Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0116(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0125/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0125/2018

Díospóireachtaí :

PV 13/03/2019 - 25
CRE 13/03/2019 - 25

Vótaí :

PV 14/03/2019 - 11.7

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0209

Téacsanna atá glactha
PDF 118kWORD 44k
Déardaoin, 14 Márta 2019 - Strasbourg
Iomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint ***I
P8_TA(2019)0209A8-0125/2018
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint, lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 (COM(2017)0289 – C8-0183/2017 – 2017/0116(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0289),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0183/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Eanáir 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 12 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0125/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 197, 8.6.2018, lch. 58.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004
P8_TC1-COD(2017)0116

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/712).

An nuashonrú is déanaí: 27 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais