Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0089(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0447/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0447/2018

Díospóireachtaí :

PV 25/03/2019 - 17
CRE 25/03/2019 - 17

Vótaí :

PV 26/03/2019 - 7.2

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0222

Téacsanna atá glactha
PDF 289kWORD 80k
Dé Máirt, 26 Márta 2019 - Strasbourg
Caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ***I
P8_TA(2019)0222A8-0447/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (COM(2018)0184 – C8-0149/2018 – 2018/0089(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0184),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0149/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a tíolacadh, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Meán Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 10 Deireadh Fómhair 2018(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus freisin do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0447/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 440, 6.12.2018, lch. 66.
(2)IO C 461, 21.12.2018, lch. 232.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 26 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) ... /... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, lena n‑aisghairtear Treoir 2009/22/CE
P8_TC1-COD(2018)0089

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is é aidhm na Treorach seo eintitis ionadaíocha cháilithe, a dhéanann ionadaíocht do chomhleasanna tomhaltóirí, a chumasú chun leigheas a lorg trí chaingne ionadaíocha i gcoinne sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais. Ba cheart na heintitis ionadaíocha cháilithe a bheith in ann a iarraidh go ndéanfaí sárú a stopadh nó a thoirmeasc, go ndéanfaí a dheimhniú gur tharla sárú agus sásamh a lorg, amhail cúiteamh, aisíocaíocht an phraghais a íocadh, deisiú nó laghdú praghsanna, athsholáthar, baint, laghdú praghsanna nó foirceannadh conartha de réir mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta. [Leasú 1]

(2)  Chumasaigh Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) eintitis ionadaíocha cháilithe chun caingne ionadaíocha a thabhairt atá dírithe go príomha ar stopadh agus ar thoirmeasc sáruithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh atá díobhálach do chomhleasanna tomhaltóirí. Níor thug an Treoir sin aghaidh sách maith, áfach, ar na dúshláin a bhaineann le forfheidhmiú dhlí na dtomhaltóirí. Chun an díspreagadh a mhéadú maidir le cleachtais neamhdhleathacha, chun cleachtais mhaithe agus fhreagracha gnó a spreagadh, agus chun an dochar do thomhaltóirí a laghdú, tá sé riachtanach an sásra le haghaidh cosaint comhleasanna tomhaltóirí a neartú.. I bhfianaise na n‑athruithe iomadúla, ar mhaithe le soiléireacht, tá sé iomchuí Treoir 2009/22/CE a ionadú. Tá géarghá le hidirghabháil an Aontais, ar bhonn Airteagal 114 CFAE, chun rochtain ar cheartas agus riar fónta an cheartais araon a áirithiú toisc go laghdófar léi na costais agus an t-ualach a ghabhann le caingne aonair. [Leasú 2]

(3)  Ba cheart caingean ionadaíoch a bheith ina bealach éifeachtach agus éifeachtúil chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint i gcoinne sáruithe inmheánacha agus trasteorann araon. Ba cheart go gcuirfeadh an saghas caighne sin ar a gcumas d’eintitis ionadaíocha cháilithe gníomhú chun comhlíonadh forálacha ábhartha dhlí an Aontais a áirithiú agus chun dul thar na baic a bhíonn ar thomhaltóirí le linn caingne aonair, amhail éiginnteacht maidir lena gcearta agus na sásraí nós imeachta atá ar fáil, taithí roimhe seo ar éilimh nár éirigh leo, imeachtaí rófhada, leisce shíceolaíoch caingean a thabhairt agus an éagothroime idir na costais agus na tairbhí ionchasacha a bhainfeadh le caingean aonair, a mhéadaíonn, dá réir sin, an deimhneacht dhlíthiúil d’éilitheoirí agus do chosantóirí araon, agus don chóras dlí freisin. [Leasú 3]

(4)  Tá sé tábhachtach an chothromaíocht riachtanach idir rochtain ar cheartas agus cosaintí nós imeachta i gcoinne dlíthíocht mhí-úsáideach a áirithiú, ar rud é a d’fhéadfadh bac míchuí a chur ar chumas gnólachtaí feidhmiú sa Mhargadh Aonair. Chun mí-úsáid caingne ionadaíocha a chosc, ba cheart eilimintí áirithe a sheachaint amhail damáistí pionósacha agus easpa teorainneacha ar an teidlíocht caingean a thabhairt thar ceann na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh, agus ba cheart rialacha soiléire a leagan síos maidir le gnéithe éagsúla nós imeachta, amhail eintitis ionadaíocha cháilithe a ainmniú, tionscnamh a gcistí agus an cineál faisnéise a theastaíonn le tacú leis an gcaingean ionadaíoch. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta maidir le leithdháileadh costais nós imeachta. Ba cheart don pháirtí nár éirigh leis costais na n-imeachtaí a iompar. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh an chúirt nó an binse costais a dhámhachtain don pháirtí nár éirigh leis sa mhéid go ndearnadh iad a thabhú go neamhriachtanach nó go bhfuil siad díréireach leis an éileamh. [Leasú 4]

(5)  Is minic a bhíonn impleachtaí trasteorann ag sáruithe a dhéanann difear do chomhleasanna tomhaltóirí. De thoradh caingne ionadaíocha níos éifeachtaí éifeachtúla a beith ar fáil ar fud an Aontais, ba cheart go gcuirfí borradh faoi mhuinín tomhaltóirí as an margadh inmheánach agus go dtabharfaí an chumhacht do thomhaltóirí a gcearta a fheidhmiú.

(6)  Ba cheart réimsí éagsúla a chumhdach leis an Treoir seo amhail cosaint sonraí, seirbhísí airgeadais, taisteal agus turasóireacht, fuinneamh, teileachumarsáid, agus an comhshaol, agus sláinte. Ba cheart go gcumhdódh sé sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais a chosnaíonn leasanna comhleasanna tomhaltóirí, is cuma an dtagraítear dóibh mar thomhaltóirí nó mar thaistealaithe, úsáideoirí, custaiméirí, infheisteoirí miondíola, cliaint mhiondíola nó eile i ndlí ábhartha an Aontais, mar aon le comhleasanna na n-ábhar sonraí de réir bhrí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí. Chun freagairt leordhóthanach ar shárú ar dhlí an Aontais a áirithiú, dlí a bhfuil a fhoirm agus scála ag athrú go tapa, ba cheart a mheas, gach uair a ghlactar gníomh nua de chuid an Aontais atá ábhartha do chosaint comhleasanna tomhaltóirí, an gá an Iarscríbhinn leis an Treoir seo a leasú chun é a áireamh ina raon feidhme. [Leasú 5]

(6a)  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le caingne ionadaíocha a thugtar i gcoinne sáruithe ag a bhfuil tionchar leathan ar thomhaltóirí maidir leis na forálacha a chumhdaítear le dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I. Is tionchar leathan é nuair a dhéanann sé difear do bheirt tomhaltóirí. [Leasú 6]

(7)  Tá glactha ag an gCoimisiún tograí reachtacha le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadaítear do phaisinéir bordáil agus cealú nó moill fhada eitiltí agus Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 maidir le dliteanas aeriompróra i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d’aer agus le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí ceart paisinéirí iarnróid. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh go ndéanfadh an Coimisiún a mheas, bliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, an bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta á sholáthar ag rialacha an Aontais i réimse chearta na bpaisinéirí aeir agus iarnróid, atá inchomparáide leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus go dtiocfadh sé ar aon chonclúidí is gá maidir le raon feidhme na Treorach seo.

(8)  Ag cur le Treoir 2009/22/CE, ba cheart sáruithe intíre agus trasteorann a chumhdach leis an Treoir seo, go háirithe nuair atá na tomhaltóirí lena mbaineann an sárú ina gcónaí i mBallstát amháin nó níos mó nach é an Ballstát é ina bhfuil an trádálaí a rinne an sárú bunaithe. Ina theannta sin, ba cheart sáruithe a chumhdach léi ar tháinig deireadh leo sular cuireadh tús nó críoch leis an gcaingean ionadaíoch freisin, ó tharla go bhféadfadh go mbeadh sé fós riachtanach cosc a chur leis an gcleachtas a theacht chun cinn an athuair, a bhunú gur sárú a bhí i gcleachtas áirithe agus sásamh tomhaltóirí a éascú.

(9)  Níor cheart rialacha dlí phríobháidigh idirnáisiúnta a leagan síos leis an Treoir seo i dtaca le dlínse, aithint agus forfheidhmiú breithiúnas nó an dlí is infheidhme. Tá feidhm ag na hionstraimí atá ann cheana i ndlí an Aontais maidir leis na caingne ionadaíocha a leagtar amach leis an Treoir seo a choisceann méadú ar shiopadóireacht fóraim. [Leasú 7]

(9a)  Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm rialacha AE maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach i gcásanna trasteorann. Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú - an Bhruiséil I), Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) agus Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) maidir leis na caingne ionadaíocha a leagtar amach leis an Treoir seo. [Leasú 8]

(10)  De bhrí nach féidir ach le heintitis ionadaíocha cháilithe na caingne ionadaíocha a thabhairt, d’fhonn a áirithiú go bhfuil ionadaíocht leordhóthánach á déanamh ar chomhleasanna tomhaltóirí ba cheart d'eintitis ionadaíocha cháilithe na critéir a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh. Go háirithe, chaithfidís a bheith bunaithe go cuí de réir dlí Ballstáit, lena n‑áireofaí agus ba ceart go n-áiritheofaí leis sin, mar shampla, ceanglais maidir leis an líon comhaltaí, an leibhéal buaine, nó ceanglais trédhearcachta maidir le gnéithe ábhartha dá struchtúr amhail an reachtanna bunaithe, an struchtúr bainistíochta, na cuspóirí agus na modhanna oibre. Comhlachtaí neamhbhrabúis ba cheart a bheith iontu agus leas dlisteanach acu comhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais a áirithiú. Ba cheart feidhm a bheith ag na critéir seo maidir le heintitis cháilithe atá ainmnithe roimh ré agus maidir le heintitis cháilithe ad hoc atá bunaithe le haghaidh caingean shonrach Thairis sin, ní mór do na heintitis ionadaíocha cháilithe a bheith neamhspleách ó oibreoirí margaidh, lena n-áirítear ó thaobh airgeadais de. Ní mór nós imeachta bunaithe a bheith ag na heintitis ionadaíocha cháilithe freisin chun coinbhleacht leasa a sheachaint. Ní fhorchuirfidh na Ballstáit critéir a théann níos faide ná na critéir a bhunaítear leis an Treoir seo. [Leasú 9]

(11)  Ba cheart do chomhlachtaí poiblí neamhspleácha agus go háirithe d'eagraíochtaí tomhaltóirí ról gníomhach a imirt maidir le comhlíonadh forálacha ábhartha dhlí an Aontais a áirithiú agus tá siad ar fad in ann gníomhú mar eintitis cháilithe. Ó tharla go bhfuil rochtain ag na heintitis seo ar fhoinsí difriúla faisnéise maidir le cleachtais trádálaithe i ndáil le tomhaltóirí agus ó tharla go bhfuil tosaíochtaí difriúla acu maidir lena ngníomhaíochtaí, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis na cineálacha beart a d’fhéadfadh gach ceann de na heintitis cháilithe seo a lorg i gcaingne ionadaíocha.

(12)  Ó tharla go bhféadfadh nósanna imeachta breithiúnacha agus riaracháin freastal go héifeachtach éifeachtúil ar chosaint comhleasanna tomhaltóirí is faoi dhiscréid na mBallstát atá sé a chinneadh an féidir an chaingean ionadaíoch a thabhairt in imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin, nó an dá cheann, ag brath ar réimse ábhartha an dlí nó ar an earnáil eacnamaíoch ábhartha. Beidh sé sin gan dochar don cheart chun leigheas éifeachtach faoi Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, trína n‑áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an ceart ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí chun leigheas éifeachtach os comhair cúirte nó binse, i gcoinne aon chinneadh riaracháin tógtha de bhun forálacha náisiúnta a bhfuil an Treoir seo á gcur chun feidhme acu. Ina cuid de sin beidh an deis do na páirtithe cinneadh a fháil lena ndeonaítear forfheidhmiú an chinnidh faoi dhíospóid a chur ar fionraí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(13)  Chun éifeachtacht nós imeachta na gcaingne ionadaíocha a mhéadú, ba cheart an deis a bheith ag eintitis cháilithe bearta difriúla a lorg laistigh d'aon chaingean ionadaíoch amháin nó laistigh de chaingne ionadaíocha éagsúla. Ba cheart bearta eatramhacha a áireamh ar na bearta sin chun stop a chur le cleachtas atá fós ar siúl nó chun cleachtas a thoirmeasc sa chás nár cuireadh an cleachtas i bhfeidhm ach go bhfuil riosca ann go bhféadfadh sé díobháil thromchúiseach nó do-athraithe a dhéanamh do thomhaltóirí, bearta lena leagtar síos gur sárú dlí atá i gcleachtas áirithe agus, más gá, lena ndéantar an cleachtas a stopadh nó a thoirmeasc don todhchaí, chomh maith le bearta lena ndíothaítear éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe, lena n‑áirítear sásamh. Má lorgaítear a leithéid laistigh de chaingean aonair, ba cheart eintitis cháilithe a bheith in ann gach beart ábhartha a lorg tráth a thugtar an beart nó ba cheart ordú urghaire ábhartha a lorg ar dtús agus ina dhiaidh sin ordú sásaimh más iomchuí.

(14)  Tá sé mar aidhm le horduithe urghaire comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar neamhcheist le haon chaillteanas nó damáiste iarbhír a bhain do thomhaltóirí aonair. D’fhéadfadh go n‑éileodh orduithe urghaire ar thrádálaithe beart sonrach a dhéanamh, amhail faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí a d'fhágtaí ar lár roimhe sin de shárú ar oibleagáidí dlíthiúla. Cinntí gur sárú atá i gcleachtas, níor cheart iad a bheith ag brath ar an gcleachtas a beith in úsáid d’aon ghnó nó le faillí.

(15)  Ba cheart an t‑eintiteas cáilithe a bhfuil an chaingean ionadaíoch á tionscnamh aige faoin Treoir seo a bheith ina pháirtí sna himeachtaí dlí. Ba cheart deiseanna faisnéis leordhóthanacha a bheith ag na tomhaltóirí lena mbaineann an sárú chun tairbhe a bhaint as maidir le torthaí ábhartha na caingne ionadaíche agus conas is féidir leo tairbhe a bhaint astu. Ba cheart orduithe urghaire a eisítear faoin Treoir seo a bheith gan dochar do chaingne aonair arna dtabhairt ag tomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca an chleachtais atá faoi réir an ordaithe urghaire. [Leasú 10]

(16)  Ba cheart eintitis ionadaíocha cháilithe a bheith in ann bearta a lorg a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú. Ba cheart na bearta sin a bheith i bhfoirm ordú sásaimh lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, baint, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí agus mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta. [Leasú 11]

(17)  An cúiteamh a dheonaítear do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh i gcás ina ndearnadh díobháil do shlua mór daoine, níor cheart an cúiteamh sin a bheith níos mó ná an méid a chaithfidh an trádálaí a chúiteamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó de chuid an Aontais is infheidhme chun an díobháil iarbhír a bhain dóibh a chumhdach. Go háirithe, ba cheart damáistí pionósacha a sheachaint a ndéanfaí an pháirtí is éilitheoir maidir leis an damáiste a rinneadh a róchúiteamh dá mbarr.

(18)  Féadfaidh Ba cheart do na Ballstáit ceangal a chur ar eintitis ionadaíocha cháilithe leordhóthain faisnéise a sholáthar chun tacú le caingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh, lena n‑áirítear tuairisc ar an ngrúpa tomhaltóirí lena mbaineann an sárú agus na ceisteanna fíorais agus dlí atá le réiteach sa chaingean ionadaíoch. Níor cheart ceangal a bheith ar an eintiteas cáilithe gach tomhaltóir ar leith a mbaineann an sárú leo a shainaithint chun an chaingean a thionscnamh. I gcaingne ionadaíocha ar shásamh ba cheart don chúirt nó údarás riaracháin a fhíorú ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí an bhfuil cás oiriúnach lena thabhairt mar chaingean ionadaíoch, i bhfianaise chineál an tsáraithe agus shaintréithe na ndamáistí a bhain do na tomhaltóirí lena mbaineann. Go háirithe, ba cheart do na héilimh a bheith infhionnta agus aonfhoirmeach agus ba cheart comóntacht a bheith ann sna bearta a lorgaítear, agus ba cheart socruithe cistithe tríú páirtí an eintitis cháilithe a bheith trédhearcach agus saor ó choinbhleacht leasa. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfuil an t-údarás ag an gcúirt nó ag an údarás riaracháin cásanna ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon bhunús leo a chaitheamh amach ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí. [Leasú 12]

(19)  Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an féidir lena gcúirt nó údarás náisiúnta a bhfuil caingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh tugtha os a gcomhair, cinneadh dearbhaitheach a eisiúint go heisceachtúil, seachas ordú sásaimh, maidir le dliteanas an trádálaí do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú, agus ar cinneadh é a bhféadfaí brath go díreach air i gcaingne sásaimh a thógfadh tomhaltóirí aonair ina dhiaidh sin. Ba cheart an deis sin a bheith teoranta do chásanna a bhfuil údar cuí leo nuair atá cainníochtú an tsásaimh aonair atá le sannadh do gach tomhaltóir a mbaineann an chaingean ionadaíoch leis casta agus bheadh sé mí-éifeachtúil an cainníochtú sin a dhéanamh sa chaingean ionadaíoch. Níor cheart cinntí dearbhaitheacha a eisiúint i gcásann nach bhfuil casta agus go háirithe i gcásanna ina bhfuil na tomhaltóirí lena mbaineann inaitheanta agus inar bhain díobháil inchomparáide do na tomhaltóirí i ndáil le tréimhse ama nó ceannachán. Ar an gcuma chéanna, níor cheart cinntí dearbhaitheacha a eisiúint sa chás go bhfuil méid an chaillteanais a bhain do gach tomhaltóir aonair chomh beag sin nach dócha go ndéanfaidh tomhaltóirí aonair éileamh ar shásamh aonair. Ba cheart don chúirt nó don údarás náisiúnta réasúnú iomchuí a thabhairt maidir le cinneadh dearbhaitheach a eisiúint seachas ordú sásaimh i gcás ar leith. [Leasú 13]

(20)  Sa chás go bhfuil tomhaltóirí lena mbaineann an cleachtas céanna inaitheanta agus gur bhain díobháil inchomparáide dóibh i ndáil le tréimhse ama nó ceannachán, i gcás conarthaí fadtéarmacha tomhaltóirí mar shampla, féadfaidh an chúirt nó údarás riaracháin an grúpa tomhaltóirí a mbaineann an sárú leo a shainiú go soiléir i gcúrsa na caingne ionadaíche. Go háirithe, d’fhéadfadh an chúirt nó údarás riaracháin iarraidh ar an trádálaí a rinne sárú faisnéis ábhartha a sholáthar, amhail céannacht na dtomhaltóirí lena mbaineann agus fad an chleachtais. Ar chúiseanna luais agus éifeachtúlachta, sna cásanna seo ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, breithniú a dhéanamh ar an deis a sholáthar do thomhaltóirí tairbhe dhíreach a bhaint as ordú sásaimh i ndiaidh eisiúint an ordaithe gan é a bheith riachtanach a sainordú aonair a thabhairt sula n‑eisítear an t‑ordú sásaimh. [Leasú 14]

(21)  I gcásanna íseal-luacha ní dócha go dtabharfaidh mórán tomhaltóirí caingean chun a gcearta a fhorfheidhmiú mar nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid don duine aonair. Má tá an cleachtas céanna i gceist i gcás roinnt tomhaltóirí áfach, d’fhéadfadh an caillteanas comhiomlán a bheith suntasach. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh cúirt nó údarás a mheas go bhfuil sé díréireach cistí a dháileadh ar na tomhaltóirí lena mbaineann, mar go bhfuil an iomarca dua ag baint leis nó mar go bhfuil sé neamhphraiticiúil mar shampla. Dá bhrí sin, bheadh sé níos fearr na cistí a fhaightear mar shásamh trí chaingne ionadaíocha a úsáid chun críche comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus ba cheart iad a dhíriú ar chuspóir poiblí ábhartha, amhail ciste cúnaimh dlí do thomhaltóirí, feachtais feasachta nó gluaiseachtaí tomhaltóirí. [Leasú 15]

(22)  Bearta a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú, ní fhéadfar iad a lorg ach amháin ar bhonn cinneadh críochnaitheach gurb ann do shárú ar dhlí an Aontais atá cumhdaithe ag raon feidhme na Treorach seo agus a dhéanann díobháil do chomhleas tomhaltóirí, lena n‑áirítear ordú urghaire críochnaitheach a eisítear le linn na caingne ionadaíche. Go háirithe, féadfar bearta lena ndíothaítear éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a lorg ar bhonn cinntí críochnaitheacha cúirte nó údaráis riaracháin i gcomhthéacs gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a rialaítear le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004(5).

(23)  Déantar foráil sa Treoir seo maidir le sásra nós imeachta, nach ndéanann difear do na rialacha lena mbunaítear cearta substainteacha tomhaltóirí do leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha sa chás go ndearna sárú díobháil dá leasanna, cosúil leis an gceart chun cúitimh le haghaidh damáistí, foirceannadh conartha, aisíocaíocht, athsholáthar, baint, deisiú nó praghsanna a laghdú. Ní fhéadfar caingean ionadaíoch ag lorg sásaimh faoin Treoir seo a thabhairt ach sa chás go ndéanann dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta foráil maidir le cearta substainteacha den sórt sin. [Leasú 16]

(24)  Tá comhchuibhiú íosta mar aidhm leis an Treoir seo agus ní ghabhann an Treoir seo ionad na sásraí comhshásaimh náisiúnta atá ann cheana. Ag cur a dtraidisiúin dlí san áireamh, is faoi dhiscréid na mBallstát atá sé an chaingean ionadaíoch a leagtar amach sa Treoir seo a dhearadh mar chuid de shásra comhshásaimh atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo nó mar rogha mhalartach ar na sásraí seo, sa mhéid go gcloíonn an sásra náisiúnta leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach sa Treoir seo. Ní chuireann sí cosc ar na Ballstáit a gcreat atá ann cheana a chothabháil, nó ní chuireann sí faoi oibleagáid na mBallstát é a leasú. Beidh an deis ag na Ballstáit na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo a chur chun feidhme ina gcóras comhshásaimh féin nó iad a chur chun feidhme i nós imeachta ar leith. [Leasú 17]

(25)  Ba cheart eintitis ionadaíocha cháilithe a bheith go hiomlán trédhearcach maidir le foinse mhaoiniú a ngníomhaíochta go ginearálta agus maidir leis na cistí atá ag tacú le caingean ionadaíoch shonrach maidir le sásamh ionas go mbeidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin in ann a mheas an ann do choinbhleacht leasa idir an maoinitheoir tríú páirtí agus an t‑eintiteas cáilithe agus chun rioscaí dlíthíochta mí-úsáidí a sheachaint agus chun a mheas an bhfuil leordhóthain acmhainní ag an maoinitheoir tríú páirtí chun a ghealltanais airgeadais don eintiteas cáilithe a chomhlíonadh eintiteas ionadaíoch cáilithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna is fearr na dtomhaltóirí lena mbaineann agus chun gach costas dlíthiúil is gá a sheasamh i gcás ina dteipfeadh leis an gcaingean. Leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an t‑eintiteas cáilithe ag an gcéim is luaithe de na himeachtaí don chúirt nó don údarás riaracháin atá i mbun maoirseachta ar an gcaingean ionadaíoch, ba cheart an chúirt nó an t‑údarás sin a bheith in ann a mheas an bhféadfadh an tríú páirtí tionchar a imirt ar chinntí nós imeachta an eintitis cháilithe go ginearálta agus i gcomhthéacs na caingne ionadaíche, lena n‑áirítear maidir le socraíochtaí, agus an bhfuil sé ag cur maoiniú ar fáil do chaingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh i gcoinne cosantóir ar iomaitheoir de chuid sholáthróir an mhaoinithe é nó i gcoinne cosantóir a bhfuil soláthróir an mhaoinithe spleách air. Má dheimhnítear aon cheann de na himthosca sin, ba cheart ní mór an chumhacht a bheith ag an gcúirt nó údarás riaracháin chun ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an maoiniú ábhartha a dhiúltú agus, más gá, chun seasamh an eintitis cháilithe a dhiúltú i gcás sonrach. Ba cheart do na Ballstáit cosc a chur ar ghnólachtaí dlí eintitis ionadaíocha cháilithe a bhunú. Maoiniú indíreach na caingne trí dheontais, lena n-áirítear deontais ó thrádálaithe faoi chuimsiú tionscnaimh freagrachta sóisialta corparáidí, beidh sé incháilithe chun maoiniú tríú páirtí a fháil ar choinníoll go gcomhlíonfaí na ceanglais a liostaítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 7 maidir le trédhearcacht, neamhspleáchas agus nach ann do choinbhleacht leasa. [Leasú 18]

(26)  Ba cheart comhshocraíochtaí lasmuigh den chúirt, amhail idirghabháil, a bhfuil sé mar aidhm leo sásamh a sholáthar do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh a spreagadh sula dtugtar an chaingean ionadaíoch agus ag aon chéim den chaingean ionadaíoch. [Leasú 19]

(27)  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le heintiteas cáilithe agus trádálaí a tháinig ar shocraíocht maidir le sásamh do thomhaltóirí a ndearna cleachtas neamhdhleathach líomhnaithe an trádálaí sin difear dóibh iarratas comhpháirteach a dhéanamh go bhfaomhfadh cúirt nó údarás riaracháin an tsocraíocht sin. Níor cheart don chúirt nó don údarás riaracháin iarratas den sórt sin a cheadú má tá aon chaingean ionadaíoch eile ag dul ar aghaidh maidir leis an gcleachtas céanna. Ní mór don chúirt inniúil nó don údarás riaracháin inniúil a bhfuil comhshocraíocht den sórt sin á faomhadh aici nó aige, leasanna agus cearta na bpáirtithe uile lena mbaineann a chur san áireamh, tomhaltóirí aonair san áireamh. Tabharfar an deis do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann glacadh lena bheith faoi cheangal ag an tsocraíocht sin. nó diúltú dó sin Ba ceart na socraíochtaí a bheith críochnaitheach agus ina gceangal ar na páirtithe uile. [Leasú 20]

(28)  Ba cheart an cumhacht a bheith ag an gcúirt agus ag an údarás riaracháin chun iarraidh ar an trádálaí a rinne sárú agus ar an eintiteas cáilithe a thug an chaingean ionadaíoch dul i mbun idirbheartaíocht a bhfuil sé mar aidhm léi teacht ar shocraíocht maidir leis an sásamh atá le tabhairt do na tomhaltóirí lena mbaineann. Agus an cinneadh á dhéanamh an iarrfar ar na páirtithe díospóid a réiteach lasmuigh den chúirt, ba cheart an cineál sáraithe lena mbaineann an chaingean, saintréithe na dtomhaltóirí lena mbaineann, an cineál sásaimh a d’fhéadfaí a thairiscint, toilteanas na bpáirtithe réiteach a dhéanamh agus luas an nós imeachta a chur san áireamh.

(29)  Chun sásamh a éascú le haghaidh tomhaltóirí aonair ar bhonn cinntí dearbhaitheacha críochnaitheacha, a eisítear i gcaingne ionadaíocha, maidir le dliteanas an trádálaí i leith na dtomhaltóirí a ndearna díobh dóibh de dheasca sárú, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gcúirt nó ag an údarás riaracháin a d’eisigh an cinneadh a iarraidh ar an eintiteas cáilithe agus ar an trádálaí teacht ar chomhshocraíocht. [Leasú 21]

(30)  Aon socraíocht lasmuigh den chúirt a dhéantar i gcomhthéacs caingean ionadaíoch nó a bhunaítear ar chinneadh dearbhaitheach críochnaitheach, ba cheart í a bheith faofa ag an gcúirt ábhartha nó ag an údarás riaracháin ábhartha lena dlíthiúlacht agus a cothroime a áirithiú, ag cur leasanna agus chearta na bpáirtithe ar fad lena mbaineann san áireamh. Tabharfar an deis do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann glacadh lena bheith faoi cheangal ag an tsocraíocht sin. nó diúltú dó sin Beidh na socraíochtaí ina gceangal ar na páirtithe uile gan dochar d’aon chearta breise sásaimh a d’fhéadfaí a bheith ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. [Leasú 22]

(31)  Le go n‑éireoidh le caingean ionadaíoch, tá sé riachtanach a áirithiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas fúithi. Ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil caingean ionadaíoch ar siúl, gur measadh go raibh cleachtas trádálaí ina shárú ar an dlí, faoina gcearta nuair a chinntear go bhfuil sárú ann agus faoi aon chéimeanna atá le tógáil ina dhiaidh sin ag na tomhaltóirí lena mbaineann, go háirithe chun sásamh a fháil. An riosca dá gclú a ghabhann le faisnéis faoi shárú a scaipeadh, tá sin tábhachtach freisin chun trádálaithe a dhíspreagadh ó chearta tomhaltóirí a shárú.

(32)  Le bheith éifeachtach, ba cheart an fhaisnéis a bheith leordhóthanach agus comhréireach le himthosca an cháis. Ba cheart don trádálaí a rinne sárú na Ballstáit a áirithiú go bhféadfadh an chúirt nó an t-údarás riaracháin a cheangal ar an bpáirtí cloíte na tomhaltóirí ar fad lena mbaineann a chur ar an eolas go hiomchuí faoi orduithe urghaire críochnaitheacha agus faoi orduithe sásaimh críochnaitheacha chinneadh críochnaitheach maidir le hurghaire agus sásamh a eisítear le linn na caingne ionadaíche, agus faoi aon é a cheangal ar an dá pháirtí i gcásanna in bhfuil socraíocht atá faofa ag cúirt nó údarás riaracháin chomh maith. Féadfar faisnéis den sórt sin a sholáthar mar shampla ar shuíomh gréasáin an trádálaí, ar na meáin shóisialta, ar mhargaí ar líne, nó i nuachtáin mhóréilimh, lena n‑áirítear iad sin a dháiltear ar mhodhanna leictreonacha cumarsáide amháin. Más féidir, ba cheart gach tomhaltóir ar leith a chur ar an eolas trí litreacha leictreonacha nó páipéir. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas arna iarraidh sin. Íocfaidh an páirtí cloíte costais na faisnéise do thomhaltóirí. [Leasú 23]

(32a)   Ba cheart go spreagfaí na Ballstáit clár náisiúnta do chaingne ionadaíocha a bhunú saor ó tháille, a d’fhéadfadh na hoibleagáidí trédhearcachta a fheabhsú. [Leasú 24]

(33)  Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, neamhréir a sheachaint i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht nós imeachta i gcás caingne ionadaíocha agus na gcaingne le haghaidh sásaimh a d'fhéadfadh leanúint astu, nuair a chinntear gurb ann do shárú nó do neamh-shárú le cinneadh críochnaitheach, lena n‑áirítear ordú urghaire críochnaitheach faoin Treoir seo, arna eisiúint ag údarás riaracháin nó cúirt, níor cheart an cinneadh sin a chur chun dlí arís i gcaingne dlí ina dhiaidh sin a bhaineann leis an sárú céanna ag an trádálaí céanna i ndáil le cineál an tsáraithe agus scóip ábhartha, phearsanta, ama agus chríochach an tsáraithe mar a shainítear sin leis an gcinneadh críochnaitheach sin ba cheart an cinneadh sin a bheith ina cheangal ar na páirtithe uile a bhí rannpháirteach sa chaingean ionadaíoch. Ba cheart an cinneadh críochnaitheach a bheith gan dochar d’aon chearta breise sásaimh a d’fhéadfaí a bheith ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Ba cheart an sásamh a fhaightear tríd an tsocraíocht a bheith ceangailteacht freisin i gcásanna lena mbaineann an cleachtas céanna, an trádálaí céanna agus an tomhaltóir céanna. Nuair a dhéantar caingean a thabhairt ag lorg bearta chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú, lena n‑áirítear sásamh, i mBallstát seachas sa Bhallstát inar eisíodh cinneadh críochnaitheach gurbh ann don sárú sin nó don neamh-shárú sin, ba cheart an cinneadh sin a bheith ina thoimhde infhrisnéise fhianaise gur tharla an sárú nó nár tharla an sárú i gcásanna lena mbaineann. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le cinneadh críochnaitheach ó chúirt Bhallstáit amháin lena mbunaítear gurb ann nó nach ann don sárú chun críocha aon chaingne eile lena lorgaítear sásamh os comhair a gcúirteanna náisiúnta i gcoinne an trádálaí chéanna maidir leis an sárú céanna, go measfar an cinneadh críochnaitheach sin a bheith ina thoimhde infhrisnéise. [Leasú 25]

(34)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir caingne aonair le haghaidh sásaimh a bheith bunaithe ar chinneadh dearbhaitheach críochnaitheach arna eisiúint laistigh de chaingean ionadaíoch. Ba cheart caingne den sórt sin a bheith ar fáil trí nósanna imeachta áisiúla agus simplithe.

(35)  Nuair atá caingean le haghaidh sásaimh bunaithe ar shárú a bheith ann de réir ordú urghaire críochnaitheach nó de réir cinneadh dearbhaitheach críochnaitheach maidir le dliteanas an trádálaí i leith na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh faoin Treoir seo, níor cheart na rialacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann a bheith ina mbac ar an gcaingean sin. Má a thionscnaítear caingean ionadaíoch, beidh sé d'éifeacht aige sin go gcuirfear ar fionraí na tréimhsí teorann d'aon chaingean sásaimh le haghaidh na dtomhaltóirí a mbaineann an chaingean sin leo nó go gcuirfear briseadh sna tréimhsí sin. [Leasú 26]

(36)  Ba cheart caitheamh le caingne ionadaíocha le haghaidh orduithe urghaire le luas cuí nós imeachta. Ba cheart caitheamh i gcónaí le horduithe urghaire a bhfuil éifeacht eatramhach acu trí nós imeachta luathaithe chun aon díobháil nó díobháil bhreise ag eascairt ón sárú a chosc.

(37)  Is eilimint thábhachtach í an fhianaise chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil cleachtas ar leith ina shárú ar an dlí, an bhfuil riosca ann go ndéanfar arís é, chun cinneadh a dhéanamh cé na tomhaltóirí a mbaineann an sárú leo, chun cinneadh a dhéanamh maidir le sásamh agus chun na tomhaltóirí a mbaineann caingean ionadaíoch leo a chur ar an eolas go hiomchuí faoi na himeachtaí leanúnacha agus na torthaí críochnaitheacha. Saintréithe den ghaol idir an gnólacht agus an tomhaltóir is ea an éagothroime faisnéise áfach, agus d’fhéadfadh go mbeadh an fhaisnéis riachtanach i seilbh an trádálaí amháin, rud a d'fhágfadh nach mbeadh rochtain ag an eintiteas cáilithe uirthi. Dá bhrí sin, ba cheart an ceart a thabhairt d’eintitis cháilithe a iarraidh ar an gcúirt inniúil nó údarás riaracháin go nochtódh an trádálaí fianaise atá ábhartha dá n‑éileamh nó a theastaíonn chun na tomhaltóirí lena mbaineann a chur ar an eolas go hiomchuí faoin gcaingean ionadaíoch, gan gá a bheith le míreanna aonair fianaise a shonrú. Ba cheart don chúirt nó údarás riaracháin atá i mbun maoirseachta ar an gcaingean ionadaíoch measúnú cúramach a dhéanamh ar an ngá atá le nochtadh den sórt sin, agus ar a scóip agus ar a chomhréireach, ag féachaint do chosaint leasanna dlisteanacha tríú páirtithe agus faoi réir de rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht.

(38)  Chun éifeachtacht na gcaingne ionadaíocha a áirithiú ba cheart pionós éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach a ghearradh ar thrádálaithe a rinne sárú as gan cinneadh críochnaitheach a eisítear le linn na caingne ionadaíche a chomhlíonadh.

(39)  Ós rud é gur le leas an phobail caingne ionadaíocha toisc go ndéantar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint leo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcuirtear cosc ar eintitis ionadaíocha cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt faoin Treoir seo de dheasca na gcostas a bhaineann leis na nósanna imeachta. Faoi réir na gcoinníollacha ábhartha faoin dlí náisiúnta, áfach, ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar don fhíoras go n-aisíocann an páirtí a chailleann an chaingean ionadaíoch na costais dhlíthiúla is gá ón bpáirtí buaiteach (an prionsabal go n-íocann an cailliúnaí). Níor cheart, áfach, go ndéanfadh an chúirt nó an t-údarás riaracháin costais a dhámhachtain don pháirtí nár éirigh leis sa mhéid go ndearnadh iad a thabhú go neamhriachtanach nó go bhfuil siad díréireach leis an éileamh. [Leasú 27]

(39a)   Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go seachnófar táillí teagmhasacha agus nach gcruthófar trí tháillí dlíodóirí nó tríd an mhodh a ríomhtar iad aon dreasacht chun dlíthíochta nach bhfuil gá leis ó thaobh leas na dtomhaltóirí nó aon de na páirtithe lena mbaineann de agus a d’fhéadfaí bac a chur ar thomhaltóirí tairbhe iomlán a bhaint as an gcaingean ionadaíoch. Ba cheart do na Ballstáit a cheadaíonn táillí teagmhasacha a áirithiú nach bhfuil táillí den sórt sin ina mbac ag tomhaltóirí chun lánchúiteamh a bhaint amach. [Leasú 28]

(40)  Chonacthas cheana go bhfuil an comhar agus an malartú faisnéise, dea-chleachtais agus taithí idir eintitis ionadaíocha cháilithe ó Bhallstáit dhifriúla úsáideach chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe trasteorann. Is gá leanúint de na bearta neartaithe acmhainní agus comhair, agus is gá iad a leathnú chuig líon níos mó eintiteas ionadaíoch cáilithe ar fud an Aontais chun úsáid caingne ionadaíocha a bhfuil impleachtaí trasteorann acu a mhéadú. [Leasú 29]

(41)  Chun dul i ngleic go héifeachtach le sáruithe a bhfuil impleachtaí trasteorann acu ba cheart a áirithiú go bhfuil aitheantas frithpháirteach ann don seasamh dlí atá ag eintiteas cáilithe a ainmníodh roimh ré i mBallstát amháin chun caingean ionadaíoch a thabhairt i mBallstát eile. Thairis sin, ba cheart eintitis cháilithe ó Bhallstáit dhifriúla a bheith in ann dul i gcomhar le chéile in aon chaingean ionadaíoch amháin os comhair fóraim amháin, faoi réir na rialacha ábhartha maidir leis an dlínse is inniúil. Ar chúiseanna éifeachtúlachta agus éifeachtachta, ba cheart eintiteas cáilithe amháin a bheith in ann caingean ionadaíoch a thabhairt in ainm eintiteas cáilithe eile a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar thomhaltóirí ó Bhallstáit dhifriúla.

(41a)   Chun a fhiosrú an bhféadfaí chun nós imeachta a reáchtáil ar leibhéal an Aontais do chaingne ionadaíocha trasteorann, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú an bhféadfaí Ombudsman Eorpach do chomhshásamh a bhunú. [Leasú 30]

(42)  Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, ba cheart an Treoir seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin, lena n‑áirítear na cearta agus na prionsabail a bhaineann leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, chomh maith leis an gceart chun cosanta.

(43)  I ndáil leis an dlí comhshaoil, cuirtear san áireamh sa Treoir seo Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’).

(44)  Ní féidir leis na Ballstáit, ag gníomhú dóibh iad féin amháin, cuspóirí na Treorach seo, mar atá sásra caingne ionadaíche a bhunú do chosaint comhleasanna tomhaltóirí chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí ar fud an Aontais agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr impleachtaí trasteorann na gcaingne ionadaíocha, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(45)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(6), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(46)  Is iomchuí rialacha a sholáthar do chur i bhfeidhm na Treorach seo ó thaobh ama de.

(47)  Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2009/22/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Caibidil 1

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

1.  Leis an Treoir seo leagtar amach rialacha a chuireann ar a gcumas d'eintitis ionadaíocha cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt atá dírithe ar comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus dá réir sin, go háirithe, ardleibhéal cosanta agus rochtain ar cheartas a bhaint amach agus a fhorfheidhmiú, agus ag an am céanna, áirithítear go bhfuil cosaintí iomchuí ann chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint. [Leasú 31]

2.  Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm atá ceaptha chun modhanna nós imeachta eile a chur ar fáil d'eintitis ionadaíocha cháilithe nó d'aon duine eile lena mbaineann chomhlacht poiblí chun caingne a thabhairt atá dírithe ar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar an leibhéal náisiúnta. Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo in imthosca ar bith ina fhoras chun laghdú a dhéanamh ar chosaint an tomhaltóra sna réimsí a chumhdaítear faoi raon feidhme dhlí an Aontais. [Leasú 32]

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le caingne ionadaíocha a thugtar i gcoinne sáruithe le tionchar leathan ar thomhaltóirí ag trádálaithe ar na forálacha de chuid dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a dhéanann díobháil do chomhleasanna comhleasanna tomhaltóirí a chosaint nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh. Beidh feidhm aici maidir le sáruithe intíre agus trasteorann, lena n‑áirítear cásanna ina bhfuil deireadh tagtha leis na sáruithe roimh thús a bheith curtha leis an gcaingean ionadaíoch nó sula bhfuil críoch curtha leis an gcaingean ionadaíoch. [Leasú 33]

2.  Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do na rialacha lena leagtar síos na leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha atá ar fáil do thomhaltóirí maidir le sáruithe den sórt sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

3.  Tá an Treoir seo gan dochar do rialacha an Aontais maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach, go háirithe na rialacha a bhaineann le dlínse cúirteanna agus leis an dlí cúirte le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála agus leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha, a bhfuil feidhm acu i leith na gcaingne ionadaíocha a leagtar amach sa Treoir seo. [Leasú 34]

3a.  Tá an Treoir seo gan dochar do chineálacha eile sásraí sásaimh dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. [Leasú 35]

3b.  Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus go háirithe an ceart chun triail chóir agus neamhchlaonta a fháil agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. [Leasú 36]

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;

(1a)  ciallaíonn ‘eagraíocht tomhaltóirí’ aon ghrúpa a fhéachann le leasanna tomhaltóirí a chosaint ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó neamhghníomhaíochtaí a rinne trádálaithe. [Leasú 37]

(2)  ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú ar bhonn sibhialta faoi rialacha an dlí sibhialta, lena n‑áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nó thar a cheann, chun críoch a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm; [Leasú 38]

(3)  ciallaíonn ‘comhleasanna tomhaltóirí’ na leasanna atá ag líon áirithe tomhaltóirí nó ag ábhair sonraí mar a sainmhínítear i Rialachán (AE) 2016/679 (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí); [Leasú 39]

(4)  ciallaíonn ‘caingean ionadaíoch’ caingean chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint nach páirtithe inti iad na tomhaltóirí lena mbaineann;

(5)  ciallaíonn ‘cleachtas’ aon ghníomh nó aon neamhghníomh de chuid trádálaí;

(6)  ciallaíonn ‘cinneadh críochnaitheach’ cinneadh ó chúirt de chuid Ballstáit nach féidir a achomharc nó nach féidir a achomharc a thuilleadh nó cinneadh ó údarás riaracháin nach féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh air a thuilleadh;

(6a)  ciallaíonn ‘dlí tomhaltais’ dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a ghlactar chun tomhaltóirí a chosaint. [Leasú 40]

Caibidil 2

Caingne ionadaíocha

Airteagal 4

Eintitis ionadaíocha cháilithe [Leasú 41]

1.  Eintitis cháilithe atá ainmnithe ag na Ballstáit roimh ré chuige, arna iarraidh sin dóibh, agus atá curtha ar liosta atá ar fáil go poiblí, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leo caingne ionadaíocha a thabhairt. Ainmneoidh na Ballstáit nó a gcúirteanna laistigh dá gcríocha faoi seach eintiteas ionadaíoch cáilithe amháin ar a laghad chun críche caingne ionadaíocha a thabhairt de réir bhrí Airteagal 3(4).

Ainmneoidh na Ballstáit eintiteas ina eintiteas ionadaíoch cáilithe má chomhlíonann sé na critéir uile seo a leanas: [Leasú 42]

(a)  tá sé bunaithe go cuí de réir dlí Ballstáit;

(b)   ina reachtanna nó i ndoiciméad rialachais eile agus ina chuid gníomhaíochtaí leanúnacha a bhaineann le leasanna tomhaltóirí a chosaint agus a choinneáil slán, taispeántar an leas dlisteanach aige a áirithiú go gcomhlíontar na forálacha de chuid dhlí an Aontais a chumhdaítear leis an Treoir seo; [Leasú 43]

(c)  is de charachtar neamhbhrabúis é

(ca)  gníomhaíonn sé i mbealach atá neamhspleách ó eintitis eile agus ó dhaoine cé is moite de thomhaltóirí a d’fhéadfadh leas eacnamaíoch a bheith acu i dtoradh na caingne ionadaíche, go háirithe ó oibreoirí margaidh; [Leasú 44]

(cb)  níl aon comhaontuithe airgeadais aife le ó ghnólachtaí dlí do ghearánaithe cé is moite de ghnáthchonradh seirbhíse; [Leasú 45]

(cc)  tá nósanna imeachta inmheánacha bunaithe aige chun coinbhleacht leasa idir é féin agus a chisteoirí a sheachaint; [Leasú 46]

Déanfaidh na Ballstáit foráil go nochtfaidh na heintitis ionadaíocha cháilithe go poiblí, trí mhodhanna iomchuí, amhail ar a suíomh idirlín, i dteanga shimplí agus shothuigthe, an bealach a fhaigheann siad maoiniú, a struchtúr eagraíochtúil agus bainistíochta, a gcuspóir agus a modhanna oibre mar aon lena ngníomhaíochtaí.

Déanfaidh na Ballstáit a mheas ar bhonn rialta an gcomhlíonann eintiteas ionadaíoch cáilithe leis na critéir seo fós. Áiritheoidh na Ballstáit go gcaillfidh an t‑eintiteas ionadaíoch cáilithe a stádas faoin Treoir seo mura gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir a liostaítear sa chéad fhomhír.

Bunóidh na Ballstáit liosta na n-eintiteas ionadaíoch a chomhlíonann na critéir a liostaítear i mír 1 agus cuirfidh siad ar fail go poiblí é. Cuirfidh siad an liosta faoi bhráid an Choimisiúin agus é nuashonraithe más gá.

Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-eintiteas ionadaíoch a fhaightear ó na Ballstáit ar thairseach ar líne a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi. [Leasú 47]

1a.  D’fhéadfadh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na comhlachtaí poiblí a ainmníodh cheana féin roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh siad incháilithe i gcónaí do stádas an eintitis ionadaíche de réir bhrí an Airteagail seo. [Leasú 48]

2.  Féadfaidh na Ballstáit eintiteas cáilithe a ainmniú ar bhonn ad hoc le haghaidh caingean ionadaíoch ar leith, arna iarraidh sin dó, má chomhlíonann sé na critéir dá dtagraítear i mír 1. [Leasú 49]

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go nach bhfuil ach eagraíochtaí tomhaltóirí a chomhlíonann na critéir a liostaítear i mír 1 agus comhlachtaí poiblí neamhspleácha go háirithe incháilithe le haghaidh stádas an eintitis ionadaíche cháilithe. Féadfaidh na Ballstáit eagraíochtaí tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar bhaill ó níos mó ná Ballstát amháin a ainmniú mar eintiteas ionadaích cáilithe. [Leasú 50]

4.  Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan amach ina sonraítear cé na heintitis cháilithe ar féidir leo na bearta ar fad dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 a lorg, agus cé na eintitis cháilithe nach féidir leo ach ceann amháin níos mó de na bearta seo a lorg. [Leasú 51]

5.  Na critéir dá dtagraítear i mír 1 a bheith comhlíonta ag eintiteas cáilithe, tá sé sin Tá comhlíonadh na gcritéir dá dtagraítear i mír 1 ag eintiteas cáilithe gan dochar do cheart na cúirte nó an údaráis riaracháin a scrúdú an bhfuil cuspóir an eintitis cháilithe ina bhonn cirt leis an eintiteas sin caingean a thabhairt i gcás sonrach i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5(1). [Leasú 52]

Airteagal 5

Caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint

1.  Áiritheoidh na Ballstáit gur nach féidir ach le heintitis ionadaíocha cháilithe a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 4(1) caingne ionadaíocha a thabhairt os comhair cúirteanna náisiúnta nó údaráis riaracháin, agus ar choinníoll go bhfuil gaol díreach idir príomhchuspóirí an eintitis agus na cearta a dheonaítear faoi dhlí an Aontais atáthar a áitiú a sáraíodh agus a bhfuil an chaingean á tabhairt i ndáil leo.

Beidh sé de shaoirse ag eintitis ionadaíocha cháilithe aon nós imeachta atá ar fáil a roghnú faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais chun ardleibhéal cosanta ar chomhleas an tomhaltóra a áirithiú.

Áiritheoidh na Ballstáit nár tugadh aon chaingean leanúnach eile os comhair chúirt nó údarás riaracháin an Bhallstáit maidir leis an gcleachtas céanna, an trádálaí céanna agus na tomhaltóirí céanna. [Leasú 53]

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis ionadaíocha cháilithe, lena n-áirítear comhlachtaí poiblí a ainmníodh roimh ré, i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun na bearta seo a leanas a lorg: [Leasú 54]

(a)  ordú urghaire mar bheart eatramhach chun an cleachtas neamhdhleathach a stopadh nó, mura bhfuil an cleachtas curtha i bhfeidhm go fóill ach go bhfuil sin ar tí tarlú, an cleachtas neamhdhleathach a thoirmeasc; [Leasú 56]

(b)  ordú urghaire gur sárú dlí é an cleachtas agus, más gá, lena ndéantar an cleachtas a stopadh nó, mura bhfuil an cleachtas curtha i bhfeidhm go fóill ach go bhfuil sin ar tí tarlú, an cleachtas a thoirmeasc.

Chun orduithe urghaire a lorg, ní bheidh ar eintitis ionadaíocha cháilithe sainordú a fháil ó na tomhaltóirí aonair lena mbaineann agus fianaise de chaillteanas ná damáiste iarbhír a sholáthar ó thaobh na dtomhaltóirí lena mbaineann de ná fianaise de rún ná faillí ó thaobh an trádálaí de. [Leasú 55]

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis ionadaíocha cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun bearta a lorg chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú. Déanfar na bearta sin a lorg ar bhonn aon chinneadh críochnaitheach go bhfuil cleachtas ina shárú ar dhlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí, lena n‑áirítear ordú urghaire críochnaitheach dá dtagraítear i mír (2)(b). [Leasú 57]

4.  Gan dochar d’Airteagal 4(4), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis cháilithe in ann idir bhearta chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú agus bhearta dá dtagraítear i mír 2 a lorg in aon chaingean ionadaíoch amháin. [Leasú 58]

Airteagal 5a

Clárlann na gcaingne comhshásaimh

1.  Féadfaidh na Ballstáit clár náisiúnta do chaingne ionadaíocha a bhunú, a bheadh saor ó tháille d’aon duine leasmhar trí mhodhanna leictreonacha agus/nó modhanna eile.

2.  Tabharfaidh suíomhanna idirlín a fhoilsíonn na clárlanna rochtain ar fhaisnéis chuimsitheach agus oibiachtúil ar na modhanna atá ar fáil chun cúiteamh a fháil, lena n-áirítear modhanna lasmuigh den chúirt mar aor leis na caingne ionadaíocha ar feitheamh.

3.  Beidh idirnasc idir na clárlanna náisiúnta. Beidh feidhm ag Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394. [Leasú 59]

Airteagal 6

Bearta sásaimh

1.  Chun críocha Airteagal 5(3), áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis ionadaíocha cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun ordú sásaimh a lorg, lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh an Ballstát a cheangal nó gan a cheangal go bhfaighfear sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann sula ndéanfar cinneadh dearbhaitheach nó sula n‑eiseofar ordú sásaimh. [Leasú 60]

Más rud é nach ndéanann Ballstát a cheangal go dtabharfadh an tomhaltóir aonair sainordú chun dul isteach i gcaingean ionadaíoch, ceadóidh an Ballstát sin, mar sin féin, do na daoine aonair sin nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Bhallstát ina dtarlaíonn an chaingean, rannpháirt a ghlacadh sa chaingean ionadaíoch, i gcás inar thug siad a sainordú sainiúil chun dul isteach sa chaingean ionadaíoch laistigh den teorainn ama is infheidhme. [Leasú 61]

Déanfaidh an t‑eintiteas cáilithe faisnéis leordhóthanach Ní mór don eintiteas ionadaíoch cáilithe an fhaisnéis go léir is gá a sholáthar de réir mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta chun tacú leis an gcaingean, lena n‑áirítear tuairisc ar na tomhaltóirí a mbaineann an chaingean leo agus na ceisteanna fíorais agus dlí atá le réiteach. [Leasú 62]

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit cúirt nó údarás riaracháin a chumhachtú chun cinneadh dearbhaitheach a eisiúint, seachas ordú sásaimh, maidir le dliteanas an trádálaí i leith na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú ar dhlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo nuair is casta sásamh aonair a chainníochtú mar gheall ar shaintréithe na díobhála ar leith do na tomhaltóirí lena mbaineann. [Leasú 63]

3.  Ní bheidh feidhm le mír 2 sna cásanna seo a leanas:

(a)  tá na tomhaltóirí lena mbaineann an sárú inaitheanta agus bhain díobháil inchomparáide dóibh mar gheall ar an gcleachtas céanna i ndáil le tréimhse ama nó ceannachán. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh an ceanglas sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann a fháil ina choinníoll chun an chaingean a thionscnamh. Díreofar an sásamh ar na tomhaltóirí lena mbaineann;

(b)  d’fhulaing na tomhaltóirí méid beag caillteanais agus bheadh sé díréireach an sásamh a dháileadh orthu. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann ina cheanglas. Díreofar an sásamh ar chuspóir poiblí a fhreastalaíonn ar chomhleasanna tomhaltóirí. [Leasú 64]

4.  Beidh an sásamh a fhaightear trí chinneadh críochnaitheach i gcomhréir le mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar d’aon chearta breise sásaimh atá ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Tabharfar urraim don phrionsabal res judicata i gcur i bhfeidhm na forála seo. [Leasú 65]

4a.  Tá sé mar aidhm leis na bearta sásaimh lánchúiteamh ar a gcaillteanas a dheonú do thomhaltóirí. I gcás méid nár éilíodh a bheith fágtha i ndiaidh an chúitimh, chinnfeadh an chúirt cé an tairbhí don mhéid nár éilíodh atá fágtha. Ní rachaidh an méid sin nár éilíodh go dtí an t-eintiteas ionadaíoch cáilithe ná go dtí an trádálaí. [Leasú 66]

4b.  Go háirithe, toirmeascfar damáistí pionósacha a ndéanfaí an páirtí is éilitheoir maidir leis an damáiste a rinneadh a róchúiteamh dá mbarr. Mar shampla, an cúiteamh a dheonaítear do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh go comhpháirteach, ní bheidh an cúiteamh sin níos mó ná an méid a chaithfidh an trádálaí a chúiteamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó dlí an Aontais is infheidhme chun an díobháil iarbhír a bhain dóibh ar bhonn aonair a chumhdach. [Leasú 67]

Airteagal 7

Maoiniú Inghlacthacht caingne ionadaíche [Leasú 68]

1.  An t‑eintiteas ionadaíoch cáilithe a bhfuil ordú sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) á lorg aige, dearbhóidh sé go luath sa chaingean foinse déanfaidh sé forléargas airgeadais iomlán a faoi chur bhráid na cúirte nó an údaráis riaracháin ag an céim is luaithe den chaingean, ina liostaítear foinsí uile na gcistí a úsáidtear le haghaidh a ghníomhaíochta go ginearálta agus foinse na gcistí atá sé a úsáid chun tacú leis an gcaingean chun a léiriú nach ann do choinbhleacht leasa. Léireoidh sé go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha aige chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna is fearr na dtomhaltóirí lena mbaineann agus chun aon chostais dhíobhálacha a sheasamh sa chás go dteipfeadh ar an gcaingean. [Leasú 69]

2.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna ina bhfuil caingean ionadaíoch ar shásamh á maoiniú ag tríú páirtí, go bhfuil toirmeasc ar an tríú páirtí D’fhéadfadh go bhfógródh an cúirt náisiúnta go bhfuil an chaingean ionadaíoch neamh-inghlactha má bhunaíonn an chúirt go ndéanfadh cistiúchán ón tríú páirtí an méid seo a leanas: [Leasú 70]

(a)  tionchar a imirt ar chinntí an eintitis ionadaíoch cháilithe i gcomhthéacs caingean ionadaíoch, maidir le socraíochtaí san áireamh lena n-áirítear caingne ionadaíocha a thionscnamh agus cinntí ar shocraíochtaí; [Leasú 71]

(b)  maoiniú a chur ar fáil le haghaidh comhchaingean i gcoinne cosantóir ar iomaitheoir de chuid sholáthróir an mhaoinithe é nó i gcoinne cosantóir a bhfuil soláthróir an mhaoinithe spleách air;

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag measúnóidh na cúirteanna agus údaráis riaracháin nach ann do choinbhleacht leasa dá dtagraítear i mír 1 agus na himthosca dá dtagraítear i mír 2 a mheas agus, dá réir sin, ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an maoiniú ábhartha a dhiúltú agus, más gá, seasamh an eintitis cháilithe i gcás sonrach a dhiúltú ag céim na hinghlacthachta den chaingean ionadaíoch agus ar céim níos déanaí le linn na n-imeachtaí cúirte mura dtagann na himthosca chun solais ach ag an bpointe sin. [Leasú 72]

3a.  Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhfuil an t-údarás ag an gcúirt nó ag an údarás riaracháin cásanna ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon bhunús leo a chaitheamh amach ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí. [Leasú 73]

Airteagal 7a

An prionsabal go n-íocann an cailliúnaí

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an páirtí a chailleann caingean chomhshásaimh costais dlí an pháirtí bhuaitigh a íoc, faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. Ní dhéanfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin, áfach, costais a dhámhachtain don pháirtí nár éirigh leis sa mhéid go ndearnadh iad a thabhú go neamhriachtanach nó go bhfuil siad díréireach leis an éileamh. [Leasú 74]

Airteagal 8

Socraíochtaí

1.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le heintiteas ionadaíoch cáilithe agus trádálaí a tháinig ar shocraíocht maidir le sásamh do thomhaltóirí a ndearna cleachtas neamhdhleathach líomhnaithe an trádálaí sin difear dóibh iarratas comhpháirteach a dhéanamh go bhfaomhfadh cúirt nó údarás riaracháin an tsocraíocht sin. Níor cheart don chúirt nó don údarás riaracháin iarratas den sórt sin a cheadú má tá aon chaingean ionadaíoch eile ag dul ar aghaidh os comhair chúirt nó údarás riaracháin an Bhallstáit chéanna maidir leis an trádálaí céanna agus maidir leis an gcleachtas céanna. [Leasú 75]

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an chúirt nó an t‑údarás riaracháin, tráth ar bith le linn na caingne ionadaíche, iarraidh ar an eintiteas cáilithe agus ar an gcosantóir, tar éis dul i gcomhairle leo, teacht ar shocraíocht maidir le sásamh laistigh de theorainn ama atá réasúnach agus socraithe.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag an gcúirt nó ag an údarás riaracháin a d’eisigh an cinneadh dearbhaitheach críochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a iarraidh ar na páirtithe sa chaingean ionadaíoch teacht ar shocraíocht laistigh de theorainn ama atá réasúnach agus socraithe maidir leis an sásamh atá le tabhairt do thomhaltóirí ar bhonn an chinnidh chríochnaithigh sin.

4.  Beidh na socraíochtaí dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 faoi réir ghrinnscrúdú na cúirte nó an údaráis riaracháin. Déanfaidh an chúirt nó an t‑údarás riaracháin measúnú ar dhlíthiúlacht agus ar chothroime na socraíochta, ag cur san áireamh chearta agus leasanna na bpáirtithe ar fad, lena n‑áirítear na tomhaltóirí lena mbaineann.

5.  Mura dtiocfar ar an tsocraíocht dá dtagraítear i mír 2 laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe nó mura bhfaomhfar an tsocraíocht ar thángthas uirthi, leanfaidh an chúirt nó an t‑údarás riaracháin den chaingean ionadaíoch.

6.  Tabharfar an deis do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann glacadh lena bheith faoi cheangal ag na socraíochtaí dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3, nó diúltú dó sin. Beidh an sásamh a gheofar trí shocraíocht fhaofa i gcomhréir le mír 4 ina cheangal ar na páirtithe uile gan dochar d’aon chearta breise sásaimh atá ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. [Leasú 76]

Airteagal 9

Faisnéis maidir le caingne ionadaíocha

-1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis ionadaíocha na nithe a leanas:

(a)  tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir leis an sárú atá á áitiú ar chearta a dheonaítear faoi dhlí an Aontais agus an rún chun urghaire a lorg nó tabhairt faoi chaingean le haghaidh damáistí,

(b)  míniú do thomhaltóirí lena mbaineann roimh ré gur féidir leo dul isteach i gcaingean chun a áirithiú go coinneofar na doiciméid ábhartha agus faisnéis eile is gá don chaingean,

(c)  i gcás inarb iomchuí, iad a chur ar an eolas faoi na céimeanna ina dhiaidh sin agus na hiarmhairtí ionchasacha dlí. [Leasú 77]

1.  I gcás ina bhfuil socraíocht nó cinneadh críochnaitheach chun leasa tomhaltóirí a d’fhéadfadh a bheith aineolach mar gheall air, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an chúirt nó an t‑údarás riaracháin ceangal ar an trádálaí a rinne sárú bpáirtí cloíte nó ar an dá pháirtí na tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas ar a chostas féin faoi na cinntí críochnaitheacha ina bhforáiltear maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, agus na socraíochtaí ceadaithe dá dtagraítear in Airteagal 8, trí mhodhanna atá iomchuí in imthosca an cháis agus laistigh de theorainneacha ama sonraithe, lena n‑áirítear, más iomchuí, trí fhógra a thabhairt do gach tomhaltóir ar leith lena mbaineann. D’fhéadfadh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfadh an oibleagáid faisnéise a chomhlíonadh trí shuíomh idirlín a chur ar fáil go poiblí agus a bheadh inrochtana gan stró. [Leasú 78]

1a.  Íocfaidh an páirtí cloíte costais na faisnéise do thomhaltóirí i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 7. [Leasú 79]

2.  Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 beidh míniú i dteanga intuigthe ar ábhar na caingne ionadaíche, a iarmhairtí dlí agus, más iomchuí, na gníomhartha atá le déanamh ag na tomhaltóirí lena mbaineann. Déanfar módúlachtaí agus creat ama na faisnéise a dhearadh i gcomhaontú leis an gcúirt nó leis an údarás riaracháin. [Leasú 80]

2a.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil don phobal i mbealach inrochtana, maidir le caingne comhpháirteacha atá le teacht, atá ar siúl agus atá i gcrích, lena n-áirítear tríd na meáin agus ar líne trí shuíomh idirlín nuair a chineann cúirt go bhfuil an cás inghlachta. [Leasú 81]

2b.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumarsáid phoiblí ó eintitis cháilithe maidir le héilimh fíorasach agus go dtugtar san áireamh léi ceart na dtomhaltóirí faisnéis a fháil agus ceart chlú na gcosantóirí agus a gcearta chun rúndachta gnó. [Leasú 82]

Airteagal 10

Éifeachtaí cinntí críochnaitheacha

1.  Más ann do shárú a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí de réir I gcás cinneadh críochnaitheach ó údarás riaracháin nó ó chúirt, lena n‑áirítear ordú urghaire críochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(b), áiritheoidh na Ballstáit go nglacfar leis sin mar léiriú doshéanta go bhfeicfear é mar fhianaise gurb ann nó nach ann don sárú chun críocha aon chaingne eile lena lorgaítear sásamh os comhair a gcúirteanna náisiúnta i gcoinne an trádálaí chéanna maidir leis an sárú céanna na fíorais chéanna ar choinníoll nach bhféadfaí an damáiste céanna a chúiteamh faoi dhó do na tomhaltóirí céanna lena mbaineann. [Leasú 83]

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh a gcúirteanna náisiúnta nó a n‑údaráis riaracháin le cinneadh críochnaitheach dá dtagraítear i mír 1 mar thoimhde infhrisnéise fhianaise ar a laghad gur tharla sárú. [Leasú 84]

2a.  Áiritheoidh na Ballstáit maidir le cinneadh críochnaitheach ó chúirt Bhallstáit amháin lena mbunaítear gurb ann nó nach ann don sárú chun críocha aon chaingne eile lena lorgaítear sásamh os comhair a gcúirteanna náisiúnta i gcoinne an trádálaí chéanna maidir leis an sárú céanna, go measfar an cinneadh críochnaitheach sin a bheith ina thoimhde infhrisnéise. [Leasú 85]

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfar le cinneadh dearbhaitheach críochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) mar léiriú doshéanta go bhfuil an trádálaí faoi dhliteanas i leith na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú chun críocha aon chaingne lena lorgaítear sásamh os comhair a gcúirteanna náisiúnta i gcoinne an trádálaí chéanna maidir leis an sárú céanna. Má thugann tomhaltóirí aonair caingean den sórt sin le haghaidh sásaimh, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leo sin a dhéanamh trí nósanna imeachta áisiúla agus simplithe Moltar do na Ballstáit bunachar sonraí a chruthú ina mbeadh na cinntí críochnaitheacha uile maidir le caingne sásaimh lena bhféadfaí bearta sásaimh eile a éascú, agus a ndea-chleachtais sa réimse sin a chomhroinnt. [Leasú 86]

Airteagal 11

Tréimhse teorann a a chur ar fionraí

I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má a thionscnaítear caingean ionadaíoch dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d'éifeacht aige sin go gcuirfear ar fionraí na tréimhsí teorann is infheidhme maidir le haon chaingean sásaimh le haghaidh na dtomhaltóirí ndaoine aonair a mbaineann an chaingean sin leo nó go gcuirfear briseadh sna tréimhsí sin, má tá na cearta ábhartha faoi réir tréimhse teorann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. [Leasú 87]

Airteagal 12

Luas nós imeachta

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go gcaithfear leis na caingne ionadaíocha dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 leis an luas cuí.

2.  Caingne ionadaíocha le haghaidh ordú urghaire i bhfoirm beart eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(a), caithfear leo trí nós imeachta luathaithe.

Airteagal 13

Fianaise

An t‑eintiteas cáilithe a bhfuil fíorais agus fianaise curtha i láthair aige atá le fáil go réasúnach agus ar leor iad chun tacú leis an gcaingean ionadaíoch, má shonraíonn an t‑eintiteas sin tuilleadh fianaise atá faoi rialú an chosantóra, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an chúirt nó an t‑údarás riaracháin a ordú, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nós imeachta, go dtabharfaidh an cosantóir an fhianaise sin i láthair, faoi réir na rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht Ar iarraidh ó cheann de na páirtithe atá tar éis fíorais agus fianaise atá le fáil go réasúnach a chur i láthair agus míniú substainteach a thabhairt, ar leor iad chun tacú lena tuairimí, agus má shonraíonn sé tuilleadh fianaise atá faoi rialú an pháirtithe eile, ar fianaise é atá sonrach agus mínithe go soiléir, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin a ordú, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nós imeachta, go dtabharfaidh an páirtí eile sin an fhianaise sin i láthair, chomh cúng agus is féidir arna bunú ar fhíorais atá ar fáil go réasúnach, faoi réir na rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht. Ní mór don ordú a bheith leordhóthanach agus comhréireach maidir leis an gcás atá i dtrácht agus nach gcruthódh sé míchothromaíocht idir an dá pháirtí lena mbaineann. [Leasú 88]

Áiritheoidh na Ballstáit go teorannóidh na cúirteanna nochtadh na fianaise don mhéid is comhréireach. Chun cinneadh a dhéanamh faoi aon nochtadh arna iarraidh ag eintiteas ionadaíoch a bheith comhréireach, cuirfidh an chúirt san áireamh leas dlisteanach na bpáirtithe uile lena mbaineann, eadhon an méid a thacaíonn na fíorais agus an fhianaise atá ar fáil leis an iarratas ar nochtadh agus an bhfuil faisnéis rúnda san fhaisnéis ar iarradh a nochtadh. [Leasú 89]

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag na cúirteanna náisiúnta nochtadh fianaise a ordú ar fianaise í a bhfuil faisnéis inti a mheasann siad a bheith ábhartha don chaingean le haghaidh damáistí. [Leasú 90]

Airteagal 14

Pionóis

1.  Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le neamhchomhlíonadh na gcinntí críochnaitheacha a eisítear le linn na caingne ionadaíche agus déanfaidh sé na bearta riachtanacha ar fad lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na pionóis a bheith, inter alia, i bhfoirm fíneálacha. [Leasú 91]

3.  Nuair atá cinneadh á dhéanamh maidir le leithdháileadh ioncaim ó fhíneálacha cuirfidh na Ballstáit comhleasanna tomhaltóirí san áireamh. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go leithdháilfear ioncaim den sórt sin do chiste a chruthófar chun críche caingne ionadaíocha a mhaoiniú. [Leasú 92]

4.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha dá dtagraítear i mír 1 faoin [dáta le haghaidh trasuí na Treorach] ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 15

Cúnamh le haghaidh eintitis ionadaíocha cháilithe [Leasú 93]

1.  Déanfaidh Spreagfar na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 7, lena áirithiú go bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil ag eintitis ionadaíocha cháilithe do chaingne ionadaíocha. Déanfaidh siad na bearta riachtanacha chun rochtain ar cheartas a éascú agus áiritheoidh siad lena áirithiú nach bhfuil na costais nós imeachta a bhaineann le caingne ionadaíocha ina mbaic airgeadais ar eintitis cháilithe an ceart a fheidhmiú go héifeachtach na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 a lorg, amhail teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme , rochtain ar chúnamh dlíthiúil a dheonú dóibh más gá, nó maoiniú poiblí a sholáthar dóibh chun na críche sin. [Leasú 94]

1a.  Cuirfidh na Ballstáit tacaíocht struchtúrach ar fáil d’eintitis a ghníomhaíonn mar eintitis cháilithe faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo. [Leasú 95]

2.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha lena áirithiú, i gcásanna ina gceanglaítear ar na heintitis cháilithe na tomhaltóirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoin gcaingean ionadaíoch atá ar siúl, go bhféadfar an costas gaolmhar a fháil ar ais ón trádálaí má éiríonn leis an gcaingean.

3.  Tacóidh na Ballstáit agus an Coimisiún le comhar idir eintitis cháilithe agus le malartú agus scaipeadh a ndea-chleachtas agus a dtaithí maidir le sáruithe trasteorann agus intíre a réiteach, agus éascóidh siad an méid sin.

Airteagal 15a

Ionadaíocht dhlíthiúil agus táillí dlí

Áiritheoidh na Ballstáit nach gcruthófar trí tháillí dlíodóirí nó tríd an mhodh a ríomhtar iad aon dreasacht chun dlíthíochta nach bhfuil gá leis ó thaobh leas de d’aon de na páirtithe lena mbaineann. Go háirithe, cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar tháille teagmhasacha. [Leasú 96]

Airteagal 16

Caingne ionadaíocha trasteorann

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú gur féidir le haon eintiteas ionadaíoch cáilithe atá ainmnithe roimh ré i mBallstát amháin i gcomhréir le hAirteagal 4(1) iarratas a chur faoi bhráid cúirteanna nó údarás riaracháin Ballstáit eile ach an liosta atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear san Airteagal sin a chur i láthair. Glacfaidh Féadfaidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin leis an liosta sin mar fhianaise ar sheasamh dlí an eintitis cháilithe a mheasúnú gan dochar dá gceart a scrúdú an bhfuil cuspóir an eintitis ionadaíoch cháilithe ina bhonn cirt leis an eintiteas sin caingean a thabhairt i gcás sonrach. [Leasú 97]

2.  Áiritheoidh na Ballstáit, má dhéanann an sárú difear do thomhaltóirí i mBallstáit dhifriúla nó más dócha go ndéanfaidh sé difear do thomhaltóirí i mBallstáit dhifriúla, go bhféadfadh roinnt eintiteas cáilithe ó Bhallstáit dhifriúla, ag gníomhú go comhpháirteach nó faoi ionadaíocht aon eintitis cháilithe amháin, an chaingean ionadaíoch a thabhairt os comhair cúirt inniúil nó údarás riaracháin Ballstáit chun comhleasanna tomhaltóirí i mBallstáit dhifriúla a chosaint.

2a.  Féadfaidh Ballstát, ina dtarlaíonn comhshásamh é a chur de cheangal ar na tomhaltóirí atá ina gcónaí sa Bhallstát sin sainordú a thabhairt agus beidh sé ina cheangal aige ag tomhaltóirí aonair atá bunaithe i mBallstát aonair nuair is caingean trasteorann í. In imthosca mar sin, cuirfear liosta tiomsaithe de na tomhaltóirí go léir ó Bhallstáit eile nár thug sainordú mar sin faoi bhráid na cúirte nó an údaráis riaracháin agus faoi bhráid an chostantóra ag tús caingne. [Leasú 98]

3.  Chun críocha caingne ionadaíocha trasteorann, agus gan dochar do na cearta a dheonaítear d'eintitis eile faoin reachtaíocht náisiúnta, cuirfidh na Ballstáit an liosta de na heintitis cháilithe atá ainmnithe roimh ré chuig an gCoimisiún. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi ainm agus cuspóir na n‑eintiteas cáilithe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí agus coimeádfaidh sé cothrom le dáta í.

4.  Má cheistíonn Ballstát, an Coimisiún nó an trádálaí go gcomhlíonann einteatas ionadaíoch cáilithe na critéir a leagtar síos in Airteagal 4(1), déanfaidh an Ballstát a d’ainmnigh an t‑eintiteas an cheist a scrúdú agus, más iomchuí, an t‑ainmniúchán a chúlghairm mura bhfuil ceann amháin nó níos mó de na critéir á gcomhlíonadh. [Leasú 99]

Airteagal 16a

An Clár Poiblí

Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha clár atá inrochtana poiblí de na gníomhartha neamhdhleathacha a bhí faoi réir orduithe urghaire i gcomhréir le forálacha na Treorach seo. [Leasú 100]

Caibidil 3

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 17

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2009/22/AE amhail ón [dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo] gan dochar d’Airteagal 20(2).

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 18

Faireachán agus meastóireacht

1.  Tráth nach luaithe ná cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr. Sa tuarascáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo mar a shainítear sin in Airteagal 2 agus in Iarscríbhinn I.

2.  Tráth nach déanaí ná bliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil an leibhéal cosanta do chearta tomhaltóirí faoi na rialacha maidir le cearta paisinéirí aeir agus iarnróid inchomparáide leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear faoin Treoir seo. Más amhlaidh cás, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí iomchuí a dhéanamh is féidir a bheith i gceist leo, go háirithe, na gníomhartha dá dtagraítear i bpointe 10 agus i bpointe 15 d’Iarscríbhinn I a bhaint as raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo mar a shainítear sin in Airteagal 2. [Leasú 101]

3.  Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún, ar bhonn bliantúil, den chéad uair ceithre bliana ar a dhéanaí tar éis dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo, an fhaisnéis seo a leanas atá riachtanach chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú:

(a)  an líon caingne ionadaíocha arna dtabhairt os comhair údaráis riaracháin agus bhreithiúnacha de bhun na Treorach seo;

(b)  an cineál eintitis cháilithe a thug na caingne;

(c)  an cineál sáraithe lena mbaineann na caingne ionadaíocha, na páirtithe sna caingne ionadaíocha agus an earnáil eacnamaíoch lena mbaineann na caingne ionadaíocha;

(d)  fad na n‑imeachtaí ó thionscnamh na caingne go dtí glacadh na n‑orduithe urghairí críochnaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 5, na n‑orduithe sásaimh nó na gcinntí dearbhaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 6 nó go dtí faomhadh críochnaitheach na socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 8;

(e)  torthaí na gcaingne ionadaíocha;

(f)  an líon eintiteas cáilithe atá rannpháirteach sa sásra maidir le comhar agus malartú dea-chleachtas dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

Airteagal 18a

Clásal athbhreithnithe

Gan dochar d’Airteagal 16, measúnóidh an Coimisiún arbh fhearr dul i ngleic le caingne ionadaíocha trasteorann ar leibhéal an Aontais trí Ombudsman Eorpach do chomhshásamh a bhunú. Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ina leith sin a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus togra ábhartha ag dul leis i gcás inarb iomchuí. [Leasú 102]

Airteagal 19

Trasuí

1.  Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh Ballstáit na forálacha sin i bhfeidhm ón [6 mhí i ndiaidh an spriocdháta trasuí].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 20

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Cuirfidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin lena dtrasuítear an Treoir seo i bhfeidhm maidir le sáruithe a thosaigh tar éis an [dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo].

2.  Cuirfidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin lena dtrasuítear Treoir 2009/22/CE i bhfeidhm maidir le sáruithe a thosaigh roimh an [dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo].

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 22

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

LIOSTA D’FHORÁLACHA DHLÍ AN AONTAIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1)

(1)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha dlí, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210 , 07.08.1985, lch. 29)(7).

(2)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(3)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(4)  Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).

(5)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (anTreoir maidir le trádáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(6)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine: Airteagail 86 go 100 (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(7)  Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51).

(8)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37). Airteagal 13.

(9)  Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

(11)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.7.2006, lch. 1).

(13)  Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21): Airteagal 1, pointe (c) d’Airteagal 2 agus Airteagal 4 go hAirteagal 8.

(14)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).

(16)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3): Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 24.

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(19)  Treoir 2008/122/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le tomhaltóirí a chosaint i ndáil le gnéithe áirithe de chonarthaí amroinnte, de chonarthaí um tháirgí saoire fadtéarmacha, de chonarthaí athdhíola agus de chonarthaí malairte (IO L 33, 3.2.2009, lch. 10).

(20)  Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55).

(21)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(22)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha dlí, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIanna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lch. 11).

(24)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus an gnó sin a shaothrú agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

(25)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlachta breosla agus paraiméadar riachtanach eile (IO L 342, 22.12.2009, lch. 46).

(27)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú, (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1): Airteagail 183, 184, 185 agus 186.

(28)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1): Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 19 go hAirteagal 26.

(29)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(30)  Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1).

(31)  Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

(32)  Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

(33)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(34)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(35)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(36)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(37)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).

(38)  Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lch. 10).

(39)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(40)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltóirí (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63): Airteagal 13.

(41)  Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóide ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1): Airteagal 14.

(42)  Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).

(43)  Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).

(44)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34): Airteagail 10, 11, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 21, 22, 23, Caibidil 10 agus Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

(45)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(46)  Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214): Airteagail 3 go 18 agus Airteagal 20(2).

(47)  Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).

(48)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(49)  Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

(50)  Treoir 2015/2366 (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(51)  Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(52)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (athmhúnlú) (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

(53)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(54)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí le haghaidh soláthar scoir ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(55)  Rialachán (AE) 2017/1128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 168, 30.6.2017, lch. 1).

(56)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

(57)  Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).

(58)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

(59)  Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60, 02.03.2018, lch. 1).

(59a)   Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4). [Leasú 103]

(59b)   Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357). [Leasú 104]

(59c)   Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia. [Leasú 105]

(59d)   Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107). [Leasú 106]

(59e)   Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1989 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le sairdíní leasaithe agus maidir le tuairiscí trádála le haghaidh sairdíní leasaithe agus táirgí de chineál sairdín. [Leasú 107]

(59f)   Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005. [Leasú 108]

IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2009/22/CE

An Treoir Seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(1)

-

Airteagal 2(2)

-

Airteagal 3

Airteagal 2(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 2(1) pointe (a)

Airteagal 5(2) pointe (a) agus pointe (b)

Airteagal 12

-

Airteagal 5(2) an dara fomhír

Airteagal 2(1) pointe (b)

Airteagal 5(3)

Airteagal 9

Airteagal 2(1) pointe (c)

Airteagal 14

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 3

Airteagal 4(1)-(3)

-

Airteagal 4(4)

-

Airteagal 4(5)

-

Airteagal 5(4)

-

Airteagal 6

-

Airteagal 7

—  

Airteagal 8

-

Airteagal 10

-

Airteagal 11

-

Airteagal 13

-

Airteagal 15

Airteagal 4

Airteagal 16

Airteagal 5

-

Airteagal 6

Airteagal 18

Airteagal 7

Airteagal 1(2)

Airteagal 8

Airteagal 19

Airteagal 9

Airteagal 17

-

Airteagal 20

Airteagal 10

Airteagal 21

Airteagal 11

Airteagal 22

(1)IO C 440, 6.12.2018, lch. 66.
(2)IO C 461, 21.12.2018, lch. 232.
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019.
(4)IO L 110, 1.5.2009, lch. 30.
(5)IO L 345, 27.12.2017.
(6)IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(7)Leasaíodh an Treoir sin le Treoir 1999/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 1999 lena leasaítear Treoir 85/374/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú fhorálacha dlí, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 141, 04.06.1999, lch. 20).

An nuashonrú is déanaí: 20 Aibreán 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais