Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)(COM(2018)0465 – C8-0274/2018 – 2018/0247(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0465),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0274/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(2),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus freisin do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0174/2019),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Rachaidh Rialachán (AE) Uimh. 231/2014(4) in éag an 31 Nollaig 2020. Chun éifeachtacht an Aontais a chothabháil i ngníomhaíochtaí seachtracha, ba cheart creat um pleanáil agus um sholáthar cúnaimh sheachtraigh a chothabháil.
(2) Is mór idir cuspóirí ionstraime um réamhaontachais agus cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar gurb é is aidhm leis an ionstraim na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I le haghaidh bhallraíocht an Aontais amach anseo a ullmhú agus tacú lena bpróiseas aontachais. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach ionstraim shaincheaptha a bheith ann a thacaíonn leis an méadú, agus san am céanna ionstraim a dhéanann a chomhlántacht le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus leis an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI)Is é is cuspóir d’ionstraim um réamhaontachais ná na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I (“tairbhithe”) a ullmhú le haghaidh ballraíocht san Aontas amach anseo agus tacú lena bpróiseas aontachais, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta atá le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail bhunúsacha maille le cosaint agus cur chun cinn chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta mar a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Siúd is go n-éilítear, mar gheall ar a shuaithinsí atá an próiseas aontachais, go mbeadh ionstraim shaincheaptha ann lena dtacaítear leis an méadú, ba cheart go mbeadh cuspóirí agus feidhmiú na hionstraime sin comhsheasmhach le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus leis an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) go háirithe, agus comhlántach leo. [Leasú 1]
(3) Déantar foráil in Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhféadfaidh aon stát Eorpach a urramaíonn luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de mhionlaigh iad, agus a thugann gealltanas na luachanna sin a chur chun cinn, iarratas a dhéanamh ar bheith ina chomhalta den Aontas. Ní fhéadfaidh Stát Eorpach a chuir iarratas isteach ar dhul isteach san Aontas a bheith ina chomhalta go dtí go mbeidh sé deimhnithe go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta a bhunaigh an Chomhairle Eorpach i gCóbanhávan i Meitheamh 1993 ('critéir Chóbanhávan') agus ar choinníoll go mbeidh ar chumas an Aontais an comhalta nua a lánpháirtiú. Baineann critéir Chóbanhávan le cobhsaíocht na n‑institiúidí ina ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar na mionlaigh agus cosaint na mionlach, agus geilleagar margaidh atá feidhmiúil, chomh maith leis an acmhainn chun déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí margaidh laistigh den Aontas, agus an acmhainn na cearta agus na hoibleagáidí faoi na Conarthaí a ghlacadh, lena n‑áirítear cloí le haidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochtaDéantar foráil le hAirteagal 49 CAE go bhféadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn luachanna na hurraime do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta agus do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, agus a thugann gealltanas na luachanna sin a chur chun cinn, iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht a ghlacadh san Aontas. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí ina bhfuil an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir i réim. [Leasú 2]
(4) Tá an próiseas um méadú bunaithe ar chritéir sheanbhunaithe agus ar choinníollacht dhian. Déantar gach tairbhí a mheasúnú ar bhonn a fhiúntas féin. Is é is aidhm leis an measúnú ar an dul chun cinn atá bainte amach, agus aon easnamh a shainaithint, dreasachtaí agus treoir a chur ar fáil do thairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I chun tabhairt faoi na hathchóirithe forleithne. Le gur féidir leis an gcuspóir um méadú teacht in inmhe, tá sé ríthábhachtach cloí go docht leis an ngealltanas maidir le ‘bunphrionsabail i dtoscach’Tá an próiseas um méadú bunaithe ar chritéir sheanbhunaithe agus ar choinníollacht chothrom agus dhian. Déantar gach tairbhí a mheasúnú ar bhonn a fhiúntais féin. Is é is aidhm don measúnú ar an dul chun cinn arna bhaint amach agus do shainaithint easnamh ná dreasachtaí agus treoir a thabhairt do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I chun dul i mbun na n-athchóirithe forleathana is gá. Chun gur féidir an méadú a bhaint amach, tá tiomantas daingean don phrionsabal um ‘bhunphrionsabal i dtosach’(5). Tá an ghluaiseacht i dtreo an aontachais ag brath ar a mhéid a urramaíonn gach iarrthóir luachanna an Aontais agus a mhéid is féidir leo na hathchóirithe riachtanacha a ghabháil ar láimh d’fhonn a chórais pholaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin agus eacnamaíocha a chur ar chomhréim le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontaisbunriachtanach i gcónaí. Tá dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach bunaithe ar réiteach cinntitheach, cuimsitheach agus ceangailteach díospóidí déthaobhacha ina ngnéithe bunriachtanacha den phróiseas um méadú agus ríthábhachtach do shlándáil agus chobhsaíocht an Aontais ina iomláine. Tá an dul chun cinn i dtreo an aontachais ag brath ar urraim gach iarrthóra do luachanna an Aontais agus ar a n-acmhainneacht chun na hathchóirithe is gá a ghabháil ar láimh agus a chur chun feidhme chun a gcórais pholaitiúla, institiúideacha, dhlíthiúla, shóisialta, riaracháin agus eacnamaíocha a chur i gcomhréir leis na rialacha, na caighdeáin, na beartais agus na cleachtais san Aontas. Sa Chreat Caibidlíochta, leagtar amach ceanglais ar ina n-aghaidh a dhéantar an dul chun cinn san idirbheartaíocht aontachais le gach tír is iarrthóir a mheasúnú. [Leasú 3]
(4a) Ní féidir le Stát Eorpach a bhfuil iarratas déanta aige ar dhul isteach san Aontas a bheith ina chomhalta go dtí go mbeidh sé deimhnithe go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta a bunaíodh ag an gComhairle Eorpach i gCóbanhávan i mí an Mheithimh 1993 ('critéir Chóbanhávan') agus ar choinníoll go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an Aontas an comhalta nua a lánpháirtiú. Baineann critéir Chóbanhávan le cobhsaíocht na n-institiúidí ina ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, urraim do mhionlaigh agus a gcosaint, geilleagar margaidh atá feidhmiúil a bheith ann, chomh maith leis an acmhainneacht chun brú iomaíoch agus fórsaí margaidh laistigh den Aontas a sheasamh, agus an cumas go nglacfaí ní hamháin na cearta faoi na Conarthaí, ach, freisin, na hoibleagáidí fúthu, lena n-áirítear aidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chomhlíonadh. [Leasú 4]
(5) Infheistíocht sa tsíochán, i slándáil agus sa chobhsaíocht san Eoraip is ea beartas an Aontais um méadú. Cuireann sé deiseanna breise eacnamaíocha agus trádála ar fáil a rachaidh chun sochair fhrithpháirteach don Aontas agus do na stáit ar mian leo teacht isteach san Aontas. Tá tionchar cumhachtach claochlaitheach ar stát nuair a thuigtear dó go mbainfear ballraíocht den Aontas amach, rud a chuireann athruithe dearfacha daonlathacha, polaitiúla, eacnamaíocha agus sochaíocha i bhfeidhmTá an beartas um méadú ina chuid dhílis de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus rannchuidítear tríd le síocháin, slándáil, rathúnas agus cobhsaíocht laistigh de theorainneacha an Aontais agus lastall díobh. Tríd an mbeartas sin, soláthraítear deiseanna breise eacnamaíocha agus trádála ar comhleas don Aontas agus do na stáit ar mian leo teacht isteach san Aontas, agus an prionsabal um lánpháirtíocht fhorásach á áirithiú chun claochlú rianúil na dtairbhithe a áirithiú. Bíonn tionchar cumhachtach claochlaitheach ar Bhallstát nuair a thuigtear dó go mbainfear ballraíocht den Aontas amach, rud a chuireann athruithe dearfacha daonlathacha, polaitiúla, eacnamaíocha agus sochaíocha i bhfeidhm. [Leasú 5]
(6) D’athdheimhnigh an Coimisiún Eorpach an t‑ionchas daingean do bhallraíocht den Aontas Eorpch do na Balcáin Thiar bunaithe ar fhiúntais an ionchais sin, ina Theachtaireacht uaidh, 'Peirspictíocht inchreidte faoi mhéadú le haghaidh na mBalcán Thiar agus rannpháirtíocht fheabhsaithe AE leis na Balcáin Thiar'(6). Teachtaireacht láidir spreagúil do na Balcáin Thiar ar fad is ea é agus is léiriú é ar ghealltanas an Aontais Eorpaigh don todhchaí Eorpach seo acu.
(7) Ba cheart cúnamh a sholáthar freisin i gcomhlíonadh na gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ba cheart an cúnamh sin a dhíriú go príomha ar chúnamh a thabhairt do na 'tairbhithe' a liostaítear in Iarscríbhinn I chun institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, an bhreithiúnacht agus an riarachán poiblí a athchóiriú, cearta bunúsacha agus comhionannas inscne a urramú, caoinfhulaingt, cuimsiú sóisialta agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn. Ba cheart go dtabharfadh an cúnamh tacaíocht do na prionsabail agus do na cearta ríthábhachtacha arna sainiú i gColún Eorpach na gCeart SóisialtaBa cheart cúnamh a thabhairt freisin i gcomhréir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, lena n-áirítear leis na tairbhithe. Leis an gcúnamh, ba cheart go ndíreofaí go príomha ar chúnamh a thabhairt do na tairbhithe chun institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, an bhreithiúnacht agus an riarachán poiblí a athchóiriú, cearta bunúsacha a urramú, lena n-áirítear iad siúd atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus comhionannas inscne, caoinfhulaingt, cuimsiú sóisialta, urraim do chaighdeáin idirnáisiúnta saothair maidir le cearta oibrithe agus neamh-idirdhealú grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear leanaí agus daoine atá faoi mhíchumas. Leis an gcúnamh, ba cheart go dtacófaí freisin leis na tairbhithe a bheith ag cloí leis na príomhphrionsabail agus na príomhchearta mar a shainmhínítear iad i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta(7). Maidir leis an gcúnamh, ba cheart leanúint de na hiarrachtaí chun an comhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann agus an fhorbairt chríochach a chur chun cinn leis, lena n‑áirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais a chur chun feidhme. Ba cheart dó freisin a bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus rialachas eacnamaíoch a fheabhsú, rud a thabharfaidh buntaca do chlár oibre maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach trí fhorbairt réigiúnach, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, beartais shóisialta agus fostaíochta agus forbairt an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an dtionscnamh suaitheanta an Clár Oibre Digiteach do na Balcáin Thiar freisinagus leis an ngeilleagar sóisialta margaidh agus leis an gcóineasú ionsar an acquis sóisialta. Leis an gcúnamh, ba cheart go leanfaí de thacaíocht a thabhairt dá n-iarrachtaí ar chomhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann, mar aon le forbairt chríochach, a chur chun cinn, lena n-áirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha de chuid an Aontais a chur chun feidhme, agus é mar aidhm leis sin dea-chaidreamh comharsanachta a fhorbairt agus athmhuintearas a fheabhsú. Ina theannta sin, ba cheart, leis an gcúnamh, struchtúir earnála réigiúnacha comhair a chur chun cinn agus feabhas a chur ar a bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus ar a rialachas eacnamaíoch, lánpháirtíocht eacnamaíoch le margadh aonair an Aontais a chothú, lena n-áirítear comhar custaim, agus trádáil oscailte agus cóir a chur chun cinn, rud a thabharfaidh buntaca do chlár oibre maidir leis an bhfás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear trí fhorbairt réigiúnach, comhtháthú agus cuimsiú, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, beartais shóisialta agus fostaíochta agus forbairt an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití a chur chun feidhme, i gcomhréir freisin leis an tionscnamh suaitheanta dar teideal Clár Oibre Digiteach do na Balcáin Thiar. [Leasú 6]
(7a) Agus cineál claochlaitheach an phróisis athchóirithe le linn an phróisis um méadú sna tíortha is iarrthóirí á chur san áireamh, ba cheart don Aontas treisiú lena iarrachtaí ar thosaíocht a thabhairt do phríomhréimsí do chistiú ón Aontas, amhail institiúidí agus slándáil a neartú, agus níos mó tacaíochta a thabhairt do thíortha is iarrthóirí agus tionscadail á gcur chun feidhme aige d’fhonn na tíortha is iarrthóirí sin a chosaint ar thionchair lasmuigh den Aontas. [Leasú 7]
(7b) Ba cheart iarrachtaí na mBallstát ar thacú leis an dul chun cinn ó thaobh athchóirithe de i dtíortha is iarrthóirí trí chistiú IPA a chraobhscaoileadh i bhfad is i ngearr i dtíortha is iarrthóirí, agus sna Ballstáit.I dtaca leis sin, ba cheart don Aontas treisiú le hiarrachtaí cumarsáide agus feachtais chun infheictheacht chistiú IPA, agus í ar an bpríomhionstraim um shíocháin agus um chobhsaíocht sa limistéar méadaithe atá ag an Aontas, a áirithiú. [Leasú 8]
(7c) Aithnítear a thábhachtaí is atá éascú agus cur chun feidhme an bhuiséid a mhéid a bhaineann le forbairt institiúidí, a chabhróidh, dá réir sin, le fadhbanna slándála a d’fhéadfadh a bheith ann a réamhthuar, agus le sreafaí imirce neamhdhleathacha a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo chun na mBallstát a chosc. [Leasú 9]
(8) Ba cheart don Aontas tacú leis an trasdul i dtreo an aontachais ar mhaithe le leas na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, bunaithe ar an taithí atá ag na Ballstáit. Ba cheart don chomhar seo díriú go háirithe ar an taithí atá faighte ag na Ballstáit sa phróiseas athchóirithe a roinnt.
(9) Is ríthábhachtach go mbeidh comhar straitéiseach agus oibríochtúil ann idir an tAontas agus na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir le slándáil chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála agus sceimhlitheoireachta go héifeachtach agus go héifeachtúilTá sé ríthábhachtach go mbeadh comhar straitéiseach agus oibríochtúil ann idir an tAontas agus na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir le slándáil agus le hathchóiriú na hearnála cosanta chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála, ar bhagairtí na coireachta eagraithe agus ar bhagairtí na sceimhlitheoireachta go héifeachtach agus go héifeachtúil. [Leasú 10]
(9a) Le gníomhaíochtaí faoin ionstraim arna bunú leis an Rialachán seo, ba cheart go rannchuideofaí freisin le cúnamh a thabhairt do na tairbhithe san ailíniú forásach leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), agus le bearta sriantacha a chur chun feidhme chomh maith le beartais sheachtracha ghinearálta an Aontais in institiúidí idirnáisiúnta agus i bhfóraim iltaobhacha. Ba cheart don Choimisiún na tairbhithe a spreagadh chun ord domhanda atá bunaithe ar rialacha agus ar luachanna a choimeád i réim agus chun oibriú i gcomhar le chéile i ndáil le hiltaobhachas a chur chun cinn agus le tuilleadh neartaithe a dhéanamh ar an gcóras trádála idirnáisiúnta, lena n-áirítear athchóirithe WTO.[Leasú 11]
(10) Tá sé ríthábhachtach dlús a chur le comhar maidir le himirce lena n‑áirítear bainistiú teorann, lena n‑áirithítear rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, faisnéis ábhartha a roinnt, na buntáistí a bhaineann le himirce a neartú, imirce dhleathach agus saothair a éascú, rialú teorann a fheabhsú agus ár n‑iarrachtaí sa troid in aghaidh imirce mhídhleathach, gáinneáil ar neacha daonna agus smugláil imirceoiríGné thábhachtach den chomhar idir an tAontas agus na tairbhithe is ea comhar maidir le himirce, lena n-áirítear bainistiú agus rialú teorann, lena n-áirithítear go mbeidh rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go ndéanfar faisnéis ábhartha a chomhroinnt, go neartófar tairbhí forbartha na himirce, go n-éascófar an imirce dhleathach agus saothair, go bhfeabhsófar an rialú teorann agus na hiarrachtaí chun an imirce mhídhleathach agus an t-easáitiú éigeantach a chosc agus a dhíspreagadh, agus chun comhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine agus na smuigleála daoine. [Leasú 12]
(11) Na príomhdhúshláin atá ann don chuid is mó de na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I an smacht reachta, lena n‑áirítear an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, a neartú agus an dea-rialachas a neartú, lena n‑áirítear an riarachán poiblí a athchóiriú, agus tá sin bunriachtanach chun go ndruidfeadh tairbhithe i dtreo an Aontais agus chun na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht an Aontais a ghlacadh chucu féin ina n‑iomláine dá éis sin. I bhfianaise go mbeidh na hathchóirithe atá le baint amach sna réimsí sin níos fadtéarmaí agus i bhfianaise an ghá atá le cuntais teiste a fhorbairt, ba cheart don chúnamh airgeadais faoin Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar na ceanglais a chuirtear ar na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I sa réimse sin a luaithe is féidirTá an smacht reachta, lena n-áirítear neamhspleáchas na mbreithiúna, an comhrac in aghaidh an éillithe, an sciúrtha airgid agus na coireachta eagraithe, agus an dea-rialachas, lena n-áirítear athchóiriú ar an riarachán poiblí, tacaíocht a sholáthar do chosantóirí chearta an duine, ailíniú leanúnach i ndáil le trédhearcacht, le soláthar poiblí, le hiomaíocht, le stáchabhair, le maoin intleachtúil agus le hinfheistíocht choigríoch fós ina bpríomhdhúshláin agus tá sé bunriachtanach go ndéanfaí iad a neartú chun go ndruidfeadh na tairbhithe níos neasa don Aontas agus go agus go n-ullmhóidís leis na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht an Aontais a ghlacadh chucu féin ina n-iomláine. I bhfianaise go mbeidh na hathchóirithe atá le baint amach sna réimsí sin níos fadtéarmaí agus go bhfuil gá le cuntais teiste a fhorbairt, ba cheart an cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo a chláreagrú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin a luaithe is féidir. [Leasú 13]
(12) I gcomhréir le prionsabal an daonlathais rannpháirtigh, ba cheart don Choimisiún formhaoirsiú parlaiminteach a spreagadh i ngach tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn ITá an ghné pharlaiminteach bunriachtanach i gcónaí sa phróiseas aontachais. Dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal an daonlathais rannpháirtigh, ba cheart don Choimisiún neartú acmhainneachtaí parlaiminteacha, formhaoirsiú parlaiminteach, nósanna imeachta daonlathacha agus ionadaíocht chothrom a spreagadh i ngach tairbhí de na tairbhithe. [Leasú 14]
(13) Is gá do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith ullmhaithe níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda, amhail an fhorbairt inbhuanaithe agus an t‑athrú aeráide, agus iad féin a ailíniú le hiarrachtaí an Aontais chun tabhairt faoi na saincheisteanna sin. Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é gur cheart go rannchuideodh an Clár seo chun na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus le baint amach na sprice arb é atá ann 25 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Le gníomhaíochtaí faoin gClár seo, meastar go gcaithfear 16 % d’imchlúdach airgeadais foriomlán an Chláir ar chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ba cheart go mbeadh an rannchuidiú foriomlán ón rialachán seo mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábharthaIs gá do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, amhail an fhorbairt inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide, agus iad féin a chur i gcomhréir le hiarrachtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a chur chun feidhme, leis an gClár seo, ba cheart go rannchuideofaí leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus le baint amach na sprice arb é atá ann 25 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Le gníomhaíochtaí faoin gClár seo, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm go ndéanfaí 16 % ar a laghad d’imchlúdach airgeadais foriomlán an Chláir a chaitheamh ar chuspóirí aeráide, agus tréaniarracht á déanamh go mbainfear amach an sprioc go sroichfidh an caiteachas a bhaineann leis an aeráid 30 % de chaiteachas CAI faoi 2027. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail chomhshaoil lena dtugtar aghaidh ar thruailliú trasteorann. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn an Rialachán seo a ullmhú agus a fhorghníomhú, agus ba cheart go mbeadh an rannchuidiú foriomlán ón gClár seo ina chuid de mheastóireachtaí agus próisis athbhreithnithe ábhartha. [Leasú 15]
(14) Aon ghníomhaíocht faoin Ionstraim seo, ba cheart di tacú le cur chun feidhme Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, mar chlár oibre uilíoch, a bhfuil gealltanas daingean tugtha ag an Aontas Eorpach agus ag chuid Ballstát ina leith agus a ndearna na tairbhithe ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn I a fhormhuiniú.
(15) Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don tréimhse ina gcuirtear i bhfeidhm é arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le tabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe idirinstitiúide nua: pointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(8)], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.
(16) Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhlíonadh, comhchuibheas, agus comhlántacht a gcúnaimh a áirithiú, go háirithe trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh. Ba cheart na bearta is gá a dhéanamh chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú, lena n‑áirítear trí chomhairliúcháin rialta, le deontóirí eile. Ba cheart an ról atá ag an tsochaí shibhialta a fheabhsú sna cláir a chuirfear chun feidhme trí chomhlachtaí rialtais agus mar thairbhí díreach den chúnamh ón AontasBa cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhlíonadh, comhchuibheas, comhsheasmhacht agus comhlántacht cúnaimh maoinithe sheachtraigh a áirithiú, go háirithe trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh. Ba cheart na bearta is gá a dhéanamh chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin rialta, le deontóirí eile. Ba cheart go mbeadh ról fónta sa phróiseas ag eagraíochtaí neamhspleácha éagsúla den tsochaí shibhialta agus ag cineálacha agus leibhéil dhifriúla údarás áitiúil. I gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí, ba cheart go mbeadh lámh ag eagraíochtaí den tsochaí shibhialta i gceapadh, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht na gclár a fhorghníomhófar trí chomhlachtaí rialtais agus ina dtairbhithe díreacha de chúnamh ón Aontas. [Leasú 16]
(17) Na tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta chun cuspóirí sna réimsí ábhartha beartais a bhaint amach, a dtacófar leo faoin Rialachán seo, ba cheart iad a shainiú i gcreat clársceideálaithe a bhunóidh an Coimisiún do ré Chreat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais don tréimhse ó 2021 go 2027, i gcomhpháirt leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, bunaithe ar an gclár oibre um méadú agus ar a riachtanais shonracha, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainítear sa Rialachán seo, agus aird chuí á tabhairt ar na straitéisí ábhartha náisiúnta. Ba cheart don chreat clársceideálaithe na réimsí a dtabharfar tacaíocht dóibh a shainaithint trí leithdháileadh táscach a thabhairt mar chúnamh in aghaidh na réimse tacaíochta, lena n‑áirítear meastúchán maidir leis na speansais a bhaineann leis an aeráidBa cheart cuspóirí sonracha agus intomhaiste sna réimsí beartais ábhartha a shainiú do gach tairbhí, agus ina dhiaidh sin tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta i leith na gcuspóirí sin a bhaint amach i gcreat cláreagraithe arna bhunú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Ba cheart an creat cláreagraithe a bhunú i gcomhpháirtíocht leis na tairbhithe, bunaithe ar an gclár oibre um méadú agus ar a riachtanais shonracha, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainítear sa Rialachán seo, agus le prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus straitéisí ábhartha náisiúnta agus rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh go cuí. Ba cheart, de réir mar is iomchuí, údaráis inniúla, maille le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta, a áireamh sa chomhpháirtíocht sin. Ba cheart go spreagfadh an Coimisiún comhar i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha agus comhordú deontas. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat cláreagraithe i ndiaidh na meastóireachta meántéarmaí. Leis an gcreat cláreagraithe, ba cheart go sainaithneofaí na réimsí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh trí leithdháileadh táscach a thabhairt mar chúnamh in aghaidh an réimse tacaíochta, lena n-áirítear meastachán ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid. [Leasú 17]
(18) Is é leas an Aontais é cuidiú leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ina n‑iarrachtaí maidir le hathchóiriú chun ballraíocht Aontais a bhaint amach. Ba cheart cúnamh a bhainistiú le fócas láidir ar thorthaí agus le dreasachtaí dóibh siúd a léiríonn a dtiomantas don athchóiriú tríd an gcúnamh réamhaontachais a chur chun feidhme go héifeachtúil agus trí dhul chun cinn a dhéanamh chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadhIs chun leasa choitinn an Aontais agus na dtairbhithe é cúnamh a thabhairt dona tairbhithe agus iarrachtaí á ndéanamh acu chun a gcórais pholaitiúla, dhlíthiúla agus eacnamaíocha a athchóiriú d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas. Ba cheart an cúnamh a bhainistiú i gcomhréir le cur chuige bunaithe ar fheidhmíocht agus i riocht is go mbeidh dreasachtaí suntasacha ann d’úsáid níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bheith á baint as cistí acu siúd a léiríonn a dtiomantas don athchóiriú trí chúnamh réamhaontachais a chur chun feidhme go héifeachtúil agus trí dhul chun cinn a dhéanamh ionsar na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh. Ba cheart an cúnamh a leithdháileadh i gcomhréir le prionsabal an ‘chion chothroim’ agus iarmhairtí soiléire ann i gcásanna ina rachadh an urraim do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta agus do chearta an duine ar gcúl go tromchúiseach agus ina mbeadh dul chun cinn ina leith sin in easnamh. [Leasú 18]
(18a) Ba cheart don Choimisiún sásraí soiléire faireacháin agus meastóireachta a chur ar bun chun a áirithiú go leanfaidh na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí i dtaca le tairbhithe éagsúla de bheith ábhartha agus indéanta agus chun dul chun cinn a thomhas go rialta. Chuige sin, ba cheart go mbeadh táscaire feidhmíochta amháin nó níos mó,lena ndéantar measúnú ar na tairbhithe athchóirithe a ghlacadh agus ar a gcur chun feidhme nithiúil. [Leasú 19]
(19) Ba cheart don trasdul ó bhainistiú díreach na gcistí réamhaontachais ag an gCoimisiún go bainistiú indíreach ag na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith forásach agus i gcomhréir le cumas na dtairbhithe sin faoi seach. Ba cheart go leanfadh an cúnamh d'úsáid a bhaint as na struchtúir agus as na hionstraimí a chruthaigh go raibh fiúntas leo sa phróiseas réamhaontachaisBa cheart don aistriú ó bhainistiú díreach na gcistí réamhaontachais arna dhéanamh ag an gCoimisiún go bainistiú indíreach arna dhéanamh ag na tairbhithe a bheith forásach agus i gcomhréir le hacmhainneachtaí na dtairbhithe sin faoi seach. Ba cheart an t-aistriú sin a fhreaschur nó a chur ar fionraí i réimsí beartais nó cláir ar leith i gcás ina mainníonn na tairbhithe oibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh nó na cistí ón Aontas a riar i gcomhréir leis na rialacha, na prionsabail agus na hoibleagáidí seanbhunaithe. Le cinneadh den sórt sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar aon iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart go leanfadh an cúnamh d'fheidhm a bhaint as na struchtúir agus as na hionstraimí a chruthaigh go raibh fiúntas leo sa phróiseas réamhaontachais. [Leasú 20]
(20) Ba cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil chun an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhtháthú agus trí chomhlántacht idir ionstraimí maoinithe seachtracha an Aontais, chomh maith le sineirgíochtaí chruthú idir beartais agus cláir eile de chuid an Aontais. Áirítear ar an méid sin, i gcás inarb iomchuí, comhtháthú agus comhlántacht maidir le chúnamh macra-airgeadaisBa cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil chun an tionchar is mó is féidir a bheith ag a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach, chun forluí le hionstraimí maoinithe sheachtraigh eile atá ann a sheachaint, trí chomhtháthú, trí chomhsheasmhacht agus trí chomhlántacht i measc ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, chomh maith le sineirgí a chruthú le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais. Áirítear ar an méid sin, i gcás inarb ábhartha, comhtháthú agus comhlántacht le cúnamh macra-airgeadais. [Leasú 21]
(21) Chun an leas is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag na hidirghabhálacha le chéile chun cuspóir comhchoiteann a ghnóthú, ba cheart go mbeadh an Rialachán seo in ann rannchuidiú le gníomhaíochtaí faoi chláir eile de chuid an Aontais, a fhad agus nach gcumhdóidh na ranníocaíochtaí na costais chéanna.
(21a) Gan dochar don nós imeachta buiséadach ná do na forálacha maidir le cúnamh a chur ar fionraí arna mbunú i gcomhaontuithe idirnáisiúnta le tairbhithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun cúnamh ón Aontas a chur ar fionraí nó a chur ar fionraí go páirteach. Ba cheart an chumhacht sin a úsáid i gcásanna ina bhfuiltear ag dul siar go seasta ar chritéar amháin nó níos mó de chritéir Chóbanhávan nó i gcás ina mainníonn an tairbhí prionsabail an daonlathais, an smachta reachta, chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú nó ina sáraíonn sé na gealltanais a tugadh sna comhaontuithe ábhartha a tugadh i gcrích leis an Aontas. I gcás ina suífidh an Coimisiún nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna lenar tugadh údar leis an gcúnamh a chur ar fionraí, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn I a leasú chun cúnamh ón Aontas a athbhunú. [Leasú 22]
(22) Ba cheart cistiúchán ón Rialachán seo a úsáid chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoi ghnéithe idirnáisiúnta Erasmus, ar i gcomhréir le Rialachán (AE) .../... (“Rialachán Erasmus”) ba cheart a gcur chun feidhme a chur i gcrích(9).
(23) Ba cheart feidhm maidir leis an Rialachán seo a bheith ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE. Leagtar síos na rialacha sin le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10) (“an Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, trí chúnamh airgeadais, trí thacaíocht bhuiséid, trí chistí iontaobhais, trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíochtaí buiséid agus déantar foráil iontu maidir le seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnamh ginearálaithe maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit agus i dtríú tíortha, toisc go bhfuil an urraim don smacht reachta ríthábhachtach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach an Aontais Eorpaigh.
(24) Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán AirgeadaisMaidir leis na cineálacha maoinithe agus na modhanna forghníomhaithe faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumais cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach, agus ar bhonn a gcumais torthaí a ghnóthú, ba cheart iad a roghnú, agus costais na rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamhchomhlíonta a mheastar a bheith ann á gcur san áireamh go háirithe. Ba cheart a bheith san áireamh leis sin breithniú i dtaobh úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais amhail dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. [Leasú 23]
(25) Ba cheart don Aontas leanúint de ag cur rialacha coiteanna i bhfeidhm maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí seacahtracha. Leagfar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú i Rialachán (AE) Uimh. [NDICI] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart forálacha mionsonraithe breise a leagan síos chun tabhairt faoi na cásanna sonracha go háirithe le haghaidh comhar trasteorann, talmhaíocht agus an réimse beartais a bhaineann le forbairt tuaitheBa cheart don Aontas leanúint de rialacha comhchoiteanna a chur i bhfeidhm i gcomhair chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí seachtracha. Leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta i dtaobh chur i bhfeidhm ionstraimí sin an Aontais le haghaidh gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú i Rialachán (AE) .../...(“Rialachán NDICI”) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart forálacha mionsonraithe breise a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sonracha go háirithe do chomhar trasteorann, don talmhaíocht agus don réimse beartais um fhorbairt tuaithe. [Leasú 24]
(26) Is minic a chuirtear gníomhaíochtaí seachtracha chun feidhme i dtimpeallacht an-ghuagach lenar gá oiriúnú leanúnach tapa do riachtanais chomhpháirtithe an Aontais atá ag teacht chun cinn agus do dhúshláin dhomhanda amhail cearta daonna, an daonlathas agus an dea-rialachas, an tslándáil agus an chobhsaíocht, athrú aeráide agus an comhshaol, agus imirce mhídhleathach agus na bunchúiseanna léi. Chun prionsabal na hintuarthachta agus an gá atá le freagairt go mear do riachtanais nua a thabhairt le chéile, ní mór cur chun feidhme airgeadais na gclár a oiriúnú dá bharr sin. Chun cur le cumas an Aontais freagairt do riachtanais neamhthuartha, agus urraim á tabhairt don phrionsabal go leagtar amach buiséad an Aontais gach bliain, ba cheart an deis a fhorchoimeád sa Rialachán seo chun an tsolúbthacht a chur i bhfeidhm, lenar féidir leis an Rialachán Airgeadais a chur i bhfeidhm maidir le beartais eile cheana féin, mar atá cistí a thabhairt anonn agus a athghealladh cistí a gealladh roimhe, chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as cistí an Aontais le haghaidh shaoránaigh an Aontais agus na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I araon, agus chun an leas is mó is féidir a bhaint as cistí an Aontais Eorpaigh, dá réir sin, le haghaidh idirghabhálacha ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais EorpaighIs minic a chuirtear gníomhaíochtaí seachtracha chun feidhme i dtimpeallacht an-ghuagach, rud a fhágann gur gá oiriúnú go leanúnach agus go tapa do riachtanais chomhpháirtithe an Aontais atá ag teacht chun cinn agus do dhúshláin dhomhanda amhail cearta an duine, an daonlathas agus an dea-rialachas, slándáil, cosaint agus cobhsaíocht, an t-athrú aeráide agus an comhshaol, caomhnaitheacht eacnamaíoch, an imirce neamhrialta agus easáitiú éigeantach agus na bunchúiseanna atá leis Chun prionsabal na hintuarthachta agus an gá atá le freagairt go mear do riachtanais nua a thabhairt le chéile, ní mór, uime sin, forghníomhú airgeadais na gclár a oiriúnú. Chun cur le cumas an Aontais freagairt do riachtanais gan choinne, agus urraim a thabhairt, ag an am céanna, don phrionsabal go socraítear buiséad an Aontais gach bliain, ba cheart an deis a fhorchoimeád sa Rialachán seo chun na solúbthachtaí a chur i bhfeidhm, rud is féidir a dhéanamh cheana leis an Rialachán Airgeadais maidir le beartais eile, eadhon cistí a thabhairt anonn agus athghealladh cistí a gealladh roimhe, agus na spriocanna agus na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh, chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as cistí an Aontais le haghaidh shaoránaigh an Aontais agus na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I araon, agus dá réir sin chun an leas is mó is féidir a bhaint as cistí an Aontais Eorpaigh atá ar fáil le haghaidh idirghabhálacha ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart cineálacha breise solúbthachta a cheadú, amhail athdháileadh i measc tosaíochtaí, tionscadail chéimnithe agus róchonraitheoireacht. [Leasú 25]
(27) Leis an gCiste Eorpach nua um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI+), ag cur leis an gciste a tháinig roimhe, ba cheart go gcuimseofaí ann pacáiste airgeadais comhtháthaithe, lena dtabharfar acmhainneacht mhaoiniúcháin i bhfoirm deontas, ráthaíochtaí buiséadacha agus ionstraimí airgeadais eile ar fud an domhain, lena n‑áirítear do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. An rialachas le haghaidh na n‑oibríochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo, ba cheart do Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar leanúint dá n‑áirithiú.
(28) Ba cheart don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tacú le hoibríochtaí CEFI+ agus ba cheart do IPA III rannchuidiú le soláthar do riachtanais i ndáil le hoibríochtaí a rachaidh chun sochair do thairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n‑áirítear an soláthar agus na dliteanais a eascraíonn as iasachtaí cúnaimh mhacra-airgeadais.
(29) Is tábhachtach a áirithiú go ndéantar cláir comhair trasteorann a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcreat arna bhunú sna cláir gníomhaíochtaí seachtracha agus sa rialachán maidir le comhar críochach. Ba cheart forálacha comhmhaoinithe sonracha a leagan síos sa Rialachán seo.
(29a) Is iad cláir um chomhar trasteorann na cláir is feiceálaí den Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, agus is aithnidiúil do shaoránaigh iad. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh cláir um chomhar trasteorann feabhas suntasach a chur ar infheictheacht na gclár arna gcistiú ag AE sna stáit is iarrthóirí. [Leasú 26]
(30) Is ionann cláir oibre faoin Rialachán Airgeadais agus pleananna gníomhaíochta bliantúla agus ilbhliantúla agus bearta dá dtagraítear in Airteagal 8. Is é atá i gceist le pleananna gníomhaíochta bliantúla agus ilbhliantúla sraith de bhearta a chuirtear le chéile in aon doiciméad.
(31) I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95(12) ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96(13) ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939(14) ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta éifeachtacha agus comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus an chalaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú a mbíonn éifeacht acu ar leas airgeadais an Aontais mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, agus i gcás inarb iomchuí do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ba cheart dóibh na mírialtachtaí a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún, lena n‑áirítear calaois arb iad ab ábhar do thorthaí príomha riaracháin nó torthaí breithiúnacha, agus an Coimisiún a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn nós imeachta riaracháin nó dlí. Ba cheart an tuairisciú sin a dhéanamh go leictreonach, agus é mar chuspóir an tuairisiciú a chur i gcomhréir le dea-chleachtais sna Ballstáit, tríd an gCóras Bainistíochta Mírialtachtaí a úsáid arna bhunú ag an gCoimisiún.
(31a) Ba cheart gach leithdháileadh cistiúcháin faoin Rialachán seo a dhéanamh ar bhealach trédhearcach, éifeachtach, cuntasach, dípholaitithe agus neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear trí bhíthin dáileadh cothrom atá ina léiriú ar riachtanais na réigiún agus ar riachtanais na mbardas áitiúil.Ba cheart don Choimisiún, do Leas-Uachtarán/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR), agus do thoscaireachtaí ón Aontas go háirithe, dlúthfhaireachán a dhéanamh féachaint go gcomhlíonfar na critéir sin agus go n-urramófar prionsabail na trédhearcachta, na cuntasachta agus an neamh-idirdhealaithe agus na cistí á leithdháileadh. [Leasú 27]
(31b) Ba cheart don Choimisiún, don Leas-Uachtarán/Ard-ionadaí, agus go háirithe do thoscaireachtaí ón Aontas agus do na tairbhithe, feabhas a chur ar infheictheacht an chúnaimh réamhaontachais ón Aontas chunan breisluach a ghabhann le tacaíocht an Aontais a chur in iúl. Ba cheart d’fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas aitheantas a thabhairt d’fhoinse chistiúchán an Aontais agus a infheictheacht chuí a áirithiú. Le IPA, ba cheart go rannchuideofaí le gníomhaíochtaí cumarsáide a mhaoiniú le haghaidh thorthaí chúnamh an Aontais a chur chun cinn i measc sainghrúpaí iomadúla i dtíortha na dtairbhithe. [Leasú 28]
(32) Chun athruithe sa chreat beartais um méadú nó forbairtí móra maidir leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnaimh a choigeartú agus a thabhairt cothrom le dáta a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III. Tá sé tábhachtach, go háirithe, don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(33) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo go háirithe maidir le coinníollacha sonracha agus struchtúir shonracha le haghaidh bainistíocht indíreach leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus maidir le cur chun feidhme cúnamh forbartha tuaithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011(17) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Agus na coinníollacha aonfhoirmeacha á mbunú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhainistiú agus ó chur chun feidhme an chúnaimh réamhaontachais roimhe sin a chur san áireamh. Ba cheart na coinníollacha aonfhoirmeacha sin a leasú más gá. [Leasú 29]
(34) Ba cheart don choiste a bhunófar faoin Rialachán seo a bheith inniúil freisin i leith gníomhartha dlí agus ghealltanais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006(18), faoi Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 agus i leith chur chun feidhme Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh 389/2006(19) ón gComhairle. [Leasú 30]
(34a) Ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach go hiomlán i gcéimeanna ceaptha, cláreagraithe, faireacháin agus meastóireachta na n-ionstraimí chun rialú polaitiúil agus grinnscrúdú daonlathach a ráthú chomh maith le cuntasacht as cistiú an Aontais i réimse na gníomhaíochtaí seachtraí.Ba cheart idirphlé feabhsaithe idir na hinstitiúidí a bhunú chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann rialú polaitiúil a fheidhmiú le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar mhodh córasach agus réidh, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar dhlisteanacht araon. [Leasú 31]
(35) Chun gur féidir na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go prapúil, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo an Clár ‘Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais’ (‘IPA III’).
Leagtar síos leis a chuspóirí, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cúnaimh ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcúnamh sin a sholáthar.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) Ciallaíonn ‘comhar trasteorann’ comhar idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a liostaítear in Iarscríbhinn I, idir dhá thairbhí nó níos mó a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó idir tairbhithe a liostaítear san Iarscríbhinn sin agus tíortha agus críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán ICFCI dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3 (1) de Rialachán (AE) .../... (“Rialachán ETC”)(20).
(b) Ciallaíonn ‘prionsabal na comhroinnte córa cúnaimh’ an cur chuige bunaithe ar fheidhmíocht a chomhlánú le sásra um leithdháileadh ceartaitheach, i gcásanna ina mbeadh an cúnamh a thabharfaí don tairbhí go díréireach íseal nó ard murach sin i gcomórtas leis na tairbhithe eile, agus riachtanais an phobail atá buailte agus an dul chun cinn coibhneasta i dtaobh athchóirithe a bhaineann le tús a chur le hidirbheartaíocht aontachais nó an dul chun cinn ina leith á gcur san áireamh. [Leasú 32]
Airteagal 3
Cuspóirí IPA III
1. Is é an aidhm a bheidh leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (‘IPA III’) tacú leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I i nglacadh agus i gcur chun feidhme na n‑athchóirithe polaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíocha a theastaíonn ó na tairbhithe sin, cloí le luachanna an Aontais agus chun iad féin a chur i gcomhréir de réir a chéile le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas, agus trína bhíthin sin cur lena gcobhsaíocht, lena slándáil agus lena rathúnasIs é an cuspóir ginearálta a bheidh leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (‘IPA III’) tacú leis na tairbhithe na hathchóirithe polaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíocha a theastaíonn ó na tairbhithe sin chun cloí le luachanna agus acquis an Aontais agus chun iad féin a chur i gcomhréir de réir a chéile le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais, a ghlacadh agus a chur chun feidhme d’fhonn ballraíocht san Aontas a bhaint amach, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis an tsíocháin, leis an gcobhsaíocht, leis an tslándáil agus leis an rathúnas agus le leasanna straitéiseacha an Aontais. [Leasú 33]
2. Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag IPA III:
(a) An smacht reachta, daonlathas, urraim do chearta an duine, cearta bunúsacha agus an dlí idirnáisiúnta, an tsochaí shibhialta agus an tslándáil a neartú chomh maith le bainistiú imirce a fheabhsú lena n‑áirítear bainistiú teorannan smacht reachta, an daonlathas, an urraim do chearta an duine, lena n-áirítear iad siúd atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus ag leanaí, an comhionannas inscne, cearta bunúsacha agus an dlí idirnáisiúnta, an tsochaí shibhialta, an tsaoirse acadúil, an tsíocháin agus an tslándáil, an urraim don éagsúlacht chultúrtha, an neamh-idirdhealú agus an chaoinfhulaingt a neartú; [Leasú 34]
(aa) aghaidh a thabhairt ar an easáitiú éigeantach agus ar an imirce neamhrialta, féachaint chuige go dtéitear ar imirce ar bhealach sábháilte, rianúil agus rialta, agusan rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a choimirciú;[Leasú 35]
(b) Éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú agus tacú le hathchóirithe struchtúracha agus le dea-rialachas ar gach leibhéal éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú agus tacú le trédhearcacht, le hathchóirithe struchtúracha, le neamhspleáchas na mbreithiúna, leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe agus le dea-rialachas ar gach leibhéal, lena n-áirítear i réimse an tsoláthair phoiblí, i réimse na státchabhrach, i réimse na hiomaíochta, i réimse na hinfheistíochta coigríche agus i réimse na maoine intleachtúla; [Leasú 36]
(c) Na rialacha, na caighdeáin, na beartais agus cleachtais na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhúnlú i gcomhréir leo siúd de chuid an Choimisiúin agus athmhuintearas agus dea-chaidrimh a threisiú idir comharsanaigh, chomh maith le teagmhálacha agus cumarsáid idir daoinerialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais na dtairbhithe a mhúnlú i gcomhréir leo siúd de chuid an Choimisiúin, lena n-áirítear maidir le CBES, an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe iltaobhach a threisiú agus athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachtainmheánach agus seachtrach a threisiú, chomh maith le cothú na síochána agus cosc coinbhleachtaí, lena n-áirítear trí forbairt muiníne agus idirghabháil, oideachas cuimsitheach agus comhtháite teagmhálacha idir daoine, saoirse na meán agus cumarsáid; [Leasú 37]
(d) Forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a neartú lena n‑áirítear trí idirnascacht mhéadaithe agus forbairt réigiúnach, forbairt talmhaíochta agus tuaithe agus beartais shóisialta agus fostaíochta, chun cosaint comhshaoil a threisiú, buanseasmhacht a mhéadú in aghaidh an athraithe aeráide, dlús a chur leis an athrú i dtreo geilleagar ísealcharbóin agus an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach a fhorbairtforbairt agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú lena n-áirítear trí idirnascacht mhéadaithe agus forbairt réigiúnach, forbairt talmhaíochta agus tuaithe agus beartais shóisialta agus fostaíochta, bochtaineacht agus míchothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú, cosaint agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí struchtúir comhair réigiúnaigh státleibhéil, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus acmhainneachtaí tionscnamh pobalbhunaithe a neartú, trí thacú le hinfheistíocht i gceantair thuaithe agus tríd an timpeallacht ghnó agus infheistíochta a fheabhsú; [Leasú 38]
(da) cosaint an chomhshaoil a threisiú, buanseasmhacht a mhéadú in aghaidh an athraithe aeráide, dlús a chur leis an athrú i dtreo geilleagar ísealcharbóin agus an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach a fhorbairt, agus deiseanna fostaíochta a chruthú ar an gcuma sin, go háirithe don ógra; [Leasú 39]
(e) Tacú le comhar críochach agus trasteoranntacú le comhar críochach agus trasteorann, lena n-áirítear thar theorainneacha muirí agus feabhas a chur ar an gcaidreamh trádála agus eacnamaíoch trí chomhaontuithe atá ann cheana leis an Aontas a chur chun feidhme ina n-iomláine agus trí mhíchothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú. [Leasú 40]
3. I gcomhréir leis na cuspóirí sonracha, leagtar amach in Iarscríbhinn II tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnamh a thabhairt de réir riachtanas agus cumais na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Leagtar amach in Iarscríbinn III tosaíochtaí téamacha le haghaidh comhar trasteorann idir tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Féadfaidh gach ceann de na tosaíochtaí sin rannchuidiú le níos mó ná cuspóir sonrach amháin a bhaint amach.
Airteagal 4
An buiséad
1. Is é EUR 14 500 000 00013 009 976 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 14 663 401 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme IPA III don tréimhse 2021 – 2027. [Leasú 41]
2. Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin do chur chun feidhme an Chláir, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta lena n‑áirítear córais chorparáideacha na teicneolaíochta faisnéise agus aon ghníomhaíochtaí a bhaineann le hullmhú an chláir a thiocfaidh i gcomharba air le haghaidh cúnamh réamhaontachais, i gcomhréir le hAirteeagal 20 de [Rialachán ICFCI]Déanfar céatadán socraithe den mhéid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin d’fhorghníomhú an Chláir, ar a n-áireofar gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta, tacaíocht do neartú institiúideach agus d’fhorbairt acmhainneachta riaracháin lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha agus aon ghníomhaíochtaí a bhaineann le hullmhú an chláir a thiocfaidh ina dhiaidh le haghaidh cúnamh réamhaontachais. [Leasú 42]
Airteagal 5
Forálacha traschláir
1. Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheofar go mbeidh comhleanúnachas, sineirgíochtaí agus comhlántachtaí ann ó thaobh réimsí eile gníomhaíochta de chuid an Aontais de agus ó thaobh beartais agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais de agus go mbeidh comhsheasmhacht beartas ann ó thaobh forbartha deAgus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, áiritheofar comhleanúnachas, sineirgí agus comhlántachtaí le réimsí eile gníomhaíochta de chuid an Aontais agus le beartais agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais, chomh maith le comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt. [Leasú 43]
2. Beidh feidhm ag [Rialachán ICFCI] maidir le gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin Rialachán seo i gcás ina dtagraítear dó sa Rialachán seoBeidh feidhm ag [Rialachán ICFCI] maidir le gníomhaíochtaí a fhorghníomhófar faoin Rialachán seo i gcás ina dtagraítear dó sa Rialachán seo. [Leasú 44]
3. Rannchuideoidh IPA III le gníomhaíochtaí arna mbunú faoi Rialachán Erasmus. Beidh feidhm ag Rialachán Erasmus maidir le húsáid na gcistí sin. Chuige sin, cuirfear rannchuidiú IPA III san áireamh sa doiciméad clársceideálaithe táscach aonair da dtagraítear i mír 7 d’Airteagal 11 de Rialachán ICFCI agus arna ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan síos sa Rialachán sin.
4. Féadfar cúnamh faoi IPA III a thabhairt do na cineálacha gníomhaíochta dá bhforáiltear faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus faoin gCiste Comhtháthaithe(21), faoi Chiste Sóisialta na hEorpa +(22),agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe(23) agus faoin gCiste um Cheartas, Chearta agus Luachanna, ar an leibhéal náisiúnta agus i gcomhthéacs trasteorann, trasnáisiúnta, idir-réigiúnach nó macrairéigiúnach. [Leasú 45]
4a. Déanfaidh an Coimisiún céatadán d’acmhainní IPA III a leithdháileadh chun na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ullmhú faoi choinne na rannphairtíochta i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE), go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE).[Leasú 46]
5. TabharfaidhFaoi CFRE,ranníocaíocht do chláir nó do bhearta a bhunófar faoin Rialachán seo le haghaidh comhair thrasteorann idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na Ballstáit. Glacfaidh an Coimisiún na cláir agus na bearta sin i gcomhréir le hAirteagal 16. Cinnfear méid na ranníocaíochta ó IPA-CBC de bhun Airteagal 10(3) de [Rialachán ETC]. Bainisteofar cláir IPA-Comhar Trasteorann i gcomhréir le [Rialachán ETC]déanfar ranníocaíocht le cláir nó le bearta a bhunófar faoin Rialachán seo le haghaidh comhar trasteorann idir na tairbhithe agus Ballstát amháin nó níos mó. Glacfaidh an Coimisiún na cláir agus na bearta sin i gcomhréir le hAirteagal 16. Cinnfear méid na ranníocaíochta ó IPA-CBC de bhun Airteagal 10(3) de Rialachán ETC, agus déanfar uastairseach do ranníocaíocht ó IPA III a shocrú ag 85 %. Bainisteofar cláir IPA-Comhar Trasteorann i gcomhréir le Rialachán ETC. [Leasú 47]
6. Féadfaidh ICR III rannchuidiú le cláir nó bearta maidir le comhar trasnáisiúnta nó idir-réigiúnach a bhunófar agus a chuirfear chun feidhme faoi Rialachán ETC agus a nglacfaidh na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I páirt ann.
7. I gcás inarb iomchuí, is féidir cláir eile de chuid an Aontais a úsáid chun cur le gníomhaíochtaí a cuireadh ar bun leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 8, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Chomh maith leis sin, is féidir an Rialachán seo a úsáid chun cur le bearta a cuireadh ar bun faoi chláir eile de chuid an Aontais, ar acht nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Sna cásanna sin, beidh sé leagtha síos sa chlár oibre lena gcuimhdaítear na gníomhaíochtaí sin cén tacar rialacha is infheidhme.
8. I gcúinsí a bhfuil bonn cirt cuí leo agus d'fhonn comhchuibheas agus éifeachtacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú nó comhar réigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ar incháilitheacht na gclár gníomhaíochta agus na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a leathnú chuig tíortha, críocha agus réigiúin nach dtagraítear dóibh in Iarscríbhinn I, i gcás ina mbeidh an clár nó an beart a bheidh le cur chun feidhmei bhfeidhm de chineál domhanda, réigiúnach nó trasteorann. [Leasú 48]
CAIBIDIL II
PLEANÁIL STRAITÉISEACH
Airteagal 6
Creat beartais agus prionsabail ghinearálta
1. An creat beartais um méadú arna sainiú ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, na comhaontuithe lena leagtar síos caidreamh atá ceangailteach de réir dlí leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, chomh maith le rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí ón gCoimisiún nó Teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, siúd uile a bheidh sa chreat beartais foriomlán le haghaidh cur chun feidhme an rialacháin seo. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhleanúnachas idir an cúnamh agus an creat beartais um méadúAn creat beartais um méadú arna shainiú ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, na comhaontuithe lena leagtar síos caidreamh atá ceangailteach de réir dlí leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, chomh maith le rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí ón gCoimisiún nó Teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, is iad siúd uile a bheidh sa chreat beartais cuimsitheach foriomlán le haghaidh chur i bhfeidhm an rialacháin seo. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhleanúnachas ann idir an cúnamh agus an creat beartais foriomlán um méadú
Áiritheoidh an Coimisiún comhordú idir gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus an beartas um méadú faoi chuimsiú chreat na gcuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 3.
Comhordóidh an Coimisiún an cláreagrú faoin Rialachán seo le rannpháirtíocht iomchuí SEGS.
Is é an creat beartais um méadú an bunús ar a ndéanfar cúnamh a thabhairt.[Leasú 49]
2. Leis na cláir agus na gníomhaíochtaí faoin gclár seo, príomhshruthófar an t‑athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil agus an chomhionannais inscne agus tabharfar aghaidh ar idirnaisc, i gcás is infheidhme, idir Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe(24), chun gníomhaíochtaí comhtháite a chur chun cinn lenar féidir comhthairbhí agus ilchuspóirí a chruthú ar bhealach comhleanúnachLeis na cláir agus na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, príomhshruthófar an t-athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil, cearta an duine, cosc agus réiteach coinbhleachtaí, imirce agus easáitiú éigeantach, slándáil, comhtháthú sóisialta agus réigiúnach, laghdú na bochtaineachta agus an comhionannas inscne agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfar aghaidh ar idirnaisc idir Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe34, chun gníomhaíochtaí comhtháite a chur chun cinn lenar féidir comhthairbhí agus ilchuspóirí a chruthú ar bhealach comhleanúnach. Beidh sé mar aidhm acu go ndéanfar trína mbíthin 16 % ar a laghad den imchlúdach airgeadais iomlán a rannchuidiú ar chuspóirí aeráide. [Leasú 50]
3. Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun comhsheasmhacht a áirithiú agus féachfaidh siad le dúbailt oibre a sheachaint idir an cúnamh a thugtar faoi IPA III agus cúnamh eile a thugann an tAontas, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta, i gcomhréir le prionsabail fadbhunaithe le haghaidh comhar oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, agus le haghaidh beartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú, go háirithe na [prionsabail idirnáisiúnta maidir le éifeachtúlacht na forbartha. Is éard a bheidh i gceist le comhordú comhairliúcháin rialta agus malartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla thimthriall an chúnaimh, agus ag cruinnithe atá oscailte do gach duine arb é is aidhm leo an cúnamh a chomhordú, agus beidh na comhairliúcháin sin ina gcéim thábhachtach i bpróisis clársceidealaithe de chuid an Aontais agus na mBallstátComhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun comhsheasmhacht a áirithiú agus seachnóidh siad dúbailt oibre idir an cúnamh a thugtar faoi IPA III agus cúnamh eile a thugann an tAontas, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta, i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe le haghaidh comhordú oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, agus le haghaidh beartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú, go háirithe na prionsabail idirnáisiúnta maidir le héifeachtacht na forbartha(25). Mar chuid den chomhordú beidh comhairliúcháin rialta, malartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh agus cruinnithe cuimsitheacha arb é is aidhm leo an cúnamh a chomhordú agus céim thábhachtach a bheidh sa chomhordú sin i bpróisis cláreagraithe an Aontais agus na mBallstát. Beidh sé mar aidhm leis an gcúnamh ailíniú a áirithiú le straitéis an Aontais le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach agus cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na gcistí, socruithe le haghaidh phrionsabal na comhpháirtíochta agus cur chuige comhtháite i leith forbairt chríochach. [Leasú 51]
3a. Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhpháirtíocht leis na tairbhithe. Mar chuid den chomhpháirtíocht, beidh, de réir mar is iomchuí, údaráis inniúla áitiúla agus údaráis inniúla náisiúnta, chomh maith le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta, rud a fhágfaidh go mbeidh siad in ann ról fónta a bheith acu le linn na gcéimeanna ceaptha, cur chun feidhme agus faireacháin.
Spreagfaidh an Coimisiún comhar i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha. Le cúnamh IPA III, neartófar acmhainneachtaí eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, mar thairbhithe díreacha cúnaimh.[Leasú 52]
4. Glacfaidh an Coimisiún na céimeanna is gá, i gcomhar leis na Ballstáit, chun comhordú agus comhlántacht le heagraíochtaí agus le heintitis réigiúnacha a áirithiú, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus institiúidí airgeadais, gníomhairí agus deontóirí neamh-Aontais.
CAIBIDIL III
CUR CHUN FEIDHMEAN CREAT CLÁREAGRAITHE AGUS FORGHNÍOMHÚ[Leasú 53]
Airteagal 7
Creat clársceidealaithe IPA
1. Beidh an cúnamh faoi IPA III bunaithe ar chreat clársceidealaithe IPA le haghaidh cuspóirí sonracha a thabhaiert i gcrích dá dtagraítear in Airteagal 3. Is é an Coimisiún a bhunóidh an creat clársceidealaithe IPA don tréimhse a bhaineann le creat airgeadais ilbhliantúil an AontaisForlíonfar an Rialachán seo le creat cláreagraithe de chuid IPA lena mbunaítear forálacha breise maidir le conas a dhéanfar na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 a shaothrú. Déanfaidh an Coimisiún creat cláreagraithe IPA a bhunú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Déanfaidh an Coimisiún na cáipéisí ábhartha cláreagraithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa in am trátha roimh thosach thréimhse an chláreagraithe. Sna cáipéisí sin, leagfar síos na leithdháiltí táscacha in aghaidh an ionú théamaigh agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, in aghaidh na tíre/an réigiúin, lena gcumhdófar torthaí ionchais agus rogha na socruithe cúnaimh. [Leasú 54]
1a. Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil don tréimhse ó 2021 go 2027.[Leasú 55]
2. An creat clársceidealaithe IPA, cuirfidh sé straitéisí náisiúnta ábhartha agus beartais earnála san áireamh de réir mar is cóirLe creat clárgeagraithe IPA, déanfar rúin agus seasaimh ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa agus straitéisí náisiúnta ábhartha agus beartais earnála ábhartha a chur san áireamh go cuí. [Leasú 56]
Díreofar an cúnamh ar chás sonrach na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus déanfar é a choigeartú do na cásanna sin, agus aird á tabhairt ar na hiarrachtaí breise a mbeidh gá leo chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh chomh maith le cumais na dtairbhithe sin. Déanfar an cúnamh a dhifreáil maidir le raon feidhme agus déine i gcomhréir le riachtanais, le tiomantas d’athchóirithe agus leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis na hathchóirithe sin a chur chun feidhme.
3. Gan dochar do mhír 4, déanfaidh an Coimisiún an creat clárscerideálaithe ICR a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le nós imeachta scrúdúcháin an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 16Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, glacfaidhan Coimisiún creat cláreagraithe IPA, lena n-áirítear na socruithe chun prionsabal an ‘chion chothroim’ a achtú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14. Rachaidh creat cláreagraithe IPA in éag faoin 30 Meitheamh 2025. Déanfaidh an Coimisiún creat nua cláreagraithe de chuid IPA a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2025, bunaithe ar an meastóireacht mheántéarma a bheith i gcomhréir leis na hionstraimí maoinithe sheachtraigh eile, agus rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh aige. I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach chreat cláreagraithe IPA, go háirithe i gcás ina bhfuil athruithe substainteacha ar an gcreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 6 agus rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh aige. [Leasú 57]
4. Glacfaidh an Coimisiún an creat clársceidealaithe le haghaidh comhar trasteorann leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10 (1) de Rialachán ETC.
5. Áireofar ar an gcreat clársceidealaithe IPA táscairí le measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn ag féachaint do na spriocanna a leagfar amach iontu a bhaint amach.Beidh creat cláreagraithe IPA bunaithe ar tháscairí soiléire agus infhíoraithe feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV le haghaidh measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaobh na spriocanna a leagfar amach ann a bhaint amach, inter alia, dul chun cinn agus torthaí sna réimsí seo a leanas:
(a) an daonlathas, an smacht reachta agus córas ceartais neamhspleách agus éifeachtúil;
(b) cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh agus de ghrúpaí leochaileacha iad;
(c) an comhionannas inscne agus cearta na mban;
(d) an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe;
(e) an t-athmhuintearas, cothú na síochána, dea-chaidreamh comharsanachta;
(f) saoirse na meán;
(g) ag dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar amach i gComhaontú Pháras.
Áireoidh an Coimisiún dul chun cinn i leith na dtáscairí sin ina thuarascálacha bliantúla.
Beidh an cur chuige feidhmíochtbhunaithe faoin Rialachán seo faoi réir malartuithe tráthrialta tuairimí i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle.[Leasú 123]
Airteagal 7a
Athbhreithniú agus meastóireacht mheántéarma
1. Glacfaidh an Coimisiún creat nua clárgeagraithe de chuid IPA bunaithe ar an meastóireacht mheántéarma. Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta meántéarma ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil meastóireachta meántéarma, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollag 2023 agus scrúdófar rannchuidiú an Aontais le cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, trí bhíthin táscairí lena ndéantar tomhas ar na torthaí a bhainfear amach agus ar aon tátal nó aon chonclúid i dtaca le tionchar an Rialacháin seo.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ionchur a sholáthar sa mheastóireacht sin. Eagróidh an Coimisiún agus SEGS comhairliúchán le geallsealbhóirí príomha agus tairbhithe príomha, lena n-áirítear eagraíochtaí den tsochaí shibhialta. Tabharfaidh an Coimisiún agus SEGS aird ar leith ar a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht orthu siúd is mó atá ar an imeall.
Fairis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar agus ar éifeachtacht a chuid gníomhaíochtaí in aghaidh an réimse idirghabhála, agus ar éifeachtacht an chláreagraithe, trí bhíthin meastóireachtaí seachtracha. Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS moltaí agus tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le meastóireachtaí seachtracha neamhspleácha a chur san áireamh. Sa mheastóireacht eatramhach, déanfar measúnú ar conas a d’fheidhmigh an tAontas i dtaobh spriocanna arna mbunú leis an Rialachán seo.
2. Sa tuarascáil meastóireachta meántéarma, tabharfar aghaidh freisin ar éifeachtúlacht, ar bhreisluach agus ar fheidhmiú an struchtúir maoiniúcháin sheachtraigh shimplithe agus shruthlínithe, ar chomhsheasmhacht inmheánach agus sheachtrach, agus ar ábharthacht leanúnach chuspóirí an Rialacháin seo, ar an gcomhlántacht agus na sinéirgí idir na gníomhaíochtaí a mhaoinítear, ar rannchuidiú na mbeart sin le gníomhaíocht sheachtrach chomhleanúnach de chuid an Aontais, agus ar a mhéid is atá an pobal i dtíortha is faighteoirí ar an eolas faoi thacaíocht airgeadais ón Aontas, i gcás inarb iomchuí.
3. Is é an cuspóir sonrach a bheidh leis an tuarascáil meastóireachta meántéarma a dhéanamh ná cur i bhfeidhm an chistithe ón Aontas a fheabhsú. Beidh sí ina bonn faisnéise do chinntí faoi athnuachan, modhnú nó cur ar fionraí na gcineálacha gníomhaíochta a chuirfear chun feidhme faoin Rialachán seo.
4. Beidh sa tuarascáil meastóireachta meántéarma freisin faisnéis chomhdhlúite as tuarascálacha bliantúla ábhartha faoin gcistiú uile arna rialú leis an Rialachán seo, lena n-áirítear ioncam sannta seachtrach agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus miondealú ar chaiteachas de réir na tíre is tairbhí, úsáid ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí.
5. Déanfaidh an Coimisiún tátail na meastóireachtaí, maille lena bharúlacha féin, a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, agus do na Ballstáit. Beifear in ann leas a bhaint as na torthaí agus cláir á gceapadh agus acmhainní á leithdháileadh.
6. Déanfaidh an Coimisiún na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, a chomhlachú sa phróiseas meastóireachta den chistiú sin ón Aontas a sholátharófar faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, féachaint le meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh in éineacht leis na Ballstáit agus i ndlúthchomhar leis na tíortha is tairbhithe.
7. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil meastóireachta meántéarma dá dtagraítear san Airteagal seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i dteannta, más iomchuí, tograí reachtacha ina leagfar amach leasuithe riachtanacha ar an Rialachán seo.
8. Ag deireadh thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnaitheach ar an Rialachán faoi na téarmaí céanna leis an meastóireacht mheántéarma dá dtagraítear san Airteagal seo.[Leasú 124]
Airteagal 7b
Cúnamh a chur ar fionraí
1. I gcás ina mainníonn tairbhí prionsabal an daonlathais, an smacht reachta, an dea-rialachas, an urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, nó caighdeáin sábháilteachta núicléiche a urramú, nó ina sáraíonn sé na gealltanais a tugadh sna comhaontuithe ábhartha a tugadh i gcrích leis an Aontas nó ina bhfuil sé ag dul siar go seasta ar chritéar amháin nó níos mó de chritéir Chóbanhávan, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 14, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú nó cúnamh ón Aontas a chur ar fionraí nó a chur ar fionraí go páirteach. I gcás fionraí páirteach, sonrófar na cláir a mbeidh feidhm ag an bhfionraí maidir leo.
2. I gcás ina suífidh an Coimisiún nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt do chúnamh a chur ar fionraí, tabharfar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 14, chun Iarscríbhinn I a leasú chun cúnamh ón Aontas a athbhunú.
3. I gcás fionraí páirteach, bainfear úsáid as cúnamh ón Aontas go príomha chun tacú le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus le gníomhaithe neamhstáit i ndáil le bearta a bhfuil sé mar aidhm leo cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus tacú le próisis daonlathaithe agus idirphlé i dtíortha comhpháirtíochta.
4. Le linn a chinnteoireachta, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa. [Leasú 125]
Airteagal 7c
Rialachas
Beidh grúpa stiúrtha cothrománach, a bheidh comhdhéanta de sheirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin agus SEGS agus a mbeidh an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí nó ionadaí ón oifig sin ina chathaoirleach air, freagrach as stiúradh, comhordú agus bainistiú na hionstraime seo i rith na timthrialla bainistithe chun comhleanúnachas, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht an mhaoinithe sheachtraigh uile ón Aontas a áirithiú. Déanfaidh an tArdionadaí/Leas-Uachtarán comhordú polaitiúil foriomlán ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú. I rith thimthriall an chláreagraithe, na pleanála agus chur i bhfeidhm na hionstraime, oibreoidh an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí agus SEGS le comhaltaí agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, arna sainaithint ar bhonn chineál agus chuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe, agus ag cur leis an saineolas atá acu. Déanfaidh an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí, SEGS agus an Coimisiún gach togra le haghaidh cinneadh a ullmhú i gcomhréir le nósanna imeachta an Choimisiún agus iad a thíolacadh i gcomhair a nglactha.
Beidh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach go hiomlán i gcéimeanna ceaptha, chláreagraithe, faireacháin agus meastóireachta na n-ionstraimí maoinithe sheachtraigh chun rialú polaitiúil agus grinnscrúdú daonlathach a ráthú chomh maith le cuntasacht as cistiú sin an Aontais i réimse na gníomhaíochtaí seachtraí. [Leasú 126]
Airteagal 8
Bearta agus modhanna cur chun feidhmeforghníomhaithe [Leasú 62]
1. Cuirfear cúnamh faoi IPA III chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir leis an Rialchán Airgeadais trí phleananna gníomhaíochta bliantúla nó ilbhliantúla agus trí bhearta dá dtagraítear i gCaibidil III de Theideal II de [Rialachán ICFCI]. Beidh feidhm ag Caibidil III de Theideal II de [Rialachán ICFCI] maidir leis an Rialachán seo seachas mír 1 d’Airteagal 24 [daoine incháilithe agus eintitis]Déanfar cúnamh faoi IPA III a fhorghníomhú faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais trí bhíthin pleananna gníomhaíochta pleananna gníomhaíochta agus bearta bliantúla nó ilbhliantúla amhail dá dtagraítear i gCaibidil IIIa. [Leasú 63]
1a. Féadfar an bhainistíocht indíreach a fhreaschur mura bhfuil an tairbhí in ann nó mura bhfuil sé toilteanach na cistí arna mbronnadh a riar i gcomhréir leis na rialacha, na prionsabail agus na hoibleagáidí seanbhunaithe faoin Rialachán seo.I gcás ina mainníonn tairbhí prionsabail an daonlathais, an smachta reachta, chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú nó i gcás sárú ar na gealltanais a tugadh sna comhaontuithe ábhartha a tugadh i gcrích leis an Aontas, féadfaidh an Coimisiún, i réimsí nó cláir bheartais ar leith, scor den bhainistíocht indíreach leis an tairbhí sin agus filleadh ar an mbainistíocht indíreach arna déanamh ag eintiteas amháin nó níos mó ar cuireadh cúraimí orthu seachas tairbhínó ar bhainistíocht dhíreach.[Leasú 64]
1b. Rachaidh an Coimisiún i mbun idirphlé le Parlaimint na hEorpa, agus cuirfidh sé san áireamh tuairimí Pharlaimint na hEorpa i dtaobh réimsí ina bhfuil cláir chúnaimh dá cuid féin ar bun aici, amhail fothú acmhainneachta agus breathnóireacht toghcháin.[Leasú 65]
2. Faoin Rialachán seo, féadfar pleananna gníomhaíochta a ghlacadh ar feadh tréimhse nach faide ná seacht mbliana.
2a. Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa go hiomlán rannpháirteach i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le beartú agus cur chun feidhme beart de bhun an Airteagail seo, lena n-áirítear aon athruithe nó leithdháiltí substainteacha a bheidh beartaithe.[Leasú 66]
2b. Beidh de choinníoll ag gabháil le heisíocaíocht na tacaíochta buiséadaí ginearálta nó na tacaíochta buiséadaí earnála go ndéanfar dul chun cinn sásúil ionsar na cuspóirí arna gcomhaontú le tairbhí a bhaint amach.
Déanfaidh an Coimisiún na critéir coinníollachta um thacaíocht bhuiséadach a leagtar amach in Airteagal 23(4) de Rialachán ICFCI a chur i bhfeidhm. Déanfaidh sé bearta chun cistiú ón Aontas a laghdú nó a chur ar fionraí trí thacaíocht bhuiséadach i gcás neamhrialtachtaí sistéamacha sna córais bhainistithe agus rialaithe nó dhul chun cinn míshásúil a bheith á dhéanamh ionsar na cuspóirí arna gcomhaontú leis an tairbhí a bhaint amach.
Maidir le cúnamh a bheith á thabhairt isteach athuair ag an gCoimisiún i ndiaidh na fionraí dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh ag gabháil leis cúnamh spriocdhírithe d’údaráis náisiúnta iniúchóireachta.[Leasú 67]
Caibidil IIIa
Forghníomhú [Leasú 68]
Airteagal 8a
Pleananna gníomhaíochta agus bearta
1. Glacfaidh an Coimisiún pleananna gníomhaíochta bliantúla nó ilbhliantúla nó bearta bliantúla nó ilbhliantúla. Féadfaidh na bearta a bheith ina mbearta aonair, ina mbearta speisialta, ina mbearta tacaíochta nó ina mbearta cúnaimh eisceachtúil. I bpleananna agus bearta gníomhaíochta, sonrófar le haghaidh gach gníomhaíochta na cuspóirí atá á saothrú, na torthaí agus na príomhghníomhaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo, na modhanna cur i bhfeidhm, an buiséad agus aon chaiteachais tacaíochta ghaolmhara.
2. Beidh pleananna gníomhaíochta bunaithe ar chláir chláreagraithe, cé is moite de na cásanna dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.
Nuair is gá, féadfar gníomhaíocht a ghlacadh mar bheart aonair sula nglacfar pleananna gníomhaíochta nó dá éis sin. Beidh bearta aonair bunaithe ar cháipéisí cláreagraithe, cé is moite de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 agus i gcásanna eile a bhfuil bonn cirt cuí leo.
I gcás riachtanais nó imthosca gan choinne, agus nuair nach féidir cistiú a fháil ó fhoinsí atá níos iomchuí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán ICFCI lena leagtar síos bearta speisialta nach bhfuil bunaithe ar cháipéisí cláreagraithe.
3. Féadfar pleananna gníomhaíochta bliantúla nó ilbhliantúla agus bearta aonair a úsáid chun gníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(4)(b) de Rialachán ICFCI a fhorghníomhú.
4. Féadfaidh an Coimisiún bearta cúnaimh eisceachtúil a ghlacadh i gcomhair gníomhaíochtaí mearfhreagartha amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(4)(a) de Rialachán ICFCI.
5. Maidir le bearta a dhéanfar faoi Airteagal 19 (3) agus (4), féadfaidh ré suas le 18 mí a bheith ag gabháil leo, agus féadfar an ré sin a fhadú faoi dhó go ceann tréimhse suas le sé mhí, suas le huastréimhse iomlán 30 mí, i gcás bacainní oibiachtúla agus gan choinne a bheith ann ar an bhforghníomhú, ar choinníoll nach dtiocfaidh aon mhéadú ar shuim airgeadais an bhirt.
I gcás géarchéim agus coinbhleacht fhadtréimhseach, féadfaidh an Coimisiún an dara beart um chúnamh eisceachtúil, ar tréimhse suas le 10 mí a fhad, a ghlacadh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar bearta breise a ghlacadh i gcás inar bunriachtanach leanúnachas ghníomhaíocht an Aontais faoin mír seo agus nach féidir í a áirithiú ar bhealaí eile. [Leasú 69]
Airteagal 8b
Bearta tacaíochta
1. Leis an maoiniú ón Aontas, féadfar caiteachas chun tacú le forghníomhú na hionstraime agus le gnóthú a cuspóirí a chumhdach, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí ullmhúcháin, leantacha, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta atá riachtanach le haghaidh an fhorghníomhaithe sin, mar aon le caiteachas ag an gceannáras agus ag toscaireachtaí an Aontais ar an tacaíocht riaracháin is gá le haghaidh an chláir, agus chun oibríochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, a bhainistiú.
2. Nuair nach mbeidh caiteachas tacaíochta ar áireamh sna pleananna gníomhaíochta ná sna bearta dá dtagraítear in Airteagal 21, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, bearta tacaíochta a ghlacadh. Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach faoi bhearta tacaíochta:
(a) staidéir, cruinnithe, faisnéis, múscailt feasachta, oiliúint, ullmhúchán agus malartú ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtas, gníomhaíochtaí foilsithe agus aon chaiteachas eile ar riarachán nó ar chúnamh teicniúil is gá le haghaidh gníomhaíochtaí a chláreagrú agus a bhainistiú, lena n-áirítear saineolaithe seachtracha a íoctar;
(b) gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus staidéir ar shaincheisteanna iomchuí agus a scaipeadh;
(c) caiteachas a bhaineann le soláthar faisnéise agus gníomhaíochtaí cumarsáide, lena n-áirítear straitéisí cumarsáide a fhorbairt agus cumarsáid chorparáideach agus infheictheacht thosaíochtaí polaitiúla an Aontais. [Leasú 70]
Airteagal 8c
Pleananna gníomhaíochta agus bearta a ghlacadh
1. Glacfaidh an Coimisiún pleananna gníomhaíochta agus bearta trí bhíthin cinneadh ón gComhairle i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
2. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh cur chuige ábhartha beartais na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa maidir le beartú, agus cur i bhfeidhm dá éis sin, na bpleananna gníomhaíochta agus beart sin, ar mhaithe le comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach faoi bheartú pleananna gníomhaíochta agus beart de bhun an Airteagail seo, lena n-áirítear na suimeanna airgeadais a bheidh beartaithe, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin agus athruithe nó síntí suntasacha ar an gcúnamh sin á ndéanamh aige. A luaithe is féidir i ndiaidh beart a ghlacadh nó a mhodhnú go substainteach, agus ar aon chuma laistigh de mhí amháin tar éis a dhéanta, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus tabharfaidh sé forbhreathnú ar chineál agus ar réasúnaíocht an bhirt a glacadh, lena n-áirítear comhlántacht an bhirt sin le cúnamh eile ón Aontas, bíodh sé á thabhairt nó beartaithe lena thabhairt. I gcás bearta cúnaimh eisceachtúil, tabharfaidh an Coimisiún le fios freisin cé acu a áiritheoidh sé nó nach áiritheoidh sé, a mhéid a áiritheoidh sé, agus cén chaoi a n-áiritheoidh sé, leanúnachas an bheartais arna fhorghníomhú tríd an gcúnamh eisceachtúil trí bhíthin cúnamh meántéarmach agus fadtéarmach faoin Rialachán seo.
3. Sula ndéanfaidh sé pleananna gníomhaíochta agus bearta nach bhfuil bunaithe ar cháipéisí clárgeagraithe a ghlacadh de bhun Airteagal 8a (3) agus (4), glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a leagan amach: na cuspóirí sonracha a bheidh le saothrú, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na hionstraimí a mbeidh feidhm le baint astu, príomhghníomhaíochtaí agus leithdháiltí táscacha airgeadais na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart sin.
4. Tabharfar faoi scagadh iomchuí um chearta an duine, agus um ghnéithe a bhaineann leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol, lena n-áirítear i gcás thionchair an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta, ar leibhéal na ngníomhaíochtaí, i gcomhréir leis na gníomhartha dlíthiúla is infheidhme de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2011/92/AE(26) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Treoir 85/337/CEE ón gComhairle(27), arb éard a bheidh iontu, i gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol i gcás gníomhaíochtaí atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de, go háirithe i gcás mórbhonneagar nua.
Fairis sin, déanfar measúnuithe tionchair ex ante um chearta an duine, um inscne, um an tsochaí agus um shaothar, mar aon le hainilís ar choinbhleachtaí agus measúnú riosca.
I gcás inarb ábhartha, bainfear leas as measúnuithe straitéiseacha um chearta an duine, um an tsochaí agus um an gcomhshaol agus cláir earnála á bhforghníomhú. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh geallsealbhóirí leasmhara rannpháirteach sna measúnuithe sin agus go mbeidh teacht ag an bpobal ar thorthaí na measúnuithe sin. [Leasú 127]
Airteagal 8d
Modhanna comhair
1. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh maoiniú faoin Ionstraim seo a chur chun feidhme, amhail dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais, bíodh sin á dhéanamh go díreach ag an gCoimisiún féin, ag toscaireachtaí de chuid an Aontais agus ag gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, nó go hindíreach trí aon cheann de na heintitis a liostaítear in Airteagal 62 (1) (c) den Rialachán Airgeadais.
2. Féadfar maoiniú faoin Rialachán seo a sholáthar freisin trí bhíthin ranníocaíochtaí le cistí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó náisiúnta, amhail na cistí a bhunaigh nó a bhainistíonn BEI, na Ballstáit, tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó deontóirí eile.
3. Déanfaidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais agus in Airteagal 29(1) de Rialachán ICFCI a n-oibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 155 den Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh go bliantúil. Déantar na hoibleagáidí tuairiscithe d’aon cheann de na heintitis sin a leagan síos sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais, sa chomhaontú ranníocaíochta, sa chomhaontú maidir le ráthaíochtaí bhuiséadach nó sa chomhaontú maoiniúcháin.
4. Féadfar gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoi na hIonstraimí a chur chun feidhme trí bhíthin cómhaoiniú comhthreomhar nó cómhaoiniú comhpháirteach.
5. I gcás cómhaoiniú comhthreomhar, déantar gníomhaíocht a dheighilt ina líon comhchodanna in-sainaitheanta a ndéanann na comhpháirtithe éagsúla a sholáthraíonn cómhaoiniú gach ceann díobh a mhaoiniú sa chaoi is gur féidir úsáid deiridh an mhaoinithe a shainaithint i gcónaí.
6. I gcás cómhaoiniú comhpháirteach, déantar costas iomlán gníomhaíochta a chomhroinnt idir na comhpháirtithe a sholáthraíonn an cómhaoiniú agus comhthiomsaítear na hacmhainní sa chaoi nach féidir foinse an mhaoinithe d’aon ghníomhaíocht faoi leith a dhéantar mar chuid den ghníomhaíocht a shainaithint a thuilleadh.
7. Féadfaidh an tAontas agus a chomhpháirtithe oibriú i gcomhar le chéile ar na bealaí seo a leanas, inter alia:
(a) socruithe triantánacha trína ndéanann an tAontas a chistiú cúnaimh do thír chomhpháirtíochta nó do réigiún comhpháirtíochta a chomhordú le tríú tíortha;
(b) bearta comhair riaracháin amhail nascadh idir institiúidí poiblí, údaráis áitiúla, comhlachtaí náisiúnta poiblí nó eintitis phríobháideacha dlí a gcuirfear de chúram orthu cúraimí seirbhíse poiblí Ballstáit agus cúraimí seirbhíse poiblí tíre comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta, mar aon le bearta comhair a mbeidh baint ag saineolaithe ón earnáil phoiblí a sheolfar ó na Ballstáit agus óna n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla leo;
(c) ranníocaíochtaí leis na costais is gá chun comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur ar bun agus a riar lena n-áirítear tacaíocht do rannpháirtíocht leathan trí chomhlacht tríú páirtí neamhspleách den tsochaí shibhialta a chur ar bun chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar chur ar bun comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí;
(d) cláir tacaíochta um beartas earnála trína dtugann an tAontas tacaíocht do chlár earnála tíre comhpháirtíochta
(e) ranníocaíochtaí le costas rannpháirtíocht na dtíortha i gcláir agus i ngníomhaíochtaí de chuid an Aontais arna gcur chun feidhme ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, mar aon le comhlachtaí agus daoine ar a bhfuil sé de chúram gníomhaíochtaí sonracha sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V CAE;
(f) fóirdheontais rátaí úis. [Leasú 72]
Airteagal 8e
Cineálacha cistithe ón Aontas agus modhanna cur i feidhm
1. Féadfar an cistiú ón Aontais a sholáthar trí na cineálacha maoinithe a bheartaítear sa Rialachán Airgeadais, agus tríd an méid seo a leanas go háirithe:
(a) deontais;
(b) conarthaí soláthair le haghaidh seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha;
(c) tacaíocht bhuiséadach;
(d) ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais arna gcur ar bun ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 234 den Rialachán Airgeadais;
(e) ionstraimí airgeadais;
(f) ráthaíochtaí buiséadacha;
(g) cumasc;
(h) faoiseamh fiachais i gcomhthéacs clár um fhaoiseamh fiachais arna chomhaontú go hidirnáisiúnta;
(i) cúnamh airgeadais;
(j) saineolaithe seachtracha a íoctar.
2. Agus é i mbun oibre le geallsealbhóirí tíortha comhpháirtíochta, cuirfidh an Coimisiún a sonraíochtaí san áireamh, lena n-áirítear a riachtanais agus an comhthéacs is ábhartha, nuair a bheidh na módúlachtaí airgeadais, an cineál ranníocaíochta, na módúlachtaí dámhachtana agus na forálacha riaracháin le haghaidh deontais a bhainistiú á sainiú aige, d’fhonn dul i dteagmháil leis an réimse is mó is féidir de na páirtithe leasmhara sin agus d’fhonn freagairt dóibh ar an dóigh is fearr. Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh na coinníollacha na coinníollacha faoina bhféadfaidh gach geallsealbhóir, go háirithe an tsochaí shibhialta áitiúil, a bheith rannpháirteach ar bhealach fónta. Déanfar módúlachtaí sonracha a spreagadh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, amhail comhaontuithe comhpháirtíochta, údaruithe ar thacaíocht airgeadais do thriú páirtithe, glaonna ar thograí le haghaidh dámhachtanaí díreacha nó glaonna ar thograí faoi choinníollacha atá srianta ó thaobh incháilitheachta de, nó cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú cothromráta maille le maoiniú nach mbaineann le costais mar a bheartaítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. Trí na modúlachtaí éagsúla sin, áiritheofar trédhearcacht, inrianaitheacht agus nuálaíocht. Déanfar comhar idir Eagraíochtaí Neamhrialtasacha áitiúla agus idirnáisiúnta a spreagadh chun acmhainneachtaí na sochaí sibhialta a threisiú d’fhonn a rannpháirtíocht iomlán i gcláir forbartha a bhaint amach.
3. Le cois na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, féadfar nós imeachta na dámhachtana dírí a úsáid i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) deontais ar luach íseal do chosantóirí chearta an duine agus do shásraí le haghaidh cosaint a thabhairt do chosantóirí chearta an duine atá i mbaol, chun gníomhaíochtaí práinneacha cosanta a mhaoiniú, i gcás inarb iomchuí gan an gá le cómhaoiniú, agus d’eadránaithe agus do ghníomhaithe eile den tsochaí shibhialta a bhfuil lámh acu in idirphlé i dtaca le staideanna géarchéime agus le coinbhleacht armtha, i réiteach coinbhleachtaí, in athmhuintearas agus i gcothú na síochána;
(b) deontais, i gcás inarb iomchuí gan an gá le cómhaoiniú, chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoi na dálaí is deacra i gcás nárbh iomchuí glao ar thograí a fhoilsiú, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil uireasa thromchúiseach saoirsí bunúsacha, bagairtí ar institiúidí daonlathacha, géarchéimeanna a bheith ag dul in olcas, coinbhleacht armtha inar mó an baol do shlándáil an duine nó ina bhfuil eadránaithe agus gníomhaithe eile den tsochaí shibhialta a bhfuil lámh acu in idirphlé i dtaca le staideanna géarchéime agus le coinbhleacht armtha, i réiteach coinbhleachtaí, in athmhuintearas agus i gcothú na síochána ag obair ag faoi na dálaí is deacra; Ní bheidh na deontais sin os cionn EUR 1 000 000 agus mairfidh siad suas le 18 mhí, tréimhse a bhféadfar síneadh 12 mhí a chur léi i gcás bacainní oibiachtúla, gan choinne a bheith ann ar a gcur i bhfeidhm;
(c) deontais d’Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus don Champas Domhanda, don Lárionad Idir-Ollscoileanna Eorpacha um Chearta an Duine agus um Dhaonlathú, lena soláthraítear Céim Mháistir Eorpach i gCearta an Duine agus sa Daonlathú, agus a líonra gaolmhar ollscoileanna ina mbronntar dioplómaí iarchéime i gcearta an duine, lena n-áirítear scoláireachtaí do mhic léinn, do thaighdeoirí, do mhúinteoirí agus do chosantóirí chearta an duine ó thríú tíortha.
(d) Tionscadail bheaga mar a thuairiscítear in Airteagal 23a de Rialachán ICFCI.
Beidh an tacaíocht bhuiséadach amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, lena n-áirítear trí chonarthaí feidhmíochta maidir le hathchóiriú earnála, bunaithe ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar thiomantas comhroinnte do luachanna uilíocha, don daonlathas, do chearta an duine, don chomhionannais inscne, don chuimsiú sóisialta, d’fhorbairt an duine agus don smacht reachta, agus is é is aidhm di comhpháirtíochtaí a neartú idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta. Mar chuid den tacaíocht sin, beidh idirphlé treisithe beartais, forbairt acmhainneachtaí, agus rialachas feabhsaithe, lena gcomhlánófar iarrachtaí na gcomhpháirtithe ar níos mó a bhailiú agus ar chaiteachas a dhéanamh ar bhealach níos fearr chun tacú le forbairt shoch-eacnamaíoch inbhuanaithe agus chuimsitheach a théann chun tairbhe do chách, le poist chuibhiúla a chruthú, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine óga, le laghdú éagothromaíochtaí agus le dísciú na bochtaineachta agus aird chuí ar gheilleagair áitiúla, ar chearta comhshaoil agus ar chearta sóisialta.
Aon chinneadh chun tacaíocht bhuiséadach a sholáthar, beidh sé bunaithe ar bheartais tacaíochta buiséadaí a bheidh comhaontaithe ag an Aontas, ar shraith shoiléir de chritéir incháilitheachta agus ar mheasúnú cúramach ar na rioscaí agus ar na tairbhí. Ar cheann de na príomhchinntithigh den chinneadh sin, beidh measúnú ar ghealltanas, ar chuntas teiste agus ar dhul chun cinn na dtíortha comhpháirtíochta maidir leis an daonlathas, le cearta an duine agus leis an smacht reachta.
4. Déanfar an tacaíocht bhuiséadach a dhifreáil sa chaoi gur fearr a fhreagrófar do chomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na tíre comhpháirtíochta, agus cásanna leochaileachta á gcur san áireamh.
Agus tacaíocht bhuiséadach á soláthar aige i gcomhréir le hAirteagal 236 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún sainiú soiléir agus faireachán ar chritéir choinníollachta um thacaíocht bhuiséadach, lena n-áirítear dul chun cinn i leith athchóirithe agus trédhearcachta, agus tabharfaidh sé tacaíocht d’fhorbairt an rialaithe pharlaimintigh, d’acmhainneachtaí iniúchta náisiúnta, do rannpháirtíocht CSO san fhaireachán agus do thrédhearcacht mhéadaithe agus rochtain phoiblí mhéadaithe ar fhaisnéis agus d’fhorbairt ar chórais láidre soláthair phoiblí a thacaíonn leis an bhforbairt eacnamaíoch áitiúil agus le gnólachtaí áitiúla.
5. Beidh eisíoc na tacaíochta buiséadaí bunaithe ar tháscairí lena léireofar dul chun cinn sásúil i dtreo na cuspóirí arna gcomhaontú leis an tír chomhpháirtíochta a bhaint amach.
6. Féadfaidh ionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo a bheith i bhfoirmeacha amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas nó cuasachothromas, infheistíochtaí nó rannpháirtíochtaí, agus ionstraimí roinnte riosca, nuair is féidir agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 209(1) den Rialachán Airgeadais faoi cheannaireacht BEI, institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, nó institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais, amhail bainc forbartha déthaobhacha, agus d'fhéadfadh sé go mbeidís comhthiomsaithe le foirmeacha eile breise tacaíochta airgeadais, ó Bhallstáit agus ó thríú páirtithe araon.
Féadfaidh na Ballstáit mar aon le haon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais ranníocaíochtaí a dhéanamh le hionstraimí airgeadais de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.
7. Féadfar na hionstraimí airgeadais sin a ghrúpáil ina saoráidí chun críocha cur i bhfeidhm agus tuairiscithe.
8. Ní dhéanfaidh an Coimisiún ná SEGS oibríochtaí nua nó athnuaite le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a shainítear faoi bheartas ábhartha an Aontais mar dhlínsí neamhchomhoibríocha, nó a shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28), nó nach gcomhlíonann go héifeachtach caighdeáin chánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá ag an Aontas nó a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta.
9. Ní ghinfidh an cistiú ón Aontais bailiú cánacha sonracha, dleachtanna sonracha nó muirir shonracha ná ní chuirfidh sé i ngníomh iad.
10. Féadfaidh cánacha, dleachtanna agus muirir a fhorchuirfidh tíortha comhpháirtíochta a bheith incháilithe do mhaoiniú faoin Rialachán seo. [Leasú 73]
Airteagal 8f
Cistí a thabhairt anonn, tráthchodanna bliantúla, leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, aisíocaíochtaí agus ioncam a ghintear le hionstraimí airgeadais
1. Le cois Airteagal 12(2) den Rialachán Airgeadais, déanfar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí nár úsáideadh a thabhairt anonn go huathoibríoch agus féadfar iad a ghealladh go dtí 31 Nollaig na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Is í an tsuim a tugadh anonn is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.
I gcomhréir le hAirteagal 12(6) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le leithreasuithe a tugadh anonn go huathoibríoch, lena n-áirítear na suimeanna atá i gceist, a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2. Le cois na rialacha a leagtar síos in Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais maidir le leithreasuithe a chur ar fáil arís, cuirfear leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do shuim na ngealltanas saortha a rinneadh toisc nár cuireadh chun feidhme gníomhaíocht faoin Rialachán seo go hiomlán ná go páirteach, cuirfear ar fáil iad arís chun leasa na líne buiséid tionscnaimh.
Tuigfear, chun críche an Rialacháin seo, go bhfuil tagairt don mhír seo sna tagairtí d’Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais in Airteagal 12(1)(b) den Rialachán lena leagtar síos an Creat Airgeadais Ilbhliantúil.
3. Féadfar gealltanais bhuiséadacha i gcomhair gníomhaíochtaí ar faide iad ná aon bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta, i gcomhréir le hAirteagal 112(2)den Rialachán Airgeadais.
Ní bheidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 114(2) den Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí ilbhliantúla sin. Maidir le haon chuid de ghealltanas buiséadach do ghníomhaíocht nach mbeidh, faoin 31 Nollaig den chúigiú bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh, úsáidte chun críche réamh-mhaoiniúcháin nó chun críche íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh nó nach mbeidh aon ráiteas deimhnithe caiteachais ná aon iarraidh ar íocaíocht tíolactha ina leith, déanfaidh an Coimisiún an chuid sin a shaoradh go huathoibríoch.
Beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo maidir le tráthchodanna bliantúla freisin.
4. De mhaolú ar Airteagal 209(3) den Rialachán Airgeadais, déanfar aisíocaíochtaí agus ioncaim arna nginiúint le hionstraim airgeadais a shannadh don líne bhuiséid thionscnaimh mar ioncam inmheánach sannta tar éis costais agus táillí bainistíochta a asbhaint.. Gach cúig bliana, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach, agus ar a éifeachtacht na n-ionstraimí airgeadais atá ann cheana. [Leasú 74]
Airteagal 9
Comhar trasteorann
1. Leithdháilfear go táscach suas le 3 % den imchlúdach airgeadais ar chláir chomhair thrasteorann idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na Ballstáit, ar aon dul lena gcuid riachtanas agus tosaíochtaí.
2. Ní bheidh ráta athmhaoiniúcháin ar leibhéal gach tosaíochta os cionn 85 % de chaiteachas incháilithe cláir comhair trasteorann. Is é 100 % ráta cómhaoiniúcháin an Aontais a bheidh ann le haghaidh cúnamh teicniúil.
3. Socrófar leibhéal an réamh-mhaoinithe le haghaidh comhar trasteorann leis na Ballstáit sa chlár oibre de réir riachtanais na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na gcríoch rannpháirteach agus féadfar é a shocrú os cionn an chéatadáin dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán ETC.
4. I gcás ina scoirfear de chláir comhair trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 12 de [Rialachán ETC], féadfar aon tacaíocht ón Rialachán seo don chlár ar scoireadh de a bheidh ar fáil fós a úsáid chun aon ghníomhaíochtaí eile a mhaoiniú faoin Rialachán seoI gcás ina scoirfear de chláir comhair trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán ETC, féadfar aon tacaíocht ón Rialachán seo don chlár ar scoireadh de a bheidh ar fáil fós a úsáid chun aon ghníomhaíochtaí eile atá incháilithe faoin Rialachán seo a mhaoiniú. Sa chás sin, mura bhfuil aon ghníomhaíochtaí incháilithe ann le maoiniú sa bhliain reatha, féadfar leithreasuithe a thabhairt anonn go dtí an bhliain dár gcionn. [Leasú 75]
CAIBIDIL IV
INCHÁILÍOCHT AGUS FORÁLACHA SONRACHA EILE
Airteagal 10
Incháilíocht le haghaidh cistiúcháin faoi IPA III
1. Beidh táirgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó na tíortha seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi ICR III:
(a) Na Ballstáit, na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, comhhpáirtithe conartha an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus na tíortha faoi chuimsiú Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán ICFCI, agus
(b) tíortha a mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach ina leith. Féadfar rochtain chómhalartach a dheonú, le haghaidh tréimhse teoranta d'aon bhliain amháin ar a laghad, nuair a dhéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha incháilithe faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach tar éis dó dul i gcomhairle leis an tír is faighteoir nó leis na tíortha is faighteoirí lena mbaineann;
CAIBIDIL V
CEFI+ AGUS RÁTHAÍOCHTAÍ BUISÉADACHA
Airteagal 11
Ionstraimí airgeadais agus ráthaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha
1. Na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, beidh siad incháilithe maidir leis an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) agus maidir leis an Ráthaíocht um Ghníomhaíocht Sheachtrach dá bhforáiltear i gCaibidil IV de Theideal II de Rialachán ICFCI. Chuige sin, rannchuideoidh IPA III le soláthar a bhaineann leis an ráthaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán ICFCI i comhréir leis na hinfheistíochtaí a dhéantar agus a théann chun sochair do thairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL VI
FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ,AGUS MEASTÓIREACHT AGUS CUMARSÁID [Leasú 76]
Airteagal 12
Faireachán, iniúchadh, meastóireacht agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais
1. Beidh feidhm ag Caibidil V de Theideal II de Rialachán ICFCI i ndáil le faireachán, tuairisciú agus meastóireacht maidir leis an Rialachán seo.
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn IPA III i dtreo bhaint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3fhorghníomhú agus ar dhul chun cinn IPA III i dtreo bhaint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3. [Leasú 77]
3. I dtaca le comhar trasteorann leis na Ballstáit, is iad na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán ETC a úsáidfear.
4. Le cois na dtáscairí dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, cuirfear na tuairiscí um méadúdéanfar na tuairiscí um méadú agus na measúnuithe ón gCoimisiún ar na Cláir Athchóirithe Eacnamaíocha a chur san áireamh i gcreat torthaí chúnamh IPA III. [Leasú 78]
4a. Déanfaidh an Coimisiún natuarascálacha meastóireachta eatramhacha agus na tuarascálacha meastóireachta deiridh dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán ICFCIa thíolacadh agus a chur i láthairdo Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Deanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha sin a chur ar fáil don phobal.[Leasú 79]
5. I dteannta Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, faoi bhainistíocht indíreach, déanfaidh tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I aon mhírialtachtaí a thuairisciú lena n‑áirítear calaois, arb iad ab ábhar do thorthaí príomha riaracháin nó torthaí breithiúnacha, agus an Coimisiún a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn nós imeachta riaracháin nó dlí. Déanfar an tuairisciú sin go leictreonach, tríd an gCóras Bainistíochta Mírialtachtaí a úsáid, arna bhunú ag an gCoimisiúnI dteannta Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, faoi bhainistíocht indíreach, déanfaidh tairbhithe na mírialtachtaí, lena n-áirítear calaois, arb iad ab ábhar do thorthaí príomha riaracháin nó torthaí breithiúnacha, a thuairisciú don Coimisiún gan mhoill agus é a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn nós imeachta riaracháin agus dlí. Déanfar an tuairisciú sin go leictreonach, tríd an gCóras Bainistíochta Mírialtachtaí, arna bhunú ag an gCoimisiún, a úsáid. Tacóidh an Coimisiún leis an bhforbairt ar acmhainneachtaí um rialú parlaiminteach agus um iniúchóireacht na dtairbhithe agus le trédhearcacht mhéadaithe agus le rochtain mhéadaithe ag an bpobal ar fhaisnéis. Áiritheoidh an Coimisiún, an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí agus go háirithe toscaireachtaí sin an Aontais chuig na tairbhithe go ndéanfar gach leithdháileadh cistiúcháin faoi bhainistíocht indíreach ar bhealach trédhearacach, éifeachtach, cuntasach, dípholaitithe agus neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear trí bhíthin dáileadh cothrom, lena léirítear riachtanais na réigiún agus riachtanais na mbardas áitiúil. [Leasú 80]
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 13
Tarmligean cumhachtaí
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.
Airteagal 14
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiúnamhail dá dtagraítear in Airteagal 7(3), Airteagal 7b (1) agus (2), Airteagal 8c (3) agus Airteagail 13 agus 15 a thabhairt don Choimisiún. [Leasú 128]
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.
Airteagal 14a
Cuntasacht dhaonlathach
1. Chun feabhas a chur ar an idirphlé idir institiúidí agus seirbhísí an Aontais, go háirithe Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus SEGS, chun comhleanúnachas foriomlán na nIonstraimí Maoinithe Sheachtraigh uile a chothú, agus chun trédhearcacht mhéadaithe agus cuntasacht mhéadaithe a áirithiú, maidir leis an gCoimisiún gníomhartha agus bearta a ghlacadh go mear, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS teacht os a comhair chun plé a dhéanamh ar na treoshuíomhanna agus na treoirlínte beartais don chláreagrú faoin Rialachán seo. Féadfar gabháil don idirphlé sin sula nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe agus an dréachtbhuiséad bliantúil nó, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gCoimisiún agus ó SEGS, ar bhonn ad hoc i bhfianaise mórfhorbairtí polaitiúla.
2. I gcás ina bhfuil idirphlé dá dtagraítear i mír 1 le bheith ar siúl, déanfaidh an Coimisiún agus SEGS na cáipéisí ábhartha uile i dtaca leis an idirphlé sin a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa. I gcás ina mbaineann idirphlé leis an mbuiséad bliantúil, déanfar faisnéis chomhdhlúite maidir leis na pleananna gníomhaíochta agus bearta go léir arna nglacadh nó arna mbeartú i gcomhréir le hAirteagal 8 c, faisnéis maidir le comhar in aghaidh na tíre, an réigiúin agus an limistéir théamaigh, agus le húsáid gníomhaíochtaí mearfhreagartha agus na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, a sholáthar.
3. Tabharfaidh an Coimisiún agus SEGS lánaird ar sheasamh Pharlaimint na hEorpa. I gcás nach ndéanfaidh an Coimisiún ná SEGS seasaimh Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh, tabharfaidh siad údar cuí ina leith sin.
4. Beidh an Coimisiún agus SEGS, go háirithe tríd an ngrúpa stiúrtha de bhun Airteagal 38, freagrach as Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas i dtaobh na staide ag a mbeidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe i dtaobh bearta atá ar siúl, gníomhaíochtaí agus torthaí.[Leasú 82]
Airteagal 15
Rialacha breise cur chun feidhme a ghlacadh [Leasú 83]
1. Glacfar rialacha sonracha lena leagtar síos coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo go háirithe i dtaca leis na struchtúir a bhunófar mar ullmhúchán don aontachas agus i dtaca le cúnamh forbartha tuaithe, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16Déanfar rialacha sonracha i dtaca leis na struchtúir a bheidh le cur ar bun mar ullmhúchán don aontachas agus i dtaca le cúnamh forbartha tuaithe a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. [Leasú 84]
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011Glacfaidh an Coimisiún pleananna gníomhaíochta agus bearta le cinneadh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. [Leasú 85]
Airteagal 16
Coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún (‘Coiste um an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais’). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
3. Glacfaidh breathnóir ó BEI páirt in imeachtaí an Choiste maidir le ceisteanna a bhaineann le BEI.
4. Tabharfaidh Coiste ICR III cúnamh don Choimisiún agus beidh sé inniúil freisin maidir le gníomhartha dlí agus gealltanais faoi Rialachán (CE) Uimh 1085/2006, faoi Rialachán 231/2014 agus maidir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh 389/2006 a chur chun feidhme.
5. Ní bheidh Coiste IPA III inniúil le haghaidh na ranníocíochta le Erasmus + arna sainiú in Airteagal 5(3).[Leasú 86]
Airteagal 17
Faisnéis, cumarsáid, infheictheacht agus poiblíocht [Leasú 87]
1. Beidh feidhm ag Airteagal 36 agus ag Airteagal 37 de [Rialachán ICFCI]Agus cúnamh airgeadais á sholáthar faoin Rialachán seo aige, déanfaidh an Coimisiún, an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí agus go háirithe toscaireachtaí sin an Aontais i dtíortha na dtairbhithe na bearta uile is gá chun infheictheacht na tacaíochta airgeadais ón Aontas a áirithiú, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar na faighteoirí na ceanglais sin a chomhlíonadh. Beidh gníomhaíochtaí arna maoiniú le IPA faoi réir na gceanglas a leagtar amach sa Lámhleabhar um Gníomhaíochtaí Cumarsáide agus Infheictheachta le haghaidh Ghníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún treoir le haghaidh tionscadal arna gcistiú ag an Aontas maidir le gníomhaíochtaí infheictheachta agus cumarsáide le haghaidh gach tairbhí. [Leasú 88]
1a. Déanfaidh an Coimisiún bearta chun cumarsáid straitéiseach agus taidhleoireacht phoiblí a neartú le haghaidh luachanna an Aontais a chraobhscaoileadh agus le haghaidh béim a leagan ar an mbreisluach a ghabhann leis an tacaíocht ón Aontas. [Leasú 89]
1b. Tabharfaidh faighteoirí an chistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad a infheictheacht a áirithiú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) ráiteas a thabhairt ina leagtar béim, ar bhealach infheicthe, ar an tacaíocht a fuarthas ón Aontas maidir le cáipéisí agus le hábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na gcistí, lena n-áirítear ar shuíomh gréasáin oifigiúil, i gcás inarb ann do shuíomh gréasáin den sórt sin; agus
(b) na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí a chur chun cinn trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Rialachán seo, agus leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach leis agus na torthaí arna mbaint amach, a chur chun feidhme. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an Rialachán seo, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, sa mhéid go mbaineann na tosaíochtaí sin go díreach leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Iarscríbhinní II agus III. [Leasú 90]
Airteagal 18
Forálacha idirthréimhseacha
1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialachán 231/2014 (ICR II) agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 (ICR), a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu. Beidh feidhm ag Caibidil III de Theideal II de Rialachán ICFCI, faoi Rialachán 236/2014 roimhe seo, maidir leis na gníomhaíochtaí sin seachas mír 1 d’Airteagal 24.
2. Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais le haghaidh ICR III na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir ICR III agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí ICR II a áirithiú.
3. Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích a bhainistiú.
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. [Leasú 91]
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in/sa ...,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine Thuaidh: [Leasú 129]
IARSCRIBHINN II
Tosaíochtaí téamacha don chúnamh
Féadfaidh cúnamh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí téamacha seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:
(a) Feidhmiú ceart na n‑institiúidí is gá a bhunú agus a chur chun cinn go luath chun an smacht reachta a chinntiú. Sa réimse seo, díreoidh idirghabhálacha ar na haidhmeanna seo a leanas: córais bhreithiúnacha atá neamhspleách, cuntasach agus éifeachtúil a chur ar bun, lena n‑áirítear córais maidir le hardú céime, le meastóireacht agus le hearcaíocht a bheidh trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas agus comhar breithiúnach a chur chun cinn agus nósanna imeachta éifeachtacha araíonachta i gcás éagóra; lena áirithiú go mbunófar córais stóinseacha chun na teorainneacha a chosaint, sreabha imirce a bhainistiú agus tearmann a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil sin uathu; uirlisí éifeachtacha a fhorbairt chun coireacht eagraithe, gáinneáil ar neacha daonna, smuigleáil imirceoirí, sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta agus éilliú a chosc agus a throid; cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad lena n‑áirítear na Romaigh, mar aon le daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha agus na saoirsí bunúsacha, mar aon le saoirse na meán agus cosaint sonraíFeidhmiú cuí na n-institiúidí is gá a bhunú agus a chur chun cinn go luath chun an smacht reachta a chinntiú. Le hidirghabhálacha sa réimse sin, díreofar ar an méid seo a leanas: scaradh cumhachtaí, córais bhreithiúnacha atá neamhspleách, cuntasach agus éifeachtúil a bhunú, lena n-áirítear earcaíocht atá trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas agus córais maidir le comhar breithiúnach, le meastóireacht agus le hardú céime agus nósanna imeachta éifeachtacha araíonachta i gcás éagóra a chur chun cinn; a áirithiú go mbunófar córais leormhaithe chun na teorainneacha a chosaint, sreafaí imirce a bhainistiú agus tearmann a thabhairt dóibh siúd atá ina ghátar; uirlisí éifeachtacha a fhorbairt chun coireacht eagraithe, gáinneáil ar dhaoine, smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhrugaí, sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta agus éilliú a chosc agus a chomhrac; cearta an duine, lena n-áirítear cearta an linbh, comhionannas inscne, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad lena n-áirítear na Romaigh, mar aon le saoirsí bunúsacha daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha, lena n-áirítear saoirse na meán agus cosaint sonraí, a chur chun cinn agus a chosaint; [Leasú 92]
(b) Riaracháin phoibliú a athchóiriú i gcomhréir le Prionsabail an Riaracháin Phoiblí. Díreoidh idirghabhálacha ar na haidhmeanna seo a leanas: creata athchóirithe riaracháin phoiblí a neartú; pleanáil straitéiseach agus forbairt beartais agus reachtaíochta bunaithe ar fhianaise a fheabhsú; an tseirbhís phoiblí a dhéanamh níos gairmiúla agus a dhípholaitiú trí phrionsabail atá bunaithe ar fhiúntas a chothú; trédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn; cáilíocht agus seachadadh seirbhísí a fheabhsú, lena n‑áirítear nósanna imeachta leordhóthanacha agus r-Rialtas dírithe ar shaoránaigh a úsáid; bainistíocht airgeadais phoiblí a neartú agus staitisticí iontaofa a tháirgeadh;
(c) Rialachas eacnamaíoch a neartú: Is é an aidhm a bheidh le hidirghabhálacha tacú le rannpháirtíocht i bpróiseas an chláir choigeartaithe eacnamaíoch agus le comhar córasach le hinstitiúidí airgeadais maidir le bunphrionsabail beartais eacnamaíoch. An acmhainneacht chun cobhsaíocht mhacraeacnamaíoch a fheabhsú agus tacú le dul chun cinn i dtreo geilleagar margaidh lánfheidhmeach a mbeidh sé d’acmhainn aige dul i ngleic le brúanna iomaíochais agus fórsaí margaidh laistigh den AontasRialachas eacnamaíoch a neartú: Is é an aidhm a bheidh le hidirghabhálacha ná tacú le rannpháirtíocht i bpróiseas an chláir athchóirithe eacnamaíoch (ERP) agus le comhar sistéimeach le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta maidir le bunphrionsabail an bheartais eacnamaíoch agus institiúidí eacnamaíocha iltaobhacha a neartú. Feabhas a chur ar an acmhainneacht chun cobhsaíocht mhacraeacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta a neartú agus tacú leis an dul chun cinn i dtreo forbairt inbhuanaithe agus ionsar gheilleagar lánfheidhmeach a bhaint amach a mbeidh sé d’acmhainn aige brú iomaíoch agus fórsaí margaidh laistigh den Aontas a sheasamh; [Leasú 93]
(d) Acmhainneacht an Aontas agus a chuid comhpháirtithe a neartú chun coinbhleacht a chosc lena n‑áirítear trí luathrabhadh agus anailís riosca íogair ó thaobh coinbhleachta de; líonrú idir daoine, athmhuintearas, tógáil na síochana agus bearta tógála muiníne a chur chun cinn, lena dtacaítear le fothú acmhainneachta chun tacú leis an tslándáil agus an fhorbairt (CBSD)Neartú a dhéanamh ar acmhainneacht an Aontais agus a chuid comhpháirtithe coinbhleacht a chosc, síocháin agus dea-chaidreamh comharsanachta a chothú agus aghaidh a thabhairt ar staideanna réamhghéarchéime agus ar staideanna iar-ghéarchéime lena n-áirítear trí luathrabhadh agus anailís riosca atá íogair ó thaobh coinbhleachta; líonrú idir daoine, athmhuintearas, cuntasacht, ceartas idirnáisiúnta, cothú na síochána agus bearta tógála muiníne a chur chun cinn, lena n-áirítear an coimisiún Réigiúnach a chur ar bun le haghaidh fíorais a fhionnadh faoi choireanna cogaidh agus faoi sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine a rinneadh san Iar-Iúgslaiv (RECOM), maille le tacaíocht a thabhairt d’fhothú acmhainneachta mar thacaíocht do ghníomhaíochtaí slándála agus forbartha (CBSD), neartú a dhéanamh ar chumas na cibearchosaint agus na cumarsáide straitéisí bréagfhaisnéis a nochtadh ar bhonn córasach; [Leasú 94]
(e) An cumas atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú, lena n‑áirítear comhlachais ghairmiúla, maidir le tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus chun líonrú a spreagadh i measc eagraíochtaí atá lonnaithe san Aontas agus iadsan atá ag tairbhithe a liostaítear i Iarscríbhinn I ar gach leibhéal, le go mbeidís in ann a bheith páirteach in idirphlé éifeachtach le gníomhaithe poiblí agus príobháideachaNeartú a dhéanamh ar acmhainneachtaí, neamhspleáchas agus iolrachas eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear comhlachais ghairmiúla, maidir le tairbhithe agus líonrú a spreagadh ar gach leibhéal i measc eagraíochtaí atá lonnaithe san Aontas agus iadsan atá ag tairbhithe, chun go mbeidís in ann gabháil d’idirphlé éifeachtach le gníomhaithe poiblí agus príobháideacha. Féachfar chuige go mbeidh rochtain ar chúnamh ag an líon is mó is féidir d’eagraíochtaí éagsúla tairbhíocha; [Leasú 95]
(f) An próiseas chun rialacha tíortha comhpháirtíochta, caighdeáin, beartais agus cleachtais a chur i gcomhréir le rialacha atá ag an Aontas a chur chun cinn, lena n‑áirítear rialacha maidir le cúnamh stáitAilíniú rialacha, chaighdeáin, bheartais agus chleachtais tíortha comhpháirtíochta le rialacha an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear CBES, soláthar poiblí agus rialacha maidir le státchabhair; [Leasú 96]
(g) Cáilíocht oideachais, oiliúna agus foghlamtha ar feadh an tsaoil a neartú agus rochtain a thabhairt air ar gach leibhéal, agus tacaíocht a thabhairt d’earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha. Sa réimse seo, díreoidh idirghabhálacha ar na haidhmeanna seo a leanas: rochtain chothrom ar oideachas luath-óige agus cúram ar ardchaighdeán, ar oideachas bunscolaíochta agus ar scolaíocht dara leibhéil a chur chun cinn, lena ndéanfar soláthar bunscileanna a fheabhsú; leibhéil oideachasúla níos airde a bhaint amach, fágáil luath na scoile a laghdú agus oiliúint múinteoirí a threisiú. Córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a fhorbairt agus córais foghlamtha bunaithe ar obair chun an t‑aistriú chuig an margadh saothair; caighdeán agus ábharthacht an ardoideachais a fheabhsú; Gníomhaíochtaí alumni a spreagadh; rochtain ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú, agus tacú le hinfheistíochtaí i mbonneagar an oideachais agus na hoiliúna; go háirithe chun éagothromaíochtaí críochacha a laghdú agus chun oideachas neamhscartha a chothú, lena n‑áirítear trí theicneolaíochta digiteacha a úsáidRochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, agus a gcáilíocht sin, a neartú ar gach leibhéal, agus tacaíocht a thabhairt d’earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha agus don spórt. Le hidirghabhálacha sa réimse sin, díreofar ar an méid seo a leanas: rochtain chomhionann ar oideachas agus cúram luathóige ar ardcháilíocht, cuimsitheach agus pobalbhunaithe, agus ar bhunoideachas agus ar mheánoideachas, a chur chun cinn, soláthar bunscileanna a fheabhsú; leibhéal oideachais níos airde a bhaint amach, fágáil luath na scoile a laghdú agus oiliúint múinteoirí a threisiú; leanaí agus an t-ógra a chumhachtú agus é a chur ar a gcumas lán a n-acmhainneachta a bhaint amach. Córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a fhorbairt, agus córais foghlama obairbhunaithe a chur cinn chun an t-aistriú chuig an margadh saothair a éascú; cáilíocht agus ábharthacht an ardoideachais a fheabhsú; gníomhaíochtaí i dtaca le alumni a spreagadh; rochtain ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar ghníomhaíocht fhisiciúil a fheabhsú, agus tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí i mbonneagar oideachais agus oiliúna; go háirithe d’fhonn éagothromaíochtaí críochacha a laghdú agus oideachas neamhscartha a chothú, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí digiteacha a úsáid; [Leasú 97]
(h) Fostaíocht d’ardchaighdeán a chothú agus rochtain ar an margadh saothair. Sa réimse seo, díreoidh idirghabhálacha ar na haidhmeanna seo a leanas: dul i ngleic le dífhostaíocht ard agus le neamhghníomhaíocht trí thacú le lánpháirtiú inbhuanaithe sa mhargadh saothair go háirithe i dtaca le daoine óga (go háirithe daoine nach bhfuil fostaithe, in oideachas nó in oiliúint (NEET), mná, daoine dífhostaithe go fadtéarmach agus gach grúpa faoi ghannionadaíocht. Déanfaidh bearta fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú agus tacóidh siad le forfheidhmiú éifeachtach rialacha agus caighdeáin margaidh saothair ar fud na críche ar fad. Príomhréimsí idirghabhála eile a bheidh ann tacú le comhionannas inscne, infhostaitheacht agus táirgeacht a chur chun cinn, oibrithe agus fiontair a chur in oiriúint don athrú, idirphlé sóisialta inbhuanaithe a chur ar bun mar aon le hinstitiúidí mhargadh an tsaothair a nuachóiriú agus a neartú, amhail seirbhísí fostaíochta poiblí agus cigireachtaí saothairFostaíocht ar ardcháilíocht agus rochtain ar an margadh saothair a chothú. Le hidirghabhálacha sa réimse sin, díreofar ar an méid seo a leanas: dul i ngleic le dífhostaíocht ard agus le neamhghníomhaíocht trí thacú le himeascadh inbhuanaithe sa mhargadh saothair go háirithe imeascadh daoine óga (go háirithe iad siúd nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta nó oiliúna (NEET)), imeascadh ban, imeascadh daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus imeascadh gach grúpa faoi ghannionadaíocht. Leis na bearta, déanfar fostaíocht d’ardcháilíocht a spreagadh agus tacófar le rialacha agus caighdeáin arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a fhorfheidhmiú go héifeachtach ar fud na críche ar fad lena n-áirítear trí chomhlíonadh na bpríomhphrionsabal agus na bpríomcheart amhail dá dtagraítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a chothú. Príomhréimsí idirghabhála eile a bheidh ann ná tacú le comhionannas inscne, infhostaitheacht agus táirgeacht a chur chun cinn, oibrithe agus fiontair a chur in oiriúint d’athrú, idirphlé sóisialta inbhuanaithe a chur ar bun agus institiúidí i margadh an tsaothair, amhail seirbhísí fostaíochta poiblí agus cigireachtaí saothair, a nuachóiriú agus a neartú; [Leasú 98]
(i) Cosaint agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac. Is é an aidhm a bheidh le hidirghabhálacha sa réimse seo córais chosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint éifeachtach, éifeachtúil agus leordhóthanach a chur ar fáil ag gach céim de shaol duine, cuimsiú sóisialta a chothú, comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar éagothroime agus ar an bhochtaineacht. Sa réimse seo, díreoidh idirghabhálacha ar na haidhmeanna seo a leanas: ar lánpháirtiú pobal imeallaithe amhail na Romaigh; ar chomhrac i gcoinne an idirdhealaithe ar bhonn gnéis, bunaidh chiníoch nó eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó claonta ghnéasaigh; rochtain ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe ar ardchaighdeán a fheabhsú, amhail oideachas luath-óige agus cúram, tithíocht, cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta ríthábhachtacha agus cúram fadtéarma, lena n‑áirítear trí chórais chosanta sóisialta a nuachóiriúCosaint agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac. Is é an aidhm a bheidh le hidirghabhálacha sa réimse sin ná córais cosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint éifeachtach, éifeachtúil agus leormhaith a thabhairt ag gach céim de shaol duine, cuimsiú sóisialta a chothú, comhdheiseanna a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus ar an mbochtaineacht, agus an t-aistriú ón gcúram institiúideach go cúram atá bunaithe ar an teaghlach agus ar an bpobal a chur chun cinn. Le hidirghabhálacha sa réimse sin, díreofar ar an méid seo a leanas: pobail imeallaithe, amhail na Romaigh, a lánpháirtiú; idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a chomhrac; feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta atá bunaithe ar an teaghlach agus ar an bpobal, amhail oideachas agus cúram luathóige atá cuimsitheach agus neamhscartha, tithíocht, cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta bunriachtanacha agus cúram fadtéarmach, lena n-áirítear trí chórais cosanta sóisialta a nuachóiriú. Ní thacófar le gníomhaíochtaí atá ina gcúis le hidirdheighilt nó le heisiamh sóisialta d’aon chineál; [Leasú 99]
(j) Iompar cliste, inbhuanaithe, cuimsithitheach, slán a chur chun cinn agus scroigeanna tráchta a fhuascailt i bonneagar ríthábhachtacha líonraí trí infheistiú i dtionscadail a bhfuil breisluach Eorpach faoi leith ag baint leo. Ba cheart infheistíochtaí a chur in ord tosaíochta de réir a ábhartha atá siad maidir le naisc TEN-T leis an Aontas Eorpach, a rannchuidiú le soghluaisteacht inbhuanaithe, astaíochtaí laghdaithe, tionchar ar an gcomhshaol, soghluaisteacht shlán, i sineirgíocht le hathchóirithe arna gcur chun cinn ag an gConradh um Chomhphobal IompairIompar cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach, slán a chur chun cinn agus scroigeanna tráchta a fhuascailt i bpríomhbhonneagair líonraí trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a bhfuil breisluach ard Eorpach ag baint leo. Ba cheart na hinfheistíochtaí a chur in ord tosaíochta de réir a ábhartha atá siad do naisc TEN-T leis an Aontas Eorpach, do naisc thrasteorann, agus do chruthú post, a rannchuidiú le soghluaisteacht inbhuanaithe, astaíochtaí laghdaithe, tionchar ar an gcomhshaol, soghluaisteacht shlán, i sineirgíocht le hathchóirithe arna gcur chun cinn leis an gConradh um Chomhphobal Iompair; [Leasú 100]
(k) Timpeallacht na hearnála príobháidí a fheabhsú mar aon le hiomaíochas na bhfiontar, lena n‑áirítear speisialtóireacht chliste, mar phríomhspreagthaí don fhás, do phoist a chruthú agus don lánpháirtiú. Tabharfar tosaíocht do thionscadail a fheabhsaíonn an timpeallacht ghnóFeabhas a chur ar thimpeallacht na hearnála príobháidí agus ar iomaíochas fiontar, go háirithe FBManna, lena n-áirítear speisialtóireacht chliste, mar phríomhspreagthaí don fhás, do phoist a chruthú agus don chomhtháthú. Tabharfar tosaíocht do thionscadail inbhuanaithe lena bhfeabhsaítear an timpeallacht ghnó; [Leasú 101]
(l) Rochtain ar theicneolaíochtaí agus ar sheirbhísí digiteacha agus taighde, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíocht a neartú trí infheistiú i nascacht dhigiteach, i muinín a chur i gcúrsaí digiteacha agus an tslándáil dhigiteach, i scileanna digiteacha agus fiontraíocht chomh maith le bonneagar taighde agus i gcomhshaol fabhrach agus líonrú agus obair i gcomhar le chéile a chur chun cinn;
(m) Cuidiú leis an tslándáil agus leis an tsábháilteacht maidir le soláthar an bhia agus córais fheirmeoireachta inmharthana agus éagsúla a choimeád ar bun i bpobail bheoga thuaithe agus amuigh faoin tuathRannchuidiú le slándáil agus sábháilteacht an tsoláthair bia agus uisce agus córais éagsúlaithe agus inmharthana fheirmeoireachta a choimeád ar bun i bpobail bheoga thuaithe agus faoin tuath; [Leasú 102]
(n) Cáilíocht an chomhshaoil a chosaint agus a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú comhshaoil agus cosc a chur ar chailliúint bithéagsúlachta, bainistíocht inbhuanaithe éiceachórais talún agus muirí agus acmhainní nádúrtha inathnuaite a chur chun cinn agus a chaomhnú, tíosacht acmhainní a chur chun cinn, tomhaltachas agus táirgeacht inbhuanaithe agus tacú leis an aistriú chuig geilleagair ghlasa agus chiorclacha, cur le hastaíochtaí gás ceapa teasa a laghdú, teacht aniar a mhéadú in aghaidh an athraithe aeráide agus rialachas maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide a chur chun cinn agus éifeachtúlacht faisnéise agus fuinnimh. Cuirfidh IPA III beartais chun cinn chun tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar tíosach ar acmhainní, slán agus geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin agus teacht aniar i gcás tubaiste a neartú chomh maith le tubaistí a chosc, ullmhacht agus freagairt. Déanfaidh sé leibhéal ard sábháilteachta núicléiche, cosaint radaíochta agus cur i bhfeidhm coimircí éifeachtúla agus éifeachtacha ábhair núicléach i dtríú tíortha a chur chun cinn chomh maith le creata agus modheolaíochtaí a bhunú le haghaidh coimircí éifeachtúla agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm maidir le hábhar núicléach;
(o) Na caighdeáin shábháilteachta núicléacha is airde is féidir a chur chun cinn, lena n‑áirítear cúltúr na sábháilteachta núicléiche, ullmhacht i gcás éigeandála, bainistíocht fhreagrach agus shlán ar bhreosla agus ar dhramhaíl radaighníomhach, suíomhanna agus gléasra iar-núicléacha a dhíchoimisiúnú agus a chur chun feabhsúcháin; cosaint ar radaíocht agus cuntasacht agus rialú ábhair núicléacha;
(p) Feabhas a chur ar an gcumas atá ag an earnáil agraibhia agus an earnáil iascaigh déileáil le brú iomaíochais agus le fórsaí an mhargaidh mar aon le bheith ag teacht de réir a chéile le rialacha agus le caighdeáin an Aontais, agus spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil á saothrú ag an am céanna maidir le forbairt chothrom chríochach i gceantair thuaithe agus i gceantair cois cóstaFeabhas a chur ar an gcumas atá ag an earnáil agraibhia agus an earnáil iascaigh brú iomaíochais agus fórsaí an mhargaidh a sheasamh agus iad féin a chur i gcomhréir de réir a chéile le rialacha agus caighdeáin an Aontais d’fhonn an acmhainneacht chun onnmhairiú a dhéanamh chuig margadh an Aontais a mhéadú, agus spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a shaothrú, ag an am céanna, maidir le forbairt chothrom chríochach i gceantair thuaithe agus i gceantair chósta; [Leasú 103]
(pa) gníomhaíochtaí a chur chun cinn agus feabhas a chur ar straitéisí agus beartais fhadtéarmacha a bhfuil sé mar aidhm leo radacú agus antoisceachas an fhoréigin a chosc agus cur ina choinne. [Leasú 104]
IARSCRÍBHINN III
Tosaíochtaí téamacha don chúnamh don chomhar trasteorann
Féadfaidh cúnamh don chomhar trasteorann aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí téamacha a leanas, i gcás inarb iomchuí:
(a) an fhostaíocht a chur chun cinn mar aon le soghluaisteacht saothair agus cuimsiú sóisialta agus cultúrtha thar teorainneacha tríd an méid seo, inter alia: margaí trasteorann saothair a lánpháirtiú, lena n‑áirítear soghluaisteacht thrasteorann; comhthionscnaimh áitiúla don fhostaíocht; seirbhísí faisnéise agus comhairliúcháin agus comhoiliúint; an comhionannas inscne; comhdheiseanna; pobail na n‑imirceach agus grúpaí leochaileacha a lánpháirtiú; infheistíocht i seirbhísí poiblí fostaíochta; agus tacú le hinfheistíocht i seirbhísí poiblí sláinte agus sóisialtaan fhostaíocht, soghluaisteacht an lucht saothair agus cuimsiú sóisialta agus cultúrtha a chur chun cinn thar theorainneacha tríd an méid seo a leanas, inter alia: margaí trasteorann saothair a chomhtháthú, lena n-áirítear soghluaisteacht thrasteorann; comhthionscnaimh áitiúla don fhostaíocht; seirbhísí faisnéise agus comhairliúcháin agus comhoiliúint; an comhionannas inscne; comhdheiseanna; pobail na n-imirceach agus grúpaí leochaileacha a lánpháirtiú; infheistíocht i seirbhísí poiblí fostaíochta; agus tacú le hinfheistíocht sa tsláinte phoiblí maille leis an aistriú go seirbhísí sóisialta atá bunaithe ar an teaghlach agus ar an bpobal; [Leasú 105]
(b) an comhshaol a chosaint agus oiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide a chur chun cinn, cosc ar rioscaí agus bainistíocht ar rioscaí, trí, inter alia; comhghníomhaíochtaí chun an comhshaol a chosaint; úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, an phleanáil chomhordaithe spásúil mhuirí, éifeachtúlacht acmhainne agus an geilleagar ciorclach, foinsí fuinnimh in-athnuaite agus an ghluaiseacht chun geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin slán agus glas a bhaint amach; infheistíochtaí a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha, teacht aniar ó thubaistí agus tubaistí a chosc, ullmhacht agus freagairt a áirithiú;
(c) iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus bonneagair phoiblí a fheabhsú trí, inter alia, imeallú a laghdú trí rochtain níos fearr ar líonraí agus ar sheirbhísí iompair, líonraí agus seirbhísí digiteacha agus infheistiú i gcórais agus i saoráidí trasteorann maidir le huisce, le dramhaíl, agus le fuinneamh;
(d) an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach a chur chun cinn trí inter alia nascacht dhigiteach, forbairt seirbhísí r-Rialtas, muinín a chur i gcúrsaí digiteacha agus sa tslándáil dhigiteach chomh maith le scileanna digiteacha agus fiontraíocht a úsáid;
(da) díchur bacainní neamhriachtanacha ar thrádáil, lena n-áirítear constaicí maorlathacha, bacainní taraifí agus neamhtharaifí, a chur chun cinn;[Leasú 106]
(e) an turasóireacht, spórt, agus an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a spreagadh; [Leasú 107]
(f) infheistiú san aos óg, san oideachas agus i scileanna trí, inter alia, comhoideachas a fhorbairt agus a chur chun feidhme, mar aon le gairmoiliúint, scéimeanna oiliúna agus bonneagar lena dtacófar le gníomhaíochtaí don aos óginfheistíocht a dhéanamh san aos óg, i spórt, san oideachas agus i scileanna trí bhíthin, inter alia, aitheantas do scileanna agus do cáilíochtaí a áirithiú, comhoideachas, gairmoiliúint, scéimeanna oiliúna agus bonneagar a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena dtacófar le gníomhaíochtaí don aos óg; [Leasú 108]
(g) rialachas áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn agus pleanáil agus cumas riaracháin na n‑údarás áitiúil agus na n‑údarás réigiúnach a fheabhsúrialachas áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn lena n-áirítear comhar trasteorann idir riaracháin d’fhonn an t-athmhuintearas agus cothú na síochána a spreagadh, acmhainneacht pleanála agus riaracháin údarás áitiúil agus réigiúnach a fheabhsú; [Leasú 109]
(ga) infheistíocht a dhéanamh i bhfothú acmhainneachta eagraíochtaí den tsochaí shibhialta; [Leasú 110]
(gb) comhar trasteorann idir riaracháin a chur chun cinn d’fhonn an t-athmhuintearas agus cothú na síochána a spreagadh, lena n-áirítearan coimisiún Réigiúnach a chur ar bun le haghaidh fíorais a fhionnadh faoi choireanna cogaidh agus faoi sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine a rinneadh san Iar-Iúgslaiv (RECOM); [Leasú 111]
(h) an t‑iomaíochas, an timpeallacht ghnó agus forbairt na bhfiontar beag agus meánmhéide, an trádáil agus an infheistíocht a fheabhsú trí, inter alia, fiontraíocht a chur chun cinn agus tacú léi, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus margaí áitiúla trasteorann a fhorbairt agus idirnáisiúnú;
(i) an taighde a neartú, mar aon le forbairt theicneolaíoch, nuálaíocht agus teicneolaíochtaí digiteacha trí, inter alia roinnt na n‑acmhainní daonna agus na saoráidí don taighde agus don fhorbairt teicneolaíochta a chur chun cinn;
(ia) feabhas a chur ar chomhar trasteorann póilíneachta agus breithiúnach agus ar mhalartú faisnéise chun imscrúdú agus ionchúiseamh coireachta eagraithe trasteorann agus cásanna gaolmhara coireachta eacnamaíoch agus airgeadais, éillithe, gáinneála agus smuigleála a éascú. [Leasú 112]
IARSCRÍBHINN IV
Liosta Príomhtháscairí Feidhmíochta
Úsáidfear an liosta seo de phríomhtháscairí feidhmíochta a leanas le gur féidir rannchuidiú an Aontais a thomhas le cuspóirí sonracha a ghnóthúna príomhtháscairí feidhmíochta seo a leanas, agus a bhforás bliantúil, chun cabhrú le tomhas a dhéanamh ar rannchuidiú an Aontais lena chuspóirí sonracha a ghnóthú agus ar an dul chun cinn a bheidh déanta ag na tairbhithe. [Leasú 113]
1. Táscaire ilchodach(30) maidir le tíortha is iarrthóirí a bheith ullamh maidir le réimsí bunúsacha a bhaineann le critéir aontachais pholaitiúla (lena n‑áirítear an Daonlathas, an Smacht Reachta (na Breithiúna, an Troid in aghaidh éillithe agus an Troid ina aghaidh na coireachta eagraithe) agus Cearta an Duine) (foinse: an Coimisiún Eorpach);
1a. Táscaire ilchodach maidir le hiarrachtaí na gcomhpháirtithe i dtaca le hathmhuintearas, le cothú na síochána, le dea-chaidreamh comharsanachta agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta, le comhionannas inscne agus le cearta ban; [Leasú 114]
1b. Táscaire maidir le huireasa an fhoréigin i gcomhar le laghduithe ar bhunchúiseanna na coinbhleachta (e.g eisiamh polaitiúil nó eacnamaíoch) i gcoinne measúnú bunlíne; [Leasú 115]
1c. Sciar na saoránach i dtír an tairbhí ar dóigh leo go bhfuil siad go maith ar an eolas faoin gcúnamh ón Aontas faoin Rialachán seo (foinse: an Coimisiún Eorpach); [Leasú 116]
2. Tíortha is iarrthóirí a bheith ullamh maidir le hathchóiriú riaracháin (foinse: an Coimisiún Eorpach);
3. Táscaire ilchodach maidir le hullmhacht tíortha is iarrthóirí agus tíortha ionchasacha maidir le aquis an Aontais Eorpaigh (foinse: an Coimisiún Eorpach);
3a. Ráta agus forás bliantúil an ailínithe le cinntí agus bearta CBES (foinse: SEGS);[Leasú 117]
4. Táscaire ilchodach maidir le hullmhacht tíortha is iarrthóirí agus tíortha ionchasacha maidir le réimsí bunúsacha a bhaineann le critéir eacnamaíocha (geilleagar margaidh feidhmeach agus iomaíochas) (foinse: an Coimisiún Eorpach);
5. Caiteachas na slándála sóisialta poiblí (céatadán de OTI) (foinse: EIS) nó Ráta Fostaíochta (foinse: staitisticí náisiúnta)mar atá léirithe ag EIS, caiteachas sláinte, éagothromaíocht ioncaim, ráta bochtaineachta, ráta fostaíochta agus ráta dífhostaíochta, mar a léirítear sa staidreamh náisiúnta oifigiúil;[Leasú 118]
5a. Athruithe ar chomhéifeacht GINI tairbhí le himeacht aimsire; [Leasú 119]
6. Bearna dhigiteach idir na tairbhithe agus meán an Aontais Eorpaigh (foinse: Innéacs DESI an Choimisiúin Eorpaigh);
7. Achar go dtí an teorainn (Gnó a Dhéanamh) scór (foinse: an Banc Domhanda);
8. Déine fuinnimh á tomhas i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil agus OTI (foinse: EUROSTAT);
9. Astaíochtaí gas ceaptha teasa arna laghdú nó arna seachaint (Ktona CO2eq) i gcomhar le tacaíocht ón Aontas Eorpach;
10. Líon na gclár comhair trasteorann arna dtabhairt i gcrích i measc tairbhithe IPA agus i measc Bhallstáit IPA / an Aontais Eorpaigh (foinse: an Coimisiún Eorpach) agus arna gcur chun feidhme i measc tairbhithe IPA agus i measc Bhallstáit IPA/AE, mar atá léirithe ag an gCoimisiún Eorpach;[Leasú 120]
10a. Líon na n-eagraíochtaí nua agus iad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcláir le himeacht aimsire; [Leasú 121]
Déanfar táscairí a imdhealú de réir gnéis, i gcás inarb iomchuíI gcás inarb ábhartha, déanfar táscairí a imdhealú ag an aois íosta agus ar leibhéal na hinscne. [Leasú 122]
Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) (IO L77, 15.3.2014, lch.11).
Cruthaítear nasc leis an gcur chuige maidir le ‘bunphrionsabail i dtosach’ idir an smacht reachta agus cearta bunúsacha agus an dá réimse ríthábhachtacha eile lena gcumhdaítear an próiseas um méadú: Rialachas eacnamaíoch – fócas neartaithe ar fhorbairt eacnamaíoch agus ar iomaíochas feabhsaithe – agus institiúidí daonlathacha a neartú agus athchóiriú ar an riarn poiblí. Tá gach ceann de na tríú bhunphrionsabail ríthabhachtach don phróiseas athchóirithe sna tíortha is iarrthóirí agus sna tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí agus aghaidh a thabhairt ar imnithe ríthabhachtacha na saoránachTríd an gcur chuige maidir le ‘bunphrionsabail i dtosach’, cruthaítear nasc idir an smacht reachta agus cearta bunúsacha agus an dá réimse ríthábhachtacha eile den phróiseas um méadú: rialachas eacnamaíoch – béim níos mó ar fhorbairt eacnamaíoch agus ar iomaíochas feabhsaithe – agus institiúidí daonlathacha agus an t-athchóiriú ar an riarachán poiblí a neartú. Tá gach ceann de na trí bhunphrionsabal ríthabhachtach do na próisis athchóirithe sna tíortha is iarrthóirí agus sna tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tugtar aghaidh leo ar mhórábhair imní atá ag na saoránaigh.
Colún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt go solúnta ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún ag an gCruinniú Mullaigh speisialta Sóisialta Göteborg do phoist chóra agus d'fhás an 17 Samhain 2017Colún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt go sollúnta ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Göteborg do Phoist Chóra agus d'Fhás, Göteborg, an 17 Samhain 2017.
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch.1).
Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR), (IO L 210, 31.7.2006, lch. 82).
Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch chomhphobal na gCipireach Turcach a spreagadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2667/2000 ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Athchóiriú (O L 65, 7.3.2006, lch. 5).
COM(2018)0374 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha sonracha maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) lena dtacaíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh
COM(2018)0372 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe.
An togra COM(2018)0392 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (códú) (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
Treoir 85/337CEE ón gComhairle an 27 Meitheamh 1985 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 175, 5.07.1985, lch. 40).
Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
*Ní dochar an t‑ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Ullmhaíonn an Coimisiún Eorpach na trí tháscaire ilchodacha bunaithe ar thuarascálacha maidir le Méadú, táscairí a bhaineann úsáid as iliomad foinsí neamhspleácha freisin.