amháin an chúirt infheistíochta;

7.  ag cur i bhfios nach ceadmhach siopadóireacht dlínse a bheith indéanta agus go gcaithfear imeachtaí iomadúla agus imeachtaí comhthreomhara a sheachaint;

8.  ag meabhrú go gcuireann an comhaontú go suntasach leis na forálacha maidir le cosaint infheistíochta in CETA, toisc go bhfuil forálacha ann maidir le hoibleagáidí ar iarbhreithiúna, mar aon le cód iompair chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus Binse Achomhairc lánfheidhmiúil tráth a dtugtar i gcrích é;

9.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di gealltanas Shingeapór maidir leis an gcúirt iltaobhach infheistíochta a bhunú, cúirt idirnáisiúnta agus neamhspleách phoiblí a dtabharfar de chumhacht di díospóidí i dtaca le hinfheistíochtaí idir infheisteoirí agus stáit inar ghlac siad le dlínse na cúirte ar a gconarthaí déthaobhacha infheistíochta a éisteacht, agus nach mór é a bheith mar sprioc dheiridh aici an córas cosanta infheistíochta neamhchothrom agus costasach atá ann faoi láthair a athchóiriú agus a ionadú; ag meas gur céim ríthábhachtach é an comhaontú chun na críche sin; á mholadh don Choimisiún leanúint lena chuid iarrachtaí teagmháil a dhéanamh le tíortha chun an chúirt iltaobhach infheistíochta a bhunú chomh luath agus is féidir;

10.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh ón gComhairle treoir chaibidlíochta an 20 Márta 2018 maidir leis an gcúirt iltaobhach infheistíochta a chur ar fáil don phobal agus tá sí ag iarraidh ar an gComhairle na treoracha idirbheartaíochta do na comhaontuithe trádála agus infheistíochta roimhe seo agus a bheidh ann amach anseo a chur ar fáil don phobal díreach tar éis iad a ghlacadh, chun trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí a mhéadú;

11.  ag cur i bhfios go gcuirfear an comhaontú in ionad na gconarthaí déthaobhacha infheistíochta atá an cheana idir 13 Bhallstát de chuid an Aontais agus Singeapór agus ar an gcaoi sin níos mó comhleanúnachais a sholáthar ná na conarthaí déthaobhacha infheistíochta atá bunaithe ar fhorálacha cosanta infheistíochta atá as dáta agus lena n-áirítear ISDS; ag cur i bhfios go gcruthóidh an comhaontú cearta nua le haghaidh éilimh infheisteoirí sna 15 Bhallstát eile atá fágtha; ag cur i bhfáth gurb iad na cúirteanna náisiúnta feidhmiúla an príomhrogha chun díospóidí infheisteoirí a réiteach, ach ag meas gur céim thábhachtach é an comhaontú ionsar na rialacha domhanda maidir le cosaint infheistíochta agus socrú díospóidí a athchóiriú;

12.  ag cur in iúl gur oth léi an easpa forálacha maidir le hoibleagáidí na n-infheisteoirí, agus ag cur i bhfáth, sa chomhthéacs sin a thábhachtaí atá freagracht shóisialta chorparáideach; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar reachtaíocht atá cosúil le reachtaíocht maidir le mianraí coinbhleachta agus adhmad, mar shampla an tionscal éadaigh; ag meabhrú thábhacht Threoirlínte ECFE le haghaidh Fiontair Ilnáisiúnta agus Threoirphrionsabail na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.

13.  easpa cur chuige domhanda á thabhairt dá haire aici i leith cearta an duine a bheith á gcomhlíonadh ag corparáidí agus sásraí leighis a bheith ar fáil; an obair a thosaigh na Náisiúin Aontaithe lena meitheal idir-rialtasach oscailte maidir le corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair eile ghnó i leith chearta an duine chun ionstraim cheangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe a bhunú á tabhairt dá haire aici; ag spreagadh an Choimisiún agus Bhallstáit AE plé go tairbheach sa tionscnamh sin;

14.  ag spreagadh an Choimisiúin leanúint ar aghaidh lena chuid oibre maidir le ICS a dhéanamh níos inrochtana, go háirithe le haghaidh FBManna agus cuideachtaí beaga;

15.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Shingeapór smachtbhannaí níos láidre a aontú i gcás nach gcomhlíonann comhalta de na binsí an cód iompair, agus chun a áirithiú go mbeidh siad i bhfeidhm a luaithe a thiocfaidh an comhaontú seo i bhfeidhm;

16.  ag meas go dtabharfaidh formheas an chomhaontaithe seo tuilleadh cumhachta do AE comhaontuithe comhchosúla a thabhairt i gcrích le tíortha eile de chuid ASEAN trí chaibidlíocht d’fhonn rialacha comhchosúla maidir le cosaint infheistíochta ar fud an réigiúin a bhunú;

17.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Shingeapór.

(1)IO CE 296, 2.10.2012, lch. 34.
(2)IO L 351, 20.12.2012, lch. 40.
(3)IO C 101, 16.3.2018, lch. 30.
(4)Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Bealtaine 2017, 2/15, ECLI:AE:C: 2017:376.
(5)Téacsanna a glacadh, P8_TA(2018)0382.
(6)Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0090.


Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-Singeapór ***
PDF 108kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar cheann an Aontais Eorpaigh (15375/2018 – C8-0026/2019 – 2018/0403(NLE))
P8_TA(2019)0092A8-0020/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15375/2018),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile (08224/2014),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 212 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0026/2019),

–  ag féachaint dá rún neamhreachtach an 13 Feabhra 2019(1) maidir leis an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A8-0020/2019),

1.  ag tabhairt a toiliú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Shingeapór.

(1) Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0093.


Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-Singeapór
PDF 142kWORD 55k
Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (15375/2018 – C8-0026/2019 – 2018/0403M(NLE))
P8_TA(2019)0093A8-0023/2019

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15375/2018),

–  ag féachaint don Dréachtchomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile (08224/2014),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 212, in éineacht le hAirteagal 218(6)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0026/2019);

–  ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair (PCA), arna shíniú sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2018,

–  ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála (FTA) agus don Chomhaontú um Chosaint Infheistíochta (IPA), arna shíniú sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2018,

–  ag féachaint do Chomhaontú ASEAN-CEE arna shíniú i Márta 1980, arb é an creat dlíthiúil é do chaidreamh AE-ASEAN(1),

–  ag féachaint don 12ú Cruinniú Mullaigh den Áise-Eoraip (ASEM), arna chomóradh sa Bhruiséil an 18 agus 19 Deireadh Fómhair 2018,

–  ag féachaint don 10ú cruinniú idirpharlaiminteach de AE-Singeapór, arna thionól i Singeapór an 23 Bealtaine 2017,

–  ag féachaint don Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, arna foilsiú ag Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) i Meitheamh 2016,

–  ag féachaint do na Treoirlínte maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh san Áise Thoir, arna fhormheas ag an gComhairle an 15 Meitheamh 2012,

–  ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 28 Bealtaine 2018 maidir le comhar slándála feabhsaithe AE san Áise agus leis an Áise,

–  ag féachaint don stráitéis AE maidir leis an Eoraip agus an Áise a nascadh le chéile, atá bunaithe ar choincheap na nascachta inbhuanaithe,

–  ag féachaint do na rúin le deanaí ó ASEAN, go háirithe na rúin sin ón 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le caidreamh polaitiúil AE le ASEAN(2) agus ón 15 Eanáir 2014 maidir le todhchaí na gcaidreamh AE-ASEAN(3),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 13 Feabhra 2019(4) ar an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha(A8-0023/2019),

A.  de bhrí go bhfuil an caidreamh AE-Singeapór ann leis na blianta fada agus go bhfuil an caidreamh sin tógtha ar stair fhada de chairdeas agus de dhlúthcheangail stairiúla, polaitiúla agus eacnamaíocha; de bhrí go bhfuil an caidreamh déthaobhach fothaithe ar luachanna comhroinnte agus ar thiomantas i leith domhan faoi shíocháin agus rathúil a bheith ann;

B.  de bhrí go n-athdhearbhaíonn an dá pháirtí i gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair (PCA) AE-Singeapór a n-urraim do phrionsabail an daonlathais, d’fhorlámhas an dlí, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, faoi mar a leagtar síos i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus in ionstraimí eile maidir le cearta idirnáisiúnta an duine is infheidhme;

C.  de bhrí go bhfuil Singeapór ar cheann de chomhaltaí bunaitheacha Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), a cheiliúir 40 bliain a bhunaithe in 2017;

D.  de bhrí go ndearna Singeapór, le linn dó a bheith i gcúram Cathaoirleachta ar ASEAN in 2018 leis an mana ‘Athléimneach agus Nuálach’, dhá Chruinniú Mullaigh de ASEAN a óstáil agus go ndearna sé aontacht, slándáil agus comhar eacnamaíoch in ASEAN a chur chun cinn, agus sheol sí tionscnaimh amhail Cumann na nÓg ASEAN;

E.  de bhrí go bhfuil Singeapór ina dhlúth-chomhghuaillí leis na Stáit Aontaithe, ar thug sé FTA i gcrích leo in 2003, agus go measann sé go bhfuil na Stáit Aontaithe fíor-riachtanach don tslándáil, cobhsaíocht agus cóimheá i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise;

F.  de bhrí gur rangaíodh Singeapór sa 9ú háit in Innéacs um Fhorbairt Dhaonna Chlár Forbartha NA in 2017;

G.  de bhrí gur rangaíodh Singeapór sa 6ú háit in Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú de chuid ‘Transparency International’ in 2017, á fhágáil ar cheann de na tíortha ar domhan is lú éilliú ann;

H.  de bhrí go raibh an chéad Fhóram na gCeannairí Óga AE-ASEAN ar siúl i mí Feabhra 2018;

I.  de bhrí go bhfuil taithí ag Singeapór ar bharrleibhéil truaillithe aeir mar gheall ar dhóiteáin foraoise i dtíortha comharsanachta, mar thoradh, den chuid is mó, ar dhó a bhí déanta d’aon turas chun talamh a réiteach le haghaidh saothrú na n-ola phailme agus fáschoillte;

J.  de bhrí go bhfuil na cearta chun saoirse cainte, chun tionól faoi shíocháin agus chun comhlachais deimhnithe i mBunreacht Shingeapór, ach go gcuirtear srianta diana orthu ar fhorais na slándála, do chosaint an oird phoiblí, don mhoráltacht, do phribhléid pharlaiminteach agus do chomhbheithsine chiníoch agus reiligiúnach; de bhrí gur rangaíodh Singeapór sa 151ú háit as 180 in Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2018; de bhrí go mbaintear úsáid as dlíthe Shingeapór maidir le díspeagadh, ceannairc agus leabhal chun cáineadh ó ghníomhaithe, ó bhlagálaithe agus ó na meáin a theorannú;

K.  de bhrí go mbaineann Singeapór úsáid as phionós an bháis go fóill; de bhrí, cé go raibh tréimhse ghairid ann nár cuireadh éinne chun báis, go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mbásuithe ó 2014;

L.  de bhrí go gcuirtear srianta diana ar chearta phobal LGBTI Shingeapór; de bhrí go bhfuil caidreamh gnéasach comhthoiliúil idir beirt fhear neamhdhleathach agus go ngabhann pionós suas le dhá bhliain sa phríosún leis; de bhrí nach n-aithnítear caidrimh chomhghnéis faoi dhlí Shingeapór;

M.  de bhrí nár dhaingnigh Singeapór dhá chroíchoinbhinsiúin de chuid EIS fós, go háirithe an Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin agus an Coinbhinsiún maidir le Idirdhealú;

Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-Singeapór

1.  ag cur fáilte roimh an bhfíoras go bhfuil an PCA tugtha chun críche, ar Comhaontú é a bhfuil tábhacht straitéiseach leis agus a bheidh mar chreat dlíthiúil don chaidreamh déthaobhach buan agus don tiomantas i leith comhar a neartú agus a leathnú i bhfóraim réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus i réimsí amhail, cosaint an chomhshaoil, cobhsaíocht idirnáisiúnta, ceartas, slándáil agus forbairt;

2.  ag tabhairt chun suntais go bhfuil an PCA ag soláthar deiseanna le haghaidh réimsí nua comhair, amhail cearta an duine, ceartas, saoirse agus slándáil agus neamhleathadh arm núicléach, agus le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta i réimsí amhail fuinneamh, an comhshaol, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, cosaint acmhainní nádúrtha, agus iompar, go háirithe iompar muirí agus aeir;

3.  ag cur fáilte roimh an gcomhar maidir le naisc daoine le daoine, leis an tsochaí faisnéise, leis na réimsí closamhairc agus meán, le malartuithe oideachais agus cultúrtha, le gnóthaí fostaíochta agus sóisialta, le sláinte agus le staidreamh a chuideoidh chun meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar faoin gcomhaontú;

4.  ag meas go bhfuil an PCA, i.e. an creat-chomhaontú, comhlachaithe go dlúth ar bhonn polaitiúil leis an FTA agus an IPA agus go gcomhlánaíonn sé iad sin; ag meabhrú gur féidir le hAirteagal 44 den PCA neamhfhorghníomhú na gcomhaontuithe a cheadú i gcásanna ina ndéantar sárú tromchúiseach córasach ar na gnéithe bunriachtanacha, lena n-áirítear prionsabail dhaonlathacha, forlámhas an dlí agus cearta an duine;

5.  ag cur fáilte roimh shíniú Shingeapór an 21 Meitheamh 2017 den Chomhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil (MCAA) maidir le caighdeán domhanda d’uathmhalartú faisnéise chun críocha cánach a chur chun feidhme agus roimh an bhfógra a chuir sé isteach chuig ECFE an 30 Meitheamh 2017 á rá go raibh rún aige uathmhalartuithe faoin gcomhaontú sin a chur i bhfeidhm leis na Ballstáit uile nach raibh comhaontú déthaobhach chun na críche céanna i bhfeidhm ina leith; ag moladh do Chomhpháirtithe lánúsáid a bhaint as na forálacha maidir le comhar cánach sa PCA;

Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha

6.  ag athdhearbhú an tiomantais agus na rannpháirtíochta riachtanacha a mhéid a bhaineann le hurraim do chearta an duine, cearta sóisialta san áireamh, don daonlathas, do shaoirsí bunúsacha, do dhea-rialachas agus don smacht reachta, agus freisin don chomhoibriú ina leith seo; ag meabhrú go bhfuil cearta an duine i gcroílár chaidreamh AE le tríú tíortha; ag iarraidh ar údaráis Shingeapór meas ar an dlí idirnáisiúnta, an daonlathas, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a áirithiú i ngach cás, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus ag meas gur cheart do AE leanúint de thacaíocht a thabhairt do Shingeapór maidir le cuimsiú sóisialta, cearta an duine agus forlámhas an dlí, agus an tsíocháin, an tslándáil agus athchóiriú breithiúnach a chur chun cinn; ag cur fáilte roimh an díospóireacht phoiblí oscailte maidir le athbhreithniú ar an dlí neamhforfheidhmithe i ndáil le pionós a ghabhann le caidrimh chomhghnéis chomhthoiliúla agus ag iarraidh ar rialtas Shingeapór cearta an phobail LGBTI a chosaint go hiomlán; ag áitiú go gcuirfeadh rialtas Shingeapór deireadh leis na dlíthe a ghearrann pionós ar chaidrimh ghnéis idir daoine den inscne chéanna; ag cur i dtreis go bhfuil gá le tuilleadh comhair maidir le cearta na mban agus ag tathant ar rialtas Shingeapór glacadh reachtaíochta a éascú lena gcuirtear cosc ar gach sórt idirdhealaithe i gcoinne mná agus ar idirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh;

7.  á iarraidh ar AE dul i mbun caibidlíochta le rialtas Shingeapór d’fhonn moratóir láithreach maidir le pionós an bháis a thabhairt isteach mar chéim i dtreo dhíothú phionós an bháis;

8.  ag iarraidh ar rialtas Shingeapór saoirse cainte agus saoirse comhthionóil a chosaint, is bunghnéithe iad de dhaonlathas atá ag feidhmiú go maith;

9.  ag iarraidh ar an Aontas Eorpach dul i mbun caibidlíochta leis na húdaráis Shingeapóracha d’fhonn daingniú ionstraimí chearta an duine agus chroíchoinbhinsiún EIS sa tír a éascú; ag tabhairt dá haire nár dhaingnigh Singeapór na Coinbhinsiúin maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin agus gur cháin sé an Coinbhinsiún maidir le Saothar Éignithe; ag súil go mbeidh Singeapór i dteagmháil níos dlúithe le EIS d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo ailíniú iomlán leis an ábhar agus ar deireadh daingniú na gcoinbhinsiún sin;

Caidreamh AE-Singeapór

10.  ag cur i dtreis tríd an PCA a thabhairt i gcrích go soláthraítear spreagadh láidir le haghaidh tuilleadh rannpháirtíochta idir AE, Singeapór agus réigiún na hÁise Thoir Theas trí chéile;

11.  ag tabhairt chun suntais an luach polaitiúil a bhaineann le caidreamh láidir trádála agus infheistíochta idir Singeapór agus an tAontas;

12.  ag cur béim ar thaithí áirithe AE maidir le forbairt institiúidí, an margadh aonair, cóineasú rialála, bainistiú géarchéime, cabhair dhaonnúil agus fóirithint anachaine, agus cearta an duine agus an daonlathas; ag cur i dtreis gur cheart do AE idirphléití beartais agus comhar a neartú maidir le saincheisteanna amhail cearta bunúsacha agus ábhair leasa choitinn, forlámhas an dlí agus an tslándáil agus cosaint saoirse cainte;

13.  ag cur fáilte roimh an bhfíoras go dtacaíonn an PCA le malartuithe daoine le daoine, amhail soghluaisteacht acadúil faoi Chlár Erasmus Mundus, agus go n-éascaíonn sé tuilleadh forbartha ar mhalartuithe cultúrtha chun tuiscint agus eolas frithpháirteach ar na cultúir éagsúla a mhéadú;

14.  ag cur béim ar an ról atá ag Fondúireacht na hÁise agus na hEorpa (ASEF), atá lonnaithe i Singeapór, mar an phríomhionstraim le haghaidh malartuithe cultúrtha idir an Áise agus Eoraip; ag cur fáilte roimh a ról féin i gcur san áireamh imní na sochaí sibhialta mar chuid lárnach de na pléití ag ASEM;

15.  ag tabhairt chun suntais go ndéanann Lárionad an Aontais Eorpaigh i Singeapór, a bunaíodh in 2009 i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Náisiúnta Singeapór agus le hOllscoil Teicneolaíochta Nanyang, eolas agus tuiscint ar AE, mar aon lena chuid beartas, a chur chun cinn agus gur cuid é de líonra domhanda Ionaid Barr Feabhais AE;

16.  ag moladh do thaighdeoirí i Singeapór taighde comhpháirteach agus tionscadail nuálaíochta a dhéanamh in éineacht le heintitis AE faoi thionscnaimh taighde AE amhail clár ‘Fís 2020’, agus aghaidh a thabhairt ar dhúsláin dhomhanda chomhchoiteanna a bhaineann le hathrú aeráide, leis an gcomhshaol, le biteicneolaíocht, le sláinte, le pobail atá ag dul in aois, le fuinneamh, le hacmhainní nádúrtha agus le soláthar slán bia;

Caidreamh réigiúnach agus idirnáisiúnta

17.  ag meas gur comhpháirtí tábhachtach é Singeapór a mhéid a bhaineann le freagairt ar thubaistí daonnúla san Áise Thoir Theas, agus go bhfuil ról tábhachtach aige maidir le cobhsaíocht pholaitiúil an réigiúin ar fad;

18.  ag cur in iúl gur ábhar imní di go mbeidh tionchar mór ag an athrú aeráide ar Singeapór agus ar réigiún ASEAN; ag cur fáilte roimh rannchuidiú dearfach Shingeapór i leith Spriocanna Forbartha na Mílaoise agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe; ag cur fáilte roimh dhaigniú Shingeapór ar Chomhaontú Pháras an 21 Meán Fómhair 2016 agus ag súil go mbainfidh sé amach na spriocanna laghdaithe astaíochtaí atá beartaithe faoi 2030; ag cur in iúl a haidhm dul i mbun oibre le Singeapór agus ASEAN chun dlús a chur le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide; ag cur chun suntais an gá atá ann cúnamh a thabhairt do Shingeapór agus na tíortha ASEAN eile chun cosaint agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta a fheabhsú, go háirithe maidir le sceireacha coiréil agus athshlánú córasach na n-éiceachóras foraoise; ag cur fáilte roimh ról Shingeapór sa saincheist réigiúnach maidir le laghdú dífhoraoisithe; ag moladh tuilleadh comhair idir an tAontas agus Singeapór chun srian éifeachtach a chur le dóiteáin foraoise agus chun teicneolaíochtaí don iompar agus d’fhoirgnimh a ghlacadh nach bhfuil chomh díobhálach céanna don chomhshaol;

19.  ag cur in iúl go gcreideann sí go bhfuil raon feidhme, suim agus gá ann go mbeadh AE agus ASEAN ag obair le chéile chun straitéis chomhpháirteach maidir le geilleagar ciorclach a fhorbairt;

20.  ag cur fáilte roimh bhunú Fhóram na gCeannairí Óga AE-ASEAN, lena n-údarófar do cheannairí óga ó AE agus ó thíortha ASEAN smaointe a mhalartú agus caidrimh a chothú chun tacaíocht a thabhairt do chaidreamh AE-ASEAN;

21.  ag cur i dtreis go dtabharfaidh an PCA deis do AE a rannchuidiú le cur chun feidhme comhchuspóirí sa limistéar Ind-Chiúin-Aigéanach a neartú; á iarraidh comhiarrachtaí neartaithe maidir le réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá saor agus oscailte;

22.  á iarraidh comhar le Singeapór chun comhleasanna a bhaint amach maidir le cur chun feidhme pholasaí nascachta ASEAN agus AE; ag cur i dtreis an gá atá le comhoibriú maidir le Tionscamh ‘Crios Amháin, Bóthar Amháin’ chun oibriú i dtreo cur chun feidhme maidir le spriocanna nascachta agus critéir nascachta a comhaontaíodh le linn Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSín le déanaí; ag athdhearbhú an gá atá le rialachas iltaobhach a chur chun cinn;

23.  ag cur i dtreis go bhfuil iltaobhachas réigiúnach san Áise Thoir Theas á mholadh ag Singeapór; ag tabhairt dá haire an ról atá ag Singeapór in idirphléití idir-réigiúnacha taidhleoireachta, eacnamaíochta agus institiúideacha AE-ASEAN agus ag cur béim ar an tacaíocht a thugann Singeapór don lánpháirtiú réigiúnach san Áise Thoir Theas;

24.  ag tabhairt dá haire go bhfuil suíomh Shingeapór straitéiseach; ag tabhairt dá haire an rannchuidiú atá déanta ag Singeapór i leith na slándála réigiúnaí agus domhanda; ag cur fáilte roimh Chruinniú Mullaigh Slándála na hÁise, ar a dtugtar Idirphlé ‘Shangri-La’ freisin, a dhéantar a thionól in Óstán ‘Shangri-La’ i Singeapór ó 2002 i leith;

25.   ag cur in iúl gur cúis mhór imní di an teannas atá ag méadú i Muir na Síne Theas; ag iarraidh ar ASEAN dlús a chur le comhairliúcháin maidir le Cód Iompair do réiteach síochánta na ndíospóidí agus na gconspóidí sa limistéar sin agus ag iarraidh ar AE tacaíocht a thabhairt dó; ag áitiú gur cheart an tsaincheist a réiteach de réir an dlí idirnáisiúnta faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS); sásta go bhfuil Singeapór, tír nach éilitheoir, tar éis ugach a thabhairt do na páirtithe féachaint leis an easaontas eatarthu a réiteach go síochánta agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún NA maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS);

26.  á iarraidh, i dteannta Shingeapór, go mbeadh saoirse loingseoireachta agus traseitilte sa limistéar agus ag cur i bhfios go bhfuil leas láidir ag AE i ndáil le cobhsaíocht a chur chun cinn san Áise Thoir Theas; ag tabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag Fóram Réigiúnach ASEAN agus ag Cruinniú Mullaigh na hÁise Thoir i dtaca le hidirphléití slándála a chur chun cinn idir an réigiún agus cumhachtaí seachréigiúnacha na Síne agus na Stát Aontaithe;

27.  ag cur fáilte roimh Chlár Cibearacmhainneachta ASEAN a seoladh ar thionscnamh Shingeapór, agus a bhfuil sé mar aidhm leis cúnamh a thabhairt do náisiúin ASEAN chun cibearbhagairtí a shainaithint agus freagairt dóibh; ag tuiscint nach ann do noirm fhrithpháirteacha cibearchosanta in ASEAN, agus gur rud é sin a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcomhar cibearshlándála sa réigiún; á iarraidh ar AE a thaithí i ndéileáil le cibearbhagairtí agus le bagairtí hibrideacha a roinnt le ASEAN agus tacaíocht a thabhairt dó i bhfothú acmhainneachta sa réimse sin;

28.  ag moladh Shingeapór as trúpaí agus ábhar a leithscaradh chun tacú leis an gcomhfhórsa ilnáisiúnta san Iaráic ó 2002 go 2008 agus an rannchuidiú a rinne sé ina dhiaidh sin leis na hoibríochtaí frith-ISIS san Iaráic agus sa tSiria;

29.  ag aithint a ullmhaithe atá Singeapór chun cruinnithe mullaigh a óstáil, agus an ról atá aige in óstáil na gcruinnithe mullaigh sin, chun síocháin agus forbairt muiníne a chur chun cinn san Áise agus thar theorainneacha na hÁise amach;

Creat institiúideach faoin PCA

30.  ag cur fáilte roimh an bhfíoras go ndéantar Coiste Comhpháirteach atá comhdhéanta d’ionadaithe ón dá thaobh ar ardleibhéal iomchuí a bhunú faoin PCA ar mhaithe le feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an chomhaontaithe a áirithiú, le tosaíochtaí a leagan síos agus le moltaí a dhéanamh chun cuspóirí an chomhaontaithe a chur chun cinn;

31.  á iarraidh malartuithe rialta idir an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus Parlaimint na hEorpa, ionas go mbeidh sé ar chumas Pharlaimint na hEorpa obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme an PCA agus baint amach a chuspóirí;

o
o   o

32.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas agus Parlaimint Shingeapór.

(1)IO L 144, 10.6.1980, lch. 2.
(2)IO C 346, 27.9.2018, lch. 44.
(3)IO C 482, 23.12.2016, lch. 75.
(4)Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0092.


Conradh um Chomhphobal Iompair a thabhairt i gcrích ***
PDF 108kWORD 47k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais, maidir leis an Conradh um Chomhphobal Iompair a thabhairt i gcrích (13111/2018 – C8-0473/2018 – 2018/0282(NLE))
P8_TA(2019)0094A8-0022/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13111/2018),

–  ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach(1),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 90 agus le hAirteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0473/2018),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus do Riail (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0022/2019),

1.  ag tabhairt a toiliú chun an conradh a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Poblacht na hAlbáine, chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, chuig Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, chuig an gCosaiv(2), chuig Montainéagró agus chuig Poblacht na Seirbia.

(1)IO L 278, 27.10.2017, lch. 3
(2)Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.


Comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála ***I
PDF 183kWORD 59k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála (COM(2018)0378 – C8-0242/2018 – 2018/0203(COD))
P8_TA(2019)0103A8-0477/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0378);

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0242/2018);

—  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1)

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta;

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0477/2018);

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála

P8_TC1-COD(2018)0203


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe ar Airteagal 81 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Ar mhaithe le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaighagus forbairt limistéir Eorpaigh um cheartas sibhialta faoi rialú ag prionsabal na hiontaoibhe frithpháirtí agus aitheantais frithpháirtigh breithiúnas, ní mór tuilleadh feabhais a chur gan mhoill ar an gcomhar oibre idir cúirteanna i sna Ballstáit maidir le glacadh fianaise. [Leasú 1]

(2)  I Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001(4) ón gComhairle, leagtar síos rialacha maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála.

(2a)   Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart ciall leathan a thabhairt don téarma ‘cúirt’ chun go gcumhdódh sé ní hamháin cúirteanna sa chiall is beaichte den fhocal, a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha, ach comhlachtaí agus údaráis eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta fianaise a ghlacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo amhail údaráis fhorfheidhmithe nó nótairí i mBallstáit áirithe agus i gcásanna áirithe. [Leasú 2]

(2b)  Tá sé ríthábhachtach go mbeadh modhanna éifeachtacha ann chun fianaise a fháil, a chaomhnú agus a chur i láthair, agus go dtabharfaí aird chuí ar chearta cosanta agus ar an ngá atá ann le faisnéis rúnda a chosaint. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach úsáid teicneolaíochta nua-aimseartha a spreagadh. [Leasú 3]

(3)  Chun a áirithiú go héifeachtach go ndéanfar iarrataí agus teachtaireachtaí a tharchur go díreach agus go tapa, ba cheart úsáid a bhaint as na modhanna nuatheicneolaíochta iomchuí ar fad agus, i dtaca leis sin, ba cheart forbairt leanúnach teicneolaíochta den sórt sin a chur san áireamh. Dá bhrí sin, de ghnáth, ba cheart gach cumarsáid agus gach malartú doiciméid a chur i gcrích trí chóras TF díláraithe atá comhdhéanta de chórais náisiúnta TF. [Leasú 4]

(3a)   Ba cheart an córas FT díláraithe a bheith bunaithe ar chóras e-CODEX agus ba cheart é a bheith á bhainistiú ag eu-LISA. Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do eu-LISA ionas gur féidir córas den sórt sin a thabhairt isteach agus ag coinneáil oibríochtúil, mar aon le tacaíocht theicniúil a sholáthar i gcás fadhbanna in oibriú an chórais. Ba cheart don Choimisiún, a luaithe is féidir, agus in aon chás, roimh dheireadh 2019, togra a thíolacadh i dtaca le Rialachán maidir le cumarsáid trasteorann in imeachtaí breithiúnacha (e-CODEX). [Leasú 5]

(4)  Chun aitheantas frithpháirteach na fianaise digití a áirithiú amhail fianaise a tógadh i mBallstát i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin, níor cheart diúltú aitheantas mar fhaisnéis a thabhairt di i mBallstát eile ar an gcúis gur fianaise dhigiteach atá inti. Ba cheart an prionsabal sin a bheith gan dochar do chinneadh a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir le leibhéal cáilíochta agus luacha na fianaise, gan beann ar cé acu an de chineál digiteach nó de chineál neamhdhigiteach atá sí. [Leasú 6]

(5)  Ba cheart go mbeadh Rialachán (AE) Uimh. 1206/2001 gan dochar don deis atá ag na húdaráis faisnéis a mhalartú faoi chórais a bunaíodh le hionstraimí eile de chuid an Aontais, Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003(5) nó Rialacháin (CE) Uimh. 4/2009(6) cuir i gcás, fiú nuair atá luach fianaise leis an bhfaisnéis sin, rud a d’fhágfadh an rogha faoin modh malartaithe ab oiriúnaí faoin údarás atá ag iarraidh na faisnéise.

(5a)   Leis na nósanna imeachta le haghaidh fianaise a ghlacadh, a chaomhnú agus a thabhairt ar aird, ba cheart a áirithiú go ndéanfar cearta nós imeachta na bpáirtithe, sláine agus rúndacht na sonraí pearsanta agus an príobháideachas chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais. [Leasú 7]

(6)  Níl lán na húsáide á bhaint as nuatheicneolaíocht na cumarsáide i láthair na huaire, go mór as teicneolaíocht na físchomhdhála, rud atá ina mhodh tábhachtach agus díreach le glacadh fianaise a shimpliú agus a bhrostú. San áit a bhfuil éisteacht le tabhairt do dhuine atá ina fhinné, ina pháirtí, nó ina shaineolaí, agus gnáthchónaí ar an duine sin i mBallstát eile, ba cheart don chúirt an fhianaise sin a ghlacadh uaidh go díreach ar físchomhdháil, má tá an áis sin, nó trí aon teicneolaíocht chianchumarsáide iomchuí eile atá ar fáil sna cúirteanna atá i gceist, agus i gcás ina measann an Ballstát gur rud iomchuí í úsáid teicneolaíochta den chineál sin de réir dálaí ach amháin, mar gheall ar imthosca sonracha an cháis, má mheastar úsáid teicneolaíochta den sórt a bheith míchuí le haghaidh na himeachtaí a sheoladh go cóir. Ba cheart go mbeadh na rialacha maidir le húsáid modhanna cumarsáide den sórt sin neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus go mbeidís in inmhe do réitigh chumarsáide amach anseo. I gcás ina gceanglaítear sin le dlí náisiúnta an Bhallstáit i dtrácht, ba cheart go mbeadh úsáid na teicneolaíochta sin faoi réir thoiliú an duine atá le héisteacht. [Leasú 8]

(7)  Chun glacadh fianaise ag baill foirne taidhleoireachta nó ag ghníomhaithe consail a éascú, féadfaidh daoine den sórt sin, ar chríocha Ballstáit eile ina bhfuil siad creidiúnaithe, fianaise a ghlacadh in áitreabh a misin taidhleoireachta nó a gconsalachta, gan an gá a bheith ann le hiarraidh a dhéanamh roimh ré, trí éisteacht le náisiúnaigh ón mBallstát arb ionadaithe iad féin orthu le haghaidh imeachtaí atá ar feitheamh i gcúirteanna an Bhallstáit darb ionadaithe iad, ar choinníoll go gcomhoibreoidh an duine atá le héisteacht go deonach i nglacadh na fianaise. [Leasú 9]

(7a)   Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí cosanta sonraí an Aontais agus go n-urramófar leis cosaint príobháideachais mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go ndéanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta daoine nádúrtha faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8). Níor cheart sonraí pearsanta faoin Rialachán seo a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach sa Rialachán seo. [Leasú 10]

(8)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais trí chreat dlí simplithe a chruthú lena n-áireofar tarchur díreach, éifeachtach agus tapa iarrataí agus teachtaireachtaí a bhaineann le feidhmíocht glacadh fianaise, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an chuspóir sin a ghnóthú. [Leasú 11]

(8a)   Féachtar leis an Rialachán seo éifeachtúlacht agus luas imeachtaí breithiúnacha a fheabhsú trí chuíchóiriú a dhéanamh ar na sásraí le haghaidh comhar maidir le himeachtaí trasteorann a ghlacadh, agus, ag an am chéanna, cuidiú le laghdú a dhéanamh ar mhoilleanna agus costais do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí. Sa bhreis air sin, le níos mó deimhneachta dlíthiúla, mar aon le nósanna imeachta atá níos simplí, agus atá cuíchóirithe agus digitithe, féadfar daoine aonair agus gnólachtaí a spreagadh dul i mbun idirbhearta trasteorann agus, sa chaoi sin, borradh a chur faoin trádáil laistigh den Aontas agus, dá bhrí sin, faoi fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. [Leasú 12]

(9)  I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, rud atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, [tá fógra tugtha ag [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éirinn] gur mian léi/leo bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo] [níl [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éire] rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sé/siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm].

(10)  I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, rud atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(11)  Chun na socruithe mionsonraithe le haghaidh feidhmiú an chórais TF díláraithe agus chun na híoschaighdeáin theicniúla agus na ceanglais íosta maidir le húsáid físchomhdhála a bhunú, ba cheart an chumhacht gníomh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, ba cheart tarchur éifeachtach, iontaofa agus rianúil na faisnéise ábhartha tríd an gcóras TF díláraithe a ráthú, agus ba cheart a áirithiú go ráthófar leis an seisiún físchomhdhála cumarsáid agus idirghníomhú fíorama atá ar ardcháilíocht. Thairis sin, chun na foirmeacha caighdeánacha sna hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasuithe ar na hIarscríbhinní. Is rud é a bhfuil tábhacht faoi leith leis go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, ar leibhéal na saineolaithe ar rud amháin, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(9) an 13 Aibreán 2016. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe idir grúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 13]

(12)  I gcomhréir le mír 22 agus mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn faisnéis a bhailítear trí shocruithe sonracha faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile.

(13)  Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 mar seo a leanas:

(1)  In Airteagal 1, cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:"

“4. Sa Rialachán seo, ciallóidh ‘cúirt’ aon údarás breithiúnach i mBallstát is inniúil chun feidhmíochta i nglacadh faoi rialacha an Bhallstáit sin chun fianaise a ghlacadh de réir an Rialacháin seo.”; [Leasú 14]

"

(2)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:"

“Airteagal 6

Iarrataí agus teachtaireachtaí eile a tharchur

1.  Déanfar iarrataí agus teachtaireachtaí de bhun an Rialacháin seo a tharchur trí chóras TF díláraithe a bheith comhdhéanta de chórais TF náisiúnta a bheidh idirnasctha trí bhonneagar cumarsáide agus lenar féidir faisnéis a mhalartú thar theorainneacha idir na córais náisiúnta TF ar bhealach atá sábhailte, slán agus iontaofa, lena n-áirítear i bhfíoram, agus urraim chuí á tabhairt do chearta bunúsacha agus do shaoirsí bunúsacha. Beidh an córas TF díláraithe sin bunaithe ar e-CODEX. [Leasú 15]

2.  Beidh feidhm ag an gcreat dlí ginearálta le haghaidh úsáid seirbhísí iontaoibhe cáilithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014(10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na hiarrataí agus na teachtaireachtaí a tharchuirfear tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear i mír 1. [Leasú 16]

3.  I gcás inar gá séala nó síniú lámhscríofa le haghaidh iarrataí agus cumarsáidí eile dá dtagraítear i mír 1, nó i gcás ina mbeidh séala nó síniú lámhscríofa ina chuid díobh, féadfar 'ríomhshéalaí cáilithe' agus 'ríomhshínithe cáilithe' a úsáid ina ionad, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, ar choinníoll go ndéanfar a áirithiú go hiomlán go mbeidh eolas faoi na doiciméid sin faighte ag na daoine lena mbaineann in am trátha agus ar bhealach dleathach. [Leasú 17]

3a.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe a bhunú le haghaidh fheidhmiú an chórais TF díláraithe. Agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go ráthófar leis an gcóras malartú éifeachtach, iontaofa agus rianúil na faisnéise ábhartha, mar aon le hardleibhéal slándála sa tarchur, agus cosaint an phríobháideachais agus na sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. [Leasú 18]

4.  Mura féidir tarchur a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, de dheasca cur isteach eisceachtúil gan choinne ar an gcóras TF díláraithe, nó i gcás nach féidir an tarchur a dhéanamh i gcásanna eisceachtúla eile, déanfar an tarchur leis na modhanna malartacha is tapa is féidir, modhanna a bhfuil sé tugtha le fios ag an mBallstát go bhfuil glacadh aige leo siad inghlactha. ”[Leasú 19]

"

(3)  Leasaítear Airteagal 17 mar seo a leanas:

(a)  scriostar mír 2;

(b)  i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:"

“Mura bhfaigheann an chúirt atá ag iarraidh na faisnéise scéal maidir le glacadh na hiarrata laistigh de 30 lá tar éis di an t‑iarratas a sheoladh, is éard a mheasfar go bhfuiltear tar éis glacadh leis an iarraidh.”;

"

(4)  cuirtear an tAirteagal 17a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 17a

Fianaise a ghlactar go díreach ar físchomhdháil theicneolaíocht chianchumarsáide [Leasú 20]

1.  San áit a bhfuil éisteacht le tabhairt do dhuine mar fhinné, mar pháirtí, nó mar shaineolaí a bhfuil gnáthchónaí air i mBallstát eile, agus nuair nach n‑iarrann an chúirt ar an gcúirt inniúil i mBallstát eile fianaise a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 1(1)(a), tógfaidh an chúirt fianaise go díreach i gcomhréir le hAirteagal 17 ar físchomhdháil nó trí aon teicneolaíocht chianchumarsáide iomchuí eile, má tá an áis sin ar fáil sna cúirteanna atá i gceist, i gcás ina measann sí gur rud iomchuí í úsáid teicneolaíochta den chineál sin, ach amháin i gcás ina measann sí gur rud míchuí í úsáid teicneolaíochta den chineál sin le haghaidh na himeachtaí a sheoladh go cóir, mar gheall ar dhálaí sonracha an cháis. [Leasú 21]

1a.  I gcás ina gceanglaítear sin le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthach, beidh úsáid físchomhdhála nó aon teicneolaíochta cianchumarsáide iomchuí eile sin faoi réir thoiliú an duine atá le héisteacht. [Leasú 22]

2.  I gcás ina n-iarrtar tógáil dhíreach fianaise trí fhíschomhdháil nó trí aon teicneolaíocht chianchumarsáide iomchuí eile, is ar áitreabh cúirte a thionólfar an éisteacht. An chúirt atá ag iarraidh na faisnéise, agus an comhlacht lárnach nó an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(3), nó an chúirt a dtionólfar an éisteacht ar a háitreabh, déanfaidh siad socrú eatarthu féin go praiticiúil i gcomhair na físchomhdhála. Beidh na socruithe sin i gcomhréir leis na híoschaighdeáin theicniúla agus na ceanglais íosta maidir le húsáid físchomhdhála a shainmhínítear i gcomhréir le mír 3a. [Leasú 23]

2a.  Áiritheoidh aon chóras leictreonach le haghaidh fianaise a ghlacadh go ndéanfar rúndacht ghairmiúil agus pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil a chosaint. [Leasú 24]

3.  I gcás ina nglactar fianaise trí fhíschomhdháil nó trí aon teicneolaíocht chumarsáide eile atá ar fáil: [Leasú 25]

   a) an comhlacht lárnach nó an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(3) sa Bhallstát a bhfuiltear ag iarraidh fianaise orthu, féadfaidh siad cúirt de chuid a Bhallstáit a ainmniú chun bheith rannpháirteach i nglacadh fianaise chun urraim a áirithiú do bhunphrionsabail an dlí sa Bhallstát a bhfuiltear ag iarraidh fianaise air;
   b) más gá, arna iarraidh sin don chúirt iarrthach, áiritheoidh an duine a mbeifear ag éisteacht leis nó léi nó an breitheamh sa Bhallstát a bheith rannpháirteach san éisteacht, an comhlacht lárnach, nó an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(3) go mbeidh ateangaire cáilithe ag cúnamh leis duine a mbeifear ag éisteacht leis nó léi nó leis an mbreitheamh. [Leasú 26]

3a.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na híoschaighdeáin agus na ceanglais íosta maidir le húsáid físchomhdhála a bhunú.

Agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go ráthófar leis an seisiún físchomhdhála cumarsáid agus idirghníomhú fíorama atá ar ardcháilíocht. Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú freisin, maidir le tarchur na faisnéise, gurb ann d’hardleibhéal slándála agus do chosaint an phríobháideachais agus na sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. [Leasú 27]

3b.  Déanfaidh an chúirt dáta, am, agus áit na héisteachta, agus na coinníollacha a bheidh ann chun páirt a ghlacadh inti a chur in iúl don duine atá le héisteacht do na páirtithe, lena n-áirítear a n-ionadaithe dlí faoi seach, trí fhíschomhdháil nó trí aon teicneolaíocht chianchumarsáide iomchuí eile. Soláthróidh an chúirt ábhartha treoracha do na páirtithe agus a n-ionadaithe dlí maidir leis an nós imeachta chun doiciméid nó ábhar eile a thíolacadh le linn na héisteachta trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide iomchuí eile.”; [Leasú 28]

"

(5)  cuirtear isteach an tAirteagal 17b seo a leanas:"

´Airteagal 17b

An glacadh fianaise a dhéanann oifigigh baill foirne taidhleoireachta nó gníomhairí consail [Leasú 29]

Féadfaidh baill foirne taidhleoireachta nó gníomhairí consail de chuid Ballstáit, ar chríoch Ballstáit eile ina bhfuil siad creidiúnaithe, fianaise a ghlacadh in áitreabh a misin taidhleoireachta nó a gconsalachta, gan an gá a bheith ann le hiarraidh a dhéanamh roimh ré de bhun Airteagal 17(1), trí éisteacht le náisiúnaigh ón mBallstát arb ionadaithe iad féin air le haghaidh imeachtaí atá ar feitheamh i gcúirteanna an Bhallstáit arb ionadaithe iad féin air. Níor cheart don ghlacadh fianaise den sórt sin tarlú ach amháin le comhar toilteanach an duine atá le héisteach. Glacfar an fianaise faoi mhaoirseacht na cúirte iarrthaí, i gcomhréir lena dlí náisiúnta.´; [Leasú 30]

"

(6)  cuirtear isteach Roinn 6 i ndiaidh Airteagal 18 mar seo a leanas:"

´Roinn 6

Aitheantas frithpháirteach

Airteagal 18a

Ní bhainfear feidhm as cineál digiteach na fianaise a glacadh i mBallstát i gcomhréir lena dhlí mar chúis chun cáilíocht na fianaise i mBallstáit eile a shéanadh. Ní dhéanfar an cheist cibé acu an bhfuil an fhianaise de chineál digitigh nó neamhdhigitigh a chur san áireamh nuair a bheidh cáilíocht agus luach na fianaise den sórt sin á gcinneadh.´; [Leasú 31]

"

(6a)  cuirtear isteach Roinn 6a i ndiaidh Airteagal 18 mar seo a leanas:"

Roinn 6a

Sonraí pearsanta a phróiseáil

Airteagal 18b

Aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear malartú nó tarchur sonraí pearsanta ag na húdaráis inniúla, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanfaidh údaráis inniúla ar leibhéal an Aontais, tabharfar faoi i gcomhréir le Rialachán (EU) 2018/1725ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Scriosfar láithreach bonn sonraí pearsanta nach bhfuil ábhartha maidir le cás sonrach a láimhseáil. [Leasú 32]

____________

* Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

"

(7)  in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

´2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena leasaítear an Iarscríbhinn chun na foirmeacha caighdeánacha a thabhairt cothrom le dáta nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha sin.’;

"

(8)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:"

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(3a), in Airteagal 17a(3a) agus in Airteagal 19(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama cúig bliana ón … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. [Leasú 33]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(3a), in Airteagal 17a(3a) agus in Airteagal 19(2) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí ná sin a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.[Leasú 34]

4.  Sula ndéanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe a ainmneoidh gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, tabharfaidh sé fógra an tráth céanna do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(3a), in Airteagal 17a(3a) Airteagal 19(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina leith. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.´ [Leasú 35]

"

(9)  Cuirtear isteach an tAirteagal 22a seo a leanas:"

´Airteagal 22a

Faireachán

1.  Faoin … [Dhá bhliain bliain amháin tar éis an teachta i bhfeidhm] ar a dhéanaí, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo. [Leasú 36]

2.  Sa chlár faireacháin, leagfar amach na modhanna trína mbaileofar na sonraí, agus a mhinice agus a bhaileofar idir na sonraí agus an fhianaise riachtanach eile. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le linn dóibh na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.

3.  Na sonraí agus an fhianaise eile is gá chun an faireachán a dhéanamh, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún iad.´

"

(10)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:"

´Airteagal 23

Meastóireacht

1.  Tráth nach túisce déanaí ná … [cúig ceithre bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi. [Leasú 37]

2.  An fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún í.´

"

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón […].

Beidh feidhm ag pointe 2 Airteagal 1 áfach ón ... [24 mí tar éis teacht i bhfeidhm don Rialachán].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 56.
(2)IO C , , lch. .
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019.
(4)Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).
(5)Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO L 338, 23.12.2003, lch. 1).
(6)Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, maidir leis an dlí infheidhme, agus maidir le haithint agus le fhorfheidhmiú cinntí agus comhair i gceisteanna a bhaineann le ceanglais chothabhála (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 7, 10.1.2009, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(8) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(9) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(10)Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).


Doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála ***I
PDF 221kWORD 63k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (seirbheáil doiciméad) (COM(2018)0379 – C8-0243/2018 – 2018/0204(COD))
P8_TA(2019)0104A8-0001/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0379),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0243/2018);

—  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1)

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0001/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (seirbheáil doiciméad)

P8_TC1-COD(2018)0204


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is cuí agus chun go bhforbróidh limistéar ceartais shibhialta san Aontas ní mór feabhas breise a chur ar tharchur agus seirbheáil doiciméad breithiúnach agus doiciméad seachbhreithiúnach in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála idir na Ballstáit agus an tarchur agus an tseirbheáil sin a bhrostú, agus, ag an am céanna, ardleibhéal slándála agus cosanta a áirithiú i dtarchur na ndoiciméad sin agus, sa chaoi sin, cearta an tseolaí a choimirciú agus príobháideachas sonraí pearsanta a chosaint. [Leasú 1]

(2)  I Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) leagtar síos rialacha maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála.

(3)  Tá cuid d’easnaimh an Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 anois soiléir i bhfianaise an lánpháirtithe bhreithiúnaigh atá ag méadú idir na Ballstáit, a bhfuil cealú exequatur (nós imeachta idirmheánach) éirithe ina riail ghinearálta dá bharr.

(4)  Chun a áirithiú go héifeachtach gur go pras a tharchuirfear doiciméid chuig Ballstáit eile chun críocha seirbheála iontu, ba cheart gach modh cumarsáide iomchuí nua-aimseartha a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe maidir le sláine agus iontaofacht an doiciméid a gheofar agus go ndéanfar urraim do chearta nós imeachta, ardleibhéil slándála i dtarchur na ndoiciméad sin agus cosaint an phríobháideachais agus na sonraí pearsanta a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart an chumarsáid uile agus na malartuithe uile idir gníomhaireachtaí agus comhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit a dhéanamh trí chóras TF díláraithe atá comhdhéanta de chórais TF náisiúnta. [Leasú 2]

(4a)  Ba cheart an córas TF díláraithe atá le bunú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 a bheith bunaithe ar chóras e-CODEX agus ba cheart go ndéanfadh eu-LISA bainistiú air. Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do eu-LISA le haghaidh córas den sórt sin a thabhairt isteach agus a choinneáil i mbun oibriú, mar aon le tacaíocht theicniúil a sholáthar do na gníomhaireachtaí a dhéanfaidh na doiciméid a tharchur agus a fháil, agus do chomhlachtaí lárnacha i gcás ina mbeadh fadhbanna le hoibriú an chórais. Ba cheart don Choimisiún, a luaithe is féidir, agus in aon chás roimh dheireadh 2019, togra a thíolacadh le haghaidh Rialachán maidir le cumarsáid trasteorann in imeachtaí breithiúnacha (e-CODEX). [Leasú 3]

(4b)  I gcás ina bhfuil doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí seirbheáilte ar an gcosantóir cheana féin agus nár dhiúltaigh an cosantóir glacadh leis an doiciméad sin, ba cheart deis a chur ar fáil, faoi dhlí Bhallstát an fhóraim, do na páirtithe a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile ionadaí a cheapadh chun críche doiciméid a sheirbheáil orthu siúd i mBallstát an fhóraim, ar choinníoll go bhfuil an páirtí lena mbaineann curtha ar an eolas go cuí faoi na hiarmhairtí a bhainfeadh leis an rogha sin agus go bhfuil glactha go follasach aige leis an rogha sin. [Leasú 4]

(5)  Ba cheart don ghníomhaireacht fála a chur in iúl in am trátha don seolaí i scríbhinn agus san fhoirm chaighdeánach, i ngach cás agus gan aon chorrlach lánroghnach ina leith, go bhféadfaidh sé an doiciméad atá le seirbheáil a dhiúltú mura bhfuil sé i dteanga a thuigeann sé nó i gceann de theangacha oifigiúla áit na seirbheála. Ba cheart feidhm a bheith ag an riail seo chomh maith maidir le haon seirbheáil a dhéanfar tar a éis sin nuair a bheidh an ceart atá aige diúltú feidhmithe ag an seolaí. Ba cheart feidhm a bheith ag ceart an diúltaithe maidir le seirbheáil a dhéanann gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha, seirbheáil trí sheirbhísí poist nó cúiréara agus seirbheáil dhíreach. Ba cheart an deis a bheith ann seirbheáil an doiciméid a diúltaíodh a leigheas trí aistriúchán oifigiúil ar an doiciméad sin a sheirbheáil ar an seolaí. [Leasú 5]

(6)  Má dhiúltaíonn an seolaí an doiciméad a ghlacadh, ba cheart don chúirt nó don údarás a bhfuil na himeachtaí dlí os a chomhair ar éirigh an tseirbheáil riachtanach lena linn, ba cheart di nó dó a chinntiú an raibh údar cuí leis an diúltú sin. Chuige sin, ba cheart don chúirt sin nó don údarás sin an fhaisnéis ábhartha uile atá sa chomhad nó atá ar fáil aici nó aige a chur san áireamh chun a dhéanamh amach go cruinn cé na scileanna teanga atá ag an seolaí. Agus í ag meas scileanna teanga an tseolaí, ba cheart don chúirt eilimintí faisnéise a chur san áireamh amhail doiciméid a scríobh an seolaí sa teanga lena mbaineann, an mbaineann ceird an tseolaí leis na scileanna teanga sin (e.g. múinteoir nó ateangaire), an saoránach é an seolaí den Bhallstát ina bhfuil na himeachtaí breithiúnacha ar bun nó an raibh cónaí ar an seolaí ar feadh tamall tréimhse fhada sa Bhallstát sin roimhe sin. Níor cheart an measúnú sin a dhéanamh má tarraingíodh suas an doiciméad sin i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla ionad na seirbheála nó má aistríodh é go dtí an teanga sin. [Leasú 6]

(7)  Chun go mbeidh imeachtaí breithiúnacha éifeachtúil agus tapa, ní mór cainéil dhíreacha, éascaithe agus slána a bheith ann le haghaidh doiciméid a sheirbheáil ar dhaoine i mBallstát eile. Ba cheart an deis a bheith ann do dhuine a bhfuil leas aige in imeacht breithiúnach nó do chúirt nó údarás a bhfuil imeacht breithiúnach os a comhair nó os a chomhair seirbheáil doiciméad a dhéanamh go díreach trí mhodhanna leictreonacha chuig seolaí a bhfuil sainchónaí air i mBallstát eile. Níor cheart seirbheáil dhíreach leictreonach den sórt sin a cheadú, áfach, ach amháin má bhíonn coimircí iomchuí ann chun leasanna na seolaithe a chosaint, lena n-áirítear ardchaighdeáin theicniúla agus toiliú sainráite arna thabhairt ag an seolaí. I gcás ina ndéantar doiciméid a sheirbheáil nó a tharchur go leictreonach, ba cheart a bheith in ann admháil a chur ar fáil go bhfuarthas na doiciméid sin. [Leasú 7]

(8)  I bhfianaise an ghá atá le feabhas a chur ar na creatfhorálacha maidir le comhar breithiúnach san Aontas agus na nósanna imeachta dlíthiúla poiblí riaracháin a thabhairt cothrom le dáta chun an idir-inoibritheacht trasteorann a mhéadú agus an caidreamh leis na saoránaigh a éascú, ba cheart feabhas a chur ar na cainéil dhíreacha atá ann cheana le haghaidh doiciméid a tharchur agus a sheirbheáil chun gur roghanna malartacha tapa, iontaofa, níos sláine agus níos inrochtana i gcoitinne iad ar an tarchur traidisiúnta trí na gníomhaireachtaí fála. Chun na críche sin, ba cheart do sholáthraithe seirbheála poist admháil fála shonrach a úsáid nuair a dhéanann siad seirbheáil tríd an bpost faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007. Mar an gcéanna, ba cheart an deis a bheith ann d’aon duine a bhfuil leas aige in imeacht breithiúnach agus do chúirteanna nó údaráis a bhfuil imeacht breithiúnach os a gcomhair seirbheáil doiciméad a dhéanamh i gcríoch na mBallstát uile díreach trí na hoifigigh bhreithiúnacha nó trí oifigigh nó daoine inniúla eile sa Bhallstát lena mbaineann. [Leasú 8]

(8a)  I gcás nár tháinig an cosantóir i láthair agus nach bhfuil aon deimhniú seirbheála ná deimhniú seachadta faighte, ba cheart go mbeadh an breitheamh fós in ann breithiúnas a thabhairt, faoi réir srianta áirithe agus ar choinníoll go mbeidh ceanglais éagsúla comhlíonta maidir le coimirciú a thabhairt do leasanna an chosantóra. Sna cásanna sin, beidh sé bunriachtanach a áirithiú go ndéanfar gach iarracht réasúnta an cosantóir a chur ar an eolas go bhfuil imeachtaí cúirte tionscanta ina coinne nó ina choinne. Chuige sin, ba cheart don chúirt teachtaireachtaí foláirimh a sheoladh trí na cainéil chumarsáide uile atá ar fáil a bhfuiltear ar an eolas fúthu agus ar dócha nach féidir iad a rochtain ach ar bhealach atá ar fáil don seolaí amháin, lena n-áirítear, mar shampla, trí úsáid a bhaint as uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist nó cuntas príobháideach meán sóisialta an duine sin. [Leasú 9]

(9)  Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, tá an Rialachán seo dírithe ar a áirithiú go n-urramófar go huile cearta cosanta na seolaithe, a eascraíonn ón gceart triail chóir a fháil, a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ar an gcaoi chéanna, trí rochtain chomhionann ar cheartas a ráthú, tá sé mar aidhm leis an Rialachán an neamh-idirdhealú a chur chun cinn (Airteagal 18 CFAE), agus urramaítear ann rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le cosaint sonraí pearsanta agus an phríobháideachais. [Leasú 10]

(9a)  Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar an Rialachán a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí cosanta sonraí an Aontais agus go n-urramófar leis cosaint an phríobháideachais mar leagtar síos í sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go ndéanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta daoine nádúrtha faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Níor cheart sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach sa Rialachán seo. [Leasú 11]

(10)  Chun na socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chórais TF dhíláraithe le haghaidh doiciméid a mhalartú, agus cumarsáid a dhéanamh fúthu, idir na gníomhaireachtaí agus comhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit a shainiú, agus chun cinneadh a dhéanamh faoi na socruithe mionsonraithe le haghaidh fheidhmiú na seirbhísí seachadta cláraithe leictreonacha cáilithe a úsáidfear chun doiciméid a sheirbheáil trí mhodhanna leictreonacha, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, ba cheart go ráthófaí tarchur iontaofa agus rianúil na sonraí ábhartha, mar aon le hardleibhéil slándála sa tarchur, cosaint an phríobháideachais agus na sonraí pearsanta, agus, i dtaca le seirbheáil leictreonach doiciméad, rochtain chomhionann do dhaoine faoi mhíchumas. Thairis sin, chun gur féidir na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 a oiriúnú go tapa, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasuithe ar Iarscríbhinní I, II, agus IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 12]

(11)  I gcomhréir le mír 22 agus mír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn faisnéis a bhailítear trí chomhaontuithe sonracha faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile.

(12)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, ós cruthú creata dlí lena n‑áireofar go ndéanfar doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a tharchur agus a sheirbheáil go tapa éifeachtúil ar fud na mBallstát atá i gceist, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais i ngeall ar scála na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a shroicheadh.

(12a)   Féachtar leis an Rialachán seo le feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar luas na n-imeachtaí breithiúnacha trí shimpliú agus trí chuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt faoi dhoiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha, nó cumarsáid a dhéanamh fúthu, ar leibhéal an Aontais, agus, ag an am céanna, le laghdú a dhéanamh ar mhoilleanna agus costais do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí. Sa bhreis air sin, le níos mó deimhneachta dlíthiúla, mar aon le nósanna imeachta atá níos simplí, agus atá cuíchóirithe agus digitithe, is féidir daoine aonair agus gnólachtaí a spreagadh le dul i mbun idirbhearta trasteorann agus, sa chaoi sin, borradh a chur faoin trádáil laistigh den Aontas agus, dá bhrí sin, faoi fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. [Leasú 13]

(13)  I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, [tá fógra tugtha ag [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éirinn] gur mian léi/leo bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo] [níl [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éire] rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sé/siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm].

(14)  I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(15)  Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 mar a leanas:

(1)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:"

“Airteagal 1

Raon feidhme agus sainmhínithe

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo in ábhair shibhialta agus in ábhair thráchtála maidir le seirbheáil:

   (a) doiciméad breithiúnach ar dhaoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát cé is moite den Bhallstát ina bhfuil na himeachtaí breithiúnacha ar bun;
   (b) doiciméad seachbhreithiúnach nach mór a tharchur ó Bhallstát go Ballstát.

Ní bhainfidh sé, go háirithe, le hábhair ioncaim, chustaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha nó neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an stáit (acta iure imperii).

2.  Cé is moite d’Airteagal 3c, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás nach eol seoladh an duine a bhfuil an doiciméad le seirbheáil air.

3.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le doiciméad a sheirbheáil ar ionadaí údaraithe an pháirtí sa Bhallstát ina mbeidh na himeachtaí ar bun gan beann ar an áit a bhfuil cónaí ar an bpáirtí sin. [Leasú 14]

4.  Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

   (a) ciallaíonn “Ballstát” ceann de na Ballstáit cé is moite den Danmhairg.
   (b) ciallaíonn “Ballstát an fhóraim” an Ballstát ina bhfuil na himeachtaí breithiúnacha ar bun.”;

"

(2)  in Airteagal 2(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

“(c) na modhanna atá ar fáil dóibh chun doiciméid a fháil sna cásanna a leagtar amach in Airteagal 3a(6) (4); “; [Leasú 15]

"

(3)  cuirtear Airteagal 3a, Airteagal 3b agus Airteagal 3c isteach mar seo a leanas:"

“Airteagal 3a

Modhanna cumarsáide atá le húsáid ag gníomhaireachtaí tarchuir agus fála agus ag comhlachtaí lárnacha

1.  Maidir le tarchur doiciméad, iarrataí, lena n-áirítear na hiarrataí arna dtarraingt suas trí úsáid a bhaint as na foirmeacha caighdeánacha in Iarscríbhinn I, dearbhuithe, admhálacha, deimhnithe agus aon chumarsáide eile idir na gníomhaireachtaí tarchuir agus na gníomhaireachtaí fála, idir na gníomhaireachtaí sin agus na comhlachtaí lárnacha, nó idir comhlachtaí lárnacha na mBallstát éagsúil, déanfar é trí chóras TF díláraithe a bheidh comhdhéanta de chórais TF náisiúnta a bheidh idirnasctha trí bhonneagar cumarsáide lenar féidir faisnéis a mhalartú ar bhealach slán iontaofa agus i bhfíor-am thar theorainneacha idir córais TF náisiúnta. Beidh córas TF díláraithe den sórt sin bunaithe ar e-CODEX agus tacófar leis le maoiniú ón Aontas. [Leasú 16]

2.  Beidh feidhm ag an gcreat dlí ginearálta le haghaidh úsáid seirbhísí iontaoibhe cáilithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014* ón gComhairle maidir leis na doiciméid, na hiarrataí, na dearbhuithe, na hadmhálacha, na deimhnithe agus aon chumarsáid a thurchuirfear tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear i mír 1. [Leasú 17]

3.  I gcás inar gá séala nó síniú lámhscríofa le haghaidh doiciméad, iarrataí, dearbhuithe, admhálacha, deimhnithe agus cumarsáid eile dá dtagraítear i mír 1 nó i gcás ina bhfuil séala nó síniú lámhscríofa mar chuid díobh, féadfar na ‘ríomhshéalaí cáilithe’ agus ‘ríomhshínithe cáilithe’ iomchuí mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a úsáid ina ionad, ar choinníoll go n-áiritheofar go hiomlán go bhfuil eolas faoi na doiciméid sin faighte ag an duine ar seirbheáladh na doiciméid thuasluaite air in am trátha agus ar bhealach dleathach. [Leasú 18]

4.  Mura féidir tarchur a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 de dheasca imthosca gan choinne nó cur isteach eisceachtúil ar an gcóras TF díláraithe, déanfar an tarchur ar an modh malartach is tapa agus is féidir, lena ráthófar an t-ardleibhéal céanna éifeachtúlachta, iontaofachta, slándála agus cosanta i leith an phríobháideachais agus sonraí pearsanta. [Leasú 19]

4a.  Tabharfar lánaird ar chearta agus saoirsí bunúsacha na ndaoine ar fad lena mbaineann, go háirithe an ceart chun cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais, agus urramófar go hiomlán iad. [Leasú 20]

4b.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe a leagan síos le haghaidh fheidhmiú an chórais TF dhíláraithe. Agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún go ráthófar leis an gcóras malartú éifeachtach, iontaofa agus rianúil na faisnéise ábhartha, mar aon le hardleibhéal slándála sa tarchur, agus cosaint an phríobháideachais agus na sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. [Leasú 21]

Airteagal 3b

Na costais a bhaineann le córas TF díláraithe a bhunú

1.  Íocfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann leis na pointí rochtana i dtaca le bonneagar cumarsáide a shuiteáil, a oibriú agus a chothabháil lena ndéantar na córais TF náisiúnta a idirnascadh i gcomhthéacs an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a.

2.  Íocfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena chórais TF náisiúnta a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis an mbonneagar cumarsáide, mar aon leis na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a oibriú agus a chothabháil.

3.  Beidh mír 1 agus mír 2 gan dochar don fhéidearthacht a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar dheontais chun tacú le gníomhaíochtaí dá dtagraítear sna míreanna sin faoi chláir airgeadais an Aontais.

Airteagal 3c

Cúnamh maidir le fiosrúcháin ó thaobh seoltaí de

1.  I gcás nach fios cén seoladh atá ag an duine a bhfuil an doiciméad breithiúnach nó seachbhreithiúnach le seirbheáil air i mBallstát eile, tabharfaidh na Ballstáit cúnamh, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre, ar cheann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas: [Leasú 22]

   (a) cúnamh breithiúnach chun seoladh an duine a bheidh le seirbheáil ag údaráis ainmnithe ar iarraidh a fháil ó chúirt an Bhallstáit a bhfuil imeacht os a comhair;
   (b) an fhéidearthacht a bheith ag daoine ó Bhallstáit eile iarrataí ar fhaisnéis faoi sheoltaí a chur isteach go díreach chuig cláir shainchónaí nó chuig bunachair sonraí eile atá inrochtana don phobal lena n‑áirítear go leictreonach, trí bhíthin foirm chaighdeánach ar an tairseach Eorpach don ríomhcheartas;
   (c) treoir phraiticiúil mhionsonraithe, a bhfuil fáil uirthi ar líne, faoi na sásraí atá ar fáil chun seoltaí daoine a chinneadh faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála agus d’fhonn an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal. [Leasú 23]

2.  Soláthróidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún:

   (a) an modh na modhanna cúnaimh a sholáthróidh an Ballstát ina chríoch de bhun mhír 1; [Leasú 24]
   (b) i gcás inarb infheidhme, ainmneacha agus seoltaí na n‑údarás dá dtagraítear i mír (1) (a) agus (b).

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin.”;

—————————————

* Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

"

(4)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:"

“Airteagal 4

Doiciméid a tharchur

1.  Déanfar doiciméid bhreithiúnacha a tharchur go díreach agus a luaithe is féidir idir na gníomhaireachtaí arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 2.

2.  Beidh iarraidh a dhréachtófar ag baint úsáid as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I ag gabháil leis an doiciméad a bheidh le tarchur. Déanfar an fhoirm a chomhlánú i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a ndírítear air nó, má tá teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéanfar an tseirbheáil, nó i dteanga eile ar chuir an Ballstát sin in iúl go bhféadfadh sé glacadh léi. Cuirfidh gach Ballstát an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid an Aontais seachas a theanga féin lena bhfuil glacadh aige chun an fhoirm a chomhlánú.

3.  Beidh an Rialachán seo gan dochar d’aon cheanglais faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cruinneas, iontaofacht agus foirm chuí dhlíthiúil na ndoiciméad. Na doiciméid a tharchuirtear tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a, ní dhéanfar éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla a shéanadh orthu ar aon fhoras amháin go bhfuil siad i bhfoirm leictreonach. Má dhéantar doiciméad páipéir a athrú ina fhoirm leictreonach chun críche tarchur tríd an gcóras TF díláraithe, beidh an éifeacht chéanna ag an gcóip leictreonach nó ag asphrionta na cóipe sin is atá ag an doiciméad bunaidh, ach amháin má cheanglaítear faoi dhlí náisiúnta na Bhallstáit lena mbaineann go seirbheálfaí an doiciméad sin sa leagan bunaidh agus páipéir. Sa chás sin, eiseoidh an ghníomhaireacht fála leagan páipéir den doiciméad arna fháil i bhfoirm leictreonach. I gcás ina bhfuil séala nó síniú lámhscríofa ar na doiciméid bhunaidh, beidh séala nó síniú lámhscríofa ar an doiciméad a eiseofar. Beidh an éifeacht chéanna ag an doiciméad a eiseoidh an ghníomhaireacht fála is atá ag an doiciméad bunaidh.”; [Leasú 25]

"

(5)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:"

“Airteagal 6

Doiciméid a bheith á bhfáil ag gníomhaireacht fála

1.  Ar dhoiciméad a fháil, cuirfear admháil uathoibríoch chuig an ngníomhaireacht tarchuir láithreach tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a lena gcuirfear in iúl go ndearnadh an seachadadh. [Leasú 26]

2.  I gcás nach bhféadfar an iarraidh ar sheirbheáil a chomhlíonadh ar bhonn na faisnéise nó na ndoiciméad a tarchuireadh, rachaidh an ghníomhaireacht fála i dteagmháil láithreach, agus in aon chás laistigh de cheithre lá oibre, leis an ngníomhaireacht tarchuir chun an fhaisnéis nó na doiciméid atá in easnamh a fháil. [Leasú 27]

3.  Más follas go bhfuil an iarraidh ar sheirbheáil lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó mura féidir an tseirbheáil a dhéanamh de dheasca neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha foirmiúla is gá, déanfar an iarraidh agus na doiciméid a tarchuireadh, nuair a gheofar iad, a chur ar ais láithreach, agus in aon chás laistigh de cheithre lá oibre, chuig an ngníomhaireacht tarchuir, maille leis an bhfógra aischuir, ag baint úsáid as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I. [Leasú 28]

4.  Gníomhaireacht fála a gheobhaidh doiciméad atá le seirbheáil ach nach mbeidh dlínse chríche aici chun é a sheirbheáil, déanfaidh sí láithreach, agus in aon chás laistigh de cheithre lá oibre, an doiciméad sin maille leis an iarraidh, a chur ar aghaidh tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a chuig an ngníomhaireacht fála a bhfuil dlínse chríche aici sa Bhallstát céanna má bhíonn an iarraidh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(2) agus, ag an am céanna, cuirfidh sí an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas dá réir, ag baint úsáid as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Ar an doiciméad agus ar an iarraidh a fháil ón ngníomhaireacht fála a bhfuil dlínse chríche aici sa Bhallstát céanna, cuirtear admháil uathoibríoch láithreach chuig an ngníomhaireacht tarchuir tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a lena gcuirfear in iúl go bhfuarthas iad.” ; [Leasú 29]

4a.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 go 4 maidir leis na cásanna dá dtagraítear i mír 4 d’Airteagal 3a. Sna cásanna sin, áfach, ní bheidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar síos i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo, ach déanfar na hoibríochtaí ábhartha a luaithe is féidir.”; [Leasú 30]

"

(6)  Cuirtear isteach Airteagal 7a mar seo a leanas:"

“Airteagal 7a

Oibleagáid Ionadaí a cheapadh chun críche seirbheála i mBallstát an fhóraim [Leasú 31]

1.  I gcás ina mbeidh doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí seirbheáilte cheana féin ar an gcosantóir agus nach mbeidh sé diúltaithe ag an gcosantóir glacadh le doiciméad den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 8, tabharfar an rogha, faoi dhlí Bhallstát an fhóraim, do na páirtithe a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile ionadaí a cheapadh chun críche doiciméid a sheirbheáil orthu i mBallstát an fhóraim. Más rud é go bhfuil an páirtí lena mbaineann curtha ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bheadh ag gabháil le cinneadh a dhéanamh leas a bhaint as an rogha sin agus má tá sí roghnaithe go sainráite aige, déanfar difear do sheirbheáil na ndoiciméad ar ionadaí údaraithe an pháirtí i mBallstát an fhóraim, i gcomhréir le dlíthe agus cleachtais an Bhallstáit sin maidir leis na himeachtaí. [Leasú 32]

2.  I gcás nach gcomhlíonann páirtí an oibleagáid ionadaí a cheapadh i gcomhréir le mír 1 agus nach bhfuil a thoiliú tugtha aige nó aice seoladh leictreonach a úsáid don tseirbheáil i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 15a, féadfar úsáid a bhaint as aon mhodh seirbheála a cheadaítear faoi dhlí Bhallstáit an fhóraim chun doiciméid a sheirbheáil le linn na n-imeachtaí, ar choinníoll go bhfuil an páirtí lena mbaineann curtha ar an eolas go cuí faoin iarmhairt sin faoin tráth a sheirbheálfar an doiciméad lenar dtionscnaítear na himeachtaí.”; [Leasú 33]

"

(7)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:"

“Airteagal 8

Diúltú glacadh le doiciméad

1.  Cuirfidh an ghníomhaireacht fála an seolaí ar an eolas, ag baint úsáid as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn II go bhféadfadh sé nó sí diúltú an doiciméad atá le seirbheáil a ghlacadh mura mbeidh sé scríofa, nó mura mbeidh aistriúchán oifigiúil ag gabháil leis, i gceachtar de na teangacha seo a leanas:

   (a) teanga a thuigeann an seolaí;

   (b) teanga oifigiúil an Bhallstáit a ndírítear air nó, má tá teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéanfar an tseirbheáil. [Leasú 34]

2.  Féadfaidh an seolaí diúltú, ar bhonn forais réasúnacha, glacadh leis an doiciméad tráth na seirbheála nó faoi cheann coicís tríd an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chur ar ais chuig an ngníomhaireacht fála. [Leasú 35]

3.  I gcás ina gcuirfear an ghníomhaireacht fála ar an eolas go ndiúltaíonn an seolaí glacadh leis an doiciméad i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, cuirfidh sí an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas láithreach trí bhíthin an deimhnithe dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus déanfaidh sí an iarraidh agus an doiciméad a bhfuil aistriúchán iarrtha ina leith a chur ar ais. [Leasú 36]

4.  Má tá sé diúltaithe ag an seolaí glacadh leis an doiciméad i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, fíoróidh an chúirt nó an t-údarás a bhfuil na himeachtaí dlí a ndearnadh seirbheáil lena linn os a comhair nó os a chomhair, a luaithe is féidir, an raibh bunús maith leis an diúltú. [Leasú 37]

5.  Is féidir seirbheáil an doiciméid a leigheas tríd an doiciméad lena ngabhann aistriúchán oifigiúil i dteanga dá bhforáiltear i mír 1 a sheirbheáil ar an seolaí i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. Sa chás sin, is é dáta seirbheála an doiciméid an dáta a sheirbheáiltear an doiciméad lena ngabhann aistriúchán oifigiúil i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann. Mar sin féin, i gcás inar gá doiciméad a sheirbheáil faoi cheann tréimhse áirithe de réir dlí Ballstáit, is é an dáta a chuirfear san áireamh maidir leis an iarratasóir ná dáta seirbheála an doiciméid tosaigh arna chinneadh de bhun Airteagal 9(2). [Leasú 38]

6.  Beidh feidhm ag mír 1 go mír 5 maidir leis na modhanna tarchuir agus seirbheála eile a bhaineann le doiciméid bhreithiúnacha dá bhforáiltear i Roinn 2.

7.  Chun críocha mhír 1, déanfaidh na gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha, i gcás ina ndéantar an tseirbheáil i gcomhréir le hAirteagal 13, nó déanfaidh an t-údarás nó an duine, i gcás ina ndéantar an tseirbheáil i gcomhréir le hAirteagal 14 nó le hAirteagal 15a, an seolaí a chur ar an eolas go bhféadfaidh sé nó sí diúltú glacadh leis an doiciméad agus gur gá aon doiciméad a dhiúltaítear a sheoladh láithreach chuig na gníomhairí sin nó chuig an údarás sin nó chuig an duine sin faoi seach.”; [Leasú 39]

"

(8)  in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Nuair a chuirfear na foirmiúlachtaí maidir leis an doiciméad a sheirbheáil i gcrích, dréachtófar deimhniú á rá gur cuireadh na foirmiúlachtaí sin i gcrích san fhoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus díreofar ar an ngníomhaireacht tarchuir é.”;

"

(9)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14 agus Airteagal 15:"

“Airteagal 14

Seirbheáil trí sheirbhísí poist nó cúiréara [Leasú 40]

1.  Féadfaidh seirbhísí poist nó cúiréara doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil go díreach ar dhaoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile trí litir chláraithe nó beart cláraithe a ngabhann admháil fála léi nó leis. [Leasú 41]

2.  Chun críche an Airteagail seo, déanfar seirbheáil tríd an bpost nó le cúiréir trí úsáid a bhaint as an admháil fála shonrach a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. [Leasú 42]

3.  Gan beann ar dhlí an Bhallstáit tionscnaimh, measfar go ndearnadh seirbheáil tríd an bpost nó le cúiréir ar bhealach bailí má seachadadh an doiciméad ar dhaoine fásta ag seoladh baile an tseolaí ar daoine fásta iad atá ina gcónaí sa teaghlach céanna leis an seolaí nó atá fostaithe ansin ag an seolaí agus atá ábalta agus toilteanach glacadh leis an doiciméad. [Leasú 43]

Airteagal 15

Seirbheáil dhíreach

1.  Féadfar doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil ar dhaoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile go díreach trí na hoifigigh bhreithiúnacha, trí oifigigh nó trí dhaoine inniúla eile de chuid an Bhallstáit a ndírítear air.

2.  Soláthróidh gach Ballstát an fhaisnéis don Choimisiún faoin gcineál gairmeacha nó daoine inniúla a bhfuil cead acu seirbheáil a dhéanamh faoin Airteagal seo ina gcríoch. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil ar líne.”; [Leasú 44]

"

(10)  Cuirtear isteach Airteagal 15 a mar seo a leanas:"

“Airteagal 15a

Seirbheáil leictreonach

1.  Féadfar doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil go díreach ar dhaoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile ar mhodhanna leictreonacha chuig seoltaí leictreonacha a bhfuil rochtain ag an seolaí orthu, ar choinníoll go gcomhlíonfar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas: [Leasú 45]

   (a) seoltar agus faightear na doiciméid ag baint úsáid as seirbhísí seachadta cláraithe leictreonacha cáilithe de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus [Leasú 46]
   (b) tar éis imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh, thug an seolaí toiliú sainráite don chúirt nó don údarás a bhfuil na himeachtaí os a comhair nó os a chomhair an seoladh leictreonach áirithe sin a úsáid chun críocha doiciméid a sheirbheáil i gcaitheamh na n-imeachtaí dlíthiúla.”; [Leasú 47]

1a.  Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe a leagan síos le haghaidh fheidhmiú na seirbhísí seachadta cláraithe leictreonacha cáilithe atá le húsáid chun doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil trí mhodhanna leictreonacha. Agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún go ráthófar leis na seirbhísí sin tarchur éifeachtach, iontaofa agus rianúil na ndoiciméad ábhartha, mar aon le hardleibhéil slándála sa tarchur, rochtain chomhionann do dhaoine faoi mhíchumas agus cosaint an phríobháideachais agus sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. [Leasú 48]

"

(11)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17 agus Airteagal 18:"

“Airteagal 17

Leasú ar na hIarscríbhinní

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV a leasú chun na foirmeacha caighdeánacha a thabhairt cothrom le dáta nó athruithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha sin.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3a, in Airteagal 15a agus in Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama cúig bliana ó … [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 49]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr*.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3a, Airteagal 15a nó Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; [Leasú 50]

———————————————

* IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

"

(12)  cuirtear isteach Airteagal 18a agus Airteagal 18b mar seo a leanas:"

“Airteagal 18a

An córas TF díláraithe a bhunú

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an córas TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18b (2). [Leasú 51]

Airteagal 18b

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”; [Leasú 52]

"

(13)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:"

“Airteagal 19

Nuair nach dtiocfaidh an cosantóir i láthair

1.  I gcás inar ghá doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí a tharchur chuig Ballstát eile chun críche seirbheála faoi fhorálacha an Rialacháin seo agus nár tháinig an cosantóir i láthair, ní thabharfar breithiúnas go dtí go mbeidh sé suite go ndearnadh an tseirbheáil nó an seachadadh in am trátha agus ar bhealach dleathach chun go bhféadfaidh an cosantóir an méid seo a leanas a chosaint: [Leasú 53]

   (a) go ndearnadh an doiciméad a sheirbheáil ar mhodh arna fhorordú le dlí inmheánach an Bhallstáit a ndírítear air chun doiciméid a sheirbheáil in imeachtaí inmheánacha ar dhaoine atá laistigh dá chríoch; nó
   (b) go ndearnadh an doiciméad a sheachadadh iarbhír ar an gcosantóir nó ar a áit chónaithe ar mhodh eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

2.  D’ainneoin fhorálacha mhír 1, féadfaidh an breitheamh breithiúnas a thabhairt fiú mura mbeidh deimhniú seirbheála ná seachadta faighte, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

   (a) tarchuireadh an doiciméad trí cheann de na modhanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo;
   (b) tá tréimhse ama nach giorra ná sé mhí caite ó dháta tharchuir an doiciméid, tréimhse a mheasann an breitheamh sa chás áirithe sin a bheith leordhóthanach; [Leasú 54]
   (c) níl deimhniú d’aon sórt faighte, cé go bhfuil gach iarracht réasúnta déanta chun é a fháil trí údaráis inniúla nó comhlachtaí inniúla an Bhallstáit a ndírítear air.

3.  I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, déanfar iarrachtaí réasúnta chun an cosantóir a chur ar an eolas trí aon bhealaí cumarsáide atá ar fáil, lena n‑áirítear modhanna teicneolaíochta cumarsáide nua-aimseartha, a bhfuil a sheoladh nó a chuntas ar eolas ag an gcúirt a bhfuiltear os a comhair, gur tionscnaíodh imeachtaí ina choinne nó ina coinne. [Leasú 55]

4.  D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh an breitheamh, i gcás práinne, aon bhearta sealadacha nó cosanta a ordú. [Leasú 56]

5.  I gcás inar ghá doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí a tharchur chuig Ballstát eile chun críche seirbheála faoi fhorálacha an Rialacháin seo agus i gcás ina ndearnadh breithiúnas a thaifeadadh i gcoinne cosantóir nár láithrigh, beidh de chumhacht ag an mbreitheamh faoiseamh a thabhairt don chosantóir ó éifeachtaí dhul in éag na tréimhse chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

   (a) ní raibh eolas ag an gcosantóir, gan aon locht a bheith air féin, ar an doiciméad in am trátha agus/nó ar bhealach dleathach chun cosaint a dhéanamh, ná ní raibh eolas aige ar an mbreithiúnas in am trátha chun achomharc a dhéanamh; [Leasú 57]
   (b) nocht an cosantóir cosaint prima facie ar an gcaingean de bhua an tuillteanais.

Ní fhéadfar iarratas ar fhaoiseamh a thaisceadh ach amháin laistigh de thréimhse réasúnta tar éis don chosantóir a bheith ar an eolas faoin mbreithiúnas.

Ní thabharfar aird ar an iarratas sin má thaisctear é breis agus dhá bhliain tar éis dháta an bhreithiúnais.

6.  Tar éis dul in éag na tréimhse dhá bhliain tar éis dháta an bhreithiúnais dá dtagraítear i mír 2, ní fhéadfar forálacha an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs chur in aghaidh aithint agus fhorfheidhmiú an bhreithiúnais sin i mBallstát eile, ar forálacha iad lena gceadaítear faoiseamh urghnách ó éifeachtaí dhul in éag na tréimhse chun achomharc a dhéanamh.

7.  Ní bheidh feidhm ag mír 5 ná mír 6 maidir le breithiúnais a bhaineann le stádas nó le hinniúlacht daoine.”;

"

(13a)  in Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas isteach roimh mhír 1:"

-1. Aon phróiseáil a dhéanfar ar shonraí pearsanta de bhun an Rialachán seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. [Leasú 58]

"

(13b)  in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

1. Ní bhainfidh gníomhaireachtaí tarchuir, gníomhaireachtaí fála agus comhlachtaí lárnacha úsáid as faisnéis, lena n-áirítear go háirithe sonraí pearsanta, arna tarchur faoin Rialachán seo ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach sa Rialachán seo. Déanfar sonraí pearsanta nach bhfuil ábhartha chun críocha an Rialacháin seo a scriosadh láithreach. [Leasú 59]

"

(13c)  in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

2. Déanfaidh gníomhaireachtaí tarchuir, gníomhaireachtaí fála agus comhlachtaí lárnacha rúndacht faisnéise den sórt sin a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta. [Leasú 60]

"

(13d)  in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

3. Ní dhéanfaidh míreanna -1, 1 agus 2 difear do dhlíthe an Aontais agus do dlíthe náisiúnta lenar féidir daoine is ábhar do shonraí a chur ar an eolas maidir leis an úsáid a bhaintear as faisnéis arna tarchur faoin Rialachán seo. [Leasú 61]

"

(13e)  in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

4. Maidir le haon phróiseáil ar fhaisnéis a dhéanfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déanfaidh siad í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.”; [Leasú 62]

"

(14)  in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 2, 3, 3c, 4, 10, 11, 13, agus 15 in iúl don Choimisiún. Más rud é nach mór, de réir dhlí na mBallstát, doiciméad a sheirbheáil faoi cheann tréimhse áirithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 9(2), cuirfidh na Ballstáit é sin in iúl don Choimisiún.”

"

(15)  Cuirtear isteach Airteagal 23 a mar seo a leanas:"

“Airteagal 23a

Faireachán

1.  Faoi … [dhá bhliain bliain amháin tar éis dháta an chur i bhfeidhm theacht i bhfeidhm an Rialacháin] ar a dhéanaí, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo. [Leasú 63]

2.  Leagfar amach sa chlár faireacháin na modhanna trína ndéanfar na sonraí agus an fhianaise eile is gá a bhailiú agus minicíocht an bhailithe sin. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le linn dóibh na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.

3.  Cuirfidh na Ballstáit na sonraí agus an fhianaise eile is gá chun an faireachán a dhéanamh ar fáil don Choimisiún.”

"

(16)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:"

“Airteagal 24

Meastóireacht

1.  Tráth nach luaithe déanaí ná [cúig ceithre bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi. [Leasú 64]

2.  Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.”

"

(17)  Déantar Iarscríbhinn IV nua, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

Mar sin féin:

(a)  beidh feidhm ag pointe (14) d’Airteagal 1 ón ... [12 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] agus

(b)  beidh feidhm ag pointe (3), pointe (4) agus pointe (5) d’Airteagal 1 ón ... [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN IV

Admháil fála atá le húsáid le haghaidh seirbheáil tríd an bpost faoi Airteagal 14

Admháil fála

le haghaidh doiciméid bhreithiúnacha nó sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil tríd an bpost

(Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1393/2007)

Tagairt uathúil choinsíneachta:

Seoltóir:

Ainm:

Seolaí:

Ainm:

Ainm an fhaighteora:

Síniú an fhaighteora:

Ba cheart an admháil a chur ar ais chuig an seoladh seo a leanas:

Seoladh seachadta:

Dáta a seachadadh/a cuireadh an doiciméad ar ais:

ll mm bbbb

Sráid:

Uimh.

Sráid:

Uimh.

SEACHADTA

chuig:

CURTHA AR AIS

de bharr an méid seo a leanas:

Cathair:

 

Cathair:

 

Seolaí:

Ní fios an seoladh:

Cód Poist:

 

Cód Poist:

 

Ionadaí:

Ní fios an seolaí:

Stát:

 

Stát:

 

Duine fásta atá ina chónaí ag an seoladh céanna:

Gan éileamh:

Diúltaíodh glacadh leis

Don soláthraí seirbhíse poist:

Fostaí an tseolaí:

Aistríodh an seolaí:

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 56.
(2)IO C 62, 15.2.2019, lch. 56.
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019.
(4)Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó tráchtála (doiciméid a sheirbheáil) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (IO L 324, 0.12.2007, lch. 79).
(5) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
PDF 132kWORD 51k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0895 – C8-0511/2018 – 2018/0436(COD))(1)
P8_TA(2019)0105A8-0063/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)  Dá dheasca sin, chun aon bhriseadh tromchúiseach sna hoibríochtaí a chosc, an t-ord poiblí san áireamh, is gá tacar sealadach beart a bhunú a chuirfidh ar chumas oibreoirí tarlaithe de bhóthar atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe earraí a iompar de bhóthar idir críoch na Ríochta Aontaithe agus na 27 mBallstát eile. Chun cothromaíocht chuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile, níor cheart na cearta a thabharfar ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfar cearta coibhéiseacha agus ba cheart iad a bheith faoi réir coinníollacha áirithe lena n-áiritheofar an iomaíocht chóir.
(4)  Dá dheasca sin, chun aon bhriseadh tromchúiseach sna hoibríochtaí a chosc, an t-ord poiblí san áireamh, is gá tacar sealadach beart a bhunú a chuirfidh ar chumas oibreoirí tarlaithe de bhóthar atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe earraí a iompar de bhóthar idir críoch na Ríochta Aontaithe agus na 27 mBallstát eile nó earraí a iompar ó chríoch na Ríochta Aontaithe go dtí críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí Bhallstát amháin nó níos mó. Chun cothromaíocht chuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile, níor cheart na cearta a thabharfar ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfar cearta coibhéiseacha agus ba cheart iad a bheith faoi réir coinníollacha áirithe lena n-áiritheofar an iomaíocht chóir.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2
(2)   ciallaíonn “iompar déthaobhach”:
(2)   ciallaíonn “iompar údaraithe”:
(a)  turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil a bhfuil a pointe tosaigh agus a ceann scríbe ar chríoch an Aontais agus ar chríoch na Ríochta Aontaithe faoi seach, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó trí níos mó;
(a)  turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil a bhfuil a pointe tosaigh agus a ceann scríbe ar chríoch an Aontais agus ar chríoch na Ríochta Aontaithe faoi seach, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó níos mó;
(b)   turas neamhualaithe i gcomhar leis an iompar dá dtagraítear i bpointe (a);
(b)   Turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó chríoch na Ríochta Aontaithe go dtí críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí chríoch an Aontais;
(ba)  turas neamhualaithe i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 5
(5)   ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe” ceadúnas a eisíonn an Ríocht Aontaithe chun críocha an iompair idirnáisiúnta, lena n-áirítear iompar déthaobhach;
(5)   ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe” ceadúnas a eisíonn an Ríocht Aontaithe chun críocha an iompair idirnáisiúnta, i leith iompar údaraithe;
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – teideal
An ceart chun iompar déthaobhach
An ceart chun iompair údaraithe
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1
1.  Féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe iompar déthaobhach a dhéanamh, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
1.  Féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe iompar údaraithe a dhéanamh, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar déthaobhach den chineál seo a leanas a dhéanamh, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 2(5), a bheith de dhíth:
2.  Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar údaraithe den chineál seo a leanas a dhéanamh, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 2(5), a bheith de dhíth:
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Déanfar na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh i gcás iompar déthaobhach a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo:
Déanfar na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh i gcás iompar údaraithe a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo:
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2
2.  I gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a thabharfar d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar uile an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, d’fhonn an choibhéis a athbhunú, an méid seo a leanas a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:
2.  I gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a thabharfar d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar uile an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, chun an choibhéis a athbhunú, an méid seo a leanas a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:
(a)   teorainneacha a leagan síos ar an toilleadh incheadaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó ar an líon turas, nó an dá cheann;
(a)   cur i bhfeidhm Airteagal 3(1) agus (2) den Rialachán seo a chur ar fionraí sa chás nach ndeonaítear cearta coibhéiseacha d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais nó gur íoschearta na cearta a dheonaítear;
(b)   cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí;
(b)   teorainneacha a leagan síos ar an toilleadh incheadaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó ar an líon turas, nó an dá cheann;
(c)  bearta iomchuí eile a ghlacadh
(c)  bearta iomchuí eile a ghlacadh amhail dualgais airgeadais nó srianta oibríochta.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2
2.  I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil na coinníollacha sin chomh fabhrach leis na coinníollacha a bhfuil oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu, féadfaidh an Coimisiún, d’fhonn an choibhéis a athbhunú, an méid seo a leanas a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:
2.  I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil na coinníollacha sin chomh fabhrach leis na coinníollacha a bhfuil oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu, féadfaidh an Coimisiún, chun an choibhéis a athbhunú, an méid seo a leanas a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:
(a)   teorainneacha a leagan síos ar an toilleadh incheadaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó ar an líon turas, nó an dá cheann;
(a)  cur i bhfeidhm Airteagal 3 (1) agus (2) den Rialachán seo sa chás nach ndeonaítear cearta coibhéiseacha d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais nó gur íoschearta a dheonaítear;
(b)   cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí; nó
(b)   teorainneacha a leagan síos ar an toilleadh incheadaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó ar an líon turas, nó an dá cheann; nó
(c)  bearta iomchuí eile a ghlacadh
(c)  bearta iomchuí eile a ghlacadh amhail dualgais airgeadais nó srianta oibríochtúla.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A8-0063/2019).


Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
PDF 148kWORD 55k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0893 – C8-0510/2018 – 2018/0433(COD))(1)
P8_TA(2019)0106A8-0062/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Ós rud é gur bearta sealadacha a bheidh sna bearta seo, ba cheart iad a theorannú do thréimhse ama ghearr, gan dochar d'aon chomhaontú a bhféadfaí a caibidlíocht a dhéanamh lena aghaidh agus a d'fhéadfadh teacht i bhfeidhm amach anseo lena gcumhdófaí cur ar fáil aersheirbhísí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
(5)  Ós rud é gur bearta sealadacha a bheidh sna bearta seo, ba cheart iad a theorannú do thréimhse ama ghearr. Faoin... [cuir isteach dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ba cheart sainordú a thabhairt don Choimisiún chun tús a chur le caibidlíochtaí oscailte leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhaontú cuimsitheach aeriompair.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
(5a)   Chun leibhéil nascachta a bheidh chun leasa an dá thaobh a chothabháil, ba cheart foráil a dhéanamh do shocruithe margaíochta comhoibritheacha, amhail códroinnt d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus aeriompróirí AE 27 araon i gcomhréir le prionsabal na cómhalartachta.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta a ghlacadh chun cómhalartacht chóir a áirithiú idir na cearta a dheonóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go haontaobhach ar aeriompróirí a chéile, agus lena áirithiú go bhféadfaidh iompróirí an Aontais dul in iomaíocht le hiompróirí na Ríochta Aontaithe faoi réir coinníollacha cothroma i dtaca le haersheirbhísí a chur ar fáil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(6)  Chun cómhalartacht chóir a áirithiú idir na cearta a dheonóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go haontaobhach ar aeriompróirí a chéile, agus lena áirithiú go bhféadfaidh iompróirí an Aontais dul in iomaíocht le hiompróirí na Ríochta Aontaithe faoi réir coinníollacha cothroma i dtaca le haersheirbhísí a chur ar fáil, ba cheart an cumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le coibhéis a athbhunú nó cásanna lena mbainfeadh iomaíocht mhíchothrom a réiteach le bearta iomchuí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr1a. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
_________________
1a IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 a (nua)
Airteagal 2a
Díolúine shealadach ó cheanglas úinéireachta
1.  Féadfaidh an Coimisiún díolúine shealadach a dheonú ón gceanglas úinéireachta arna leagan síos i bpointe (f) d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 arna iarraidh sin ag an aeriompróir ar choinníoll go gcomhlíonann an t-aeriompróir na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)  go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí aige i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ar an lá roimh an gcéad lá a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 12(2);
(b)  gur leis an Ríocht Aontaithe nó le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe, nó meascán den dá rud, níos lú ná 50 % den ghnóthas;
(c)  gurb iad Ballstáit an Aontais nó náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais, nó meascán den dá rud, a rialaíonn an gnóthas le fírinne, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin; agus
(d)  go ndéanann sé pleananna inchreidte a thíolacadh maidir lena struchtúr úinéireachta a athrú sa tréimhse ama is giorra agus is féidir chun an ceanglas úinéireachta arna leagan síos i bpointe (f) d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a chomhlíonadh.
2.  Féadfar an díolúine dá dtagraítear i mír 1 a dheonú ar feadh tréimhse nach dtéann thar an 30 Márta 2020 agus ní bheidh sí inathnuaite.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe c
(c)  seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe a fheidhmiú do phaisinéirí, do chumasc de phaisinéirí agus de lasta agus seirbhísí uile-lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus an ceann eile suite i gcríoch an Aontais;
(c)  seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe, lena n-áirítear códroinnt, a fheidhmiú do phaisinéirí, do chumasc de phaisinéirí agus de lasta agus seirbhísí uile-lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus an ceann eile suite i gcríoch an Aontais;
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2
2.  I gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5, maidir le seirbhísí aeriompair sceidealaithe a sholáthar de bhun an Rialacháin seo, ní rachaidh an toilleadh séasúrach iomlán a bheidh le soláthar ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ar na bealaí idir an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát thar líon iomlán na minicíochtaí arna bhfeidhmiú ag na haeriompróirí sin ar na bealaí sin le linn shéasúr geimhridh agus shéasúr samhraidh IATA na bliana 2018.
scriosta
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d'aeriompróirí an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a thabharfar d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d'aeriompróirí uile an Aontais, féadfaidh sé, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008:
2.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d'aeriompróirí an Aontais coibhéiseach, de jurede facto, leis na cearta a thabharfar d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d'aeriompróirí uile an Aontais, tá sé de chumhacht aige, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 a chun:
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe a
(a)  an acmhainn atá ar fáil d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe laistigh den teorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) a choigeartú agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;
(a)  caidhpeáil ar an acmhainn do bhealaí idir an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát a mholadh agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha a bhfuil aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu i bhfad níos fabhraí ná na coinníollacha sin, féadfaidh an Coimisiún, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008:
2.  I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha a bhfuil aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu i bhfad níos fabhraí ná na coinníollacha sin, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a, chun:
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe a
(a)  an acmhainn atá ar fáil d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe laistigh den teorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) a choigeartú agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;
(a)  caidhpeáil ar an acmhainn do bhealaí idir an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát a mholadh agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Féadfar gníomhartha tarmligthe faoi mhír 2 a ghlacadh chun na cásanna seo a leanas a leigheas:
3.  Beidh sé mar aidhm leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 na cásanna seo a leanas go háirithe a leigheas:
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe d
(d)  caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó leis an gcomhshaol atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;
(d)  caighdeáin maidir le cosaint cearta paisinéirí, oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó leis an gcomhshaol atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4
4.  Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinntí údarú aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú nó a chúlghairm de bhun mhír 1 agus mhír 2.
4.  Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinntí údarú aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú nó a chúlghairm de bhun mhír 1 agus mhír 2, gan moill mhíchuí.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1
1.  Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme.
1.  Rachaidh an tAontas agus údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11
Airteagal 11
scriosta
An Coiste
Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 cúnamh a thabhairt don Choimisiún.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 a (nua)
Airteagal 11a
An tarmligean a fheidhmiú
1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 4 – pointe a
(a)  an dáta a thiocfaidh comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm lena rialaítear aeriompar eatarthu a sholáthar nó, de réir an cháis, an dáta a chuirfear i bhfeidhm go sealadach é; nó
(a)  an dáta a thiocfaidh comhaontú cuimsitheach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm lena rialaítear aeriompar eatarthu a sholáthar nó, de réir an cháis, an dáta a chuirfear i bhfeidhm go sealadach é; nó

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A8-0062/2019).


An tsábháilteacht eitlíochta maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
PDF 140kWORD 52k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta ó thaobh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0894 – C8-0514/2018 – 2018/0434(COD))(1)
P8_TA(2019)0107A8-0061/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3
3.  Le cois na ndeimhnithe a liostaítear i mír 2, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na modúil oiliúna theoiriciúla dá dtagraítear in Airteagal 5.
3.  Le cois na ndeimhnithe a liostaítear i mír 2, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na modúil oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 5.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1
Na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(b) maidir le húsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas, beidh siad bailí fós chun gur féidir leanúint dá n-úsáid mar aerárthaí nó in aerárthaí.
Na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(b) maidir le húsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas, beidh siad bailí fós.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – teideal
Modúil oiliúna theoiriciúla a aistriú
Modúil oiliúna a aistriú
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
De mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1178/20111 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/20142 ón gCoimisiún, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht, de réir an cháis, san áireamh na scrúduithe a rinneadh in eagraíochtaí oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil na Ríochta Aontaithe roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(2) an Rialacháin seo, mar a dhéanfaí iad le heagraíocht oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil Ballstáit.
De mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1178/20111 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/20142 ón gCoimisiún, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht, de réir an cháis, san áireamh na scrúduithe a rinneadh in eagraíochtaí oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil na Ríochta Aontaithe ach nach raibh eisiúint an cheadúnais mar thoradh air fós roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(2) an Rialacháin seo, mar a dhéanfaí iad le heagraíocht oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil Ballstáit.
__________________
__________________
1 Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. IO L 311, 25.11.2011, lch. 1.
1 Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. IO L 311, 25.11.2011, lch. 1.
2 Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, comhpháirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n‑eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin. IO L 362, 17.12.2014, lch. 1.
2 Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, comhpháirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n‑eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin. IO L 362, 17.12.2014, lch. 1.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2
2.  Ar iarraidh ón nGníomhaireacht, tabharfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4, tabharfaidh siad di cóipeanna de na tuarascálacha iniúchóireachta uile, de na torthaí iniúchóireachta uile agus de na pleananna beart ceartaitheach uile a bhaineann leis an deimhniú agus a eisíodh le trí bliana roimh an iarraidh. I gcás nár seachadadh na doiciméid sin roimh na sprioc-amanna a leag an Ghníomhaireacht síos ina hiarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht an sochar a fuarthas de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 a aistarraingt, de réir an cháis.
2.  Ar iarraidh ón nGníomhaireacht, tabharfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4, tabharfaidh siad di cóipeanna de na tuarascálacha iniúchóireachta uile, de na torthaí iniúchóireachta uile agus de na pleananna beart ceartaitheach uile a bhaineann leis an deimhniú agus a eisíodh le trí bliana roimh an iarraidh. I gcás nár seachadadh na doiciméid sin roimh na sprioc-amanna a leag an Ghníomhaireacht síos ina hiarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht an sochar a fuarthas de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 a aistarraingt, de réir an cháis.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3
3.  Cuirfidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 nó Airteagal 4 den Rialachán seo an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe ar féidir go mbeidh siad ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139.
3.  Cuirfidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 nó eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe ar féidir go mbeidh siad ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1
Chun críocha an Rialacháin seo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na sealbhóirí deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht i gcáil an údaráis inniúil dá bhforáiltear le haghaidh eintitis tríú tír faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
Chun críocha an Rialacháin seo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na sealbhóirí nó eisitheoirí deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht i gcáil an údaráis inniúil dá bhforáiltear le haghaidh eintitis tríú tír faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
Rialachán (AE) Uimh. 319/20141 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, beidh feidhm aige maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbeidh deimhnithe ina seilbh acu dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le sealbhóirí deimhnithe comhfhreagracha arna n-eisiúint do dhaoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha as tríú tír.
Rialachán (AE) Uimh. 319/20141 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, beidh feidhm aige maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbeidh deimhnithe ina seilbh nó á eisiúint acu dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le sealbhóirí deimhnithe comhfhreagracha arna n-eisiúint do dhaoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha as tríú tír.
__________________
__________________
1 Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 an 27 Márta 2014 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 593/2007. IO L 95, 28.3.2014, lch. 58
1 Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 an 27 Márta 2014 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 593/2007. IO L 95, 28.3.2014, lch. 58
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn – Roinn 2 – pointe 2.6 a (nua)
2.6a  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Cuid-M, Fochuid H, Pointí M.A.801(b) 2, 3 agus (c) (Deimhnithe um scaoileadh chun seirbhíse maidir le críochnú cothabhála).

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), ceathrú fomhír (A8-0061/2019).


GATS: coigeartuithe cúiteacha is gá tar éis aontachas na Seicia, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne le AE ***
PDF 115kWORD 49k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích na gComhaontuithe ábhartha faoi Airteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí leis an Airgintín, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, Críoch chustaim ar leith na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu (Tai-pei na Síne), an Cholóim, Cúba, Eacuadór, Hong Cong na Síne, an India, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua-Shéalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Eilvéis, agus na Stáit Aontaithe, maidir leis na coigeartuithe cúiteacha is gá tar éis aontachas na Seicia, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne leis an Aontas Eorpach (14020/2018 – C8-0509/2018 – 2018/0384(NLE))
P8_TA(2019)0108A8-0067/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14020/2018),

–  ag féachaint do na dréacht-Chomhaontuithe ábhartha faoi Airteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí leis an Airgintín, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, Críoch chustaim ar leith na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu (Tai-pei na Síne), an Cholóim, Cúba, Eacuadór, Hong Cong na Síne, an India, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua-Shéalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Eilvéis agus na Stáit Aontaithe, maidir leis na coigeartuithe cúiteacha is gá tar éis aontachas na Seicia, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne leis an Aontas Eorpach (14020/2018 ADD 1-17),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 91, le hAirteagal 100(2), leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 207(4) agus le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0509/2018),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0067/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe chun na comhaontuithe a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.


Bearta a chuíchóiriú chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích ***I
PDF 189kWORD 64k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích (COM(2018)0277 – C8-0192/2018 – 2018/0138(COD))
P8_TA(2019)0109A8-0015/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0277),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0192/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Seanad na Seicia, Bundestag na Gearmáine, Dáil Éireann agus Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A8-0015/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras Eorpach iompair a chur i gcrích.

P8_TC1-COD(2018)0138


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) creat coiteann maidir le gréasáin idir-inoibritheacha, úrscothacha de dhá shraith, san Aontas, a bheadh faoi réir na saoránach, a chruthú ar mhaithe le forbairt an mhargaidh inmheánaigh agus le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach an Aontais. Struchtúr dhá shraith atá ag na gréasáin thras-Eorpacha iompair (TEN T): áirithítear is éard atá sa chroíghréasán ná na gnéithe sin den ghréasán ar mó a dtábhacht straitéiseach don Aontas, agus leis an ngréasán cuimsitheach áirithítear nascacht idir réigiúin uile an Aontais agus is éard atá sa. Ba cheart don chroíghréasán na gnéithe sin den ghréasán ar mó a dtábhacht straitéiseach don Aontas. feidhmiú mar luasaire trasteorann, ilmhódach i gcomhair limistéar iompair agus soghluaisteachta Eorpach aonair I Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, sainítear spriocanna ceangailteacha maidir leis an gcur chun feidhme: tá an croíghréasán le bheith tugtha chun críche faoi 2030 agus an gréasán cuimsitheach faoi 2050. De bhreis air sin, i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 dírítear ar naisc thrasteorann lena bhfeabhsófar idir-inoibritheacht idir na modhanna iompair difriúla agus lena rannchuideofar le comhtháthú ilmhódach iompar an Aontais, agus ba cheart a chur san áireamh ann freisin dinimic na forbartha in earnáil an iompair agus i dteicneolaíochtaí nua amach anseo. [Leasú 1]

(2)  D'ainneoin an ghá atá ann agus na n amlínte ceangailteacha, is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo, i gcás a lán infheistíochtaí a bhfuil sé ina chuspóir leo TEN T a thabhairt chun críche, go mbíonn roinnt nósanna imeachta malla, neamhléire agus casta le sárú acu maidir le deonú ceadanna, soláthar trasteorann agus eile. Fágann sin go mbíonn an baol ann nach gcuirfear tionscadail chun feidhme in am agus is, gur minic moilleanna suntasacha agus ardú costais ann dá bharr sin. D'fhonn dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ionas go bhféadfar TEN T a thabhairt chun críche ar shlí shioncrónaithe, tá gá le gníomhaíocht chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais a bheith ann, go gcúisítear neamhchinnteacht do thionscnóirí tionscadail agus d’infheisteoirí príobháideacha ionchasacha, agus go bhféadfadh sé fiú go n-éireofaí as tionscadail i lár an phróisis. I bhfianaise na gcúinsí sin, chun TEN-T chríochnú ar shlí shioncrónaithe faoin spriocdháta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, tá gníomhaíocht chomhchuibhithe ag teastáil ar leibhéal an Aontais. De bhreis air sin, ba cheart do na Ballstáit a bpleananna bonneagair náisiúnta a chinneadh i gcomhréir le cuspóirí TEN-T. [Leasú 2]

(2a)  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le tionscadail de chuid an Aontais arna sainaithint mar thionscadail leasa choitinn faoi Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, a bhaineann le croíghréasán an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair. Is féidir le Ballstát a chinneadh freisin an raon feidhme a leathnú amach chun an gréasán cuimsitheach a chuimsiú. [Leasú 3]

(3)  Faoi chuimsiú creat dlíthiúil I gcórais dlí cuid mhaith de na Ballstáit, tugtar tosaíocht do chatagóirí áirithe tionscadal ar bhonn a dtábhachta straitéisí don gheilleagar Aontas. Saintréithe de chuid na tosaíochta sin is ea amchláir níos giorra, nósanna imeachta comhuaineacha agus/nó simplithe nó tréimhsí teoranta ama chun an nós imeachta um cheadú a chur i gcrích nó le haghaidh achomharc, agus é á áirithiú go mbaintear amach cuspóirí na mbeartas cothrománach eile freisin. Sa chás ina bhfuil foráil déanta maidir leis sin faoi chuimsiú creat dlíthiúil náisiúnta, I gcás inar ann sa chreat dlíthiúil náisiúnta do rialacha den chineál sin faoi thús áite a thabhairt ba cheart feidhm a bheith aige acu go huathoibríoch i leith tionscadail de chuid an Aontais arna sainaithint mar thionscadail leasa choitinn faoi Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013. Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil rialacha den chineál sin faoi thús áite a thabhairt acu rialacha den chineál sin a ghlacadh. [Leasú 4]

(4)  D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht na measúnuithe comhshaoil agus cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta, i gcás ina n eascraíonn an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh i ndáil le saincheisteanna comhshaoil tionscadal croíghréasáin go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5), arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6), agus as reachtaíocht eile de chuid an Aontais amhail Treoir 92/43/CEE ón gComhairle(7), Treoracha 2009/147/CE(8), 2000/60/CE(9), 2008/98/CE(10), 2010/75/AE(11), 2012/18/AE(12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir Cur Chun Feidhme 2011/42/CE ón gCoimisiún(13), ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar foráil maidir le nós imeachta comhpháirteach lena gcomhlíontar ceanglais na dTreoracha sin. Thairis sin, le measúnú luath a dhéanamh ar scóip na dtionchar comhshaoil agus plé luath a dhéanamh leis an údarás inniúil faoi ábhar na measúnuithe comhshaoil d’fhéadfaí na moilleanna a laghdú le linn chéim an cheadaithe agus feabhas ginearálta a chur ar cháilíocht na measúnuithe. [Leasú 5]

(4a)  I bhfianaise an líon mór measúnuithe comhshaoil a eascraíonn ó Threoracha Eorpacha éagsúla agus ó dhlíthe náisiúnta atá riachtanach do dheonú ceadanna ar thionscadail leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TEN-T, ba cheart don Aontas nós imeachta coiteann, simplithe agus lárnaithe a chur ar bun lena gcomhlíonfaí ceanglais na dTreoracha sin chun rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo arb é is aidhm leo ná an cuíchóiriú a dhéantar ar bhearta a mhéadú. [Leasú 6]

(5)  Ba cheart nósanna imeachta comhtháite um dheonú ceadanna a bheith ann chun tacú le tionscadail chroíghréasán ionas gur féidir bainistíocht shoiléir a dhéanamh ar an nós imeachta foriomlán agus chun pointe iontrála aonair a sholáthar d'infheisteoirí. Ba cheart do na Ballstáit údarás aonair inniúil a ainmniú i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus lena gcórais riaracháin ionas go mbainfeadh na tionscadail a bhaineann leis an gcroíghréasán tairbhe as comhtháthú na nósanna imeachta deonaithe ceadanna agus as pointe teagmhála aonair a bheith ann d’infheisteoirí, rud a éascódh bainistiú soiléir agus éifeachtach ar an nós imeachta cuimsitheach. I gcás inar gá, is féidir leis an údarás inniúil aonair a fhreagrachtaí, a oibleagáidí agus a chúraimí a tharmligean chuig údarás eile ar an leibhéal iomchuí réigiúnach, áitiúil nó ar leibhéal riaracháin eile. [Leasú 7]

(6)  Ach údarás inniúil aonair a bhunú ar an leibhéal náisiúnta a dhéanfaidh comhtháthú ar na nósanna imeachta go léir um dheonú ceadanna (ionad ilfhreastail), ba cheart go laghdófaí castacht na nósanna imeachta, go bhfeabhsófaí a n-éifeachtúlacht agus a gcomhordú agus go gcuirfí lena dtrédhearcacht agus lena luas agus le luas ghlacadh na gcinntí. Ina theannta sin, ba cheart go bhfeabhsódh sé an comhar idir na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Ba cheart go gcuirfeadh na nósanna imeachta chun cinn comhar ceart idir infheisteoirí agus an t údarás inniúil aonair agus dá bhrí sin go bhfágfaidís gur féidir an scóip a mheas sa chéim réamhiarratais den nós imeachta deonaithe ceadanna. Ba cheart an staidéar scóipe sin a chomhtháthú sa chur síos mionsonraithe ar an iarratas agus ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Threoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE. [Leasú 8]

(6a)  I gcás ina meastar tionscadail leasa choitinn mar thionscadail tosaíochta an Aontais, d’fhéadfaí comhúdarás inniúil a bhunú arna chomhaontú ag údaráis inniúla aonair ó dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit nó ag na Ballstáit agus tríú tíortha, chun na dualgais arna n-eascairt ón Rialachán seo a chomhlíonadh. [Leasú 9]

(7)  Ba cheart an nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith gan dochar do chomhlíonadh na gceanglas a shainítear sa dlí idirnáisiúnta agus i ndlí an Aontais, lena n áirítear forálacha chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint.

(8)  I bhfianaise na práinne a bhaineann le tabhairt chun críche chroíghréasán TEN T faoi 2030, ba cheart teorainn ama a bheith ag gabháil leis an simpliú ar na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, faoinar cheart do na húdaráis inniúla atá freagrach cinneadh cuimsitheach a dhéanamh maidir le tógáil an tionscadail. Ba cheart don teorainn ama sin láimhseáil níos éifeachtúla ar nósanna imeachta a spreagadh áirithiú, agus níor cheart di, ar chúinse ar bith, an bonn a bhaint d'ardchaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail i dtéarmaí na gcritéar aibíochta i dtaca le roghnú tionscadal arna mbunú ag an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa Ba cheart comhlíonadh na spriocdhátaí a leagtar síos sa Rialachán seo a chur san áireamh agus na meastóireachtaí sin á gcur i gcrích. [Leasú 10]

(9)  Ba cheart do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh lena áirithiú go ndéileálfar ar an mbealach is éifeachtúla is féidir le hachomhairc lena ndéantar dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht ghnásúil cinnidh chuimsithigh a agóid.

(10)  Baineann dúshláin ar leith le tionscadail bhonneagair trasteorann TEN T maidir le comhordú na nósanna imeachta deonaithe ceadanna. Ba cheart cumhacht a thabhairt do na Comhordaitheoirí Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 chun faireachán a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin agus chun sioncrónú agus tabhairt chun críche na nósanna imeachta a éascú chun comhlíonadh na spriocdhátaí a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú. [Leasú 11]

(11)  Ba cheart soláthar poiblí i dtionscadail trasteorann leasa choitinn a dhéanamh i gcomhréir leis an gConradh agus le Treoir 2014/25/AE(14) agus/nó le Treoir 2014/24/AE(15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear i gcrích go héifeachtúil tionscadail trasteorann leasa choitinn an chroíghréasáin, ba cheart soláthar poiblí arna dhéanamh ag eintiteas comhpháirteach a bheith faoi réir ag aon reachtaíocht náisiúnta amháin. De mhaolú ar reachtaíocht an Aontais maidir le soláthar poiblí, ba cheart, i bprionsabal, gurb iad na rialacha náisiúnta is infheidhme rialacha an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eintiteas comhpháirteach. Ba cheart é a bheith fós indéanta an reachtaíocht is infheidhme a shainiú i gcomhaontú idir-rialtasach.

(12)  Ní bhíonn baint chórasach ag an gCoimisiún le húdarú tionscadal aonair. I gcásanna áirithe, áfach, bíonn gnéithe áirithe d'ullmhú tionscadail faoi réir imréiteach ar leibhéal an Aontais. I gcás ina bhfuil an Coimisiún páirteach sna nósanna imeachta, tabharfaidh sé tosaíocht do thionscadail leasa choitinn de chuid an Aontais agus áiritheoidh sé cinnteacht do thionscnóirí tionscadail. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh gá a bheith le formheas Státchabhrach. I Gan dochar do na spriocdhátaí a leagtar síos sa Rialachán seo agus i gcomhréir leis an gCód Dea-Chleachtais maidir le seoladh nósanna imeachta i dtaobh rialú Státchabhrach, féadfaidh ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún déileáil le tionscadail leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TEN T a mheasann siad ar cinn tosaíochta iad lena mbaineann amlínte níos intuartha faoi réir an chur chuige um punann cásanna nó pleanáil arna comhaontú go frithpháirteach. [Leasú 12]

(13)  Ba cheart tacú le cur chun feidhme tionscadail bhonneagair a bhaineann le croíghréasán TEN T freisin le treoirlínte ón gCoimisiún lena soláthraítear soiléireacht bhreise i dtaobh cur chun feidhme cineálacha áirithe tionscadal agus urraim á thabhairt d’acquis an Aontais an tráth céanna. Mar shampla, sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar(16) déantar foráil maidir le treoirlínte den sórt sin chun soiléireacht bhreise a sholáthar i dtaobh urramú na Treorach maidir le hÉin agus na Treorach maidir le Gnáthóga. Ba cheart tacaíocht dhíreach a bhaineann le soláthar poiblí a chur ar fáil i leith tionscadail leasa choitinn lena áirithiú go mbainfear n-íoslaghdófaí costais sheachtracha agus go mbainfí an luach is fearr as airgead poiblí(17). Ina theannta sin, ba cheart cúnamh teicniúil iomchuí a chur ar fáil faoi na sásraí a forbraíodh i gcomhair an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, d'fhonn tacaíocht airgeadais a sholáthar do thionscadail leasa choitinn TEN T. [Leasú 13]

(14)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, toisc gur gá na cuspóirí sin a chomhordú, gur fearr is féidir é sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(15)  Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart na nósanna imeachta riaracháin ar cuireadh tús leo roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, ach amháin má chinntear a mhalairt le comhaontú uathu siúd lena mbaineann. [Leasú 14]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar amach na ceanglais is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta riaracháin a leanann údaráis inniúla na mBallstát i ndáil le húdarú agus le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn go léir a bhaineann le croíghréasán an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, lena n-áirítear na tionscadail réamhroghnaithe a liostaítear i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán lena bhunaítear ‘an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa’ 2021-2027. [Leasú 15]

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cur i bhfeidhm fhorálacha uile an Rialacháin seo a leathnú amach, mar bhloc, chun tionscadail leasa choitinn maidir leis an ngréasán cuimsitheach den ghréasán tras-Eorpach iompair a chuimsiú. [Leasú 16]

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013. Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn "cinneadh cuimsitheach" an cinneadh nó an bailiúchán cinntí a ghlacann údarás nó údaráis de chuid Ballstáit, inniúil aonair Ballstáit, agus i gcás inarb infheidhme, an comhúdarás inniúil, ach gan cúirteanna ná binsí san áireamh, lena gcinntear cibé acu atá nó nach bhfuil údarú le deonú do thionscnóir tionscadail chun an bonneagar iompair a thógáil is gá chun tionscadal a thabhairt chun críche, gan dochar d’aon chinneadh a ghlacfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin; [Leasú 17]

(b)  ciallaíonn "nósanna imeachta deonaithe ceadanna" gach nós imeachta nach mór a leanúint nó gach beart nach mór a dhéanamh os comhair údaráis inniúla Bhallstáit, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, sular féidir leis an tionscnóir tionscadail an tionscadal a chur chun feidhme agus a thosóidh ón dáta a shíneoidh údarás inniúil aonair an Bhallstáit an fógra faoin gcomhad a ghlacadh; [Leasú 18]

(c)  ciallaíonn "tionscnóir tionscadail" an t iarratasóir ar údarú le haghaidh tionscadal príobháideach nó an t údarás poiblí a dhéanann aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach poiblí ní príobháideach a chuireann iarratas isteach ar údarú chun tionscadal a thionscnamh; [Leasú 19]

(d)  ciallaíonn "údarás inniúil aonair" an t údarás arna ainmniú ag an mBallstát, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, mar údarás atá freagrach as comhlíonadh na ndualgas a eascróidh as an Rialachán seo; [Leasú 20]

(e)  ciallaíonn "tionscadal trasteorann leasa choitinn" tionscadal leasa choitinn de réir Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 lena gcumhdaítear cuid trasteorann mar a shainmhínítear í i bpointe (m) d'Airteagal 3 den Rialachán sin arna chur chun feidhme ag eintiteas comhpháirteach.

(ea)  ciallaíonn “comhúdarás inniúil” údarás arna bhunú trí chomhaontú frithpháirteach idir an t-údarás inniúil aonair ó dhá Bhallstát nó níos mó nó ó Bhallstát amháin nó níos mó agus ó thríú tír amháin nó níos mó, atá i bhfeighil éascú na nósanna imeachta um dheonú ceadanna maidir le tionscadail trasteorann leasa choitinn. [Leasú 21]

CAIBIDIL II

DEONÚ CEADANNA

Airteagal 3

‘Stádas tosaíochta’ tionscadal leasa choitinn

1.  Beidh gach tionscadal leasa choitinn a bhaineann le croíghréasán TEN T, lena n-áirítear na codanna réamhroghnaithe i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán lena bhunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, faoi réir nós imeachta comhtháite um dheonú ceadanna arna bhainistiú ag údarás inniúil aonair arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 6. [Leasú 22]

2.  I gcás ina dtugtar stádas tosaíochta faoin dlí náisiúnta, deonófar do thionscadail leasa choitinn an stádas leis an tábhacht náisiúnta is mó is féidir, agus déanfar iad a láimhseáil amhlaidh i nósanna imeachta deonaithe ceadanna, de réir mar a fhoráiltear sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis na cineálacha comhfhreagracha bonneagair iompair.

3.  Chun nósanna imeachta riaracháin éifeachtúla agus éifeachtacha a áirithiú maidir le tionscadail leasa choitinn, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus gach údarás lena mbaineann go ndéanfar na tionscadail sin a láimhseáil chomh gasta is féidir ó thaobh an dlí de, lena n áirítear maidir le meastóireacht ar critéir aibíochta i dtaca le roghnú tionscadal agus ar leithdháileadh na n acmhainní. [Leasú 23]

Airteagal 4

Na nósanna imeachta deonaithe ceadanna a chomhtháthú

1.  D’fhonn cloí leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 6 agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a thabhairt chun críche, déanfar comhtháthú ar na nósanna imeachta riaracháin deonaithe ceadanna go léir a eascraíonn as an dlí is infheidhme, idir lena n-áirítear na measúnuithe comhshaoil ábhartha, ar leibhéal an dlí náisiúnta agus dlí dhlí an Aontais araon, agus ní bheidh ach aon chinneadh cuimsitheach amháin ina thoradh orthu, gan dochar do thrédhearcacht, rannpháirtíocht an phobail, ná do cheanglais chomhshaoil agus sábháilteachta faoi dhlí aon Aontais. [Leasú 24]

2.  I Gan dochar do na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás tionscadail leasa choitinn lena mbaineann an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol, ar oibleagáid í a eascraíonn go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE agus as dlí eile de chuid an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha de réir bhrí Airteagal 2(3) de Threoir 2011/92/AE. [Leasú 25]

Airteagal 5

Údarás inniúil aonair um dheonú ceadanna

1.  Faoin…. (OP cuir isteach an dáta ar a mbeidh bliain caite ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo le do thoil), Faoi…. [bliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus i gcás ar bith nach déanaí ná 31 Nollaig 2020, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil aonair amháin a bheidh freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna a éascú lena n áirítear freagracht as an gcinneadh na nósanna imeachta deonaithe ceadanna is gá chun an cinneadh cuimsitheach a dhéanamh a éascú, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. [Leasú 26]

2.  Féadfar freagracht an Ar thionscnamh ón údaráis inniúil aonair dá dtagraítear i mír 1 féadfar a fhreagrachtaí, a oibleagáidí agus/nó na cúraimí a bhaineann léi, amhail dá dtagraítear i mír 1, le comhaontú ón mBallstát, a tharmligean chuig údarás eile ar an leibhéal iomchuí riaracháin nó féadfaidh údarás eile réigiúnach, áitiúil nó ar leibhéal riaracháin eile agus féadfaidh an t-údarás eile sin na cúraimí sin a thabhairt chun críche, do gach tionscadal leasa choitinn ar leith nó gach catagóir tionscadal leasa choitinn ar leith, cé is moite de chinneadh cuimsitheach dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a dhéanamh, faoi na coinníollacha seo a leanas: [Leasú 27]

(a)  nach bhfuil ach údarás inniúil amháin freagrach as aon tionscadal leasa choitinn amháin; [Leasú 28]

(b)  gurb é an t údarás inniúil sin an t aon phointe teagmhála atá ag an tionscnóir tionscadail sa nós imeachta as a n eascraíonn an cinneadh cuimsitheach i leith tionscadal leasa choitinn áirithe, agus [Leasú 29]

(c)  go gcomhordaíonn an t údarás inniúil cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha ar fad. [Leasú 30]

Féadfaidh an t údarás inniúil aonair an fhreagracht a choimeád as teorainneacha ama a bhunú, gan dochar do na teorainneacha ama a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 6.

3.  Eiseoidh an t údarás inniúil aonair an cinneadh cuimsitheach laistigh de na teorainneacha ama a shocraítear in Airteagal 6. Déanfaidh sé amhlaidh agus nósanna imeachta comhpháirteacha á leanúint aige.

Is é an cinneadh cuimsitheach a eiseoidh an t údarás inniúil an t aon chinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de a thig ón nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna. I Gan dochar do na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás ina mbaineann údaráis eile leis an tionscadal, is féidir leo a dtuairim a thabhairt i ndáil leis an nós imeachta, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Cuirfidh an t údarás Ceanglaítear ar an údarás inniúil aonair an tuairim sin san áireamh na tuairimí sin a chur san áireamh, go háirithe má bhaineann siad leis na ceanglais a leagtar síos i dTreoracha 2014/52/AE agus 92/43/CEE. [Leasú 31]

4.  Agus an cinneadh cuimsitheach á dhéanamh aige, áiritheoidh an t údarás inniúil aonair go n urramófar na ceanglais ábhartha faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais agus tabharfaidh sé údar cuí leis an gcinneadh ar bhonn na bhforálacha dlí is infheidhme. [Leasú 32]

5.  Má cheanglaítear I gcás ina gceanglaítear le tionscadal leasa choitinn gur gá cinntí a dhéanamh in dhá Bhallstát nó níos mó, nó i mBallstát amháin nó níos mó agus i dtríú tír amháin nó níos mó, déanfaidh na húdaráis inniúla faoi seach gach beart is gá chun comhar agus comhordú éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú eatarthu féin, nó féadfaidh siad comhúdarás inniúil a bhunú, gan dochar do na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 6, a bheadh i bhfeighil ar an nós imeachta deonaithe ceadanna a éascú. Gan dochar d'oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, féachfaidh na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha, go háirithe maidir le measúnú ar thionchair chomhshaoil. [Leasú 33]

5a.  Chun cur chun feidhme éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, agus go háirithe Airteagal 6a de, déanfaidh an t-údarás inniúil aonair dáta tosaithe an nós imeachta deonaithe ceadanna agus an cinneadh cuimsitheach, mar a leagtar amach in Airteagal 6, a chur in iúl don Choimisiún. [Leasú 34]

Airteagal 6

Fad tréimhse agus cur chun feidhme an nós imeachta deonaithe ceadanna

1.  Is éard a bheidh sa nós imeachta deonaithe ceadaithe an chéim réamhiarratais, an chéim ina ndéanfar measúnú ar an iarratas agus cinnteoireacht an údaráis inniúil aonair.

2.  I bprionsabal, ní bheidh níos mó ná dhá bhliain 18 mí i gceist leis an gcéim réamhiarratais, ó thús an nós imeachta deonaithe ceadanna go dtí cur isteach an chomhaid iarratais iomláin chuig an údarás inniúil aonair. [Leasú 35]

3.  Chun tús a chur leis an nós imeachta deonaithe ceadanna, tabharfaidh an tionscnóir tionscadail fógra faoin tionscadal i scríbhinn d’údarás inniúil aonair na mBallstát lena mbaineann, nó, i gcás inarb iomchuí, don chomhúdarás inniúil, agus áireofar ann cur síos mionsonraithe ar an tionscadal. Tráth nach déanaí ná dhá mhí mí amháin tar éis dó an fógra thuasluaite a fháil, admhóidh glacfaidh an t údarás inniúil é leis, nó, má mheasann sé nach bhfuil an tionscadal sách forbartha le dul isteach sa nós imeachta deonaithe ceadanna, diúltóidh sé don fhógra i scríbhinn. Má chinneann an t údarás inniúil aonair diúltú don fhógra, tabharfaidh sé údar leis an gcinneadh. Is é an dáta ar a síníonn an t údarás inniúil admháil an fhógra dáta tosaigh an nós imeachta deonaithe ceadanna. Más rud é go bhfuil dhá Bhallstát nó níos mó i gceist, is é an dáta ar a nglacann an t údarás inniúil lena mbaineann leis an bhfógra deiridh dáta tosaigh an nós imeachta deonaithe ceadanna. [Leasú 36]

4.  Laistigh de thrí dhá mhí ó thús an nós imeacht deonaithe ceadanna, déanfaidh an t údarás inniúil aonair, nó i gcás inarb iomchuí, an comhúdarás inniúil, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag an tionscnóir tionscadal ar bhonn an fhógra dá dtagraítear i mír 3, cur síos mionsonraithe ar an iarratas a ullmhú agus a chur in iúl don tionscnóir tionscadail, ina mbeidh: [Leasú 37]

(-a)  an t-údarás inniúil, ar an leibhéal riaracháin iomchuí, atá ina fheighil, i gcás tarmligean ón údarás inniúil aonair i gcomhréir le hAirteagal 5(2); [Leasú 38]

(a)  raon feidhme an ábhair agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le cur isteach ag an tionscnóir tionscadail, mar chuid den chomhad iarratais i gcomhair an chinnidh chuimsithigh;

(b)  sceideal i leith an phróisis deonaithe ceadanna, ina sainaithneofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)  na cinntí agus, na ceadanna, na tuairimí agus na measúnuithe atá le fáil; [Leasú 39]

(ii)  na húdaráis, na páirtithe leasmhara agus an pobal ar dóigh dóibh a bheith i gceist agus/nó ar dóigh go rachfar i gcomhairle leo; [Leasú 40]

(iii)  na céimeanna aonair den nós imeachta agus an fad tréimhse a bhaineann leo;

(iv)  garspriocanna móra atá le baint amach agus na spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le déanamh, agus an tráthchlár foriomlán atá beartaithe; [Leasú 41]

(v)  na hacmhainní atá pleanáilte ag na húdaráis agus riachtanais acmhainní breise a d’fhéadfadh a bheith ann.

5.  D'fhonn a áirithiú go bhfuil an comhad iarratais iomlán agus leormhaith ó thaobh na cáilíochta de, iarrfaidh an tionscnóir tionscadail tuairim an údaráis inniúil aonair maidir leis an iarratas uaidh a luaithe is féidir le linn an nós imeachta réamhiarratais. Oibreoidh an tionscnóir tionscadail go hiomlán i gcomhar leis an údarás inniúil aonair chun spriocdhátaí a bhaint amach agus chun an cur síos mionsonraithe ar an iarratas mar a shainítear i mír 4 a chomhlíonadh.

6.  Cuirfidh an tionscnóir tionscadail isteach an comhad iarratais ar bhonn an chur síos mionsonraithe ar an iarratas laistigh de 21 15 mhí ón gcur síos mionsonraithe sin ar an iarratas a fháil. Tar éis don tréimhse sin dul in éag, ní mheasfar go bhfuil an cur síos mionsonraithe ar an iarratas infheidhme a thuilleadh, mura rud é go gcinnfidh an t údarás inniúil aonair, ar a thionscnamh féin, síneadh 6 mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin, ar bhonn iarraidh réasúnaithe ón tionscnóir tionscadail. [Leasú 42]

7.  Ar a dhéanaí laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a chuirtear isteach an comhad iarratais iomlán, admhóidh an t údarás inniúil i scríbhinn iomláine an chomhaid iarratais agus cuirfidh sé sin in iúl don tionscnóir tionscadail. Measfar gurb iomlán é an comhad iarratais arna chur isteach ag an tionscnóir tionscadail ach amháin má iarrann an t údarás inniúil ar an tionscnóir tionscadail, laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh an comhad isteach, faisnéis atá ar iarraidh a chur isteach. Beidh an iarraidh sin teoranta, maidir le raon feidhme an ábhair agus an leibhéal mionsonraí, do na gnéithe atá aitheanta sa chur síos mionsonraithe ar an iarratas. Is as imthosca eisceachtúla nua gan choinne amháin a eascróidh aon iarraidh bhreise ar fhaisnéis, agus tabharfaidh an t údarás inniúil aonair údar cuí léi.

8.  Déanfaidh an t údarás inniúil aonair measúnú ar an iarratas agus glacfaidh sé cinneadh cuimsitheach ceangailteach laistigh de thréimhse bliana amháin sé mhí ón dáta a chuirtear isteach an comhad iarratais iomlán i gcomhréir le mír 7, ach amháin má chineann an t-údarás inniúil aonair, ar a thionscnamh féin, síneadh trí mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin agus bunús a thabhairt lena chinneadh. Féadfaidh na Ballstáit teorainn ama níos luaithe a leagan síos, i gcás inarb iomchuí. [Leasú 43]

9.  Beidh na teorainneacha ama sna forálacha thuas gan dochar d’oibleagáidí a eascraíonn as gníomhartha dlí idirnáisiúnta agus as gníomhartha dlí de chuid an Aontais, agus gan dochar do nósanna imeachta achomhairc riaracháin agus leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.

Airteagal 6a

Nós imeachta deonaithe ceadanna agus cúnamh airgeadais ón Aontas

1.  I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6 den Rialachán seo, cuirfear san áireamh staid dhul chun cinn an tionscadail agus meastóireacht á déanamh ar thionscadail de réir critéir aibíochta i dtaca le roghnú tionscadal a leagtar amach in Airteagal 13 de Rialachán (AE) .../... [lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa].

2.  Beidh moilleanna a tharlaíonn maidir leis na céimeanna agus na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 6 ina n-údar imscrúdú ar staid dhul chun cinn an tionscadail agus athbhreithniú ar an gcúnamh airgeadais arna fháil ag an Aontas faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) .../... [CEF] agus d’fhéadfadh sé go mbeadh laghdú ar chúnamh airgeadais nó tarraingt siar cúnaimh airgeadais ina toradh air sin. [Leasú 44]

Airteagal 7

Comhordú ar nósanna imeachta trasteorann um dheonú ceadanna

1.  I gcás tionscadail a bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó leo nó ag Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó leo, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a gcuid amchlár ar chomhréim agus comhaontóidh siad sceideal comhpháirteach. [Leasú 45]

1a.  Sna cásanna sin, chun an nós imeachta deonaithe ceadanna a éascú, féadfaidh údaráis inniúla aonair ó dhá Bhallstát nó níos mó nó ó Bhallstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó, trí chomhaontú frithpháirteach, comhúdarás inniúil a bhunú, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 5(5). [Leasú 46]

2.  Tabharfar de chumhacht don Chomhordaitheoir Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 súil ghéar a choinneáil ar an nós imeachta deonaithe ceadanna maidir le tionscadail trasteorann leasa choitinn agus an teagmháil agus comhar a éascú idir na húdaráis inniúla lena mbaineann a éascú nó, i gcás inarb iomchuí, leis an gcomhúdarás inniúil. [Leasú 47]

3.  Gan dochar don oibleagáid na teorainneacha ama faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, mura ndéanfar an teorainn ama i leith an chinnidh chuimsithigh a urramú, cuirfidh an t údarás inniúil aonair an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, an Comhordaitheoir Eorpach lena mbaineann ar an eolas láithreach faoi na bearta a glacadh nó a ghlacfar chun an nós imeachta deonaithe ceadanna a thabhairt chun críche a luaithe is féidir. Féadfaidh an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, an Comhordaitheoir Eorpach a iarraidh ar an údarás inniúil aonair tuairisc rialta a thabhairt ar an dul chun cinn atá á dhéanamh. [Leasú 48]

CAIBIDIL III

SOLÁTHAR POIBLÍ

Airteagal 8

Soláthar Poiblí i dtionscadail trasteorann leasa choitinn

1.  Déanfar soláthar poiblí i dtionscadail trasteorann leasa choitinn i gcomhréir leis an gConradh agus le Treoir 2014/25/AE agus/nó le Treoir 2014/24/AE.

2.  I gcás ina bhfuil na nósanna imeachta soláthair á seoladh ag eintiteas comhpháirteach a chuir na Ballstáit rannpháirteacha ar bun, cuirfidh an t eintiteas sin i bhfeidhm, i gcomhar lena fhochuideachtaí, i gcás inarb iomchuí, forálacha náisiúnta ceann de na Ballstáit sin i bhfeidhm agus, de mhaolú ar na Treoracha sin, is éard a bheidh sna forálacha sin na forálacha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 57(5) de Threoir 2014/25/AE nó pointe (a) d'Airteagal 39(5) de Threoir 2014/24/AE, de réir mar is infheidhme, mura mbeidh comhaontú ann idir na Ballstáit rannpháirteacha lena bhforáiltear a mhalairt. Déanfar foráil i gcomhaontú den sórt sin, ar chaoi ar bith, go mbeidh feidhm ag aon reachtaíocht náisiúnta amháin i gcás na maidir leis na nósanna imeachta soláthair arna seoladh ag eintiteas comhpháirteach agus, i gcás inarb iomchuí, ag a fhochuideachtaí, don tionscadal uile. [Leasú 49]

CAIBIDIL IV

CÚNAMH TEICNIÚIL

Airteagal 9

Cúnamh teicniúil

Arna iarraidh sin do thionscnóir tionscadail nó do Bhallstát, i gcomhréir leis na cláir chistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais agus gan dochar don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil, comhairleach agus airgeadais ar fáil do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a éascú ag gach céim den phróiseas. [Leasú 50]

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 10

Forálacha idirthréimhseacha

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nósanna imeachta riaracháin ar cuireadh tús leo roimh dháta a theachta i bhfeidhm.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6 agus Airteagal 7 in aon Bhallstát ar leith ón dáta a ainmneoidh an Ballstát sin an t-údarás inniúil aonair i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

Foilseoidh an Coimisiún fógra san Irish Oifigiúil nuair a bheidh na forálacha sin infheidhme i mBallstát. [Leasú 51]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)Tuairim an 17 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2)Tuairim an 7 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4)Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(5)Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, a chuirtear in ionad an Chinnidh Réime ón gComhairle 2004/68/CGB (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).
(6)Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 124, 25.4.2014, lch. 1).
(7)Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(8)Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7)
(9)Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(10)Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(11)Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(12)Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).
(13)Treoir Cur Chun Feidhme 2011/42/AE ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2011 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun flutríafól a chur isteach mar shubstaint ghníomhach agus lena leasaítear Cinneadh 2008/934/CE ón gCoimisiún (IO L 97, 12.4.2011, lch. 42).
(14)Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena naisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.03.2014, lch. 243).
(15)Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(16)COM(2017)0198.
(17)COM(2017)0573.


Árachas mótarfheithiclí ***I
PDF 226kWORD 80k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (COM(2018)0336 – C8-0211/2018 – 2018/0168(COD))(1)
P8_TA(2019)0110A8-0035/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 1
(1)  Tá tábhacht ar leith le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i dtaca le húsáid mótarfheithiclí (mótarárachas) do shaoránaigh na hEorpa, is cuma más sealbhóirí polasaí nó íospartaigh fhéideartha timpistí iad. Is mórábhar cúraim do ghnóthais árachais é freisin mar gur deighleog shuntasach de ghnó árachais neamhshaoil san Aontas é. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar ag mótarárachas ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhchuspóir ag gníomhaíocht an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais margadh inmheánach an mhótarárachais a dhaingniú agus a chomhdhlúthú.
(1)  Tá tábhacht ar leith ag baint le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta maidir le húsáid mótarfheithiclí (mótarárachas) do shaoránaigh na hEorpa, cibé acu is sealbhóirí polasaí iad nó páirtithe a d’fhéadfadh a bheith gortaithe mar thoradh ar thionóisc. Is mórábhar cúraim do ghnóthais árachais é freisin mar gur deighleog shuntasach de ghnó árachais neamhshaoil san Aontas é. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar suntasach ag mótarárachas ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí, agus dá bhrí sin, ar an margadh inmheánach agus ar limistéar Schengen. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhchuspóir ag gníomhaíocht an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais margadh inmheánach an mhótarárachais a atreisiú agus a chomhdhlúthú.
(Má ghlactar an leasú seo, ba cheart tuilleadh leasuithe comhfhreagracha ar aithrisí an ghnímh leasaithigh seo a dhréachtú.)
Leasú 2
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 2
(2)  Rinne an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, lena n-áirítear a héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais. Ba é conclúid na meastóireachta go bhfeidhmíonn Treoir 2009/103/CE go maith ar an iomlán, agus nach gá í a leasú maidir le tromlach na ngnéithe. Mar sin féin, aithníodh ceithre réimse ina mbeadh leasuithe spriocdhírithe iomchuí: cúiteamh d’íospartaigh timpistí i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, íosmhéideanna cumhdaigh árachais éigeantacha, na seiceálacha árachais a dhéanann na Ballstáit ar fheithiclí, agus an úsáid a bhaineann gnóthas árachais nua as ráitis faoi stair na n-éileamh de chuid sealbhóirí polasaí.
(2)  Rinne an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, lena n-áirítear a héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais. Ba é conclúid na meastóireachta go bhfeidhmíonn Treoir 2009/103/CE go maith ar an iomlán, agus nach gá í a leasú maidir le tromlach na ngnéithe. Mar sin féin, aithníodh ceithre réimse ina mbeadh leasuithe spriocdhírithe iomchuí: cúiteamh do pháirtithe a gortaíodh i dtionóiscí i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, íosmhéideanna cumhdaigh árachais éigeantacha, na seiceálacha árachais a dhéanann na Ballstáit ar fheithiclí, agus an úsáid a bhaineann gnóthas árachais nua as ráitis faoi stair na n-éileamh de chuid sealbhóirí polasaí. Sa bhreis ar na ceithre réimse sin, chun daoine díobhálaithe a chosaint níos fearr, ba cheart rialacha nua a thabhairt isteach maidir le dliteanas i gcás timpiste lena bhfuil baint ag leantóir atá á tharraingt ag feithicil chumhachtaithe.
__________________
__________________
15 Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, lch. 11).
15 Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, lch. 11).
Leasú 3
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 a (nua)
(3a)  Tá cuid de na feithiclí níos lú amhail rothair leictreacha agus Segwayanna agus dá bhrí sin, is lú is dóichí go ndéanfadh na feithiclí sin damáiste suntasach do dhaoine nó do mhaoin ná cinn eile. Bheadh sé díréireach agus ní bheadh sé in ann seasamh i bhfad na haimsire iad a áireamh i raon feidhme Threoir 2009/103/CE, toisc go bhfhorchuirfí leis sin oibleagáid ar dhaoine cumhdach árachais costasach agus iomarcach a bheith acu ar na feithiclí sin. Ina theannta sin, bhainfeadh staid den sórt sin an bonn ó roghnú na bhfeithiclí sin agus dhéanfadh sí an nuálaíocht a dhíspreagadh ainneoin nach bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhféadfadh na feithiclí sin a bheith ina gcúis le timpistí a bheith á mbaint de dhaoine díobhálaithe ar an scála céanna le feithiclí eile amhail gluaisteáin nó trucailí. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, leis na rialacha ar leibhéal an Aontais, ba cheart go gcumhdaítear na feithiclí sin a bhfuil d’acmhainn acu dochar suntasacha a dhéanamh i staid trasteorann. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, raon feidhme Threoir 2009/103/CE a theorannú do na feithiclí sin mheasann an tAontas go bhfuil gá le ceanglais sábháilteachta agus slándála a bheith ina leith sula gcuirtear ar an margadh iad, i.e. na feithiclí atá faoi réir cineálcheadú AE.
Leasú 4
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 b (nua)
(3b)  Tá sé tábhachtach, áfach, cead a thabhairt do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta maidir leis an leibhéal cosanta iomchuí do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith gortaithe mar gheall ar fheithiclí, seachas iad siúd atá faoi réir cineálcheadú AE. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach cead a bheith ag na Ballstáit forálacha éigeantacha a choimeád nó a thabhairt isteach lena gcumhdaítear cosaint úsáideoirí na gcineálacha eile feithiclí sin chun daoine díobhálaithe féideartha a chosaint ó thionóisc tráchta. Sa chás ina roghnaíonn Ballstát cumhdach árachais den sórt sin a éileamh i bhfoirm árachas éigeantach, ba cheart an dóchúlacht go bhféadfaí feithicil a úsáid i staid trasteorann agus an gá atá le daoine díobhálaithe féideartha a chosaint i mBallstát eile a chur san áireamh.
Leasú 5
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 c (nua)
(3c)  Is iomchuí freisin feithiclí atá ceaptha go heisiach lena n-úsáid le haghaidh raonrásaíocht carranna a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/103/CE, mar is iondúil a bhíonn na feithiclí sin cumhdaithe ag foirmeacha eile árachais dliteanais agus ní bhíonn siad faoi réir mótarárachas éigeantach nuair nach n-úsáidtear iad ach amháin le haghaidh comórtais. Ó tharla go bhfuil úsáid na bhfeithiclí sin teoranta do rian nó spás rialaithe, is lú is dóichí go mbeadh timpiste ann le feithiclí nó daoine neamhbhainteacha teoranta chomh maith. Tá sé tábhachtach, áfach, go gcoimeádann nó go dtugann na Ballstáit isteach forálacha éigeantacha chun feithiclí a ghlacann páirt in imeacht raonrásaíochta carranna a chumhdach.
Leasú 6
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 d (nua)
(3d)   Tá cothromaíocht iomchuí bainte amach ag an Treoir seo idir leas an phobail agus na costais fhéideartha d’údaráis phoiblí, d’árachóirí agus do shealbhóirí polasaí, d’fhonn a áirithiú go bhfuil na bearta atá molta costéifeachtach.
Leasú 7
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 e (nua)
(3e)  Ba cheart go n-aireofaí le húsáid feithicle i dtrácht úsáid feithicle i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus príobháideacha. D’fhéadfadh gach cabhsán, carrchlós nó aon limistéir choibhéiseacha eile ar thír-raon príobháideach atá inrochtana ag an bpobal. Níor cheart go nglacfaí le húsáid feithicle i limistéar dúnta, i gcás nach féidir leis an bpobal rochtain a fháil air, mar úsáid feithicle i dtrácht. Mar sin féin, nuair a úsáidtear feithicil i dtrácht am ar bith agus go bhfuil sí faoi réir ceanglas árachais éigeantach dá réir, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fheithicil sin cumhdaithe ag polasaí árachais lena n-áirítear daoine féideartha díobhálaithe, le linn thréimhse an chonartha, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an fheithicil i dtrácht tráth na timpiste, cé is moite i gcás ina n-úsáidtear an fheithicil in imeacht raonrásaíochta carranna. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann an cumhdach árachais nach mbaineann le trácht a theorannú i gcás nach bhfuil ag súil le cumhdach a bheith ann, mar is amhlaidh i gcás ina mbaintear timpiste de tharracóir le timpiste nuair nárbh é, tráth na timpiste sin, go raibh sé ina mhodh taistil ach go raibh sé ag giniúint, mar mheaisín chun obair a chur i gcrích, an chumhacht tiomána is gá chun feidhmiú.
Leasú 8
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 f (nua)
(3f)  Ba cheart úsáid feithicle i staideanna nach mbaineann le trácht a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/103/CE. Ina theannta sin, níor cheart do na Ballstáit ceangal a chur ar fheithiclí, atá díchláraithe go buan nó go sealadach mar gheall ar a neamhábaltacht a bheith úsáidte mar mhodh iompair, cumhdach árachais a fháil, toisc go bhfuil siad, mar shampla, i músaem, go bhfuil athchóiriú á dhéanamh orthu nó nár úsáideadh iad ar feadh tréimhse fhada ama ar chúis eile, amhail úsáid shéasúrach.
Leasú 9
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 4
(4)  Níor cheart do na Ballstáit seiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch Ballstáit eile ná ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch tríú tír atá ag teacht isteach ina gcríoch ó chríoch Ballstáit eile. Le forbairtí teicneolaíochta nua, is féidir seiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí gan iad a stopadh agus mar sin gan cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine. Is iomchuí, dá bhrí sin, na seiceálacha sin maidir le hárachas feithiclí a cheadú, ar choinníoll go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach, gur cuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta iad agus nach gá an fheithicil a stopadh.
(4)  Faoi láthair, Ballstáit ag staonadh ó sheiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth i gcríoch Ballstáit eile ná ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth i gcríoch tríú tír atá ag teacht isteach ina gcríoch ó chríoch Ballstáit eile. Le forbairtí teicneolaíochta nua, amhail teicneolaíocht lena gceadaítear aitheanta uimhirphlátaí uathoibríoch, is féidir seiceálacha árachais discréideacha a dhéanamh ar árachas feithiclí gan iad a stopadh agus, dá réir sin, gan cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine. Is iomchuí, dá bhrí sin, na seiceálacha sin maidir le hárachas feithiclí a cheadú, ar choinníoll go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach, gur cuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta iad, ar sheiceálacha iad a dhéantar i leith na bhfeithiclí atá bunaithe i gcríoch an Bhallstát atá ag déanamh na seiceálacha, nach bhfuil gá ann an fheithicil a stopadh agus má dhéantar iad le hurraim iomlán do chearta, do shaoirse agus do leasa dlisteanacha an duine lena mbaineann.
Leasú 10
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Chun go mbeadh córas den sórt sin in ann feidhmiú, tá gá le malartú faisnéise idir na Ballstáit chun seiceálacha cumhdaigh mótarárachais a cheadú fiú má tá feithicil cláraithe i mBallstát eile. Ba cheart an malartú faisnéise sin, bunaithe ar an gcóras EUCARIS (an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Feithiclí agus Ceadúnais Tiomána) atá ann cheana, a dhéanamh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, toisc gur cheart go mbeadh gach feithicil faoi réir an fhíoraithe chéanna. Na leasuithe a thabharfar isteach leis an Treoir seo, beidh tionchar teoranta acu ar riaracháin phoiblí ós rud é go bhfuil an córas malartaithe sin ann cheana agus go bhfuil sé in úsáid chun dul i ngleic le cionta tráchta.
Leasú 11
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 4 b (nua)
(4b)   Is fadhb mhéadaitheach laistigh den Aontas í mótarfheithicil a úsáid gan cumhdach árachais éigeantaigh i gcoinne dliteanas sibhialta. Mar thoradh ar thiomáint neamhárachaithe, meastar gurb é € 870 milliún an costas a bhain le héilimh in 2011 don Aontas trí chéile. Ba cheart a chur i bhfáth go mbíonn tionchar diúltach ag an tiomáint neamhárachaithe ar réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear íospartaigh timpistí, árachóirí, cistí ráthaíochta agus sealbhóirí polasaí mótarárachais.
Leasú 12
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 5 a (nua)
(5a)  I gcomhréir leis na prionsabail sin, níor cheart go gcoimeádfadh Ballstáit sonraí ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse a theastaíonn lena fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil cumhdach aráchais bhailí ag feithicil. Nuair a fhaightear go bhfuil feithicil cumhdaithe, ba cheart na sonraí ar fad a bhaineann leis an bhfíorú sin a scriosadh. Sa chás nach bhfuil córas fíoraithe in ann a chinneadh an bhfuil feithicil árachaithe, níor cheart na sonraí sin a choimeád ach ar feadh uastréimhse 30 lá nó go dtí go léirítear cumhdach árachais bailí na feithicle, cibé acu tréimhse is giorra. Maidir leis na feithiclí ar ina leith a fuarthas nach bhfuil siad cumhdaithe ag cumhdach árachais bhailí, tá sé réasúnach a éileamh go gcoimeádfaí na sonraí sin go dtí go mbeidh aon phróisis riaracháin nó bhreithiúnacha curtha i gcrích agus go dtí go mbeidh an fheithicil cumhdaithe ag polasaí árachais bhailí.
Leasú 13
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 7
(7)  Ar mhaithe le cosaint éifeachtach éifeachtúil d’íospartaigh timpistí tráchta, ní mór i gcónaí a ndíobhálacha pearsanta nó damáiste dá maoin a chúiteamh leis na híospartaigh sin, beag beann ar cé acu an bhfuil gnóthas árachais an pháirtí faoi dhliteanas sócmhainneach nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhlacht a bhunú nó a ainmniú chun an cúiteamh tosaigh a sholáthar do dhaoine díobhálacha a chónaíonn laistigh dá gcríoch de ghnáth, agus ag a mbeidh an ceart an cúiteamh sin a aiséileamh ón gcomhlacht atá bunaithe nó ainmnithe chun na críche céanna sin i mBallstát bunaíochta an ghnóthais árachais a d’eisigh an polasaí d’fheithicil an pháirtí faoi dhliteanas. Mar sin féin, ionas nach ndéanfaí éilimh chomhthreomhara, níor cheart cead a bheith ag íospartaigh timpistí tráchta éileamh ar chúiteamh a chur faoi bhráid an chomhlachta sin dá mba rud é gur chuir siad a n-éileamh faoi bhráid an ghnóthais árachais lena mbaineann cheana féin, nó gur thionscain siad caingean dlí in éadan an ghnóthais árachais cheana féin, agus go bhfuil an t-éileamh sin fós á bhreithniú agus go bhfuil an chaingean sin fós ar feitheamh.
(7)  Ar mhaithe le cosaint éifeachtach agus éifeachtúil do pháirtithe a gortaíodh mar thoradh ar thionóisc tráchta, ní mór i gcónaí na méideanna atá dlite dá ndíobhálacha pearsanta nó damáiste dá maoin a chúiteamh leis na daoine díobhálacha sin, beag beann ar cé acu an bhfuil gnóthas árachais an pháirtí faoi dhliteanas sócmhainneach nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhlacht a bhunú nó a ainmniú, gan mhoill, chun an cúiteamh tosaigh, ar a laghad suas go teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir 2009/103/CE nó suas go teorainneacha ráthaíochta a fhorordaíonn an Ballstát, má tá sé níos airde, a sholáthar do dhaoine díobhálacha a chónaíonn laistigh dá gcríoch de ghnáth, agus ag a bhfuil an ceart chun an cúiteamh sin a aiséileamh ón gcomhlacht atá curtha ar bun nó ainmnithe chun na críche céanna sin i mBallstát bunaíochta an ghnóthais árachais a d’eisigh an polasaí d’fheithicil an pháirtí faoi dhliteanas. Mar sin féin, ionas nach dtabharfaí nach éilimh chomhthreomhara isteach, níor cheart cead a bheith ag íospartaigh tionóiscí tráchta éileamh ar chúiteamh a chur faoi bhráid an chomhlachta sin má tá an t-éileamh curtha faoina bhráid cheana acu agus má tá an t-éileamh sin fós á bhreithniú.
Leasú 14
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 8
(8)  Maidir le startha na n-éileamh a bhí cheana féin ag sealbhóirí polasaí ar mian leo conarthaí árachais nua a chur i gcrích le gnóthais árachais, ba cheart a bheith in ann na startha sin a fhíordheimhniú go héasca chun aithint stair na n-éileamh sin a éascú nuair atá polasaí árachais nua á chur i gcrích. Chun fíorú agus fíordheimhniú na ráiteas faoi stair na n-éileamh a éascú, tá sé tábhachtach go mbeidh ábhar agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh sin mar an gcéanna i ngach Ballstát. Sa bhreis air sin, maidir le gnóthais árachais a chuireann ráitis faoi stair na n-éileamh san áireamh chun préimheanna mótarárachais a chinneadh, níor cheart dóibh idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta ná ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh an sealbhóir polasaí roimhe sin amháin. Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann fíorú a dhéanamh ar conas a chaitheann gnóthais árachais le ráitis faoi stair na n-éileamh, ba cheart do ghnóthais árachais a bpolasaithe a fhoilsiú maidir le húsáid stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.
(8)  Maidir le startha na n-éileamh a bhí cheana féin ag sealbhóirí polasaí ar mian leo conarthaí árachais nua a chur i gcrích le gnóthais árachais, ba cheart a bheith in ann na startha sin a fhíordheimhniú go héasca chun aithint stair na n-éileamh sin a éascú nuair atá polasaí árachais nua á chur i gcrích. Chun fíorú agus fíordheimhniú na ráiteas faoi stair na n-éileamh a éascú, tá sé tábhachtach go mbeidh ábhar agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh sin mar an gcéanna i ngach Ballstát. Sa bhreis air sin, maidir le gnóthais árachais a chuireann ráitis faoi stair na n-éileamh san áireamh chun préimheanna mótarárachais a chinneadh, níor cheart dóibh idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta ná ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh an sealbhóir polasaí roimhe sin amháin. Ina theannta sin, ba cheart go gcaithfeadh gnóthais árachais le ráiteas ó Bhallstát eile mar ráiteas atá comhionann le ráiteas intíre agus ba cheart go ndéanfaidís aon lascainí atá ar fáil do chliant féideartha atá comhionann seachas sin, agus na lascainí sin a éilítear le reachtaíocht náisiúnta Ballstáit, a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag Ballstáit reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh maidir leis na córais 'bonus/malus’ ós rud é gur de chineál náisiúnta iad na córais sin, gan aon ghné thrasteorann, agus, dá bhrí sin, faoi phrionsabal na coimhdeachta, ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé i gcónaí cinntí a dhéanamhi dtaca leis na córais sin. Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann fíorú a dhéanamh ar conas a chaitheann gnóthais árachais le ráitis faoi stair na n-éileamh, ba cheart do ghnóthais árachais a bpolasaithe a fhoilsiú maidir le húsáid stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.
Leasú 15
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 9
(9)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le hábhar agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20.
scriosta
__________________
20 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Leasú 16
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 9 a (nua)
(9a)  Chun éifeacht iomlán a thabhairt d’úsáid na ráitis faoi stair na n-éileamh nuair atá préimheanna á ríomh, ba cheart do na Ballstáit gnóthais árachais a spreagadh chun uirlisí trédhearcacha comparáide praghais a úsáid.
Leasú 17
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 10
(10)  Chun a áirithiú go mbeidh na híosmhéideanna ag teacht leis na dálaí athraitheacha eacnamaíocha (agus nach gcreimfear iad le himeacht aimsire), ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na híosmhéideanna cumhdaigh mótarárachais tríú páirtí sin a oiriúnú chun léiriú a thabhairt ar na dálaí athraitheacha eacnamaíocha, agus chun cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bhunófar chun cúiteamh a sholáthar nó a chuirfear de chúram orthu cúiteamh a sholáthar de bhun Airteagal 10a maidir leis an aisíocaíocht a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(10)  Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le hinneachar agus foirm na ráitis faoi stair na n-éileamh a bhunú. Chun a áirithiú go mbeidh íosmhéideanna an chumhdaigh i gcoinne dliteanas sibhialta a bhaineann le mótarfheithiclí ag teacht leis na dálaí athraitheacha eacnamaíocha (agus nach gcreimfear iad le himeacht ama), ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na híosmhéideanna sin a oiriúnú, chomh maith le sainmhíniú ar na cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bunaíodh chun cúiteamh a sholáthar nó a chuirfear de chúram orthu cúiteamh a sholáthar de bhun Airteagal 10a de Threoir 2009/103/CE maidir leis an aisíocaíocht. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 20161a. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
__________________
1a IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Leasú 18
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 11
(11)  Mar chuid den mheastóireacht ar fheidhmiú na Treorach, ba cheart don Choimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh san am céanna: líon na n-íospartach, méid na n-éileamh nár íocadh fós de bharr moilleanna ar íocaíochtaí de thoradh cásanna dócmhainneachta trasteorann, leibhéal na n-íosmhéideanna cumhdaigh sna Ballstáit, méid na n-éileamh de bharr na tiomána neamhárachaithe a bhaineann le trácht trasteorann agus líon na ngearán maidir le ráitis faoi stair na n-éileamh.
(11)  Mar chuid den mheastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE, ba cheart don Choimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach sin, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh san am céanna: líon na ndaoine díobhálaithe, méid na n-éileamh nár íocadh fós de bharr moilleanna ar íocaíochtaí de thoradh cásanna dócmhainneachta trasteorann, leibhéal na n-íosmhéideanna cumhdaigh sna Ballstáit, méid na n-éileamh de bharr na tiomána neamhárachaithe a bhaineann le trácht trasteorann agus líon na ngearán maidir le ráitis faoi stair na n-éileamh. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2009/103/CE i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha, lena n-áirítear an méadú atá tagtha ar úsáid feithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialaitheacha, chun a áirithiú go leanfaidh sé dá chuspóir a chomhlíonadh, arb ionann é agus daoine díobhálaithe féideartha a chosaint ó thionóiscí a bhfuil baint ag mótarfheithiclí leo. Ba cheart dó freisin anailís a dhéanamh ar chóras dliteanas na bhfeithiclí éadroma ardluais, agus ar réiteach féideartha uile-Aontais maidir le córas ‘bonus-malus’.
Leasú 19
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 12
(12)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, go háirithe íoschosaint chomhionann d’íospartaigh timpistí tráchta ar fud an Aontais a áirithiú agus cosaint íospartaigh i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
(12)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, go háirithe i dtaca le cosaint íosta chomhionann a áirithiú do dhaoine a rinneadh díobháil orthu mar thoradh ar thionóiscí tráchta ar fud an Aontas, a gcosaint a áirithiú i gcás dhócmhainneacht gnóthais árachais agus cóir chomhionann a áirithiú i dtaca le húdarú a dhéanann árachóirí ar ráitis faoi stair na n-éileamh le haghaidh sealbhóirí polasaí féideartha a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
Leasú 20
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 13 a (nua)
(13a)  Chun cur chuige seasmhach a chur chun cinn i leith páirtithe a rinneadh díobháil orthu mar thoradh ar eachtraí ina úsáidtear mótarfheithicil mar arm chun coir fhoréigneach nó gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéileálann a gcomhlacht cúitimh a bunaíodh nó a údaraíodh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2009/103/CE leis na héilimh go léir a eascraíonn ó choir nó gníomh den sórt sin.
Leasú 21
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 (nua)
(-1)  Cuirtear an téarma ‘duine díobhálaithe’ in ionad an fhocail ‘íospartach’, agus cuirtear an téarma ‘daoine díobhálaithe’ in ionad an fhocail ‘íospartaigh’, ar fud na Treorach.
(Is gá foclaíocht bheacht chríochnaitheach "duine díobhálaithe" a chinneadh de réir an cháis, bunaithe ar riachtanais ghramadaí, agus bheadh sé mar thoradh ar an leasú seo a ghlacadh go gcruthófaí tuilleadh leasuithe comhfreagracha ar an Treoir leasaithe.)
Leasú 22
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1a
1a.  ciallaíonn “úsáid feithicle” aon úsáid a bhaintear as feithicil atá ceaptha lena húsáid mar mhodh taistil de ghnáth, atá comhsheasmhach le gnáthfheidhmiú na feithicle sin, beag beann ar thréithe na feithicle agus beag beann ar an tír-raon ar a n-úsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht.”;
1a.  ciallaíonn “úsáid feithicle” aon úsáid a bhaintear as feithicil i dtrácht atá comhsheasmhach le feidhmiú na feithicle mar mhodh taistil tráth na tionóisce beag beann ar thréithe na feithicle agus beag beann ar an tír-raon ar a n-úsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht;
Leasú 23
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 2 – mír 1 a agus mír 1 (b) (nua)
(1a)  In Airteagal 2, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:
“Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach amháin maidir le feithiclí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/858*, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013** nó Rialachán (AE) Uimh. 168/2013***.
Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach maidir le feithiclí atá ceaptha go heisiach lena n-úsáid i gcomhthéacs rannpháirtíocht i ngníomhaíocht spóirt iomaíochta, nó i ngníomhaíochtaí spóirt gaolmhara, laistigh de limistéar dúnta.
__________________
* Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
** Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).
*** Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus ar chuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52)."
Leasú 24
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 b (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 3 – mír 4 a (nua)
(1b)  In Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“Déanfaidh Ballstáit a áirithiú nuair a cheanglaítear ar fheithicil árachas a bheith aici de bhun an chéad mhír, go bhfuil an t-árachas bailí freisin agus go gcumhdaíonn sé daoine díobhálaithe i gcásanna tionóiscí a tharlaíonn:
(a)  nuair atá an fheithicil i dtrácht agus nach bhfuil sí á úsáid i gcomhréir lena príomhfheidhm; agus
(b)  lasmuigh d’úsáid na feithicle i dtrácht.
Féadfaidh Ballstáit srianta ar chumhdach árachais a ghlacadh maidir le húsáid lasmuigh d’úsáid na feithicle i dtrácht dá dtagraítear i bpointe (b) den chúigiú mír. Úsáidfear an fhoráil sin mar eisceacht agus ní úsáidfear é ach amháin nuair is gá, i gcás ina measann na Ballstáit go rachadh an cumhdach sin thar a bhféadfaí a bheith ag súil leis ó mhótarárachas. Ní fhéadfaidh an fhoráil sin a úsáid riamh chun teacht timpeall ar na prionsabail agus na rialacha a leagtar amach sa Threoir seo.
Leasú 25
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2
Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit seiceálacha árachais a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil na seiceálacha sin neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach, agus
Mar sin féin, féadfaidh siad seiceálacha árachais a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil na seiceálacha sin neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach chun an chríoch bheartaithe a ghnóthú, go n-urramaíonn siad cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann, agus
Leasú 26
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)  go bhfuil siad mar chuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta agus nach gá an fheithicil a stopadh.
(b)  go bhfuil siad mar chuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta ar seiceálacha iad a dhéantar i ndáil le feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch an Bhallstáit a bhfuil an seiceáil á déanamh aige agus nach gá an fheithicil a stopadh.
Leasú 27
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 1 a (nua)
1a.  Chun críocha seiceálacha a dhéanamh ar árachas, amhail dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh Ballstát rochtain do Bhallstáit eile ar na sonraí clárúcháin feithiclí náisiúnta a leanas, maille leis an gcumhacht chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh orthu:
(a)  sonraí maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an fheithicil cumhdaithe ag árachas éigeantach;
(b)  sonraí a bhaineann le húinéirí nó sealbhóirí na feithicle atá ábhartha dá n-árachas i gcoinne dliteanas sibhialta faoi réir Airteagal 3.
Tabharfar rochtain ar na sonraí sin trí phointí teagmhála náisiúnta na mBallstát, arna n-ainmniú de bhun Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2015/413*.
__________________
* Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, 13.3.2015, lch. 9)
Leasú 28
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 1 b (nua)
1b.  Agus cuardach á dhéanamh aige i bhfoirm iarraidh amach, bainfidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil seiceáil árachais á déanamh aige úsáid as cláruimhir iomlán. Déanfar na cuardaigh sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB*. An Ballstát a bhfuil seiceáil árachais á déanamh aige, bainfidh sé úsáid as na sonraí a gheofar lena fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil an fheithicil cumhdaithe ag árachas éigeantach bailí faoi réir Airteagal 3 den Treoir seo.
__________________
* Cinneadh 2008/616/CGB an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).
Leasú 29
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 1 c (nua)
1c.  Áiritheoidh na Ballstát, a mhéid is féidir, slándáil agus cosaint na sonraí arna dtarchur, agus úsáid á baint acu as feidhmchláir bogearraí atá ann cheana, amhail an ceann dá dtagraítear in Airteagal 15 de Chinneadh 2008/616/CGB, agus leaganacha leasaithe de na feidhmchláir bogearraí sin, i gcomhréir le Caibidil 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB. Leis na leaganacha leasaithe de na feidhmchláir, déanfar foráil do mhód malartaithe fíor-ama ar líne agus do mhód malartaithe baisce araon, agus tríd an dara mód sin, beifear in ann iarrataí iomadúla nó freagraí iomadúla a mhalartú in aon teachtaireacht amháin.
Leasú 30
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 2 – fomhíreanna 1 a, 1 b agus 1  c (nua)
Déanfaidh na Ballstáit, go háirithe, an cuspóir sonrach a shonrú, tagairt don bhunús dlí ábhartha, na ceanglais slándála ábhartha a chomhlíonadh agus prionsabail an riachtanais, na comhréireachta, agus an teorannaithe de réir cuspóra a urramú, agus déanfaidh siad tréimhse coinneála sonraí chomhréireach a leagan síos.
Ní choimeádfar na sonraí pearsanta de bhun an Airteagail seo ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun críche seiceáil árachais a láimhseáil. Déanfar na sonraí sin a scriosadh go hiomlán a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leo chun na críche sin. I gcás ina léirítear i seiceáil árachais go bhfuil feithicil atá cumhdaithe ag árachas éigeantach faoi réir Airteagal 3, déanfaidh an rialaitheoir na sonraí sin a scriosadh láithreach. Sa chás nach bhfuiltear in ann a chinneadh le seiceáil cé acu atá nó nach bhfuil feithicil cumhdaithe ag árachas éigeantach faoi réir Airteagal 3, coimeádfar na sonraí go ceann tréimhse chomhréireach nach faide ná 30 lá nó go ceann na tréimhse a bheidh riachtanach chun a chinneadh go bhfuil an cumhdach árachais ann, cibé acu tréimhse is giorra.
I gcás ina gcinneann Ballstát go bhfuil feithicil ag taisteal gan árachas éigeantach faoi réir Airteagal 3, féadfaidh sé pionóis a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 27.
Leasú 31
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
(a)  le haghaidh díobhálacha pearsanta: EUR 6 070 000 in aghaidh na timpiste, beag beann ar líon na n-íospartach, nó EUR 1 220 000 in aghaidh an íospartaigh;
(a)  le haghaidh díobhálacha pearsanta: EUR 6 070 000 in aghaidh na timpiste, beag beann ar líon na bpáirtithe díobhálaithe, nó EUR 1 220 000 in aghaidh an duine díobhálaithe;
Leasú 32
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b
(b)  le haghaidh damáistí do mhaoin, EUR 1 220 000 in aghaidh an éilimh, beag beann ar líon na n-íospartach.
(b)  le haghaidh damáiste do mhaoin, EUR 1 220 000 in aghaidh na tionóisce, beag beann ar líon na ndaoine díobhálaithe.
Leasuithe: 33
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1
(3a)   In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:
Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a bhunú nó a údarú a mbeidh sé de chúram air cúiteamh a sholáthar, ar a laghad suas go dtí teorainneacha na hoibleagáide árachais i leith damáiste do mhaoin nó díobhálacha pearsanta arb éard is cúis leis nó leo feithicil gan aithint nó feithicil nár comhlíonadh ina leith an oibleagáid árachais dá bhforáiltear in Airteagal 3.
“Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a chur ar bun nó a údarú a mbeidh sé de chúram air cúiteamh a sholáthar, ar a laghad suas go dtí teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó suas go dtí teorainneacha ráthaíochta a fhorordaíonn an Ballstát, má tá sé níos airde, i leith damáiste do mhaoin nó díobhálacha pearsanta arb éard is cúis leis nó leo feithicil gan aithint nó feithicil nár comhlíonadh ina leith an oibleagáid árachais dá bhforáiltear in Airteagal 3, lena n-airítear maidir le heachtraí ina úsáidtear mótarfheithicil mar arm chun coir fhoréigneach nó gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh.”
Leasú 34
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 10a
Airteagal 10a
Airteagal 10a
Cosaint daoine díobhálacha i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais nó easpa comhair gnóthais árachais
Cosaint daoine díobhálacha i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais
-1.  Déanfaidh Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag gach duine díobhálaithe cúiteamh a éileamh, ar a laghad suas go teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó suas go dtí teorainneacha ráthaíochta a fhorordaíonn an Ballstát, má tá siad níos airde, maidir le díobhálacha pearsanta nó damáiste do mhaoin de thoradh feithicil arna hárachú ag gnóthas árachais in aon cheann de na staideanna seo a leanas:
(a)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeachtaí féimheachta; nó
(b)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeacht foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 268(d) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
1.  Bunóidh nó údaróidh na Ballstáit comhlacht chun cúiteamh a thabhairt do dhaoine díobhálacha a chónaíonn ar a gcríoch de ghnáth, ar a laghad suas go teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) maidir le díobhálacha pearsanta nó damáiste do mhaoin de thoradh feithicil arna hárachú ag gnóthas árachais in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
1.  Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a chur ar bun nó a údarú chun cúiteamh a thabhairt do dhaoine díobhálaithe, atá ina gcónaí ar a gcríoch de ghnáth, sna staideanna dá dtagraítear i mír -1.
(a)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeachtaí féimheachta;
(b)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeacht foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 268(d) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***;
(c)  níl freagra réasúnaithe tugtha ag an ngnóthas árachais ná ag a n-ionadaí éileamh ar na pointí a rinneadh san éileamh ar chúiteamh laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a chuir an duine díobhálaithe a éileamh nó a héileamh faoi bhráid an ghnóthais árachais sin.
2.  Ní fhéadfaidh daoine díobhálacha éileamh a chur faoi bhráid an chomhlachta dá dtagraítear i mír 1 más rud é go bhfuil éileamh curtha acu go díreach faoi bhráid an ghnóthais árachais nó go bhfuil caingean dlí tionscanta acu go díreach in éadan an ghnóthais árachais agus go bhfuil an t-éileamh nó an chaingean dlí sin fós ar feitheamh.
3.  Tabharfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 freagra ar an éileamh laistigh de dhá mhí tar éis an dáta a chuir an duine díobhálach a éileamh nó a héileamh ar chúiteamh isteach.
3.  Féadfaidh an duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh a dhéanamh go díreach leis an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh an comhlacht sin, ar bhonn na faisnéise a sholáthraigh an duine díobhálaithe, arna hiarraidh sin don chomhlacht, freagra réasúnaithe a thabhairt don duine díobhálaithe maidir le híocaíocht aon chúitimh laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a dhéanann na duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh.
Sa chás in bhfuil cúiteamh dlite, déanfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1, laistigh de thrí mhí óna fhreagra a chur in iúl, an cúiteamh iomlán a sholáthar don duine díobhálaithe nó, sa chás ina bhfuil an cúiteamh i bhfoirm íocaíochtaí tréimhsiúla, tosóidh an comhlacht na híocaíochtaí sin.
Sa chás ina gcuireann an duine díobhálaithe éileamh isteach chuig an ngnóthas árachais nó a ionadaí éileamh, ar éileamh é a tháinig faoi réir na staideanna dá dtagraítear i mír -1 roimh an éileamh nó le linn na éilimh, agus níl aon freagra faighte fós ag an duine díobhálaithe sin ón ngnóthas árachais nó a ionadaí éileamh, beidh an duine díobhálaithe in ann a éileamh nó a héileamh a chur isteach arís chuig an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1.
4.  Más rud é go bhfuil an duine díobhálach ina chónaí i mBallstát eile nach é an Ballstát ina bhfuil an gnóthas árachais dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, beidh an comhlacht, dá dtagraítear i mír 1 agus a thug cúiteamh don duine díobhálach sin ina Bhallstát cónaí, i dteideal aisíocaíocht a éileamh i leith na suime a íocadh i bhfoirm cúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas árachais a d’eisigh polasaí an pháirtí faoi dhliteanas bunaithe.
4.  I gcás ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát ar ina leith atá an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 inniúil, beidh an comhlacht sin i dteideal aisíocaíocht a éileamh i leith na suime a íocadh i bhfoirm cúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú.
5.  Tá mír 1 go mír 4 gan dochar:
5.  Tá mír -1 go mír 4 gan dochar:
(a)  do cheart na mBallstát féachaint ar an gcúiteamh a íocann an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 mar chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta;
(a)  do cheart na mBallstát féachaint ar an gcúiteamh a íocann an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 mar chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta;
(b)  do cheart na mBallstát foráil maidir le réiteach na n-éileamh i dtaca leis an timpiste chéanna idir:
(b)  do cheart na mBallstát foráil maidir le réiteach na n-éileamh i dtaca leis an timpiste chéanna idir:
(i)  an comhlacht dá dtagraítear i mír 1;
(i)  an comhlacht dá dtagraítear i mír 1;
(ii)  an duine nó daoine faoi dhliteanas as an timpiste;
(ii)  an duine nó daoine faoi dhliteanas ai leith na tionóisce;
(iii)  gnóthais árachais eile nó comhlachtaí slándála sóisialta ar gá dóibh an duine díobhálach a chúiteamh.
(iii)  gnóthais árachais eile nó comhlachtaí slándála sóisialta ar gá dóibh an duine díobhálach a chúiteamh.
6.  Ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir aon cheanglas ach amháin na ceanglais atá leagtha síos sa Treoir seo. Ní dhéanfar an íocaíocht go háirithe faoi réir an cheanglais gur cheart don duine díobhálach a dheimhniú nach bhfuil an páirtí faoi dhliteanas in ann íoc nó toilteanach íoc.
6.  Ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir aon laghdú nó nó faoi réir aon cheanglas ach amháin na ceanglais atá leagtha síos sa Treoir seo. Go háirithe, ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir an cheanglais gur cheart don duine díobhálaithe a bhunú nach bhfuil an duine faoi dhliteanas nó an gnóthas árachais in ann íoc nó diúltaíonn sé íoc.
7.  Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b, ionas go sonrófar cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bhunófar nó a údarófar de bhun Airteagal 10a maidir leis an aisíocaíocht.”
7.   Gabhfaidh éifeacht leis an Airteagal sin:
(a)  tar éis comhaontú a bheith tugtha i gcrích idir na comhlachtaí go léir dá dtagraítear i mír 1 arna mbunú nó arna n-údarú ag na Ballstáit a bhaineann lena gcuid feidhmeanna agus a gcuid oibleagáidí agus na nósanna imeachta maidir le haisíocaíocht;
(b)  ó dháta a bheidh le socrú ag an gCoimisiún an túisce a fhionnfaidh sé, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, go bhfuil an comhaontú dá dtagraítear i bpointe (a) tugtha i gcrích.
7a.  Féadfaidh daoine díobhálaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(1), sna staideanna dá dtagraítear i mír -1, iarratas a dhéanamh ar chúiteamh ón gcomhlacht cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 24 ina mBallstát cónaithe.
7b.  Féadfaidh an duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh a dhéanamh go díreach leis an gcomhlacht cúitimh, agus ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn an duine díobhálaithe arna hiarraidh sin don chomhlacht, déanfaidh an comhlacht freagra réasúnaithe a thabhairt don duine díobhálaithe laistigh de thrí mhí ón dáta a dhéanfaidh an duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh.
Nuair a gheobhaidh sé an t-éileamh, cuirfidh an comhlacht cúitimh in iúl do na daoine nó comhlachtaí seo a leanas go bhfuil éileamh faighte aige ón duine díobhálaithe:
(a)  an gnóthas árachais atá faoi réir imeachtaí féimheachta nó foirceanta;
(b)  an leachtaitheoir a ceapadh le haghaidh an ghnóthais árachais sin, mar a shainmhínítear in Airteagal 268(f) de Threoir 2009/138/CE;
(c)  an comhlacht cúitimh sa Bhallstát inar tharla an timpiste; agus
(d)  an comhlacht cúitimh sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE sa chás nach ionann an Ballstát sin agus an Ballstát inar tharla an timpiste.
7c.  Tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7b a fháil, cuirfidh an comhlacht cúitimh sa Bhallstát inar tharla an timpiste in iúl don chomhlacht cúitimh i mBallstát cónaithe an duine díobhálaithe cé acu atá nó nach bhfuil an cúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 le meas mar chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta. Cuirfidh an comhlacht cúitimh i mBallstát cónaithe an duine díobhálaithe an fhaisnéis sin san áireamh agus cúiteamh á thabhairt aige.
7d.  Beidh an comhlacht cúitimh a thug cúiteamh don duine díobhálaithe ina B(h)allstát cónaithe i dteideal aisíocaíocht a éileamh i leith na suime a íocadh i bhfoirm cúiteamh ón gcomhlacht cúitimh sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE.
7e.  Déanfar an dara comhlacht a sheachú i gcearta an duine díobhálaithe i gcoinne an chomhlachta dá dtagraítear i mír 1 arna bhunú sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE, a mhéid is go ndearna an comhlacht cúitimh i mBallstát cónaithe an duine díobhálaithe cúiteamh a sholáthar i leith díobhálacha pearsanta nó damáiste do mhaoin.
Beidh sé de dhualgas ar gach Ballstát an tseachaíocht sin a admháil amhail dá bhforálfaidh aon Bhallstát eile.
7f.  Áireofar sa chomhaontú idir comhlachtaí cúitimh, dá dtagraítear in Airteagal 24(3), forálacha a bhaineann le feidhmeanna, oibleagáidí agus nósanna imeachta na gcomhlachtaí cúitimh le haghaidh aisíocaíochta a eascraíonn ón Airteagal seo.
7g.  In éagmais an chomhaontaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 7 nó in éagmais leasú ar an gcomhaontú faoi mhír 7f faoi [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b lena leagtar síos cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí arna mbunú agus arna n-údarú de bhun an Airteagail sin maidir leis an aisíocaíocht, nó maidir leis an comhaontú a leasú faoi Airteagal 24(3), nó an dá rud, más gá.
__________________
* Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
*** Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
Leasú 35
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 15
(4a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:
Airteagal 15
"Airteagal 15
Feithiclí arna seoladh ó Bhallstát amháin go ceann eile
Feithiclí arna seoladh ó Bhallstát amháin go ceann eile
1.  De mhaolú ar an dara fleasc d'Airteagal 2(d) de Threoir 88/357/CEE, i gcás ina seolfar feithicil ó Bhallstát amháin go ceann eile, measfar gurb é an Ballstát ina bhfuil an riosca suite an Ballstát cinn scríbe, díreach tar éis don cheannaitheoir glacadh leis an seachadadh, ar feadh tréimhse 30 lá, nach bhfuil an fheithicil cláraithe go foirmiúil sa Bhallstát cinn scríbe.
1.  De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 13, ar phointe 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, i gcás ina seolfar feithicil ó Bhallstát amháin go ceann eile, measfar gurb é an Ballstát ina bhfuil an riosca suite Ballstát an chláraithe nó, díreach tar éis don cheannaitheoir glacadh leis an seachadadh, an Ballstát cinn scríbe, díreach tar éis don cheannaitheoir glacadh leis an seachadadh, ar feadh tréimhse 30 lá, muna bhfuil an fheithicil cláraithe go foirmiúil sa Bhallstát cinn scríbe.
2.  I gcás ina mbaineann tionóisc don fheithicil le linn na tréimhse a luaitear i mír 1 den Airteagal seo agus gan í faoi árachas, beidh an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 10(1) sa Bhallstát cinn scríbe faoi dhliteanas i leith an chúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 9.
2.  Déanfaidh Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfidh gnóthais árachais in iúl d’ionad faisnéise an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe go bhfuil polasaí árachais eisithe acu le haghaidh úsáid na feithicle i gceist.
__________________
* Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)."
Leasú 36
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 b (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 15 a (nua)
(4b)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
"Airteagal 15a
Dliteanas i gcás timpiste lena bhfuil baint ag leantóir atá á tharraingt ag feithicil chumhachtaithe
I gcás timpiste arb í is cúis léi sraith feithiclí ar a n-áirítear leantóir atá á tharraingt ag feithicil chumhachtaithe, is é an gnóthas a d’árachaigh an leantóir a dhéanfaidh an duine díobhálaithe a chúiteamh, i gcás:
—  inar tógadh amach dliteanais tríú páirtí ar leithligh; agus
—  inar féidir an leantóir a shainaithint, ach nach féidir an fheithicil chumhachtaithe a tharraing é a shainaithint.
Sa chás sin, beidh an gnóthas a bhfuil an duine díobhálaithe á chúiteamh aige in ann dul ar iontaoibh an ghnóthais a d’árachaigh an fheithicil chumhachtaithe atá ag tarraingt an leantóra má dhéantar foráil maidir leis sin faoi dhlí náisiúnta.”
Leasú 37
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 – mír 3
“Nuair atá ráitis faoi stair na n-éileamh, arna n-eisiúint ag gnóthais árachais eile comhlachtaí eile dá dtagraítear sa dara fomhír, á gcur san áireamh ag na gnóthais árachais nó na comhlachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit nach gcaithfidh siad le sealbhóirí polasaí ar bhealach idirdhealaitheach nó nach ngearrfaidh siad formhuirear ar a bpréimheanna de bharr a náisiúntachta nó ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh siad roimhe sin amháin.
Nuair atá ráitis faoi stair na n-éileamh, arna n-eisiúint ag gnóthais árachais eile agus ag comhlachtaí eile dá dtagraítear sa dara fomhír, á gcur san áireamh ag na gnóthais árachais nó na comhlachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit nach gcaithfidh siad le sealbhóirí polasaí ar bhealach idirdhealaitheach nó nach ngearrfaidh siad formhuirear ar a bpréimheanna de bharr a náisiúntachta nó ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh siad roimhe sin amháin.
Leasú 38
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 – mír 3 a (nua)
I gcás ina ndéanfaidh gnóthas árachais ráitis stair na n-éileamh a chur san áireamh agus préimheanna á gcinneadh aige, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh sé, ina theannta sin, ráitis stair na n-éileamh arna n-eisiúint ag gnóthais árachais atá bunaithe i mBallstáit eile a chur san áireamh mar ráitis atá comhionann leo siúd arna n-eisiúint ag gnóthas árachais laistigh den Bhallstát céanna agus cuirfidh siad i bhfeidhm, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, aon cheanglas reachtúil a bhaineann le cóireáil préimheanna.
Leasú 39
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 – mír 4
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais árachais a bpolasaithe maidir le húsáid na ráiteas faoi stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.
Gan dochar do bheartais phraghsála na ngnóthas árachais,áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais árachais a mbeartais maidir le húsáid na ráiteas faoi stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.
Leasú 40
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 – mír 5
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28a(2) lena sonraítear ábhair agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh dá dtagraítear sa dara fomhír. Áireofar sa ráiteas sin faisnéis faoi gach ceann de na nithe seo a leanas:
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28a(2) lena leagtar síos ábhair agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh dá dtagraítear sa dara mír. Áireofar sa ráiteas sin, ar a laghad, faisnéis faoi na nithe seo a leanas:
(a)  céannacht an ghnóthais árachais a eisíonn an ráiteas faoi stair na n-éileamh;
(a)  céannacht an ghnóthais árachais a eisíonn an ráiteas faoi stair na n-éileamh;
(b)  céannacht an tsealbhóra polasaí;
(b)  céannacht an tsealbhóra polasaí, lena n-áirítear dáta breithe, seoladh teagmhála agus, i gcás inarb iomchuí, uimhir agus dáta eisiúna an an cheadúnais tiomána;
(c)  an fheithicil árachaithe;
(c)  an fheithicil árachaithe agus a huimhir aitheantais feithicle;
(d)  tréimhse chumhdaigh na feithicle árachaithe;
(d)  dáta tosaigh agus dáta foirceanta chumhdach árachais na feithicle;
(e)  líon agus luach na n-éileamh tríú páirtí dearbhaithe le linn na tréimhse cumhdaithe ag an ráiteas faoi stair na n-éileamh.”
(e)  líon na n-éileamh dliteanais tríú páirtí arna ndearbhú le linn na tréimhse atá cumhdaithe ag an ráiteas faoi stair na n-éileamh ina raibh an locht ar an sealbhóir polasaí, lena n-áirítear dáta agus cineál gach éileamh, maidir le damáiste do mhaoin nó díobháil phearsanta, agus cé acu an bhfuil an t-éileamh oscailte nó dúnta faoi láthair.
Leasú 41
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 – mír 5 a (nua)
Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar fad sula ndéanfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh agus déanfaidh sé iarracht teacht ar chomhaontú frithpháirteach idir páirtithe leasmhara maidir le hinneachar agus foirm an ráitis faoi stair na n-éileamh.
Leasú 42
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 a (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 a (nua)
(5a)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
“Airteagal 16a
Uirlis Chomparáide Praghsanna
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain shaor in aisce ag tomhaltóirí ar uirlis chomparáide neamhspleách amháin ar a laghad, lena gcuirtear ar a gcumas praghsanna agus taraifí ginearálta idir soláthraithe an árachais éigeantaigh faoi réir Airteagal 3, a chur i gcomparáid lena chéile agus a mheas, agus sin á dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na tomhaltóirí.
2.  Deánfaidh soláthraithe árachais éigeantaigh an fhaisnéis ar fad arna hiarraidh le haghaidh uirlis den sórt sin a sholáthar d’údaráis inniúla agus áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis sin chomh beacht agus chomh nuashonraithe agus is gá chun an beachtas sin a áirithiú. D’fhéadfaí go n-áireofaí in uirlis den sórt sin freisin roghanna breise cumhdaigh mótarárachais sa bhreis ar árachas éigeantach faoi Airteagal 3.
3.  Beidh an uirlis chomparáide:
(a)  neamhspleách ó thaobh na hoibríochtúlachta de ar sholáthraithe seirbhíse, rud a fhágfaidh go n-áiritheofar go gcaitear go cothrom le soláthraithe seirbhísí sna torthaí cuardaigh;
(b)  nochtfaidh sí go soiléir úinéirí agus oibreoirí na huirlise comparáide;
(c)  leagfaidh sí amach critéir shoiléire, oibiachtúla ar a bhfuil an chomparáid bunaithe;
(d)  úsáidfidh sí friotal atá soiléir agus gan débhríocht;
(e)  cuirfidh sí faisnéis bheacht agus atá cothrom le dáta ar fáil agus luafaidh sí an uair a rinneadh an nuashonrú is deireanaí;
(f)  beidh sí oscailte faisnéis ábhartha a bheith á cur ar fáil ag aon soláthróir árachais éigeantaigh, agus déanfaidh sí réimse leathan tairiscintí a áireamh lena gcumhdaítear cuid shuntasach den mhargadh agus, i gcás nach ionann an fhaisnéis a sholáthrófar agus forléargas iomlán ar an margadh, déanfaidh sí ráiteas soiléir a áireamh ina mínítear an méid sin, sula ndéanfaidh sí na torthaí a thaispeáint;
(g)  cuirfidh sí nós imeachta éifeachtach ar fáil chun faisnéis mhícheart a thuairisciú.
(h)  ráiteas a áireamh ina mínítear go bhfuil praghsanna bunaithe ar an bhfaisnéis atá curtha ar fáil agus nach bhfuil ceangailteach ar sholáthraithe árachais.
4.  Deimhneoidh údaráis inniúla, arna iarraidh sin ag soláthraí na huirlise, uirlisí comparáide lena gcomhlíontar na ceanglais i bpointí (a) go (h) de mhír 3.
5.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b, lena bhforlíontar an Treoir seo trí fhoirm agus feidhmeanna uirlis chomparáide den sórt sin agus na catagóirí faisnéise a bheidh le soláthar ag soláthraithe árachais i bhfianaise cineál aonair polasaithe árachais a bhunú.
6.  Gan dochar do reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus i gcomhréir le hAirteagal 27, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis, lena n-áirítear fíneálacha, le haghaidh oibritheoirí uirlise comparáide a chuir tomhaltóirí amú nó nach nochtann a n-úinéireacht go soiléir agus cibé acu an bhfaigheann siad luach saothair ó aon soláthraí árachais."
Leasú 43
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 b (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 18 a (nua)
(5b)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
"Airteagal 18a
Rochtain ar thuairiscí ar thimpiste
Áiritheoidh na Ballstáit an ceart atá ag an duine díobhálaithe cóip den tuairisc ar thimpiste a fháil ó údaráis inniúla go tráthúil. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nuair a chuirtear cosc ar Bhallstát an tuairisc iomlán ar thionóisc a eisiúint láithreach, soláthróidh sé leagan leasaithe don duine díobhálaithe go dtí go mbeidh an leagan iomlán ar fáil. Ba cheart go mbeadh aon atheagruithe ar an téacs teoranta dóibh siúd a bhfuil fíorghá leo agus atá riachtanach chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a chomhlíonadh."
Leasú 44
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 c (nua) – pointe -a (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 23 – mír 1 a (nua)
(5c)  Leasaítear Airteagal 23 mar seo a leanas:
(a)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
"1a. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé ceanglas ar ghnóthais árachais gach faisnéis riachtanach a éilítear leis an gclár dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a sholáthar, lena n-áirítear gach cláruimhir a chumhdaítear le polasaí árachais arna eisiúint ag gnóthas. Ina theannta sin, ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais árachais an t-ionad faisnéise a chur ar an eolas nuair a bhíonn polasaí neamhbhailí roimh dháta éaga an pholasaí nó mura gcumhdaíonn sé cláruimhir feithicle a thuilleadh.";
Leasú 45
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 c (nua) – pointe b (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 23 – mír 5 a (nua)
(b)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
"5a. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an clár dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a choimeád agus a nuashonrú agus a chomhtháthú go hiomlán i mbunachair sonraí um chlárúcháin feithiclí, agus go mbeidh sé inrochtana ag na pointí teagmhála náisiúnta faoi Threoir (AE) 2015/413.";
Leasú 46
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 c (nua) – pointe c (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 23 – mír 6
(c)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
6.  Ní mór próiseáil sonraí pearsanta a eascraíonn as mír 1 go mír 5 a dhéanamh i gcomhréir leis na bearta náisiúnta arna ndéanamh de bhun Threoir 95/46/CE.
"6. Déanfar próiseáil sonraí pearsanta mar thoradh ar mhíreanna 1 go 5a a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.".
Leasú 47
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 d (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 26 a (nua)
(5d)  cuirtear isteach Airteagal 26a mar seo a leanas:
"Airteagal 26a
Comhlachtaí Cúitimh
1.  Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na comhlachtaí cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 10a agus Airteagal 24 á riar mar aonad riaracháin aonair a chumhdaíonn feidhmeanna uile na gcomhlachtaí cúitimh éagsúla a chumhdaítear leis an Treoir seo.
2.  I gcás nach bhfuil na comhlachtaí seo á riar ag Ballstát mar aonad riaracháin aonair, déanfaidh sé an fhíric sin agus na cúiseanna atá lena chinneadh a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile."
Leasú 48
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 e (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 26 b (nua)
(5e)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
“Airteagal 26b
Tréimhse teorann
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tréimhse teorann ceithre bliana ar a laghad i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí faoi Airteagal 19 agus Airteagal 20(2) a bhaineann le cúiteamh i leith díobháil phearsanta agus damáiste do mhaoin mar thoradh ar thionóisc trasteorann tráchta ar bhóithre. Cuirfear tús leis an tréimhse teorann ón lá a tháinig an t-éilitheoir ar an eolas, nó ón lá a raibh forais réasúnacha ag an éilitheoir chun a bheith ar an eolas, maidir le méid an ghortaithe, an chaillteanais agus an damáiste, cúis na tionóisce agus céannacht an duine faoi dhliteanas agus an gnóthas árachais a chumhdaíonn an duine sin i gcoinne dliteanas sibhialta nó an t-ionadaí éileamh nó an comhlacht cúitimh atá freagrach as cúiteamh a sholáthar agus a mbeidh aon éileamh le déanamh ina leith.
2.  Áiritheoidh na Ballstáit sa chás ina ndéanann an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an éileamh foráil do thréimhse teorann níos faide ná ceithre bliana, go mbeidh feidhm ag an tréimhse teorann níos faide.
3.  Soláthróidh na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta don Choimisiún faoina rialacha náisiúnta agus an teorainn maidir le damáistí a thagann as tionóiscí tráchta. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar an bhfaisnéis arna gcur in iúl ag na Ballstáit a chur ar fáil agus inrochtana go poiblí, i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.”
Leasú 49
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 f (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 26 c (nua)
(5f)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
“Airteagal 26c
Fionraí na tréimhse teorann
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an teorainn dá dtagraítear in Airteagal 26a ar fionraí le linn na tréimhse a chuireann an t-éilitheoir a éileamh nó a héileamh isteach:
(a)  chuig gnóthas árachais an duine ba chúis leis an tionóisc nó a ionadaí éileamh dá dtagraítear in Airteagal 21 agus in Airteagal 22; nó
(b)  chuig an gcomhlacht cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25, agus diúltú éilimh chosantóra.
2.  Sá chás ina bhfuil an chuid atá fágtha den tréimhse teorann, a luaithe a thagann deireadh leis an tréimhse fionraithe, níos lú ná sé mhí, áiritheoidh na Ballstáit go dtugtar íostréimhse sé mhí sa bhreis don éilitheoir chun imeachtaí cúirte a thionscnamh.
3.  Áiritheoidh na Ballstáit, má théann tréimhse in éag ar an Satharn, ar an Domhnach nó ar cheann dena laethanta saoire poiblí, go cuirtear síneadh leis an tréimhse go dtí deireadh an chéad lá oibre ina dhiaidh sin.
Leasú 50
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 g (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 26 d (nua)
(5g)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
“Airteagal 26d
Ríomh na dteorainneacha ama
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon tréimhse ama a leagtar síos sa Treoir seo a ríomh mar seo a leanas:
(a)  tosófar an ríomh an lae i ndiaidh an lae ar tharla an t-imeacht ábhartha;
(b)  nuair a shloinnfear tréimhse i mblianta, rachaidh sí in éag an bhliain ábhartha ina dhiaidh sin sa mhí leis an ainm céanna agus ar an lá leis an uimhir chéanna sa mhí chéanna ar tharla an t-imeacht sin. Mura bhfuil lá leis an uimhir céanna sa mhí ábhartha ina dhiaidh sin, rachaidh an tréimhse in éag ar an lá deireanach den mhí sin;
(c)  ní chuirfear tréimhsí ar fionraí le linn sosanna cúirte.”
Leasú 51
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 28a
Airteagal 28a
scriosta
Nós imeachta coiste
1.  The Commission shall be assisted by the European Insurance and Occupational Pensions Committee established by Commission Decision 2004/9/EC ****.That committee shall be a committee within the meaning of Regulation (EU) No 182/2011 of the European Parliament and of the Council*****.
2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Leasú 52
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 28b – mír 2
2.  Maidir leis an gcumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus in Airteagal 10a(7), tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse neamhchinntithe ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 30.
2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a ghlacadh go ceann tréimhse neamhchinntithe ón ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithigh seo]. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dtagraítear in Airteagal 10a(7g), an cúigiú mír d’Airteagal 16 agus Airteagal 16a(5) a ghlacadh ar feadh tréimhse cúig bliana ón … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithigh seo].
Leasú 53
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 28b – mír 5
5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2) agus Airteagal 10a(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
5.  Gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2); Ní thiocfaidh Airteagal 10a(7g), an cúigiú mír d’Airteagal 16 agus Airteagal 16a(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 54
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 28c
Airteagal 28c
Airteagal 28c
Meastóireacht
Meastóireacht agus athbhreithniú
Déanfar meastóireacht ar an Treoir seo, tráth nach déanaí ná seacht mbliana tar éis dháta trasuí na Treorach seo. Cuirfidh an Coimisiúin conclúidí na meastóireachta, in éineacht lena bharúlacha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis dháta thrasuí na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil í ina ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Treorach seo, go háirithe i dtaca le:
(a)  a cur chun feidhme maidir le forbairtí teicneolaíocha, go háirithe maidir le feithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialaitheacha;
(b)  leordhóthanacht a raon feidhme, agus na rioscaí tionóisce a bhaineann le mótarfheithiclí difriúla á mbreithniú, i bhfianaise na n-athruithe is dócha a mbeidh sa mhargadh, go háirithe maidir le feithiclí éadroma ardluais a thagann faoi chatagóirí na feithicle dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 2, pointe h), i), j), k) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, amhail rothair leictreacha agus Segwayanna, agus cibé acu an dócha go ndéanfaidh an córas dliteanais a sholáthraítear léi na riachtanais a bheidh ann amach anseo a chomhlíonadh.
(c)  na gnóthais árachais a spreagadh chun córas ‘bonus-malus’ a áireamh ina gconarthaí árachais, lena n-áirítear lascainí amhail “bónas cheal éilimh”, ina bhfuil tionchar ag ráitis faoi stair éileamh na sealbhóirí polasaí ar phréimheanna.
Beidh barúlacha ón gCoimisiún ag gabháil leis an tuarascáil sin agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), ceathrú fomhír (A8-0035/2019).

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais