Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha coiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas (athmhúnlú) (COM(2016)0864 – C8-0495/2016 – 2016/0380(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0864),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0495/2016),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na hUngáire, Comhairle Chónaidhme na hOstaire agus Seanad na Polainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 31 Bealtaine 2017(1);
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 13 Iúil 2017(2);
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(3),
– ag féachaint don litir dar dáta an 7 Meán Fómhair 2017 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Eanáir 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 104 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0044/2018),
A. de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;
2. á thabhairt dá haire na ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 26 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/944.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LEIS AN SAINMHÍNIÚ AR AN IDIRNASCAIRE
“Tugann an Coimisiún comhaontú na gcomhreachtóirí dá aire i ndáil leis an Treoir athmhúnlaithe maidir le Leictreachas agus i ndáil leis an Rialachán athmhúnlaithe maidir le Leictreachas, comhaontú ina bhfilltear ar an sainmhíniú ar “idirnascaire” a úsáidtear i dTreoir 2009/72/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 714/2009. Aontaíonn an Coimisiún nach ionann margaí an leictreachais agus margaí eile amhail margadh an gháis nádúrtha, e.g. maidir leis an dóigh a dtrádáiltear i margadh an leictreachais táirgí nach féidir a stóráil go héasca faoi láthair agus a tháirgtear i réimse leathan suiteálacha ginte, suiteálacha ar an leibhéal dáileacháin san áireamh. Dá bharr sin, tá éagsúlacht mhór ann i dtaobh ról na nasc le tríú tíortha in earnáil an leictreachais agus in earnáil an gháis, agus is féidir cineálacha éagsúla cur chuige rialála a roghnú dá réir.
Déanfaidh an Coimisiún scrúdú breise ar thionchar an chomhaontaithe sin agus tabharfaidh sé treoir maidir leis an reachtaíocht a chur i bhfeidhm nuair is gá.
Ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil, is mian leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar an méid seo a leanas:
Is do threalamh a nascann córais leictreachais a thagraíonn an sainmhíniú comhaontaithe ar an idirnascaire atá sa Treoir maidir le Leictreachas. Ní dhéantar idirdhealú san fhoclaíocht idir creata rialála éagsúla agus cásanna teicniúla éagsúla agus, dá réir sin, a priori, cumhdaítear sa sainmhíniú gach cineál naisc leictrigh le tríú tíortha a thagann faoi raon feidhme an chur i bhfeidhm. I dtaca leis an sainmhíniú comhaontaithe ar idirnascaire atá sa Rialachán maidir le Leictreachas, cuireann an Coimisiún i dtreis gur gá leibhéal ard comhair idir oibreoirí córais, rannpháirtithe margaidh agus rialtóirí chun margaí an leictreachais a chomhtháthú. Cé go bhféadfadh éagsúlacht a bheith ann i dtaobh raon feidhme na rialacha is infheidhme, agus sin ag brath ar an leibhéal comhtháthaithe laistigh de mhargadh inmheánach an leictreachais, ba cheart dlúth-chomhtháthú na dtríú tíortha i margadh inmheánach an leictreachais, amhail rannpháirtíocht i dtionscadail cúplála margaidh, a bheith bunaithe ar chomhaontuithe ina bhfuil cur i bhfeidhm dhlí ábhartha an Aontais ina cheanglas.”
DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LEIS AN RÉITEACH MALARTACH DÍOSPÓIDE
Tugann an Coimisiún dá aire comhaontú na reachtóirí a bhaineann le hAirteagal 26 chun a rialáil ar leibhéal an Aontais gurb éigean do sholáthraithe seirbhísí fuinnimh a bheith rannpháirteach sa Réiteach Malartach Díospóide. Is oth leis an gCoimisiún go ndearnadh an cinneadh sin toisc gur faoi na Ballstáit, a bhuí leis an togra ón gCoimisiún, a fágadh an rogha sin i gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh i dTreoir 2013/11/AE maidir leis an Réiteach Malartach ar Dhíospóidí Tomhaltóirí (an Treoir RMD) agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á gcur san áireamh freisin.
Ní faoin gCoimisiún é measúnuithe comparáideacha a dhéanamh ar shamhlacha aonair an réitigh mhalartaigh díospóide arna gcur ar bun ag na Ballstáit. Dá bhrí sin, is i gcomhthéacs a oibleagáide ginearálta faireachán a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an Aontais a mheasfaidh an Coimisiún éifeachtacht fhoriomlán staideanna náisiúnta an réitigh mhalartaigh díospóide.