Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2015/0288(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0043/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0043/2018

Díospóireachtaí :

PV 26/03/2019 - 4
CRE 26/03/2019 - 4

Vótaí :

PV 26/03/2019 - 7.13

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0233

Téacsanna atá glactha
PDF 119kWORD 47k
Dé Máirt, 26 Márta 2019 - Strasbourg
Conarthaí i ndáil le díolacháin earraí ***I
P8_TA(2019)0233A8-0043/2018
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 an togra leasaithe le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n aisghairtear Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2017)0637 – C8-0379/2017 – 2015/0288(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0635) agus don togra leasaithe (COM(2017)0637),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0379/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad na Fraince, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairimí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2016(1) agus an 15 Feabhra 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0043/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 264, 20.7.2016, lch. 57.
(2) IO C 227, 28.6.2018, lch. 58


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 26 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE
P8_TC1-COD(2015)0288

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/771.)

An nuashonrú is déanaí: 20 Aibreán 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais