Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 13 Márta 2019 - Strasbourg
Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe ***I
 Leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus an Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
 Leanúint de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
 An tsábháilteacht eitlíochta i ndáil le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Comhaontú Comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt ***
 Comhaontú Comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbair (rún)
 Rannpháirtíocht na hIorua, na hÍoslainne, na hEilvéise agus Lichtinstéin in eu-LISA ***
 Ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí ***I
 An Córas Faisnéise Víosaí ***I
 An Ciste Tearmainn agus Imirce a bhunú ***I
 Lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí ***I
 Lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí ***I
 Deochanna biotáilleacha a shainmhíniú, a chur i láthair agus a lipéadú agus tásca geografacha díobh a chosaint ***I
 Leasuithe atá beartaithe ar Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ***I
 Bearta teagmhasacha a bhunú i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
 Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas***I
 Rialacha a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Údaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais ***I
 Gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a leasú a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a leasú a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa ***I
 Síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais ***I
 Calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac ***I

Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe ***I
PDF 116kWORD 48k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle trí Údarú Ginearálta Onnmhairithe ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (COM(2018)0891 – C8-0513/2018 – 2018/0435(COD))
P8_TA(2019)0165A8-0071/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0891),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0513/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A8-0071/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar thogra an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle trí údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe

P8_TC1-COD(2018)0435


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/496.)


Leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus an Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
PDF 115kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (COM(2018)0892 – C8-0512/2018 – 2018/0432(COD))
P8_TA(2019)0166A8-0021/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0892),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 178 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0512/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Feabhra 2019(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A8-0021/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2018)0432


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/491).

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Leanúint de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
PDF 116kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ i gcomhthéacs tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) ón Aontas Eorpach (COM(2019)0065 – C8-0040/2019 – 2019/0030(COD))
P8_TA(2019)0167A8-0082/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0065),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 165(4) agus 166(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0040/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Feabhra 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A8-0082/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2019)0030


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/499.)

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


An tsábháilteacht eitlíochta i ndáil le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
PDF 115kWORD 51k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta ó thaobh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0894 – C8-0514/2018 – 2018/0434(COD))
P8_TA(2019)0168A8-0061/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0894),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0514/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Feabhra 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0061/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta i ndáil le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

P8_TC1-COD(2018)0434


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/494.)

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Comhaontú Comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt ***
PDF 108kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhair, ar son an Aontais, i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile (15093/2016 – C8-0107/2018 – 2015/0302(NLE))
P8_TA(2019)0169A8-0026/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15093/2016),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile (05385/2015),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207, le hAirteagal 209, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(8), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0107/2018),

–  ag féachaint dá rún neamhreachtach an 13 Márta 2019(1) ar an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt (A8-0026/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Ioslamach na hAfganastáine.

(1)Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0170.


Comhaontú Comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbair (rún)
PDF 186kWORD 71k
Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhair, ar son an Aontais, i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile (15093/2016 – C8-0107/2018 – 2015/0302M(NLE))
P8_TA(2019)0170A8-0058/2019

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15093/2016),

–  ag féachaint don Chomhaontú Comhair i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile(1), a shínigh Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR), Federica Mogherini, an 18 Feabhra 2017,

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle an 6 Feabhra 2018 i gcomhréir le hAirteagal 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le hAirteagail 207, 209, 218(6)(a), an dara fomhír, agus 218(8), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C8-0107/2018),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle(2),

–  ag féachaint do chur i bhfeidhm sealadach na gcodanna den Chomhaontú Comhair i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt (CAPD) faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh amhail ón 1 Nollaig 2017,

–  ag féachaint dá rún an 13 Meitheamh 2013 maidir leis an gcaibidlíocht ar chomhaontú comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le comhpháirtíocht agus forbairt(3),

–  ag féachaint do na rúin a tháinig uaithi roimhe seo a bhaineann leis an Afganastáin, go háirithe na rúin seo a leanas: an 16 Nollaig 2010 maidir le straitéis nua don Afganastáin(4), an 15 Nollaig 2011 maidir le rialú buiséadach ar chúnamh airgeadais AE don Afganastáin(5), an 12 Márta 2014 maidir le ról réigiúnach agus caidreamh polaitiúil na Pacastáine le AE(6), an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir le pionós an bháis(7), an 26 Samhain 2015 maidir leis an Afganastáin, go háirithe na maruithe i gcúige Zebul(8), an 28 Aibreán 2016 maidir le hionsaithe ar ospidéil agus scoileanna mar sháruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta(9), an 5 Aibreán 2017 maidir le haghaidh a thabhairt ar ghluaiseachtaí dídeanaithe agus imirceach: ról Ghníomhaíocht Sheachtrach AE(10), an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le caidreamh polaitiúil AE leis an India(11), an 14 Nollaig 2017 maidir leis an staid san Afganastáin(12),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2018 agus an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an Afganastáin,

–  ag féachaint don Teachtaireacht Chomhpháirteach ó VP/HR agus ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 24 Iúil 2017 maidir le Gnéithe le haghaidh Straitéis AE maidir leis an Afganastáin (JOIN(2017)0031),

–  ag féachaint do Chlár Táscach Ilbhliantúil 2014-2020 don Afganastáin, laistigh d’Ionstraim an Aontais maidir le Comhar um Fhorbairt,

–  ag féachaint do Threochlár Tíre AE i gcomhair Idirphlé leis an tSochaí Shibhialta san Afganastáin 2018-2020,

—  ag féachaint do dhúnadh Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin (EUPOL na hAfganastáine) in 2016,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe an 10 Meán Fómhair 2018 dar teideal ‘an staid san Afganastáin agus a himpleachtaí do shíocháin agus slándáil idirnáisiúnta’,

—  ag féachaint do Chomhghníomh don Todhchaí (JWF) AE-na hAfganastáine maidir le saincheisteanna imirce, an 2 Deireadh Fómhair 2016,

—  ag féachaint do Rúin 2210 (2015) agus 2344 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus do shainordú Mhisean Cúnaimh NA san Afganastáin (UNAMA),

–  ag féachaint do thuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine atá ag daoine easáitithe ina dtír féin an 12 Aibreán 2017 maidir lena mhisean chuig an Afganastáin,

–  ag féachaint d’iarraidh ó Phríomhionchúiseoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, Fatou Bensouda, an 3 Samhain 2017 chun tús a chur le himscrúdú ar na coireanna cogaidh agus coireanna i gcoinne an chine dhaonna a líomhnaítear go ndearnadh iad san Afganastáin ón 1 Bealtaine 2003,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh,

–  ag féachaint do Chomhdháil Airí na Ginéive maidir leis an Afganastáin an 27-28 Samhain 2018,

—  ag féachaint do thorthaí Chomhdháil Idirnáisiúnta na Bruiséile ar an Afganastáin an 5 Deireadh Fómhair 2016, a raibh an tAontas Eorpach ina chomhchathaoirleach air agus do ghealltanais fhrithpháirteacha a tugadh ag comhdhálacha idirnáisiúnta ar an Afganastáin a reáchtáladh in Bonn an 5 Nollaig 2011, i dTóiceo an 8 Iúil 2012, agus i Londain an 4 Nollaig 2014,

–  ag féachaint do Chomhdháil Tashkent maidir leis an Afganastáin an 26-27 Márta 2018,

—  ag féachaint do phróiseas ‘Chroí na hÁise’ a seoladh in Iostanbúl an 2 Samhain 2011,

—  ag féachaint do Dhearbhú Chabúl an 22 Nollaig 2002 maidir le dea-chaidreamh idir comharsana,

–  ag féachaint don Fhórsa Cúnaimh Slándála Idirnáisiúnta (ISAF) (2003-2014) faoi shainordú ó na Náisiún Aontaithe agus faoi stiúir ECAT agus do chonclúidí chruinniú mullaigh ECAT a tionóladh sa Bhruiséil an 24-25 Bealtaine 2017, maidir le leanúint don mhisean oiliúna, comhairle agus cúnaimh, ‘Tacaíocht Dhiongbháilte’, (2014 go dtí an lá atá inniu ann),

–  ag féachaint do Phlean Freagartha Daonnúla na hAfganastáine 2018-2021,

–  ag féachaint don Chreat don Fhéintuilleamaí tríd an gCuntasacht Fhrithpháirteach, ar glacadh leis ag Comhdháil na Bruiséile maidir leis an Afganastáin an 4-5 Deireadh Fómhair 2016,

–  ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt agus don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0058/2019),

A.  de bhrí, an 10 Samhain 2011, gur ghlac an Chomhairle cinneadh lena dtugtar údarás don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh ar CAPD idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach an hAfganastáine(13); de bhrí gur cuireadh CAPD i bhfeidhm go sealadach agus i bpáirt ón 1 Nollaig 2017, sular thug Parlaimint na hEorpa a toiliú;

B.  de bhrí gur chuir VP/HR agus an Coimisiún an Moladh Comhpháirteach le haghaidh Cinntí ón gComhairle maidir le síniú agus tabhairt i gcrích CAPD i láthair don Chomhairle an 13 Eanáir 2016, mar chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Afganastáin (‘AE amháin’);

C.  de bhrí gur chuir na Ballstáit in iúl, cé gur chomhaontaigh siad le bunábhar CAPD, gurbh fhearr leo comhaontú ‘measctha’ le cur i bhfeidhm sealadach, agus dá bhrí sin gur iarr siad ar an gCoimisiún agus ar VP/HR athbhreithniú a dhéanamh ar na tograí dá réir sin chun cur i bhfeidhm measctha agus sealadach a chur san áireamh;

D.  de bhrí gur síníodh CAPD an 18 Feabhra 2017;

E.  de bhrí go mbeidh CAPD mar bhunús don chaidreamh idir AE agus an Afganastáin go ceann deich mbliana agus go bhféadfaí síneadh a chur leis sin go ceann tréimhsí cúig bliana;

F.  de bhrí gur cuireadh an Pharlaimint ar an eolas i bpáirt ach nár cuireadh ar an eolas í ina iomláine le linn na gcaibidlíochtaí; de bhrí nach bhfuair an Pharlaimint treoracha caibidlíochta na Comhairle don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) go dtí an 16 Márta 2018, seachas i mí na Samhna 2011, nuair a cuireadh an Pharlaimint ar an eolas maidir leis an gcinneadh chun tús a chur le caibidlíochtaí;

G.  de bhrí go gcuireann an creat dlíthiúil seo le Straitéis reatha AE maidir leis an Afganastáin chomh maith le cúnamh maoinithe sheachtraigh fhairsing AE;

H.  de bhrí gurb é CAPD an chéad chaidreamh conarthach a bheidh ann idir AE agus an Afganastáin, ar caidreamh conarthach é lena ndéanfar tiomantas AE a dheimhniú maidir le forbairt na hAfganastáine sa todhchaí le linn ‘deich mbliana an chlaochlaithe’ (2014-2024) agus lena ndéanfar an gaol stairiúil, polaitiúil agus eacnamaíoch idir an dá pháirtí a neartú;

I.  de bhrí gur léiriú é CAPD ar na prionsabail agus na coinníollacha ar a mbunófar an chomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo idir AE agus an Afganastáin (Teideal I agus Teideal II), lena n-áirítear clásail na n-eilimintí bunriachtanacha maidir le cearta an duine agus neamhleathadh arm ollscriosta; de bhrí go ndéantar foráil le CAPD don fhéidearthacht comhar a bheith ann i raon leathan réimsí, lena n-áirítear forbairt (Teideal III), trádáil agus infheistíocht (Teideal IV), ceartas agus an smacht reachta (Teideal V), lena n-áirítear an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, i gcoinne sciúradh airgid agus i gcoinne drugaí, comhar maidir le himirce agus comhaontú ionchasach todhchaíoch um athligean isteach, agus comhar earnálach (Teideal VI);

J.  de bhrí go gcuirfidh CAPD ar chumas AE agus na hAfganastáine dul i ngleic go comhpháirteach le dúshláin dhomhanda amhail sábháilteacht núicléach, neamhleathadh agus athrú aeráide;

K.  de bhrí go bhfuil an Afganastáin ag pointe an-tábhachtach, rud a fhágann, mura ndéanfar tuilleadh iarrachtaí, go mbeidh riosca ann go gcaillfear leas na n-iarrachtaí, an dul chun cinn agus na n-íobairtí go léir atá déanta go dtí seo maidir le forbairt na hAfganastáine;

L.  de bhrí gur rannchuidíodh go suntasach leis an díghrádú breise ar an tslándáil mar thoradh ar theacht chun cinn na bagartha sceimhlitheoireachta ón ngrúpa atá nasctha le Da’esh, ar a dtugtar Stát Ioslamach-Cúige Khorasan (IS-KP). de bhrí go raibh smacht ag Rialtas na hAfganastáine i mí Bealtaine 2018 ar 56% de cheantair na hAfganastáine agus ar 56% den chríoch, ina bhfuil 65% den daonra, le coimhlint in 32% de na ceantair agus 12% díobh faoi smacht na gceannairceach(14),(15),

M.  de bhrí, ó 2002, gurb iad an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit le chéile an deontóir idirnáisiúnta is mó don Afganastáin agus dá pobal, agus níos mó ná EUR 3.66 billiún tugtha acu i gcabhair forbartha agus dhaonnúil; de bhrí, dar le Clár Táscach Ilbhliantúil 2014-2020 don Afganastáin, go bhfuil ciste forbartha nua de EUR 1.4 billiún leithdháilte don tréimhse 2014-2020; de bhrí gurb é USD 20 billiún OTI reatha na hAfganastáine agus go bhfuil a ráta fáis craptha ó 2014; agus de bhrí go bhfuil roinnt dúshlán roimh gheilleagar na hAfganastáine fós, ar dúshláin iad amhail éilliú, bailiú íseal ioncaim, drochbhonneagar agus cruthú lag post;

N.  de bhrí, ó 2001, go bhfuil cuid mhór de Bhallstáit AE, de chomhpháirtithe ECAT agus tíortha comhghuaillithe tar éis rannchuidiú le cobhsú agus forbairt na hAfganastáine le hacmhainní míleata agus sibhialtacha, agus inar fhulaing siad an-chuid taismeach agus ár; de bhrí gur chun leasanna slándála ríthábhachtacha ECAT, AE agus a Bhallstáit í Afganastáin chobhsaí agus neamhspleách ar féidir léi soláthar di féin agus tearmann a dhiúltú do ghrúpaí sceimhlitheoirí; de bhrí go bhfuil níos mó ná 3 000 duine míleata fós ag Ballstáit AE san Afganastáin atá rannpháirteach i misean Tacaíochta Diongbháilte ECAT;

O.  de bhrí go bhfuil 2.5 milliún dídeanaí cláraithe, agus idir 2 agus 3 mhilliún Afganastánach gan doiciméid san Iaráin agus sa Phacastáin; de bhrí go bhfuil níos mó ná 2 mhilliún duine easáitithe ina dtír féin san Afganastáin, ar easáitíodh níos mó ná 300 000 díobh in 2018; de bhrí go bhfuil mórán de na daoine sin ag fulaingt mar thoradh ar neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, rochtain neamhleor ar shaoráidí sláintíochta agus sláinte agus easpa cosanta, agus de bhrí gur leanaí roinnt mhaith díobh, arna n-aicmiú mar bheith i mbaol rioscaí ó thaobh saothar leanaí, mí-úsáid ghnéasach nó earcú i ngrúpaí coiriúla de; de bhrí gur fhill níos mó ná 450 000 Afganastánach chun na hAfganastáine nó gur díbríodh ar ais ón Iaráin iad ó thús 2018; de bhrí gur fhógair Rialtas na Pacastáine go mbeidh gá ann an 1.7 milliún dídeanaí Afganastánach atá cláraithe sa tír a fhilleadh go héigeantach chun na hAfganastáine;

P.  de bhrí, dar leis na Náisiúin Aontaithe, go bhfuil éilliú san Afganastáin ag baint an bonn ó dhlisteanacht an stáit agus gur bagairt thromchúiseach é don dea-rialachas agus don fhorbairt inbhuanaithe toisc go gcuireann sé cosc ar ‘theacht chun cinn an fhíorgheilleagair’;

Q.  de bhrí gur tír íseal-ioncaim, iar-choinbhleachta agus thalamhiata í an Afganastáin, a chruthaíonn dúshláin speisialta don phobal idirnáisiúnta agus dá institiúidí;

R.  de bhrí, dar leis an Innéacs Domhanda don Oiriúnú, go bhfuil an Afganastáin ar na tíortha ar domhan is mó atá i mbaol ón athrú aeráide;

S.  de bhrí go bhfuil bagairtí agus géarchéimeanna idirnáisiúnta nua ag teacht chun cinn agus ag tarraingt aird, tacaíocht agus imní an phobail ón staid mar atá san Afganastáin;

T.  de bhrí go bhfuil tuairim is 87% de mhná Afganastánacha ag fulaingt ó fhoréigean a bhaineann le hinscne; de bhrí go bhfuil an Afganastáin sa 153ú háit as 160 tír ar Innéacs Neamh-Chomhionannais Inscne na Náisiún Aontaithe 2017;

U.  de bhrí, gur shroich saothrú óipiam an leibhéal is airde riamh in 2017, le méadú 63% i gcomparáid le 2016; de bhrí go gcuireann gáinneáil aindleathach ar chodlaidínigh treise le héagobhsaíocht agus ceannairc agus le cistiú do ghrúpaí sceimhlitheoireachta san Afganastáin;

V.  de bhrí, den chéad uair, go bhfuil buiséad na hAfganastáine in 2018 ag cloí le caighdeáin idirnáisiúnta i dtaca le réamh-mheastacháin agus cuntasaíocht;

W.  de bhrí gur tháinig deireadh le Misean Póilíneachta AE san Afganastáin in 2016 tar éis naoi mbliana de dhul chun cinn;

Gnéithe polaitiúla-straitéiseacha

1.  ag leanúint de bheith tiomanta do thacú le Rialtas na hAfganastáine maidir lena iarrachtaí i dtaca le todhchaí shlán agus chobhsaí a fhorbairt do mhuintir na hAfganastáine trí thabhairt faoi athchóirithe ríthábhachtacha chun rialachas agus an smacht reachta a fheabhsú, chun sceimhlitheoireacht agus antoisceachas a chomhrac, chun síocháin agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, chun institiúidí dlisteanacha agus daonlathacha a thógáil, chun athléimneacht a chothú roimh dhúshláin slándála náisiúnta agus réigiúnacha, chun urraim do chearta an duine a áirithiú, lena n-áirítear cearta na mban, cearta leanaí, agus cearta mionlach eitneach agus reiligiúnach, chun éilliú a chomhrac, chun cur in aghaidh drugaí, chun inbhuanaitheacht fhioscach a fheabhsú agus chun fás cuimsitheach agus inbhuanaithe eacnamaíoch a chothú mar aon le forbairt shóisialta agus tuaithe, trína gcruthófar todhchaí níos fearr do dhaoine óga, arb ionann iad agus dhá thrian den daonra. ag cur i bhfios go bhfuil gá le réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht san Afganastáin agus gur cheart gach iarracht a dhíriú ar an gcuspóir an-phráinneach sin;

2.  ag cur i bhfios go láidir go mbeidh forbairt fhadtéarmach na hAfganastáine ag brath ar chuntasacht, dea-rialachas, soláthar inbhuanaithe shlándáil an duine, lena n-áirítear laghdú na bochtaineachta agus cruthú deiseanna post, rochtain ar sheirbhísí sóisialta agus sláinte, oideachas agus cosaint saoirsí bunúsacha agus cearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear cearta na mban agus na mionlach; ag cur i bhfios go bhfuil gá ann gnóthaí a bhainistiú ar bhealach lena n-áiritheofar fás cuimsitheach eacnamaíoch agus dálaí fabhracha don infheistíocht choigríche inbhuanaithe a rachaidh chun tairbhe do mhuintir na hAfganastáine, le lánurraim do chaighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus saothair;

3.  ag cur in iúl gur ábhair imní di leochaileacht agus éagobhsaíocht an rialtais láir agus an easpa rialála a chuireann sé i bhfeidhm i gcuid mhaith den tír, a chuireann le tionchar na coinbhleachta ar an bpobal sibhialtach; á iarraidh ar AE agus ar an bpobal idirnáisiúnta idirghabháil a éascú i gcásanna amhail saincheisteanna iarthoghcháin gan réiteach;

4.  á iarraidh ar AE cúnamh a thabhairt sna hiarrachtaí i gcoinne threocht fhadtéarmach na dteannas idir-eitneach atá ag cur le titim as a chéile na cumhachta lárnaí agus tacú le creatlach shaibhir il-eitneach na sochaí Afganastánaí;

5.  ag leagan béim ar an tacaíocht fhadtéarmach a thugann sí do thoghcháin inchreidte, shaora, chothroma agus thrédhearcacha, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, agus ag cur in iúl go dtacaíonn sí le breathnóireacht toghcháin AE sa tír, lena n-áirítear breathnóireacht ar thoghchán uachtaránachta 2019; ag cur i bhfios go mbeidh tionchar ollmhór ag toradh na dtoghchán sin ar chobhsaíocht thodhchaíoch Rialtas na hAfganastáine mar thoradh ar dhianiomaíocht sheasta pholaitiúil;

6.  ag leagan béim ar phoitéinseal eacnamaíoch ollmhór na tíre mar thoradh ar a seasamh geografach agus a hacmhainní daonna agus nádúrtha;

7.  ag leagan béim ar thacaíocht airgeadais agus pholaitiúil shuntasach AE d’fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch na hAfganastáine, don chúnamh daonnúil agus don nascacht réigiúnach; ag tathant go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí i dtreo clársceidealú comhpháirteach idir AE agus a Bhallstáit;

8.  ag cur i bhfios, i ndáil leis sin, go bhfuil gá ann le comhordú beartais agus idirphlé idir AE agus na Stáit Aontaithe maidir leis an Afganastáin agus saincheisteanna réigiúnacha;

9.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an Ráiteas Comhpháirteach a glacadh ag Comhdháil na nAirí maidir leis an Afganastáin sa Ghinéiv, arna hóstáil ag na Náisiúin Aontaithe an 27-28 Samhain 2018, ag féachaint do na gealltanais arna ndéanamh ag Comhdháil na Bruiséile maidir leis an Afganastáin in 2016;

Ról agus freagracht na ngníomhaithe réigiúnacha

10.  ag meabhrú di gur tír thalamhiata í an Afganastáin atá lonnaithe ag achomhal a nascann an Áise agus an Meánoirthear agus ag aithint, go bhfuil bunriachtanas le tacaíocht agus comhar dearfach ó thíortha comharsanachta agus ó chumhachtaí réigiúnacha, go háirithe an tSín, an Iaráin, an India, an Rúis, agus an Phacastáin, maidir le cobhsú, forbairt agus inmharthanacht eacnamaíoch na hAfganastáine; ag cur in iúl gurb oth léi nach bhfuil sé i gcónaí mar chuspóir ag na gníomhaithe réigiúnacha sin Afganastáin chobhsaí agus rathúil a bheith ann agus ag cur i bhfáth an róil an-tábhachtach atá ag na tíortha sin sa phróiseas cobhsaíochta agus síochána; á iarraidh ar thíortha comharsanacha staonadh amach anseo ó bhac a chur ar onnmhairí Afganastánacha, mar a tharla roimhe seo;

11.  ag cur i bhfios go mbíonn soghluaisteacht agus gníomhaíocht leanúnach na líonraí sceimhlitheoireachta atá ag feidhmiú san Afganastáin, agus sa Phacastáin freisin, ag cur le héagobhsaíocht na staide sa réigiún ina iomláine;

12.  ag cur i bhfáth go mbíonn an Afganastáin faoi réir chuspóirí eascairdiúla na gcumhachtaí réigiúnacha go minic; ag tathant orthu tacú go hiomlán leis na hiarrachtaí síochána san Afganastáin; ag tacú le fóraim chomhair réigiúnacha, ach imní uirthi ag an am céanna faoi rannpháirtíocht ionadach chomhuaineach maidir le roinnt de chomharsana na hAfganastáine, rud atá ag baint an bonn ó iarrachtaí síochána; á iarraidh ar na comharsana sin staonadh ó rannpháirtíocht ionadach ina gcoimhlintí san Afganastáin agus ag tathant ar chomharsana agus ar chumhachtaí réigiúnacha araon oibriú i lánchomhar le chéile chun síocháin bhuanseasmhach agus inbhuanaithe a bhaint amach san Afganastáin;

13.  ag tathant ar AE méadú a dhéanamh ar a iarrachtaí maidir le plé agus comhar a bheith ann le comhpháirtithe réigiúnacha chun gáinneáil ar dhrugaí, sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac;

14.  ag leagan béim ar an tábhacht bhunúsach atá le forbairt bhonneagair agus réigiúnach san Afganastáin ó thaobh trádáil agus nascacht idir tíortha na hÁise Láir agus Theas de agus mar thoisc chobhsaíochta sa réigiún;

15.  á iarraidh ar AE breithniú ar chomhar idir AE agus an Afganastáin a chur san áireamh ina straitéisí don Áise Láir agus Theas;

Slándáil agus cothú síochána

16.  ag cur in iúl go bhfuil an-imní uirthi go fóill maidir leis an meath leantach ar staid na slándála san Afganastáin agus an méadú leanúnach ar limistéar na gcríoch atá faoi smacht ag míleataigh an Talaban agus grúpaí sceimhlitheoireachta éagsúla amhail IS-KP, agus go bhfuil treisiú láidir ó throdaithe eachtracha sa tír ag cuidiú leis sin de réir dealraimh; ag cáineadh ionsaithe atá déanta acu i gcoinne shibhialtaigh, fhórsaí slándála, institiúidí agus shochaí shibhialta na hAfganastáine; ag athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta go hiomlán do gach cineál sceimhlitheoireachta a chomhrac agus ag tabhairt ómós do gach comhghuaillíocht agus d’fhórsaí agus saoránaigh na hAfganastáine a bhfuil a saol tugtha acu ar son Afganastáin dhaonlathach, chuimsitheach, rachmasach, shlán agus chobhsaí; Ag tabhairt dá haire gur cuireadh níos mó ná leath na n-ionsaithe frith-rialtais in 2018 i leith IS-KP, a bhfuil sé mar aidhm aige cur isteach ar an bpróiseas athmhuintearais agus síochána agus é a chur dá bhonn; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur éirigh leis na heagraíochtaí jiohádacha reatha, IS-KP, Al Qaeda agus a bhfoghrúpaí éagsúla, oiriúnú agus iad féin a dhaingniú, ar léiriú iad ar mhórdhúshlán slándála don Afganastáin, don réigiún agus don Eoraip;

17.  ag leagan béim ar thacaíocht leanúnach AE don phróiseas síochána cuimsitheach ar a bhfuil an Afganastáin i gceannas agus ar a bhfuil seilbh aici, lena n-áirítear cur chun feidhme an tsocraithe síochána arna chomhaontú le Hezb-e-Islami; réidh le rannchuidiú leis seo le gach ionstraim iomchuí de chuid an Aontais a luaithe agus a bheidh próiseas síochána fónta ann; á iarraidh ar an Talaban an foréigean a shéanadh, dul isteach sa phróiseas síochána agus glacadh le Bunreacht na hAfganastáine; ag cur a tacaíocht i bhfáth i dtaca leis an tairiscint chuimsitheach síochána arna tabhairt don Talaban arís is arís eile ag an rialtas; á iarraidh ar an tsochaí shibhialta rannpháirtíocht iomlán a bheith aici sna cainteanna sin; ag aithint gur gá dul i ngleic leis an gceist a bhaineann le láithreacht slándála idirnáisiúnta fhadtéarmach agus chomhpháirteach chun cuidiú le fórsaí slándála na hAfganastáine chun an tír a chobhsú agus gan ligean di a bheith ina tearmann do ghrúpaí sceimhlitheoireachta nó ina foinse éagobhsaíochta réigiúnaí arís; á iarraidh ar gach páirtí sa choinbhleacht urraim a thabhairt don dlí daonnúil idirnáisiúnta;

18.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an chéad tréimhse ina raibh sos cogaidh ann ó 2001, Eid al-Fitr, a léirigh mian fhorleathan síochána i measc na nAfganastánach; á iarraidh ar an Talaban na glaonna ó Uachtarán na hAfganastáine a leanúint, maidir le tréimhse nua shosa cogaidh;

19.  ag leagan béim ar an bhfíoras gur eascair cuid mhaith de na fadhbanna gan réiteach atá roimh an Afganastáin inniu as daichead bliain cogaidh, ar chuir ionradh na Sóivéadach ar an Afganastáin in 1979 tús leo; i ndáil leis sin, ag aithint ról na ndaoine óga agus dhiaspóra na hAfganastáine sa phróiseas i dtaca le todhchaí níos daingne agus níos fearr a thógáil don tír; á iarraidh ar AE tacú le ceartas trasnáisiúnta d’íospartaigh an fhoréigin;

20.  ag tabhairt dá haire, tar éis do mhisean Chomhbheartas Slándála agus Cosanta EUPOL na hAfganastáine dúnadh i mí na Nollag 2016, ar misean é lenar soláthraíodh oiliúint agus comhairle speisialaithe do Phóilíní Náisiúnta na hAfganastáine agus don Aireacht Gnóthaí Baile, tá an tAontas tar éis leanúint lena chomhar le póilíní na hAfganastáine trí ionstraimí seachtracha AE, amhail an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin (IcSP), a mhaoiníonn gníomhaíochtaí athmhuintearais freisin;

21.  ag tabhairt dá haire gur chruthaigh misean ISAF Fórsaí Slándála Náisiúnta na hAfganastáine ó bhonn aníos agus go ndearna sé fórsa cumasach de 352 000 saighdiúir agus póilín as, le saighdiúirí coise, póilíní míleata, fórsaí faisnéisíochta, glanta bealaigh, tacaíochta comhraic, leighis, eitlíochta agus cumais lóistíochta, ag comhrac tionchar na gceannairceach sa tír mar thoradh orthu sin;

22.  ag tabhairt dá haire gur chruthaigh ISAF timpeallacht shlán chun feabhas a chur ar rialachas agus forbairt eacnamaíoch, as ar eascair an gnóthachan céatadáin is mó as measc na dtíortha uile ó thaobh sláinte bhunúsach agus táscairí forbartha eile de; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur tháinig meáin fhuinniúla chun cinn mar thoradh ar an rath bhí ar ISAF agus go bhfeidhmíonn na milliúin Afganastánach a gceart chun vótála anois;

23.  á mholadh arís do mhisean Tacaíochta Diongbháilte ECAT leanúint dá oiliúint agus dá fhormhaoirseacht ar arm na hAfganastáine; á mholadh do na Ballstáit oiliúint bainistithe ghéarchéime shibhialtach a chur ar fáil do rialtais náisiúnta agus áitiúla na hAfganastáine;

24.  á mholadh do ECAT agus do AE oibriú le chéile chun faisnéisíocht a bhailiú maidir le grúpaí ceannairceacha atá ag bagairt ar an Afganastáin agus moltaí beartais chuig fórsaí slándála na hAfganastáine a comhordú ar bhonn comhpháirteach;

25.  ag cur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil an Talaban agus grúpaí ceannairceacha eile ag baint leas as láithreacht AE agus as an bpobal idirnáisiúnta san Afganastáin agus na forbairtí atá bainte amach acu, chun críocha bolscaireachta, chun scéal a chur chun cinn go bhfuil gabhálaithe eachtracha ag cur as do thír na nAfganastánach agus dá modh maireachtála; á mholadh do AE agus Rialtas na hAfganastáine cur i gcoinne bolscaireacht den chineál sin;

26.  ag cur an fíoras i bhfios go láidir go bhfuil an comhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ríthábhachtach chun timpeallacht a chruthú a bheidh fabhrach don tslándáil san Afganastáin; ag tathant ar gach páirtí ábhartha a n-iarrachtaí a threisiú i dtaca le gach líonra maoinithe sceimhlitheoireachta a tharraingt ó chéile, lena n-áirítear deireadh a chur le mí-úsáid líonraí hawala agus deontais idirnáisiúnta chun na críche sin, chun radacú agus antoisceachas a chomhrac, mar aon leis na huirlisí earcaíochta a bhfuil eagraíochtaí sceimhlitheoireachta Afganastánacha fós ag brath orthu;

27.  ag tathant ar Rialtas na hAfganastáine gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh tús áite i measc a thosaíochtaí ag cosc agus cur in aghaidh leathadh na n-idé-eolaíochtaí antoisceacha;

28.  ag tacú le Chlár Síochána agus Ath-lánpháirtithe na hAfganastáine, a dhéanann comhaltaí an Talaban a thugann iad féin suas agus a shéanann an foréigean a lánpháirtiú ar ais sa tsochaí; ag moladh na Ríochta Aontaithe as níos mó ná GBP 9 milliún a ranníoc cheana féin;

29.  á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine Rúin Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, Síocháin agus Slándáil a chur chun feidhme go hiomlán, agus rannpháirt, cosaint agus cearta na mban a áirithiú ar fud an timthrialla coinbhleachta, ó chosc ar choinbhleacht go atógáil iarchoinbhleachta;

30.  á mholadh do Rialtas na hAfganastáine frithbhearta éifeachtacha ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN) a fhorbairt; ag tathant ar AE tacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar d’fhothú acmhainneachta CBRN;

31.  á mholadh do Rialtas na hAfganastáine a chórais rialaithe intíre a threisiú chun cur i gcoinne chúrsaíocht fhorleathan na mionarm agus na n-armán éadrom (SALW), i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana;

Cothú stáit

32.  ag cur i bhfios go bhfuil gá ann go gcuirfeadh Rialtas na hAfganastáine agus an comhphobal idirnáisiúnta dlús lena n-iarrachtaí chun deireadh a chur le héilliú sa tír, mar aon le neartú a dhéanamh ar institiúidí freagrúla agus cuimsitheacha agus feabhas a chur ar rialú áitiúil mar chéimeanna ríthábhachtacha i dtógáil stáit chobhsaí agus dhlisteanaigh atá in ann cosc a chur ar choinbhleacht agus ceannairc; á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine an acmhainneacht náisiúnta a threisiú chun sócmhainní goidte a aisghabháil trí chláir amhail an Tionscnamh um Aisghabháil Sócmhainní Goidte atá faoi stiúir Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda agus Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC);

33.  á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine cuimsitheacht pholaitiúil a mhéadú, cuntasacht a neartú agus comhrac go gníomhach i gcoinne an éillithe;

34.  ag cur i bhfios gur gá an bhearna idir rialtais náisiúnta agus áitiúla na hAfganastáine a dhruidim; ag aithint go bhfuil seans ann go bhféadfaí maolú ar an bhfadhb sin dá bhforfheimeodh Rialtas na hAfganastáine an reacht lena gceanglaítear ar gobharnóirí réigiúnacha a bheith i láthair sna críocha a ndéanann siad ionadaíocht orthu;

35.  á iarraidh ar AE a áirithiú go ndéantar cistí AE a infheistiú i dtionscadail a chuidíonn le pobal na hAfganastáine agus go soláthraítear a dhóthain tacaíocht do bhardais agus iad ag soláthar seirbhísí bunriachtanacha agus ag cothú rialú áitiúil, chun go n-áiritheofar bunchaighdeáin mhaireachtála don phobal, chun comhordú idir údaráis lárnacha agus bardais áitiúla a áirithiú chun na tosaíochtaí ar cheart infheistiú iontu a shainaithint, chun tacaíocht don tsochaí shibhialta a threisiú, go háirithe cosantóirí chearta an duine agus, go háirithe, chun tús áite a thabhairt do chistiú do thionscadail a thacaíonn le gníomhaithe a chuireann cuntasacht, cearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha chun cinn agus a chothaíonn sásraí idirphlé agus réiteach coinbhleachta atá leabaithe go háitiúil;

36.  á iarraidh ar AE leanúint lena phlean céimnithe amach i ndiaidh dhúnadh mhisean EUPOL, ar plean é lena n-áirítear aistriú inbhuanaithe gníomhaíochtaí chuig chomhpháirtithe áitiúla agus idirnáisiúnta EUPOL a áirithiú; ag tathant ar gach páirtí leanúint ar aghaidh lena n-iarrachtaí chun Póilíní Náisiúnta na hAfganastáine a fhorbairt ina fhórsa proifisiúnta don tsábháilteacht agus don tslándáil, chun gach institiúid forfheidhmithe dlí a neartú, le béim ar leith ar neamhspleáchas a chórais bhreithiúnaigh, ar na póilíní agus ar fheabhas a chur ar staid na bpríosún Afganastánach, mar aon le hurraim do chearta na bpríosúnach;

37.  ag cur in iúl gur oth léi go bhfuil ag teip ar fheachtais frithdhrugaí san Afganastáin agus nár leor na hiarrachtaí chun spriocdhíriú ar shaotharlanna drugaí an Talaban agus na líonraí idirnáisiúnta coireachta eagraithe, atá i gcroílár na gáinneála ar dhrugaí agus a sholáthraíonn cistiú don Talaban agus d’oibríochtaí sceimhlitheoireachta; ag tacú le straitéis nua frithdhrúgaí Rialtas na hAfganastáine agus á formhuiniú, ar straitéis í a fhaigheann tacaíocht ó UNODC; ag cur in iúl gur cúis imní di an méadú ar shaothrú óipiam san Afganastáin(16) agus á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine beartais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun an treocht sin a chur ar cúl; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach roghanna malartacha inbhraite agus inbhuanaithe ar tháirgeadh poipíní a ghiniúint agus iad a chur ar fáil do tháirgeoirí;

38.  ag cur i bhfáth gurb iad príomhfhoinsí ioncaim an Talaban mianadóireacht neamhdhleathach agus táirgeadh óipiam; ag tabhairt dá haire go meastar faoi láthair go mbíonn ioncam de EUR 200-300 milliún in aghaidh na bliana ag an Talaban ó ghníomhaíochtaí mianadóireachta neamhdhleathaí;

39.  á iarraidh go gcuirfí seiceálacha agus ceartúcháin iomchuí ar bun agus go mbeadh trédhearcacht mhéadaithe ann chun éifeachtacht an riaracháin phoiblí a áirithiú, lena n-áirítear bainistíocht airgeadais chomh maith le cosc ar aon mhí-úsáid a bhainfí as cabhair eachtrach nó forbartha, i gComhréir le Dearbhú Pháras maidir le hÉifeachtacht Cabhrach;

40.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di gur shínigh AE Conradh Forbartha Stáit (SBC) leis an Afganastáin in 2016, lena leithdháilfear EUR 200 milliún thar dhá bhliain i dtacaíocht bhuiséadach chun institiúidí rialtais a neartú agus chun acmhainní a mhéadú i gcomhair tosaíochtaí forbartha amhail fás eacnamaíoch a ghiniúint, bochtaineacht a laghdú agus éilliú a chomhrac; ag cur i bhfios gur gá acmhainní a úsáid go héifeachtach;

41.  ag tabhairt dá haire go bhfuil SBC bunaithe ar athbhreithniú foriomlán dearfach ar dhul chun cinn na hAfganastáine i dtaca le príomhréimsí athchóirithe; ag aithint go bhfuil tábhacht ag baint le leagan amach na spriocanna a cuireadh chun tosaigh le SBC mar aon leis na coinníollacha maoinithe; ag leagan béim bhreise ar an tábhacht a bhaineann le formhaoirseacht agus faireachán córasach chun mí-úsáid a chosc; ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá béim ar fhorbairt agus cobhsaíocht ag Rialtas na hAfganastáine; á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint a choimeád ar an eolas go rialta faoi chur chun feidhme SBC agus ag leagan béim ar an bhfíoras gur cheart torthaí i ndáil leis sin a úsáid chun ullmhúchán a dhéanamh chun leanúint leis an oibríocht i ndáil le tacaíocht bhuiséadach don tréimhse 2018-2021;

An tsochaí shibhialta agus cearta an duine

42.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di go leagann CAPD AE-na hAfganastáine béim ar idirphlé maidir le saincheisteanna chearta an duine, go háirithe cearta na mban, leanaí, agus mionlach eitneach agus reiligiúnach chun rochtain ar acmhainní a áirithiú agus chun tacú le lánfheidhmiú a gceart bunúsach, lena n-áirítear trí níos mó ban a fhostú i struchtúir rialtais na hAfganastáine agus sna córais slándála agus bhreithiúnacha; á iarraidh ar an Afganastáin oibriú chun gach cineál foréigin agus idirdhealaithe i gcoinne ban agus cailíní a dhíothú; ag cur i bhfios gur gá níos mó iarrachta a dhéanamh maidir le cur chun feidhme fhorálacha CAPD arna lua i dTeideal I agus i dTeideal II;

43.  ag áitiú go gcoinneodh AE seasamh láidir maidir le cearta an duine a chur chun feidhme agus ag cur i bhfios gur gnéithe bunriachtanacha den Chomhaontú iad prionsabail dhaonlathacha, cearta an duine, go háirithe cearta na mban agus cearta mionlach, agus an smacht reachta; ag áitiú go ndéanfadh AE bearta sonracha má sháraíonn Rialtas na hAfganastáine gnéithe bunriachtanacha den Chomhaontú;

44.  ag meabhrú go bhfuil béim ar leith á leagan ag AE ar dhálaí ban, leanaí, daoine faoi mhíchumas agus daoine atá ina gcónaí faoi bhochtaineacht a fheabhsú agus go bhfuil riachtanas cúnaimh ar leith ag na grúpaí sin, lena n-áirítear i réimsí na sláinte agus an oideachais;

45.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an áit lárnach atá tugtha don chomhionannas inscne agus beartais ghaolmhara sa Chomhaontú, agus a bhéim láidir ar fhorbairt na sochaí sibhialta; á iarraidh ar AE tuilleadh spreagadh a thabhairt do chomhionannas idir mná agus fir agus do chumhachtú na mban, trína iarrachtaí um fhorbairt, agus é á chur san áireamh go mbíonn gá, agus meon na sochaí i dtreo ról socheacnamaíoch na mban á athrú, le bearta comhfhreagracha i dtaca le múscailt feasachta, oideachas agus athchóiriú an chreata rialála;

46.  ag cur i bhfios go bhfuil gá le mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha atá á mbagairt nó á n-ionsaí a chosaint; ag tabhairt dá haire go spriocdhírítear ar ghrúpa eitneach Siach Hazara níos minice ná na grúpaí eile agus nach mór aird ar leith a thabhairt air dá bhrí sin;

47.  á iarraidh go neartófaí institiúidí náisiúnta agus fonáisiúnta san Afganastáin a bhfuil baint acu le cearta an duine agus go dtacófaí leo mar aon le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus lucht acadúil; ag tathant ar chontrapháirtithe idirnáisiúnta comhar agus plé níos dlúithe a spreagadh leis na páirtithe Afganastánacha sin;

48.  ag tacú le hiarrachtaí na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta chun cuntasacht a áirithiú do choireanna cogaidh agus do choireanna in aghaidh an chine dhaonna a líomhnaítear go ndearnadh iad ó Bhealtaine 2003;

49.  ag cur in iúl gur cúis imní di líon méadaitheach na n-ionsaithe is foréigní agus d’aon ghnó ar shaoráidí sláinte agus ar oibrithe sláinte agus an spriocdhíriú ar bhonneagar sibhialtach; ag tathant ar gach páirtí a n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta a urramú, chun cosc a chur ar ionsaithe i gcoinne sibhialtach agus an bhonneagair shibhialtaigh;

50.  á iarraidh ar rialtas na hAfganastáine moratóir láithreach a thabhairt isteach ar úsáid phionós an bháis mar chéim i dtreo a chealaithe;

Forbairt agus trádáil

51.  ag aithint gurb é cuspóir chabhair AE don Afganastáin cuidiú le rialtas agus geilleagar na tíre an bhochtaineacht a dhíothú agus staid neamhspleáchais agus fáis a bhaint amach le forbairt inmheánach agus comhar réigiúnach trí thrádáil agus infheistíocht sheachtrach agus infheistíocht inbhuanaithe phoiblí, chun ró-bhrath ar chabhair eachtrach a laghdú, trí rannchuidiú le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil na hAfganastáine;

52.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an Afganastáin ar cheann do na faighteoirí is mó cabhrach um fhorbairt ar domhan agus go raibh EUR 3.6 billiún i gcabhair don tír geallta ag institiúidí den Aontas idir 2002 agus 2016; ag cur in iúl gurb oth léi an fíoras go bhfuil sciar na nAfganastánach atá ag maireachtáil i mbochtaineacht méadaithe ó 38 % (2012) go dtí 55 % (2017) agus ag leagan béim ar an bhfíoras gur cláraíodh fás mall sa tír ó 2014 tar éis fórsaí slándála idirnáisiúnta a laghdú, na laghduithe ar dheontais idirnáisiúnta a ghabhann leis sin, agus staid slándála atá ag dul in olcas;

53.  ag cur i bhfios an gá atá ann le dul i ngleic le ráta ard dífhostaíochta agus le comhrac i gcoinne na bochtaineachta chun oibriú i dtreo síocháin agus cobhsaíocht a bhaint amach sa tír;

54.  ag leagan béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tuilleadh deiseanna fostaíochta lasmuigh den fheirmeoireacht agus d’oibriú don rialtas chun cosc a chur ar earcú fear óg sa Talaban agus i líonraí ceannairceacha eile;

55.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di Creat Náisiúnta don tSíocháin agus don Fhorbairt san Afganastáin 2016 (ANPDF) agus an Creat don Fhéintuilleamaí tríd an gCuntasacht Fhrithpháirteach (SMAF) atá glactha ag Rialtas na hAfganastáine; á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt, trí CAPD, do thosaíochtaí forbartha atá faoi úinéireacht na hAfganastáine i gcomhréir le prionsabail éifeachtacht na forbartha;

56.  á iarraidh ar VP/HR agus ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar gach beart de chuid an Aontais san Afganastáin ar bhonn tráthrialta trí táscairí sainráite cáilíochtúla agus cainníochtúla a úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann le cabhair um fhorbairt, dea-rialachas lena n-áirítear earnáil an cheartais, urraim do chearta an duine agus slándáil; á iarraidh sa chomhthéacs sin go ndéanfaí meastóireacht ar an tionchar coibhneasta atá ag bearta AE ar an staid fhoriomlán sa tír agus ar leibhéal an chomhordaithe agus an chomhair idir gníomhaithe AE agus misin agus bearta idirnáisiúnta eile, agus go ndéanfaí na torthaí agus na moltaí a fhoilsiú agus a thuairisciú don Pharlaimint;

57.  ag cur in iúl gur oth léi gur teoranta an tionchar a bhí ann, d’ainneoin gur infheistíodh cúnamh suntasach ón iasacht; ag tabhairt cuireadh do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta a tharraingt suas maidir le héifeachtacht chúnamh AE don Afganastáin le deich mbliana anuas;

58.  á mholadh do AE agus do ghníomhaireachtaí idirnáisiúnta eile atá rannpháirteach i bhforbairt na hAfganastáine oibriú le meáin na hAfganastáine chun cur in iúl straitéiseach na n-iarrachtaí forbartha, a bhfoinsí, a gcríocha agus a dtionchar do mhuintir na hAfganastáine a áirithiú;

59.  ag meabhrú go bhfuil easpa saineolaithe sibhialtacha ann san Afganastáin faoi láthair; á mholadh do AE agus dá Bhallstáit saineolaithe sibhialtacha a fhostú agus oiliúint chuí a chur orthu i bpríomhréimsí atá an-tábhachtach i gcomhair forbairt eacnamaíoch agus i gcomhair an chomhraic in aghaidh drugaí, chun cuidiú le hoifigigh agus daoine áitiúla Afganastánacha agus chun oiliúint a chur orthu;

60.  ag cur i bhfáth go bhfuil gá ann tacú le córas oideachais na hAfganastáine agus líon na leanaí a leanann ranganna scoile ar gach leibhéal a mhéadú;

61.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an fíoras go bhfuil méadú faoi dheich tagtha ar cur ar rolla sna scoileanna ó 2001, agus ar cailíní iad ionann 39 % de dhaltaí scoile;

62.  ag tathant go dtabharfaí aird ar leith ar na glúnta óga agus á iarraidh go mbainfí lán-úsáid as cláir amhail Erasmus+ agus Fís 2020 chun naisc a chur ar bun idir institiúidí oideachais, lucht léinn, earnálacha taighde agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);

63.  ag tacú le gníomhaíochtaí AE agus na mBallstát lena ndéantar ranníocaíochtaí le Ciste Iontaobhais Atógála na hAfganastáine, a ndéanann an Banc Domhanda agus Aireacht Airgeadais na hAfganastáine comhbhainistiú air agus atá ag obair chun bunseirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil le béim ar leith ar shláinte agus ar oideachas;

64.  ag fáiltiú roimh aontachas na hAfganastáine le EDT in 2016, agus ag aithint an bhreisluacha a thabharfaidh trádáil agus infheistíocht dhíreach sheachtrach do thodhchaí na hAfganastáine; ag aithint an róil dhearfaigh a d’fhéadfadh a bheith ag ballraíocht EDT maidir leis an Afganastáin a chomhtháthú i ngeilleagar an domhain;

65.  ag tabhairt dá haire gur thug AE rochtain shaor ó dhleacht agus shaor ó chuótaí ar mhargadh AE don Afganastáin, tar éis aontachas na tíre sin le EDT in 2016, a mhéadaigh naisc na hAfganastáine leis an ngeilleagar domhanda, ach ag aithint go bhfuil gá le tuilleadh bearta nithiúla chun go mbeidh an earnáil phríobháideach in ann tairbhe a bhaint as an gcóras sin agus a forbairt inmheánach a mhéadú dá réir sin;

66.  ag cur i bhfios gur cheart d’údaráis na hAfganastáine samhail eacnamaíoch inbhuanaithe a fhorbairt, agus prionsabal an athdháilte mar chroílár inti; á iarraidh ar AE tacú leis an Afganastáin ina forbairt chomhshaoil agus aistriú fuinnimh, ós rud é go bhfuil forálacha maidir le fuinneamh glan agus inbhuanaithe bunriachtanach chun dlús a chur le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe;

67.  ag cur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun méadú a dhéanamh ar acmhainn institiúidí rialtais chun straitéisí agus beartais trádála a cheapadh agus a chur chun feidhme, chun feabhas a chur ar aistriú earraí trasteorann agus chun cáilíocht táirgí a threisiú chun go mbeidh siad ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta;

68.  ag iarraidh feabhsú ar caidreamh gnó le gnó idir cuideachtaí atá bunaithe in AE agus earnáil phríobháideach na hAfganastáine; á mholadh go ndéanfaí dálaí fabhracha a chur chun feidhme i gcomhair fhorbairt FBManna;

69.  ag tacú le haon chlár um fhorbairt arna sheoladh ag AE, ag Ballstát aonair nó ag aon bhall den chomhphobal idirnáisiúnta agus ag cur in iúl gur díol sásaimh di clár den chineál sin, a bhfuil sé mar sprioc leis cuidiú le húinéirí gnólachtaí beaga agus le fiontraithe agus iad ag dul i ngleic le costais dhlíthiúla, rialacháin agus le bacainní eile ar tháirgeadh a bheadh murach sin mar dhíspreagadh do ghnólachtaí ó dhul isteach sa mhargadh agus/nó ó fhás laistigh den mhargadh;

70.  ag aithint go soláthraítear le cúltaiscí mianraí san Afganastáin, deis eacnamaíoch don tír ioncam agus poist a ghiniúint; ag tabhairt dá haire go bhfuil suim léirithe ag an tSín sna cúltaiscí mianraí sin, le béim ar leith ar dhúile tearc-chré;

An Imirce

71.  ag aithint gur dúshlán leanúnach don Afganastáin í an imirce, a chruthaíonn saincheisteanna do thíortha comharsanachta agus do Bhallstáit AE; ag cur in iúl gur cúis imní di an líon gan choinne d’imircigh atá ag filleadh, den chuid is mó ón bPacastáin agus ón Iaráin, agus líon níos lú ón Eoraip; ag aithint gur toradh ar bhagairt an fhoréigin ó ghrúpaí ceannairceacha san Afganastáin agus ar chúinsí eacnamaíocha agus comhshaoil iad na saincheisteanna a bhaineann le daoine atá easáitithe ina dtír féin agus dídeanaithe; ag cur i bhfios gur cheart iarrachtaí ar pháirt AE agus ar pháirt an chomhphobail idirnáisiúnta a dhíriú ar chosc a chur ar bhunchúiseanna na hollimirce; ag cur in iúl gur díol sásaimh di an straitéis i ndáil le filleadh náisiúnaigh na hAfganastáine; ag cur in iúl gur cúis imní di, áfach, easpa na mbeartas seasta imirce i measc údaráis na hAfganastáine i dtaca leis na fillithe atá acu faoi láthair a bhainistiú; ag cur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhfuil ath-lánpháirtiú fillithe cuí, go háirithe leanaí, nach mór rochtain ar bhunoideachas agus meánoideachas a ráthú dóibh, an-tábhachtach chun cobhsaíocht a áirithiú sa tír agus nach bhfuil na daoine atá tar éis filleadh faoi réir foréigin nó comhéigin le linn na nósanna imeachta fillte;

72.  ag cur i bhfáth go bhfuil gá ag 5.5 milliún duine le cabhair dhaonnúil san Afganastáin dar le Oifig um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA) na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear daoine easáitithe ina dtír féin i ndiaidh coinbhleachta nó triomaigh, agus ag leagan béim ar an bhfíoras gur eascair easáitiú éigeantach níos mó ná 250 000 duine i dtuaisceart agus iarthar na tíre as an triomach; ag tabhairt dá haire nach bhfuil ach 33.5% den mhaoiniú atá uaidh ag an bPlean Freagartha Daonnúil agus ag tathant ar AE agus a Bhallstáit dá bhrí sin, dlús a chur lena n-iarrachtaí chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin dhaonnúla agus na riachtanais dhaonna agus aird ar leith a thabhairt ar dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear na daoine sin atá lonnaithe i gceantair ar deacair teacht orthu;

73.  ag cur in iúl gur oth léi an fíoras nach bhfuil aon chomhaontú foirmiúil bainte amach in ainneoin Airteagal 28(4) CAPD a deir gur cheart go dtabharfadh na Comhpháirtithe comhaontú um athligean isteach i gcrích agus nach bhfuil ann ach comhaontú neamhfhoirmiúil – an Comhghníomh don Todhchaí; ag brath go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí comhaontú ar bith um athligean isteach ar bhonn foirmiúil chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú; ag cur in iúl gur oth léi an easpa formhaoirseacht pharlaiminteach agus rialú daonlathach ar thabhairt i gcríoch an Chomhghnímh don Todhchaí agus ag cur i bhfios an tábhacht a bhaineann le hidirphlé leanúnach le gníomhaithe ábhartha a sheoladh chun réiteach inbhuanaithe maidir leis an ngné réigiúnach a aimsiú i dtaca le saincheist na ndídeanaithe Afganastánacha;

74.  ag cur in iúl gur oth léi an sreabhadh imirce ón Afganastáin chuig an Iarthar, go háirithe i gcás na ndaoine oilte agus óga, mar gheall ar easpa deiseanna sa tír; ag cur i bhfáth cúnamh AE chun saolta eisimirceach Afganastánach atá scaipthe amach sa Phacastáin agus san Iaráin a fheabhsú; á iarraidh ar na tíortha sin gan na daoine sin a dhíbirt, ar rud é a d’fhéadfadh éifeacht an-dhiúltach a bheith aige ar chobhsaíocht agus ar gheilleagar na hAfganastáine; ag tathant go ndéanfaí filleadh dídeanaithe chuig a mbailte a eagrú ar bhealach sábháilte, eagraithe agus deonach;

75.  ag moladh an Choimisiúin as mórthionscadal a chur ar bun in 2016 chun ath-lánpháirtiú níos fearr a dhéanamh ar imircigh fhillteacha san Afganastáin, sa Bhanglaidéis agus sa Phacastáin, le EUR 72 mhilliún curtha i leataobh go sonrach don Afganastáin idir 2016 agus 2020;

76.  ag leagan béim ar an bhfíoras nár cheart féachaint ar chúnamh um fhorbairt ón AE don Afganastáin go heisiach ó thaobh na himirce de agus ó thaobh chuspóirí an bhainistithe teorainneacha de, agus ag meas gur cheart go rachadh cabhair um fhorbairt i ngleic le bunchúiseanna na himirce go héifeachtach;

Comhar earnálach

77.  ag tathant ar an gCoimisiún straitéisí cuimsitheacha a chur i láthair do gach earnáil agus é mar aidhm leo forbairt fhorleathan a áirithiú i ngach réimse comhair leis an Afganastáin;

78.  ag iarraidh iarrachtaí chun úsáid fhónta a bhaint as taithí AE maidir le fothú acmhainní agus riarachán poiblí agus athchóiriú ar an státseirbhís; ag leagan béim ar an ngéarghá atá le feabhas a chur ar rialachas i réimse an chánachais; ag iarraidh tacaíocht i gcomhair eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, le lánurraim dá gcúlra eitneach, reiligiúnach, sóisialta nó polaitiúil difriúil;

79.  ag cur i bhfáth an fhíorais go soláthraítear 50 % d’ioncam phobal na hAfganastáine agus ceathrú dá OTI leis an talmhaíocht; ag tabhairt dá haire go bhfuil AE tiomanta do EUR 1.4 billiún a chaitheamh idir 2014 agus 2020 ar thionscadail forbartha i gceantair thuaithe; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil na tionscadail sin an-tábhachtach chun a áirithiú nach mbogfaidh feirmeoirí i dtreo an gheilleagair dhuibh;

80.  ag tabhairt dá haire go mbíonn 80 % de phobal na hAfganastáine i mbun talmhaíocht leorchothaitheach i dtimpeallacht nach bhfeileann don talmhaíocht, le drochmhodhanna uiscithe; ag tacú le hiarrachtaí a threisiú chun slándáil an tsoláthair bia a áirithiú;

81.  ag tabhairt dá haire go himníoch an triomach reatha san Afganastáin, arb é an triomach is measa é leis na blianta fada agus atá ag bagairt ar dhaoine, ar bheostoc agus ar an talmhaíocht; ag cur in iúl go bhfuil imní uirthi thairis sin maidir le tubaistí nádúrtha rialta amhail tulcaí, sciorrthaí talún agus geimhrí diana;

82.  ag tabhairt dá haire go himníoch go n-eascraíonn easáitiú, bochtaineacht, ocras agus, i gcásanna áirithe bogadh go dtí an margadh dubh as díobháil do tháirgí talmhaíochta amhail cruithneacht, agus go bhfuil trí mhilliún duine go mór mór i mbaol ó thaobh shlándáil an tsoláthair bia agus cailleadh slí bheatha;

83.  ag aithint, trí níos mó de luachshlabhra na próiseála bia a bhogadh ar ais isteach san Afganastáin, go bhféadfaí ioncam a mhéadú do theaghlaigh, slándáil an tsoláthair bia a mhéadú, costais bhia a laghdú agus níos mó deiseanna fostaíochta a chur ar fáil;

84.  á mholadh do AE leanúint dá iarrachtaí chun cúram sláinte san Afganastáin a fheabhsú agus ag cur i bhfios a thábhachtaí atá vacsaíniú do gach duine, ach go háirithe dóibh siúd a bhfuil leochaileacht faoi leith acu do thinneas, amhail leanaí;

85.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di gur mhéadaigh rochtain phríomhúil ar chúram sláinte ó 9 % go dtí níos mó ná 57 %, gur mhéadaigh ionchas saoil ó 44 go 60 agus gurbh fhéidir na feabhsuithe sin a bhaint amach mar thoradh ar ranníocaíochtaí ó AE, ó Bhallstáit aonair agus ón gcomhphobal idirnáisiúnta; ag aithint, i bhfianaise a bhfuil bainte amach, go bhfuil gá ann fós níos mó a dhéanamh chun leanúint leis an ionchas saoil a ardú agus ráta básmhaireachta na mban a shaolaíonn leanaí a laghdú, chomh maith le ráta básmhaireachta leanaí nuabheirthe;

86.  ag cáineadh go trom na cleachtais éillitheacha i gcóras cúraim sláinte na hAfganastáine, amhail allmhairiú cógas neamhdhleathach, agus ag tathant ar AE leanúint ar aghaidh le brú a chur ar Rialtas na hAfganastáine chun níos mó a dhéanamh chun cleachtais éillitheacha den chineál sin a chosc;

87.  ag athdhearbhú go bhfuil gá le gairmithe oilte leighis laistigh den Afganastáin agus á mholadh do AE agus a Bhallstáit leanúint de bheith ag tabhairt isteach gairmithe leighis chun oiliúint a chur ar dhochtúirí agus ar oibrithe leighis áitiúla;

88.  ag tabhairt dá haire go ndéantar díobháil do gach taobh, go háirithe do shochaí na hAfganastáine, le gáinneáil ar dhaoine agus le smuigleáil imirceach; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go gasta na comhaontuithe atá ann cheana féin, lena n-áirítear na comhaontuithe maidir le malartú faisnéise, chun líonraí coiriúla idirnáisiúnta a bhaint as a chéile, ar líonraí iad a bhaineann tairbhe as éagobhsaíocht agus institiúidí laga;

Cur chun feidhme CAPD

89.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di CAPD mar an chéad chaidreamh conarthach idir AE agus an Afganastáin;

90.  ag tabhairt dá haire go soláthraítear le CAPD an bonn chun caidreamh a fhorbairt i réimsí éagsúla amhail an smacht reachta, sláinte, forbairt tuaithe, oideachas, eolaíocht agus teicneolaíocht, frith-éilliú, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, coireacht eagraithe agus drugaí, imirce, slándáil núicléach, neamhleathadh arm ollscriosta agus athrú aeráide;

91.  ag fáiltiú roimh bhunú na gcomhlachtaí comhpháirteacha comhair ar an leibhéal feidhmiúcháin, agus béim á leagan ar idirphlé rialta a bheith ann maidir le saincheisteanna polaitiúla, lena n-áirítear cearta an duine, go háirithe cearta na mban agus na leanaí, ar gnéithe bunriachtanacha den chomhaontú seo iad, agus dul i ngleic le dúshláin agus deiseanna a chruthú i gcomhair comhpháirtíocht níos láidre;

92.  ag cur in iúl gur ábhar imní é nach bhfuil forálacha in CAPD maidir le grinnscrúdú comhpháirteach parlaiminteach a dhéanamh ar a chur chun feidhme; ag cur ról Pharlaimint na hEorpa, ról pharlaimintí na mBallstát agus ról Pharlaimint na hAfganastáine chun cinn maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CAPD;

93.  ag tabhairt dá haire gur cuireadh Toscaire Speisialta in ionad Ionadaí Speisialta AE don Afganastáin amhail ó Mheán Fómhair 2017, arna chuíchóiriú laistigh de struchtúr SEGS;

94.  ag cur in iúl gur oth léi gur lean an Chomhairle ar aghaidh le cinneadh maidir le cur i bhfeidhm sealadach i réimsí atá faoi réir thoiliú na Parlaiminte, go háirithe an chaibidil ar chomhar maidir le hábhair thrádála agus infheistíochta, atá laistigh d’inniúlachtaí eisiacha AE, seachas daingniú a iarraidh go luath sa phróiseas, sula ndearnadh an beart sin; á mheas go bhfuil an cinneadh sin bunoscionn le prionsabal an chomhair dhílis atá cumhdaithe in Airteagal 4(3) CAE agus go mbaineann sé an bonn ó chearta dlíthiúla agus freagrachtaí dlíthiúla na Parlaiminte;

o
o   o

95.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig VP/HR, chuig Toscaire Speisialta AE le haghaidh na hAfganastáine, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Rialtas agus Parlaimint Phoblacht Ioslamach an hAfganastáine.

(1)IO L 67, 14.3.2017, lch. 3.
(2)Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0169.
(3) IO C 65, 19.2.2016, lch. 133.
(4) IO C 169 E, 15.6.2012, lch. 108.
(5) IO C 168 E, 14.6.2013, lch. 55.
(6) IO C 378, 9.11.2017, lch. 73.
(7) IO C 349, 17.10.2017, lch. 41.
(8) IO C 366, 27.10.2017, lch. 129.
(9) IO C 66, 21.2.2018, lch. 17.
(10) IO C 298, 23.8.2018, lch. 39.
(11) IO C 337, 20.9.2018, lch. 48.
(12) IO C 369, 11.10.2018, lch. 85.
(13) Cinntí ón gComhairle an 10 Samhain 2011 (16146/11 agus 16147/11).
(14) Tuarascáil EASO maidir le Faisnéis faoi Thír Thionscnaimh, Staid Slándála san Afganastáin - an tEolas is déanaí, Bealtaine 2018, https://coi.easo.europa.eu/administration/easo/PLib/Afghanistan-security_situation_2018.pdf
(15) Ardchigire na Stát Aontaithe d’Atógáil na hAfganastáine (SIGAR), Tuarascáil ráithiúil chuig Comhdháil na Stát Aontaithe, an 30 Deireadh Fómhair 2018, https://www.sigar.mil/pdf/quarterlyreports/2018-10-30qr.pdf
(16) https://www.unodc.org/unodc/en/frontpage/2018/May/last-years-record-opium-production-in-afghanistan-threatens-sustainable-development--latest-survey-reveals.html


Rannpháirtíocht na hIorua, na hÍoslainne, na hEilvéise agus Lichtinstéin in eu-LISA ***
PDF 109kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an tSocraithe, ar son an Aontais, idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Ríocht na hIorua, Poblacht na hÍoslainne, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, den pháirt eile, i dtaca le rannpháirtíocht na Stát sin sa Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (15832/2018 – C8-0035/2019 – 2018/0316(NLE))
P8_TA(2019)0171A8-0081/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15832/2018),

–  ag féachaint don dréachtsocrú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua, Poblacht na hÍoslainne, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin (12367/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a chuir an Chomhairle isteach i gcomhréir le hAirteagail 74, 77(2)(a) agus (b), 78(2)(e), 79(2)(c), 82(1)(d), 85(1), 87(2)(a) agus 88(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0035/2018),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0081/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe chun an socrú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Ríocht na hIorua, Phoblacht na hÍoslainne, Chónaidhm na hEilvéise agus Phrionsacht Lichtinstéin.


Ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí ***I
PDF 120kWORD 55k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (COM(2015)0615 – C8-0387/2015 – 2015/0278(COD))
P8_TA(2019)0173A8-0188/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0615),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0387/2015),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Bealtaine 2016(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne agus ón gCoiste um Achainíocha (A8-0188/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí

P8_TC1-COD(2015)0278


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/882).

(1) IO C 303, 19.8.2016, lch. 103.
(2)Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 14 Meán Fómhair 2017 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0347).


An Córas Faisnéise Víosaí ***I
PDF 506kWORD 186k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán XX/2018 [An Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht], agus Cinneadh 2004/512/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (COM(2018)0302 – C8-0185/2018 – 2018/0152(COD))
P8_TA(2019)0174A8-0078/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0302),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 16(2), Airteagal 77(2)(a), (b), (d) agus (e), Airteagal 78(2)(d), (e) agus (g), Airteagal 79(2)(c) agus (d), Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0185/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0078/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-athchóirítear an Córas Faisnéise Víosaí trí leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán XX/2018 [An Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht], agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/512/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle [Leasú 1]

P8_TC1-COD(2018)0152


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe ar Airteagal 16(2), Airteagal 77(2)(a) (b), (d) agus (e), Airteagal 78(2)(d), (e) agus (g), Airteagal 79(2)(c), agus (d), Airteagal 87(2)(a), agus Airteagal 88(2)(a),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Is le Cinneadh 2004/512/CE(4) a bunaíodh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) le bheith ina réiteach teicneolaíoch don mhalartú sonraí faoi víosaí idir Ballstáit. Is le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) a leagadh síos an fheidhm VIS seo, agus na feidhmiúlachtaí agus na freagrachtaí a ghabhann leis, mar aon leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta do mhalartú sonraí faoi víosaí gearrfhanachta idir Ballstáit le hidir iarratais ar víosaí gearrfhanachta agus na cinntí a bhaineann leo a éascú. Is i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) a leagtar amach na rialacha faoi chlárú na n‑aitheantóirí bithmhéadracha sa VIS. I gCinneadh 2008/633/CGB(7), leagadh síos na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis ainmnithe Ballstát agus Europol rochtain a fháil le féachaint ar VIS chun críocha coisc, braite agus imscrúdaithe i ndáil le cionta sceimhlitheora agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile. Cuireadh tús le hoibríochtaí VIS an 11 Deireadh Fómhair 2011(8) agus de réir a chéile a rolladh amach é i gconsalachtaí na mBallstát ar fud an domhain idir Deireadh Fómhair 2011 agus Feabhra 2016. [Leasú 2]

(2)  Is iad na cuspóirí a bheidh ag an VIS ar an iomlán feabhas ar chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí, agus ar chomhar na gconsal agus ar an gcomhairliúchán idir údaráis víosaí lárnacha tríd an malartú sonraí idir Ballstáit maidir leis na hiarratais agus na cinntí lena mbaineann a éascú, d’fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh: an nós imeachta um iarratais ar víosaí a éascú; an tsiopadóireacht víosaí a chosc; an comhrac i gcoinne na calaoise céannachta a éascú; seiceálacha ag pointí trasnaithe na dteorainneacha seachtracha agus laistigh de chríocha na mBallstát a éascú; cuidiú le duine a aithint ar féidir nach mbeadh na coinníollacha iontrála, na coinníollacha fanachta ná na coinníollacha cónaithe i gcríocha na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó ar féidir nach mbeadh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige; Cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) a éascú, agus rannchuidiú le cosc na mbagairtí do shlándáil inmheánach aon ceann de na Ballstáit.

(3)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2016 dar teideal ‘Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste um Theorainneacha agus Slándáil’(10), bhí cur síos ar an ngá atá le neartú agus feabhsú ar chórais TF an Aontais Eorpaigh, agus ar an ailtireacht sonraí agus ar an malartú faisnéise atá aige i réimse an bhainistithe teorann, i bhforfheidhmiú an dlí, agus sa fhrithsceimhlitheoireacht, agus bhí béim ann ar an ngá atá le feabhas ar idir-inoibritheacht na gcóras TF. Rinne an Teachtaireacht an gá le haghaidh a thabhairt ar bhearnaí faisnéise a shainaithint freisin, rud ar a n‑áirítear náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa fadfhanachta ina seilbh acu i bhfianaise go bhforáiltear, in Airteagal 21 den Chonradh lena gcuirtear Comhaontú Schengen i bhfeidhm, don cheart ar shaorghluaiseacht laistigh de chríocha na stát atá i bpáirt sa Chomhaontú le haghaidh tréimhse nach faide ná 90 lá laistigh d’aon tréimhse 180 lá, trí na ceadanna cónaithe agus na víosaí fadfhanachta a eisíonn na Stáit sin a aithint go frithpháirteach. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún dhá staidéar: sa chéad staidéar féidearthachta(11) thángthas ar an tátal gur rud indéanta go teicniúil a bheadh i mbunú lárstórais, agus gurbh í athúsáid struchtúr VIS an rogha theicniúil ab fhearr, agus sa dara staidéar(12), rinneadh anailís riachtanais agus comhréireachta inar thángthas ar an tátal go mbeadh sé riachtanach agus comhréireach leathnú a dhéanamh ar réimse VIS chun na doiciméid thuasluaite a áireamh ann. [Leasú 3]

(4)  Ar an 10 Meitheamh 2016, rinne an Chomhairle formhuiniú ar Threochlár le cur leis an malartú faisnéise agus le bainistiú na faisnéise(13). Le tabhairt faoin mbearna faisnéise atá sna doiciméid a eisíodh do náisiúnaigh tríú tír, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar bhunú lárstóras ceada chónaithe agus víosaí fadfhanachta a eisíonn Ballstáit, chun faisnéis a stóráil ar na doiciméid seo, ar a n‑áirítear na dátaí éaga, agus aistarraingt fhéideartha na víosaí agus na gcead. In Airteagal 21 den Chonradh lena gcuirtear Comhaontú Schengen i bhfeidhm, foráiltear don cheart ar shaorghluaiseacht laistigh de chríocha na stát atá i bpáirt sa Chomhaontú le haghaidh tréimhse nach faide ná 90 lá laistigh d’aon tréimhse 180 lá, trí na ceadanna cónaithe agus na víosaí fadfhanachta a eisíonn na Stáit sin a aithint go frithpháirteach. [Leasú 4]

(5)  I gConclúidí na Comhairle 9 Meitheamh 2017 ar an mbealach le feabhas a chur ar an malartú faisnéise, agus le hidir-inoibritheacht chórais faisnéise an Aontais Eorpaigh a áirithiú(14), d’admhaigh an Chomhairle gur féidir go mbeidh gá le bearta nua chun na bearnaí faisnéise atá ann faoi láthair a líonadh i mbainistiú na dteorannacha agus i bhforfheidhmiú an dlí, i dtaca leis an trasnú teorann a dhéanann sealbhóirí víosaí fadfhanachta agus sealbhóirí ceada chónaithe. D’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún staidéar féidearthachta a dhéanamh gan mhoill faoi lárstóras don Aontas Eorpach a mbeadh faisnéis ann maidir le víosaí fadfhanachta agus cead cónaithe. Ar a bhonn seo, chuir an Coimisiún dhá staidéar i gcóir: Is é ba chonclúid don chéad staidéar féidearthachta(15) gur rud indéanta go teicniúil a bheadh i mbunú lárstórais, agus gurbh í athúsáid struchtúr VIS an rogha teicniúil ab fhearr, agus maidir leis an dara staidéar(16), is anailís riachtanais agus comhréireachta a bhí ansin, rud dar chonclúid gur rud riachtanach comhréireach a bheadh ann cur le réimse an VIS ionas go mbeadh na doiciméid thuasluaite san áireamh ann. [Leasú 5]

(6)  Is éard a dúradh i dTeachtaireacht an Choimisiúin an 27 Meán Fómhair 2017 i dtaobh Chur i gCrích an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce(17) nach amháin gur cuid bhunúsach d’éascú na turasóireachta agus d’éascú cúrsaí gnó atá i gcomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh, ach gurb uirlis ríthábhachtach é le rioscaí slándála agus rioscaí imirce neamhrialta chuig an Aontas Eorpach a chosc. Admhaíodh sa Teachtaireacht gur gá an comhbheartas víosaí a chur in oiriúint fós do na dúshláin atá ann, agus réitigh TF a chur i gcás, mar aon leis an sochar a bhaineann le taisteal éascaithe le víosa a chur i gcothromaíocht le himirce fheabhsaithe, le slándáil agus le bainistiú teorainneacha. Dúradh sa Teachtaireacht go ndéanfaí athbhreithniú ar chreat dlíthiúil an VIS chun breis feabhais a chur ar phróiseáil na víosaí, rud ar a n‑áireofaí gnéithe a bhaineann le cosaint sonraí, mar aon le rochtain d’údaráis fhorfheidhmithe dlí, agus cur le húsáid VIS le haghaidh catagóirí nua agus úsáidí sonraí, agus le húsáid iomlán a bhaint as na huirlisí idir-inoibritheachta.

(7)  I dTeachtaireacht an Choimisiúin 14 Márta 2018 maidir leis an gcomhbheartas víosaí a chur in oiriúint do dhúshláin nua(18), tugadh athdheimhniú go ndéanfar creat dlíthiúil VIS a athbhreithniú, mar chuid de phróiseas machnaimh níos leithne ar idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise.

(8)  Nuair a bhí Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 á ghlacadh, admhaíodh nár mhór aghaidh a thabhairt ar cheist leordhóthanacht iontaofacht na méarlorg chun críocha sainaithint agus fíorú, i gcás linbh faoi bhun 12 bhliain d’aois agus, go háirithe, ar éabhlóid na méarlorg de réir mar a théitear in aois, ar bhonn staidéir a cuireadh i gcrích faoi fhreagracht an Choimisiúin. Is é ba chonclúid do staidéar(19) a rinne an Comh-Ionad Taighde in 2013 gur féidir sainaithint méarlorg leanaí idir 6 agus 12 bliain a dhéanamh le leibhéal sásúil cruinnis faoi choinníollacha ar leith. I Mí na Nollag 2017(20), dheimhnigh an dara staidéar an tátal seo, agus thug sé tuilleadh léargais ar thionchar na haoise ar cháilíocht na méarlorg. Ar a bhonn seo, chuir an Coimisiún staidéar eile i gcóir i 2017 inar fiosraíodh an riachtanas agus an chomhréireacht a bhaineann le haois déanta na méarlorg i gcás na leanaí a ísliú go 6 bliana sa phróiseas víosa. Is éard a thug an staidéar(21) seo chun cruinnis gur fearr a d’fhéadfaí spriocanna VIS a bhaint amach ach aois déanta na méarlorg a ísliú, go mór mór i dtaca le héascú an chomhraic in aghaidh chalaois chéannachta, agus i dtaca le héascú na seiceála ag pointe trasnaithe teorann seachtraí, agus gur rud é gur dhócha breis sochair dá bharr i neartú an chomhraic in aghaidh shárú cearta leanaí, agus i gcosc an tsáraithe sin, go mór mór trí chumasú ar shainaithint/fíorú chéannacht leanaí tríú tír a dtarlaíonn dóibh i gcríocha Schengen sa chás gur baol éigniú a gcuid ceart (m.sh. íobartaigh gáinneála ar leanaí iad, nó leanaí atá ar iarraidh, nó mionaoiseach atá ag iarraidh tearmainn). San am céanna, is grúpa an-leochaileach iad leanaí agus ba cheart bailiú catagóirí speisialta sonraí uathu, amhail méarloirg, a bheith faoi réir coimircí níos déine agus faoi réir teorannú ar na críocha ar chucu a fhéadfar na sonraí sin a úsáid do chásanna ina bhfuil sé ar mhaithe le sárleas an linbh, lena n-áirítear an tréimhse choinneála i gcomhair stóráil sonraí a theorannú. Aithníodh sa dara staidéar freisin go bhfuil méarloirg daoine atá os cionn 70 bliain d’aois ar cháilíocht íseal agus ar chruinneas meánach. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhoibriú chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun dul i ngleic leis na heasnaimh sin. [Leasú 6]

(9)  Tabharfaidh Ballstáit tús áite do leas an linbh i ndáil le gach nós imeachta a bhforáiltear dó sa Rialachán seo. Leas agus sábháilteacht agus slándáil agus tuairimí an linbh, is nithe iad sin a chuirfear san áireamh agus a gcuirfear an suntas cuí iontu de réir aois agus inmhe an linbh. Bíonn ábharthacht faoi leith in VIS nuair is baol gurb íobartach de chuid gáinneála daoine atá sa leanbh.

(10)  Na sonraí pearsanta a sholáthraíonn an t‑iarratasóir le haghaidh víosa gearrfhanachta, is ceart do VIS iad a phróiseáil féachaint an bagairt don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoibli san Aontas a bheadh ann dá dtiocfadh an t‑iarratasóir isteach san Aontas, agus féachaint cén riosca atá ann go gcleachtfadh an t‑iarratasóir imirce neamhrialta. Maidir le náisiúnaigh tríú tír a fuair víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe, ní ceart go mbeadh sna seiceálacha sin ach cuid den rud a dhéantar le céannacht shealbhóir an doiciméid a mheas, agus le barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta a mheas, agus an bhagairt don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san Aontas a mheas dá dtiocfadh an náisiúnach tríú tír isteach ann. Ní ceart go gcuirfidís isteach ar aon chinneadh faoi víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe. [Leasú 7]

(11)  Ní féidir rioscaí den chineál sin a mheas gan próiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta a bhaineann le céannacht an duine, agus leis an doiciméad taistil, agus de réir mar atá an cás, leis an urraitheoir, nó más mionaoiseach don iarratasóir, le céannacht an té atá freagrach as. Ba cheart gach mír sonraí pearsanta sna hiarratais a chur i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh atá cláraithe i gcóras faisnéise (Córas Faisnéise Schengen (SIS), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), sonraí Europol, bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil Ghoidte nó Chaillte (SLTD), an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), Eurodac, an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) chomh fada agus a bhaineann le ciontú i gcoireanna sceimhlitheoireachta nó i gcoireanna tromchúiseacha de chineálacha eile, agus/nó bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (Interpol TDAWN)) nó le liostaí faire comhad faireachais ETIAS, nó le táscairí riosca sonracha. Na catagóirí sonraí pearsanta ba cheart a úsáid chun comparáide, ba cheart iad a bheith teoranta do na catagóirí sonraí atá sna córais faisnéise ina ndéantar an fiosrú, i liosta faire ETIAS nó sna táscairí riosca sonracha. [Leasú 8]

(12)  Is le [Rialachán (AE) XX ar an in-idiroibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] a bunaíodh an in-idiroibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh ionas gurb as lámha a chéile atá na córais faisnéise AE seo ag obair, rud atá amhlaidh chun feabhas a chur ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha, le cosc a chur ar an imirce neamhdhleathach, agus leis an imirce neamhdhleathach a chomhrac, agus le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá ag an Aontas ar a n‑áirítear caomhnú na slándála poiblí agus na mbeartas poiblí, agus coimirce na slándála i gcríocha na mBallstát. [Leasú 9. Tá feidhm ag an leasú seo síos tríd an téacs]

(13)  De thairbhe na hidir-inoibritheachta idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh, tig leis na córais obair as lámha a cheile chun ceart-sainaithint daoine a éascú, chun cuidiú a thabhairt an chalaois chéannachta a chomhrac, chun ceanglais cáilíochta shonraí chórais faisnéise ábhartha an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus a chomhchuibhiú, chun cur chun feidhme teicniúil agus oibríochtúil chórais faisnéise an Aontais Eorpaigh atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a éascú, chun na coimircí i dtaca le slándáil sonraí agus cosaint sonraí a rialaíonn córais faisnéise ábhartha an Aontais Eorpaigh a neartú, a chomhchuibhiú agus a shimpliú, chun rochtain rialaithe údaráis fhorfheidhmithe an dlí ar EES, VIS, ETIAS agus Eurodac a thabhairt chun líofachta, agus chun tacú le cuspóirí EES, VIS, [ETIAS], Eurodac, SIS agus chóras ECRIS-TCN. [Leasú 10]

(14)  Na codanna in-idiroibritheachta atá ann, clúdaíonn siad EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus SIS, agus córas [ECRIS-TCN] mar aon le sonraí Europol ionas gur féidir fiosrú a dhéanamh ann in aon am amháin leis na córais faisnéise seo atá ag an Aontas Eorpach, agus dá bhrí sin is iomchuí na codanna seo a úsáid chun seicéalacha uathoibrithe a dhéanamh, agus le linn VIS a cheadú chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Ba cheart an tairseach Eorpach chuardaithe (ESP) a úsáid chun na críche seo ionas gur féidir córais faisnéise na hEorpa a cheadú go tapa, go líofa, go héifeachtach agus go córasach, mar aon le sonraí de chuid Europol a cheadú, agus bunachair sonraí de chuid Interpol a bhíonn ag teastáil lena gcuid tascanna a chur i gcrích, i gcomhréir lena gcuid cearta rochtana, agus d’fhonn tacú le spriocanna VIS. [Leasú 11]

(15)  Ba cheart uathoibriú a dhéanamh ar an gcomparáid le bunachair sonraí eile. An uair a léireoidh comparáid den chineál sin gurb ann do chomhfhreagairt (‘amas’) idir aon dá cheann de na sonraí pearsanta nó cumasc díobh sna hiarratais agus i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh sna córais faisnéise thuasluaite, nó le sonraí pearsanta sa liosta faire, ba cheart an t‑iarratas, i gcás nach féidir an t-amas a dheimhniú go huathoibríoch in VIS, a phróiseáil de láimh oibreora. Ag brath ar na cineálacha sonraí lenar tionscnaíodh an t-amas, ba cheart do na consalachtaí nó do phointe teagmhála náisiúnta aonair an t-amas a mheas, agus bheadh an pointe teagmhála náisiúnta freagrach as amais arna nginiúint go háirithe ag bunachair sonraí nó córais um fhorfheidhmiú an dlí. An cinneadh i dtaobh údarú taistil a eisiúint nó gan é a eisiúint, sin cinneadh ba cheart a bheith ina thoradh ar an measúnú a dhéanann Aonad Náisiúnta ETIAS. [Leasú 12]

(16)  Má dhiúltaítear údarú taistil, ní ar bhonn phróiseáil uathoibrithe na sonraí pearsanta sna hiarratais ba cheart an diúltú sin a dhéanamh.

(17)  Iarratasóirí ar diúltaíodh víosa ghearrfhanachta dóibh ar bhonn sonra faisnéise a baineadh as an bpróiseáil VIP, ba cheart go mbeadh cead achomhairc acu. Is sa Bhallstát ba cheart an cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas, agus is i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin ba cheart na hachomhairc a sheoladh. Na coimircí agus na rialacha atá i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 maidir le hachomharc, is dóibhsean is ceart a bheith infheidhme.

(18)  Táscairí riosca sonracha a chomhfhreagraíonn do riosca slándála, do riosca imirce neamhrialta, nó do riosca don tsláinte phoiblí, d’ardrioscaí eipidéime, ar rioscaí iad a sainaithníodh cheana, ba cheart iad a úsáid in anailís chomhad an iarratais ar víosa ghearrfhanachta. Na critéir a úsáidtear le táscairí riosca sonracha a shainmhíniú, ní ceart in imthosca ar bith iad a bhunú ar inscne agus ar aois duine amháin. Ní bhunófar iad, in imthosca ar bith, ar fhaisnéis maidir le cine an duine, an dath craicinn atá air, a mhianach eitneach nó sóisialta, a airíonna géiniteacha, an teanga atá aige, na tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile atá aige, an reiligiún nó creideamh fealsúnach atá aige, an ball de cheardchumann é, an ball de mhionlach náisiúnta é, an mhaoin atá aige, an áit ar rugadh é, an bhfuil míchumas air nó an claonadh atá ann ó thaobh gnéis de.. [Leasú 13]

(19)  Ní mór freagraí éifeachtacha a thabhairt ar theacht chun cinn leanúnach cineálacha nua rioscaí slándála, patrúin nua i dtaobh inimirce neamhdhlíthiúil agus ardrioscaí eipidéime, agus ní mór cur ina gcoinne le modhanna nua-aimseartha. Ó tharla próiseáil méideanna móra sonraí pearsanta a bheith i gceist leis na modhanna sin, ba cheart coimircí iomchuí a thabhairt isteach ionas nach mbeifear ag teacht salach ach oiread agus is gá agus is comhréireach i sochaí dhaonlathach ar na cearta atá ann chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, agus do na sonraí pearsanta. [Leasú 14]

(20)  Maidir le hiarratasóirí ar víosa ghearrfhanachta, nó ar náisiúnaigh tríú tír a fuair víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe, is ceart a áirithiú go gcuirfear rud nach lú ná leibhéal seiceála den chineál céanna i gcion orthu sin agus a chuirtear ar náisiúnaigh tríú tír atá saor ó víosa. Cuirtear liosta faire i dtoll a chéile chun na críche seo chomh maith a bhaineann le daoine a bhfuil amhras ina dtaobh faoi choir thromchúiseach nó choir sceimhlitheoireachta a bheith déanta acu, nó a bhfuil fíricí ann ina dtaobh nó cúiseanna réasúnacha a thugann le fios go ndéanfaidh siad coir thromchúiseach nó coir sceimhlitheoireachta, liosta is ceart a úsáid le fíorú a dhéanamh i ndáil leis catagóirí sin de náisiúnaigh tríú tír chomh maith.

(21)  D’fhonn a ndualgas a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, ba cheart go bhféadfadh d’iompróirí idirnáisiúnta fíorú an bhfuil nó nach bhfuil na doiciméid riachtanacha sin ina seilbh ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta nó víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe acu, nó nach bhfuil na doiciméid riachtanacha sin ina seilbh acu trí chuardach a chur chuig VIS. Ba cheart an fíorú sin a thabhairt chun indéantachta trí shonraí a tharraingt as VIS gach lá agus iad a chur i mbunachar sonraí inléite amháin, rud a bhféadfaí ar a laghad fothacar riachtanach sonraí a tharraingt amach as le cuardach a cheadú a mbeadh freagra cgl/níl sé cgl ann dá bharr. Níor cheart comhad ETIAS féin a bheith inrochtana ag iompróirí. Leis na sonraíochtaí teicniúla chun rochtain a fháil ar VIS tríd an ngeata iompróra, ba cheart an tionchar ar thaisteal na bpaisinéirí agus ar iompróirí a theorannú a mhéid is féidir. Chun na críche sin, ba cheart comhtháthú le EES agus ETIAS a mheas. [Leasú 15]

(21a)  D’fhonn tionchar na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo ar iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí thar tír i gcóiste a theorannú, ba cheart réitigh mhóibíleacha sholáimhsithe a chur ar fáil. [Leasú 16]

(21b)  Laistigh de 2 bhliain tar éis thús chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a iomchuí, a chomhoiriúnaí agus a chomhleanúnaí atá na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme chun críocha fhorálacha VIS le haghaidh iompar thar tír i gcóistí. Ba cheart forbairt iompair thar tír i gcóistí le déanaí a chur san áireamh. Ba cheart an gá atá le leasú a dhéanamh ar fhorálacha maidir le hiompar thar tír i gcóistí dá dtagraítear in Airteagal 26 sa Rialachán seo a mheas. [Leasú 17]

(22)  Ba cheart don Rialachán seo sainmhíniú a thabhairt ar údaráis na mBallstát a d’fhéadfaí a údarú chun rochtain a dhéanamh ar VIS le sonraí a iontráil, a leasú, agus a scriosadh, nó le sonraí a cheadú maidir le víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe le aghaidh na gcríoch sonrach a leagtar amach in VIS don chatagóir doiciméad seo agus dóibh siúd a bhfuil siad ina seilbh acu, agus chomh mór agus is gá le gur féidir leo a gcuid tascanna a chur díobh.

(23)  An phróiseáil a dhéanfar ar shonraí an VIS, ba cheart di a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí a leantar dóibh i gcomhlíonadh thascanna na n‑údarás inniúil, cuspóirí atá riachtanach do chomhlíonadh na dtascanna sin. Le linn do na húdaráis inniúla a bheith ag úsáid EES, ba cheart a áirithiú leo go n‑urramaítear dínit agus sláine an duine a bhfuil a chuid sonraí á n‑iarraidh, agus níor cheart dóibh aon idirdhealú a dhéanamh ar bhonn gnéis, nó datha, nó mar gheall ar an mianach eitneach nó sóisialta atá sa duine, ná mar gheall ar na tréithe géiniteacha atá ag roinnt leis, ná an teanga, an reiligiún nó an creideamh atá aige, ná tuairimí polaitiúla ná tuairimí eile, ná an mionlach náisiúnta ar ball de é, ná mhaoin atá aige, an áit ar rugadh é, an míchumas atá air, ná an claonadh atá ann ó thaobh gnéis de.

(23a)  Maidir le sonraí bithmhéadracha, arb é atá i gceist leo i gcomthéacs an Rialacháin seo méarloirg agus íomhánna den aghaidh, tá siad uathúil agus, dá bhrí sin, is iontaofa go mór iad ná sonraí alfa-uimhriúla ó thaobh duine a shainaithint. Mar sin féin, is ionann sonraí bithmhéadracha agus sonraí pearsanta íogaire. Ar an gcaoi sin, leagtar síos sa Rialachán seo bunús agus coimircí le haghaidh phróiseáil na sonraí sin chun críche shainaithint uathúil na ndaoine lena mbaineann. [Leasú 18]

(24)  Ní mór go mbeadh an fhaisnéis is deireanaí ag údaráis fhorfheidhmithe an dlí más leo a gcuid cúram a chur díobh sa chomhrac in aghaidh coireanna sceimhlitheoireachta agus coireanna tromchúiseacha eile. An rochtain atá ag Europol agus ag údaráis fhorfheidhmithe an dlí sna Ballstáit ar VIS, is rud é a bunaíodh le Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle. Ba cheart ábhar an Chinnidh seo a chomhtháthú le Rialachán VIS, lena chur i gcomhréir leis an gcreat atá ag an gconradh faoi láthair.

(25)  Is léir cheana féin a úsáidí agus atá rochtain ar shonraí as VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí chun daoine a maraíodh de bharr foréigin a shainaithint, nó chun cabhrú le himscrúdaitheoirí dul chun cinn mór a dhéanamh i gcásanna a bhaineann le gáinneáil daoine, le sceimhlitheoireacht nó le gáinneáil neamhdhleathach drugaí. Dá bhrí sin, na sonraí atá in VIS a bhaineann le fanacht fada, is rud eile iad ba cheart a chur ar fáil d’údaráis ainmnithe na mBallstát agus d’Oifig Eorpach Póilíní (Europol), de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(26)  Ó tharla ról lárnach ag Europol sa chomhar idir údaráis na mBallstát i réimse an imscrúdaithe choiriúil trasteorann chun coireanna a chosc, a anailísiú agus a imscrúdú ar fud an Aontais, An rochtain atá ag Europol ar VIS faoi láthair laistigh de chreat a chuid tascanna, is rud é ba cheart a chódú agus a thabhairt chun líofachta, agus na hathruithe a tharla le deireanas sa chreat dlí a thabhairt san áireamh ann freisin, Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuir i gcás.(22)

(27)  An rochtain ar VIS chun críche coireanna sceimhlitheoireachta nó coireanna coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, is ionann é agus cur isteach ar na bunchearta atá ann ar urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, agus ar chosaint shonraí pearsanta na ndaoine a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil in VIS. Aon chur isteach den chineál sin, ní mór dó a bheith i gcomhréir leis an dlí, dlí nach mór a chur i bhfocail le hoiread cruinnis agus a chuirfidh ar chumas na n‑indibhidí a gcuid béas a athrú, agus ní mór dó indibhidí a chosaint ar an treallachas, agus taispeáint le dóthain soiléire cén réimse lánrogha atá á bhronnadh ar na húdaráis inniúla agus cén dul atá leis an gcur i gcleachtadh a théann leis. Ní ceart cur isteach ar shochaí dhaonlathach ach nuair is rud riachtanach atá ann chun leas dlisteanach agus comhréireach a chosaint, agus ní mór gan cur isteach uirthi ach ar bhealach atá comhréireach leis an gcuspóir dhlisteanach atáthar ag iarraidh a bhaint amach.

(28)  Tá foráil i [Rialachán 2018/XX ar an idir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] a chuireann ar chumas an údaráis phóilíní i mBallstát ar thug na bearta reachtaíochta náisiúnta an chumhacht sin dóibh duine a shainaithint le sonraí bithmhéadracha a tógadh ón duine sin le linn seicéala céannachta. Tharlódh go bhfuil cúinsí faoi leith ann áfach inarb é leas an duine sin sainaithint a dhéanamh air. Ar na cásanna sin tá an cás ar fuarthas an duine tar éis do a bheith ar iarraidh, tar éis a fhuadaithe, nó tar éis a shainaitheanta ina íobartach ag lucht gáinneála. Sna cásanna sin amháin, ba cheart rochtain thapa a sholáthar do na húdaráis forfheidhmithe dlí ar shonraí VIS ionas gur féidir an duine a shainaithint go tapa agus go hiontaofa gan comhlíonadh gach réamhchoinníll agus gach coimirce breise ar rochtain an fhorfheidhmithe dlí a bheith ag teastáil. [Leasú 19]

(29)  I réimse an chomhair idir póilíní, is rud bunúsach atá sna comparáidí a dhéantar ar bhonn na méarlorg neamhfhollas, is é sin rian dachtalascópach a dtarlódh dó ar láthair na coire. Maidir leis an bhféidearthacht méarlorg neamhfhollas a chur i gcomparáid le sonraí méarlorg atá stóráilte in VIS i gcás ina mbeidh foras réasúnach ann chun creidiúint go bhféadfadh déantóir na coire nó an t‑íospartach a bheith cláraithe in VISagus i ndiaidh cuardach roimh ré faoi Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle(23)1a, ba cheart go soláthrófaí léi uirlis an-luachmhar d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, mar shampla i gcás nach ann d’fhianaise ar láthair na coire ach méarloirg neamhfhollasa. [Leasú 20]

(30)  Ní mór údaráis inniúla a ainmniú i ngach Ballstát, mar aon leis na lárphointí rochtana trína bhfuil na hiarratais ar rochtain ar shonraí EES le cur isteach; agus ní mór liosta a choinneáil de na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe an rochtain sin a iarraidh chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath, nó a imscrúdú.

(31)  Maidir le hiarrataí ar rochtain ar shonraí atá á stóráil sa Lárchóras, ba cheart do na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe na hiarratais sin a chur chuig an lárphointe rochtana agus ba cheart an t‑údar cuí a lua leo. Na haonaid oibríochta atá laistigh de na húdaráis ainmnithe agus atá údaraithe chun rochtain ar shonraí VIS a iarraidh, níor cheart dóibh gníomhú mar údarás fíoraithe. Ba cheart do na lárphointí rochtana gníomhú go neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe, agus ba cheart dóibh a bheith freagrach, ar dhóigh neamhspleách, as an deimhniú ar chomhlíonadh iomlán na gcoinníollacha rochtana a bhunaítear sa Rialachán seo. I gcásanna eisceachtúla práinne inar gá rochtain luath chun freagairt do bhagairt shonrach iarbhír a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta cóiriúla tromchúiseacha eile, ba cheart don lárphointe rochtana an t‑iarratas a phróiseáil láithreach agus gan an fíorú a dhéanamh ach ina dhiaidh sin.

(32)  Chun sonraí pearsanta a chosaint, agus chun cuardaigh chórasacha a dhéanfadh lucht forfheidhmithe an dlí a chur as an áireamh, níor cheart sonraí VIS a phróiseáil ach i gcásanna ar leith agus nuair is gá sin chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Níor cheart do na húdaráis ainmnithe ná do Europol rochtain ar ESTIAS a iarraidh ach amháin nuair atá foras réasúnach acu chun a chreidiúint go bhfaighfear faisnéis de thoradh na rochtana sin a chuideoidh go mór leo cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú agus i ndiaidh cuardach roimh ré faoi Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle. [Leasú 21]

(32a)  Mar chleachtas ginearálta, déanfaidh úsáideoirí deiridh na mBallstát cuardaigh sna bunachair sonraí náisiúnta ábhartha roimh dóibh bunachair sonraí Eorpacha a chuardach nó i gcomhthráth leis sin. [Leasú 22]

(33)  Na sonraí pearsanta a bhaineann le sealbhóirí doiciméid víosaí fhadfhanachta atá á stóráil in VIS, ní ceart a gcoinneáil ach an seal is riachtanach chun críocha VIS. An fhaisnéis a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír, is iomchuí a coinneáil ar feadh thréimhse cúig bliana ionas gur féidir faisnéis a thabhairt san áireamh le hiarratais ar víosa ghearrfhanachta a mheas, ionas gur féidir rófhanacht i ndeireadh na tréimhse bailíochta a bhrath, agus chun measúnuithe slándála na náisiúnach tríú tír a ghnóthaigh iad a dhéanamh. Na sonraí faoin úsáid a baineadh as doiciméad san am atá caite, is féidir go n‑éascóidh siad eisiúint víosaí gearrfhanachta san am atá le teacht. Níor leor tréimhse ama ba ghiorra ná sin chun na gcríoch a luaitear. Ba cheart na sonraí a scriosadh tar éis tréimhse cúig bliana, mura mbeidh foras ann chun iad a scriosadh níos túisce. [Leasú 23]

(34)  Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24) ar an bpróiseáil sonraí a dhéanann na Ballstáit leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Is le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25) a rialaítear an phróiseáil a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí chun críocha coisc, imscrúdaithe, braite nó ionchúisimh i gcionta coiriúla nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú.

(35)  Baill d’fhoirne Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (EBCG), mar aon le foirne a bhíonn ag plé le tascanna a bhaineann le filleadh, is daoine iad sin, de réir Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá i dteideal bunachair Eorpacha a cheadú nuair is gá le tascanna oibríochtúla a chomhlíonadh, tascanna a luaitear go sonrach sa phlean oibriúchán maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus filleadh, faoi údarás an Bhallstáit óstaigh. Chun an ceadú sin a éascú, agus le cur ar chumas na bhfoirne rochtain éifeachtach a fháil ar fhaisnéis a cuireadh in VIS, ba cheart rochtain ar VIS a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (EBCG). Rochtain den chineál sin, ba ceart di cloí leis na coinníollacha agus leis na teorainneacha a ghabhann leis an rochtain atá i bhfeidhm ar údaráis inniúla na mBallstát faoi gach sainchríoch ar féidir faisnéis VIS a cheadú ina taobh. [Leasú 24]

(36)  Náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais nuair nach gcomhlíonann siad feasta na coinníollacha um iontráil, um fhanacht nó um chónaí sna Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26), is cuid bhunúsach atá ansin de na hiarrachtaí cuimsitheacha chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, agus tá réasún tábhachtach i gceist leis a bhfuil leas an phobail ann go mór.

(37)  Níor cheart sonraí pearsanta a fhaigheann Ballstát de bhun an Rialacháin seo a aistriú ná a chur ar fáil d’aon tríú tír, eagraíocht idirnáisiúnta ná eintiteas príobháideach atá bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas. Mar eisceacht ón riail sin, áfach, ba cheart go bhféadfaí sonraí den sórt sin a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, sa chás ina bhfuil aistriú den sórt sin faoi réir coinníollacha dochta agus ina bhfuil gá leis i gcásanna aonair d’fhonn cuidiú chun náisiúnach tríú tír a shainaithint i ndáil lena fhilleadh nó lena filleadh. In éagmais cinneadh leordhóthanachta trí bhíthin gníomh cur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) 2016/679 nó in éagmais coimircí iomchuí a mbeidh aistrithe faoin réir de bhun an Rialacháin sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta sonraí VIS a aistriú ar bhonn eisceachtúil, chun críche fillte, chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, i gcás inar gá sin ar chúiseanna tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail dá dtagraítear sa Rialachán sin agus sa chás sin amháin. [Leasú 25]

(38)  Na sonraí pearsanta ábhartha a phróiseáiltear in VIS, ba cheart do na Ballstáit iad a chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí infheidhme, agus nuair is gá i gcásanna ar leith le tascanna a chur i gcrích faoi Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27), Rialachán Chreat Athshocraithe an Aontais], chuig [Ghníomhaireacht an Aontais um Thearmann] agus na heagrais idirnáisiúnta ábhartha, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, cuir i gcás, An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, agus chuig oibríochtaí Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge um dhídeanaithe agus um athlonnú, i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó le daoine gan stát a chuireann Ballstáit ina dtreo iad i bhforfheidhmiú Rialachán (AE) .../... [Rialachán Chreat Athshocraithe an Aontais]. [Leasú 26]

(39)  Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28) maidir le gníomhaíochtaí institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais agus iad ag cur a gcuid tascanna díobh nuair is freagrach dóibh i mbainistiú oibríochtúil VIS. [Leasú 27]

(40)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh maidir le an 12 Nollaig 2018 [Leasú 28]

(41)  D’fhonn feabhas a chur ar an gcomhar oibre a dhéanann tríú tíortha in athghlacadh na n‑imirceach mírialta, agus d’fhonn filleadh na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht abhus go mídhleathach a éascú arbh fhéidir go bhfuil a gcuid sonraí a stóráil in VIS, ba cheart cóipeanna na ndoiciméad taistil a bhaineann le hiarratasóirí ar víosa ghearrfhanachta a stóráil in VIS. Ní hionann agus faisnéis a tharraingítear as VIS, is rud a bhfuil aitheantas níos forleithne dó i dtríú tíortha atá i gcóipeanna na ndoiciméad taistil.

(42)  Is cuid éigeantach den nós imeachta a ghabhann le scrúdú na víosaí atá i gceadú an liosta doiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú, doiciméid is féidir a fhormhuiniú le víosa, faoi mar a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29). Ba cheart do na húdaráis víosa an dualgas seo a chur i bhfeidhm go córasach, agus dá bhrí sin ba cheart an liosta seo a ionchorprú in VIS ionas gur féidir fíorú uathoibríoch a dhéanamh ar dhoiciméad taistil an iarratasóra.

(43)  Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit i ndáil le cruinneas na sonraí a iontráiltear in VIS, ba cheart go mbeadh eu-LISA freagrach as cáilíocht sonraí a athneartú trí uirlis lárnach faireacháin cáilíochta sonraí a thabhairt isteach, a chothabháil agus a uasgrádú go leanúnach, agus as tuarascálacha a sholáthar do na Ballstáit go tráthrialta. [Leasú 29]

(44)  Ionas gur féidir faireachán níos fearr a dhéanamh ar úsáid VIS chun anailís a dhéanamh ar threochtaí a bhaineann le brú imirce agus bainistiú teorainneacha, ba cheart go bhféadfadh eu-LISA acmhainn a fhorbairt chun tuairisciú staidrimh do na Ballstáit, don Choimisiún, agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta gan sláine na sonraí a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart do eu-LISA sonraí staidrimh áirithe a stóráil sa lárstóras chun críocha tuairiscithe agus staidreamh a sholáthar i gcomhréir le [Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)]. Níor cheart sonraí pearsanta a bheith sna staitisticí a tháirgtear. [Leasú 30]

(45)  Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.(30)

(46)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a chur i gcrích go leordhóthanach, ach de bharr gur gá cur chun feidhme comhbheartais víosaí a áirithiú, is fearr is féidir ardleibhéal slándála laistigh den limistéar atá gan rialuithe teorann a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, mar aon le córas bainistíochta comhtháite le haghaidh na dteorainneacha seachtracha, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(47)  Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha dochta rochtana ar VIS maille leis na coimircí riachtanacha. Foráiltear ann freisin do chearta rochtana, don cheartú, agus don léirscriosadh, agus go háirithe don ceart ar leigheas breithiúnach, mar aon le maoirseacht ar oibriúcháin phróiseála faoi chúram na údarás neamhspleách poiblí. Tugtar coimircí eile isteach leis an Rialachán seo le riachtanais shonracha na gcatagóirí nua faisnéise a chlúdach, faisnéis a mbeidh VIS á próiseáil. Dá bhrí sin, déanann an Rialachán seo na cearta bunúsacha a urramú, agus géilleann sé do na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go mór mór do cheart dínite an duine, an ceart ar shaoirse agus ar shlándáil, an ceart ar shaol príobháideach agus ar shaol teaghlaigh, ar chosaint na sonraí pearsanta, an ceart ar thearmann agus cosaint phrionsabal an non-refoulement agus na cosanta i gcás asbhainte, díbeartha nó eiseachadta, an ceart ar neamh-idirdhealú, cearta an linbh, agus an ceart ar leigheas éifeachtach.

(47a)  Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, agus maidir leis na gealltanais idirnáisiúnta go léir a rinne an tAontas agus a Bhallstáit a ghlacadh ar láimh. [Leasú 31]

(48)  Ba cheart go mbeadh forálacha sonracha ann do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ag ceanglas víosa ar baill iad de theaghlach shaoránach de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo, nó baill de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil an cárta cónaithe acu a dtagraítear dó faoi Threoir 2004/38/CE. Sonraítear in Airteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna bearta a glacadh lena gcur chun feidhme. Tá na teorainneacha agus na coinníollacha ar fáil faoi seach i dTreoir 2004/38/CE.

(49)  Faoi mar a dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tá sé de cheart ag na baill teaghlaigh sin ní amháin chun dul isteach i gcríoch an Bhallstáit, ach tá sé de cheart acu víosa iontrála a fháil chun na críche sin. Ní mór do na Ballstáit gach saoráid a dheonú do na daoine sin chun na víosaí riachtanacha a fháil, víosaí nach mór a eisiúint saor ina aisce a luaithe agus is féidir, agus é ar bhonn nós imeachta práinne.

(50)  An ceart chun údarú taistil a fháil, ní rud gan choinníoll é, mar is féidir a dhiúltú do na baill teaghlaigh a bhfuil riosca iontu don bheartas poiblí, don tslándáil phoiblí, nó don tsláinte phoiblí de bhun Threoir 2004/38/CE. Ós amhlaidh atá, ní féidir sonraí pearsanta baill teaghlaigh a fhíorú ach amháin nuair a bhaineann na sonraí lena gcuid céannachta agus leis an stádas atá acu, agus sa mhéid go bhfuil na sonraí sin ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an mbagairt slándála a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo. Go deimhin, níor cheart scrúdú a dhéanamh ar a gcuid iarratas ar víosaí ach amháin i gcoinne na n‑ábhar imní atá ann ó thaobh slándála de, agus ní na hábhair imní a bhaineann le rioscaí imirce.

(51)  I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, rud atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dhlí náisiúnta é.

(52)  Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle(31); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(53)  Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle(32); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(54)  Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis(33) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle(34).

(55)  Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis(35) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE(36) ón gComhairle agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB(37) ón gComhairle.

(56)  Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis(38)Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE(39) ón gComhairle agus le hAirteagal 3 den Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle.(40)

(57)  Is é atá sa Rialachán seo, seachas do Airteagal 22r, gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó gníomh atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir mar is brí le hAirteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, le hAirteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005, agus le hAirteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach, cé is moite d’fhorálacha a ndearnadh feidhm a thabhairt dóibh maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin le Cinneadh (AE) 2017/1908(41) ón gComhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

(-1)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta, agus ceadanna cónaithe a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS)”; [Leasú 32]

"

(1)  Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 1:"

“Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin na nósanna imeachta maidir le malartú faisnéise idir na Ballstáit i dtaca le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, lena n‑áirítear faisnéis faoi chinntí áirithe maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe.

Trí shonraí céannachta, sonraí an doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha a stóráil sa stóras coiteann sonraí céannachta arna bhunú le hAirteagal 17 de Rialachán 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht], cuireann VIS agus cuidíonn sé le ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in VIS a éascú.”

_______

* Rialachán 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht] (IO L).”;

"

(2)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:"

“Airteagal 2

Cuspóir VIS

1.  Is é an cuspóir a bheidh ag VIS feabhas a chur ar chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí maidir le víosaí gearrfhanachta, ar an gcomhar consalach agus ar chomhairliúchán idir údaráis víosaí lárnacha trí mhalartú sonraí idir na Ballstáit a éascú maidir le hiarratais agus na cinntí a bhaineann leo, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh: [Leasú 33]

   (a) an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa a éascú agus a bhrostú; [Leasú 34]
   (b) cosc a chur le seachaint na gcritéar lena gcinntear cén Ballstát atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar an iarratas;
   (c) an comhrac i gcoinne na calaoise a éascú;
   (d) seiceálacha ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú;
   (e) cuidiú chun duine a shainaithint ar féidir nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó ar féidir nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige;
   (f) cuidiú chun daoine dá dtagraítear in Airteagal 22o atá ar iarraidh a shainaithint; [Leasú 35]
   (g) cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** a éascú;
   (h) rannchuidiú le cosc na mbagairtí do shlándáil inmheánach aon cheann de na Ballstáit, eadhon trí chionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú i gcúinsí atá iomchuí agus sainithe go docht; [Leasú 36]
   (i) cuidiú chun bagairtí ar shlándáil inmheánach aon cheann de na Ballstáit a chosc; [Leasú 37]
   (j) ceart-sainaithint daoine a áirithiú;
   (k) tacú le spriocanna Chóras Faisnéise Schengen (SIS) a bhaint amach maidir le foláirimh i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir diúltú cead isteach, daoine a bhfuil tóir orthu lena ngabháil nó chun críocha géillte nó eiseachadta, daoine atá ar iarraidh, daoine a bhfuil tóir orthu chun cúnamh a thabhairt i gcás nós imeachta breithiúnach nó daoine a bhfuiltear ag iarraidh seiceálacha rúnda nó seiceálacha sonracha a dhéanamh ina leith.”

2.  Maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, beidh sé mar chuspóir ag VIS malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit i ndáil leis na cinntí a bhaineann leis an méid sin, chun críche:

   (a) tacú le hardleibhéal slándála sna Ballstáit uile trí rannchuidiú leis an measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir nó sealbhóir doiciméid ina bhagairt don bheartas poiblí, don tslándáil inmheánach; [Leasú 38]
   (b) seiceálacha ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha a éascú seiceálacha laistigh de chríoch na mBallstát a fheabhsú; [Leasú 39]
   (c) rannchuidiú le cosc na mbagairtí do shlándáil inmheánach aon cheann de na Ballstáit, eadhon trí chionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú i gcúinsí atá iomchuí agus sainithe go docht; [Leasú 40]
   (d) ceart-sainaithint daoine a áirithiú;
   (da) cuidiú chun daoine dá dtagraítear in Airteagal 22o atá ar iarraidh a chéannú; [Leasú 41]
   (e) cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 agus Treoir 2013/32/AE a éascú;
   (f) tacú le spriocanna Chóras Faisnéise Schengen (SIS) a bhaint amach maidir le foláirimh i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir diúltú cead isteach, daoine a bhfuil tóir orthu lena ngabháil nó chun críocha géillte nó eiseachadta, daoine atá ar iarraidh, daoine a bhfuil tóir orthu chun cúnamh a thabhairt i gcás nós imeachta breithiúnach nó daoine a bhfuiltear ag iarraidh seiceálacha rúnda nó seiceálacha sonracha a dhéanamh ina leith.”

______________________

* Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

** Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).”;

"

(2a)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 2a

Ollstruchtúr

1.  Bunófar an Córas Faisnéise Víosaí ar ollstruchtúr láraithe agus is é a bheidh ann:

   (a) an stóras coiteann sonraí céannachta a bhunaítear le [Airteagal 17(2)(a) de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)];
   (b) córas faisnéise lárnach (‘Lárchóras VIS’);
   (c) comhéadan i ngach Ballstát (‘comhéadan náisiúnta’ nó NI-VIS) lena soláthrófar an nasc le húdarás náisiúnta lárnach ábhartha an Bhallstáit i gceist, nó comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta (NUI) i ngach Ballstát a bheidh bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla coiteanna agus iad ar aon dul le chéile sna Ballstáit uile lena gcumasófar do Lárchóras VIS ceangal leis na bonneagair náisiúnta sna Ballstáit;
   (d) bonneagar cumarsáide idir Lárchóras VIS agus na comhéadain náisiúnta;
   (e) bealach cumarsáide slán idir Lárchóras VIS agus Lárchóras EES;
   (f) bonneagar cumarsáide slán idir Lárchóras VIS agus bonneagair lárnacha na tairsí cuardaigh Eorpaí arna bunú le [hAirteagal 6 de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)], an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha arna bunú le [hAirteagal 12 de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)), an stóras coiteann sonraí céannachta arna bhunú le [hAirteagal 17 de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht(teorainneacha agus víosaí)] agus an brathadóir ilchéannachtaí arna bhunú le [hAirteagal 25 de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)];
   (g) sásra le haghaidh comhairliúchán idir údaráis víosaí lárnacha i dtaobh iarratas agus malartú faisnéise (‘VISMail’);
   (h) geata iompróra;
   (i) seirbhís gréasáin shlán lena gcumasaítear cumarsáid idir VIS, ar thaobh amháin, agus an geata iompróra, agus córais idirnáisiúnta, ar an taobh eile;
   (j) stóras sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh;
   (k) a tool enabling applicants to give or withdraw their consent for an additional retention period of their application file.

Déanfaidh Lárchóras VIS, na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta, an tseirbhís gréasáin, an geata iompróra agus bonneagar cumarsáide VIS comhpháirteanna crua-earraí agus comhpháirteanna bogearraí faoi seach ó Lárchóras EES, comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta EES, geata iompróra ETIAS, seirbhís gréasáin EES, agus bonneagar cumarsáide EES a chomhroinnt agus a athúsáid, a oiread is féidir go teicniúil.

2.  Is éard a bheidh in NI-VIS:

   (a) comhéadan náisiúnta áitiúil (LNI) amháin le haghaidh gach Ballstáit arb é an comhéadan é ina nasctar go fisiciúil an Ballstát leis an líonra cumarsáide slán agus ina bhfuil na gléasanna criptiúcháin atá tiomnaithe do VIS. Beidh LNI suite in áitreabh an Bhallstáit;
   (b) beidh LNI cúltaca amháin ann (BLNI) a mbeidh an t-inneachar agus an fheidhm chéanna aige le LNI.

3.  Is chun na gcríoch a shainítear i reachtaíocht an Aontais is infheidhme ar VIS, agus chun na gcríoch sin amháin, a bhainfear úsáid as LNI agus BLNI.

4.  Déanfar seirbhísí láraithe a dhúbláil agus beidh siad ar fáil in dhá áit dhifriúla, eadhon Strasbourg, an Fhrainc, a óstálfaidh Lárchóras VIS, an Láraonad (CU) agus St Johann im Pongau, an Ostair, a óstálfaidh Lárchóras VIS cúltaca agus Láraonad cúltaca (BCU). Leis an nasc idir Lárchóras VIS agus Lárchóras VIS cúltaca, cumasófar sioncrónú leanúnach idir an Láraonad agus an Láraonad cúltaca. Rannchuideoidh an bonneagar cumarsáide lena áirithiú go mbeidh VIS ar fáil gan bhriseadh, agus tacóidh sé leis an gcuspóir sin. Áireofar leis conairí iomarcacha agus deighilte le haghaidh na nasc idir Lárchóras VIS agus Lárchóras VIS cúltaca, agus áireofar freisin conairí iomarcacha agus deighilte le haghaidh na nasc idir gach comhéadan náisiúnta agus Lárchóras VIS agus Lárchóras VIS cúltaca. Leis an mbonneagar cumarsáide soláthrófar líonra criptithe fíorúil príobháideach a bheidh tiomnaithe do shonraí VIS agus do chumarsáid i measc na mBallstát agus idir na Ballstáit agus an t-údarás atá freagrach as bainistiú oibríochtúil Lárchóras VIS.”; [Leasú 42]

"

(3)  Scriostar Airteagal 3;

(4)  Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)  cuirtear isteach na pointí seo a leanas:"

(3a) ciallaíonn ‘údarás lárnach’ an t-údarás arna bhunú ag Ballstát chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;[Leasú 43]

"

(b)  cuirtear isteach na pointí seo a leanas:"

(12) ciallaíonn “sonraí VIS” na sonraí uile a stóráiltear i lárchóras VIS agus sa stóras coiteann sonraí céannachta i gcomhréir le hAirteagal 9 go hAirteagal 14 agus Airteagal 22c go hAirteagal 22f;

   (13) ciallaíonn “sonraí céannachta” na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus (aa);
   (14) ciallaíonn “sonraí méarlorg” na sonraí a bhaineann le méarloirg a stóráiltear i gcomhad VIS;
   (15) ciallaíonn ‘íomhá den aghaidh’ íomhá dhigiteach d’aghaidh ar leor a taifeach agus a cáilíocht leis an íomhá atá le húsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibrithe; [Leasú 44]
   (16) ciallaíonn “sonraí Europol” sonraí pearsanta a phróiseálann Europol chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 18(2)(a) de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
   (17) ciallaíonn “cead cónaithe” na ceadanna cónaithe uile a eisíonn na Ballstáit de réir na formáide aonfhoirmí a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle** agus na doiciméid eile uile dá dtagraítear in Airteagal 2(16)(b) de Rialachán (AE) 2016/399;
   (18) ciallaíonn “víosa fadfhanachta” údarú a eisíonn Ballstát mar a fhoráiltear dó in Airteagal 18 de Choinbhinsiún Schengen;
   (19) ciallaíonn ‘údaráis mhaoirseachta’ na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** agus na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***; [Leasú 45]
   (19a) ciallaíonn ‘amas’ ceangal a bhunaítear trí na sonraí pearsanta atá ar taifead i gcomhad iarratais VIS a chur i gcomparáid leis na sonraí pearsanta atá i láthair i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh atá cláraithe in VIS, Córas Faisnéise Schengen, EES, ETIAS, Eurodac, sonraí Europol nó i mbunachar sonraí SLTD de chuid Interpol; [Leasú 46]
   (20) ciallaíonn ‘forfheidhmiú an dlí’ cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú laistigh de chreat atá sainithe go docht; [Leasú 47]
   (21) ciallaíonn “cionta sceimhlitheoireachta” na cionta faoin dlí náisiúnta a fhreagraíonn do na cionta dá dtagraítear in in Airteagail 3 go 14 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó atá coibhéiseach leo**** nó atá coibhéiseach le ceann de na cionta sin do na Ballstáit sin nach bhfuil faoi cheangal ag an Treoir sin: [Leasú 48]
   (22) ciallaíonn “cionta coiriúla tromchúiseacha” na cionta a fhreagraíonn do na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle*****, nó atá coibhéiseach leo, má tá siad inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála arb é trí bliana ar a laghad a uastréimhse;

________________

* Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

** Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).

*** Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). [Leasú 49]

**** Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/JHA ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

***** Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, a thagann in ionad Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

****** Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1)”;

"

(5)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:"

“Airteagal 5

Catagóirí sonraí

1.  Ní dhéanfar ach na catagóirí sonraí seo a leanas a thaifeadadh in VIS:

   (a) sonraí alfa-uimhriúla maidir leis an iarratasóir ar víosa ghearrfhanachta agus maidir leis na víosaí a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó ar cuireadh síneadh leo dá dtagraítear in Airteagal 9(1) go (4) agus in Airteagal 10 go hAirteagal 14, sonraí alfa-uimhriúla maidir leis an iarratasóir ar víosa fadfhanachta agus maidir leis na ceadanna cónaithe a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó ar cuireadh síneadh leo dá dtagraítear in Airteagail 22c, 22d, 22e agus 22f agus faisnéis maidir leis na hamais dá dtagraítear in Airteagal 9a agus Airteagal 22b, agus torthaí na bhfíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 9c(6);
   (b) íomhánna den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 9(5) agus Airteagal 22c(2)(f);
   (c) sonraí méarlorg dá dtagraítear in Airteagal 9(6), agus Airteagal 22c(2)(g) agus Airteagal 22d(g); [Leasú 50]
   (ca) scanadh de leathanach na sonraí beathaisnéiseacha den doiciméad taistil dá dtagraítear in Airteagal 9(7); [Leasú 51]
   (d) naisc le hiarratais eile dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) agus in Airteagal 22a(3).”

2.  Na teachtaireachtaí a tharchuirfear le VIS, dá dtagraítear in Airteagal 16, Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2), ní dhéanfar iad a thaifeadadh in VIS, gan dochar do thaifead na n‑oibríochtaí próiseála sonraí de bhun Airteagal 34.

3.  Beidh sa stóras coiteann sonraí céannachta na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) go (cc), Airteagal 9(5) agus 9(6), Airteagal 22c(2)(a) go (c), (f) agus (g), agus Airteagal 22d(a) go (cc), (f) agus (g). An chuid eile de shonraí VIS, stórálfar i Lárchóras VIS iad.” [Leasú 52]

"

(6)  cuirtear an tAirteagal 5a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 5a

Liosta na ndoiciméad taistil aitheanta

(1). Liosta na ndoiciméad taistil aitheanta a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, mar a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, déanfar an liosta sin a chomhtháthú in VIS. [Leasú 53]

(2). Cuirfear ar fáil le VIS an fheidhmiúlacht chun liosta na ndoiciméad taistil aitheanta a bhainistiú go lárnach, agus chun fógra a thabhairt faoi na doiciméad taistil atá liostaithe a bheith aitheanta nó gan a bheith aitheanta de bhun Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 1105/2011/AE. [Leasú 54]

(3). Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear i mír 2 a bhainistiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2). [Leasú 55]

_________________

* Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le liosta na ndoiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra á bhunú chun an liosta sin a shocrú (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).

"

(7)  Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(-a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Gan dochar d’Airteagal 22a, is ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás víosaí amháin a bheidh rochtain ar VIS chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a iontráil, a leasú nó a scriosadh de réir an Rialacháin seo. Beidh líon na mball foirne cuí-údaraithe teoranta go docht de réir riachtanais iarbhír a seirbhíse.” [Leasú 56]

"

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. Is ag foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus foireann chuí-údaraithe chomhlachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus Airteagal 22g go hAirteagal 22l, agus chun na gcríoch sin a leagtar síos in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de [Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] agus acusan amháin, a bheidh rochtain ar VIS chun na sonraí a cheadú.

Na húdaráis atá i dteideal sonraí VIS a cheadú nó rochtain a fháil orthu chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ainmneofar iad i gcomhréir le Caibidil IIIb.

Beidh an rochtain sin teoranta do rochtain ar na sonraí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cuspóirí sin, agus i gcomhréir leis na cuspóirí atá le baint amach.”; [Leasú 57]

"

(aa)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

“3. Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla a mbeidh rochtain ag a bhfoireann chuí-údaraithe ar shonraí in VIS d’fhonn iad a iontráil, a leasú, a scriosadh nó a cheadú. Cuirfidh gach Ballstát liosta de na húdaráis sin in iúl do eu-LISA gan mhoill, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 29(3a) agus aon leasuithe ar an liosta. Leis an liosta sonrófar, i gcás gach údaráis, na sonraí a fhéadfaidh sé a chuardach agus na críocha ar chucu a dhéanfar an cuardach sin.

Áiritheoidh eu-LISA go bhfoilseofar go bliantúil an liosta, agus liostaí na n-údarás ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 22k(2) agus na lárphointí rochtana dá dtagraítear in Airteagal 22k(4) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Coinneoidh eu-LISA ar bun liosta, a nuashonrófar go leanúnach, ar a shuíomh gréasáin ar a mbeidh athruithe arna seoladh ag na Ballstáit idir na foilseacháin bhliantúla.”; [Leasú 58]

"

(b)  cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:"

“4. Le VIS, cuirfear ar fáil an fheidhmiúlacht chun an liosta sin a bhainistiú go lárnach.”

"

(c)  cuirtear an mhír 5 seo a leanas isteach:"

“5. Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 2 a bhaineann leis na rialacha mionsonraithe maidir le bainistiú lárnach an liosta dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).[Leasú 59]

"

(7a)  In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. Ní bheidh mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta ag gach údarás inniúil go ndéanfar idirdhealú i gcoinne iarratasóirí, sealbhóirí víosaí ná iarratasóirí agus sealbhóirí víosaí fadfhanachta, agus sealbhóirí ceadanna cónaithe ar bhonn inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Déanfar dínit agus ionracas an duine agus cearta bunúsacha a lánurramú agus comhlíontar leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí saol príobháideach an duine agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Tabharfar aird ar leith ar leanaí, daoine scothaosta agus daoine a bhfuil míchumas orthu chomh maith le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Tabharfar tús áite do leas an linbh.”; [Leasú 60]

"

(8)  In Airteagal 7, cuirtear míreanna seo a leanas isteach:"

“3. Tabharfaidh na Ballstáit tús áite thar aon chúinse eile do leas an linbh i ndáil le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, go huile is go hiomlán i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Tabharfaidh na Ballstáit tús áite do leas an linbh maidir le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Déanfar leas, slándáil agus sábháilteacht an linbh a chur san áireamh, go háirithe nuair a bheidh riosca ann gur íospartach gáinneála ar dhaoine é an leanbh, mar aon le dearcadh an linbh féin, agus cuirfear béim chuí air sin de réir aois an linbh.” [Leasú 61]

3a.  Déanfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go huile agus go hiomlán i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le ceart dínite an duine, an ceart chun saoirse agus slándála, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cosaint na sonraí pearsanta, an ceart chun tearmainn agus cosaint phrionsabal an non-refoulement agus na cosanta i gcás asbhaint, díbirt nó eiseachadadh, an ceart chun neamh-idirdhealú, cearta an linbh, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh.”; [Leasú 62]

"

(8a)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 7a

Sonraí méarlorg leanaí

1.  De mhaolú ar Airteagal 22c(2)(g), ní dhéanfar aon mhéarloirg de pháistí faoi bhun 6 bliana d’aois a iontráil in VIS.

2.  Maidir le sonraí bithmhéadracha a thógáil ó mhionaoisigh ó aois 6 bliana d’aois, is iad oifigigh a bhfuil oiliúint shonrach acu a dhéanfaidh é sin i gcaoi nach gcuireann as don leanbh agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an linbh, agus lánurraim á tabhairt do leasanna an linbh agus do na coimircí a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Beidh mionaoisigh á dtionlacan, nuair is ann dó nó di, ag ball teaghlaigh ar duine fásta é nó í, agus a sonraí bithmhéadracha á dtógáil. Beidh mionaoisigh neamhthionlactha á dtionlacan ag caomhnóir, ionadaí nó, i gcás nár ainmníodh ionadaí, ag duine atá oilte ar leas na leanaí agus ar a bhfolláine a choimirciú, agus a sonraí bithmhéadracha á dtógáil. Ní bheidh an duine oilte sin ina oifigeach a bheidh freagrach as na sonraí bithmhéadracha a thógáil, gníomhóidh sé go neamhspleách agus ní bhfaighidh sé orduithe ón oifigeach nó ón tseirbhís atá freagrach as na sonraí bithmhéadracha a thógáil. Níor cheart aon chineál fornirt a úsáid i gcoinne mionaoiseach chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an oibleagáid sonraí bithmhéadracha a sholáthar.

3.  De mhaolú ar Airteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, ní iarrfaidh consalachtaí go mbeidh ar leanaí idir 6 bliana d’aois agus 12 bhliain d’aois teacht i láthair iad féin ag an gconsalacht ar mhaithe le haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú i gcás ina mbeadh ualach róthrom agus costais iomarcacha i gceist do theaghlaigh. Sna cásanna sin, déanfar aitheantóirí bithmhéadracha a thógáil ag na teorainneacha seachtracha agus tabharfar aird ar leith ar gháinneáil ar leanaí a sheachaint.

4.  De mhaolú ar na forálacha maidir le húsáid sonraí dá bhforáiltear i gCaibidil II, III, IIIa agus IIIb, ní fhéadfar rochtain a fháil ar shonraí méarlorg leanaí ach chun na gcríoch seo a leanas:

   (a) chun fíorú a dhéanamh ar chéannacht an linbh sa nós imeachta um iarratas ar víosa i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ag na teorainneacha seachtracha i gcomhréir le hAirteagail 18 agus 22g agus
   (b) faoi Chaibidil IIIb chun rannchuidiú le mí-úsáidí ceart leanaí a chosc agus a chomhrac, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo go léir a leanas:
   (i) nach mór an rochtain sin a bheith riachtanach chun gáinneáil leanaí a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;
   (ii) go mbeidh gá le rochtain i gcás faoi leith;
   (iii) gur chun leasa an linbh é an céannacht.”; [Leasú 63]

"

(9)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:"

“IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AR VÍOSAÍ GEARRFHANACHTA GEARRFHANACHTA AG ÚDARÁIS VÍOSAÍ” [Leasú 64]

"

(10)  Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. I gcás ina mbeidh an t‑iarratas inghlactha de bhun Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, déanfaidh an t‑údarás víosaí an comhad iarratais a chruthú laistigh de dhá lá oibre, trí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9 a iontráil in VIS, a mhéid a ceanglaíodh ar an iarratasóir na sonraí sin a sholáthar.”;

"

(b)  cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:"

“1a. Nuair a chruthófar an comhad iarratais, seolfar an cuardach go huathoibríoch in VIS de bhun Airteagal 9a, agus cuirfear torthaí ar fáil.

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"

5. I gcás nach gcaithfear sonraí ar leithligh a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla nó nach féidir iad a sholáthar go fíorasach, cuirfear “neamhbhainteach” sa réimse sainiúil sonraí nó sna réimsí sainiúla sonraí. Luafar “VIS0” i gcás nach ann do shonraí méarlorg; ina theannta sin, ceadóidh an córas idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna de bhun Airteagal 13(7)(a) go (d) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.”

"

(11)  Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)  i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a), phointe (b) agus phointe (c):"

“(a) an sloinne (ainm an teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha; dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne;

   (aa) sloinne breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); áit agus tír bhreithe; náisiúntacht bhreithe;
   (b) cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil agus cód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil;
   (c) an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil in éag;
   (cc) an t‑údarás a d’eisigh an doiciméad taistil agus dáta a eisiúna;”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:"

“5. íomhá d’aghaidh an iarratasóra, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) 13 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.”; [Leasú 65]

"

(ba)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:"

“6. íomhá d’aghaidh an iarratasóra, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.”; [Leasú 66]

"

(c)  cuirtear an pointe 7 seo a leanas isteach:"

“7. scanadh de leathanach na sonraí beathaisnéiseacha.”;

"

(d)  cuirtear an dá mhír seo a leanas isteach:"

“8. Beidh taifeach agus cáilíocht leordhóthanach ag íomhá d’aghaidh na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear i bpointe 5 den chéad mhír chun go bhféadfar í a úsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibrithe. Mura bhfuil dóthain cáilíochta inti, ní úsáidfear an íomhá den aghaidh le haghaidh meaitseáil uathoibrithe. [Leasú 67]

De mhaolú ar an dara gcéad mhír, i gcásanna eisceachtúla nuair nach féidir na sonraíochtaí atá leagtha síos maidir le clárú na híomhá beo den aghaidh in VIS i dtaca le cáilíocht agus le taifeach a chomhlíonadh, is féidir an íomhá den aghaidh a bhaint go leictreonach ó shlis an Doiciméid leictreonaigh Taistil Meaisín-Inléite (eMRTD). I gcásanna den sórt sin, cuirfear an íomhá den aghaidh isteach sa sainchomhad tar éis fíorú leictreonach a dhéanamh go bhfuil an íomhá den aghaidh atá cláraithe i slis eMRTD ag teacht leis an íomhá bheo d’aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.”; [Leasú 68]

"

(12)  cuirtear Airteagal 9a go hAirteagal 9d seo a leanas isteach:"

“Airteagal 9a

Córais eile a chuardach

1.  Déanfar na comhaid iarratais a phróiseáil go huathoibríoch le VIS chun amais a bhrath. Déanfar gach comhad ar leithligh a scrúdú in VIS.

2.  I gcás ina ndéanfar comhad iarratais a chruthú nó víosa a eisiúint, seiceálfaidh VIS an aithnítear an doiciméad taistil a bhaineann leis an iarratas sin i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE trí chuardach uathoibríoch a dhéanamh i liosta na ndoiciméad taistil aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 5a, agus cuirfear toradh ar fáil. [Leasú 69]

3.  Chun críche na bhfíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 21(1) agus in Airteagal 21(3)(a), (c), agus (d) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, cuirfear cuardach ar bun le VIS trí bhíthin na Tairsí Eorpaí Cuardaithe a shainítear in Airteagal 6(1) den [Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht] chun comparáid a dhéanamh idir na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (4) bpointí (4), (5) agus (6) d’Airteagal 9 den Rialachán seo agus na sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe in VIS, Córas Faisnéise Schengen (SIS), an Córas Dul Isteach agus Imeachta (EES), Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), lena n‑áirítear an liosta faire dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/XX chun críocha Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bhunú, Eurodac, [an córas ECRIS-TCN a mhéid a bhaineann le ciontuithe i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha], sonraí Europol, bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil Ghoidte nó Chaillte (SLTD) agus bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí. Fíorófar le VIS:

   (a) an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil a tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é, gur mí-leithghabháladh é nó gur neamhbhailíodh é in SIS;
   (b) an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é nó gur neamhbhailíodh é i mbunachar sonraí DTGC;
   (c) an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta in SIS;
   (d) an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta in SIS;
   (e) an bhfuil an t-iarratasóir agus an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’údarú taistil a diúltaíodh, a rinneadh a chúlghairm nó a cuireadh ar neamhní i Lárchóras ETIAS;
   (f) an bhfuil an t-iarratasóir agus an doiciméad taistil sa chomhad faireachais dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
   (g) an bhfuil sonraí maidir leis an iarratasóir ar taifead cheana in VIS;
   (h) an bhfuil na sonraí a soláthraíodh san iarratas maidir leis an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’iarratas eile ar víosa a ghabhann le sonraí difriúla céannachta;
   (i) an bhfuil sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é nó í an t-iarratasóir nó, trí EES a cheadú, ar tuairiscíodh gur rófhantóir é nó í san am atá caite;
   (j) an bhfuil sé ar taifead in EES gur diúltaíodh cead isteach don iarratasóir;
   (k) an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh i dtaobh víosa ghearrfhanachta atá ar taifead in VIS a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm;
   (l) an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh i dtaobh víosa fhadfhanachta nó cead cónaithe atá ar taifead in VIS a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm;
   (m) an bhfuil sonraí a bhaineann go sonrach le céannacht an iarratasóra ar taifead i sonraí Europol;
   (n) an bhfuil an t-iarratasóir ar víosa ghearrfhanachta cláraithe in Eurodac;
   (o) i gcás inar mionaoiseach an t-iarratasóir, maidir le sealbhóir údaráis tuismitheora nó le caomhnóir dlí an iarratasóra:
   (i) an bhfuil sé faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta in SIS;
   (ii) an bhfuil sé faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta arna iontráil in SIS;
   (iii) an bhfuil doiciméad taistil aige atá ar áireamh sa chomhad faireachais dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1240. [Leasú 70]

3a.  Nuair a dhéanfar cuardach ar SLTD, maidir leis na sonraí a úsáideann úsáideoir ESP chun cuardach a sheoladh, ní dhéanfar iad a roinnt le húinéirí shonraí Interpol. [Leasú 71]

4.  In VIS, cuirfear leis an gcomhad iarratais tagairt d’aon amas a gheofar de bhun mhír 3. Ina theannta sin, sainaithneofar le VIS, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát nó na Ballstáit a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí ba chúis leis an amas nó na hamais, nó sainaithneofar an é Europol a d’iontráil na sonraí nó a sholáthair na sonraí, agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sa chomhad iarratais. Ní dhéanfar aon fhaisnéis seachas an tagairt d’aon amas agus tionscnóir na sonraí a thaifeadadh. [Leasú 72]

5.  Chun críocha Airteagal 2(1)(f), sna cuardaigh a dhéanfar faoi mhír 3 den Airteagal seo, cuirfear na sonraí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 15(2) i gcomparáid leis na sonraí atá in SIS chun a chinneadh an bhfuil an t‑iarratasóir faoi réir ceann ar bith de na foláirimh seo a leanas:

   (a) foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte nó chun críocha eiseachadta;
   (b) foláireamh maidir le daoine atá ar iarraidh;
   (c) foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach;
   (d) foláireamh maidir le daoine agus rudaí i ndáil le seiceálacha discréideacha, seiceálacha sonracha nó seiceálacha fiosrúcháin. [Leasú 73]

5a.  Is í an chonsalacht inar taisceadh an t-iarratas ar víosa ar dtús a dhéanfaidh measúnú ar aon amas ar toradh é ar iarratais de bhun Airteagal 9a(3)(a), (b), (c), (e), (g), (h), (i), (j), (k), (l) agus (n), i gcás inar gá, tar éis don údarás lárnach an t-iarratas ar víosa a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 9c. [Leasú 74]

5b.  Aon amais ar toradh iad ar iarratais de bhun Airteagal 9a(3)(d), (f), (m) agus (o), is é pointe teagmhála aonair na mBallstát a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí lenar tionscnaíodh na hamais a fhíoróidh, i gcás inar gá, an t-amas sin agus a dhéanfaidh measúnú air, i gcomhréir le hAirteagal 9ca. [Leasú 75]

5c.  Cuirfear fógra uathoibrithe freisin chuig Biúró SIRENE an Bhallstáit a chruthaigh an foláireamh maidir le haon amas in SIS lenar tionscnaíodh an t-amas. [Leasú 76]

5d.  San fhógra a chuirfear chuig Biúró SIRENE an Bhallstáit nó chuig aon phointe teagmhála a d’iontráil an foláireamh, beidh na sonraí seo a leanas:

   (a) sloinne nó sloinnte, an céadainm nó na céadainmneacha agus, más ann dó nó dóibh, ainm bréige nó ainmneacha bréige;
   (b) áit bhreithe agus dáta breithe;
   (c) inscne;
   (d) náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile;
   (e) Ballstát na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe, agus, má tá sé ar fáil, seoladh na chéad tréimhse fanachta atá beartaithe;
   (f) seoladh baile an iarratasóra nó, más rud é nach bhfuil sin ar fáil, an chathair agus an tír ina bhfuil cónaí air nó uirthi;
   (g) tagairt d’aon amas a gheofar, lena n-áirítear dáta agus am an amais. [Leasú 77]

5e.  Ní dhéanfar leis an Airteagal seo bacainn a chur ar iarratas ar thearmann i gcúinse ar bith. Maidir le híospartach coire foréigní amhail foréigean baile nó gáinneáil ar dhaoine arna ndéanamh ag a n-urraitheoir, más amhlaidh go ndéanfaidh an t-íospartach sin iarratas ar víosa a chur isteach, déanfar an comhad a chuirfear chuig VIS a dheighilt ó chomhad an urraitheora chun na híospartaigh a chosaint ar chontúirt bhreise. [Leasú 78]

________________________

* Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

Airteagal 9b

Forálacha sonracha is infheidhme maidir le baill de theaghlach saoránaigh den Aontas nó baill de theaghlach náisiúnaigh tríú tír eile ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais a chuardach i gcórais eile

1.  Maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo, nó de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart saoránach den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus na Ballstáit, ar lámh amháin, agus tríú tír, ar an lámh eile, déanfar na seiceálacha uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 9a(3) chun críche a sheiceáil nach bhfuil aon táscairí fíorasacha nó foras réasúnach bunaithe ar tháscairí fíorasacha ann lena chinneadh go bhfuil riosca slándála ann i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE de dheasca na ndaoine sin a bheith ar chríoch na mBallstát, agus chun na críche sin amháin. [Leasú 79]

2.  Ní fhíorófar an méid seo a leanas in VIS:

   (a) má tá sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é an t‑iarratasóir, nó má tuairiscíodh gur rófhantóir é san am atá caite trí EES a cheadú;
   (b) más duine an t‑iarratasóir a bhfuil a shonraí ar taifead in Eurodac.

3.  I gcás ina bhfaighfear amas de bharr uathphróiseáil an iarratais, mar a thagraítear dó in Airteagal 9a(3), a chomhfhreagraíonn do dhiúltú cead isteach agus foláireamh fanachta mar a thagraítear dó in Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (AE) 2018/1861, fíoróidh an t‑údarás víosaí an foras leis an gcinneadh faoinar cuireadh isteach an foláireamh sin in SIS. Más rud é go mbaineann an foras sin le riosca na himirce neamhdhleathaí, níor cheart an foláireamh a chur san áireamh i measúnú an iarratais. Feidhmeoidh an t‑údarás víosaí de réir Airteagal 25(2) 26(2) de Rialachán SIS II (AE) 2018/1861. [Leasú 80]

Airteagal 9c

Fíorú na n‑údarás lárnach agus ag an bpointe teagmhála náisiúnta aonair [Leasú 81]

1.  Aon amas amhail dá dtagraítear in Airteagal 9a(5b) de thoradh na bhfiosruithe de bhun Airteagal 9a(3) nach féidir a dheimhniú go huathoibríoch le VIS, déanfaidh an pointe teagmhála náisiúnta aonair é a fhíorú de láimh i gcomhréir le hAirteagal 9ca. Cuirfear fógra chuig údarás lárnach an Bhallstáit atá ag próiseáil an iarratais. [Leasú 82]

2.  I gcás ina mbeidh Aon amas amhail dá dtagraítear in Airteagal 9a(5b) de thoradh na bhfiosruithe de bhun Airteagal 9a(3) nach féidir a dheimhniú go huathoibríoch le VIS, déanfaidh an t-údarás lárnach é a fhíorú de láimh i gcomhréir le hAirteagal 9ca. Agus na hamais á bhfíorú de lámh aige, beidh rochtain ag an údarás lárnach ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhad iarratais nasctha atá ann, agus ar na hamais uile a fuarthas le linn na huathphróiseála de bhun Airteagal 9a(3) (5a). [Leasú 83]

3.  Fíoróidh an t‑údarás lárnach an gcomhfhreagraíonn céannacht an iarratasóra atá taifeadta sa chomhad iarratais do na sonraí atá in VIS, nó i gceann éigin de na bunachair shonraí a ceadaíodh.

4.  I gcás nach gcomhfhreagraíonn na sonraí pearsanta do chéannacht an iarratasóra, agus i gcás nach bhfuarthas aon amas eile le linn na huathphróiseála de bhun Airteagal 9a(3), scriosfaidh an t‑údarás lárnach an t‑amas bréagach ón gcomhad iarratais.

5.  I gcás ina gcomhfhreagróidh na sonraí do chéannacht an iarratasóra, nó i gcás ina bhfanfaidh amhras de bheith ann maidir le céannacht an iarratasóra, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo cuirfidh an t-údarás víosaí lárnach a phróiseálfaidh an t-iarratas an t-údarás lárnach ar an eolas faoi na Ballstáit eile ar sainaithníodh gur iontráil nó gur sholáthair siad na sonraí ba chúis leis an amas de bhun Airteagal 9a(3). I gcás ina sainaithneofar gur iontráil nó gur sholáthair Ballstát amháin nó níos mó na sonraí ba chúis leis an amas sin, rachaidh an t-údarás lárnach i gcomhairle le húdaráis lárnacha na mBallstát eile trí bhíthin an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 16(2). Beidh sochar aon amhrais ag an iarratasóir. [Leasú 84]

6.  Cuirfear toradh na bhfíoruithe a dhéanann údaráis lárnacha na mBallstát eile leis an gcomhad iarratais.

7.  De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfaighfear amas amháin nó roinnt amas de thoradh na comparáide dá dtagraítear in Airteagal 9a(5), cuirfidh VIS fógra uathoibrithe chuig údarás lárnach an Bhallstáit a sheol an cuardach agus déanfaidh sé aon bheart leantach is iomchuí. [Leasú 85]

8.  I gcás ina sainaithneofar gurb é Europol a sholáthair na sonraí ba chúis le hamas i gcomhréir le hAirteagal 9a(3), rachaidh údarás lárnach an Bhallstáit atá freagrach i gcomhairle le haonad náisiúnta Europol chun beart leantach a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus go háirithe Caibidil IV de. [Leasú 86]

Airteagal 9ca

Fíorú agus measúnú ag an bpointe teagmhála náisiúnta aonair

1.  Ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta, a bheidh oibríochtúil 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine, agus a áiritheoidh na fíoruithe ábhartha de láimh agus an measúnú ar amais chun críocha an Rialacháin seo (“an pointe teagmhála aonair”). Beidh an pointe teagmhála aonair comhdhéanta d’oifigigh idirchaidrimh de chuid Bhiúró SIRENE, Interpol, Biúrónna Náisiúnta Lárnacha, lárphointe náisiúnta Europol, Aonad Náisiúnta ETIAS agus na n-údarás ábhartha náisiúnta uile um fhorfheidhmiú an dlí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dóthain foirne ann lena gcumasófar an pointe teagmhála aonair chun amais ar tugadh fógra ina leith a fhíorú de bhun an Rialacháin seo agus na spriocdhátaí dá bhforáiltear in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 á gcur san áireamh.

2.  Déanfaidh an pointe teagmhála aonair na hamais a tarchuireadh chuige a fhíorú de láimh. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 9c(2) go (6).

3.  Más rud é, tar éis an fhíoraithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, gurb ionann na sonraí agus go ndeimhnítear amas, rachaidh an pointe teagmhála aonair i dteagmháil, i gcás inar gá, leis na húdaráis fhreagracha, lena n-áirítear Europol, a sholáthair na sonraí lenar tionscnaíodh an t-amas. Ansin déanfaidh sé an t-amas a mheasúnú. Tabharfaidh an pointe teagmhála aonair tuairim réasúnaithe maidir leis an gcinneadh ar an iarratas atá le déanamh faoi Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. Beidh an tuairim réasúnaithe sin san áireamh sa chomhad iarratais. [Leasú 87]

Airteagal 9cb

Lámhleabhar

Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun go leagfar síos i lámhleabhar na sonraí ábhartha a bheidh le cur i gcomparáid i gcomhréir le hAirteagal 9a(3), agus na nósanna imeachta agus na rialacha is gá i dtaca leis na hiarratais, na fíoruithe agus na rialacha sin dá bhforáiltear in Airteagail 9a go 9ca. Áireofar sa ghníomh tarmligthe sin teaglaim de chatagóirí sonraí chun gach córas a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 9.. [Leasú 88]

Airteagal 9d

Freagrachtaí Europol

Déanfaidh Europol a chóras faisnéise a oiriúnú chun a áirithiú go mbeidh sé indéanta próiseáil uathoibríoch a dhéanamh ar na cuardaigh dá dtagraítear in Airteagal 9a(3) agus Airteagal 22b(2).”

"

(13)  In Airteagal 13, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:"

“4. I gcás ina ndéanfar an comhad iarratais a nuashonrú de bhun mhír 1 agus mhír 2, seolfar fógra trí VIS chuig an mBallstát a d’eisigh an víosa, á chur ar an eolas maidir leis an gcinneadh réasúnaithe i dtaca le neamhniú nó cúlghairm na víosa sin. Déanfar an fógra sin a ghiniúint go huathoibríoch sa lárchóras agus tarchuirfear é tríd an sásra dá bhforáiltear in Airteagal 16.”; [Leasú 89]

"

(14)  Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)  i mír 2, cuirtear an pointe (ea) seo a leanas isteach:"

“(ea) íomhá den aghaidh;”;

"

(b)  cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:"

“2a. Ní hí an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (ea) de mhír 2 an t‑aon chritéar cuardaigh amháin.”;

"

(15)  In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:"

“2. I gcás ina gcruthófar comhad iarratais in VIS maidir le náisiúnach tríú tír ar leith nó náisiúnach a bhaineann le catagóir shonrach na náisiúnach sin a n‑iarrtar comhairliúchán roimh ré ina leith de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, déanfar an iarraidh ar chomhairliúchán a tharchur chuig an mBallstát nó chuig na Ballstáit i dtrácht trí VIS.

Tarchuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit a rachfar i gcomhairle leis nó leo freagra chuig VIS, agus déanfar an freagra sin a tharchur trí VIS chuig an mBallstát a chruthaigh an t‑iarratas.

Chun críche an nós imeachta comhairliúcháin a dhéanamh, agus chun na críche sin amháin, déanfar liosta na mBallstát a cheanglaíonn ar údaráis lárnacha Ballstát eile dul i gcomhairle lena n‑údaráis lárnacha le linn scrúdú a bheith á dhéanamh ar iarratais ar víosaí aonfhoirmeacha a thaisceann náisiúnaigh tríú tíortha ar leith nó catagóirí ar leith de na náisiúnaigh sin, de réir Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, agus liosta na náisiúnach tríú tír lena mbaineann, déanfar na liostaí sin a chomhtháthú in VIS.” [Leasú 90]

3.  Beidh feidhm leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 maidir leis an méid seo a leanas freisin:

   (a) tarchur faisnéise de bhun Airteagal 25(4) maidir le víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu, Airteagal 24(2) den Rialachán seo maidir le sonraí a leasú, agus Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 maidir le fógraí ex post; [Leasú 91]
   (b) aon teachtaireacht eile a bhaineann le comhar consalach a bhfuil tarchur sonraí pearsanta atá taifeadta in VIS nó gaolmhar leis ag baint léi, le tarchur iarrataí chuig an údarás inniúil víosaí maidir le cóipeanna de dhoiciméid taistil a chur ar aghaidh de bhun phointe 7 d’Airteagal 9 agus doiciméid eile a thacaíonn leis an iarratas, agus le tarchur cóipeanna leictreonacha de na doiciméid sin, agus a bhaineann le hiarrataí de bhun Airteagal 9c agus Airteagal 38(3). Tabharfaidh na húdaráis inniúla víosaí freagra ar aon iarraidh den chineál sin laistigh de dhá lá oibre.”; [Leasú 92]

"

(16)  Scriostar Airteagal 17;

(17)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III:"

“ROCHTAIN AR SHONRAÍ VÍOSAÍ GHEARRFHANACHTA AG ÚDARÁIS EILE”

"

(18)  In Airteagal 18(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"

“Déanfaidh na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n‑oibrítear EES méarloirg an tsealbhóra víosa a fhíorú i gcoinne na méarlorg atá taifeadta in VIS. I gcás sealbhóirí víosa nach féidir a méarloirg a úsáid, déanfar an cuardach dá dtagraítear i mír 1 leis na sonraí alfa-uimhriúla dá bhforáiltear i mír 1 i gcomhar leis an íomhá den aghaidh.”;

"

(18a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18a:"

“Airteagal 18a

Sonraí VIS a aisghabháil chun taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach an tsealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES

Chun taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach do shealbhóir víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus le hAirteagail 16 agus 18 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus chun na críche sin amháin, tabharfar rochtain don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES na sonraí atá stóráilte in VIS agus a liostaítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) agus i bpointe (c) go pointe (f) d’Airteagal 16(2) den Rialachán sin a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES.” [Leasú 93]

"

(19)  cuirtear an tAirteagal 20a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 20a

Úsáid sonraí VIS chun críche foláirimh SIS a iontráil i dtaca le daoine atá ar iarraidh nó daoine leochaileacha is gá a chosc ó bheith ag taisteal agus rochtain ar na sonraí ina dhiaidh sin [Leasú 94]

1.  Féadfar sonraí méarlorg agus íomhánna den aghaidh a stóráiltear in VIS a úsáid chun críche foláireamh a iontráil maidir le daoine ar iarraidh, leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe nó daoine leochaileacha is gá a chosc ó bheith ag taisteal i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán (AE) maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla].Sna cásanna sin, déanfar sonraí méarlorg agus íomhánna den aghaidh a mhalartú trí mhodh sábháilte chuig oifig SIRENE an Ballstáit ar leis na sonraí. [Leasú 95]

2.  I gcás ina mbeidh amas i leith fholáireamh SIS trí shonraí méarlorg agus íomhánna den aghaidh a stóráiltear in VIS amhail dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh údaráis cosanta leanaí agus údaráis bhreithiúnacha náisiúnta, lena n-áirítear na húdaráis atá freagrach as ionchúisimh phoiblí a thionscnamh in imeachtaí coiriúla agus as fiosrúcháin bhreithiúnacha roimh chúiseamh mar aon lena n-údaráis chomhordúcháin, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 44 de Rialachán (AE) ... [COM(2016)0883 – SIS comhar póilíneachta, féadfaidh siad, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, rochtain a iarraidh ar na sonraí arna n-iontráil in VIS ó údarás a bhfuil rochtain aige ar VIS. Beidh feidhm leis na coinníollacha dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta. Áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfear na sonraí ar bhealach slán. [Leasú 96]

__________

* Rialachán (AE) … ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … (IO L .., lch…).”;

"

(20)  In Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus  2:"

"1. Chun iarratas ar thearmann a scrúdú, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 d’fhonn cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarrthóra tearmainn. I gcás nach féidir méarloirg an duine sin a úsáid nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus/nó (b) go (cc); féadfar an cuardach seo a dhéanamh i dteannta na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(aa). [Leasú 97]

2.  Más léir ón gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil sonraí maidir leis an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta taifeadta sa VIS, beidh rochtain ag an údarás inniúil tearmainn ar shonraí seo a leanas an iarratasóra, d’fhonn iad a cheadú, agus ar aon chomhad iarratais nasctha a bhaineann leis an iarratasóir de bhun Airteagal 8(3), chun na críche dá dtagraítear i mír 1, agus chun na críche sin amháin :

   (a) uimhir an iarratais;
   (b) na sonraí a bhaintear ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointí (4), (5) agus (7) d’Airteagal 9;
   (c) grianghraif íomhanna den aghaidh; [Leasú 98]
   (d) na sonraí a iontráiltear maidir le haon víosa a eisítear, a neamhnítear, a chúlghairtear nó a ndéantar a bailíocht a shíneadh, dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14;
   (e) na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4) agus i bpointe (5) d’Airteagal 9 de na comhaid iarratais nasctha de bhun Airteagal 8(4).”; [Leasú 99]

"

(21)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:"

“Airteagal 23

Tréimhse choinneála i gcomhair sonraí a stóráil

1.  Stórálfar gach comhad iarratais in VIS ar feadh cúig bliana ar a mhéad, gan dochar don scriosadh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25 agus gan dochar do choimeád na dtaifead dá dtagraítear in Airteagal 34. [Leasú 100]

Tosóidh an tréimhse sin:

   (a) ar dháta éaga na víosa, na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, más rud é gur eisíodh víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;
   (b) ar dháta éaga nua na víosa na víosa fadfhanachta, más rud é gur cuireadh síneadh le víosa víosa fadfhanachta; [Leasú 101]
   (c) ar an dáta a chruthaítear an comhad iarratais in VIS, más rud é go ndearnadh an t‑iarratas a aistarraingt, a dhúnadh nó gur scoireadh dó;
   (d) ar dháta an chinnidh ón údarás freagrach, más rud é go ndearnadh víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a dhiúltú, a neamhniú, a ghiorrú, a aistarraingt nó a cúlghairm, de réir mar is infeidhme.

2.  Ar dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i mír 1, scriosfar go huathoibríoch in VIS an comhad agus an nasc nó na naisc leis an gcomhad sin mar a thagraítear dóibh in Airteagal 8(3) agus (4) agus in Airteagal 22a(3) agus (5).”; [Leasú 102]

2a.  De mhaolú ar mhír 1:

   (a) déanfar comhaid iarratais a bhaineann le cead cónaithe a scriosadh tar éis uastréimhse de 10 mbliana;
   (b) déanfar comhaid iarratais a bhaineann le leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois tráth a théann an leanbh amach as limistéar Schengen. [Leasú 103]

2b.  De mhaolú ar mhír 1, d’fhonn iarratas nua a éascú, ní fhéadfar an comhad iarratais dá dtagraítear ann a stóráil ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná trí bliana ó dheireadh thréimhse bailíochta na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe ach, más rud é, tar éis iarraidh ar thoiliú, ina dtoileoidh an t-iarratasóir go sainráite agus faoi shaoirse trí bhíthin dearbhú sínithe go leictreonach. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirfear iarrataí ar thoiliú i láthair ar bhealach soiléir is féidir a dhealú ó na hábhair eile, i bhfoirm intuigthe a bhfuil rochtain shimplí uirthi agus trí úsáid a bhaint as friotal soiléir simplí. Féadfaidh an t-iarratasóir a thoiliú nó a toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2016/679. Más rud é go dtarraingeoidh an t-iarratasóir an toiliú siar, scriosfar go huathoibríoch an comhad iarratais ó VIS.

Déanfaidh eu-LISA uirlis a fhorbairt chun go gcuirfear ar chumas iarratasóirí a dtoiliú a thabhairt agus a tharraingt siar.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun an uirlis atá le húsáid ag na hiarratasóirí chun a dtoiliú a thabhairt agus a tharraingt siar a shainiú tuilleadh.”; [Leasú 104]

"

(22)  In Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:"

“2. Má tá fianaise ag Ballstát a léiríonn go bhfuil sonraí a próiseáladh in VIS míchruinn nó gur próiseáladh na sonraí sin in VIS de shárú ar an Rialachán seo, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Bhallstát ata freagrach. Déanfar an teachtaireacht sin a tharchur i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

I gcás ina dtagraíonn na sonraí neamhchruinne do naisc a cruthaíodh de bhun Airteagal 8(3) nó (4) agus Airteagal 22a(3), déanfaidh an Ballstát atá freagrach na fíoruithe is gá agus tabharfaidh sé freagra laistigh de 48 n‑uaire agus, de réir mar atá an cás, leigheasfaidh sé an nasc. Mura dtugtar freagra laistigh den sprioc-am atá leagtha síos, leigheasfaidh an Ballstát a rinne an t‑iarratas an nasc agus tabharfaidh sé fógra don Bhallstát atá freagrach trí VISMail faoin leigheas a rinneadh.”;

3.  A luaithe is féidir, seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach as na sonraí lena mbaineann agus, más gá, ceartóidh sé nó scriosfaidh sé na sonraí sin láithreach."; [Leasú 105]

"

(23)  Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Más rud é, sula rachaidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 23(1) in éag, go mbeidh náisiúntacht Ballstáit faighte ag iarratasóir, maidir leis an mBallstát a chruthaigh na comhaid iarratais agus na naisc ábhartha faoi seach, scriosfaidh sé na comhaid iarratais, na comhaid agus na naisc dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) agus in Airteagal 22a(3) ó VIS. [Leasú 106]

"

(b)  i mír 2, cuirtear na focail “VISMail” in ionad na bhfocal “bhonneagar an VIS”.

(23a)  leasaíteart Airteagal 26 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus and 2:"

“1. Beidh eu-LISA freagrach as bainistiú oibríochtúil VIS agus a chomhpháirteanna mar atá leagtha amach in Airteagal 2a. Áiritheoidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit, go n-úsáidfear an teicneolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil i gcónaí, faoi réir anailís costais agus tairbhe, i gcomhair na gcomhpháirteanna sin. [Leasú 107]

2.   Is éard a bheidh i mbainistiú oibríochtúil VIS na cúraimí go léir a theastaíonn chun VIS a choinneáil ar bun 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá in aghaidh na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá lena áirithiú go bhfeidhmeoidh VIS ar leibhéal atá sásúil ó thaobh na cáilíochta oibríochtúla de, go háirithe maidir leis an aga freagartha a bheidh ag ionadaíochtaí taidhleoireachta agus ag údaráis teorann i dtaobh iarratais i Lárchóras VIS. Beidh na hagaí freagartha sin chomh gearr agus is féidir.”; [Leasú 108]

"

(b)  scriostar míreanna 3 go 8; [Leasú 109]

(24)  in Airteagal 26, cuirtear an mhír 8a seo a leanas isteach:"

“8a. Beidh cead ag eu-LISA fíorshonraí pearsanta anaithnithe as córas táirgthe VIS a úsáid chun críocha tástála sna cásanna seo a leanas:

   (a) le haghaidh diagnóisice agus deisiú i gcás fabhtanna sa lárchóras;
   (b) chun teicneolaíochtaí agus teicnící nua a thástáil atá ábhartha maidir le feabhsú ar fheidhmíocht an lárchórais nó ar tharchur sonraí chuige.

Sna cásanna sin, beidh na bearta slándála, an rialú rochtana agus na gníomhaíochtaí logála sa timpeallacht tástála ar comhchéim leis na réimsí céanna sin i gcóras táirgthe Eurodac. Na sonraí pearsanta iarbhír a ghlacfar le haghaidh tástála, déanfar sonraí anaithnide díobh chun nach féidir a dhéanamh amach cén duine is ábhar do na sonraí a thuilleadh.”; [Leasú 110]

"

(c)  Cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:"

“9a. Nuair a dhéanann eu-LISA comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí a bhaineann le VIS, déanfaidh sé faireachán géar ar ghníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo, go háirithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

9b.  Ní thabharfar de chúram do chuideachtaí nó eagraíochtaí príobháideacha bainistiú oibríochtúil Lárchóras VIS.”; [Leasú 111]

"

(25)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:"

“Airteagal 27

Suíomh an Lárchórais Faisnéise Víosaí

Beidh príomh-lárchóras VIS, lena ndéanfar an mhaoirseacht theicniúil agus na feidhmeanna riarachán, suite in Strasbourg (an Fhrainc) agus beidh cúltaca de lárchóras VIS, a mbeidh ar a chumas feidhmiúlachtaí uile phríomh-lárchóras VIS a áirithiú, suite in Sankt Johann im Pongau (an Ostair).

Déanfaidh eu-LISA réitigh theicniúla a chur chun feidhme chun infhaighteacht gan bhriseadh a áirithiú trí bhíthin oibriú comhuaineach Lárchóras VIS agus Lárchóras VIS cúltaca, ar choinníoll go mbeidh sé fós ar chumas Lárchóras VIS cúltaca oibriú VIS i gcás ina dteipfidh ar Lárchóras VIS, nó trí dhúbailt a dhéanamh ar an gcóras nó ar a chomhpháirteanna.”; [Leasú 112]

"

(26)  Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Freagracht maidir le húsáid agus cáilíocht na sonraí”;

"

(b)  leasaítear i mír 1 mar a leanas:

(i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

“(c) go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta agus ar cháilíocht leordhóthanach agus iomlán a ndóthain nuair a tharchuirfear chuig VIS iad.”;

"

(ii)  cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:"

“Chun na críche sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh foireann chonsalach agus foireann aon soláthraí seirbhíse seachtrach lena bhfuil siad ag comhoibriú amhail dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 oiliúint rialta maidir le cáilíocht na sonraí.”; [Leasú 113]

"

(c)  i bpointe (a) de mhír 2, cuirtear na focail “VIS nó an stórais choitinn sonraí céannachta” in ionad na bhfocal “an VIS Láir” an chéad uair a fheictear é agus na focail “VIS® nó an stóras coiteann sonraí céannachta” in ionad “an VIS Láir” an dara huair a fheictear é;

(d)  cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:"

“2a. Maidir le sásraí uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí agus nósanna imeachta maidir le seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí in VIS, déanfaidh eu-LISA mar aon leis an gCoimisiún iad a fhorbairt, a chothabháil agus a uasghrádú go leanúnach agus soláthróidh siad tuarascálacha ar bhonn rialta do na Ballstáit. Áiritheoidh eu-LISA leibhéil leormhaithe d’fhoireann atá oilte go gairmiúil chun go gcuirfí chun feidhme na nuálaíochtaí teicniúla agus na huasghráduithe is gá chun na sásraí rialaithe cáilíochta sonraí a oibriú. Soláthróidh eu-LISA tuarascáil ar bhonn rialta do na Ballstáit agus don Choimisiún ar na rialuithe cáilíochta sonraí. Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na fadhbanna a bhí ann i dtaobh cáilíocht sonraí agus maidir leis an gcaoi a ndeachthas i ngleic leo. [Leasú 114]

Déanfar an sásra sin, na nósanna imeachta sin agus léirmhíniú na comhlíontachta ó thaobh cáilíochta sonraí de a bhunú trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(2).”;

2b.  Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar indéantacht, infhaighteacht, ullmhacht agus iontaofacht na teicneolaíochta is gá chun íomhánna den aghaidh a úsáid chun duine a chéannú."; [Leasú 115]

"

(da)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

“3a. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta in VIS, ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás a mheasfar a bheith ina rialaitheoir i gcomhréir le pointe (7) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 agus arb é an t-údarás é a mbeidh freagracht lárnach air as pé próiseáil sonraí a dhéanfaidh an Ballstát sin. Tabharfaidh gach Ballstát don Choimisiún fógra maidir leis an ainmniú.”; [Leasú 116]

"

(27)  cuirtear an tAirteagal 29a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 29a

Rialacha sonracha maidir le sonraí a iontráil

1.  Beidh iontráil na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d in VIS faoi réir na réamhchoinníollacha seo a leanas:

   (a) sonraí de bhun Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d agus Airteagal 6(4), ní fhéadfar iad a sheoladh iontráil chuig VIS go dtí go mbeidh seiceáil cháilíochta déanta ag na húdaráis náisiúnta freagracha; [Leasú 117]
   (b) sonraí de bhun Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d agus Airteagal 6(4), déanfar iad a phróiseáil in VIS tar éis seiceáil cháilíochta a bheith déanta ag VIS de bhun mhír 2.

2.  Déanfar seiceálacha cáilíochta in VIS, dé réir mar a leanas:

   (a) nuair a bheidh comhaid iarratais nó comhaid náisiúnach tríú tír á gcruthú in VIS, déanfar seiceálacha cáilíochta ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 22c agus Airteagal 22d; i gcás ina dteipfeadh ar na seiceálacha sin na critéir cháilíochta bhunaithe a chomhlíonadh, thabharfaí freagrach uathoibríoch ar na húdaráis fhreagracha trí VIS;
   (b) ní fhéadfar na nósanna imeachta uathoibrithe de bhun Airteagal 9(a)(3) agus 22b(2) a chur i bhfeidhm in VIS go dtí go mbeidh seiceáil cháilíochta déanta ag VIS de bhun an Airteagail seo; i gcás ina dteipfeadh ar na seiceálacha sin na critéir cháilíochta bhunaithe a chomhlíonadh, thabharfaí freagra uathoibríoch ar na húdaráis fhreagracha trí VIS; [Leasú 118]
   (c) déanfar seiceálacha cáilíochta ar íomhánna den aghaidh agus ar shonraí dachtalagrafacha nuair a bheidh comhaid iarratais náisiúnach tríú tír á gcruthú in VIS, chun a chinneadh go gcomhlíonfar na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí lenar féidir meaitseáil bhithmhéadrach a dhéanamh; [Leasú 119]
   (d) déanfar seiceálacha cáilíochta ar na sonraí de bhun Airteagal 6(4) nuair a bheidh faisnéis faoi na húdaráis ainmnithe náisiúnta á stóráil in VIS.

3.  Bunófar caighdeáin cháilíochta i ndáil le stóráil na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo. Leagfar síos sonraíocht na gcaighdeán sin sna gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).”; [Leasú 120]

"

(28)  in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2: "

“1. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), (b), (c), (k) agus (m), agus Airteagal 9(6) agus 9(7), féadfar iad a tharchur nó a chur ar fáil do thríú tír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn, más gá i gcásanna aonair chun críche céannacht náisiúnach tríú tír a chruthú, agus chun críche filleadh i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE nó athlonnú i gcomhréir le Rialachán ...[An Creat-Rialachán maidir le himlonnú], agus chun na críche sin amháin, agus ar choinníoll go bhfuil formheas faighte ón mBallstát a d’iontráil na sonraí in VIS.”; [Leasú 121]

"

(28a)  Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:"

“2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh údaráis teorann nó údaráis imirce na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), (aa), (b), (c), (cc), (k) agus (m), (6) agus (7) a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i gcásanna aonair, más gá sin chun céannacht náisiúnach tríú tír a chruthú chun críche a bhfillte agus chun na críche sin amháin, ach ceann de na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

   (a) tá an Coimisiún tar éis cinneadh a ghlacadh maidir le cosaint leordhóthanach a thabhairt do shonraí pearsanta sa tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679;
   (b) go bhfuil coimircí iomchuí soláthartha de réir mar a thagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679, amhail comhaontú um athligean isteach is infheidhme idir an tAontas nó Ballstát agus an tríú tír atá i gceist; nó
   (c) tá feidhm ag pointe (d) d’Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2016/679. [Leasú 122]

3.  Ní fhéadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), (b), (c), (k) agus (m), (6) agus (7) a aistriú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ach amháin sa chás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

   (a) go ndéantar na sonraí a aistriú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sin de dhlí an Aontais, go háirithe le forálacha maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, agus comhaontuithe um athligean isteach, agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil na sonraí á n-aistriú aige;
   (b) go mbeidh a fhormheas tugtha ag an mBallstát a d’iontráil na sonraí in VIS;
   (c) go bhfuil a chomhaontú nó a comhaontú tugtha ag an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta gan na sonraí sin a phróiseáil ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil dóibh iad; agus
   (d) go bhfuiltear tar éis cinneadh maidir le filleadh, a glacadh de bhun Threoir 2008/115/CE, a eisiúint i dtaca leis an náisiúnach tríú tír i dtrácht, ar choinníoll nach bhfionrófaí feidhmiú an chinnidh sin maidir le filleadh agus nár tíolacadh aon achomharc ba shiocair leis an bhfeidhmiú a fhionraí.”; [Leasú 123]

"

(b)  cuirtear na mireanna a leanas isteach:"

“3a. Ní dhéanfaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun mhír 2 dochar, go háirithe maidir le non-refoulement, dá gcearta siúd a iarrfaidh nó a dtabharfar dóibh cosaint idirnáisiúnta.

3b.  Na sonraí pearsanta a bhainfidh Ballstát nó Europol as VIS chun críocha fhorghníomhú an dlí, ní dhéanfar iad a aistriú chuig aon tríú tír, eagraíocht idirnáisiúnta ná eintiteas príobháideach arna bhunú laistigh den Aontas nó lasmuigh de ná ní chuirfear ar fáil dóibh iad. Beidh feidhm ag an toirmeasc seo freisin i gcás ina ndéantar tuilleadh próiseála ar na sonraí sin ar an leibhéal náisiúnta nó idir Ballstáit de bhun Chinneadh (AE) 2016/680.”; [Leasú 124]

"

(28b)  in Airteagal 32, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)   cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

“(ea) cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu córais uathphróiseála sonraí a úsáid;”; [Leasú 125]

"

(b)  cuirtear na pointí seo a leanas isteach:"

“(ja) ensure that, in the event of an interruption, installed systems can be restored to normal operation;

   (jb) an iontaofacht a áirithiú trína chinntiú go ndéantar aon fhabht dá n-éireodh d’fheidhmiú VIS a thuairisciú mar is cuí agus go gcuirtear i bhfeidhm pé bearta teicniúla is gá chun a áirithiú gur féidir sonraí pearsanta a fháil ar ais i gcás ina dtarlódh truailliú sonraí mar gur mhífheidhmigh VIS;”; [Leasú 126]

"

(28c)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 32a

Teagmhais slándála

1.   Maidir le haon imeacht a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar shlándáil VIS, agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le damáiste do shonraí VIS, nó le cailleadh na sonraí sin, measfar gur teagmhas slándála é, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go bhfuarthas rochtain ar shonraí nó i gcás ina ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol nó ina bhféadfadh sé go ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol.

2.   Déanfar teagmhais slándála a bhainistiú chun freagairt thapa, éifeachtach agus iomchuí a áirithiú.

3.   Gan dochar d’fhógra a thabhairt faoi shárú sonraí pearsanta agus do chur in iúl an tsáraithe sin de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/679 nó de bhun Airteagal 30 de Threoir (AE) 2016/680, cuirfidh na Ballstáit, Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta an Coimisiún, eu-LISA, an t-údarás inniúil maoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas gan mhoill maidir le teagmhais slándála. Cuirfidh eu-LISA an an Coimisiún agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas gan mhoill faoi aon teagmhas slándála a bhaineann le Lárchóras*** VIS.

4.   An fhaisnéis maidir le teagmhas slándála a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar oibriú VIS i mBallstát nó laistigh de eu-LISA nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí arna n-iontráil nó arna seoladh ag Ballstáit eile, déanfar í a chur ar fáil do na Ballstáit ar fad gan mhoill agus a thuairisciú de réir an phlean bainistithe teagmhais arna sholáthar ag eu-LISA.

5.   Rachaidh na Ballstáit agus eu-LISA i gcomhar le chéile má tharlaíonn teagmhas slándála.

6.   Déanfaidh an Coimisiún teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú láithreach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Aicmiú EU RESTRICTED/RESTREINT UE a dhéanfar ar na tuarascálacha sin i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme.

7.   I gcás ina dtarlaíonn teagmhas slándála mar thoradh ar mhí-úsáid sonraí, déanfaidh na Ballstáit, Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a áirithiú go bhforchuirtear pionóis i gcomhréir le hAirteagal 36.”; [Leasú 127]

"

(28d)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:"

“Airteagal 33

Dliteanas

1.  Gan dochar don cheart chun cúiteamh a fháil, ná do dhliteanas an rialaitheora nó an phróiseálaí faoi Rialachán (AE) 2016/679, faoi Threoir (AE) 2016/680 ná faoi Rialachán (AE) 2018/1726:

   (a) aon duine nó aon Bhallstát ar bhain damáiste ábharach dó de dheasca oibríocht phróiseála neamhdhleathach ar shonraí pearsanta nó de dheasca aon bheart eile nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, arna déanamh nó arna dhéanamh ag Ballstát, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát sin;
   (b) aon duine nó aon Bhallstát dár bhain damáiste ábharach nó neamhábharach de dheasca aon ghníomhaíocht nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, arna déanamh ag Europol, ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, nó ag eu-LISA, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón ngníomhaireacht i dtrácht.

Déanfar an Ballstát lena mbaineann, Europol, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó eu-LISA a dhíolmhú óna dhliteanas nó óna dliteanas faoin gcéad fhomhír, go hiomlán nó go páirteach, má chruthaíonn sé nó sí nach é nó í atá freagrach as an imeacht ba chúis leis an damáiste.

2.  Má theipeann ar Bhallstát a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus sin a bheith ina chúis damáiste do Lárchóras VIS, is é an Ballstát sin a bheidh faoi dhliteanas i leith an damáiste sin más rud é agus a mhéid nach ndearna eu-LISA nó Ballstát eile atá rannpháirteach i Lárchóras VIS bearta réasúnta chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3.  Maidir le héilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3, is faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin a rialálfar iad. Is faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Europol, na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2..”; [Leasú 128]

"

(29)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:"

“Airteagal 34

Logaí a choinneáil

1.  Coinneoidh gach Ballstát, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus eu-LISA logaí ar na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa VIS. Léireofar leis na logaí sin cuspóir na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 6(1), Airteagal 20a(1), Airteagal 22k(1) agus Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus Airteagal 22g go hAirteagal 22j, cineál na sonraí a tharchuirtear dá dtagraítear in Airteagal 9 go hAirteagal 14 agus in Airteagal 22c go 22f, an dáta agus an t-am, an cineál sonraí a úsáideadh i gcomhair iniúchadh dá dtagraítear in Airteagail 15(2), 18, 19(1), 20(1), 21(1), 22(1), 22g, 22h, 22i, 22j, 45a agus  45d agus ainm an údaráis a d’iontráil nó a d’aisghabh na sonraí. Ina theannta sin, coinneoidh gach Ballstát logaí den fhoireann atá cuí-údaraithe chun na sonraí a iontráil nó a aisghabháil. [Leasú 129]

2.  I gcás na n-oibríochtaí a liostaítear in Airteagal 45b, coinneofar loga ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in VIS agus in EES i gcomhréir leis an Airteagal sin agus le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES). I dtaca leis na hoibríochtaí a liostaítear in Airteagal 17a, coinneofar taifead ar gach oibríocht próiseála sonraí a rinneadh in VIS agus in EES i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226. [Leasú 130]

3.  Ní fhéadfar logaí den sórt sin a úsáid ach amháin chun faireachán cosanta sonraí a dhéanamh ar inghlacthacht próiseála sonraí agus freisin chun slándáil sonraí a áirithiú. Cosnófar na logaí le bearta iomchuí in éadan rochtain neamhúdaraithe agus scriosfar iad tar éis tréimhse bliana tar éis don tréimhse choinneála dá dtagraítear in Airteagal 23(1) dul in éag, mura mbeidh siad de dhíth i gcomhair nósanna imeachta faireacháin a mbeidh tús curtha leo cheana.”;

"

(29a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:"

“Airteagal 35

Féinfhaireachán

Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh gach údarás a bheidh i dteideal rochtain a bheith aige ar shonraí VIS na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh siad leis an Údarás Maoirseachta Náisiúnta.”; [Leasú 131]

"

(29b)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36:"

“Airteagal 36

Pionóis

Maidir le haon mhí-úsáid nó próiseáil sonraí a chuirtear isteach in VIS contrártha don Rialachán seo, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go bhféadfar pionóis, a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, a fhorchur, lena n-áirítear pionóis riaracháin agus/nó pionóis choiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”; [Leasú 132]

"

(30)  Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)  leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití 1:"

1. Gan dochar don cheart chun faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679, agus in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680, déanfaidh an Ballstát atá freagrach náisiúnaigh tríú tíortha agus na daoine dá dtagraítear in Airteagail 9(4)(f), 22c(2)(e) nó 22d(e) a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:”; [Leasú 133]

"

(ii)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):"

“(f) go bhfuil ceart rochtana acu ar shonraí a bhaineann leo, agus go bhfuil sé de cheart acu a iarraidh go gceartófaí aon sonraí míchruinne a bhaineann leo, nó go scriosfaí aon sonraí a bhaineann leo a próiseáladh go neamhdhleathach, lena n-áirítear an ceart faisnéis a fháil faoi nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú agus faoi shonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí atá freagrach as bailiú na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 41(1), a éistfidh éilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta;”; [Leasú 134]

"

(iii)  cuirtear an pointe seo a leanas léi:"

“(fa) an fíoras go bhféadfaidh na Ballstáit agus Europol EES a rochtain chun críocha fhorghníomhú an dlí.”; [Leasú 135]

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfear ar fáil i scríbhinn go soiléir, go gonta agus go cruinn í don náisiúnach tríú tír nuair a bhaileofar na sonraí, an íomhá den aghaidh agus na sonraí méarlorg dá dtagraítear i bpointe (4), pointe (5) agus pointe (6) d’Airteagal 9, Airteagal 22c(2) agus Airteagal 22d (a) go (g). Ní mór leanaí a chur ar an eolas ar bhealach a oireann dá n-aois, trí bhíthin bileoga eolais agus/nó grafaicí faisnéise agus/nó taispeántais arna gceapadh go sonrach chun míniú a thabhairt ar an nós imeachta maidir le méarloirg a ghlacadh.”; [Leasú 136]

"

(c)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"

“Cheal foirm den sórt sin a bheidh sínithe ag na daoine sin, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679.”;

"

(31)  in Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "

“3. Má chuirtear an iarraidh dá bhforáiltear i mír 2 faoi bhráid Ballstát eile seachas an Ballstát atá freagrach, déanfaidh údaráis an Bhallstáit inar taisceadh an iarraidh teagmháil le húdaráis an Bhallstáit atá freagrach laistigh de seacht lá. Seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht a bpróiseála sa VIS laistigh d’aon mhí amháin.”; [Leasú 137]

"

(31a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38:"

“Airteagal 38

Ceart rochtana ar shonraí pearsanta, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil sonraí pearsanta

1.   Gan dochar don cheart chun faisnéise faoi Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725, cuirfear iarratasóirí agus sealbhóirí víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe a bhfuil a sonraí stóráilte in VIS ar an eolas, an tráth a bhaileofar a gcuid sonraí, faoi na nósanna imeachta maidir leis na cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 17 go hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus faoi Airteagal 15 go hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/679. Soláthrófar sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí dóibh an tráth céanna.

2.   Chun a gcearta a fheidhmiú faoi Airteagail 17 go 20 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus faoi Airteagal 15 go hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh sé de cheart ag na daoine dá dtagraítear i mír 1 dul i dteagmháil leis an mBallstát a chuir isteach a sonraí in VIS. Déanfaidh an Ballstát a gheobhaidh an iarraidh í a scrúdú agus tabharfaidh sé freagra uirthi a luaithe is féidir, agus laistigh de 30 lá ar a dhéanaí. I gcás ina bhfaightear amach mar fhreagra ar iarraidh go bhfuil na sonraí atá stóráilte in VIS míchruinn go fíorasach nó gur taifeadadh go mídhleathach iad, ceartóidh nó scriosfaidh an Ballstát atá freagrach na sonraí sin in VIS gan mhoill agus laistigh de 30 lá tar ar a dhéanaí tar éis an iarraidh a fháil i gcomhréir le hAirteagal 12(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2016/679. Má dhéantar an iarraidh chuig Ballstát seachas an Ballstát atá freagrach, déanfaidh údaráis an Bhallstáit inar taisceadh an iarraidh teagmháil le húdaráis an Bhallstáit atá freagrach laistigh de sheacht lá. Seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht a bpróiseála in VIS laistigh de mhí. Déanfaidh an Ballstát a rinne teagmháil le húdarás an Bhallstáit atá freagrach na daoine lena mbaineann a chur ar an eolas gur cuireadh a iarraidh nó a hiarraidh ar aghaidh, cé chuige ar cuireadh í agus faoin gcuid eile den nós imeachta.

3.   Más rud é nach n-aontaíonn an Ballstát atá freagrach leis an éileamh go bhfuil sonraí atá stóráilte in VIS míchruinn ó thaobh fíricí de, nó gur taifeadadh iad go neamhdhleathach, glacfaidh sé cinneadh riaracháin gan mhoill lena míneofar i scríbhinn, don té lena mbaineann, cad chuige nach bhfuil sé sásta na sonraí a bhaineann leis an té sin a cheartú nó a scriosadh.

4.   Sa chinneadh sin freisin, tabharfar faisnéis don duine lena mbaineann ina míneofar go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh i ndáil leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis ar conas caingean a thionscnamh nó gearán a dhéanamh os comhair na n-údarás inniúil nó na gcúirteanna agus aon chúnamh, lena n-áirítear ó na húdaráis inniúla náisiúnta mhaoirseachta.

5.  Pé iarraidh a dhéanfar de bhun mhír 2, beidh an fhaisnéis is gá inti chun an duine lena mbaineann a shainaithint. Úsáidfear an fhaisnéis sin go heisiach chun feidhmiú na gceart dá dtagraítear i mír 2 a chumasú.

6.  Coinneoidh an Ballstát atá freagrach taifead i bhfoirm doiciméad i scríbhinn go ndearnadh iarraidh dá dtagraítear i mír 2 agus conas a tugadh aghaidh uirthi. Cuirfidh sé an doiciméad sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí gan mhoill, agus tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an chinnidh na sonraí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 a cheartú nó a scriosadh nó tar éis an cinneadh lena mbaineann dá dtagraítear i mír 3.”; [Leasú 138]

"

(31b)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:"

“Airteagal 39

Comhoibriú chun cearta ar chosaint sonraí a áirithiú

1.  Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach chun na cearta a leagtar síos in Airteagal 38 a fhorghníomhú.

2.  I ngach Ballstát, cabhróidh an t-údarás maoirseachta, dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679, arna iarraidh sin air, leis an duine is ábhar do na sonraí agus cuirfidh sé comhairle air nó uirthi maidir le feidhmiú a chirt nó a cirt go gceartófaí, go gcomhlánófaí nó go léirscriosfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi nó go ndéanfaí próiseáil na sonraí sin a shrianadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

D’fhonn na haidhmeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhaint amach, comhoibreoidh údarás maoirseachta an Bhallstáit sin atá freagrach agus a tharchuir na sonraí le húdarás maoirseachta an Bhallstáit ar chuige a seoladh an iarraidh.”; [Leasú 139]

"

(31c)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:"

“Airteagal 40

Leigheasanna

1.  Gan dochar d’Airteagal 77 agus d’Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2016/679, beidh sé de cheart i ngach Ballstát ag aon duine caingean a thabhairt nó gearán a dhéanamh os comhair údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit sin a dhiúltaigh an ceart rochtana ar na sonraí a bhaineann leis nó léi, nó a dhiúltaigh an ceart na sonraí sin a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, mar a fhoráiltear in Airteagal 38 den Rialachán seo. Beidh sé de cheart caingean a thabhairt nó gearán a dhéanamh freisin i gcás nach bhfuarthas aon fhreagra, laistigh de na sprioc-amanna dá bhforáiltear in Airteagal 38, ar iarrataí ar rochtain a fháil, go ndéanfaí ceartúcháin, comhlánú nó léirscriosadh, nó i gcás nár dhéileáil an rialaitheoir sonraí leis an iarraidh ar chor ar bith.

2.  Beidh cúnamh le fáil ón údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 i gcaitheamh na n-imeachtaí.”; [Leasú 140]

"

(31d)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:"

“Airteagal 41

Maoirseacht ag an Údarás Maoirseachta Náisiúnta

1.  Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 faireachán neamhspleách ar dhlíthiúlacht na próiseála ar shonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo arna dhéanamh ag an mBallstát lena mbaineann.

2.  Áiritheoidh an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1)de Rialachán (AE) 2016/679 go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta fhreagracha, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha, iniúchadh ar na hoibríochtaí próiseála sonraí gach trí bliana ar a laghad. Féadfar torthaí na hiniúchóireachta sin a chur san áireamh sna measúnuithe a dhéanfar faoi chuimsiú an tsásra a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle. Gach bliain, foilseoidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 líon na n-iarrataí a fuarthas go ndéanfaí sonraí a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh, nó go ndéanfaí próiseáil sonraí a shrianadh, an beart a glacadh ina dhiaidh sin, agus líon na gceartúchán, na gcomhlánuithe, an léirscriosta agus na srianta próiseála a rinneadh mar fhreagairt ar iarrataí ó na daoine lena mbaineann.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag a n-údarás maoirseachta féin a dhóthain acmhainní chun na cúraimí a leagtar orthu faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus go mbeidh rochtain aige ar chomhairle uathu siúd atá leoreolach ar shonraí bithmhéadracha.

4.  Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis a iarrfaidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus, go háirithe, soláthróidh sé dó faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir lena fhreagrachtaí mar a leagtar síos iad sa Rialachán seo. Tabharfaidh na Ballstáit rochtain don údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ar a gcuid logaí agus ceadóidh siad dó rochtain a bheith aige gach tráth ar gach áitreabh dá gcuid a bhaineann le hidir-inoibritheacht.”; [Leasú 141]

"

(31e)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42:"

“Airteagal 42

Maoirsiú arna dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.  Is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí eu-LISA, Europol agus na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda agus Cósta faoin Rialachán seo agus as a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus leis an Rialachán seo.

2.  Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha a dhéanfar iniúchóireacht ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta a dhéanfaidh eu-LISA gach trí bliana ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar an iniúchóireacht sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig eu-LISA, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit. Tabharfar deis do eu-LISA barúlacha a thabhairt sula nglacfar na tuarascálacha.

3.  Soláthróidh eu-LISA faisnéis don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin aige, tabharfaidh siad rochtain don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na doiciméid ar fad agus ar a logaí dá dtagraítear in Airteagal 22r, Airteagal 34 agus Airteagal 45b, agus lamhálfaidh siad don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí rochtain a fháil aon tráth ar a n-áitribh ar fad.”; [Leasú 142]

"

(32)  in Airteagal 43, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2: "

“1. Gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndlúthchomhar leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar shaincheisteanna sonracha inar gá rannpháirtíocht náisiúnta, go háirithe más rud é go gcinneann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó údarás maoirseachta náisiúnta go bhfuil neamhréitigh mhóra idir cleachtais na mBallstát nó má aimsíonn sé aistrithe a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a rinneadh trí bhealaí cumarsáide na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta a úsáid, nó i gcomhthéacs ceisteanna arna n‑ardú ag údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó ar chur chun feidhme agus léirmhíniú an Rialacháin seo.

2.  Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar maoirseacht chomhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) XXXX/2018 [Rialachán athbhreithnithe (CE) Uimh. 45/2001].”; [Leasú 143]

"

(32a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43:"

“Airteagal 43

Comhoibriú idir na hÚdaráis Maoirseachta Náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí

1.  Na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag gníomhú dóibh araon laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí féin faoi seach, déanfaidh siad comhar gníomhach le chéile faoi chuimsiú na bhfreagrachtaí acu chun maoirseacht chomhordaithe ar na comhchodanna idir-inoibritheachta agus ar fhorálacha eile an Rialacháin seo a áirithiú.

2.  An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta, déanfaidh siad faisnéis ábhartha a mhalartú, cabhróidh siad le chéile chun iniúchóireachtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdóidh siad deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh siad measúnú ar aon fhadhbanna a bhaineann le feidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó le feidhmiú chearta an duine is ábhar do na sonraí, ullmhóidh siad tograí comhchuibhithe i gcomhair réitigh chomhpháirteacha ar aon fhadhbanna, agus cuirfidh siad feasacht ar chearta cosanta sonraí chun cinn, de réir mar is gá.

3.  Chun críche mhír 2, tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile dhá uair ar a laghad in aghaidh na bliana faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. Is é an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí a íocfaidh as costais na gcruinnithe sin agus a ghlacfaidh eagrú na gcruinnithe sin mar chúram air. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirt a chéile, de réir mar is gá.

4.  Seolfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí comhthuarascáil ar na gníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Europol, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus chuig eu-LISA gach re bliain. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil ar gach Ballstát arna hullmhú ag údarás maoirseachta an Bhallstáit sin.”; [Leasú 144]

"

(32b)  Scriostar Airteagal 44; [Leasú 145]

(33)  In Airteagal 45, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:"

“2a. Glacfar na bearta is gá d’fhorbairt Lárchóras VIS, an Chomhéadain Náisiúnta i ngach Ballstát agus an bhonneagair cumarsáide idir Lárchóras VIS agus na comhéadain náisiúnta maidir leis na hábhair seo a leanas i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(2):

   (a) dearadh ollstruchtúr fisiciúil an chórais lena n-áirítear a líonra cumarsáide;
   (b) gnéithe teicniúla a bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta;
   (c) gnéithe teicniúla a bhfuil impleachtaí airgeadais tromchúiseacha acu do bhuiséid na mBallstát nó a bhfuil impleachtaí teicniúla tromchúiseacha acu do chórais náisiúnta na mBallstát;
   (d) forbairt ceanglas slándála, lena n-áirítear gnéithe bithmhéadracha. [Leasú 146]

3.  Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla i dtaca le cáilíocht, taifeach agus úsáid méarlorg agus na híomhá den aghaidh le haghaidh fíorú bithmhéadrach agus sainaithint in VIS. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).”;

"

(34)  cuirtear an tAirteagal 45 a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 45a

Úsáid sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh

1.  Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin, ach gan cead a bheith acu iarratasóirí aonair a shainaithint mar thoradh ar na sonraí a bheith anaithnid go hiomlán, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún, eu-LISA agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú: [Leasú 147]

   (a) faisnéis maidir le stádas;
   (b) an t‑údarás inniúil, lena n‑áirítear a shuíomh;
   (c) inscne, dáta bliain bhreithe agus náisiúntacht reatha an iarratasóra; [Leasú 148]
   (d) Ballstát an chéad dul isteach, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;
   (e) dáta agus áit an iarratais agus an cinneadh maidir leis an iarratas (ar eisíodh víosa nó ar diúltaíodh don iarratas);
   (f) an cineál doiciméid a eisíodh, i.e. víosa idirthurais aerfoirt, víosa aonfhoirmeach, víosa ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;
   (g) cineál an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre eisiúna, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;
   (h) an foras a luaitear le haon chinneadh maidir leis an doiciméad nó an t‑iarratas, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin; i gcás víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, an cinneadh a bhaineann leis an iarratas (an víosa a eisiúint nó an t‑iarratas a dhiúltú, agus an foras leis an gcinneadh sin) i dtaobh víosa ghearrthéarmach a dhiúltú, lena n-áirítear an tagairt d’aon amais i gcórais faisnéise an Aontais arna bhféachaint orthu, i sonraí Europol nó Interpol, sa liosta faire dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1240 nó sna táscairí riosca sonracha; [Leasú 149]
   (ha) an foras a luaitear le haon chinneadh i dtaobh doiciméad a dhiúltú, lena n-áirítear an tagairt d’aon amais i gcórais faisnéise an Aontais arna bhféachaint orthu, i sonraí Europol nó Interpol, sa liosta faire dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1240 nó sna táscairí riosca sonracha; [Leasú 150]
   (i) an t‑údarás inniúil víosaí, lena n‑áirítear a shuíomh, a dhiúltaigh an t‑iarratas ar víosa agus dáta an diúltaithe, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;
   (j) na cásanna ina ndearna an t‑iarratasóir céanna iarratas ar víosa ghearrfhanachta ó bhreis agus údarás víosaí amháin, agus na húdaráis víosaí sin a lua, a suíomh agus dátaí na ndiúltuithe, i gcás víosaí gearrfhanachta amháin;
   (k) i gcás víosa ghearrfhanachta, príomhchuspóirí an turais; i gcás víosaí fadfhanachta agus cead cónaithe, cuspóir an iarratais; [Leasú 151]
   (l) na sonraí a iontráiltear i ndáil le haon doiciméad víosa a aistarraingíodh, a neamhníodh, a cúlghairmeadh nó ar cuireadh síneadh lena bhailíocht, de réir mar is infheidhme; [Leasú 152]
   (m) i gcás inarb infheidhme, dáta éaga na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe;
   (n) an líon daoine atá díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt de bhun Airteagal 13(7) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;
   (o) na cásanna nárbh fhéidir na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar go fíorasach i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5);
   (p) na cásanna nár ghá na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5);
   (q) na cásanna inar diúltaíodh víosa do dhuine, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5), nach raibh in ann na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a sholáthar go fíorasach.

Beidh ag foireann chuí-údaraithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta rochtain d’fhonn na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a cheadú chun na hanailísí riosca agus na measúnuithe leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 11 agus in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1624 a dhéanamh.

2.  Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, stórálfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in [Airteagal 39 de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)].

3.  Áireofar leis na nósanna imeachta a chuirfidh eu-LISA ar bun chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht VIS mar a thagraítear dó in Airteagal 50(1) go bhféadfar staidreamh a sholáthar ar bhonn rialta d’fhonn an faireachán sin a áirithiú.

4.  Gach ráithe, tiomsóidh eu-LISA staidreamh ar bhonn shonraí VIS maidir le víosaí gearrfhanachta, ina léireofar, i gcás gach suímh inar taisceadh iarratas ar víosa, an méid seo a leanas go háirithe:

   (a) líon iomlán na víosaí idirthurais aerfoirt a ndearnadh iarratas orthu, lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach idirthurais aerfoirt;
   (b) líon iomlán na víosaí a eisíodh, lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach A;
   (c) líon iomlán na víosaí dul isteach iolrach a eisíodh,
   (d) líon iomlán na víosaí nár eisíodh (lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach A),
   (e) líon iomlán na víosaí aonfhoirmeacha a ndearnadh iarratas orthu, lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach aonfhoirmeacha;
   (f) líon iomlán na víosaí a eisíodh, lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach;
   (g) líon iomlán na víosaí dul isteach iolrach a eisíodh, arna roinnt ar fhad na bailíochta (níos lú ná 6 mhí, bliain amháin, 2 bhliain, 3 bliana, 4 bliana, 5 bliana).
   (h) líon iomlán na víosaí aonfhoirmeacha nár eisíodh, lena n‑áirítear na víosaí dul isteach iolrach;
   (i) líon iomlán na víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu.

Déanfar an staidreamh laethúil a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh.

5.  Gach ráithe, tiomsóidh eu-LISA staidreamh ar bhonn shonraí VIS maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe ina léireofar, i gcás gach suímh, an méid seo a leanas go háirithe:

   (a) líon iomlán na víosaí fadfhanachta a ndearnadh iarratas orthu, a diúltaíodh, ar cuireadh síneadh leo agus a aistarraingíodh;
   (b) líon iomlán na gceadanna cónaithe a ndearnadh iarratas orthu, a diúltaíodh, ar cuireadh síneadh leo agus a aistarraingíodh.

6.  Ag ceann gach bliana, déanfar sonraí staidrimh a thiomsú i dtuarascáil bhliantúil don bhliain sin. Beidh miondealú ar shonraí gach Ballstáit sa staidreamh. Foilseofar an tuarascáil agus seolfar í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus chuig na húdaráis maoirseachta náisiúnta. [Leasú 153]

7.  Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh eu-LISA ar fáil dó staidreamh maidir le gnéithe ar leith a bhaineann le cur chun feidhme an chomhbheartais víosaí nó an bheartais imirce, lena n‑áirítear gnéithe de bhun chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013.”;

"

(35)  cuirtear na hAirteagail 45b, 45c, 45d agus 45e seo a leanas isteach:"

“Airteagal 45b

Rochtain ar shonraí chun críocha fíorú ag iompróirí

1.  D’fhonn a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh faoi phointe (b) d’Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, déanfaidh aeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí ar tír i gcóiste, déanfaidh siad cuardach in VIS chun a fhíorú an bhfuil víosa ghearrfhanachta bhailí, víosa fadfhanachta bhailí nó cead cónaithe bailí ina seilbh ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe ina seilbh acu, de réir mar is infheidhme. Chun na críche sin, maidir le víosaí gearrfhanachta, soláthróidh iompróirí na sonraí a liostaítear faoi phointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 9(4) den Rialachán seo, nó faoi phointe (a), (b) agus (c) d’Airteagal 22c, de réir mar is infheidhme I gcásanna nach lamháiltear do phaisinéirí dul ar bord mar gheall ar iarratas in VIS, soláthróidh iompróirí an fhaisnéis sin do phaisinéirí agus na meáin chun feidhmiú a gcearta i leith rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta a stóráiltear in VIS agus na sonraí sin a cheartú agus a scriosadh.. [Leasú 154]

2.  Chun críche mír 1 a chur chun feidhme, nó chun críche aon díospóid fhéideartha a d’fhéadfadh a eascairt as cur i bhfeidhm na míre sin, coinneoidh eu-LISA logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfaidh iompróirí laistigh den gheata iompróra. Taispeánfaidh na logaí sin dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a úsáideadh don iniúchadh, na sonraí a tarchuireadh leis an geata iompróra, agus ainm an iompróra i dtrácht.

Stórálfar logaí go ceann tréimhse 2 bhliain. Úsáidfear bearta iomchuí chun logaí a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe.

3.  Le rochtain shlán ar an ngeata iompróra dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(h) de Chinneadh 2004/512/CE arna leasú leis an Rialachán seo, 2a(h), lena n-áirítear an fhéidearthacht réitigh theicniúla mhóibíleacha a úsáid, lamhálfar d’iompróirí an tseiceáil iarratais dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh sula rachaidh paisinéir ar bord. Cuirfidh an t-iompróir na sonraí atá sa chuid den doiciméad taistil atá meaisín-inléite ar fáil agus sonróidh sé an Ballstát dul isteach. De mhaolú, i gcás idirthuras aerfoirt, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an iompróir a fhíorú an bhfuil víosa ghearrfhanachta bailí, víosa fadfhanachta bailí nó cead cónaithe bailí, de réir mar is infheidhme, i seilbh an náisiúnaigh tríú tír. [Leasú 155]

4.  Léireoidh an freagra ó VIS cibé acu atá nó nach bhfuil víosa ghearrfhanachta bailí, víosa fadfhanachta bailí nó cead cónaithe bailí ag an duine, de réir mar is infheidhme, agus soláthrófar “CGL/NÍL SÉ CGL” do na hiompróirí. I gcás inar eisíodh údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, tabharfar san áireamh san fhreagra a chuirfidh VIS ar fáil an Ballstát/na Ballstáit ina bhfuil an víosa bailí mar aon leis an mBallstát dul isteach arna shonrú ag an iompróir. Féadfaidh iompróirí pé faisnéis a sheoltar a stóráil mar aon leis an bhfreagra a gheofar i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Ní mheasfar an freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” a bheith ina chinneadh cead isteach a údarú nó a dhiúltú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le feidhmiú an gheata iompróra agus leis na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2). [Leasú 156]

5.  Bunófar scéim fíordheimhnithe, d’iompróirí amháin, d’fhonn rochtain a thabhairt ar an ngeata iompróra, chun críocha mhír 2, do na baill chuí-údaraithe d’fhoireann na n-iompróirí. Agus an scéim fíordheimhnithe á bunú, cuirfear san áireamh bainistiú riosca a bhaineann le slándáil faisnéise agus na prionsabail maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Glacfaidh an Coimisiún an scéim fíordheimhnithe sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2). [Leasú 157]

5a.  Úsáidfidh an geata iompróra bunachar sonraí ar leith, a bheidh inléite amháin, a ndéanfar nuashonrú air go laethúil trí asbhaint-aon-slí a dhéanamh ar an íos-fhothacar sonraí is gá arna stóráil in VIS. Beidh eu-LISA freagrach as slándáil an gheata iompróra, as slándáil na sonraí pearsanta atá ann agus as an bpróiseas lena mbainfear sonraí pearsanta agus lena gcuirfear isteach iad sa bhunachar sonraí ar leith, atá inléite amháin. [Leasú 158]

5b.  Na hiompróirí ar muir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir na bpionós dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 26(2) den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (“an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme”) agus le hAirteagal 4 de Threoir 2001/51/CE ón gComhairle nuair a bheidh náisiúnaigh tríú tír á n-iompar acu nach bhfuil víosa bhailí thaistil acu cé go bhfuil siad faoi réir cheanglas víosa thaistil. [Leasú 159]

5c.  Má dhiúltaítear cead isteach do náisiúnaigh tríú tír, beidh sé d’oibleagáid ar aon iompróir a thug go dtí na teorainneacha seachtracha iad, san aer, ar muir agus ar talamh, freagracht láithreach a ghlacadh astu an athuair. Arna iarraidh sin ag na húdaráis teorann, beidh sé d’oibleagáid ar na hiompróirí na náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh ar an tríú tír ónar iompraíodh iad, ar an tríú tír a d’eisigh an doiciméad taistil lenar thaistil siad, nó ar aon tríú tír eile a bhfuil sé cinnte go ligfear isteach inti iad. [Leasú 160]

5d.  De mhaolú ar mhír 1, d’iompróirí a iompraíonn grúpaí thar tír i gcoiste, sna chéad 3 bliana tar éis thús chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh an fíorú dá dtagraítear i mír 1 roghnach agus ní bheidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear i mír 5b maidir leo. [Leasú 161]

Airteagal 45c

Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, ag iompróirí na sonraí a rochtain

1.  I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an cuardach dá dtagraítear in Airteagal 45b(1) a dhéanamh, de bharr gur chlis ar chuid éigin de VIS nó ar chúiseanna eile nach bhfuil neart ag na hiompróirí orthu, déanfar na hiompróirí a dhíolmhú ón oibleagáid a fhíorú, tríd an ngeata iompróra a úsáid, an bhfuil víosa bhailí nó doiciméad taistil bailí ag taistealaí. I gcás ina mbraithfidh an t‑údarás bainistíochta eu-LISA cliseadh den chineál sin, cuirfidh sé na hiompróirí ar an eolas faoi. Cuirfidh sé na hiompróirí ar an eolas freisin nuair a bheidh an cliseadh réitithe. I gcás ina mbraithfidh na hiompróirí cliseadh den chineál sin, féadfaidh siad an t‑údarás bainistíochta eu-LISA a chur ar an eolas faoi. [Leasú 162]

1a.  Maidir leis na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 45b(5b), ní fhorchuirfear ar iompróirí iad sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. [Leasú 163]

1b.  Más rud é, ar chúiseanna eile seachas mar gheall ar chliseadh ar chuid éigin de VIS, nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, dul ar aghaidh leis an iarratas seiceála dá dtagraítear in Airteagal 45b(1) ar feadh tréimhse fhada ama, cuirfidh an t-iompróir sin eu-LISA ar an eolas. [Leasú 164]

2.  Déanfar mionsonraí na nósanna imeachta cúltaca a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).

Airteagal 45d

Rochtain ar shonraí VIS ag foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta

1.  Chun na cumhachtaí agus cúraimí a fheidhmiú de bhun Airteagal 40(1) de Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus i dteannta na rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 40(8) den Rialachán sin, beidh an ceart ag baill Fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó ag foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, de réir a sainordaithe, chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in VIS, agus chun cuardach a dhéanamh sna sonraí sin. [Leasú 165]

2.  Chun an rochtain dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, ainmneoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta aonad speisialaithe le hoifigigh chuí-chumhachtaithe de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh mar lárphointe rochtana. Fíorófar tríd an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45e maidir le rochtain ar VIS a iarraidh.

__________

* Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

Airteagal 45e

Coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí VIS ag foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta

1.  I bhfianaise na rochtana dá dtagraítear i mír1 d’Airteagal 45d, féadfaidh Foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta iarraidh a dhéantar ar na sonraí uile nó ar thacar sonraí atá stóráilte in VIS a cheadú a chur faoi bhráid an lárphointe rochtana de chuid an Garda Teorann agus Cósta Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 45d(2). Déanfar tagairt san iarraidh sin don phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, agus faireachas teorann agus/nó filleadh atá ag an mBallstát sin ar a bhfuil an iarraidh bunaithe. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, déanfaidh lárphointe rochtana an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a fhíorú an bhfuil na coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 2 comhlíonta. Más rud é go bhfuil na coinníollacha rochtana uile comhlíonta, déanfaidh foireann chuí-údaraithe an lárphointe rochtana na hiarrataí a phróiseáil. Tarchuirfear na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu in VIS chuig an bhfoireann ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí sin. [Leasú 166]

2.  Chun cead rochtana a thabhairt, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

   (a) tugann an Ballstát óstach údarú do na baill foirne VIS a cheadú chun na haidhmeanna oibríochtúla a shonraítear sa phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus filleadh faireachas teorann a chomhlíonadh, agus [Leasú 167]
   (b) ní mór VIS a cheadú chun na cúraimí sonracha a chuireann an Ballstát óstach de chúram ar an bhfoireann a dhéanamh.

3.  I gcomhréir le hAirteagal 40(3) de Rialachán (AE) 2016/1624, ní fhéadfaidh baill na bhfoirne, ná foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, gníomhú chun freagairt ar fhaisnéis arna fáil ó VIS ach amháin de réir treoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh an Bhallstáit óstaigh ina bhfuil siad ag oibriú, agus, mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh siad gníomhú amhlaidh ach amháin i láthair na ngardaí teorann nó na mball foirne sin. Féadfaidh an Ballstát óstach baill na bhfoirne a údarú chun gníomhú thar a cheann. [Leasú 168]

4.  I gcás amhrais nó má theipeann ar fhíorú chéannacht shealbhóir na víosa, shealbhóir na víosa fadfhanachta nó shealbhóir an cheada cónaithe, treoróidh ball d’fhoireann an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh an duine chuig garda teorann de chuid na an Bhallstáit óstaigh.

5.  Déanfaidh baill na bhfoirne sonraí VIS a cheadú mar seo a leanas:

   (a) Agus na cúraimí a bhaineann le seiceálacha teorann de bhun Rialachán (AE) 2016/399 á bhfeidhmiú, beidh rochtain ag baill na bhfoirne ar shonraí VIS lena bhfíorú ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 18 nó Airteagal 22d den Rialachán seo, faoi seach;
   (b) Agus baill na bhfoirne ag fíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, beidh rochtain acu ar shonraí VIS lena bhfíorú laistigh de chríoch náisiúnach tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 19 nó Airteagal 22h den Rialachán seo, faoi seach;
   (c) Agus aon duine ar féidir nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó ar féidir nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige á shainaithint, beidh rochtain ag baill na bhfoirne ar shonraí VIS lena sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo.

6.  I gcás ina nochtar de bharr rochtain agus cuardach den chineál sin gurb ann d’amas in VIS, cuirfear an Ballstát eisiúna ar an eolas ina leith sin.

7.  Gach iontráil a dhéanfaidh baill Fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó baill na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh sa loga ar oibríochtaí próiseála sonraí laistigh de VIS, coinneoidh an t‑údarás bainistíochta é i gcomhréir le forálacha Airteagal 34. [Leasú 169]

8.  Gach rochtain agus gach cuardach a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta déanfar é a logáil i gcomhréir le forálacha Airteagal 34 agus déanfar gach úsáid a bhainfear as sonraí a mbeidh rochtain faighte ag foirne na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta orthu a chlárú. [Leasú 170]

9.  Ach amháin más gá ar mhaithe le comhlíonadh na gcúraimí chun críocha an Rialacháin lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), Ní dhéanfar aon chodanna de VIS a nascadh le haon chóras ríomhaireachta atá ann chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó sa Ghníomhaireacht sin, ná ní dhéanfar na sonraí atá in VIS a bhfuil rochtain ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta orthu a aistriú chuig córas den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de VIS a íoslódáil. Ní fhorléireofar logáil rochtana agus cuardach mar íoslódáil nó cóipeáil shonraí VIS. [Leasú 171]

10.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta bearta chun slándáil a áirithiú, dá bhforáiltear in Airteagal 32, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm.”

"

(35a)  Scriostar Airteagail  46, 47 agus 48 ; [Ams. 172, 173 and 174]

(35b)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 48a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9cb agus Airteagal 23 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 9cb agus Airteagal 23 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9cb agus Airteagal 23 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; [Leasú 175]

"

(36)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49:"

“Airteagal 49

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

____________

* Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;

"

(37)  cuirtear an tAirteagal 49 a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 49 a

Grúpa comhairleach

Bunóidh eu-LISA grúpa comhairleach agus soláthróidh sé don ghrúpa sin an saineolas a bhaineann le VIS, go háirithe i gcomhthéacs ullmhú a chláir oibre bhliantúil agus a tuarascála bliantúla gníomhaíochta.” ;

"

(38)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:"

“Airteagal 50

Faireachán agus meastóireacht ar an tionchar ar chearta bunúsacha [Leasú 176]

1.  Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú VIS de réir a chuspóirí maidir le haschur, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse, agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach lena n-áirítear an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun neamh-idirdhealú, cearta an linbh, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh. [Leasú 177]

2.  Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag an údarás bainistíochta eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála a dhéanfar in VIS. [Leasú 178]

3.  Gach dhá bhliain, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil VIS, lena n-áirítear slándáil an chórais sin agus na costais a ghabhann leis, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin. Beidh san áireamh sa tuarascáil sin forléargas ar dhul chun cinn reatha maidir le forbairt an tionscadail agus na costais a ghabhann leis, measúnú tionchair airgeadais, agus faisnéis maidir le haon saincheisteanna teicniúla agus rioscaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chostas foriomlán an chórais. [Leasú 179]

3a.  I gcás moilleanna le linn an phróisis forbartha, cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi na cúiseanna a bhaineann leis na moilleanna agus faoina dtionchar i dtéarmaí ama agus airgeadais. [Leasú 180]

4.  Agus urraim á tabhairt d’fhorálacha an dlí náisiúnta maidir le faisnéis íogair a fhoilsiú, ullmhóidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla maidir le héifeachtacht na rochtana ar shonraí VIS ina mbeidh faisnéis agus staidreamh, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, maidir leis an méid seo a leanas:

   (a) cuspóir baileach an chomhairliúcháin, lena n-áirítear an cineál ciona sceimhlitheoireachta nó an cineál ciona thromchúisigh choiriúil agus rochtain ar shonraí faoi leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois; [Leasú 181]
   (b) an foras réasúnach a tugadh maidir leis an amhras a bhfuil údar leis go bhfuil amhrastach, déantóir nó íospartach i gcatagóir a chumhdaítear leis an Rialachán seo;
   (c) an líon iarrataí ar rochtain ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí;
   (ca) líon agus cineál na gcásanna inar úsáideadh na nósanna imeachta maidir le cásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 22m(2), lena n-áirítear na cásanna sin nuair nár glacadh leis an bpráinn iontu san fhíorú ex post a rinne an lárphointe rochtana; [Leasú 182]
   (d) an líon agus na cineálacha cásanna inar éirigh leis an tsainaithint.
   (da) staidreamh maidir le gáinneáil ar leanaí, lena n-áirítear cásanna ina rabhthas in ann daoine a shainaithint. [Leasú 183]

Tarchuirfear tuarascálacha bliantúla na mBallstát agus Europol chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh an bhliain ina dhiaidh sin. Tiomsóidh an Coimisiún na tuarascálacha bliantúla i dtuarascáil chuimsitheach a fhoilseofar faoin 30 Nollaig an bhliain chéanna. [Leasú 184]

5.  Gach ceithre dhá bhliana, déanfaidh an Coimisiúin meastóireacht fhoriomlán ar VIS. Áireofar sa mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar na torthaí a fuarthas de réir na gcuspóirí a bhí ann agus na gcostas a tabhaíodh, agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnachta, agus a tionchar a chearta bunúsacha, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le VIS, ar shlándáil VIS, ar an úsáid a baineadh as na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 31 agus ar aon impleachtaí ar oibríochtaí amach anseo. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. [Leasú 185]

6.  Soláthróidh na Ballstáit don údarás bainistíochta agus don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, mír 4, agus mír 5 a dhréachtú.

7.  Soláthróidh an t‑údarás bainistíochta don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh.”;

"

(39)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn 1:"

“Liosta de na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 31(1)”. [Leasú 186]

"

(40)  Tar éis Airteagal 22, cuirtear isteach Caibidil IIIa agus Caibidil IIIb seo a leanas:"

CAIBIDIL IIIa

IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AR VÍOSAÍ FADFHANACHTA AGUS CEADANNA CÓNAITHE

Airteagal 22a

Nósanna imeachta maidir le sonraí a iontráil tráth a dhéantar cinneadh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe

1.  Tráth a dhéantar cinneadh maidir le hiarratas ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe, cruthóidh an t‑údarás a rinne an cinneadh sin an sainchomhad gan mhoill, trí bhíthin na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 22c nó Airteagal 22d a iontráil in VIS.

1a.  Cruthóidh an t-údarás atá inniúil cinneadh a eisiúint comhad aonair sula n-eiseofar é. [Leasú 187]

2.  Tráth a chruthaítear an sainchomhad, seolfar go huathoibríoch in VIS an cuardach de bhun Airteagal 22b.

3.  Má tá iarratas déanta ag an sealbhóir mar chuid de ghrúpa nó le ball teaghlaigh, cruthóidh an t‑údarás sainchomhad do gach aon duine sa ghrúpa agus nascfaidh sé comhaid na ndaoine a chuir iarratas isteach in éineacht le chéile agus ar tugadh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe dóibh. Ní dhéanfar iarratais ó thuismitheoirí ná ó chaomhnóirí dlíthiúla a dheighilt ó iarratais ó leanaí. [Leasú 188]

4.  I gcás nach gcaithfear sonraí ar leithligh a sholáthar i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta nó nach féidir iad a sholáthar go fíorasach, cuirfear “níl bainteach” sa réimse sainiúil sonraí nó sna réimsí sainiúla sonraí. I gcás méarlorg, ceadóidh an córas idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna nach gá méarloirg a sholáthar i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta agus na cásanna nach féidir iad a sholáthar go fíorasach.

Airteagal 22b

Córais eile a chuardach

1.  Chun measúnú a dhéanamh an bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt don bheartas poiblí, nó don slándáil inmheánach nó don tsláinte phoiblí slándáil inmheánach sna Ballstáit, de bhun Airteagal 6(1)(e) de Rialachán (AE) 2016/399, agus chuige sin amháin, déanfar na comhaid a phróiseáil go huathoibríoch in VIS chun aon amas a bhrath. Déanfar gach comhad ar leithligh a scrúdú in VIS. [Leasú 189]

2.  Gach uair a chruthaítear sainchomhad tar éis víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint nó a dhiúltú de bhun Airteagal 22d , 22c maidir le víosa fadfhanachta nó cead cónaithe cuirfear cuardach ar bun le VIS trí bhíthin na Tairsí Cuardaigh Eorpaí chuardaithe a shainítear in Airteagal 6(1) den [Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] chun comparáid a dhéanamh idir na sonraí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(a), (b), (c), (f) agus (g) den Rialachán seo agus na sonraí ábhartha in VIS, Córas Faisnéise Schengen (SIS), an Córas Dul Isteach agus Imeachta (EES), Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), lena n‑áirítear an liosta faire dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/XX chun Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bhunú [an córas ECRIS-TCN a mhéid a bhaineann le ciontuithe i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha] sonraí Europol, bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil Ghoidte nó Chaillte (SLTD), bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (TDAWN Interpol) Fíorófar an méid seo a leanas le VIS:.

   (a) an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é, gur mí-leithghabháladh é nó gur neamhbhailíodh é in SIS;
   (b) an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é nó gur neamhbhailíodh é in DTGC;
   (c) an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta arna iontráil in SIS;
   (d) an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta in SIS;
   (e) an bhfuil an t-iarratasóir agus an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’údarú taistil a diúltaíodh, a rinneadh a chúlghairm nó a cuireadh ar neamhní i Lárchóras ETIAS;
   (f) an bhfuil an t-iarratasóir agus an doiciméad taistil sa chomhad faireachais dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/1240;
   (g) an bhfuil sonraí maidir leis an iarratasóir ar taifead cheana in VIS i ndáil leis an duine céanna;
   (h) an bhfuil na sonraí a soláthraíodh san iarratas maidir leis an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’iarratas eile ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a ghabhann le sonraí difriúla céannachta;
   (i) an bhfuil sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é nó í an t-iarratasóir nó, trí EES a cheadú, ar tuairiscíodh gur rófhantóir é nó í san am atá caite;
   (j) an bhfuil sé taifeadta in EES gur diúltaíodh cead isteach don iarratasóir;
   (k) an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh, maidir le víosa ghearrfhanachta atá ar taifead in VIS, í a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm;
   (l) an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh, maidir le víosa fadfhanachta nó cead cónaithe atá ar taifead in VIS, í a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm;
   (m) an bhfuil sonraí a bhaineann go sonrach le céannacht an iarratasóra ar taifead i sonraí Europol;
   (n) i gcás inar mionaoiseach an t-iarratasóir, an bhfuil údarás tuismitheora an iarratasóra nó caomhnóir dlí an iarratasóra:
   (i) an bhfuil sé faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta in SIS;
   (ii) an bhfuil sé faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta in SIS;
   (iii) an bhfuil doiciméad taistil aige sa chomhad faireachais dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.

Níor cheart leis an mír seo bac a chur ar iarratas ar thearmann ar fhorais ar bith. Maidir le híospartach coire foréigní amhail foréigean baile nó gáinneáil ar dhaoine arna ndéanamh ag a n-urraitheoir, más amhlaidh go ndéanfaidh an t-íospartach sin iarratas ar víosa a chur isteach, déanfar an comhad a chuirfear chuig VIS a dheighilt ó chomhad an urraitheora chun na híospartaigh a chosaint ar chontúirt bhreise.

Chun baol amas bréagach a sheachaint, aon chuardach maidir le leanaí faoi bhun 14 bliana nó maidir le daoine is sine ná 75 bliana a dhéanfar le haitheantóir bithmhéadracha a glacadh níos mó ná cúig bliana roimh an meaitseáil agus nach ndearbhaíonn céannacht an náisiúnaí tríú tír, beidh sé faoi réir seiceáil éigeantach láimhe ag saineolaithe ar shonraí bithmhéadracha. [Leasú 190]

3.  In VIS, cuirfear leis an sainchomhad tagairt d’aon amas a gheofar de bhun mhír (2) agus mhír (5). Ina theannta sin, sainaithneofar le VIS, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát nó na Ballstáit a d’iontráil na sonraí nó a sholáthair na sonraí ba chúis leis an amas nó na hamais, nó sainaithneofar an é Europol a d’iontráil na sonraí nó a sholáthair na sonraí, agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sa sainchomhad. Ní dhéanfar aon fhaisnéis seachas an tagairt d’aon amas agus tionscnóir na sonraí a thaifeadadh. [Leasú 191]

3a.  Nuair a dhéanfar cuardach ar SLTD, maidir leis na sonraí a úsáideann úsáideoir ESP chun cuardach a sheoladh, ní dhéanfar iad a roinnt le húinéirí shonraí Interpol. [Leasú 192]

4.  Chun críocha Airteagal 2(2)(f) i dtaca le víosa fadfhanachta a eisíodh nó ar cuireadh síneadh léi, leis na cuardaigh a dhéanfar faoi mhír 2 den Airteagal sin cuirfear na sonraí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22c(2) i gcomparáid leis na sonraí atá in SIS chun a chinneadh an bhfuil an sealbhóir faoi réir ceann ar bith de na foláirimh seo a leanas: [Leasú 193]

   (a) foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críocha géillte nó chun críocha eiseachadta;
   (b) foláireamh maidir le daoine atá ar iarraidh;
   (c) foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach;
   (d) foláireamh maidir le daoine agus rudaí i ndáil le seiceálacha discréideacha, seiceálacha sonracha nó seiceálacha fiosrúcháin. [Leasú 194]

I gcás ina bhfaighfear amas amháin nó roinnt amas de thoradh na comparáide dá dtagraítear sa mhír seo, cuirfidh VIS fógra uathoibrithe chuig údarás lárnach an Bhallstáit a sheol an cuardach agus déanfaidh sé aon bheart leantach is iomchuí Beidh feidhm ag Airteagal 9a(5a), (5b), (5c), (5d), agus Airteagail 9c, 9ca, 9cb mutatis mutandis faoi réir na forálacha sonracha seo a leanas: [Leasú 195]

5.  Maidir le sonraí EES, ETIAS agus VIS a cheadú de bhun mhír 2, beidh na hamais teoranta d’údarú taistil, cead isteach nó víosa a diúltaíodh bunaithe ar fhoras slándála a léiriú.

6.  I gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eiseoidh údarás consalach Ballstáit, nó lena gcuirfidh an t‑údarás sin síneadh, beidh feidhm ag Airteagal 9a. [Leasú 196]

7.  I gcás cead cónaithe a eiseoidh údarás ar chríoch Bhallstáit nó lena gcuirfidh an t‑údarás sin síneadh nó i gcás ina gcuirfidh údarás ar chríoch Bhallstáit síneadh le víosa fadfhanachta, beidh feidhm ag na nithe seo a leanas:

   (a) fíoróidh an t‑údarás sin an bhfuil na sonraí atá ar an taifead sa sainchomhad ag teacht leis na sonraí atá ar fáil in VIS, nó i gceann de na córais faisnéise nó bunachair shonraí de chuid an Aontais Eorpaigh, sonraí Europol, nó bunachair shonraí Interpol a cheadaítear de bhun mhír 2;
   (b) i gcás ina mbainfidh an t‑amas de bhun mhír 2 le sonraí Europol, cuirfear aonad náisiúnta Europol ar an eolas le haghaidh gníomhaíocht leantach;
   (c) i gcás nach gcomhfhreagróidh na sonraí le céannacht an iarratasóra, agus i gcás nach bhfuarthas aon amas eile le linn na huathphróiseála de bhun mhír 2 agus mhír 3, scriosfaidh an t‑údarás an t‑amas bréagach ón gcomhad iarratais;
   (d) i gcás ina gcomhfhreagróidh na sonraí le céannacht an iarratasóra nó i gcás ina mbeidh amhras ann i dtaca le céannacht an iarratasóra, déanfaidh an t‑údarás beart maidir leis na sonraí ba chúis leis an amas de bhun mhír 4 de réir na nósanna imeachta, na gcoinníollacha agus na gcritéar dá bhforáiltear i reachtaíocht AE agus reachtaíocht náisiúnta. [Leasú 197]

Airteagal 22c

Sainchomhad atá le cruthú i gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisítear

Beidh i sainchomhad a chruthaítear de bhun Airteagal 22a(1) na sonraí seo a leanas:

   (1) an t‑údarás a d’eisigh an doiciméad, lena n‑áirítear a shuíomh;
   (2) sonraí an tsealbhóra mar a leanas:
   (a) an sloinne (ainm an teaghlaigh); céadainm (céadainmneacha); dáta bliain bhreithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí faoi láthair; inscne; dáta breithe, láthair bhreithe agus tír bhreithe; [Leasú 198]
   (b) cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil;
   (c) dáta éaga bhailíocht an doiciméid taistil;
   (cc) an t‑údarás a d’eisigh an doiciméad taistil
   (d) i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm nó céadainmneacha údarás tuismitheora nó chaomhnóir dlíthiúil an tsealbhóra;
   (e) sloinne, céadainm agus seoladh an duine nádúrtha nó ainm agus seoladh an fhostóra nó aon eagraíochta eile a mbaineann an t‑iarratas leis;
   (f) íomhá d’aghaidh an tsealbhóra agus, i gcás inar féidir, an íomhá sin a arna ghlacadh beo ar an láthair; [Leasú 199]
   (g) dhá mhéarlorg an tsealbhóra, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta ábhartha;
   (3) na sonraí seo a leanas maidir leis an víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisíodh:
   (a) faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur eisíodh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe;
   (b) an áit a ndearnadh an cinneadh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe a eisiúint, agus an dáta a rinneadh an cinneadh sin;
   (c) an cineál doiciméid a eisíodh (víosa fadfhanachta nó cead cónaithe);
   (d) líon na víosaí fadfhanachta nó na gceadanna cónaithe a eisíodh;
   (e) dáta éaga na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe.

Airteagal 22d

Sainchomhad atá le cruthú i gcásanna áirithe nuair a dhiúltaítear víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint

I gcás ina ndéanfar cinneadh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a dhiúltú toisc go meastar gur bagairt é an t‑iarratasóir don bheartas poiblí, don slándáil inmheánach nó don tsláinte phoiblí nó toisc gur thaispeáin an t‑iarratasóir doiciméid a fuarthas go calaoiseach, nó a ndearnadh iad a fhalsú nó a chrioscaíl, cruthóidh an t‑údarás a dhiúltaigh an víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint sainchomhad a mbeidh na sonraí seo a leanas ann: [Leasú 200]

   (a) sloinne, sloinne tráth a bhreithe nó a breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); céadainm (céadainmneacha); inscne; dáta breithe, láthair bhreithe agus tír bhreithe;
   (b) náisiúntacht faoi láthair agus náisiúntacht ag tráth a bhreithe nó a breithe;
   (c) cineál agus uimhir an doiciméid taistil, an t‑údarás a d’eisigh é agus dáta a eisithe agus a éaga;
   (d) i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm nó céadainmneacha údarás tuismitheora nó chaomhnóir dlíthiúil an iarratasóra.
   (e) sloinne, céadainm agus seoladh an duine nádúrtha a mbaineann an t‑iarratas leis; [Leasú 201]
   (f) íomhá d’aghaidh an iarratasóra agus, i gcás inar féidir, an íomhá sin a arna ghlacadh beo ar an láthair; [Leasú 202]
   (g) dhá mhéarlorg an iarratasóra, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta ábhartha;
   (h) faisnéis lena gcuirtear in iúl gur diúltaíodh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe toisc go meastar gur bagairt é an t‑iarratasóir don bheartas poiblí, don slándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí nó toisc gur thaispeáin an t‑iarratasóir doiciméid a fuarthas go calaoiseach, nó a ndearnadh iad a fhalsú nó a chrioscaíl; [Leasú 203]
   (i) an t‑údarás a dhiúltaigh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe, lena n‑áirítear a shuíomh;
   (j) an áit a ndearnadh an cinneadh an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe a dhiúltú, agus an dáta a rinneadh an cinneadh sin.

Airteagal 22e

Sonraí atá le cur leis an sainchomhad i gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a aistarraingítear

1.  I gcás ina ndéanfar cinneadh cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a aistarraingt nó tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta a ghiorrú, cuirfidh an t‑údarás a rinne an cinneadh sin na sonraí seo a leanas sa sainchomhad:

   (a) faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur aistarraingíodh víosa fadfhanachta nó cead cónaithe nó, i gcás víosa fadfhanachta, gur giorraíodh an tréimhse bhailíochta;
   (b) an t‑údarás a d’aistarraing an víosa fadfhanachta nó an cead cónaithe nó a ghiorraigh tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta, lena n‑áirítear a shuíomh;
   (c) an áit a ndearnadh an cinneadh, agus an dáta a rinneadh é.
   (d) dáta nua éaga bhailíocht na víosa fadfhanachta, más iomchuí;
   (e) uimhir an ghreamáin víosa, má tá greamán nua víosa i gceist leis an tréimhse ghiorraithe.

2.  Ina theannta sin, léireofar sa sainchomhad an foras nó na forais chun víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a aistarraingt nó tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta a ghiorrú, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 22d.

Airteagal 22f

Sonraí atá le cur leis an sainchomhad i gcás víosa fadfhanachta nó cead cónaithe lena gcuirtear síneadh

I gcás inar cinneadh síneadh a chur le cead cónaithe nó víosa fadfhanachta, cuirfidh an t‑údarás a chuir síneadh leis an gcead cónaithe nó leis an víosa fadfhanachta na sonraí seo a leanas sa sainchomhad:

   (a) faisnéis maidir le stádas lena gcuirtear in iúl gur cuireadh síneadh leis an víosa fadfhanachta nó leis an gcead cónaithe;
   (b) an t‑údarás a chuir síneadh leis an víosa fadfhanachta nó leis an gcead cónaithe, lena n‑áirítear a shuíomh;
   (c) an áit a ndearnadh an cinneadh, agus an dáta a rinneadh é;
   (d) i gcás víosa fadfhanachta, uimhir an ghreamáin víosa, má tá greamán nua víosa i gceist leis an víosa fadfhanachta ar cuireadh síneadh léi;
   (e) dáta éaga na tréimhse ar cuireadh síneadh léi.

Airteagal 22g

Rochtain ar shonraí chun víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a fhíorú ag pointí trasnaithe teorann seachtraí

1.  Chun céannacht an tsealbhóra doiciméid agus/nó barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú agus chun a fhíorú an meastar nach bhfuil an duine ina bhagairt do bheartas poiblí, slándáil inmheánach nó sláinte phoiblí aon cheann de na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(e) de Rialachán (AE) 2016/399, agus chuige sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis atá inniúil i leith seiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí i gcomhréir leis an Rialachán sin chun cuardach a dhéanamh trí uimhir an doiciméid a úsáid in éineacht le sonra amháin nó roinnt sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c) den Rialachán seo. [Leasú 204]

2.  Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar shonraí maidir le sealbhóir an doiciméid in VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil rialaithe teorann chun sonraí seo a leanas an tsainchomhaid a cheadú, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus chun na gcríoch sin amháin:

   (a) faisnéis maidir le stádas na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe lena gcuirtear in iúl ar eisíodh í nó é, ar aistarraingíodh í nó é, nó ar cuireadh síneadh léi nó leis;
   (b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(3)(c), (d) agus (e);
   (c) más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22e(1)(d) agus (e);
   (d) más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22f(d) agus (e);
   (e) grianghraif íomhánna den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(f). [Leasú 205]

Airteagal 22h

Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe laistigh de chríoch na mBallstát

1.  Chun céannacht an tsealbhóra mar aon le barántúlacht agus bailíocht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe a fhíorú agus chun a fhíorú an meastar nach bhfuil an duine ina bhagairt do bheartas poiblí, slándáil inmheánach nó sláinte phoiblí aon cheann de na Ballstáit, agus chuige sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis atá inniúil i leith seiceálacha a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát lena gcinntear an bhfuil na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát comhlíonta agus, de réir mar is infheidhme, beidh rochtain ag na húdaráis phóilíneachta acu chun cuardach a dhéanamh trí líon na víosaí fadfhanachta nó na gceadanna cónaithe a úsáid in éineacht le sonra amháin nó roinnt sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c). [Leasú 206]

2.  Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar shonraí maidir leis an sealbhóir in VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil chun sonraí seo a leanas an tsainchomhaid a cheadú agus, chomh maith leis sin, más infheidhme, sonraí an chomhaid nó na gcomhad nasctha de bhun Airteagal 22a(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, agus chun na gcríoch sin amháin:

   (a) faisnéis maidir le stádas na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe lena gcuirtear in iúl ar eisíodh í nó é, ar aistarraingíodh í nó é, nó ar cuireadh síneadh léi nó leis;
   (b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(3)(c), (d) agus (e);
   (c) más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22e(1)(d) agus (e);
   (d) más infheidhme, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22f(d) agus (e);
   (e) grianghraif íomhánna den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(f). [Leasú 207]

Airteagal 22i

Rochtain ar shonraí chun an fhreagracht maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chinneadh

1.  Chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn chun cuardach a dhéanamh trí bhíthin mhéarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta.

I gcás nach féidir méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin líon na víosaí fadfhanachta nó na gceadanna cónaithe i gcomhar leis na sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c) a úsáid.

2.  Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar víosa fadfhanachta nó cead cónaithe in VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil tearmainn chun sonraí seo a leanas an chomhaid iarratais a cheadú agus, maidir leis na sonraí a liostaítear i bpointe (g), chun sonraí i gcomhad nó comhaid iarratais nasctha an chéile agus na leanaí a cheadú, de bhun Airteagal 22a(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus chun na críche sin amháin:

   (a) an t‑údarás a d’eisigh nó a chuir síneadh leis an víosa fadfhanachta nó leis an gcead cónaithe;
   (b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(a) agus (b);
   (c) an cineál doiciméid;
   (d) tréimhse bhailíochta na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe;
   (e) grianghraif dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(f);
   (f) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22c(2)(a) agus (b) de chomhad nó comhaid iarratais nasctha an chéile agus na leanaí.

3.  Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus iadsan amháin a dhéanfaidh VIS a cheadú de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 22j

Rochtain ar shonraí chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú

1.  Chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 chun cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta.

I gcás nach féidir méarloirg an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin líon na víosaí fadfhanachta nó na ndoiciméad cónaithe i gcomhar leis na sonraí in Airteagal 22c(2)(a), (b) agus (c) a úsáid, nó meascán de shonraí in Airteagal 22d(a), (b), (c) agus (f).

2.  Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 go bhfuil taifead ar shonraí maidir leis an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta in VIS, beidh rochtain ag an údarás inniúil tearmainn, chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus chun na críche sin amháin, chun sonraí an iarratasóra agus sonraí i gcomhad nó comhaid iarratais nasctha an iarratasóra a iontráladh i dtaobh aon víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisíodh, a diúltaíodh, a aistarraingíodh nó ar cuireadh síneadh lena bailíocht nó lena bhailíocht, dá dtagraítear in Airteagail 22c, 22d, 22e agus 22f, chun na sonraí sin a cheadú de bhun Airteagal 22a(3).

3.  Is iad na húdaráis ainmnithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 agus iadsan amháin a dhéanfaidh VIS a cheadú de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo.

CAIBIDIL IIIb

Nós imeachta agus coinníollacha rochtana ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

Airteagal 22k

Údaráis ainmnithe na mBallstát

1.  Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis atá i dteideal na sonraí atá stóráilte in VIS a cheadú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú in imthosca iomchuí agus arna sainiú go docht amhail dá dtagraítear in Airteagal 22n. Ní lamhálfar do na húdaráis sin ach féachaint ar shonraí leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois chun leanaí ar iarraidh agus leanaí arb íospartaigh ar choiriúlacht thromchúiseach iad a chosaint. [Leasú 208]

2.  Coinneoidh gach Ballstát liosta a mbeidh teorainn dhocht léi de na húdaráis ainmnithe sin. Tabharfaidh gach Ballstát fógra do eu-LISA agus don Choimisiún maidir lena chuid údarás ainmnithe agus féadfaidh sé fógra eile a chur in ionad an fhógra nó é a leasú tráth ar bith. [Leasú 209]

3.  Ainmneoidh gach Ballstát lárphointe rochtana a mbeidh rochtain aige ar VIS. Fíoróidh an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22n maidir le rochtain ar VIS a iarraidh.

Féadfaidh an t‑údarás ainmnithe agus an lárphointe rochtana a bheith san eagraíocht chéanna, má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta, ach gníomhóidh an lárphointe rochtana go hiomlán neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe agus a chúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. Beidh an lárphointe rochtana ar leithligh ó na húdaráis ainmnithe agus ní bhfaighidh sé treoracha uathu maidir le toradh an fhíoraithe a dhéanfaidh sé go neamhspleách.

Ag brath ar a struchtúr eagraíochtúil agus riaracháin, féadfaidh na Ballstáit níos mó ná aon lárphointe rochtana amháin a ainmniú chun a gceanglais bhunreachtúla nó dhlíthiúla a chomhlíonadh.

4.  Tabharfaidh gach Ballstát fógra do eu-LISA agus don Choimisiún maidir lena chuid lárphointí rochtana agus féadfaidh sé fógra eile a chur in ionad an fhógra nó é a leasú tráth ar bith.

5.  Ar an leibhéal náisiúnta, coimeádfaidh gach Ballstát liosta de na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe rochtain a iarraidh ar shonraí atá stóráilte in VIS trí na lárphointí rochtana.

6.  Is í foireann chuí-chumhachtaithe na lárphointí rochtana agus í sin amháin a bheidh údaraithe VIS a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 22m agus Airteagal 22n.

Airteagal 22l

Europol

1.  Ainmneoidh Europol ceann amháin dá aonaid oibríochtúla mar “údarás ainmnithe Europol” agus tabharfaidh sé údarás dó rochtain a iarraidh ar VIS trí lárphointe rochtana ainmnithe VIS dá dtagraítear i mír 2 chun tacú le bearta na mBallstát agus chun iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

2.  Ainmneoidh Europol aonad speisialaithe ina mbeidh oifigigh chuí-chumhachtaithe Europol mar lárphointe rochtana. Fíoróidh an lárphointe rochtana go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22p maidir le rochtain ar VIS a iarraidh.

I dtaca lena chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, gníomhóidh an lárphointe rochtana go hiomlán neamhspleách agus ní bhfaighidh sé treoracha ó údarás ainmnithe Europol dá dtagraítear i mír 1 i dtaobh thoradh an fhíoraithe sin. [Leasú 210]

Airteagal 22m

Nós imeachta le haghaidh rochtain ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

1.  Cuirfidh na haonaid oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 22k(5) iarraidh réasúnaithe i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach faoi bhráid na lárphointí rochtana dá dtagraítear in Airteagal 22k(3) le haghaidh rochtain ar shonraí arna stóráil in VIS. Ar iarraidh ar rochtain a fháil, fíoróidh an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana an bhfuil na coinníollacha maidir le rochtain dá dtagraítear in Airteagal 22n comhlíonta. Má tá na coinníollacha rochtana comhlíonta, déanfaidh an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana na hiarrataí a phróiseáil. Cuirfear na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu in VIS ar aghaidh chuig na haonaid oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 22k(5) ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí sin.

2.  I gcás práinn eisceachtúil nuair is gá garchontúirt do bheatha duine a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó le cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, déanfaidh an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana an iarraidh a phróiseáil láithreach agus fíoróidh siad ex post ar comhlíonadh na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 22n, lena n‑áirítear an raibh cás práinne ann i ndáiríre. Déanfar an fíorú ex post gan moill mhíchuí agus, ar aon chuma, ag tráth nach déanaí ná seacht lá oibre tar éis an iarraidh a phróiseáil.

3.  I gcás ina gcinntear leis an bhfíorú ex post nach raibh údar leis an rochtain ar shonraí VIS, déanfaidh na húdaráis uile a cheadaigh na sonraí sin in VIS an fhaisnéis a raibh rochtain acu uirthi a scriosadh láithreach agus cuirfidh siad na lárphointí rochtana ar an eolas faoin scriosadh sin. [Leasú 211]

Airteagal 22n

Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe na mBallstát

1.  [on interoperability (borders and visas)] Gan dochar d’Airteagal 22 de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)], féadfaidh údaráis ainmnithe VIS a rochtain chun é a cheadú má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: [Leasú 212]

   (a) is gá agus is comhréireach rochtain a thabhairt chun VIS a cheadú ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;
   (b) is gá agus is comhréireach rochtain a thabhairt chun VIS a cheadú i gcás ar leith;
   (c) má tá foras réasúnach ann chun a mheas go bhféadfaidh ceadú shonraí VIS a bheith ina mhórchuidiú chun aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe sa Rialachán seo;
   (ca) i dtaca le cuardaigh le méarloirg, seoladh cuardach roimhe sin i gcóras uathoibrithe um shainaithint méarlorg na mBallstát eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil méarloirg a chur i gcomparáid, agus rinneadh an cuardach sin ina iomláine nó ní dhearnadh an cuardach sin ina iomláine laistigh de 24 uair an chloig ón uair a cuireadh tús leis. [Leasú 213]
   (c) i gcásanna inar seoladh iarraidh ar chuardach chuig an stóras coiteann sonraí céannachta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)], i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, dá dtagraítear i mír 5 d’Airteagal 22 den Rialachán sin 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht]], go bhfuil sonraí á stóráil in VIS. [Leasú 214]

2.  Ní gá an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 a chomhlíonadh i gcásanna ina mbeidh rochtain ar VIS riachtanach mar uirlis chun an cúlra i dtaobh víosaí nó tréimhsí údaraithe fanachta ar chríoch na mBallstát a cheadú i dtaobh amhrastach aitheanta, déantóir aitheanta nó íospartach amhrasta aitheanta ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile.

3.  Beidh ceadú VIS teoranta do chuardach a dhéanamh sa chomhad iarratais sa sainchomhad le haon cheann de na sonraí seo a leanas: [Leasú 215]

   (a) sloinne nó sloinnte (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha, dáta bliain bhreithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí agus/nó inscne; [Leasú 216]
   (b) cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil, cód trí litir na tíre eisiúna agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;
   (c) uimhir an ghreamáin víosa nó uimhir na víosa fadfhanachta nó an doiciméid cónaithe agus dáta éaga bhailíocht na víosa, na víosa fadfhanachta nó an doiciméid cónaithe, de réir mar is infheidhme;
   (d) méarloirg, lena n‑áirítear méarloirg neamhfhollasa;
   (e) íomhá den aghaidh.

3a.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar indéantacht, infhaighteacht, ullmhacht agus iontaofacht na teicneolaíochta is gá chun íomhánna den aghaidh a úsáid chun duine a shainaithint. [Leasú 217]

3b.  Ní hí an íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (ea) de mhír 3 an t-aon chritéar cuardaigh amháin. [Leasú 218]

4.  I gcás ina bhfaighfear amas nuair a dhéanfar VIS a cheadú, tabharfar rochtain ar aon sonraí a liostaítear i mír 3 den Airteagal seo mar aon le haon sonraí eile ón gcomhad iarratais nó ón sainchomhad, lena n-áirítear sonraí arna n-iontráil maidir le haon doiciméad a eisíodh, a diúltaíodh, a cuireadh ar neamhní, a rinneadh a chúlghairm nó ar cuireadh síneadh leis. Ní thabharfar rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (4)(l) d’Airteagal 9 as mar atá ar taifead sa chomhad iarratais ach amháin má rinneadh ceadú na sonraí sin a iarraidh go sainráite in iarraidh réasúnaithe agus a formheasadh de bharr fíorú neamhspleách. [Leasú 219]

Airteagal 22o

Rochtain ar VIS chun daoine a shainaithint i gcásanna ar leith

De mhaolú ar Airteagal 22n(1), ní bheidh sé d’oibleagáid ar údaráis ainmnithe na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin a chomhlíonadh chun rochtain ar VIS a fháil ar mhaithe le daoine a bhí ar iarraidh, go háirithe leanaí, a shainaithint, ar daoine iad a bhí ar iarraidh, a fuadaíodh nó a sainaithníodh ina n-íospartaigh gáinneála ar dhaoine agus a bhfuil forais thromchúiseacha ina leith lena mheas go gcuideoidh ceadú shonraí VIS na daoine sin a shainaithint agus go mbeidh sé ina rannchuidiú imscrúdú a dhéanamh ar chásanna sonracha gáinneála ar dhaoine. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh na húdaráis ainmnithe cuardach a dhéanamh in VIS le méarloirg na ndaoine sin. [Leasú 220]

I gcás nach féidir méarloirg na ndaoine sin a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 9(4) nó i bpointe (a) agus (b) d’Airteagal 22c(2). [Leasú 221]

I gcás ina bhfaighfear amas nuair a dhéanfar VIS a cheadú, tabharfar rochtain ar aon sonraí in Airteagal 9, in Airteagal 22c nó in Airteagal 22d, mar aon leis na sonraí in Airteagal 8(3) agus (4) nó in Airteagal 22a(3). [Leasú 222]

Airteagal 22p

Nós imeachta agus coinníollacha le haghaidh rochtain ag Europol ar shonraí VIS

1.  Beidh rochtain ag Europol chun VIS a cheadú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

   (a) is gá agus is comhréireach an ceadú chun tacú le bearta na mBallstát agus chun iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a thagann faoi réim shainordú Europol a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;
   (b) is gá agus is comhréireach an ceadú i gcás ar leith;
   (c) má tá foras réasúnach ann chun a mheas go bhféadfaidh ceadú shonraí VIS a bheith ina mhórchuidiú chun aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe sa Rialachán seo;
   (d) i gcásanna inar seoladh iarraidh ar chuardach chuig an stóras coiteann sonraí céannachta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)], i gcás ina nochtfar leis an bhfreagra a fuarthas, dá dtagraítear in Airteagal 22(3) den Rialachán sin, go bhfuil sonraí á stóráil in VIS.

2.  Beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22n(2), (3) agus (4) dá réir sin.

3.  Féadfaidh údarás ainmnithe Europol iarraidh leictreonach réasúnaithe a dhéanamh chun na sonraí uile nó tacar sonraí ar leith atá stóráilte in VIS a cheadú agus an iarraidh sin a chur chuig lárphointe rochtana Europol dá dtagraítear in Airteagal 22k(3) 22l(2). Ar iarraidh a fháil ar rochtain, déanfaidh lárphointe rochtana Europol a fhíorú an bhfuil na coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 comhlíonta. Más tá na coinníollacha rochtana uile comhlíonta, déanfaidh foireann chuí-údaraithe an lárphointe rochtana nó na lárphointí rochtana na hiarrataí a phróiseáil. Cuirfear na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu in VIS ar aghaidh chuig na haonaid oibríoctúla dá dtagraítear in Airteagal 22l(1) ar bhealach nach sáraíonn slándáil na sonraí sin. [Leasú 223]

4.  An phróiseáil ar fhaisnéis a fuair Europol trí shonraí VIS a cheadú, beidh sí faoi réir údarú ón mBallstát tionscnaimh. Gheofar an t‑údarú sin trí aonad náisiúnta Europol sa Bhallstát sin.

Airteagal 22q

Logáil agus doiciméadú

1.  Áiritheoidh gach Ballstát agus Europol go ndéanfar gach oibríocht próiseála sonraí a thagann as iarrataí ar rochtain ar shonraí VIS i gcomhréir le Caibidil IIIc a logáil IIIb a thaifeadadh nó a dhoiciméadú chun críocha faireachán a dhéanamh ar inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus ar shláine agus ar shlándáil sonraí agus chun críocha féinfhaireacháin agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar chearta bunúsacha, agus chun críocha féinfhaireacháin.

Úsáidfear bearta iomchuí chun na taifeadtaí nó na doiciméid sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, agus scriosfar iad dhá bhliain tar éis a gcruthaithe, mura mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin. [Leasú 224]

2.  Léireoidh an loga nó an doiciméadacht an méid seo a leanas, i ngach cás:

   (a) cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar rochtain ar shonraí VIS, lena n‑áirítear an cion sceimhlitheoireachta nó an cion coiriúil tromchúiseach eile lena mbaineann agus, i gcás Europol, cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar rochtain;
   (b) tagairt an chomhaid náisiúnta;
   (c) an dáta agus an t‑am baileach ar iarr an lárphointe rochtana rochtain ar lárchóras VIS;
   (d) ainm an údaráis a d’iarr rochtain le haghaidh ceadaithe;
   (e) más infheidhme, an cinneadh arna ghlacadh maidir leis an bhfíorú ex post;
   (f) na sonraí a úsáideadh le haghaidh ceadaithe;
   (g) i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nó le Rialachán (AE) 2016/794 nó, i gcás inarb infheidhme, le Rialachán (AE) 2018/1725, aitheantas uathúil úsáideora an duine a rinne an cuardach agus an t-oifigeach a d’ordaigh an cuardach. [Leasú 225]

3.  Ní úsáidfear logaí ná doiciméadacht ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí, chun faireachán ar an tionchar ar chearta bunúsacha, agus chun sláine agus slándáil sonraí a áirithiú. Ní fhéadfaidh ach logaí nach gcuimsíonn sonraí pearsanta a úsáid i gcomhair an fhaireacháin agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 50 den Rialachán seo. An t-údarás maoirseachta, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680, atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus as sláine agus slándáil na sonraí, beidh rochtain aige ar na logaí seo arna iarraidh sin dó chun críche a dhualgais a chomhlíonadh. [Leasú 226]

Airteagal 22r

Coinníollacha le haghaidh rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós

1.  Beidh rochtain ar shonraí VIS chun é a cheadú ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

   (a) tá an rochtain laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí;
   (b) tá an rochtain faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 22n(1);
   (c) sula dtabharfar rochtain ar shonraí VIS, déanfar iarraidh chuí-réasúnaithe i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach a chur faoi bhráid údarás ainmnithe Ballstáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis; ansin iarrfaidh an t‑údarás ar an lárphointe rochtana náisiúnta nó na lárphointí rochtana náisiúnta VIS a cheadú.

2.  Ballstát nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós, cuirfidh sé an fhaisnéis atá aige faoi víosaí ar fáil do na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, bunaithe ar iarraidh chuí-réasúnaithe i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22n(1).

_____________

* Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).”.

Airteagal 22ra

Cosaint sonraí pearsanta arna rochtain i gcomhréir le Caibidil IIIb

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na dlíthe náisiúnta, na rialacháin náisiúnta agus na forálacha riaracháin náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680, infheidhme freisin i dtaca le rochtain a thabhairt ar VIS do na húdaráis náisiúnta faoin gcaibidil seo, lena n-airítear i dtaca lena gcearta siúd a ndéantar a gcuid sonraí a rochtain ar an gcuma sin.

2.   Is é an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680 a dhéanfaidh faireachán ar dhlíthiúlacht na rochtana a thabharfar do na Ballstáit ar shonraí pearsanta i gcomhréir leis an gCaibidil seo, lena n-áirítear tarchur na sonraí sin chuig VIS agus as. Beidh feidhm dá réir ag Airteagal 41(3) agus (4) den Rialachán seo.

3.   Beidh an phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh Europol de bhun an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus faoi mhaoirseacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

4.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhainfear as VIS i gcomhréir leis an gCaibidil seo a phróiseáil ach amháin d’fhonn an cás sonrach ar iarr Ballstát nó Europol na sonraí ina leith a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

5.   Coinneoidh eu-LISA, na húdaráis ainmnithe, na lárphointí rochtana agus Europol logaí dá dtagraítear in Airteagal 22q chun gur féidir leis an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 41(1) de Threoir (AE) 2016/680 agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh rialacha cosanta sonraí an Aontais agus rialacha cosanta sonraí náisiúnta a bheith á gcomhlíonadh ag an bpróiseáil sonraí. Cé is moite de na sonraí a bheidh á gcoimeád chun na críche sin, déanfar, tar éis 30 lá, sonraí pearsanta chomh maith leis na taifid ar chuardaigh a rinneadh, a léirscriosadh ó na comhaid náisiúnta uile agus ó chomhaid Europol uile, ach amháin má tá na sonraí agus na taifid sin de dhíth chun críocha an imscrúdaithe choiriúil shonraigh atá fós ar siúl agus ar iarr an Ballstát nó Europol na sonraí ina leith. [Leasú 227]

"

Airteagal 2

Leasuithe ar Chinneadh 2004/512/CE [Leasú 228]

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2) de Aisghairtear Cinneadh 2004/512/CE. Déanfar tagairtí don Chinneadh sin a fhorléiriú mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn 2.:"

“2. Bunófar an Córas Faisnéise Víosaí ar ailtireacht láraithe agus is é a bheidh ann:

   (a) an stóras coiteann sonraí céannachta dá dtagraítear in [Airteagal 17(2)(a) de Rialachán 2018/XX maidir le hidir-inoibritheacht],
   (b) córas lárnach faisnéise, dá ngairtear an “lárchóras faisnéise víosaí’ (VIS) anseo feasta,
   (c) comhéadan i ngach Ballstát, dá ngairtear an “comhéadan náisiúnta” (NI-VIS) anseo feasta lena ndéanfar an nasc le húdarás náisiúnta láir ábhartha an Bhallstáit i gceist, nó comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta i ngach Ballstát a bheidh bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla coiteanna agus iad ar aon dul le chéile sna Ballstáit uile ionas gur féidir ceangal a dhéanamh idir an córas lárnach agus na bonneagair teorann náisiúnta sna Ballstáit,
   (d) bonneagar cumarsáide idir an córas lárnach faisnéise víosaí (VIS) agus na comhéadain náisiúnta (NI-VISanna);
   (e) bealach cumarsáide slán idir lárchóras VIS agus lárchóras EES;
   (f) bonneagar cumarsáide slán idir lárchóras VIS agus bonneagair láir na tairsí Eorpaí chuardaithe arna bunú le [hAirteagal 6 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht], an tseirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí arna bunú le [hAirteagal 12 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht], an stóras coiteann sonraí céannachta arna bhunú le [hAirteagal 17 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht] agus an brathadóir ilchéannachtaí arna bhunú le [Airteagal 25 de Rialachán 2017/XX maidir le hidir-inoibritheacht];
   (g) sásra le haghaidh comhairliúchán idir údaráis víosaí láir i dtaobh iarratas agus malartú faisnéise (“VISMail”);
   (h) geata iompróra;
   (i) seirbhís gréasáin shlán lena gcumasaítear cumarsáid idir VIS, sa chéad chás de, agus an geata iompóra, agus na córais idirnáisiúnta (córais/bunachair shonraí Interpol), sa dara cás de;
   (j) stóras sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh.

Déanfaidh an lárchóras, na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta, an tseirbhís gréasáin, an geata iompróra agus an bonneagar cumarsáide atá ag VIS comhpháirteanna crua-earraí agus comhpháirteanna bogearraí ó lárchóras EES, comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta EES, geata iompróra ETIAS, seirbhís gréasáin EES, agus bonneagar cumarsáide EES a chomhroinnt agus a athúsáid, a oiread is féidir go teicniúil.”. [Leasú 229]

"

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 810/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 10(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

“ (c) grianghraf a thíolacadh i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 nó beoghlacadh d’íomhá den aghaidh a lamháil tráth an chéad iarratais agus ar a laghad gach 59 mí tar éis sin i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach in Airteagal 13 den Rialachán seo.”; [Leasú 230]

"

(2)  Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:"

“– grianghraf a glacadh beo ar an láthair agus a bailíodh go digiteach tráth an iarratais;”; [Leasú 231]

"

(b)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"

“I gcás inar bailíodh méarloirg agus grianghraf de cháilíocht leordhóthanach ón iarratasóir agus inar iontráladh iad in VIS mar chuid d’iarratas a taisceadh ag tráth is lú ná 59 mí roimh dháta an iarratais nua, d’fhéadfaí na [sonraí] déanfar sin a chóipeáil isteach san iarratas a dhéanfar ina dhiaidh sin.”; [Leasú 232]

"

(c)  i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

“(a) leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois agus daoine os cionn 70 bliain d’aois;”; [Leasú 253]

"

(d)  scriostar mír 8;

(3)  Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. I dtaca le gach iarratas, déanfar VIS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 8(2), Airteagal 9a agus Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear lánúsáid as na critéir chuardaigh uile de bhun na n‑airteagal seo chun diúltú bréagach agus céannú bréagach a sheachaint.

"

(b)  cuirtear isteach mír 3a agus mír 3b mar seo a leanas:"

“3a. Chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le dul isteach dá bhforáiltear i mír 3, cuirfidh an chonsalacht san áireamh an toradh a bheidh ar an bhfíorú a dhéanfar ar na bunachair shonraí seo a leanas de bhun Airteagal 9c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008:

   (a) SIS agus SLTD chun a sheiceáil an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é nó gur neamhbhailíodh é agus an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil atá ar taifead i gcomhad in TDAWN Interpol; [Leasú 233]
   (b) lárchóras ETIAS chun seiceáil an bhfuil an t‑iarratas ag comhfhreagairt d’iarratas ar údarú taistil a diúltaíodh, a rinneadh a chúlghairm nó a cuireadh ar neamhní;
   (c) bunachar sonraí VIS chun seiceáil an bhfuil na sonraí a soláthraíodh san iarratas maidir leis an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’iarratas eile ar víosa a ghabhann le sonraí difriúla céannachta agus, lena chois sin, an raibh an t‑iarratasóir faoi réir cinneadh i dtaobh víosa ghearrfhanachta a dhiúltú, a chúlghairm nó a chur ar neamhní;
   (d) bunachar sonraí EES chun seiceáil an bhfuil sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é an t‑iarratasóir, nó ar tuairiscíodh gur rófhantóir é san am atá caite nó ar diúltaíodh cead isteach don iarratasóir san am atá caite;
   (e) bunachar sonraí Eurodac chun seiceáil an raibh an t‑iarratasóir faoi réir tharraingt siar nó dhiúltú an iarratais ar mhaithe le cosaint idirnáisiúnta;
   (f) sonraí Europol chun seiceáil an gcomhfhreagraíonn na sonraí a soláthraíodh san iarratas do shonraí atá ar taifead sa bhunachar sonraí sin;
   (g) an córas ECRIS-TCN chun seiceáil an gcomhfhreagraíonn an t‑iarratasóir do dhuine a bhfuil a shonraí ar taifead sa bhunachar sonraí sin i ngeall ar chionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile; [Leasú 234]
   (h) bunachar sonraí SIS chun seiceáil an bhfuil an t‑iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha eiseachadta.

Beidh rochtain ag an gconsalacht ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhad iarratais nasctha, más ann dó, mar aon le toradh na bhfíoruithe ar fad de bhun Airteagal 9c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

3b.  Ceadóidh an t‑údarás víosaí an brathadóir ilchéannachtaí mar aon leis an stóras coiteann sonraí céannachta dá dtagraítear in Airteagal 4(37) de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] nó Córas Faisnéise Schengen nó an dá rud chun na difríochtaí sna céannachtaí atá nasctha a mheasúnú agus déanfaidh sé aon fhíorú breise is gá chun cinneadh a dhéanamh maidir le stádas agus dath an naisc agus, chomh maith leis sin, chun cinneadh a dhéanamh maidir le víosa an duine lena mbaineann a eisiúint nó a dhiúltú.

I gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Rialachán 2018/XX [maidir le hidir-inoibritheacht (teorainneacha agus víosaí)] ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin ó thús oibríochtaí an bhrathadóra ilchéannachtaí.”;

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

“4. Fíoróidh an chonsalacht, trí bhíthin úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a fuarthas ó EES, nach mbeidh de thoradh an fhanachta atá beartaithe fad uasta aon fhanachta a údaraíodh ar chríoch na mBallstát sáraithe ag an iarratasóir, beag beann ar thréimhsí féideartha fanachta arna n‑údarú faoi víosa fadfhanachta náisiúnta nó faoi chead cónaithe arna eisiúint ag Ballstát eile.”;

"

(4)  cuirtear an tAirteagal 21a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 21a

Táscairí riosca sonracha

-1.  Is é a bheidh sna táscairí riosca sonracha algartam a chumasóidh próifíliú mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 trí chomparáid a dhéanamh idir na sonraí arna dtaifeadadh i gcomhad iarratais lena ngabhann táscairí riosca sonracha a dhíríonn ar shlándáil, inimirce neamhdhleathach nó ar ardrioscaí eipidéime. Beidh na táscairí riosca sonracha cláraithe in VIS. [Leasú 235]

1.  Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 51a chun na rioscaí a bhaineann leis an tslándáil nó leis an inimirce neamhdhlíthiúil nó ardriosca eipidéime a shainiú tuilleadh ar bhonn na nithe seo a leanas: [Leasú 236]

   (a) staitisticí arna ngineadh ag EES lena léirítear rátaí neamhghnácha rófhantóirí agus diúltuithe cead isteach i ndáil le grúpa sonrach taistealaithe a bhfuil víosa acu;
   (b) staitisticí arna ngineadh ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a lena léirítear rátaí neamhghnácha diúltuithe iarratas ar víosa mar gheall ar bhaol imirce neamhrialta, baol slándála nó baol don tsláinte phoiblí a bhaineann le grúpa sonrach taistealaithe grúpa sonrach taistealaithe; [Leasú 237]
   (c) staitisticí arna ngineadh ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a agus ag EES lena léirítear comhghaolta idir faisnéis arna bailiú tríd an bhfoirm iarratais agus rófhanacht nó diúltuithe cead isteach;
   (d) faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit i dtaobh táscairí riosca sonracha maidir le slándáil nó bagairtí sonracha slándála a shainaithin an Ballstát sin;
   (e) faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit maidir le rátaí neamhghnácha rófhantóirí nó diúltuithe cead isteach i gcás grúpa sonrach taistealaithe i leith an Bhallstáit sin;
   (f) faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit maidir le hardrioscaí sonracha eipidéime chomh maith le faisnéis um fhaireachas eipidéimeolaíochta agus measúnuithe riosca arna soláthar ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus ráigeanna galair arna dtuairisciú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS).

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, lena sonrófar na rioscaí dá dtagraítear i mír 1. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2). [Leasú 238]

3.  Ar bhonn na rioscaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1, bunófar táscairí riosca sonracha a bheidh comhdhéanta de shonraí éagsúla lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: [Leasú 239]

   (a) aoisghrúpa, inscne, náisiúntacht;
   (b) tír chónaithe agus cathair chónaithe;
   (c) Ballstát/Ballstáit cinn scríbe
   (d) Ballstát na chéad iontrála;
   (e) cuspóir an taistil;
   (f) slí bheatha reatha.

4.  Beidh na táscairí riosca sonracha spriocdhírithe agus comhréireach. Ní bheidh, i gcás ar bith, na táscairí sin bunaithe ar inscne nó aois duine agus orthu sin amháin. Ní bhunófar iad, i gcás ar bith, ar fhaisnéis maidir le cine an duine, an dath craicinn atá air, a mhianach eitneach nó sóisialta, a airíonna géiniteacha, an teanga atá aige, na tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile atá aige, an reiligiún nó creideamh fealsúnach atá aige, an ball de cheardchumann é, an ball de mhionlach náisiúnta é, an mhaoin atá aige, an áit ar rugadh é, an bhfuil míchumas air nó an claonadh atá ann ó thaobh gnéis de.

5.  Glacfaidh an Coimisiún na táscairí riosca sonracha trí ghníomh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

6.  Úsáidfidh na húdaráis víosaí na táscairí riosca sonracha nuair a dhéanfaidh siad a mheas an bhfuil baol na hinimirce neamhdhleathaí, baol do shlándáil aon cheann de na Ballstáit nó ardriosca eipidéime i gcomhréir le hAirteagal 21(1) ag roinnt leis an iarratasóir. [Leasú 240]

7.  Déanfaidh an Coimisiún agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha na rioscaí sonracha agus na táscairí riosca sonracha a athbhreithniú go tráthrialta.”; [Leasú 241]

"

(4a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:"

“Airteagal 39

Iompar na foirne agus urraim do chearta bunúsacha

1.  Áiritheoidh consalachtaí na mBallstát go gcuirfear fáilte chúirtéiseach roimh na hiarratasóirí. Déanfaidh comhaltaí foirne na gconsalachtaí dínit an duine a lánurramú agus iad i mbun a ndualgas.

2.  Déanfaidh comhaltaí foirne na gconsalachtaí na cearta bunúsacha a lánurramú agus cloífidh siad leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus iad i mbun a ndualgas. Beidh aon bhearta a ghlacfar i gcomhréir leis na cuspóirí a bheidh á saothrú leis na bearta sin.

3.  Agus iad i mbun a gcuid dualgas, ní dhéanfaidh an fhoireann chonsalach idirdhealú in aghaidh daoine ar aon fhoras amhail inscne, tionscnamh ciníoch nó eitneach, dath, bunadh sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Tabharfar tús áite do leas an linbh.”; [Leasú 242]

"

(4b)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 39a

Cearta bunúsacha

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a gcuid cúraimí a chomhall agus dlí ábhartha an Aontais á chomhlíonadh go hiomlán acu, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), an dlí idirnáisiúnta is ábhartha, lena n-áirítear an Coinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951, oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement, agus cearta bunúsacha. I gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, is ar bhonn indibhidiúil a dhéanfar cinntí faoin Rialachán seo. Tabharfar tús áite do leas an linbh.”; [Leasú 243]

"

(5)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:"

“Airteagal 46

Tiomsú staidrimh

Faoin 1 Márta gach bliain, foilseoidh an Coimisiún tiomsú de na staitisticí bliantúla seo a leanas maidir le víosaí in aghaidh na consalachta agus an phointe trasnaithe teorann i gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit astu féin iarratais ar víosa a phróiseáil:

   (a) líon na víosaí idirthurais aerfoirt a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh agus a diúltaíodh;
   (b) líon na víosaí aonfhoirmeachta dul isteach aonuaire, agus líon na víosaí dul isteach iolracha a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh (arna n‑imdhealú de réir a bhfaid bailíochta: bliain amháin, dhá bhliain, trí bliana, ceithre bliana agus cúig bliana) agus a diúltaíodh;
   (c) líon na víosaí a eisíodh a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu.

Tiomsófar na staitisticí sin ar bhonn tuarascálacha arna nginiúint ag lárstóras sonraí VIS i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”;

"

(5a)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:"

“Airteagal 51a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 21a a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón ...[dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 21a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 21a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; [Leasú 244]

"

(6)  in Airteagal 57, scriostar mír 3 agus mír 4.

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2226

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2226 mar a leanas:

(1)  cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 9(2):"

“Leis an gcóras dul isteach/imeachta, cuirfear ar fáil an fheidhmiúlacht chun an liosta sin a bhainistiú go lárnach. Leagfar síos i ngníomhartha cur chun feidhme na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfeidhmiúlacht sin a bhainistiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2) den Rialacháin seo.”;

"

(2)  in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

“3. Chun a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh faoi phointe (b) d’Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, bainfidh iompróirí úsáid as an tseirbhís gréasáin chun a fhíorú an bhfuil víosa ghearrfhanachta bailí, lena n‑áirítear ar úsáideadh cheana an líon uaireanta dul isteach údaraithe nó ar bhain an sealbhóir amach fad uasta an fhanachta údaraithe nó, de réir mar a bheidh, an bhfuil an víosa bailí i leith chríoch calafoirt cinn scríbe an taistil sin. Cuirfidh iompróirí na sonraí a liostaítear faoi phointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 16(1) den Rialachán seo ar fáil. Ar an mbonn sin, tabharfaidh an tseirbhís gréasáin freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” do na hiompróirí. Féadfaidh iompróirí pé faisnéis a sheoltar a stóráil mar aon leis an bhfreagra a gheofar i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Bunóidh iompróirí scéim fíordheimhniúcháin lena áirithiú gur ag an bhfoireann údaraithe amháin a bheidh rochtain ar an tseirbhís gréasáin. Ní bheidh sé indéanta an freagra “CGL/NÍL SÉ CGL” a mheas ina chinneadh cead isteach a údarú nó a dhiúltú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 21a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; [Leasú 245]

"

(2a)  In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

“3. I gcás inar gá sonraí maidir le taifead ar dhul isteach/imeacht sealbhóra víosa a iontráil nó a nuashonrú, féadfaidh na húdaráis teorann na sonraí dá bhforáiltear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) agus pointe (c) go pointe (f) d’Airteagal 16(2) den Rialachán seo a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”; [Leasú 246]

"

(2b)  Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. I gcás inar gá sainchomhad a chruthú nó íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 17(1) a nuashonrú, tógfar an íomhá den aghaidh beo.”; [Leasú 247]

"

(b)  cuirtear isteach an mhír seo a leanas:"

“1a. An íomhá den aghaidh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1), déanfar í a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES freisin.”; [Leasú 248]

"

(c)  scriostar mír 5; [Leasú 249]

(3)  in Airteagal 35(4), scriostar an fhoclaíocht “trí bhíthin bhonneagar VIS”.

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/399

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 mar seo a leanas:

(1)  in Airteagal 8(3), cuirtear isteach an pointe (ba) seo a leanas:"

“(ba) má bhíonn víosa fadfhanachta nó cead cónaithe ina sheilbh ag náisiúnach tríú tír, is éard a bheidh sna seiceálacha críochnúla ar dhul isteach go bhfíorófar céannacht an tsealbhóra víosa fadfhanachta nó ceada cónaithe agus barántúlacht na víosa fadfhanachta nó an cheada cónaithe, trí bhíthin an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 22g de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

i gcásanna ina dteipfidh ar an bhfíorú a dhéanfar ar chéannacht an tsealbhóra doiciméid nó ar an bhfíorú a dhéanfar ar an doiciméad i gcomhréir le hAirteagal 22g den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme, nó i gcás ina mbeidh amhras maidir le céannacht an tsealbhóra doiciméid, maidir le barántúlacht an doiciméid agus/nó an doiciméid taistil, déanfaidh foireann chuí-údaraithe na n‑údarás inniúil sin an slis doiciméid a fhíorú.”;

"

(2)  in Airteagal 8(3), scriostar pointí (c) go (f).

Airteagal 7

Leasuithe ar Rialachán (AE) XXX maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí) [an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht]

Leasaítear Rialachán (AE) XXX maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí) [an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht] mar seo a leanas:

(1)  in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(6), Airteagal 22c(2)(f) agus (g), agus Airteagal 22d(f) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”

"

(2)  In Airteagal 18(1) cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 9(4)(a), (b) agus (c) go (cc), 9(5) agus (6), 22c(2)(a) go (cc), (f) agus (g), agus 22d(a), (b), (c), (f) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;” [Leasú 250]

"

(3)  in Airteagal 26(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 nuair a chruthaítear nó nuair a nuashonraítear comhad iarratais nó sainchomhad in VIS i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

"

(4)  Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) go ndéantar comhad iarratais a chruthú nó a nuashonrú in VIS i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

"

(b)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm (céadainmneacha); dáta breithe, inscne agus náisiúntacht (náisiúntachtaí) dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a), Airteagal 22c(2)(a) agus Airteagal 22d(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

"

(5)  in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i gcás amais a bhíonn ann nuair a chruthaítear nó nuair a nuashonraítear comhad iarratais nó sainchomhad in VIS i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”;

"

Airteagal 8

Cinneadh 2008/633/CGB a aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 2008/633/CGB. Déanfar tagairtí do Chinneadh 2008/633 a fhorléiriú mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn 2.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

It shall apply from ... [two years after the date of entry into force] with the exception of the provisions on implementing and delegated acts provided for in points (6), (7), (26), (27), (33) and (35) of Article 1, point (4) of Article 3 and point (1) of Article 4, which shall apply from the date of entry into force of this Regulation.

By ... [one year after the entry into force of this Regulation] the Commission shall submit a report to the European Parliament and to the Council on the state of play of the preparation of the full implementation of this Regulation. That report shall also contain detailed information on the costs incurred and information as to any risks which may impact the overall costs. [Leasú 251]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN 2

Tábla comhghaoil

Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Airteagal 2

Sainmhínithe

Airteagal 4

Sainmhínithe

Airteagal 3

Údaráis ainmnithe agus lárphointí rochtana

Airteagal 22k

Údaráis ainmnithe na mBallstát

Airteagal 22l

Europol

Airteagal 4

Nós imeachta le haghaidh rochtain ar VIS

Airteagal 22m

Nós imeachta le haghaidh rochtain ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

Airteagal 5

Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe na mBallstát

Airteagal 22n

Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe na mBallstát

Airteagal 6

Coinníollacha le haghaidh rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 i bhfeidhm ina leith fós

Airteagal 22r

Coinníollacha le haghaidh rochtain ar shonraí VIS ag údaráis ainmnithe Ballstáit nár cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm ina leith fós

Airteagal 7

Coinníollacha le haghaidh rochtain ag Europol ar shonraí VIS

Airteagal 22p

Nós imeachta agus coinníollacha le haghaidh rochtain ag Europol ar shonraí VIS

Airteagal 8

Sonraí pearsanta a chosaint

Caibidil VI

Cearta agus maoirseacht ar chosaint sonraí

Airteagal 9

Slándáil sonraí

Airteagal 32

Slándáil sonraí

Airteagal 10

Dliteanas

Airteagal 33

Dliteanas

Airteagal 11

Féinmhonatóireacht

Airteagal 35

Féinmhonatóireacht

Airteagal 12

Pionóis

Airteagal 36

Pionóis

Airteagal 13

Sonraí VIS a choimeád i gcomhaid náisiúnta

Airteagal 30

Sonraí VIS a choimeád i gcomhaid náisiúnta

Airteagal 14

Ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scriosadh

Airteagal 38

Ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scriosadh

Airteagal 15

Costais

N/A

Airteagal 16

Taifid a choinneáil

Airteagal 22q

Logáil agus doiciméadú

Airteagal 17

Monatóireacht agus meastóireacht

Airteagal 50

Monatóireacht agus meastóireacht

(1)IO C, , lch. .
(2)IO C, , lch. .
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(4)Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5).
(5)Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(6)Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(7)Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha coisc, braite agus imscrúdaithe i ndáil le cionta sceimhlitheora agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129).
(8)Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/636/AE ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2011 lena gcinntear an dáta óna rachaidh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) i mbun oibríochtaí i gcéad réigiún (IO L 249, 27.9.2011, lch. 18).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).
(10)COM(2016)0205.
(11) “Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBM) – Staidéar Féidearthachta le cur san áireamh i stóras doiciméad le haghaidh víosaí Fadfhanachta, Ceadanna Cónaithe, agus Ceadanna Tráchta Teorann” (2017).
(12) “Anailís dhlíthiúil ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le raon feidhme an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) a leathnú chun sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe a thabhairt san áireamh ann” (2018).
(13)Treochlár chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise agus ar an mbainistiú faisnéise lena n‑áirítear réitigh idir-inoibritheachta i réimse an Cheartais agus na nGnóthaí Baile — 9368/1/16 REV 1.
(14)Conclúidí na Comhairle faoin mbealach leis an malartú faisnéise a fheabhsú, agus agus le hidir-inoibritheacht chórais fhaisnéise an Aontais Eorpaigh a áirithiú (10151/17).
(15)“Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBM) – Staidéar Féidearthachta le cur san áireamh i stóras doiciméad le haghaidh víosaí Fadfhanachta, Ceadanna Cónaithe, agus Ceadanna Tráchta Teorann” (2017).
(16)“Anailís dhlíthiúil ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le raon feidhme an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) a leathnú chun sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus doiciméid chónaithe a thabhairt san áireamh ann” (2018).
(17)COM(2017)0558, lch 15.
(18)COM(2018)0251.
(19)Leanaí a Aithint as a gCuid Méarlorg (2013 - EUR 26193).
(20)“Aithint Uathoibríoch na Méarlorg: ón leanbh go dtí an duine aosta” (2018 – an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC)).
(21)“An indéantacht agus na himpleachtaí a ghabhann le hísliú aois déanta méarlorg na leanaí agus le cóip scanta de dhoiciméad taistil an iarratasóra víosa a stóráil sa chóras faisnéise víosaí VIS” (2018).
(22)Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(23) Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).
(24)Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(25)Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bhíonn á bpróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(26)Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(27)Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an teideal iomlán] (IO L ..., , lch. ...).
(28)Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le cosaint daoine aonair daoine nádúrtha i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(29)Cinneadh Uimh. 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le liosta na ndoiciméad taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad is féidir a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra á bhunú chun an liosta sin a shocrú (IO L 287, 4.11.2011, lch. 9).
(30)Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríocha na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(31)Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
(32)Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn ar bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(33)IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(34)Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(35)IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(36)Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(37)Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).
(38)IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(39)Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(40)Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).
(41)Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe d’acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin a chur i bhfeidhm (IO L 269, 19.10.2017, lch. 39).


An Ciste Tearmainn agus Imirce a bhunú ***I
PDF 445kWORD 139k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce (COM(2018)0471 – C8-0271/2018 – 2018/0248(COD))
P8_TA(2019)0175A8-0106/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0471),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 78(2) agus d’Airteagal 79(2) agus (4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0271/2018),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 agus do Riail 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Buiséid (A8-0106/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Tearmainn, agus Imirce agus Lánpháirtíochta [Leasú 1]

P8_TC1-COD(2018)0248


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2) agus Airteagal 79(2) agus (4) agus Airteagal 80 de, [Leasú 2]

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  I gcomhthéacs na n-athruithe atá ag teacht ar na dúshláin imirce arb iad a gcomharthaí sóirt iad an gá tacú le córais láidre sna Ballstáit le haghaidh glacadh, tearmainn, lánpháirtiú agus imirce, an gá staideanna brú a chosc agus a láimhseáil go cuí i ndlúthpháirtíocht, agus an gá bealaí imirce atá dleathach sábháilte a chur ar fáil in ionad daoine a bheith ag teacht ar bhealaí neamhrialta neamhshábháilte, tá sé ríthábhachtach infheistiú i mbainistiú imirce an Aontais le go mbeidh sé éifeachtúil agus comhordaithe d’fhonn cuspóir an Aontais a bhaint amach mar atá bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. [Leasú 3]

(2)  Léiriú ar a thábhachtaí atá sé cur chuige comhordaithe a bheith ag an Aontas agus ag na Ballstáit is ea an Clár Oibre Eorpach maidir le hImirce ó Bhealtaine 2015 inar leagadh béim ar an ngá le comhbheartas comhsheasmhach soiléir le go mbeidh muinín ann arís i gcumas an Aontais iarrachtaí na hEorpa agus na mBallstát a thabhairt le chéile chun dul i ngleic leis an imirce agus chun oibriú le chéile ar bhealach éifeachtach, i gcomhréir le prionsabail prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta idir na Ballstáit arna bhunú in Airteagal 80 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus dearbhaíodh an tábhacht sin san athbhreithniú meántéarma i Meán Fómhair 2017 agus sa tuarascáil ar dhul chun cinn i Márta agus i mBealtaine 2018. [Leasú 4]

(3)  Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an athuair, ina conclúidí an 19 Deireadh Fómhair 2017, an gá cur chuige cuimsitheach, pragmatach agus daingean a shaothrú maidir le bainistiú imirce a mbeidh sé mar aidhm leis smacht a fháil arís ar theorainneacha seachtracha agus líon na ndaoine atá ag teacht go neamhrialta agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ar muir a laghdú, agus ar cheart é a bheith bunaithe ar úsáid sholúbtha chomhordaithe a bhaint as na hionstraimí uile de chuid an Aontais agus na mBallstát a bhfuil fáil orthu. Thairis sin, d'iarr an Chomhairle Eorpach go n-áiritheofaí go méadófaí go mór ar an bhfilleadh trí ghníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, amhail comhaontuithe éifeachtacha agus socruithe éifeachtacha um athligean isteach. Anuas air sin d’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí cláir athlonnaithe deonacha a chur chun feidhme agus a fhorbairt. [Leasú 5]

(4)  Chun tacú le hiarrachtaí cur chuige cuimsitheach a áirithiú maidir le bainistiú imirce bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach, ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt freagrachta idir na Ballstáit agus institiúidí an Aontais, agus é mar chuspóir leis sin a áirithiú go bhfuil comhbheartas inbhuanaithe ag an Aontas maidir le tearmann agus imirce, ba cheart a leordhóthain acmhainní airgeadais a thabhairt mar thacaíocht do na Ballstáit faoin gCiste Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíochta (dá nglaoitear 'an Ciste' anseo feasta). [Leasú 6]

(4a)   Ba cheart don Chiste lán-urraim a thabhairt do chearta an duine agus Clár 2030, an prionsabal maidir le comhtháthú beartais don fhorbairt, mar a leagtar amach in Airteagal 208 CFAE, agus na gealltanais ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le himirce agus tearmann, go sonrach an Comhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe agus an Comhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta (GCM) a chomhlíonadh. [Leasú 7]

(4b)   Le bainistiú an Chiste ó thaobh na forbartha de, ba cheart go gcuirfí san áireamh bunchúiseanna éagsúla na himirce, amhail coinbhleacht, bochtaineacht, easpa acmhainneacht thalmhaíochta, oideachas agus neamhionannas. [Leasú 8]

(5)  Ba cheart gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát maidir le cearta bunúsacha, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC) agus Coinbhinsiún na Ginéive a bhaineann le stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal an 31 Eanáir 1967. [Leasú 9]

(5a)  Ba cheart prionsabail an chomhionannais inscne agus an neamh-idirdhealaithe, atá i measc chroíluachanna an Aontais, a urramú agus a chur chun cinn agus an Ciste á chur chun feidhme. Níor cheart don Chiste tacú le haon ghníomhaíocht lena rannchuidítear le hidirdheighilt nó le heisiamh sóisialta d’aon chineál. [Leasú 10]

(5b)  I gcur chun feidhme an Chiste, ba cheart tús áite a thabhairt do ghníomhaíochtaí a thugann aghaidh ar staid mhionaoisigh neamhthionlactha agus scartha trí shainaithint agus clárú luath agus do ghníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích ar mhaith le leas an linbh. [Leasú 11]

(6)  Sa Chiste, ba cheart cur leis na torthaí agus leis na hinfheistíochtaí a gnóthaíodh le tacaíocht na n‑ionstraimí a tháinig roimpi: an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an Ciste Eorpach chun Náisiúnaigh Tríú Tír a Lánpháirtiú a bunaíodh le Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle agus an Ciste Eorpach um Fhilleadh a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle don tréimhse 2007-2013 agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ag an am céanna, ba cheart na forbairtí ábhartha nua ar fad a chur san áireamh leis.

(7)  Ba cheart don Chiste tacú le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus le bainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce, inter alia trí bhearta coiteanna a chur chun cinn i réimse an tearmainn, lena n-áirítear iarrachtaí na mBallstát maidir le glacadh daoine atá i ngátar cosanta idirnáisiúnta trí athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil agus maidir le haistriú iarratasóirí nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta idir Ballstáit, trí neartú a dhéanamh ar an gcosaint d’iarrthóirí tearmainn leochaileacha amhail leanaí, trí tacaíocht a thabhairt do straitéisí lánpháirtíochta agus do bheartas níos éifeachtaí maidir leis an imirce dhleathach, trí bhealaí sábháilte agus dlíthiúla chun an Aontais a chruthú, rud a cheart a bheadh ina chuidiú freisin chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus todhchaí a shamhail shóisialta a áirithiú agus chun laghdú a dhéanamh ar na dreasachtaí a spreagann imirce neamhrialta, trí bheartas chobhsaí maidir le filleadh agus athligean isteach. Mar ionstraim de bheartas inmheánach an Aontais agus mar an t-aon ionstraim chistiúcháin do thearmann agus imirce ar leibhéal Aontais, ba cheart don Chiste tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí maidir le tearmann agus imirce laistigh den Aontas go príomha. Ach laistigh de theorainneacha sainmhínithe agus faoi réir coimircí iomchuí, áfach, ba cheart don Chiste tacú le neartú an chomhair le tríú tíortha chun an bainistiú a threisiú ar shreabha daoine atá ag déanamh iarratas ar thearmann nó ar chosaint idirnáisiúnta de chineálacha eile, chun bealaí dleathacha imirce a bhunú agus cosc a chur leis an imirce neamhrialta agus le líonraí smuigléirí agus gáinneálaithe daoine agus chun inbhunaitheacht an fhillte shábháilte, dhínitigh, chomh maith le hathlánpháirtíocht i dtríú tíortha a áirithiú. [Leasú 12]

(8)  Léiríodh le géarchéim na himirce agus an méadú ar líon na mbásanna sa Mheán Mhuir le roinnt blianta a riachtanaí a bhí sé athchóiriú a dhéanamh ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn agus córas níos cothroime agus níos éifeachtaí a chur ar bun chun freagracht na mBallstát a chinneadh maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, chomh maith le creat d’iarrachtaí na mBallstát maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil d’fhonn méadú a dhéanamh ar líon foriomlán na n-áiteanna athlonnaithe ar fáil. Ag an am céanna, tá gá le hathchóiriú chun a áirithiú gurb ann do nósanna imeachta tearmainn inrochtana atá éifeachtúil agus bunaithe ar chearta, agus chun coinníollacha glactha aonfhoirmeacha agus iomchuí a chruthú d’iarratasóirí cosanta idirnáisiúnta, chun caighdeáin aonfhoirmeacha maidir le deonú cosanta idirnáisiúnta a chur ar fáil agus chun cearta agus sochair iomchuí le haghaidh tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a sholáthar, chomh maith le nósanna imeachta éifeachtacha, éifeachtúla a sholáthar d’imircigh neamhrialta. Dá bhrí sin, is iomchuí an Ciste níos mó tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit lena n-iarrachtaí an Comhchóras Eorpach Tearmainn athchóirithe a chur i bhfeidhm ina iomláine agus i gceart. [Leasú 13]

(9)  Ba cheart don Ciste comhlánú agus treisiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, arna bunú le Rialachán (AE)../.. [an Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann](4) d’fhonn feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn a éascú agus a fheabhsú, trí neartú a dhéanamh ar an gcomhar praiticiúil agus ar an malartú faisnéise maidir le tearmann, go háirithe maidir le dea-chleachtais idir na Ballstáit, trí dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn agus rannchuidiú trí threoir ábhartha, lena n-áirítear caighdeáin oibríochtúla, le cur chun feidhme aonfhoirmeach ar dhlí an Aontais maidir leis an imirce bunaithe ar ardchaighdeáin chosanta i ndáil le nósanna imeachta um chosaint idirnáisiúnta, coinníollacha glactha agus measúnú riachtanas cosanta ar fud an Aontais, dáileadh inbhuanaithe cothrom iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a chumasú, cóineasú a éascú maidir le measúnú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar fud an Aontais, tacú le hiarrachtaí athlonnaithe na mBallstát agus cúnamh oibríochtúil agus cúnamh teicniúil a sholáthar do na Ballstáit le haghaidh bhainistiú a gcóras tearmainn agus glactha, go háirithe na Ballstáit sin a bhfuil brú díréireach ar a gcóras. [Leasú 14]

(9a)  Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí an Aontais agus na mBallstát feabhas a chur ar chumas na mBallstát forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartais tearmainn i bhfianaise a gcuid oibleagáidí faoi reachtaíocht dhlí an Aontais. [Leasú 15]

(10)  Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí an Aontas agus leis na Ballstáit i gcur chun feidhme dlí an Aontais atá ann cheana, agus lánurraim do chearta bunúsacha á áirithiú, go háirithe Treoir 2013/33/AE(5) (an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha), Treoir 2013/32/AE(6) (an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn), Treoir 2011/95/AE(7) (an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla) agus Treoir 2008/115/CE(8) (an Treoir um Fhilleadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) (Rialachán Bhaile Átha Cliath).. [Leasú 16]

(11)  Is cuid riachtanach de bheartas tearmainn an Aontais iad comhpháirtíochtaí agus comhar le tríú tíortha d’fhonn a áirithiú go ndéantar bainistiú leordhóthanach ar shreabha daoine a bhfuil iarratas ar thearmann nó ar fhoirmeacha eile cosanta idirnáisiúnta á dhéanamh acu. D'fhonn náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a bheith ag teacht chuig críoch na mBallstát go dleathach agus go sábháilte seachas go neamhshábháilte agus go neamhrialta, d'fhonn dlúthpháirtíocht a léiriú le tíortha i réigiúin a bhfuil líon mór daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu aslonnaithe chucu nó iontu, trí chuidiú le maolú an bhrú ar na tíortha sin, d'fhonn cuidiú le gnóthú cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an imirce trí ghiaráil an Aontais i dtaca le tríú tíortha, a mhéadú, agus d'fhonn rannchuidiú go héifeachtach le tionscnaimh athlonnaithe dhomhanda trí labhairt d'aon ghuth i bhfóraim idirnáisiúnta agus le tríú tíortha, ba cheart an Ciste dreasachtaí airgeadais a chur ar fáil le haghaidh chur chun feidhme Chreat Athlonnaithe [agus Ligin Isteach Daonnúil] an Aontais. [Leasú 17]

(11a)  Ba cheart don Chiste tacú leis na hiarrachtaí arna ndéanamh ag Ballstáit chun cosaint idirnáisiúnta agus réiteach inmharthanach a chur ar fáil ina gcríocha do dhídeanaithe agus daoine easáitithe a shainaithnítear mar incháilithe d’athlonnú nó faoi scéimeanna náisiúnta um ligean isteach ar fhoras daonnúil, agus leis sin ba cheart Riachtanais Réamhmheasta UNHCR maidir le hAthlonnú Domhanda a chur san áireamh. Chun rannchuidiú a dhéanamh ar bhealach uaillmhianach agus éifeachtach, ba cheart don Chiste cúnamh spriocdhírithe i bhfoirm dreasachtaí airgeadais a chur ar fáil do gach duine arna ligean isteach nó arna athlonnú. [Leasú 18]

(12)  I bhfianaise na n‑ardleibhéal sreabha imirce chuig an Aontas le blianta anuas agus a thábhachtaí atá sé comhtháthú ár sochaithe a áirithiú, tá sé ríthábhachtach tacú le beartais na mBallstát maidir le lánpháirtiú luath náisiúnach tríú tír atá ag fanacht iontu go dleathach, lena n‑áirítear na réimsí tosaíochta arna sainaithint sa Phlean Gníomhaíochta maidir le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír a ghlac an Coimisiún in 2016. [Leasú 19]

(13)  Chun éifeachtúlacht a mhéadú, an breisluach Eorpach is mó a bhaint amach agus comhsheasmhacht ghníomhú an Aontais a áirithiú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír a chothú, ba cheart na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gCiste a bheith sonrach agus comhlántach maidir le gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) chistí struchtúrtha an Aontais. Na bearta a mhaoineofar faoin gCiste seo ba cheart go dtacóidís le bearta atá saincheaptha do na riachtanais de chuid náisiúnach tríú tír a chuirtear chun feidhme de ghnáth le linn na gcéimeanna luatha den lánpháirtiú, agus le gníomhaíochtaí cothrománacha a thacóidh le hacmhainneacht na mBallstát i réimse na lánpháirtíochta, ach na hidirghabhálacha ar son náisiúnaigh tríú tíortha a mbeidh tionchar níos fadtéarmaí acu ba cheart iad a mhaoiniú faoi CFRE asgu CSE+. [Leasú 20]

(13a)   Ba cheart a chur san áireamh i raon feidhme na mbeart maidir le lánpháirtiú, tairbhithe cosanta idirnáisiúnta chun cur chuige cuimsitheach maidir le lánpháirtiú a áirithiú, agus sainiúlachtaí an spriocghrúpa sin á gcur san áireamh. I gcás ina ndéantar bearta maidir le lánpháirtiú i gcomhcheangal le glacadh, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, iarrthóirí tearmainn a áireamh freisin. [Leasú 21]

(14)  Sa chomhthéacs sin, ba cheart ceangal a bheith ar na húdaráis de chuid na mBallstát atá freagrach as cur chun feidhme an Chiste comhoibriú agus sásraí comhordúcháin a bhunú leis na húdaráis arna sannadh ag na Ballstáit chun críocha idirghabhálacha CSE+ agus CFRE na gcistí struchtúrtha a bhainistiú agus, nuair is gá, le údaráis bhainistíochta na gcistí sin agus le húdaráis bhainistíochta aon chistí eile de chuid an Aontais a rannchuidíonn le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír. Trí na sásraí comhordúcháin sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcomhleanúnachas agus comhlántacht idir na cistí, agus ar a mhéid a dhéanann na bearta arna gcur chun feidhme trí gach ciste rannchuidiú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír. [Leasú 22]

(15)  Ba cheart cur chun feidhme an Chiste sa réimse sin a bheith ag teacht le bunphrionsabail choiteanna an Aontais maidir le lánpháirtíocht, mar a shainítear sa chlár coiteann um lánpháirtíocht iad.

(16)  Is iomchuí ligean do na Ballstáit sin ar mian leo é foráil a dhéanamh ina gcláir go bhféadfaí garghaolta náisiúnach tríú tíortha a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí maidir le lánpháirtíocht, agus ag tacú dá bhrí sin le haontacht teaghlaigh ar mhaith le leas an linbh, a mhéid is gá sin chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme. Tuigtear go gciallóidh “garghaol” céile, páirtí agus aon duine ag a bhfuil nasc díreach teaghlaigh sa líne shliochtach nó sa líne shinsearach leis an náisiúnach tríú tír ar a bhfuil an ghníomhaíocht maidir le lánpháirtíocht dírithe agus nach gclúdófaí seachas sin faoi raon feidhme an Chiste. [Leasú 23]

(17)  I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ag eagraíochtaí sochaí sibhialta agus a gcomhlachais ionadaíocha i réimse na lánpháirtíochta agus chun rochtain dhíreach na n‑eintiteas sin ar chistiú ar leibhéal an Aontais a éascú, ba cheart don Chiste éascaíocht a dhéanamh do chur chun feidhme gníomhaíochtaí i réimse na lánpháirtíochta ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha nó eagraíochtaí sochaí sibhialta, lena n‑áirítear úsáid a bhaint as an tsaoráid théamach agus ráta cómhaoinithe níos airde a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin agus trí úsáid a bhaint as comhpháirt shonrach den tsaoráid théamach i gcás go bhfuil an inniúlacht ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sin bearta lánpháirtíochta a chur i gcrích. [Leasú 24]

(18)  I bhfianaise na ndúshlán fadtéarmacha atá roimh an Aontas maidir le cúrsaí eacnamaíocha agus déimeagrafacha agus nádúr na himirce a bheith ag éirí níos domhandaithe, tá sé ríthábhachtach bealaí imirce dleathaí chuig an Aontas a fheidhmíonn go maith a bhunú ionas go mbeidh an tAontas i gcónaí ina cheann scríbe tarraingteach ag imircigh don imirce dhleathach, i gcomhréir le riachtanais shóisialta agus eacnamaíocha na mBallstát, agus chun inbhuanaitheacht córas leasa shóisialta agus fás gheilleagar an Aontais a áirithiú, agus cosaint á tabhairt d’oibrithe imirceacha ar dúshaothrú ag an am céanna. [Leasú 25]

(19)  Ba cheart don Chiste tacú leis na Ballstáit straitéisí a chur ar bun chun bealaí imirce dleathacha a eagrú agus a leathnú amach, chun a n-acmhainneacht a fhorbairt maidir le forbairt, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh, i gcoitinne, ar gach straitéis, beartas agus beart inimirce agus lánpháirtíochta le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach, go háirithe ionstraimí de chuid an Aontais maidir le himirce dhleathach. Ba cheart don Chiste tacú le malartú faisnéise, na gcleachtas is fearr agus comhair idir ranna éagsúla riaracháin agus idir leibhéil éagsúla rialachais, agus idir na Ballstáit. [Leasú 26]

(20)  Dlúthcuid den chur chuige cuimsitheach maidir leis an imirce atá á shaothrú ag an Aontas agus ag na Ballstáit is ea an beartas éifeachtúil agus díniteach maidir le filleadh. Ba cheart don Chiste tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d'iarrachtaí na mBallstát d'fhonn caighdeáin choiteanna maidir le filleadh a chur chun feidhme go héifeachtach agus a fhorbairt a thuilleadh, e béim ar filleadh deonach, go háirithe mar a leagtar amach i dTreoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10), mar aon le cur chuige comhtháite comhordaithe maidir le filleadh a bhainistiú. Ar mhaithe le beartais inbhuanaithe maidir le filleadh, Ba cheart don Chiste tacaíocht chomhionann a thabhairt do bhearta gaolmhara i dtríú tíortha, amhail chun filleadh agus athligean isteach sábháilte agus díniteach a éascú agus a ráthú mar aon le ath‑lánpháirtiú fillithe inbhuanaithe, de réir mar a chumhdaítear in GCM. [Leasú 27]

(21)  Ba cheart na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’fhilleadh deonach agus filleadh imirceach neamhrialta atá éifeachtach, sábháilte agus díniteach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Chiste tacaíocht fhabhrach a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhaineann le filleadh deonach. Chun filleadh deonach é sin a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit dreasachtaí a bheartú amhail cóir fhabhrach i bhfoirm cúnamh níos fearr leis an bhfilleadh i gcás filleadh deonach daoine agus tacaíocht fhadtéarmach maidir le hathlánpháirtiú. Tá filleadh deonach den sórt sin chun leas na bhfillithe agus na n‑údarás araon ó thaobh a chost‑éifeachtúlachta de. Ba cheart tús áite a thabhairt do leas an linbh i ngach gníomhaíocht agus cinneadh a bhaineann le leanaí i mbun imirce, lena n-áirítear fillteacha, agus lán aird á tabhairt ar cheart an linbh a thuairimí nó a tuairimí féin a chur in iúl. [Leasú 28]

(22)  Cé gur cheart go mbeadh tosaíocht ag an bhfilleadh deonach ar an bhfilleadh forfheidhmithe, mar sin féin, tá siad idirnasctha agus tá éifeacht atreisithe acu ar a chéile agus ba cheart, dá bhrí sin, na Ballstáit a spreagadh chun neartú a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlánaíonn an dá chineáil fillte sin a chéile. Tá an deis asbhaint a dhéanamh ina heilimint thábhachtach a chuireann le sláine na gcóras tearmainn agus imirce dleathaí. Dá bhrí sin, ba cheart don Chiste tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun asbhaintí a éascú agus a dhéanamh i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, i gcás inarb infheidhme, agus cearta bunúsacha agus dínit na bhfillithe á n-urramú go hiomlán. Níor cheart don Chiste tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhaineann le filleadh leanaí ach amháin sa chás go bhfuil an filleadh sin bunaithe ar mheasúnú dearfach ar leas an linbh. [Leasú 29]

(23)  Le bearta tacaíochta sonracha d’fhillithe, le haird ar leith ar a riachtanais dhaonnúla agus chosanta, sna Ballstáit agus sna tíortha a bhfilleann siad orthu is féidir feabhas a chur ar na dálaí fillte agus ar a n-athlánpháirtíocht. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha. Ba cheart cinntí um fhilleadh a dhéanamh bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach agus cúramach ar an staid sa tír thionscnaimh, lena n-áirítear measúnú ar an acmhainn ionsúcháin ar an leibhéal áitiúil. Bearta agus gníomhaíochtaí sonracha a thacaíonn le tíortha tionscnaimh, agus go háirithe le daoine leochaileacha, rannchuidíonn siad le hinbhuanaitheacht, sábháilteacht agus éifeachtacht na bhfilltí a áirithiú. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme le rannpháirtíocht ghníomhach na n-údarás áitiúil, na sochaí sibhialta agus an diaspóra.[Leasú 30]

(24)  Tá comhaontuithe um athligean isteach agus socruithe eile foirmiúla um athligean isteach ina gcuid lárnach agus ríthábhachtach de bheartas an Aontais maidir le filleadh agus is uirlis lárnach iad maidir le bainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce mar éascaíonn siad filleadh tapa imirceach neamhrialta. Is gné thábhachtach iad na comhaontuithe sin ó thaobh an idirphlé agus an chomhair le tríú tíortha tionscnaimh agus ba cheart tacú le hidirthuras imirceach neamhrialta agus ba cheart do Chiste tacú lena gcur chun feidhme i dtríú tíortha ar mhaithe le beartais éifeachtacha, sábháilte agus díniteacha maidir le filleadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais laistigh de theorainneacha sainmhínithe agus faoi réir coimircí iomchuí. [Leasú 31]

(25)  De bhreis ar thacú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát taobh istigh de na Ballstáit, ba cheart don Chiste tacú freisin le bearta eile le cur i gcoinne na gáinneála ar imircigh, chun bunú rialacha maidir le himirce dhleathach a spreagadh agus a éascú, trína ndéanfar sláine na gcóras imirce a choimirciú sna tíortha tionscnaimh, i lánchomhlíonadh an Phrionsabail maidir le Comhleanúnachas don Fhorbairt Inbhuanaithe. [Leasú 32]

(26)  Toisc tharraingthe don imirce mhídhleathach is ea imircigh neamhrialta a fhostú agus baineann sé an bonn ó fhorbairt an bheartais soghluaisteachta lucht saothair bunaithe ar scéimeanna imirce dleathaí agus cuireann sé cearta na n-imirceach neamhrialta i mbaol, a fhágann go mbíonn siad i mbaol sáraithe ar a gcearta agus mí-úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart don Chiste tacú leis na Ballstáit, go díreach nó go hindíreach, lena gcur chun feidhme ar Threoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) lena gcuirtear toirmeasc ar fhostú náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach, lena bhforáiltear do shásra um ghearáin agus aisghabháil pá d’oibrithe a ndéantar teacht i dtír orthu agus lena bhforáiltear maidir le smachtbhannaí i gcoinne fostóirí a sháraíonn an toirmeasc sin. [Leasú 33]

(26a)   Ba cheart do na Ballstáit tacú le hiarrataí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí na n-oibrithe, amhail an iarraidh a bhaineann le gréasán Eorpach a bhunú d’oibrithe glactha den dá inscne, chun gach oibrí san Eoraip a nascadh atá ag obair i réimse na himirce, chun fáilte fónta a chothú mar aon le cur chuige i dtaca leis an imirce atá bunaithe ar chearta an duine agus ar mhalartú dea-chleachtas ó thaobh deiseanna glactha agus fostaíochta de d’imircigh. [Leasú 34]

(27)  Ba cheart don Chiste tacú leis na Ballstáit, go díreach nó go hindíreach, lena gcur chun feidhme ar Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) lena leagtar amach forálacha maidir le cúnamh, tacaíocht agus cosaint d'íospartaigh na gáinneála ar dhaoine. Ba cheart do na bearta sin a chur san áireamh go mbíonn gné a bhaineann go sonrach le hinscne i gceist le gáinneáil ar dhaoine. Agus an Ciste á chur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh maidir le daoine a gcuirtear iallach orthu a mbaile a fhágáil ar chúiseanna a bhaineann le hathrú tobann nó comhleanúnach sa chomhshaol mar gheall ar an athrú aeráide a bhfuil tionchar diúltach aige ar a saol nó a gcoinníollacha maireachtála, tá baol ard ann go ndéanfar gáinneáil ar na daoine sin. [Leasú 35]

(27a)  Ba cheart don Chiste tacaíocht a thabhairt go háirithe do shainaithint riachtanais iarrthóirí tearmainn leochaileacha agus do bhearta a thugann aghaidh ar riachtanais iarrthóirí tearmainn leochaileacha - amhail mionaoisigh neamhthionlactha, nó íospartaigh céasta nó foirmeacha tromchúiseacha eile foréigin - a leagtar amach in acquis tearmainn an Aontais. [Leasú 36]

(27b)  Chun cothroime agus trédhearcacht i ndáileadh acmhainní i measc cuspóirí an Chiste a áirithiú, ba cheart íosleibhéal caiteachais a áirithiú do chuspóirí ar leith, cibé acu faoi bhainistíocht dhíreach, indíreach nó chomhroinnte. [Leasú 37]

(28)  Ba cheart don Chiste comhlánú agus treisiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí i réimse an fhillte a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13), gan sruth maoinithe breise a sholáthar don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a ndéanann an t-údarás buiséadach cinneadh maidir le buiséad bliantúil ina leith ar cheart a chuirfeadh ar a cumas a cúraimí uile a chur i gcrích. [Leasú 38]

(29)  Ba cheart sineirgí, comhsheasmhacht, comhlántacht agus éifeachtúlacht a lorg le cistí eile de chuid an Aontais agus ba cheart aon fhorluí nó aon chontrárthacht idir na gníomhaíochtaí a sheachaint. [Leasú 39]

(30)  Bearta Ba cheart don Chiste tús áite a thabhairt do mhaoiniúchán do ghníomhaíochtaí laistigh den Aontas féin. Féadfaidh an Ciste maoiniú a dhéanamh ar bhearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ón gCiste ar cheart teorainn a bheith leo i dtéarmaí airgeadais, agus ag an am céanna a bheith leordhóthanach chun cuspóirí an Chiste mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach, agus faoi réir coimircí iomchuí. Ba cheart iad bhearta den sórt sin a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas, a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas agus comhlántacht iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais. Maidir leis an ngné sheachtrach, Ba cheart tacaíocht ón gCiste a dhíriú ar chomhar a fheabhsú le tríú tíortha agus ar phríomhghnéithe a threisiú, ar príomhghnéithe iad a bhaineann lena gcumais i ndáil le himirce i réimsí ar díol suime iad ó thaobh bheartas imirce an Aontais de an prionsabal maidir le comhtháthú beartais don fhorbairt, mar atá leagtha amach i mír 35 den Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, a urramú. Ba cheart comhleanúnachas leis na prionsabail dhaonnúla mar a leagtar amach sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil a áirithiú le linn chur chun feidhme an chúnaimh éigeandála. [Leasú 40]

(31)  Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. Ba cheart go gcuirfeadh an tacaíocht airgeadais a thabharfar faoin Rialachán seo, go háirithe, le dlúthpháirtíocht na mBallstát maidir le tearmann agus imirce i gcomhréir le hAirteagal 80 CFAE, agus le neartú chumas na mBallstát agus an Aontais i réimsí an tearmainn agus na himirce. [Leasú 41]

(32)  Féadfar a mheas nach bhfuil Ballstát ag comhlíonadh an acquis ábhartha de chuid an Aontais, lena n‑áirítear maidir le tacaíocht oibríochta faoin gCiste seo, murar chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí i réimse an tearmainn agus na himirce, má tá baol soiléir ann go sáróidh an Ballstát luachanna an Aontais agus an acquis maidir le tearmann agus imirce á chur chun feidhme aige, nó má sainaithníodh easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen nó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.

(33)  Ba cheart don Chiste léiriú a thabhairt ar an ngá atá le trédhearcacht, solúbthacht agus simpliú méadaithe, agus ceanglais maidir le hintuarthacht á n-urramú ag an am céanna, agus dáileadh cothrom agus trédhearcach acmhainní á áirithiú chun na cuspóirí beartais agus na sainchuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaint amach. Ba cheart prionsabail na héifeachtúlachta, na héifeachtachta agus cháilíocht an chaiteachais a bheith mar threoir ag cur chun feidhme an Chiste. Thairis sin, ba cheart an Ciste a chur chun feidhme ar an mbealach is soiléire is féidir. [Leasú 43]

(34)  Ba cheart na méideanna tosaigh do na Ballstáit a leagan síos sa Rialachán seo, a bheidh comhdhéanta de mhéid seasta agus de mhéid arna ríomh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn I, agus a bheidh ina léiriú ar riachtanais na mBallstát agus ar an mbrú atá orthu i réimsí an tearmainn, na himirce, na lánpháirtíochta agus an fhillte. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shochaithe oileánacha a mbeidh dúshláin neamhréireacha rompu amach ó thaobh na himirce de. [Leasú 44]

(35)  Ba cheart na méideanna tosaigh sin a bheith mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát. Chun athruithe ar shreabha imirce a chur san áireamh agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais maidir le bainistiú córas tearmainn agus glactha agus lánpháirtiú náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go dleathach, chun forbairt a dhéanamh ar imirce dhleathach agus chun cur i gcoinne na himirce mídhleathaí le beartas maidir le filleadh atá éifeachtúil, a chomhlíonann cearta agus atá inbhuanaithe, ba cheart méid breise a leithdháileadh ar na Ballstáit i lár an téarma ag cur san áireamh na rátaí ionsúcháin. Ba cheart an méid sin a bheith bunaithe ar na sonraí staidrimh is déanaí dá bhfuil ar fáil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun na hathruithe ar staid bhunlíne na mBallstát a léiriú. [Leasú 45]

(36)  Chun rannchuidiú le gnóthú chuspóir beartais an Chiste, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí mar chuid gclár lena dtugtar aghaidh ar na Ballstát a rannchuidíonn le gnóthú gach ceann de shainchuspóirí an Rialacháin seo. Ba cheart dóibh a áirithiú sa bhreis air sin go bhfreastalóidh an leithdháileadh ar mhaoiniú do na sainchuspóirí ar na cuspóirí sin ar an mbealach is fearr agus go mbeidh sé bunaithe ar na riachtanais is cothrom le dáta, go n-áiritheofar íosleibhéal caiteachas maidir leis na cuspóirí sin sna cláir, go mbeidh an chomhroinnt acmhainní ar chuspóirí i gcomhréir leis na dúshláin atá ann, go mbeidh na tosaíochtaí a roghnófar i gcomhréir leis na bearta a leagtar amach in Iarscríbhinn II go n-áiritheoidh leithdháileadh acmhainní idir na cuspóirí gur féidir an cuspóir beartais foriomlán a bhaint amach. [Leasú 46]

(37)  Ós rud é go mbíonn athrú de shíor ag teacht ar na dúshláin i réimse na himirce, is gá leithdháileadh an chistithe a chur in oiriúint do na hathruithe ar na sreabha imirce. Chun freagairt do riachtanais phráinneacha agus d’athruithe ar bheartais agus ar thosaíochtaí an Aontais, agus chun cistiúchán a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal breisluacha AE ag baint leo, déanfar cuid den chistiúchán a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais, ar ghníomhaíochtaí de chuid údaráis áitiúla agus réigiúnach, ar chúnamh éigeandála, athlonnú agus chun tacaíocht bhreise a thabhairt do na Ballstáit a rannchuidíonn le hiarrachtaí dlúthpháirtíochta agus freagrachta. [Leasú 47]

(38)  Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a mhaoiniú trí leas a bhaint as ranníocaíocht níos airde ón Aontas.

(38a)  Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí arna ndéanamh ag Ballstáit chun acquis tearmainn an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán agus i gceart, lena n-áirítear chun coinníollacha glactha iomchuí a dheonú d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do thairbhithe na cosanta sin, ionas go ndéanfar cinneadh mar is ceart maidir le stádas a áirithiú, i gcomhréir le Treoir 2011/95/AE, chun nósanna imeachta tearmainn atá cothrom agus éifeachtach a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcás a mbeidh na hiarrachtaí sin dírithe ar mhionaoisigh neamhthionlactha lena mbaineann costais níos airde. Dá bhrí sin ba cheart do na Ballstáit cnapshuim a fháil do gach mionaoiseach neamhthionlactha a ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta air nó uirthi, ach níor cheart don chnapshuim sin a bheith carnach le cistiúchán breise arna sholáthar faoin Rialachán seo d’athlonnú. [Leasú 48]

(39)  D’fhéadfaí cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste a leithdháileadh freisin ar chláir na mBallstát chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme i dteannta a leithdháilte tosaigh. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ba cheart iad a bheith bainteach le gníomhaíochtaí a éilíonn iarracht chomhoibritheach nó gníomhaíocht a bhfuil gá leo chun dul i ngleic le forbairtí san Aontas óna dteastaíonn breis cistiúcháin a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó.

(40)  Ba cheart don Chiste rannchuidiú le tacú leis na costais oibriúcháin a bhaineann le tearmann agus filleadh inimirce, agus a chur ar chumas na mBallstát na hinniúlachtaí sin atá ríthábhachtach i leith na seirbhíse sin a chothabháil don Aontas ina iomláine. Is é atá i gceist le tacaíocht den sórt sin costais shonracha a bhaineann le cuspóirí an Chiste a aisíoc ina n‑iomláine agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát. [Leasú 49]

(41)  Chun cur chun feidhme chuspóir beartais an Chiste seo a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil leis an gCiste freisin le haghaidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críocha straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála an Chiste i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais agus an gá cistiúchán leordhóthanach a sholáthar ar bhealach cothrom, trédhearcach, chun cuspóirí an Chiste a bhaint amach, á urramú ag an am céanna. Trí na gníomhaíochtaí sin, ba cheart cosaint na gceart bunúsach i gcur chun feidhme an Chiste a áirithiú. [Leasú 50]

(42)  Chun neartú a dhéanamh ar chumas an Aontais dul i ngleic láithreach le hinsreabhadh ollmhór neamhthuartha nó díréireach de náisiúnaigh tríú tír i mBallstát amháin nó níos mó, lena gcuirtear éilimh mhór phráinneach ar na saoráidí glactha agus coinneála, ar chóras agus ar nósanna imeachta tearmainn agus imirce, nó dúshláin imirce nó riachtanais athlonnaithe suntasacha i dtríú tíortha de thoradh forbairtí polaitiúla, coinbhleachtaí nó tubaistí nádúrtha, ba cheart an deis a bheith ann cúnamh éigeandála a thabhairt i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo. [Leasú 51]

(43)  Leis an Rialachán seo, ba cheart a áirithiú go leantar de Ghréasán Imirce na hEorpa a bunaíodh le Cinneadh 2008/381/CE(14), agus ba cheart cúnamh airgeadais a thabhairt i gcomhréir leis na cuspóirí atá aige agus leis na cúraimí atá air.

(44)  Tabharfar aghaidh ar chuspóir beartais an Chiste seo freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíocht bhuiséadach faoi ionuithe beartais InvestEU. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar mhodh comhréireach agus níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbláil nó a phlódú mar gheall ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir Eorpach a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar. [Leasú 52]

(45)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chiste Tearmainn agus Imirce ina iomláine arb éard a bheidh ann an príomh‑mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe nua idirinstitiúidigh: pointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(15)], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(46)  Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. …/… [an ‘Rialachán Airgeadais’] maidir leis an gCiste seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(47)  Chun gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht chomhroinnte a chur chun feidhme, ba cheart an Ciste a bheith mar chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) Uimh. …/2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. I gcás forálacha atá ar neamhréir le chéile, tabharfar tús áite don Rialachán seo ar Rialachán (AE) Uimh. X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. [Leasú 53]

(48)  Le Rialachán (AE) Uimh.  …/2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] bunaítear Anuas ar an gcreat gníomhaíochta do CFRE, do CSE+, don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), don Chiste lena gcuirtear rialacha airgeadais ar bun atá coitianta do roinnt cistí de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste um Thearmainn agus, Imirce (CTI) agus Lánpháirtíocht (CTIL), don Chiste Slándála Inmheánaí (CSI), agus don Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT), agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht, bainistiú agus rialú chistí an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, cuspóirí CTI CTIL a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú le CTI CTIL. [Leasú 54]

(49)  Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a ghnóthú agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, an t‑ualach riaracháin, agus an baol a bhaineann le neamh‑chomhlíonadh a bhfuiltear ag súil leis á gcur san áireamh. Ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a chur san áireamh.

(50)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais(16), Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(18), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(19) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(20), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin agus/nó smachtbhannaí coiriúla a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Comhoibreoidh na Ballstáit go hiomlán le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, agus tabharfaidh siad gach cúnamh is gá dóibh, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Ba cheart torthaí na n-imscrúduithe ar neamhrialtachtaí nó ar chalaois maidir leis an gCiste a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. [Leasú 55]

(51)  Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin leis an Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil iontu i gcomhair seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(51a)  I gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann go mbeadh amhras ann faoi dhlíthiúlacht tionscadal, nó faoi dhlíthiúlacht agus rialtacht tionscadal, nó faoi fheidhmíocht tionscadal, mar thoradh ar thuairim réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE, ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach mbeidh cistiú ar bith ar fáil do na tionscadail sin. [Leasú 56]

(52)  De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(22), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiúchán faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chiste agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(53)  De bhun Airteagal 349 de CFAE agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas(23) arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúid an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir náisiúnta agus ina straitéisí náisiúnta ar na dúshláin shonracha atá roimh na réigiúin is forimeallaí maidir le himirce a bhainistiú. Tacóidh an Ciste leis na Ballstáit sin le hacmhainní leordhóthanacha chun cuidiú leis na réigiúin sin an imirce a bhainistiú go hinbhuanaithe agus chun aon staideanna brú a láimhseáil.

(53a)   Ba cheart dul i gcomhairle le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit agus i dtríú tíortha le linn an phróisis, ina gcláraítear, ina gcuirtear chun feidhme agus ina ndéantar meastóireacht ar na cláir arna maoiniú tríd an gCiste.. [Leasú 57]

(54)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, is gá an Ciste seo a mheas ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin ar leith, agus san am céanna rórialáil agus ualach riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Féadfaidh táscairí intomhaiste, lena n-áirítear táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla, a bheith san áireamh sna ceanglais sin, i gcás inarb iomchuí, mar bhonn chun éifeachtaí an Chiste ar an talamh a mheas. Chun a bhfuil gnóthaithe ag an gCiste a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach sainchuspóir den ionstraim. Leis na táscairí coiteanna sin agus leis an tuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste. Chun a ról maoirseachta a chomhlíonadh go leormhaith, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann na méideanna ón gCiste arna gcaitheamh go hiarbhír i mbliain faoi leith a fhionnadh. Tráth a bheidh cuntais bhliantúla a gclár náisiúnta á dtuairisciú chuig an gCoimisiún acu, ba cheart, dá bhrí sin, do na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir aisghabhálacha, íocaíochtaí réamh-mhaoinithe le tairbhithe deiridh agus aisíocaíochtaí ar chaiteachais a tabhaíodh iarbhír. Chun iniúchadh agus faireachán ar chur chun feidhme an Chiste a éascú, ba cheart don Choimisiún na méideanna sin a chur san áireamh ina thuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme i leith an Chiste, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar thorthaí agus ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí an Chiste ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Aontais, lena n-áirítear tionscadail agus comhpháirtithe sonracha. Ba cheart don Choimisiún achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht ar glacadh leo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain. Maidir le tuarascálacha ina leagtar amach torthaí an fhaireacháin agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí faoin gCiste ar leibhéal Ballstát agus Aontais araon, ba cheart iad a chur ar fáil go poiblí agus iad a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa. [Leasú 58]

(55)  Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, leis an gCiste seo, rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le gnóthú na sprice arb é atá ann 25 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide thar thréimhse CAI 2021-2027, agus sprioc bhliantúil de 30 % a luaithe agus is féidir agus faoi 2027. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an Ciste á ullmhú agus á chur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithnithe. [Leasú 59]

(56)  Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le cláir oibre don tsaoráid théamach, leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh tacaíocht ón ionstraim in Iarscríbhinn III, leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoiniú níos airde mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, le tacaíocht oibriúcháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat coiteann faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus le heagraíochtaí ón tsochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí d’imircigh agus do dhídeanaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. [Leasú 60]

(57)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24). Ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta comhairleach chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na socruithe a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún faoi chuimsiú an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad.

(58)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit agus iad ag gníomhú ina n-aonarcuspóirí an Rialacháin seo, is é sin dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a fheabhsú, rannchuidiú le bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce agus le cur chun feidhme, neartú agus forbairt an chomhbheartais maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach don chomhbheartas maidir le hinimirce, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. [Leasú 61]

(59)  I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh [na Ríochta Aontaithe] agus na hÉireann i dtaca le limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, [níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm/ tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo].

(60)  I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(61)  Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) .../2021 ón gComhairle [an Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Leis an Rialachán seo bunaítear an Ciste Tearmainn agus, Imirce agus Lánpháirtíocht (“an Ciste”). [Leasú 62]

2.  Leagtar síos leis an Rialachán seo cuspóirí an Chiste, an buiséad don tréimhse 2021go 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn 'iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta' iarratasóir mar a shainmhínítear i bpointe [x] d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) ../.. [Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn](25) Threoir 2013/32/AE; [Leasú 63]

(b)  'tairbhí de chosaint idirnáisiúnta' de réir bhrí phointe (2) (b) d'Airteagal [2] de Rialachán (AE) ../.. [Rialachán um Cháilíochtaí](26) 2 de Threoir 2011/95/AE; [Leasú 64]

(c)  ciallaíonn 'oibríochtaí measctha' gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear laistigh de shaoráidí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh‑iníoctha tacaíochta nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(d)  ciallaíonn “ball teaghlaigh” aon náisiúnach tríú tír a sainmhínítear faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste;

(e)  'cead isteach ar fhoras ciallaíonn ‘scéim dhaonnúil ' de réir bhrí Airteagal [2] de Rialachán (AE) ../.. [Creat an Aontais um Athlonnú [agus um Ligean Isteach] ar Fhoras Daonnúil](27) don ligean isteach’ ligean isteach chuig críoch na mBallstát ó thríú tír chuig ar aslonnaíodh iad, tar éis, arna iarraidh sin ag Ballstát, tarchur ó UNHCR nó ó chomhlacht idirnáisiúnta ábhartha eile, náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil ina leith faoi dhlí náisiúnta a fhorálann do chearta agus oibleagáidí atá coibhéiseach leo sin in Airteagal 20 go hAirteagal 32 agus Airteagal 34 de Threoir 2011/95/AE do thairbhithe cosanta coimhdí; [Leasú 65]

(f)  ciallaíonn ‘aistriú’ aistriú mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(g)  ciallaíonn 'athlonnú' athlonnú mar a shainmhínítear in Airteagal [2] de Rialachán (AE) ../.. [Creat an Aontais um Athlonnú [agus um ligean isteach] ar Fhoras Daonnúil] tar éis tarchur ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (‘UNHCR’), náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát ó thríú tír chuig ar aslonnaíodh iad, chuig críoch na mBallstát, agus a ndeonaítear cosaint idirnáisúnta ina leith agus a bhfuil rochtain acu ar réiteach inmharthana i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta; [Leasú 66]

(h)  ciallaíonn 'filleadh' filleadh mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(i)  ciallaíonn 'náisiúnach tríú tír' aon duine nach saoránach den Aontas é, mar a shainmhínítear in Airteagal 20(1) CFAE. Tabharfar le fios le tagairt do náisiúnaigh tríú tíortha go n‑áireofar daoine gan stát agus daoine a bhfuil náisiúntacht neamhchinntithe acu;

(j)  ciallaíonn 'duine leochaileach' aon náisiúnach tríú tír a sainmhínítear faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste;

(ja)  ciallaíonn ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ mionaoiseach a bhaineann críoch na mBallstát amach gan tionlacan duine fhásta atá freagrach as de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann agus fad nach dtógtar go héifeachtach faoi chúram duine fhásta den sórt sin é, lena n-áirítear mionaoiseach a fhágtar gan tionlacan tar éis dó dul isteach i gcríoch na mBallstát. [Leasú 67]

Airteagal 3

Cuspóirí an Chiste

1.  Is é a bheidh i gcuspóir beartais an Chiste rannchuidiú le sreafaí imirce a bhainistiú go héifeachtach cur chun feidhme, neartú agus forbairt gach gné den chomhbheartas Eorpach maidir le Tearmann agus den chomhbheartas Eorpach maidir le himirce faoi Airteagal 79 CFAE i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus i gcomhréir le gealltanais prionsabal na dlúthpháirtíochta na comhroinnte córa freagrachta, agus oibleagáidí an Aontais maidir le cearta bunúsacha agus na mBallstát faoin dlí idirnáisiúnta agus na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha á n-urramú go hiomlán. [Leasú 68]

2.  Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an gCiste rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)  gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, lena n‑áirítear a ghné sheachtrach;

(b)  tacú leis an neartú agus forbairt a dhéanamh ar bheartais imirce dhleathach chuig na Ballstáit lena n‑áirítear rannchuidiú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta i gcomhréir le riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta na mBallstát; [Leasú 69]

(c)  rannchuidiú leis an imirce neamhrialta a throid agus éifeachtacht an fhillte agus an athligean isteach i dtríú tíortha a áirithiú le lánpháirtiú agus cuimsiú sóisialta éifeachtach náisiúnach tríú tír, agus é a chur chun cinn, ar bhonn comhlántach le cistí eile an Aontais; [Leasú 70]

(ca)  rannchuidiú leis an imirce neamhrialta a throid agus filleadh, athligean isteach agus athlánpháirtiú éifeachtacha, sábháilte agus díniteacha i dtríú tíortha a áirithiú; [Leasú 71]

(cb)  an dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir freagrachta idir na Ballstáit a áirithiú, go háirithe i dtaca leis na Ballstáit sin is mó a ndéanann dúshláin imirce difear dóibh, lena n-áirítear trí chomhar praiticiúil. [Leasú 72]

3.  Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an Ciste a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 3a

Comhpháirtíocht

Don Chiste seo, áireofar sna comhpháirtíochtaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar a laghad, nó a gcomhlachais ionadaíocha, eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, eagraíochtaí neamhrialtasach, go háirithe eagraíochtaí do dhídeanaithe agus d’imircigh, institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus comhlachtaí náisiúnta um chomhionannais, agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta.

Beidh na comhpháirtithe sin páirteach ar bhealach fiúntach in ullmhú, i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht na gclár. [Leasú 73]

Airteagal 4

Raon feidhme na tacaíochta

1.  Faoi na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir leis I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II, tacófar leis an gCiste le gníomhaíochtaí a rannchuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a liostaítear in Iarscríbhinn III. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an liosta gníomhaíochtaí incháilithe do thacaíocht ón gCiste in Iarscríbhinn III a leasú. [Leasú 74]

2.  Chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialacháin seo a ghnóthú, féadfaidh an Ciste tacú, i gcásanna eisceachtúla, laistigh de theorainneacha sainithe agus faoi réir coimircí iomchuí, leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i dtaca le tríú tíortha agus sna tíortha sin, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 6. [Leasú 75]

2a.  Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 16, ní sháróidh méid iomlán an chistiúcháin i gcomhair gníomhaíochtaí tacaíochta i dtríú tíortha nó i dtaca leo faoin tsaoráid théamach i gcomhréir le hAirteagal 9, ní rachaidh sé thar 5 % den mhéid iomlán a leithdháiltear ar an tsaoráid théamach sin faoi phointe (b) d’Airteagal 8(2). [Leasú 76]

2b.  Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 16, ní rachaidh méid iomlán an chistiúcháin i gcomhair gníomhaíochtaí tacaíochta i dtríú tíortha nó i dtaca leo faoi chláir na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13, ní rachaidh sé thar, i gcás gach Ballstáit, 5 % den mhéid iomlán arna leithdháileadh ar an mBallstát sin i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 8(2), Airteagal 11(1) agus Iarscríbhinn I. [Leasú 77]

2c.  Beidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin mhír sin go hiomlán comhtháite le bearta lena dtacaítear trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais agus le prionsabail ghinearálta agus cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. [Leasú 78]

3.  Tacófar le cuspóirí an Rialacháin le bearta lena ndíreofar ar spriocghrúpa amháin nó níos mó faoi raon feidhme Airteagal 78 agus Airteagal 79 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4a

Comhionannais inscne agus neamh-idirdhealú

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh comhionannas inscne agus lánpháirtiú ghné na hinscne ina gcuid lárnach de na céimeanna éagsúla i gcur chun feidhme an Chiste, agus go ndéanfar iad a chur chun cinn. Glacfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na céimeanna iomchuí uile chun cosc a chur le haon idirdhealú ar bhonn inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh maidir le rochtain ar an gCiste agus le linn na gcéimeanna éagsúla i gcur chun feidhme an Chiste. [Leasú 79]

Airteagal 5

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gCiste

Beidh an Ciste ar oscailte do thríú tíortha eile a mbaineann Schengen leo, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach a bheidh le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír sa Chiste Tearmainn agus Imirce, ar choinníoll: [Leasú 80]

–  go n‑áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sa Chiste;

–  go leagtar síos coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sa Chiste, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí leis an gCiste agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

–  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gCiste;

–  go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Agus an comhaontú sonrach dá dtagraítear san Airteagal seo á tharraingt suas aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, go háirithe maidir le gnéithe cearta bunúsacha an chomhaontaithe. [Leasú 81]

Airteagal 6

Eintitis incháilithe

1.  Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)  eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(1)  Ballstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(2)  tríú tír atá comhlachaithe leis an gCiste

(3)  tríú tír atá liostaithe sa chlár faoi na coinníollacha a shonraítear ann, agus faoi réir an choinníll go ndéanfaidh gach gníomhaíocht a dhéanfaidh an tríú tír sin, a tharlóidh sa tríú tír sin, nó i dtaca leis an tríú tír sin na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a urramú go hiomlán; [Leasú 82]

(b)  aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó faoi aon eagraíocht idirnáisiúnta ábhartha. [Leasú 83]

2.  Níl daoine nádúrtha incháilithe.

3.  Go heisceachtúil, tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír incháilithe chun bheith rannpháirteach i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach. [Leasú 84]

4.  Eintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach i gcuibhreannais ina bhfuil dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, atá bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha nó i gcríocha éagsúla thar lear atá bainteach leis na Ballstáit nó leis na tríú tíortha sin, beidg siad incháilithe i gcás ina rannchuidíonn sé seo le gnóthú chuspóirí an Chiste mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo. [Leasú 85]

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

roinn 1

forálacha comhchoiteanna

Airteagal 7

Prionsabail ghinearálta

1.  Leis an tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus leagfar béim ar bhreisluach a chur de chuid an Aontais a chur le cuspóirí an Rialachán seo. [Leasú 86]

2.  Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus a chuireann na Ballstáit ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí, beartais agus le tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach agus comhordaithe le hionstraimí náisiúnta agus le hionstraimí eile de chuid an Aontais agus le bearta arna gcistiú faoi chistí eile de chuid an Aontais go háirithe na cistí struchtúrtha agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. [Leasú 87]

3.  Déanfar an Ciste a chur chun feidhme le bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a), Airteagal 62(1)(b) agus Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 8

An buiséad

1.  Is é EUR 9 204 957 000 i bpraghasanna 2018 (EUR 10 415 000 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hionstraime don tréimhse 2021–2027. [Leasú 88]

2.  Úsáidfear na hacmhainní airgeadais mar a leanas:

(a)  Déanfar EUR 5 522 974 200 i bpraghasanna 2018 (EUR 6 249 000 000 i bpraghasanna reatha) a leithdháileadh ar na cláir a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte; [Leasú 89]

(b)  Déanfar EUR 3 681 982 800 i bpraghasanna 2018 (EUR 4 166 000 000 i bpraghasanna reatha) a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach. [Leasú 90]

3.  Déanfar suas le 0.42 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) ../.. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. [Leasú 91]

Airteagal 9

Forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na saoráide téamaí

1.  Déanfar an t‑imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(b) a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí bhíthin na saoráide téamaí trí úsáid a bhaint as bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre. Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena comhpháirteanna:

(a)  gníomhaíochtaí sonracha;

(b)  gníomhaíochtaí Aontais;

(c)  cúnamh éigeandála;

(d)  athlonnú;

(e)  tacaíocht do na Ballstáit a rannchuidíonn , lena n-áirítear d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha, a rannchuidíonn le hiarrachtaí dlúthpháirtíochta agus freagrachta; agus [Leasú 92]

(f)  Gréasán Imirce na hEorpa

Tabharfar tacaíocht don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin as imchlúdach airgeadais na saoráide téamaí.

2.  Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhfuil breisluach ard ó thaobh an Aontais ag baint leo nó chun freagairt do riachtanais phráinneacha i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a shonraítear in Iarscríbhinn II agus trí na gníomhaíochtaí incháilithe in Iarscríbhinn III.

Áiritheoidh an Coimisiún teagmháil rialta le heagraíochtaí ón tsochaí sibhialta maidir le hullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht na gclár oibre.

Leithdháilfear íosmhéid de 20 % den chistiú ón tsaoráid théamach ar an sainchuspóir dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2).

Leithdháilfear íosmhéid de 10 % den chistiú ón tsaoráid théamach ar an sainchuspóir dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2).

Leithdháilfear íosmhéid de 10 % den chistiú ón tsaoráid théamach ar an sainchuspóir dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2).

Leithdháilfear íosmhéid de 10 % den chistiú ón tsaoráid théamach ar an sainchuspóir dá dtagraítear i bpointe (cb) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2). [Leasú 93]

3.  Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach ar na Ballstáit, áiritheofar nach ndéantar difear ní chuirfear aon chistiúchán ar fáil do thionscadail de thoradh tuairimí i gcás inarb ann d’fhianaise shoiléir go mbeadh amhras ann i dtaobh dhlíthiúlacht na dtionscadal sin, nó i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht an chistithe sin, nó i dtaobh fheidhmíocht na dtionscadal sin mar thoradh ar thuairim réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol. [Leasú 94]

4.  Nuair a chuirfear cistiú ón tsaoráid théamach chun feidhme faoi bhainistiú chomhroinnte, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh cistiú ar bith ar fáil do thionscadail i gcás inarb ann d’fhianaise shoiléir go mbeadh amhras ann i dtaobh dhlíthiúlacht na dtionscadal sin, nó i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht an chistithe sin, nó i dtaobh fheidhmíocht na dtionscadal sin mar thoradh ar thuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún i ndáil le sárú faoi Airteagal 258 CFAE. [Leasú 95]

5.  Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán a chuirfear ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 chun cláir oibre a leagan síos don tsaoráid théamach ina sainaithneofar cuspóirí agus gníomhaíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh agus ina sonrófar na méideanna do gach ceann dá chomhpháirteanna dá dtagraítear i mír 1. Cuirfear na cláir oibre ar fáil go poiblí.. Leagfar amach i gcinntí airgeadais, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. [Leasú 96]

6.  Tacófar go háirithe leis an tsaoráid théamach gníomhaíochtaí a thagann faoin bheart chur chun feidhme 2(b) 2a d'Iarscríbhinn II a chuirtear chun feidhme ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla nó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta.Maidir leis sin, déanfar íosmhéid de 5% den imchlúdach airgeadais a dheonú faoi bhainistiú díreach nó indíreach d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheidh ag cur gníomhaíochtaí lánpháirtíochta chun feidhme. [Leasú 97]

7.  Tar éis dó cinneadh airgeadais cláir oibre a ghlacadh dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh dá réir sin ar na cláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. [Leasú 98]

8.  Féadfaidh na cláir oibre sin a bheith bliantúil nó ilbhliantúil agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí a chumhdach leo. [Leasú 99]

ROINN 2

TACAÍOCHT AGUS CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍOCHT CHOMHROINNTE

Airteagal 10

Raon feidhme

1.  Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an gcuid den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(a) agus le hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte de réir chinneadh an Choimisiúin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.  Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus le Rialachán (AE)../.. [Rialachán na bhForálacha an gcreat lena gcuirtear rialacha airgeadais ar bun atá coiteanna] do roinnt cistí de chuid an Aontais, lena n-áirítear CTIL. [Leasú 100]

Airteagal 11

Acmhainní buiséadacha

1.  Leithdháilfear na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(a) ar na cláir náisiúnta (na 'cláir') a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte go táscach mar a leanas:

(a)  EUR 5 207 500 000 ar na Ballstáit i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(b)  EUR 1 500 000 ar na Ballstáit le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar na cláir dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

2.  I gcás nach leithdháiltear an méid dá dtagraítear i mír 1(b), féadfar an fuílleach a chur leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(b).

Airteagal 12

Rátaí cómhaoinithe

1.  Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % de chaiteachas incháilithe iomlán tionscadail. Spreagfar na Ballstáit cistí comhfhreagracha a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste. [Leasú 101]

2.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thionscadail a chuirfear chun feidhme faoi réir gníomhaíochtaí sonracha.

3.  Déanfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go híosmhéid de 80 % agus féadfar í a mhéadú go 90% den chaiteachas incháilithe iomlán ar na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV. [Leasú 102]

4.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thacaíocht oibriúcháin.

5.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar chúnamh éigeandála.

6.  Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón gCiste seo le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1 go mír 5.

7.  I gcás gach cuspóir sonrach, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh gach cuspóir sonrach i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  an ranníocaíocht iomlán, lena n‑áirítear ranníocaíochta poiblí agus príobháideacha; nó;

(b)  an ranníocaíocht phoiblí amháin.

Airteagal 13

Na cláir

1.  Áiritheoidh gach Ballstát agus an Coimisiún go bhfuil na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu sa chlár náisiúnta comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse na bainistíochta tearmainn agus imirce agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta lenar sínithe iad, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Agus tosaíochtaí a gclár á sainaithint acu áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ar na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Déanfaidh na Ballstáit íosmhéid de 10 % den chistiú a leithdháilfear orthu a leithdháileadh ar na sainchuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2).

Déanfaidh na Ballstáit íosmhéid de 10 % den chistiú a leithdháilfear orthu a leithdháileadh ar na sainchuspóirí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2).

Déanfaidh na Ballstáit íosmhéid de 10 % den chistiú a leithdháilfear orthu a leithdháileadh ar na sainchuspóirí dá dtagraítear i bpointe (cb) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2). [Leasú 103]

1a.  Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, ina theannta sin, go mbeidh gníomhaíochtaí san áireamh ina gcláir a thabharfaidh aghaidh ar shainchuspóirí uile an Chiste dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus go n-áiritheoidh an leithdháileadh acmhainní ar na cuspóirí sin gur féidir iad a bhaint amach. Agus cláir na mBallstát á meas aige, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh cistiú ar bith ar fáil do thionscadail i gcás inarb ann d’fhianaise shoiléir go mbeadh amhras ann i dtaobh dhlíthiúlacht na dtionscadal sin, nó i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht an chistithe sin, nó i dtaobh fheidhmíocht na dtionscadal sin mar thoradh ar thuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún i ndáil le sárú faoi Airteagal 258 CFAE. [Leasú 104]

2.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ról ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bpróiseas forbartha na gclár ag céim luath i dtaca lena réimsí inniúlachta. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn maidir leis na dréachtchláir chun comhleanúnachas agus comhlántacht ghníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí agus ghníomhaíochtaí na mBallstát a áirithiú. [Leasú 105]

3.  Féadfaidh an Coimisiún ról a thabhairt don Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus do UNHCR i gcúraim faireacháin agus mheastóireachta dá dtagraítear i Roinn 5, i gcás inarb iomchuí go háirithe d’fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ón gCiste i gcomhréir leis an acquis ábhartha de chuid an Aontais agus le tosaíochtaí atá comhaontaithe ag an Aontas. [Leasú 106]

4.  De bhun aon chleachtadh faireacháin arna dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) [ ../..] [Rialachán Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Tearmann] , nó de bhun moltaí a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann scrúdú, i gcomhar leis an gCoimisiún, agus i gcás inarb ábhartha, leis an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus leis an nGníomhaireacht um an nGarda Teorann agus Cósta ar an dóigh chun dul i ngleic leis na torthaí, lena n-áirítear aon easnaimh nó saincheisteanna maidir le cumas agus ullmhacht, agus déanfaidh sé na moltaí a chur chun feidhme trí bhíthin a chláir. [Leasú 107]

5.  I gcás inar gá, déanfar an clár i gceist a leasú chun na moltaí dá dtagraítear i mír 4 agus an dul chun cinn maidir le baint amach na ngarspriocanna agus spriocanna arna measúnú sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 30(2) a chur san áireamh. Ag brath ar thionchar an choigeartaithe, féadfaidh an Coimisiún an clár athbhreithnithe a fhormheas. [Leasú 108]

6.  I gcomhar agus i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na gníomhaireachtaí ábhartha i gcomhréir lena n‑inniúlacht, de réir mar is infheidhme, féadfar acmhainní faoin gclár a ath‑leithdháileadh d'aidhm aghaidh a thabhairt ar mholtaí dá dtagraítear i mír 4 a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo.

7.  Go háirithe saothróidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV atá i dteideal cómhaoiniú níos airde a fháil. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun leasú a dhéanamh ar liosta na gníomhaíochtaí atá i dteideal cómhaoiniú níos airde a fháil a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

7a.  Féadfar a cheadú le cláir náisiúnta garghaolta daoine atá clúdaithe faoin spriocghrúpa dá dtagraítear i bpointe 3a d’Iarscríbhinn III a chur san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa phointe sin, a mhéid is gá sin chun gníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme. [Leasú 109]

8.  Gan dochar don dara fomhír d’Airteagal 4(2), nuair a chinnfidh Ballstát tionscadail a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír nó sa tríú tír sin le tacaíocht an Chiste iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann formheas an Choimisiúin sula gcuirfear tús leis an tionscadal. Déanfaidh an Coimisiún comhlántacht agus comhleanúnachas na dtionscadal beartaithe le gníomhaíochtaí eile Aontais agus Ballstát arna ndéanamh i nó i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann a áirithiú agus déanfaidh sé a fhíorú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (3) de phointe (a) d’Airteagal 6(1). [Leasú 110]

9.  Bunófar clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) .../2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar Déanfaidh gach clár náisiúnta na cineálacha idirghabhála a leagan amach do gach sainchuspóir i gcomhréir le Tábla 1 d’Iarscríbhinn VI chomh maith le miondealú táscach ar na hacmhainní clársceidealaithe a sholáthar de réir chineál na hidirghabhála nó an réimse tacaíochta. [Leasú 111]

9a.  Déanfaidh gach Ballstát a chlár a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus cuirfidh siad ar aghaidh iad chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Déanfaidh an suíomh gréasáin sin na gníomhaíochtaí lena dtacaítear i gcur chun feidhme an chláir a shainiú agus na tairbhithe a liostú. Déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ar a laghad ag an am céanna le foilsiú na Tuarascála Bliantúla ar Fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 30. [Leasú 112]

Airteagal 14

Athbhreithniú meántéarma

-1.  Beidh na cláir faoi réir athbhreithniú agus meastóireacht mheántéarma i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo. [Leasú 113]

1.  In Faoi dheireadh na bliana 2024, agus tar éis dó Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(b) a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i míreanna 1(b) go 5 d’Iarscríbhinn 1. Beidh an cistiú éifeachtach maidir leis an tréimhse amhail ón mbliain féilire 2025. [Leasú 114]

2.  Mura gcumhdaítear 10 % 30 % de leithdháileadh tosaigh cláir dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(a) trí bhíthin iarratais ar íocaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal [85] de Rialachán (AE) .../2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ní bheidh an Ballstát i gceist incháilithe chun an leithdháileadh breise maidir leis an gclár dá dtagraítear i mír 1 a fháil. [Leasú 115]

3.  Amhail ó 2025, i gcás inarb iomchuí sin, cuirfear san áireamh i leithdháileadh na gcistí ón tsaoráid théamach an dul chun cinn a dhéanfar maidir le garspriocanna de chuid an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal [12] de Rialachán (AE) Uimh. .../2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] a ghnóthú agus maidir le laigí cur chun feidhme aitheanta. [Leasú 116]

Airteagal 15

Gníomhaíochtaí sonracha

1.  Is é atá i ngníomhaíochtaí sonracha tionscadail thrasnáisiúnta nó náisiúnta óna n-eascraíonn breisluach Aontais agus atá i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo a d’fhéadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir. [Leasú 117]

2.  Féadfaidh Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(1), cistiú breise a fháil, ar choinníoll go bhfuil sé curtha in iúl mar sin sa chlár agus go n‑úsáidfear é chun cur le cur chun feidhme chuspóirí an Rialacháin seo.

3.  Ní úsáidfear an cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

Airteagal 16

Acmhainní do Chreat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil

1.  De bhreis ar a leithdháileadh a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 1(1)(a), gheobhaidh na Ballstáit ranníocaíocht EUR 10 000 le haghaidh gach duine athlonnaithe i gcomhréir le scéim athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais. Beidh an ranníocaíocht sin i bhfoirm maoiniúcháin nach mbeidh bainteach le costais i gcomhréir le hAirteagal [125] den Rialachán Airgeadais

2.  Leithdháilfear an méid dá dtagraítear i mír 1 ar na Ballstáit trína gclár a leasú ar choinníoll go ndéanfar an duine a ndearnadh an ranníocaíocht a leithdháileadh ina leith a athlonnú go héifeachtach i gcomhréir le Creat an Aontais um Athlonnú [agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil].

3.  Ní úsáidfear an cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

4.  Coinneoidh Ballstáit an fhaisnéis is gá chun go mbeifear in ann na daoine athlonnaithe agus dáta a n‑athlonnaithe a shainaithint i gceart. [Leasú 118]

Airteagal 16a

Acmhainní d’athlonnú agus do ligean isteach ar fhoras daonnúil

1.  De bhreis ar a leithdháileadh a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 11(1), gheobhaidh na Ballstáit suim bhreise gach dhá bhliain bunaithe ar chnapshuim EUR 10 000 le haghaidh gach duine a ligtear isteach trí athlonnú.

2.  De bhreis ar a leithdháileadh a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 11(1), gheobhaidh na Ballstáit suim bhreise gach dhá bhliain bunaithe ar chnapshuim EUR 6 000 le haghaidh gach duine a ligtear isteach trí scéimeanna daonnúla.

3.  I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh go mbeadh Ballstáit incháilithe do chnapshuimeanna do bhaill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i mír 1 chun aontacht teaghlaigh a áirithiú..

4.  Déanfar an méid breise dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a leithdháileadh ar na Ballstáit gach dhá bhliain, den chéad uair sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhformheastar a gclár náisiúnta agus ina dhiaidh sin i gcinneadh maoiniúcháin a bheidh i gceangal leis na cinntí lena bhformheastar a gclár náisiúnta.

5.  Ag cur san áireamh na rátaí boilscithe reatha, na forbairtí ábhartha i réimsí an athlonnaithe, chomh maith le fachtóirí lena bhféadfaí an leas a bhaintear as an dreasacht airgeadais a ghabhann leis na cnapshuimeanna a uasmhéadú, agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun na cnapshuimeanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a choigeartú, má mheastar é a bheith iomchuí. [Leasú 119]

Airteagal 17

Acmhainní chun tacú le cur chun feidhme Rialachán .../... [Rialachán Bhaile Átha Cliath]

1.  Gheobhaidh Ballstát ranníocaíocht EUR [10 000], de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a), le haghaidh gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a mbeidh an Ballstát sin freagrach as amhail ón uair a bheidh ar an mBallstát sin aghaidh a thabhairt ar imthosca dúshlánacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) ../.. [Rialachán Bhaile Átha Cliath].

2.  Gheobhaidh Ballstát ranníocaíocht EUR [10 000], de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a), le haghaidh gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a shannfar don Bhallstát sin de bhreis ar chion cothrom an Bhallstáit ar tairbhí é.

3.  Gheobhaidh Ballstát dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ranníocaíocht bhreise EUR [10 000] in aghaidh an iarratasóra a ndeonófar cosaint idirnáisiúnta dó chun bearta lánpháirtithe a chur chun feidhme.

4.  Gheobhaidh Ballstát dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ranníocaíocht bhreise EUR [10 000] in aghaidh an duine a bhféadfaidh an Ballstát a chinneadh ina leith ar bhonn na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11(d) de Rialachán (AE) ../..a uasdhátú [Rialachán Eurodac] gur fhág an duine sin críoch an Bhallstáit, ar bhonn éigeantach nó deonach i gcomhréir le cinneadh maidir le filleadh nó ordú maidir le haistriú.

5.  Gheobhaidh Ballstát ranníocaíocht EUR [500], de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a), le haghaidh gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a aistreofar ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, le haghaidh gach iarratasóir a aistreofar de bhun phointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 34(i) de Rialachán (AE) ../.. [Rialachán Bhaile Átha Cliath] agus i gcás inarb iomchuí, le haghaidh gach iarratasóir a aistreofar de bhun phointe (g) d'Airteagal 34(j) de Rialachán (AE) ../.. [Rialachán Bhaile Átha Cliath].

6.  Beidh an ranníocaíocht dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfoirm maoiniúcháin nach mbeidh bainteach le costais i gcomhréir le hAirteagal [125] den Rialachán Airgeadais

7.  Leithdháilfear na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 do na Ballstáit ina gcláir ar choinníoll go ndéanfar an duine ar leithdháileadh an ranníocaíocht ina leith, de réir mar is infheidhme, a aistriú i bhfírinne go Ballstát, a fhilleadh i bhfírinne nó a chlárú mar iarratasóir sa Bhallstát atá freagrach i gcomhréir le Rialachán Rialachán (AE)../.. [Rialachán Bhaile Átha Cliath].

8.  Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre. [Leasú 120]

Airteagal  17a

Acmhainní chun tacú le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 604/2013

1.  Gheobhaidh an Ballstát cinntitheach, de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 11(1) den Rialachán seo, aisíocaíocht ar chostais glactha iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta ón tráth a ndéanfar an t-iarratas go dtí go n-aistreofar an t-iarratasóir chuig an mBallstát freagrach, nó go dtí go nglacfaidh an Ballstát cinntitheach freagracht as an iarratasóir i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013.

2.  Gheobhaidh an Ballstát aistrithe, de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 11(1) den Rialachán seo, aisíocaíocht ar na costais riachtanacha chun iarratasóir nó duine nádúrtha eile a aistriú dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013.

3.  Gheobhaidh gach Ballstát, de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 11(1) den Rialachán seo, cnapshuim de EUR 10 000 le haghaidh gach mionaoiseach neamhthionlactha arna ndeonfar cosaint idirnáisiúnta air nó uirthi sa Bhallstáit sin, ar choinníoll nach mbeidh an Ballstát incháilithe d’íocaíocht chnapshuime don mhionaoiseach neamhthionlactha sin faoi Airteagal 16(1).

4.  Beidh an aisíocaíocht dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfoirm maoiniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 125 den Rialachán Airgeadais.

5.  Leithdháilfear an aisíocaíocht dá dtagraítear i mír 2 ar na Ballstáit ina gcláir ar choinníoll go ndéanfar an duine ar leithdháileadh an aisíocaíocht ina leith, a aistriú i bhfírinne go Ballstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013. [Leasú 121]

Airteagal 17b

Acmhainní le haghaidh aistriú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó aistriú tairbhithe cosanta idirnáisiúnta

1.  D’fhonn prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta a chur chun feidhme, gheobhaidh na Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 11(1), suim bhreise bunaithe ar chnapshuim EUR 10 000 do gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhí cosanta idirnáisiúnta atá aistrithe ó Bhallstát eile.

2.  I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh go mbeadh Ballstáit incháilithe do chnapshuimeanna do bhaill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll go ndearnadh na baill teaghlaigh sin a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.  Déanfar na méideanna breise dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar na Ballstáit den chéad uair sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhformheastar a gclár náisiúnta agus ina dhiaidh sin i gcinneadh maoiniúcháin a bheidh i gceangal leis an gcinneadh lena bhformheastar a gclár náisiúnta. Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

4.  Chun na cuspóirí maidir le dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 80 CFAE a shaothrú go héifeachtach, agus ag cur san áireamh rátaí reatha boilscithe, forbairtí ábhartha sa réimse maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile agus i réimse an athlonnaithe agus an ligin isteach ad-hoc eile ar fhoras daonnúil, mar aon le tosca ar féidir leo barrfheabhas a chur ar úsáid na ndreasachtaí airgeadais a bhaineann leis na cnapshuimeanna, agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an chnapshuim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a choigeartú, má mheastar é a bheith iomchuí. [Leasú 122]

Airteagal 18

Tacaíocht oibriúcháin

1.  Tá tacaíocht oibriúcháin ina cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid mar thacaíocht leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as saothrú na gcúraimí agus na seirbhísí ar cuid de sheirbhís phoiblí don Aontas iad.

2.  Féadfaidh Ballstát suas le 10 % den mhéid a leithdháilfear faoin gCiste ar a chlár oibre a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú faoi chuspóirí in Airteagal 3(2)(a) agus (c). [Leasú 123]

3.  Comhlíonfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as tacaíocht oibriúcháin acquis an Aontais maidir le tearmann agus filleadh imirce agus déanfaidh siad na cearta agus prionsabail arna gcuimsiú i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a urramú go hiomlán. [Leasú 124]

4.  Léireoidh na Ballstáit sa chlár agus sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 30 an t-údar atá le húsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Sula ndéanfaidh sé an clár a fhormheas, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 13 measúnú ar an staid bonnlíne sna Ballstáit a bhfuil sé curtha in iúl acu go bhfuil rún acu úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit sin ar fáil agus, i gas inarb ábhartha, an fhaisnéis sin a bheidh ar fáil i bhfianaise na gcleachtaí faireacháin, arna gcur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (AE) ../.. [Rialachán Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Tearmann] ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn agus Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. [Leasú 125]

5.  Díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar chúraimí agus seirbhísí sonracha ghníomhaíochtaí incháilithe mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII. [Leasú 126]

6.  Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun leasú a dhéanamh ar an liosta cúraimí agus seirbhísí sonracha gníomhaíochtaí incháilithe in Iarscríbhinn VII. [Leasú 127]

ROINN 3

TACAÍOCHT AGUS CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍOCHT DHÍREACH AGUS INDÍREACH

Airteagal 19

Raon feidhme

Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní faoin rannóg Aontais seo sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin.

Airteagal 20

Gníomhaíochtaí Aontais

1.  Is é atá i ngníomhaíochtaí Aontais tionscadail trasnáisiúnta nó náisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.

2.  Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ciste a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

3.  Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais, agus féadfaidh an cistiú sin bheith in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh siad maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.

4.  Tabharfar agus bainisteofar deontais faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach i gcomhréir le [Teideal VIII] den Rialachán Airgeadais. [Leasú 128]

4a.  Áiritheoidh an Coimisiún solúbthacht, cothroime agus trédhearcacht i ndáileadh acmhainní i measc na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2). [Leasú 129]

5.  Féadfaidh an coiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

6.  Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in [Airteagal X de] Rialachán (AE) ../.. [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta]. [Leasú 130]

Airteagal 21

Gréasán Imirce na hEorpa

1.  Tacóidh an Ciste le Gréasán Imirce na hEorpa agus soláthróidh sé cúnamh airgeadais atá ag teastáil dá chuid gníomhaíochtaí agus dá chuid forbartha amach anseo.

2.  Glacfaidh an Coimisiún an tsuim a chuirtear ar fáil do Ghréasán Imirce na hEorpa faoi leithreasaí bliantúla an Chiste agus faoin gclár oibre lena leagtar síos na tosaíochtaí maidir lena chuid gníomhaíochtaí tar éis don Bhord Stiúrtha í a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal  4(5)(a) de Chinneadh 2008/381/CE. Beidh cinneadh an Choimisiúin ionann agus cinneadh maoiniúcháin de bhun Airteagal 10 den an Rialachán Airgeadais. Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil, féadfaidh an Coimisiún an clár oibre do Ghréasán Imirce na hEorpa a ghlacadh mar chinneadh airgeadais ar leithligh. [Leasú 131]

3.  Beidh an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil do ghníomhaíochtaí Ghréasán Imirce na hEorpa i bhfoirm deontas do na pointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh 2008/381/CE agus do na soláthairtí poiblí de réir mar is cuí, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Airteagal  21a

Leasú ar Chinneadh 2008/381/CE

Leasú ar Chinneadh 2008/381/CE:"

“(da) gníomhú mar phointe teagmhála do thairbhithe féideartha cistithe faoin Rialachán maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus treoir neamhchlaonta, agus faisnéis agus cúnamh praiticiúil a sholáthar maidir le gach gné den Chiste, lena n-áirítear i ndáil le hiarratais ar chistiú faoin gclár nó saoráid théamach náisiúnta ábhartha.”. [Leasú 132]

"

Airteagal 22

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gCiste seo, dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) chun feidhme i gcomhréir le [Rialachán InvestEU] agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais. [Leasú 133]

Airteagal 23

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

Leis an gCiste féadfar tacú le bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann. Déanfar na bearta sin a mhaoiniú ar an ráta 100 %.

Airteagal 24

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid ranníocaíochta an Aontais arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n‑áirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, sin é an bonn a bheidh leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 de Rialachán (AE) [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais].

Airteagal 25

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Déanfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí a chur chun cinn, trí fhaisnéis atá comhleanúnach, éifeachtach agus fiúntach a sholáthar d’iliomad sainghrúpaí ábhartha, lena n-áirítear na meáin agus an pobal, sna teangacha ábhartha. Chun infheictheacht chistiú an Aontais a áirithiú, déanfaidh faighteoirí chistiú an Aontais tagairt dá bhunús agus cumarsáid á déanamh acu maidir leis an ngníomhaíocht. Chuige sin, in aon chraobhscaoileadh chun na meán nó chun an phobail i gcoitinne, áiritheoidh na faighteoirí go mbeidh suaitheantas an Aontais le sonrú agus go luafar go sainráite an tacaíocht airgeadais ón Aon. [Leasú 134]

2.  Chun an dream daoine is leithne agus is féidir a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste, agus le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chiste, a chur chun feidhme. Go háirithe, foilseoidh an Coimisiún faisnéis i dtaca le forás chláir bhliantúla agus ilbhliantúla na saoráide téamaí. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún liosta na n-oibríochtaí arna roghnú le tacaíocht a fháil faoin tsaoráid théamach a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a bhfuil teacht ag an bpobal air agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta gach trí mhí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gCiste seo, rannchuideofar freisin le cumarsáid chorparáideach faoi chur chun feidhme thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo. Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún dea-chleachtais a chur chun cinn agus faisnéis a mhalartú maidir le cur chun feidhme na hionstraime. [Leasú 135]

2a.  Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i bhformáidí oscailte agus meaisín-inléite, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28), lenar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid le chéile agus a athúsáid. Beifear in ann na sonraí a rangú de réir an mhéid seo a leanas: tosaíocht, sainchuspóir, costas incháilithe iomlán na n-oibríochtaí, costas iomlán na dtionscadal, costas iomlán na nósanna imeachta soláthair, ainm an tairbhí agus ainm an chonraitheora.. [Leasú 136]

Roinn 4

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 26

Cúnamh éigeandála

1.  Cuirfear Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cúnamh airgeadais a chur ar fáil chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha shonracha i gcás éigeandála a thiocfaidh as ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas: [Leasú 137]

(a)  brú imirce trom i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit arb é a phríomhthréith insreabhadh ollmhór neamhthuartha nó díréireach de náisiúnaigh tríú tír i mBallstát amháin nó níos mó, lena gcuirtear éilimh mhór phráinneach ar a saoráidí glactha agus coinneála, ar a gcórais chosanta leanaí, agus ar a gcórais agus nósanna imeachta tearmainn agus imirce; [Leasú 138]

(aa)  athlonnú deonach; [Leasú 139]

(b)  cur chun feidhme sásraí sealadacha cosanta de réir bhrí Threoir 2001/55/CE(29);

(c)  brú imirce trom insreabhadh ollmhór neamhthuartha nó díréireach de dhaoine isteach i dtríú tíortha, lena n-áirítear tíortha ina bhfuil fuireach ar dhaoine atá i ngá a gcosanta mar gheall ar theagmhais amhail forbairtí polaitiúla, coinbhleachtaí nó tubaistí nádúrtha, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé tionchar a imirt ar shreafí imirce chun an Aontais. [Leasú 140]

1a.  Beidh na bearta a chuirtear chun feidhme i dtríú tíortha i gcomhréir leis an Airteagal seo comhsheasmhach le beartas daonnúil an Aontais agus, más ábhartha, á chomhlánú agus lánurraim á léiriú do na prionsabail dhaonnúla mar a leagtar amach sa Chomhdhearcadh maidir le Cabhair Dhaonnúil.. [Leasú 141]

1b.  I gcásanna amhail dá dtuairiscítear faoi phointí (a), (aa), (b) agus (c) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas gan mhoill. [Leasú 142]

2.  Féadfaidh cúnamh éigeandála bheith i bhfoirm deontas a bhronnfar go díreach ar ghníomhaireachtaí díláraithe an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, UNHCR, agus údaráis áitiúla agus réigiúnach faoi réir insreabhadh ollmhór neamhthuartha nó díréireach de náisiúnaigh tríú tír, agus go háirithe iad sin atá freagrach as glacadh agus lánpháirtiú imirceach neamhthionlactha ar leanaí iad. [Leasú 143]

3.  Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus Iarscríbhinn I ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh sa chlár náisiúnta. Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

4.  Tabharfar agus bainisteofar deontais faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le [Teideal VIII] den leis Rialachán Airgeadais. [Leasú 144]

4a.  I gcás inar gá é chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar a chumhdach le cúnamh éigeandála caiteachas arna thabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh, ach gan an dáta sin a bheith roimh an 1 Eanáir 2021. [Leasú 145]

Airteagal 27

Cistiú carnach, comhlántach agus comhcheangailte

1.  Féadfaidh oibríocht a fuair ranníocaíocht faoin gCiste ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Déanfaidh na cláir arna dtíolacadh ag an gCoimisiún idirghníomhaíocht agus comhlánú lena chéile agus ba cheart go dtarraingeofaí iad leis an méid trédhearcachta is gá chun aon dúbailt a sheachaint. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht, maidir lena ranníocaíocht féin leis an oibríocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na hoibríochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht. [Leasú 146]

2.  Maidir le bearta hoibríochtaí a dtugtar dearbhú Séala Barr Feabhais dóibh, nó bearta lena gcomhlíontar na coinníollacha carnacha, comparáideacha seo: [Leasú 147]

(a)  rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin ionstraim;

(b)  comhlíonann siad na ceanglais íosta cáilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)  ní fhéadfar iad a chistiú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 67 de Rialachán (AE) .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal [8] (AE) ../.. [Maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air] ar choinníoll go bhfuil na gníomhaíochtaí sin comhsheasmhach le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirtear tacaíocht ar fáil.

Roinn 5

Faireachán, Tuairisciú agus Meastóireacht

foroinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 28

Faireachán agus tuairisciú

1.  I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal [43(3)(h)(i)(iii)] den an Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, go bliantúil ar a laghad, i gcomhréir le hIarscríbhinn V. [Leasú 148]

2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn V a leasú d’fhonn na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht atá le cur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chiste maidir le baint amach chuspóirí sonracha an Rialacháin seo a shocraítear amach in Iarscríbhinn VIII. Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna garspriocanna a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029. Arna iarraidh sin dóibh, déanfar na sonraí a bheidh faighte ag an gCoimisiún maidir le táscairí aschuir agus toraidh a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 149]

4.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil éifeachtach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit.

5.  Chun a áirithiú go measúnófar go héifeachtach dul chun cinn an Chiste i dtreo bhaint amach a chuspóirí, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 32, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena n‑áirítear faisnéis tionscadail a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit.

Airteagal 29

Meastóireacht

1.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar an Rialachán seo, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gCiste.

2.  Déanfar na meastóireachtaí meántéarmacha agus deiridh go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta. [Leasú 150]

Airteagal 29a

Meastóireacht

1.  Faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma i láthair ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Sa mheastóireacht mheántéarma, scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, simplíocht agus solúbthacht an Chiste. Níos sonraí ná sin, áireofar inti measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)  an dul chun cinn i dtreo baint amach chuspóirí an Rialacháin seo, agus an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil á cur san áireamh, go háirithe na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht arna dtíolacadh ag na Ballstáit faoi Airteagal 30 agus na táscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;

(b)  breisluach an Aontais a ghabhann le gníomhaíochtaí agus le hoibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gCiste;

(c)  an ranníocaíocht do dhlúthpháirtíocht an Aontais i réimse an tearmainn agus na himirce;

(d)  ábharthacht leanúnach na mbeart cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus na ngníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(e)  an chomhlántacht, an comhordú agus an comhleanúnachas idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gCiste seo agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile de chuid an Aontais, amhail na cistí struchtúrtha, agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais;

(f)  na tionchair níos fadtéarmaí agus na héifeachtaí inbhuanaitheachta a ghabhann leis an gCiste.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht mheántéarma torthaí siarghabhálacha meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach an Chiste a tháinig roimhe - an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht don tréimhse 2014-2020 - agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach le haghaidh athbhreithniú ar an Rialacháin seo ag gabháil léi.

2.  Faoin 31 Eanáir 2030, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht shiarghabhálach. Faoin dáta céanna, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh measúnú ar na gnéithe uile a leagtar amach i mír 1 sa mheastóireacht shiarghabhálach. I dtaca leis sin, déanfar meastóireacht ar thionchair níos fadtéarmaí agus ar inbhuanaitheacht an Chiste d’fhonn rannchuidiú le cinneadh maidir le hathnuachan nó modhnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chiste eile a thiocfadh ina dhiaidh.

Déanfar na meastóireachtaí meántéarma agus siarghabhálacha dá dtagraítear sa chéad mhír den chéad fhomhír den mhír seo a chur i gcrích le rannpháirtíocht fhiúntach ó na comhpháirtithe sóisialta, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí d’imircigh agus do dhídeanaithe, comhlachtaí um chomhionannais, institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus eagraíocht ábhartha eile i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta mar a leagtar amach in Airteagal 3a.

3.  Sa mheastóireacht mheántéarma agus shiarghabhálach uaidh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí a dhéanfaidh tríú tíortha, a dhéanfar iontu, nó a dhéanfar i dtaca leo, i gcomhréir le hAirteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 13(8). [Leasú 151]

foroinn 2

rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte

Airteagal 30

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.  Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin go 2031 agus an bhliain sin san áireamh cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht chuig an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) .../2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. Leis an tuarascáil a thíolacfar in 2023 cumhdófar cur chun feidhme an chláir a dhéanfar sa tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2022. Déanfaidh na Ballstáit na tuarascálacha sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus cuirfidh siad ar aghaidh iad chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. [Leasú 152]

2.  Leagfar amach sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faisnéis maidir le :

(a)  dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir le garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach agus na sonraí carnacha is déanaí mar a cheanglaítear le hAirteagal [37] de Rialachán (AE) .../2021 [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]qarna dtarchur chuig an gCoimisiún á gcur san áireamh; [Leasú 153]

(aa)  miondealú ar chuntais bhliantúla an chláir náisiúnta de réir aisghabhálacha, réamh-mhaoiniú tairbhithe deiridh agus caiteachas a tabhaíodh iarbhír; [Leasú 154]

(b)  aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht an chláir agus an ghníomhaíochtaí a rinneadh chun dul i ngleic leo, lena n-áirítear tuairimí réasúnaithe arna n-eisiúint ag an gCoimisiún i ndáil le nós imeachta sáraithe faoi Airteagal 258 CFAE; [Leasú 155]

(c)  an chomhlántacht, an comhordú agus an comhleanúnachas idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gCiste seo agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile de chuid an Aontais, go háirithe bearta i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha amhail na cistí struchtúrtha, agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais; [Leasú 156]

(d)  rannchuidiú an chláir le cur chun feidhme an acquis agus na bpleananna gníomhaíochta ábhartha de chuid an Aontais agus le comhar agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit i réimse an tearmainn; [Leasú 157]

(da)  comhlíonadh na gceanglas um chearta bunúsacha; [Leasú 158]

(e)  cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)  comhlíonadh na gcoinníollacha cumasaithe is infheidhme agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse.

(g)  an líon daoine a athlonnófar nó a ligfear isteach le cúnamh ón gCiste i gcomhréir leis na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus (2); [Leasú 159]

(h)  líon iarratasóirí nó tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 17b. [Leasú 160]

(ha)  líon na ndaoine leochaileacha a fuair cúnamh tríd an gclár, lena n-áirítear leanaí agus iad siúd ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh; [Leasú 161]

3.  Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl faoin spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha. A luaithe a ghlacfar leo, déanfaidh an Coimisiún achoimrí ar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus foilseoidh sé ar shuíomh gréasáin tiomnaithe iad. Mura ndéanfaidh na Ballstáit é a chur ar aghaidh i gcomhréir le mír 1, déanfar téacs iomlán na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna iarraidh sin dóibh. [Leasú 162]

4.  Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Airteagal 31

Faireachán agus tuairisciú

1.  Bunófar faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1, i dTábla 2 agus i dTábla 3 in Iarscríbhinn VI. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach maoiniúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na cineálacha idirghabhála i gcomhréir le hAirteagal 32.

2.  Úsáidfear na táscairí sin i gcomhréir le hAirteagal 12(1), le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) .../2021[Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4, 9, 13, 16, 17b, 18, 28 agus 31 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028. [Leasú 163]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4, 9, 13, 16, 17b, 28, agus 31 a chúlghairm aon tráth. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. [Leasú 164]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4, 9, 13, 16, 17b, 18, 28 agus 31 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 165]

Airteagal 33

Nós imeachta coiste

1.  Beidh an Coiste Comhordaithe um an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí ina chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás nach dtugann an coiste achomhairc tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a ghlacadh.

Airteagal 34

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní bheidh éifeacht ag an Rialachán seo ar leanúint de ná ar leasú na mbeart lena mbaineann faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014, a leanfaidh d'fheidhm a bheith aige maidir leis na bearta lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chiste na speansais is gá maidir leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach chun an t‑aistriú idir an Ciste agus na bearta a glacadh faoina réamhtheachtaí, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014, a áirithiú.

Airteagal 35

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Critéir maidir le leithdháileadh cistí ar na cláir faoi bhainistíocht chomhroinnte

1.  Déanfar na hacmhainní atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 11 a roinnt idir na Ballstáit mar a leanas:

(a)  Gheobhaidh gach Ballstát méid seasta EUR 5 000 000 10 000 000 ón gCiste ag tús na clárthréimhse amháin; [Leasú 166]

(b)  Leithdháilfear na hacmhainní atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 11 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

–  30 % le haghaidh tearmainn;

–  30 % le haghaidh imirce dhleathach agus lánpháirtíochta;

–  40 % le haghaidh an imirce neamhrialta a throid, filltí san áireamh.

2.  Tabharfar na critéir a leanas sa réimse um thearmann san áireamh agus déanfar iad a ualú mar seo a leanas:

(a)  30 % i gcomhréir le líon na ndaoine atá in aon cheann de na catagóirí seo a leanas:

–  Aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a bhfuil an stádas arna shainmhíniú ag Coinbhinsiún na Ginéive dáfa dó;

–  Aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a fhaigheann cineál cosanta coimhdí de réir bhrí Threoir athmhúnlaithe 2011/95/AE(30);

–  Aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a fhaigheann cosaint shealadach de réir bhrí Threoir 2001/55/CE(31).

(b)  60 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a chuir isteach ar chosaint idirnáisiúnta.

(c)  10 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát atá á n‑athlonnú nó a athlonnaíodh i mBallstát.

3.  Tabharfar na critéir a leanas sa réimse um imirce dhleathach san áireamh agus déanfar iad a ualú mar seo a leanas:

(a)  40% i gcomhréir le líon iomlan na náisiúnach tríú tír atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát.

(b)  60% i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír a fuair an chéad chead cónaithe.

(c)  Ní chuirfear na catagóirí daoine a leanas san áireamh chun críche an ríomha dá dtagraítear i mír 3(b) áfach:

–  Náisiúnaigh tríú tír a bhfuil an chéad chead cónaithe obair-bhainteach a bheidh bailí ar feadh níos lú ná 12 mhí á eisiúint dóibh;

–  Náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí i gcomhréir le Treoir 2004/114/CE(32) ón gComhairle nó nuair is infheidhme le Treoir (AE) 2016/801(33);

–  Náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach chun críocha taighde eolaíoch i gcomhréir le Treoir 2005/71/CE(34) ón gComhairle nó nuair is infheidhme le Treoir (AE) 2016/801.

4.  Sa réimse maidir le himirce neamhrialta a throid, lena n-áirítear an filleadh, tabharfar na critéir a leanas san áireamh: [Leasú 167]

(a)  50% i gcomhréir le An líon náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha chun teacht isteach agus fanacht i gcríoch an Bhallstáit nó nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a thuilleadh agus atá faoi réir ag cinneadh críochnaitheach um fhilleadh faoin dlí náisiúnta agus / nó faoi dhlí an Aontais, .i. cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach, lena sonraítear nó lena ndearbhaítear neamhdhleathacht fanachta agus lena bhforchuirtear oibleagáid um fhilleadh; [Leasú 168]

(b)  50% i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír a d’fhág críoch an Bhallstáit tar éis ordú riaracháin nó breithiúnach chun imeacht, cibé an ndéantar é ar bhonn deonach nó comhéigin.[Leasú 169]

5.  Is iad na figiúirí tagartha ar na sonraí staidrimh bliantúla is déanaí arna dtáirgeadh ag an gCoimisiún (Eurostat) lena gclúdaítear na trí bliana féilire roimhe sin ar bhonn na sonraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit ar dháta infheidhmeacht an Rialacháin seo i gcomhréir le dlí an Aontais a úsáidfear don leithdháileadh tosaigh. Ba cheart sonraí a imdhealú de réir inscne agus aoise, de réir leochaileachtaí sonracha agus de réir stádas tearmainn, lena n-áirítear maidir le leanaí. I gcás an athbhreithnithe mheántéarma, beidh na figiúirí tagartha ar na sonraí staidrimh bliantúla is déanaí atá táirgthe ag an gCoimisiún (Eurostat) lena gclúdaítear na trí bliana féilire roimhe sin atá ar fáil tráth an athbhreithnithe mheántéarma in 2024 ar bhonn na sonraí arna gcur ar fáil ag Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcás nach bhfuil na staidrimh lena mbaineann curtha ar fáil ag Ballstáit don Choimisiún (Eurostat), cuirfidh siad na sonraí sealadacha ar fáil chomh luath agus is féidir. [Leasú 170]

6.  Sula nglactar na sonraí sin mar fhigiúirí tagartha, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht, ar chomparáideacht agus ar chríochnúlacht na faisnéise staidrimh i gcomhréir le gnáthnósanna imeachta oibríochta. Ar iarratas ón gCoimisiún (Eurostat), déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis riachtanach ar fad a chur ar fáil dó chun na críche sin.

IARSCRIBHINN II

Bearta cur chun feidhme

1.  Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme a leanas:

(a)  feidhmiú aonchineálach acquis an Aontais agus na dtosaíochtaí a bhaineann leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a áirithiú;

(b)  tacú le cumas chóras tearmainn na mBallstát, lena n-áirítear ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach, maidir le bonneagar, amhail coinníollach glactha leordhóthanacha, go háirithe do mhionaoisigh, agus seirbhísí, amhail cúnamh dlí agus ionadaíocht agus ateangaireacht dhlíthiúil nuair is gá; [Leasú 171]

(c)  dlúthpháirtíocht agus comhroinnt dualgas a fheabhsú idir na Ballstáit, go háirithe i measc iadsan a ndéanann sreafaí imirce tionchar orthu, agus trí thacaíocht a chur ar fáil do Bhallstáit a rannchuidíonn le hiarrachtaí dlúthpháirtíochta; [Leasú 172

(d)  dlúthpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha chuig ar aslonnaíodh líon mór daoine atá i ngátar cosanta idirnáisiúnta a fheabhsú, lena n-áirítear trí chothú a dhéanamh ar chumas na dtíortha sin coinníollacha glactha agus cosanta idirnáisiúnta a fheabhsú agus trí athlonnú agus trí bhealaí dleathacha eile i dtreo cosanta san Aontais go háirithe do ghrúpaí leochaileacha amhail leanaí agus déagóirí atá i mbaol rioscaí cosanta anuas ar chomhpháirtíocht agus ar chomhar le tríú tíortha maidir le hiarrachtaí comhair domhanda i réimse na cosanta idirnáisiúnta. [Leasú 173]

(da)  cúnamh oibríochtúil agus cúnamh teicniúil do Bhallstáit amháin nó do roinnt Ballstát eile a chur chun feidhme i gcomhar leis an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn. [Leasú 174]

2.  Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  tacú le forbairt agus cur chun feidhme beartas a chuireann imirce dleathach chun cinn, lena n-áirítear athaontú teaghlaigh, agus le cur chun feidhme acquis an Aontais um imirce dhleathach, go háirithe na hionstraimí imirce um shaothar dleathach i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta infheidhme maidir le himirce agus cosaint d’oibrithe imirceacha; [Leasú 175]]

(aa)  tacú le bearta struchtúrtha agus tacaíochta a éascaíonn teacht isteach agus fanacht dleathach san Aontas, agus forbairt a dhéanamh ar na bearta sin; [Leasú 176]

(ab)  comhpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha a n-imríonn sreafaí imirce tionchar orthu, lena n-áirítear trí bhealaí dleathacha chun teacht isteach san Aontas, a fheabhsú chun críche iarrachtaí comhair domhanda i réimse na himirce; [Leasú 177]

(b)  promoting early integration measures for the social and economic inclusion of third‑country nationals, preparing their active participation in and their acceptance by the receiving society, in particular with the involvement of local

2a.  Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(2), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  bearta um lánpháirtíocht a chur chun cinn le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a chuimsiú go sóisialta agus go heacnamaíoch, athaontú teaghlaigh a éascú, ag déanamh ullmhúchán ionas go mbeidís rannpháirteach ar bhonn gníomhach sa tsochaí ghlactha agus go nglacfaí leo, go háirithe trí rannpháirtiú na n-údarás áitiúil nó réigiúnach, eagraíochtaí neamhrialtasacha, lena n-áirítear eagraíochtaí do dhídeanaithe agus imircigh agus comhpháirtithe sibhialta; agus

(b)  bearta cosanta a chur chun cinn agus a chur chun feidhme do dhaoine leochaileacha maidir le bearta lánpháirtíochta. [Leasú 179]

3.  Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach i bpointe (ca) d’Airteagal 3(2), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme a leanas: [Leasú 180]

(a)  feidhmiú aonchineálach acquis an Aontais agus na dtosaíochtaí beartais maidir le bonneagar, nósanna imeachta agus seirbhísí;

(b)  cur chuige comhtháite agus comhordaithe a thacú maidir le bainistiú filltí ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, agus cumais a fhorbairt ionas go mbeadh filleadh éifeachtach, díniteach agus inbhuanaithe agus dreasachtaí le haghaidh imirce neamhrialta a laghdú; [Leasú 181]

(c)  tacú le filleadh deonach cuidithe, le baill teaghlach a lorg agus le hathlánpháirtíocht, agus leas is fearr mhionaoiseach á urramú ag an am céanna; [Leasú 182]

(d)  comhar le tríú tíortha agus agus lena gcumais comhaontuithe um athligean isteach agus socruithe eile a chur chun feidhme, agus chun lena n-áirítear athlánpháirtíocht chun filleadh inbhuanaithe a chumasú. [Leasú 183]

3a.  Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach i bpointe (cb) d’Airteagal 3(2), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas

(a)  urraim don dlí idirnáisiúnta agus do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir le beartais agus bearta tearmainn agus imirce, a chur chun cinn agus a chur chun feidhme;

(b)  dlúthpháirtíocht agus comhroinnt dualgas a fheabhsú idir na Ballstáit, go háirithe i measc iadsan a n-imríonn sreafaí imirce tionchar orthu, agus tacaíocht a chur ar fáil do Bhallstáit ar leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do chomhpháirtithe sóisialta ina n-iarrachtaí dlúthpháirtíochta;

(c)  tacú le haistriú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. [Leasú 184]

IARSCRÍBHINN III

Raon feidhme na tacaíochta Gníomhaíochtaí incháilithe a gheobhaidh tacaíocht ón ionstraim i gcomhréir le hAirteagal 3 [Leasú 185]

1.  Ba cheart don Chiste, laistigh den chuspóir beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1), tacú leis an méid a leanas go háirithe a thacú: [Leasú 186]

(a)  straitéisí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le acquis an Aontais a chur chun feidhme i ndáil le tearmann, imirce dhleathach, lánpháirtiú, go háirithe straitéisí lánpháirtíochta áitiúla, filleadh agus imirce neamhrialta a cheapadh agus a fhorbairt; [Leasú 187]

(b)  struchtúir, córais agus uirlisí riaracháin a chur ar bun agus an fhoireann a oiliúint, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha eile i gcomhar le gníomhaireachtaí Aontais ábhartha, i gcás inarb iomchuí; [Leasú 188]

(c)  forbairt, faireachán agus measúnú ar bheartais agus ar nósanna imeachta lena n-áirítear sonraí agus staidrimh cháilíochtúil agus chainníochtúil maidir le himirce agus cosaint idirnáisiúnta a fhorbairt, a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh, agus uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh coitianta a fhorbairt agus a fheidhmiú chun dul chun cinn a thomhas agus forbairtí beartais a mheasúnú; [Leasú 189]

(d)  faisnéis, na cleachtais is fearr, straitéisí a mhalartú, foghlaim fhrithpháirteach, staidéir agus taighde, gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus líonraí comhair thrasnáisiúnta a chur ar bun;

(e)  seirbhísí cúnaimh agus tacaíochta atá íogair ó thaobh inscne de agus atá comhsheasmhach le stádas agus le riachtanais an duine lena mbaineann, go háirithe na grúpaí daoine leochaileacha; [Leasú 190]

(ea)  cosaint éifeachtach do leanaí i mbun imirce, lena n-áirítear measúnaithe maidir le leas an linbh a chur chun feidhme sula nglacfar aon chinneadh, na bearta uile a liostaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiúin an 12 Aibreán 2017 maidir le himircigh ar leanaí iad a chosaint a chur chun feidhme, amhail tithíocht iomchuí a sholáthar do gach mionaoiseach neamhthionlactha, agus caomhnóirí a cheapadh dóibh go tráthúil, ranníocaíochtaí don Líonra Eorpach um Institiúidí Caomhnóireachta, agus forbairt faireachán agus measúnú a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta coimirce leanaí, lena n-áirítear sásra gearáin bunaithe ar chearta leanaí; [Leasú 191]

(f)  gníomhaíochtaí dírithe ar fheasacht a fheabhsú maidir le beartais tearmainn, lánpháirtíochta, imirce dleathaí agus fillte, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear leanaí i measc páirtithe leasmhara agus an phobail i gcoitinne; [Leasú 192]

2.  Laistigh den sainchuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a), tacóidh an Ciste leis na gníomhaíochtaí a leanas go háirithe: [Leasú 193]

(a)  cabhair ábhartha a chur ar fáil, lena n‑áirítear cúnamh ag an teorainn, saoráidí a oireann do leanaí agus atá íogair ó thaobh inscne de, seirbhísí éigeandála arna soláthar ag údaráis áitiúla, oideachas, oiliúint, seirbhísí tacaíochta, cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil, cúram sláinte agus cúram síceolaíoch a sholáthar; [Leasú 194]

(b)  nósanna imeachta tearmann a reáchtáil, lena n-áirítear baill teaghlach a lorg agus rochtain ar chúnamh dlí agus ar ionadaíocht dhlíthiúil a áirithiú d’iarratasóirí tearmainn ag gach céim den nós imeachta; [Leasú 195]

(c)  iarratasóirí a bhfuil riachtanais nós imeachta nó ghlactha speisialta acu a shainaithint, lena n-áirítear íospartaigh gáinneála, mionaoisigh agus daoine leochaileacha eile amhail íospartaigh céasta agus foréigin inscnebhunaithe a shainaithint go luath, agus a atreorú chuig seirbhísí speisialaithe; [Leasú 196]

(ca)  seirbhísí síceasóisialta agus athshlánaithe cáilithe a sholáthar d’íospartaigh foréigin agus céasta, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe; [Leasú 197]

(d)  bonneagar cóiríochta glactha a bhunú nó a fheabhsú, amhail tithíocht in aonaid bheaga agus bonneagar ar mhionscála a thugann aghaidh ar riachtanais na dteaghlach le mionaoisigh, lena n-áirítear iad sin arna soláthar ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus lena n-áirítear úsáid chomhpháirteach fhéideartha ar shaoráidí dá leithéid ag níos mó ná aon Bhallstát; [Leasú 198]

(da)  foirmeacha cúraim malartacha a sholáthar a dhéanfar a lánpháirtiú le córais náisiúnta cosanta leanaí atá ann cheana agus a thabharfaidh aghaidh ar riachtanais gach leanbh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; [Leasú 199]

(e)  cumas na mBallstát faisnéis faoi thír tionscnaimh a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh roinnt eatarthu féin a fheabhsú; [Leasú 200]

(f)  gníomhaíochtaí a bhaineann le déanamh nósanna imeachta chun scéimeanna athlonnaithe náisiúnta scéimeanna don ligean isteach daonnúil a chur chun feidhme amhail dá leagtar amach sa Rialachán seo; [Leasú 201]

(g)  aistrithe iarratasóirí agus tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta; [Leasú 202]

(h)  feabhas a chur ar chumais tríú tíortha chun cosaint daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu a fheabhsú, lena n-áirítear trí thacú le forbairt sásraí láidir cosanta leanaí i dtríú tíortha, ag áirithiú go dtabharfar cosaint do leanaí i ngach limistéar ar fhoréigean, ar mhí-úsáid agus ar fhaillí agus ag áirithiú go mbeidh rochtain acu ar oideachas agus ar chúram sláinte; [Leasú 203]

(i)  malairtí éifeachtacha ar choinneáil agus ar chúram institiúideach a bhunú, a fhorbairt agus a fheabhsú, go háirithe maidir le mionaoisigh neamhthionlactha agus leanaí le teaghlaigh i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. [Leasú 204]

3.  Ag teacht leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b), tabharfar tacaíocht leis an gCiste don mhéid a leanas go háirithe: [Leasú 205]

(a)  pacáistí faisnéise agus feachtais chun feasacht ar bhealaí dleathacha imirce chuig an Aontas a mhúscailt, lena n‑áirítear faoi acquis an Aontais um imirce dhleathach;

(b)  scéimeanna soghluaisteachta chuig an Aontas a fhorbairt, amhail lena n-áirítear scéimeanna imirce ciorclaí nó sealadaí, ach gan a bheith teoranta dóibh sin, lena n-áireofaí gairmoiliúint agus oiliúint eile chun infhostaitheacht a fheabhsú; [Leasú 206]

(c)  comhar idir tríú tíortha agus na gníomhaíochtaí earcaíochta, na seirbhísí fostaíochtaí agus seirbhísí imirce na mBallstát;

(d)  measúnú agus aitheantas ar scileanna agus ar cháilíochtaí, lena n-áirítear taithí ghairmiúil, arna bhfáil i dtríú tír, agus ar a dtrédhearcacht agus ar a gcomhoiriúnacht le cinn ó Bhallstát agus caighdeáin chomhchoiteanna maidir le meastóireacht a fhorbairt; [Leasú 207]

(e)  cúnamh i gcomhthéacs na bhfeidhmeanna d'athaontú teaghlaigh de réir bhrí chun cur chun feidhme comhchuibhithe Threoir 2003/86/CE ón gComhairle(35); [Leasú 208]

(f)  cúnamh, lena n-áirítear cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil maidir le hathrú stádais le haghaidh náisiúnach tríú tír atá ina gcónaí go dleathach cheana féin i mBallstát, go háirithe maidir le stádas cónaithe dleathach arna shainiú ar leibhéal an Aontais a fháil; [Leasú 209]

(fa)  cúnamh maidir le cearta náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go dleathach san Aontas a fheidhmiú, go háirithe maidir le soghluaisteacht laistigh den Aontas agus le rochtain ar fhostaíocht; [Leasú 210]

(g)  bearta um lánpháirtiú luath amhail tacaíocht shaincheaptha i gcomhréir le riachtanais náisiúnach tríú tír agus cláir lánpháirtíochta ag díriú ar oideachas, ar theanga agus ar oiliúint eile amhail cúrsaí insealbhaithe saoránachta agus treoir ghairmiúil; [Leasú 211]

(h)  gníomhaíochtaí lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn maidir le seirbhísí poiblí agus príobháideacha a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír agus a dteacht orthu, lena n‑áirítear iad a oiriúnú de réir riachtanais an spriocghrúpa; [Leasú 212]

(i)  comhar idir comhlachtaí rialtais agus neamhrialtais ar dhóigh chomhtháite, lena n‑áirítear trí ionaid tacaíochta chomhordaithe um lánpháirtíocht, amhail ionaid ilfhreastail; [Leasú 213]

(j)  gníomhaíochtaí lena gcumasaítear agus lena dtacaítear teacht isteach agus rannpháirtíocht ghníomhach náisiúnach tríú tír sa tsochaí ghlactha agus gníomhaíochtaí lena gcuirtear glacacht sa tsochaí ghlactha chun cinn; [Leasú 214]

(k)  malartuithe agus idirphlé idir náisiúnaigh tríú tír, an tsochaí ghlactha agus údaráis phoiblí a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí chomhairliúchán le náisiúnaigh tríú tír, agus trí idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh. [Leasú 215]

3a.  Ba cheart don Chiste, laistigh den sainchuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2), tacú leis an méid a leanas go háirithe:

(a)  bearta um lánpháirtiú amhail tacaíocht shaincheaptha i gcomhréir le riachtanais náisiúnach tríú tír agus cláir lánpháirtíochta ag díriú ar oideachas agus cúram cuimsitheach, ar theanga, ar chomhairleoireacht, ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint eile amhail cúrsaí insealbhaithe saoránachta agus treoir ghairmiúil;

(b)  tógáil ar chumas na seirbhísí lánpháirtíochta arna soláthar ag údaráis áitiúla;

(c)  gníomhaíochtaí lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn maidir le seirbhísí poiblí agus príobháideacha a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír agus a dteacht orthu, lena n-áirítear rochtain ar oideachas, ar chúram sláinte agus tacaíocht shíceasóisialta agus iad a oiriúnú de réir riachtanais an spriocghrúpa;

(d)  comhar idir comhlachtaí rialtais agus neamhrialtais ar dhóigh chomhtháite, lena n-áirítear trí ionaid tacaíochta chomhordaithe um lánpháirtíocht, amhail ionaid ilfhreastail;

(e)  gníomhaíochtaí lena gcumasaítear agus lena dtacaítear teacht isteach agus rannpháirtíocht ghníomhach náisiúnach tríú tír sa tsochaí ghlactha agus gníomhaíochtaí lena gcuirtear glacacht sa tsochaí ghlactha chun cinn;

(f)  malartuithe agus idirphlé idir náisiúnaigh tríú tír, an tsochaí ghlactha agus údaráis phoiblí a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chomhairliúchán le náisiúnaigh tríú tír, agus trí idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh. [Leasú 216]

4.  Laistigh den sainchuspóir dá dtagraítear i bpointe (ca) d’Airteagal 3(2)(c), tacóidh an Ciste go háirithe leis an méid a leanas: [Leasú 217]

(a)  feabhsú ar bhonneagar do ghlacadh oscailte agus feabhsú ar an mbonneagar atá ann cheana don choinneáil, lena n-áirítear úsáid chomhpháirteach fhéideartha ar shaoráidí dá leithéid ag níos mó ná aon Bhallstát; [Leasú 218]

(b)  malairtí éifeachtacha bunaithe ar bhainistiú de réir an cháis sa chomphobal, ar choinneáil a thabhairt isteach, a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a fheabhsú, go háirithe maidir le mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh; [Leasú 219]

(ba)  sainaithint agus glacadh íospartach gáinneála i gcomhréir le Treoir 2011/36/AE agus Treoir 2004/81/CE1a ón gComhairle(36); [Leasú 220]

(c)  córais neamhspleácha agus éifeachtacha chun faireachán a dhéanamh ar an bhfilleadh éigeantach a thabhairt isteach agus a atreisiú, mar a leagtar síos in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE(37);

(d)  cur i gcoinne laghdú na ndreasachtaí maidir le himirce neamhrialta, lena n‑áirítear imircigh neamhrialta a fhostú, trí chigireachtaí éifeachtacha agus imleora bunaithe ar mheasúnú riosca, foireann a chur faoi oiliúint, sásraí a chur ar‑ bun agus a chur chun feidhme trínar féidir le himircigh neamhrialta aisíocaíochtaí a éileamh agus gearáin a dhéanamh in aghaidh a bhfostóirí, nó feachtais faisnéise agus múscailte ‑feasachta chun eolas a chur in iúl d’fhostóirí agus d’imircigh faoina gcearta agus faoina n‑oibleagáidí de bhun Threoir 2009/52/CE(38); [Leasú 221]

(e)  ullmhúchán maidir le filleadh, lena n‑áirítear bearta a ndéantar cinntí um fhilleadh mar gheall orthu, náisiúnaigh tríú tír a shainaithint, doiciméid taistil a eisiúint agus baill teaghlach a lorg;

(f)  comhar leis na húdaráis chonsalacha agus le seirbhísí inimirce nó le húdaráis agus le seirbhísí ábhartha eile de thríú tíortha d’fhonn doiciméid taistil a fháil, filleadh a éascú agus athligean isteach a áirithiú lena n‑áirítear trí oifigigh idirchaidrimh tríú ‑tír a imlonnú;

(g)  cúnamh maidir le filleadh, go háirithe filleadh cuidithe deonach agus faisnéis maidir le cláir um fhilleadh cuidithe deonach, lena n-áirítear trí threoir shonrach a sholáthar do leanaí i nósanna imeachta fillte agus nósanna imeachta atá bunaithe ar chearta leanaí a áirithiú; [Leasú 222]

(h)  oibríochtaí um dhíbirt, lena n‑áirítear bearta gaolmhara, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, cé is moite de threalamh comhéigneach;

(i)  bearta chun tacú le filleadh marthanach agus ath‑lánpháirtiú an fhillí;

(j)  áiseanna agus seirbhísí tacaíochta i dtríú tíortha a áirithíonn cóiríocht shealadach agus glacadh iomchuí ar shroicheadh áite dóibh agus athrú tapa chuig cóiríocht sa chomhphobal lena n‑áirítear i gcás mionaoiseach neamhthionlactha agus grúpaí leochaileacha eile i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; [Leasú 223]

(k)  comhar le tríú tíortha maidir le cur i gcoinne na himirce neamhrialta agus maidir le filleadh agus athligean isteach éifeachtach, lena n‑áirítear maidir le comhaontuithe um athligean isteach agus socruithe eile a chur chun feidhme; [Leasú 224]

(l)  bearta lena mbaineann an aidhm feasacht maidir le bealaí dleathacha inimirce imirce iomchuí agus na priacail a ghabhann leis an inimirce mhídhleathach neamhrialta a mhúscailt; [Leasú 225]

(m)  tacaíocht do thríú tíortha agus gníomhaíochtaí iontu, lena n‑áirítear maidir le bonneagar, trealamh agus bearta eile, ar an gcoinníoll go rannchuidíonn siad le feabhas ar chomhar éifeachtach idir tríú tíortha agus an tAontas agus Ballstáit an Aontais maidir le filleadh agus athligean isteach. [Leasú 226]

4a.  Laistigh den sainchuspóir dá dtagraítear i bpointe (cb) d’Article 3(2), tacóidh an Ciste leis an méid a leanas:

(a)  cur chun feidhme aistrithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, lena n-áirítear na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 17b den Rialachán seo;

(b)  tacaíocht oibriúcháin maidir le baill foirne atá ar iasacht nó cúnamh airgeadais arna sholáthar ag Ballstát amháin do Bhallstát eile atá faoi thionchar dúshlán imirce;

(c)  gníomhaíochtaí a bhaineann le déanamh nósanna imeachta chun scéimeanna athlonnaithe náisiúnta nó scéimeanna don ligean isteach daonnúil a chur chun feidhme. [Leasú 227]

IARSCRÍBHINN IV

Gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh tuilleadh cómhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 12(2) agus Airteagal 13(7)

–  Bearta lánpháirtíochta arna gcur chun feidhme ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí do dhídeanaithe agus d’imircigh; [Leasú 228]

–  Gníomhaíochtaí chun malairtí éifeachtacha in ionad coinneála agus cúram institiúideach a fhorbairt agus a chur chun feidhme; [Leasú 229]

–  Cláir um Fhilleadh Cuidithe Deonach agus Ath‑lánpháirtíocht agus gníomhaíochtaí eile lena mbaineann;

–  Bearta ag díriú ar dhaoine leochaileacha agus ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil riachtanais speisialta acu maidir le glacadh nó nós imeachta, lena n-áirítear bearta chun cosaint éifeachtach ar leanaí i mbun imirce a áirithiú, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha. [Leasú 230]

IARSCRÍBHINN V

Na príomhtháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 28(1)

Sainchuspóir 1: Gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, lena n‑áirítear a ghné sheachtrach:

-1.  Déanfar na príomhtháscairí feidhmíochta arna liostú anseo thíos a imdhealú de réir inscne agus aoise. [Leasú 231]

1.  Líon na ndaoine ar ndearnadh iad a athlonnú le tacaíocht ón gCiste.

1a.  Líon na ndaoine arna ligean isteach trí scéimeanna daonnúla; [Leasú 232]

2.  Líon na ndaoine sa chóras glactha i gcomparáid le líon na n‑iarratasóirí ar thearmann.

3.  Cóineasú ar rátaí aitheantais um chosaint do lucht iarrtha tearmainn ón tír chéanna.

3a.  Líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile le tacaíocht ón gCiste; [Leasú 233]

3b.  Líon na dtairbhithe ar chosaint idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile le tacaíocht ón gCiste; [Leasú 234]

Sainchuspóir 1a: Tacú leis an imirce dhleathach chuig na Ballstáit:

1.  Líon na gCártaí Gorma a eisíodh le tacaíocht ón gCiste.

2.  Líon na n-aistrithe ionchorparáideacha arna deonaíodh an stádas sin orthu le tacaíocht an Chiste.

3.  Number of applicants for family reunification effectively reunited with their family with the support of the Fund.

4.  Number of third-country nationals granted long-term residence permits with the support of the Fund. [Leasú 235]

Sainchuspóir 2: Tacú leis an imirce dhleathach chuig na Ballstáit lena n‑áirítear rannchuidiú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír: [Leasú 236]

1.  Líon na ndaoine a ghlac páirt i mbearta réamh‑imeachta a fuair tacaíocht ón gCiste.

2.  Líon na ndaoine a bhí rannpháirteach i mbearta lánpháirtíochta arna dtacú ag an gCiste a thuairiscíonn go raibh na bearta chun tairbhe dóibh dá lánpháirtiú luath i gcomparáid le líon iomlán na ndaoine a bhí rannpháirteach sna bearta lánpháirtíochta arna dtacú ag an gCiste. [Leasú 237]

2a.  Number of persons who participated in integration measures supported by the Fund who have subsequently obtained a job. [Leasú 238]

2b.  Number of persons who participated in integration measures supported by the Fund and who have had their qualification recognised or have obtained a diploma in one of the Member States. [Leasú 239]

Sainchuspóir 3: Rannchuidiú leis an imirce neamhrialta a throid agus éifeachtacht an fhillte agus an athligean isteach i dtríú tíortha a áirithiú:

1.  Líon na bhfillithe a leanann ordú chun imeacht i gcomparaid le líon na náisiúnach tríú tír a thugtar ordú chun imeacht dóibh. [Leasú 240]

2.  Líon na bhfillithe a fuair cúnamh athlánpháirtíochta roimh nó i ndiaidh a bhfillte agus é cómhaoinithe ag an gCiste, i gcomparáid le líon iomlán na bhfilltí arna dtacú ag an gCiste.

Specific objective 3a: To ensure solidarity and fair sharing of responsibility:

1.  Number of transfers of applicants for international protection carried out under Article 17b of this Regulation.

1a.  Number of transfers of beneficiaries of international protection carried out under Article 17b of this Regulation.

2.  Number of staff seconded or financial support provided to Member States subject to migration challenges.

3.  Number of persons resettled or admitted under humanitarian schemes with the support of the Fund. [Leasú 241]

IARSCRÍBHINN VI

Cineálacha idirghabhála

TÁBLA 1: CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

I.  CEAS

001

Coinníollacha glactha

002

Nósanna imeachta tearmainn

003

Acquis ón Aontas a chur chun feidhme

004

Imircigh ar leanaí iad

005

Daoine a bhfuil riachtanais ghlactha agus nós imeachta speisialta acu

006

Athlonnú

007

Iarractaí dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit

008

Tacaíocht oibriúcháin

II.  Imirce dhleathach agus lánpháirtiú

001

Straitéisí lánpháirtíochta a fhorbairt

002

Íospartaigh na gáinneála ar dhaoine

003

Bearta lánpháirtíochta – faisnéis agus treoraíocht, ionaid ilfhreastail

004

Bearta lánpháirtíochta – oiliúint teanga

005

Bearta lánpháirtíochta – saoránaíocht agus oiliúint eile

006

Bearta lánpháirtíochta – Tabhairt isteach, rannpháirtíocht, malartuithe sa tsochaí óstach

007

Bearta lánpháirtíochta – bunriachtanais

008

Bearta réamhimeachta

009

Scémeanna soghluaisteachta

010

Cónaitheacht dhleathach a fháil

III.  Filleadh

001

Malairtí ar choinneáil

002

Coinníollacha glactha/coinneála

003

Nósanna imeachta um fhilleadh

004

Filleadh cuidithe deonach

005

Cúnamh ath‑lánpháirtíochta

006

Oibríochtaí um Dhíbirt/Fhilleadh

007

Córas éifeachtach faireacháin ar chur ar ais éigeantach

008

Daoine leochaileacha/mionaoisigh neamhthionlactha

009

Bearta a théann i ngleic le dreasachtaí le haghaidh imirce neamhrialta

010

Tacaíocht oibriúcháin

 

IV.  Cúnamh teicniúil

001

Faisnéis agus cumarsáid

002

Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

003

Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

004

Forbairt acmhainní

TÁBLA 2: CÓID DO CHINEÁL AN DIMINSIN GHNÍOMHAÍOCHTA

001

Straitéisí náisiúnta a fhorbairt

002

Forbairt acmhainní

003

Oideachas agus oiliúint do náisiúnaigh tríú tír

004

Uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt

005

Faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú

006

Gníomhaíochtaí/oibríochtaí comhpháirteacha (idir na Ballstáit)

007

Feachtais agus faisnéis

008

Saineolaithe a mhalartú agus a thabhairt ar iasacht

009

Staidéir, treoirthionscadail, measúnuithe riosca

010

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla

011

Cúnamh agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do Náisiúnaigh Tríú Tír

012

Bonneagar

013

Trealamh

TÁBLA 3: CÓID DO DHIMINSEAN NA RIALAITHE MIONSONAITHE MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME

001

Gníomhaíocht shonrach

002

Cúnamh éigeandála

003

Comhar le tríú tíortha

004

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha

005

Gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV

IARSCRÍBHINN VII

Gníomhaíochtaí atá incháilithe chun tacaíocht oibriúcháin a fháil

Laistigh den sainchuspóir chun gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a fhorbairt, lena n‑áirítear a ghné sheachtrach, agus an sainchuspóir chun rannchuidiú le himirce neamhrialta a throid, éifeachtacht d’fhilleadh agus d’athligean isteach i dtríú tíortha a áirithiú, cuimseoidh an tacaíocht oibriúcháin an méid a leanas:

–  costais foirne;

–  costais seirbhíse, amhail trealamh a chothabháil nó a athsholáthar;

–  costais seirbhíse, amhail bonneagar a chothabháil agus a dheisiú.

IARSCRÍBHINN VIII

Na táscairí aschuir agus toraidh dá dtagraítear in Airteagal 28(3)

Sainchuspóir 1: Gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, lena n‑áirítear a ghné sheachtrach:

-1.  All the core performance indicators listed below shall be disaggregated by sex and age. [Leasú 242]

1.  Líon na ndaoine ón spriocghrúpa ar tugadh cúnamh dóibh le tacaíocht ón gCiste:

(a)  Líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a bhaineann tairbhe as faisnéis agus as cúnamh de bhun na nósanna imeachta tearmainn;

(b)  Líon na ndaoine atá sa spriocghrúpa a bhaineann tairbhe as cúnamh dlí agus as ionadaíocht dhlíthiúil;

(c)  Líon na ndaoine leochaileacha, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, agus na mionaoiseach neamhthionlactha a bhaineann tairbhe ó chúnamh sonrach.

2.  Cumas (líon na n‑áiteanna) an bhonneagair nua cóiríochta glactha a cuireadh ar bun i gcomhréir leis na comhcheanglais do choinníollacha glactha a leagtar amach in acquis an Aontais agus i gcomhréir leis an mbonneagar cóiríochta glactha atá ann cheana ar cuireadh feabhas air i gcomhréir leis na ceanglais chéanna de bharr na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gCiste agus an céatadán sa chumas cóiríochta glactha iomlán;

3.  Líon na n‑áiteanna arna n‑oiriúnú do mhionaoisigh neamhthionlactha arna dtacú ag an gCiste i gcomparáid le líon iomlán na n‑áiteanna arna n‑oiriúnú do mhionaoisigh neamhthionlactha.

4.  Líon na ndaoine a fhaigheann oiliúint ar ábhair a bhaineann le tearmann le cúnamh ón gCiste, agus an líon sin léirithe mar chéatadán de líon iomlán den fhoireann a fuair oiliúint maidir leis na hábhair sin;

5.  Líon na n‑iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile le tacaíocht ón gCiste;

6.  Líon na ndaoine ar ndearnadh iad a athlonnú le tacaíocht ón gCiste.

Sainchuspóir 1a: Tacú leis an imirce dhleathach chuig na Ballstáit:

1.  Líon na gCártaí Gorma a eisíodh le tacaíocht ón gCiste.

2.  Líon na n-aistrithe ionchorparáideacha ar deonaíodh an stádas sin orthu le tacaíocht an Chiste.

3.  Líon na n-iarratasóirí ar athaontú teaghlaigh arna n-athaontú go héifeachtach lena dteaghlach le tacaíocht an Chiste.

4.  Líon na náisiúnach tríú tír ar deonaíodh ceadanna cónaithe fadtéarmacha orthu le tacaíocht an Chiste. [Leasú 243]

Sainchuspóir 2: Tacú leis an imirce dhleathach chuig na Ballstáit lena n‑áirítear rannchuidiú le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír: [Leasú 244]

1.  Líon na ndaoine a ghlac páirt i mbearta réamh‑imeachta a fuair tacaíocht ón gCiste.

2.  Líon na n‑údarás áitiúil agus réigiúnach a chuir bearta lánpháirtíochta chun feidhme le tacaíocht ón gCiste.

2a.  Líon na ndaoine a ghlac páirt i mbearta lánpháirtíochta a fuair tacaíocht ón gCiste a bhfuil post faighte acu ó shin. [Leasú 245]

2b.  Líon na ndaoine a ghlac páirt i mbearta lánpháirtíochta a fuair tacaíocht ón gCiste agus a bhfuil dioplóma gnóthaithe i gceann de na Ballstáit acu ó shin. [Leasú 246]

3.  Líon na ndaoine a ghlac páirt i mbearta réamh‑imeachta a fuair tacaíocht faoin gCiste ag díriú ar:

(a)  oideachas agus oiliúint;

(b)  lánpháirtiú sa mhargadh saothair;

(c)  rochtain ar sheirbhísí bunúsacha; agus

(d)  rannpháirtíocht ghníomhach agus cuimsiú sóisialta.

4.  Líon na ndaoine a bhí rannpháirteach i mbearta lánpháirtíochta arna dtacú ag an gCiste a thuairiscíonn go raibh na bearta chun tairbhe dóibh dá lánpháirtiú luath i gcomparáid le líon iomlán na ndaoine a bhí rannpháirteach sna bearta lánpháirtíochta arna dtacú ag an gCiste;

4a.  Líon náisiúnach tríú tír a chur oideachas bunleibhéal, dara leibhéal nó tríú leibhéal i gcrích go rathúil sa Bhallstát le tacaíocht ón gCiste. [Leasú 247]

Sainchuspóir 3: Rannchuidiú leis an imirce neamhrialta a throid agus éifeachtacht an fhillte agus an athligean isteach i dtríú tíortha a áirithiú:

1.  Líon na n‑áiteanna in ionaid choinneála arna gcruthú/n‑athchóiriú le tacaíocht ón gCiste, i gcomparáid le líon iomlán na n‑áiteanna arna gcruthú/n‑athchóiriú in ionaid choinneála.

2.  Líon na ndaoine a fhaigheann oiliúint ar ábhair a bhaineann le filleadh agus a fhaigheann cúnamh ón gCiste.

3.  Líon na bhfillithe a raibh a bhfilleadh cómhaoinithe ag an gCiste i gcomparáid le líon iomlán na bhfillithe a bhfuil ordú chun imeachta á gcomhlíonadh acu:

(a)  daoine a d’fhill go toilteanach;

(b)  daoine a díbríodh.

4.  Líon na bhfillithe a fuair cúnamh athlánpháirtíochta roimh nó i ndiaidh a bhfillte agus é cómhaoinithe ag an gCiste, i gcomparáid le líon iomlán na bhfilltí arna dtacú ag an gCiste.

(a)  daoine a d’fhill go toilteanach;

(b)  daoine a díbríodh; [Leasú 248]

Sainchuspóir 3a: Dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir na freagrachta a áirithiú:

1.  Líon na n-aistrithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta arna gcur i gcrích faoi Airteagal 17b den Rialachán seo.

1a.  Líon na n-aistrithe tairbhithe cosanta idirnáisiúnta arna gcur i gcrích faoi Airteagal 17b den Rialachán seo.

2.  Líon na mball foirne atá ar iasacht nó an tacaíocht airgeadais arna sholáthar do Bhallstát atá faoi réir dúshlán imirce.

3.  Líon na ndaoine ar ndearnadh iad a athlonnú le tacaíocht ón gCiste. [Leasú 249]

(1)IO C , , lch. .
(2)IO C , , lch. .
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(4)Rialachán (AE) ../.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] (IO L …, dáta], lch. ...).
(5) Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L 180, 29.6.2013, lch. 96).
(6) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a aistarraingt (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
(7) Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).
(8) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).
(10)Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(11)Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena bhforáiltear do chaighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24).
(12)Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).
(13)Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(14)2008/381/CE: Cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lch. 7).
(15)IO C 373, 20.12.2013, lch. 1;https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=uriserv%3AOJ.C_.2013.373.01.0001.01.ENG&toc=OJ%3AC%3A2013%3A373%3ATOC
(16)IO C , , lch. .
(17)IO C , , lch. .
(18)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/1995 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(19)IO C , , lch. .
(20)Rialachán (AE) 2017/1371 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(21)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(22)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(23)COM(2017)0623.
(24)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(25)IO C , , lch. .
(26)IO C , , lch. .
(27)IO C , , lch. .
(28) Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).
(29)Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
(30)Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí, agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).
(31)Níor cheart na sonraí a thabhairt san áireamh ach amháin sa chás go ndéantar Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 a ghníomhachtú maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
(32)Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lch. 12).
(33)Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha dul isteach agus cónaithe náisiúnach tríú tíortha chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).
(34)Treoir 2005/71/CE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2005 maidir le nós imeachta sonrach chun náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach chun críche taighde eolaíoch (IO L 289, 3.11.2005, lch. 15).
(35)Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh, (IO L 251, 03.10.2003 lch. 12).
(36) Treoir 2004/81/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gcead cónaithe a eisíodh do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh iad ar gháinneáil ar dhaoine nó a bhí faoi réir gníomhaíochta chun inimirce mhídhleathach a éascú, a oibríonn i gcomhar leis na húdaráis inniúla (IO L 261, 6.8.2004, lch. 19).
(37)Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit le haghaidh náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(38)Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le caighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24).


Lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí ***I
PDF 372kWORD 117k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí (COM(2018)0473 – C8-0272/2018 – 2018/0249(COD))
P8_TA(2019)0176A8-0089/2019

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0473),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2) agus d’Airteagal 79(2)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0272/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Buiséid (A8-0089/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí

P8_TC1-COD(2018)0249


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) agus Airteagal 79(2)(d) de

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  I gcomhthéacs na ndúshlán imirceach atá ag teacht chun cinn san Eoraip, chomh maith le hábhair imní faoi chúrsaí slándála, tá sé fíorthábhachtach go gcaomhnófar an chothromaíocht chúramach idir saorghluaiseacht daoine ar thaobh amháin agus an tslándáil ar an taobh eile. Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a ghnóthú, i measc nithe eile, trí bhíthin comhbheart maidir le trasnú teorainneacha inmheánacha ag daoine agus maidir le rialuithe teorann ag teorainneacha seachtracha agus trí bhíthin an chomhbheartais víosaí, agus an chothromaíocht chúramach idir saorghluaiseacht daoine ar thaobh amháin agus slándáil ar an taobh eile á caomhnú ag an am céanna. [Leasú 1]

(2)  De bhun Airteagal 80 CFAE, ba cheart na beartais sin agus cur chun feidhme na mbeartas sin a bheith á rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus prionsabal chomhroinnt chóir na freagrachta idir na Ballstáit, lena n‑áirítear na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis.

(3)  I nDearbhú na Róimhe arna shíniú an 25 Meán Fómhair 2017, dhearbhaigh ceannairí 27 mBallstát a ndiongbháilteacht i ndáil le hEoraip shábháilte agus shlán a áirithiú agus i ndáil le hAontas a chruthú ina mothóidh na saoránaigh go léir sábháilte agus ina bhféadfaidh siad gluaiseacht faoi shaoirse, ina mbeidh na teorainneacha seachtracha daingnithe agus ina mbeidh beartas imirce a bheidh éifeachtúil, freagrach agus inbhuanaithe, lena n-urramófar noirm idirnáisiúnta, chomh maith le hEoraip atá meáite ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe a chomhrac. [Leasú 2]

(3a)   Ba cheart gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim seo a chur chun feidhme i lánchomhréir le forálacha Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dlí cosanta sonraí an Aontais, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR), prionsabal na córa cothroime i dtaca le náisiúnaigh tríú tír, an ceart chun tearmainn agus chun cosaint idirnáisiúnta, prionsabal an non-refoulement agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta lenar sínithe iad amhail Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shainaithint, cúnamh láithreach agus atreorú chuig seirbhísí cosanta i gcás daoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaoisigh gan tionlacan. [Leasú 3]

(4)  Is é is cuspóir do bheartas an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha seachtracha bainistiú comhtháite coincheap an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, ar réamhchoinníoll é maidir le chun trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, chun imirce neamhrialta agus coireacht trasteorann a chosc agus a bhrath agus chun tacú leis an gcomhbheartas víosaí, ar coincheap é ar cheart dó atreisiú a dhéanamh ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus ar gné bhunúsach é de limistéar saoirse, slándála agus ceartais. [Leasú 4]

(5)  Le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, arna chur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5)13, atá comhdhéanta den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúramaí rialaithe teorann, ba cheart go gcuideofaí le rialú ag teorainneacha a chomhchuibhiú, trína bhfeabhsófaí bainistiú imirce dá bhrí sin, lena n-áirítear rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a éascú dóibh siúd a bhfuil sí de dhíth orthu - agus slándáil mhéadaithe a sholáthar trí rannchuidiú le coireacht agus sceimhlitheoireacht trasteorann a chomhrac. [Leasú 5]

(6)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce(6), sainaithníodh taisteal dlisteanach a éascú, agus imirce neamhrialta agus rioscaí slándála á gcosc, ar cheann de na príomhchuspóirí atá ag freagairt an Aontais ar na dúshláin sna réimsí sin. [Leasú 6]

(7)  D’iarr an Chomhairle Eorpach an 15 Nollaig 2016(7) go leanfaí d'idir-inoibritheacht córas faisnéise agus bunachar sonraí de chuid AE a sholáthar. Leag Chomhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2017(8) béim ar an ngá a bhí le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí agus an 12 Nollaig 2017 ghlac an Chomhairle togra le haghaidh Rialachán maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise de chuid AE(9). [Leasú 7]

(8)  Chun sláine limistéar Schengen a chaomhnú agus chun a fheidhmiú a neartú, bhí sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, ón 6 Aibreán 2017 i leith, seiceálacha córasacha a dhéanamh in aghaidh bunachair sonraí ábhartha maidir le saoránaigh de chuid AE atá ag trasnú teorainneacha seachtracha AE. Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún Moladh chuig na Ballstáit maidir le húsáid fheabhsaithe a bhaint as , sa bhreis ar na seiceálacha córasacha atá á ndéanamh cheana ar gach saoránach tríú tír a thagann isteach i limistéar Schengen. Ba léir go raibh gá le seiceálacha spriocdhírithe, áfach, in ionad seiceálacha córasacha ag roinnt pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha, mar gheall ar thionchar díréireach seiceálacha póilíní agus as comhar trasteorann córasacha ar shreabhadh tráchta trasteorann(10). [Leasú 8]

(8a)  Tá Moladh (AE) 2017/1804(11) eisithe ag an gCoimisiún freisin chuig na Ballstáit chun úsáid níos fearr a bhaint as seiceálacha póilíní agus comhar trasteorann chun srian a chur leis an tionchar ar shaorghluaiseacht agus chun an bhagairt don bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach a leigheas. D’ainneoin bearta difriúla atá curtha ar bun, tá roinnt Ballstát fós ag baint úsáid as rialú neamhdhleathach ag teorainneacha inmheánacha, lena mbaintear an bonn ó bhunphrionsabal limistéar Schengen. [Leasú 9]

(9)  Tá tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais fíor-riachtanach maidir le chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme le tacú leis na Ballstáit trasnú na dteorainneacha seachtracha a bhainistiú go héifeachtúil agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirceacha agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na teorainneacha sin a bheidh ann amach anseo ag na teorainneacha sin, rud a rannchuidíonn le haghaidh a thabhairt ar choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha san am céanna. [Leasú 10]

(10)  Chun cur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip, arna shainiú ag a chomhpháirteanna i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/1624, a chur chun cinn mar atá: rialú ag teorainneacha, cuardach agus tarrtháil le linn faireachas teorann, anailís riosca, comhar idir na Ballstáit (le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus arna chomhordú aici sin), comhar idirghníomhaireachta (lena n-áirítear malartú faisnéise ar bhonn rialta), comhar le tríú tíortha, bearta teicniúla agus oibríochtúla laistigh de limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú ag teorainneacha agus ar bearta iad a ceapadh chun dul i ngleic le hinimirce neamhrialta agus cur in aghaidh na coireachta trasteorann ar bhealach níos fearr, úsáid na teicneolaíochta úrscothaí, sásraí rialaithe cáilíochta agus sásraí dlúthpháirtíochta, agus chun a áirithiú go dtiocfaidh sí de bheith ag feidhmiú go hiarbhír, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontais a chur ar fáil do na Ballstáit. [Leasú 11]

(11)  De bhrí go bhfuil údaráis custaim na mBallstát ag glacadh le freagrachtaí breise a bhaineann go minic le réimse na slándála agus a chuirtear i gcrích ag an teorainn sheachtrach, tá sé tábhachtach comhar idirghníomhaireachta a chothú, lena n-áirítear malartú faisnéise trí uirlisí malartaithe faisnéise atá ann cheana, mar chomhpháirt de chur chuige an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(e) de Rialachán (AE) 2016/1624. Ní mór comhlántacht i gcur i gcrích rialú ag teorainneacha agus rialú custaim ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú trí thacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit. Ní hamháin go neartófar rialuithe custaim ar an dóigh sin chun gach cineál gáinneála a chomhrac, go háirithe gáinneáil ar earraí ag teorainneacha, mar aon le sceimhlitheoireacht, ach, éascófar trádáil dhlisteanach agus taisteal freisin agus rannchuideofar le haontas custaim a bheidh slán agus éifeachtúil. [Leasú 12]

(12)  Dá bhrí sin, is gá an ciste a bheidh mar chomharba ar an gCiste Slándála Inmheánaí 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhunú(12) i bpáirt, trí Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (‘an Ciste’) a chur ar bun. [Leasú 13]

(13)  Mar gheall ar na sainghnéithe dlíthiúla a bhfuil feidhm acu maidir le Teideal V de CFAE agus na bunúis dlí éagsúla is infheidhme i ndáil leis na beartais maidir le teorainneacha seachtracha agus maidir le rialú custaim, ní fhéadfar, de réir dlí, an Ciste a bhunú mar ionstraim aonair.

(14)  Ba cheart an Ciste a bhunú, dá bhrí sin, mar chreat cuimsitheach le haghaidh thacaíocht airgeadais an Aontais sa réimse a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus víosaí ina gcuimsítear an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus víosaí (‘an ionstraim’) a bhunaítear leis an Rialachán seo mar aon leis an ionstraim le hionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. .../...(13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart comhlánú a dhéanamh ar an gcreat le Rialachán (AE) Uimh. …/… [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), ar cheart tagairt a dhéanamh dó sa Rialachán seo i ndáil leis na hionstraim lena leagtar síos rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte. [Leasú 14]

(15)  Ba cheart an ionstraim a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais maidir le cearta bunúsacha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR) agus go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabal an non-refoulement, phrionsabal na trédhearcachta, phrionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an chirt chun cosaint idirnáisiúnta a lorg a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shainaithint, cúnamh láithreach agus atreorú chuig seirbhísí cosanta i gcás daoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaoisigh gan tionlacan. [Leasú 15]

(15a)  Tá feidhm chothrom ag na hoibleagáidí sin maidir le tríú tíortha lena n-oibríonn na Ballstáit agus an tAontas faoin ionstraim seo. [Leasú 16]

(16)  Leis an ionstraim ba cheart cur leis na torthaí agus leis na hinfheistíochtaí a gnóthaíodh le tacaíocht na n-ionstraimí a tháinig roimpi: an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007-2013, a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) agus an ionstraim le haghaidh teorainneacha seachtracha agus víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, agus ba cheart iad a leathnú chun forbairtí nua a chur san áireamh. [Leasú 17]

(17)  Chun rialú aonfhoirmeach agus ardcháilíochta ag teorainneacha seachtracha a áirithiú agus chun taisteal dlisteanach thar theorainneacha seachtracha a éascú, ba cheart an ionstraim a bheith ina rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, lena n-áirítear na bearta ar fad a bhaineann le beartas, le dlí, le comhar córasach, le comhroinnt ar an ualach, le measúnú ar an staid agus le himthosca athraitheacha maidir le pointí trasnaithe d’imircigh neamhrialta, le pearsanra, le trealamh agus le teicneolaíocht arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ar leibhéil éagsúla, ag gníomhú i gcomhar le gníomhairí eile amhail comhlachtaí eile de chuid AE, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála, agus ceartais (eu-LISA), Europol agus, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. [Leasú 18]

(18)  Ba cheart cur le héifeachtúlacht próiseála víosaí a fheabhsú leis an ionstraim maidir leis i dtaobh nósanna imeachta víosa a éascú do thaistealaithe bona fide agus i dtaobh na rioscaí a bhaineann le slándáil agus le himirce neamhrialta a bhrath agus a mheas, chomh maith leis na nósanna imeachta maidir le víosaí do thaistealaithe bona fide a éascú. Go háirithe, ba cheart cúnamh airgeadais a chur ar fáil leis an ionstraim chun tacú le digitiú a dhéanamh ar phróiseáil víosaí agus é mar chuspóir aige sin nósanna imeachta maidir le víosaí atá tapa, slán agus áisiúil don chliant a chur ar fáil chun tairbhe na n‑iarratasóirí ar víosaí agus na gconsalachtaí araon. Ba cheart cumhdach consalachta ar fud an domhain a áirithiú leis an ionstraim freisin. Ba cheart cur chun feidhme aonfhoirmeach an chomhbheartais víosaí agus nuachóiriú an bheartais sin a chumhdach leis an ionstraim freisin, chomh maith le cúnamh do na Ballstáit i dtaca le víosaí a eisiúint le bailíocht chríochach theoranta a eisítear ar fhorais dhaonnúla, ar chúiseanna a bhaineann leis an leas náisiúnta, nó mar gheall ar oibleagáidí idirnáisiúnta, agus le haghaidh tairbhithe de chlár athlonnaithe nó athshocraithe de chuid an Aontais, agus le haghaidh lánchomhlíonadh acquis an Aontais maidir le víosaí. [Leasú 19]

(19)  Leis an ionstraim ba cheart tacú le bearta a bhfuil nasc soiléir acu le rialú ag teorainneacha seachtracha i gcríoch thíortha Schengen atá nasctha le rialú ag teorainneacha mar chuid d’fhorbairt comhchórais um bainistiú comhtháite teorainneacha, lena neartaítear feidhmiú foriomlán limistéar Schengen. [Leasú 20]

(20)  D’fhonn bainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú, chun rannchuidiú le cosc a chur le himirce taisteal dlisteanach a éascú, chun rannchuidiú le cosc a chur le trasnú teorainneacha neamhrialta agus é a chomhrac agus chun rannchuidiú le hardleibhéal slándála laistigh de réimse saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, ba cheart tacú leis an ionstraim le forbairt a dhéanamh ar na córais mhórscála TF leis an ionstraim, bunaithe ar chórais TF atá ann cheana nó ar chórais nua sin arna gcomhaontú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Leis an ionstraim I ndáil leis sin, ba cheart tacú le bunú léi freisin le cur ar bun na hidir-inoibritheachta idir na córais faisnéise AE sin (an córas dul isteach/imeachta (EES)(16), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS)(17), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS(18)), Eurodac(19), Córas Faisnéise Schengen (SIS)(20), agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla do náisiúnaigh tríú tír (ECRIS‑TCN))(21) sna Ballstáit, chun go mbeidh na córais faisnéise sin de chuid AE agus a gcuid sonraí ag forlíonadh a chéile. Chomh maith leis sin, ba cheart rannchuidiú le forbairtí riachtanacha ar an leibhéal náisiúnta leis an ionstraim tar éis chur chun feidhme na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta ar an leibhéal lárnach (an tairseach cuardaigh Eorpach, seirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí (BMS comhroinnte), stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) agus brathadóir ilchéannachta (MID))(22). [Leasú 21]

(21)  Leis an ionstraim ba cheart na gníomhaíochtaí a chomhlánú agus a neartú chun lena gcuirtear bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme i gcomhréir le freagracht chomhroinnte agus le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arb ionann iad agus dhá cholún an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh. Fágann sin, go háirithe, agus a gcláir náisiúnta á dtarraingt suas ag Ballstáit gur cheart dóibh na huirlisí anailíse agus na treoirlínte oibríochtúla agus teicniúla a d’fhorbair an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chur san áireamh chomh maith leis na curaclaim oiliúna a d’fhorbair sí, amhail an lárchuraclam coiteann chun gardaí teorann a oiliúint, lena n‑áirítear a gcomhpháirteanna i ndáil le cearta bunúsacha agus le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta. Chun comhlántacht idir an misean cúraimí agus freagrachtaí na mBallstát maidir le rialú na dteorainneacha seachtracha chomh maith le , agus chun comhsheasmhacht a áirithiú agus neamhéifeachtúlacht costais a sheachaint, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na dréachtchláir náisiúnta arna gcur isteach ag na Ballstáit a mhéid a thagann siad faoi réim inniúlachtaí na Gníomhaireachta, go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi thacaíocht oibríochta. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin go mbeidh ról ag eu-LISA, ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ag aon gníomhaireacht nó comhlacht eile ábhartha de chuid an Aontais i bhforbairt chláir náisiúnta na mBallstát ag céim luath, a mhéid a thagann sin faoi inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí. [Leasú 22]

(22)  San ionstraim A mhéid a iarrfaidh na Ballstáit a ndéanfar difear dóibh amhlaidh, ba cheart tacú le cur chun feidhme chur chuige na dteophointí mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce agus a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Meitheamh agus an 26 Meitheamh  2015(23). Le cur chuige na dteophointí cuirtear tacaíocht oibríochtúil ar fáil do na Ballstáit a ndéanann brú díréireach ón imirce difear dóibh ag teorainneacha seachtracha an Aontais a bhfuil cás éigeandála rompu. Tugtar cúnamh comhtháite, cuimsitheach, spriocdhírithe leis an gcur chuige sin de mheon na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta comhroinnte, lena lamháiltear go ndéantar teacht isteach líon mór daoine ag teorainneacha seachtracha an Aontais a láimhseáil go daonnúil agus go héifeachtúil, agus chomh maith leis sin, d’fhonn sláine limistéar Schengen a choimirciú. [Leasú 23]

(23)  Ar mhaithe le dlúthpháirtíocht i limistéar Schengen ina iomláine agus ar fud an Aontais agus de mheon na freagrachta comhroinnte maidir le teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint, i gcás ina ndéantar laigí nó rioscaí a shainaithint, go háirithe tar éis mheastóireacht Schengen i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle(24), ba cheart don Bhallstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an ábhar ar bhealach leordhóthanach trí úsáid a bhaint as acmhainní faoina chlár chun moltaí a chur chun feidhme, ar moltaí iad a glacadh de bhun an Rialacháin sin agus i gcomhréir leis na measúnuithe leochaileachta arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1624. [Leasú 24]

(24)  Ba cheart dlúthpháirtíocht agus freagracht chomhroinnte a léiriú leis an ionstraim trí cúnamh airgeadais a sholáthar leis an ionstraim do na Ballstáit sin a chuireann forálacha Schengen maidir le teorainneacha seachtracha agus víosaí i bhfeidhm go hiomlán agus do na Ballstáit sin atá ag ullmhú do bheith iomlán rannpháirteach in Schengen, agus ba cheart do na Ballstáit í a úsáid ar mhaithe le comhbheartas an Aontais maidir leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú. [Leasú 25]

(25)  I gcomhréir le Prótacal Uimh. 5 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003(25) maidir le hidirthuras daoine de thalamh idir réigiún Kaliningrad agus codanna eile de Chónaidhm na Rúise, leis an ionstraim ba cheart aon chostas breise a íoc, ar costas é a thabhaítear i gcur chun feidhme fhorálacha sonracha acquis an Aontais lena gcumhdaítear idirthuras den sórt sin, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle agus (26)Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle(27). Maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach airgeadais i gcomhair táillí tarscaoilte, ba cheart é a bheith ag brath, áfach, ar an gcóras víosaí atá i bhfeidhm ag an Aontas le Cónaidhm na Rúise.

(26)  Chun rannchuidiú le gnóthú chuspóir beartais na hionstraime, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar aghaidh ina gcláir ar chuspóirí sonracha na hionstraime, go bhfuil na beartais a roghnófar i gcomhréir leis na tosaíochtaí arna gcomhaontú ag AE agus leis na bearta cur chun feidhme arna leagan amach in Iarscríbhinn II agus go bhfuil leithdháileadh acmhainní idir cuspóirí agus gníomhaíochtaí comhréireach leis na dúshláin agus leis na riachtanais nach mór dóibh aghaidh a thabhairt orthu. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach dáileadh cothrom agus trédhearcach acmhainní a bhaint amach i measc chuspóirí sonracha na hionstraime. Dá réir sin, is iomchuí íosleibhéal caiteachais a áirithiú le haghaidh an chuspóra sonraigh tacú leis an gcomhbheartas víosaí do na bearta faoi bhainistiú díreach nó indíreach, nó do bhearta faoi bhainistiú comhroinnte. [Leasú 26]

(27)  Ba cheart sineirgí, comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht a lorg le Cistí eile de chuid AE agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.

(28)  Tá filleadh náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n‑eisiúint ag Ballstát ar cheann de chomhpháirteanna an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1624. Mar gheall ar a nádúr agus ar a gcuspóir, áfach, ní thagann bearta i réimse an fhillte faoi raon feidhme thacaíocht na hionstraime agus cumhdaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. …/… [CTI nua](28) iad.

(29)  Chun aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag údaráis chustaim na mBallstát ag na teorainneacha seachtracha agus chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain acmhainní ar fáil dóibh chun a raon leathan cúramaí ag na teorainneacha sin a chur chun feidhme, leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. … [an Ciste nua um Threalamh Rialaithe Custaim] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart an cistiúchán riachtanach a sholáthar do na húdaráis náisiúnta sin chun infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh chun rialú custaim a dhéanamh chomh maith le trealamh ar féidir cuspóirí eile a bheith leis amhail rialú a dhéanamh ar theorainneacha i dteannta rialú custaim.

(30)  Den chuid is mó, féadfaidh trealamh rialaithe custaim a bheith curtha in oiriúint go cothrom nó go teagmhasach do rialuithe comhlíontachta le reachtaíocht eile, amhail forálacha maidir le bainistiú teorainneacha, le víosa nó le comhar póilíneachta. Dá bhrí sin, tá an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha beartaithe mar dhá ionstraim chomhlántacha a bhfuil dhá raon feidhme éagsúla ach chomhtháite acu chun trealamh a cheannach. Ar thaobh amháin, eisiafar leis an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí arna bunú leis an Rialachán seo trealamh is féidir a úsáid do bhainistiú teorainneacha agus do rialú custaim araon. Ar an taobh eile, ní hamháin go mbeidh tacaíocht airgeadais ar fáil ón ionstraim do threalamh rialaithe custaim do threalamh a bhfuil rialuithe custaim mar phríomhchuspóir leis ach féadfar é a úsáid freisin do chuspóirí breise amhail rialuithe ag teorainneacha agus slándáil. Cothóidh an dáileadh sin atá á dhéanamh ar róil an comhar idirghníomhaireachta mar chomhpháirt den chur chuige um bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, dá dtagraítear in Airteagal 4(e) de Rialachán (AE) 2016/1624, agus dá réir sin, féadfaidh na húdaráis chustaim agus na húdaráis teorann oibriú le chéile agus tionchar bhuiséad an Aontais a uasmhéadú trí chomhroinnt agus trí idir-inoibritheacht an trealaimh rialaithe.

(31)  Meastar go bhfuil faireachas teorann ar muir ar cheann d’fheidhmeanna an gharda cósta a dhéantar i réimse muirí an Aontais. Na húdaráis náisiúnta a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, tá freagracht orthu freisin i leith raon leathan cúraimí, a bhféadfadh an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, cuardach agus tarrtháil, rialú teorann, rialú ar iascach, rialú custaim, forfheidhmiú ginearálta an dlí agus cosaint an chomhshaoil a bheith ar áireamh leo ach gan bheith teoranta dóibh sin. Cuireann raon leathan fheidhmeanna an gharda cósta faoi shainchúram bheartais éagsúla de chuid an Aontais iad, agus ba cheart dóibh sineirgí a lorg chun torthaí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bhaint amach. [Leasú 27]

(31a)  Agus gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin ionstraim a bhaineann le faireachas teorann muirí á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar a n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta muirí chun cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair. I ndáil leis sin, féadfar trealamh agus córais a fhaigheann tacaíocht faoin ionstraim a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chásanna cuardaigh agus tarrthála a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríocht faireachais teorann ar muir, a rannchuideoidh ar an tslí sin le cosaint agus sábháil beatha na n-imirceach a áirithiú. [Leasú 28]

(32)  Chomh maith le comhar an Aontais maidir le feidhmeanna an gharda cósta i measc na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624, na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29) agus na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle(30), ba cheart comhleanúnachas feabhsaithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí sa réimse muirí a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta freisin. Ba cheart sineirgí idir na gníomhaithe éagsúla sa réimse muirí a bheith i gcomhréir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus le straitéisí um shlándáil mhuirí.

(33)  Chun comhlántacht na ngníomhaíochtaí muirí a neartú agus chun comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí sin a threisiú mar aon le dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus srianta buiséadacha a laghdú i réimse gníomhaíochtaí costasacha amhail an réimse muirí, ba cheart tacú le hoibríochtaí muirí de chineál ilchuspóireach leis an ionstraim, i gcás inarb é faireachas teorann an príomhchuspóir ach, ina bhféadfaí cuspóirí eile atá nasctha leis sin a shaothrú san am céanna, amhail comhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine daonna. [Leasú 29]

(34)  Ba cheart go mbeadh mar phríomhchuspóir ag an ionstraim seo tacú le bainistiú comhtháite teorainneacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus tacú leis an gcomhbheartas víosaí. Laistigh de theorainneacha sainithe, áfach, agus faoi réir coimircí iomchuí, d’fhéadfaí tacú le bearta áirithe i dtríú tíortha agus bearta a bhaineann le tríú tíortha tríd an ionstraim. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme ar bhonn sineirgíocht iomlán agus comhleanúnachas le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas agus ba cheart na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Maidir leis an ngné sheachtrach, ba cheart tacaíocht ón ionstraim a dhíriú ar chomhar a fheabhsú le tríú tíortha agus ar phríomhghnéithe a threisiú, ar príomhghnéithe iad a bhaineann lena gcumais i ndáil le faireachas teorann agus le bainistiú teorainneacha i réimsí ar díol suime iad ó thaobh bheartas imirce an Aontais agus chuspóirí slándála inmheánaí an Aontais de. [Leasú 30]

(34a)  Ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí agus cláir a bhaineann le tríú tíortha. [Leasú 31]

(35)  Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. Ós rud é go bhfuil deis níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú maidir le rialú teorann, le comhbheartas víosaí agus bainistiú sreafaí imirce, bainistiú ag teorainneacha agus leis an gcomhbheartas víosaí agus chun ardán a chur ar fáil chun comhchórais TF a fhorbairt a bheidh mar bhonn taca leis na beartais sin, rannchuideoidh an tacaíocht airgeadais a sholáthraítear faoin Rialachán seo le cumais na mBallstát agus cumas an Aontais a neartú sna réimsí sin. [Leasú 32]

(36)  Féadfar a mheas nach bhfuil Ballstát ag comhlíonadh an acquis ábhartha de chuid an Aontais, lena n‑áirítear maidir le tacaíocht oibríochta faoin ionstraim seo, murar chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí sna réimsí a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus víosaí, má tá baol soiléir ann go sáróidh an Ballstát luachanna an Aontais agus an acquis maidir le bainistiú teorainneacha agus víosaí á chur chun feidhme aige, má sainaithníodh easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, nó má mhaoinigh an Ballstát, agus é ag obair i gcomhar le tríú tír, gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus má rinne sé gníomhaíochtaí comhpháirteacha leis an tríú tír sin as ar eascair sáruithe ar chearta bunúsacha arna dtuairisciú sa sásra meastóireachta agus faireacháin. [Leasú 33]

(37)  Ba cheart a áirithiú leis an ionstraim go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart di cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le hintuarthacht i ndáileadh an chistithe agus an gá atá le solúbthacht mhéadaithe agus simplíocht leis an gcistiú sin. Chun na ceanglais i dtéarmaí thrédhearcacht an chistithe a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, faisnéis a fhoilsiú maidir le forbairt na gclár bliantúil agus ilbhliantúil faoin tsaoráid théamach. Ba cheart prionsabail na héifeachtúlachta, na héifeachtachta agus cháilíocht an chaiteachais a bheith mar threoir ag cur chun feidhme na hionstraime. Thairis sin, ba cheart an ionstraim a chur chun feidhme ar an mbealach is sothuigthe agus is féidir don úsáideoir. [Leasú 34]

(38)  Ba cheart na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát arna ríomh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a bhunú leis an Rialachán seo, ar critéir iad lena léirítear fad agus leibhéil bhagartha ag codanna tionchair bunaithe ar shonraí a fuarthas le déanaí agus go stairiúil ar chodanna talún agus mara, an t‑ualach oibre ag na haerfoirt agus ag na consalachtaí chomh maith le líon na gconsalachtaí. [Leasú 35]

(39)  Beidh na méideanna tosaigh sin mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát. Chun athruithe ar an gcás bonnlíne a chur san áireamh, amhail brú ar theorainn sheachtrach an Aontais agus an t‑ualach oibre ag na teorainneacha seachtracha agus ag consalachtaí, leithdháilfear méid breise ar na Ballstáit ag an meántéarma agus beidh sé bunaithe ar na sonraí staitistiúla is déanaí atá ar fáil mar a leagtar amach san eochair dháilte iad agus staid chur chun feidhme an chláir á cur san áireamh.

(39a)  Ba cheart an t-athbhreithniú meántéarma a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus breisluach AE na gclár, chun fadhbanna a bhí ann le linn na chéad chéime a réiteach, agus chun forléargas trédhearcach ar an gcur chun feidhme a sholáthar. [Leasú 36]

(40)  De bhrí go mbíonn dúshláin i réimse an bhainistithe teorainneacha agus víosaí ag teacht chun cinn de shíor, is gá leithdháileadh cistiúcháin a chur in oiriúint do na hathruithe ar shreafaí imirce, don bhrú d’athruithe i dtosaíochtaí i dtaca le beartas víosaí agus bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear athruithe de thoradh brú méadaithe ag an teorainn agus do bhagairtí slándála agus , agus is gá cistiúchán a stiúradh i dtreo na dtosaíochtaí a bhfuil an breisluach is airde don Aontas ag baint leo. Chun freagairt do riachtanais phráinneacha, d’athruithe ar bheartais agus do thosaíochtaí an Aontais agus chun cistiúchán a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal breisluacha don Aontas ag baint leo, déanfar cuid den chistiúchán a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus ar chúnamh éigeandála. [Leasú 37]

(41)  Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a mhaoiniú trí leas a bhaint as ranníocaíocht níos airde ón Aontas.

(42)  Laistigh de theorainneacha sainithe, ba cheart an ionstraim a bheith ina rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt do na costais oibriúcháin a bhaineann le bainistiú teorainneacha, leis an gcomhbheartas víosaí agus le córais mhórscála TF agus dá réir sin cur ar chumas na mBallstát na hacmhainneachtaí sin atá ríthábhachtach don Aontas ina iomláine a choinneáil. Is é atá i gceist le tacaíocht den sórt sin costais shonracha a bhaineann le cuspóirí na hionstraime a aisíoc ina n-iomláine agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát. [Leasú 38]

(43)  D’fhéadfaí cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin ionstraim a leithdháileadh freisin ar chláir na mBallstát chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme i dteannta a leithdháilte tosaigh. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ba cheart baint a bheith acu le gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Aontais acu agus nach mór iarracht chomhoibríoch idir na Ballstáit nó gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh ina leith chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí san Aontais ar gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó ina leith, amhail trealamh teicniúil a cheannach trí chláir náisiúnta na mBallstát, ar trealamh é a bhfuil gá ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta leis chun a gníomhaíochtaí oibríochtúla a fheidhmiú, próiseáil iarratas ar víosaí a nuachóiriú, córais mhórscála TF nua a fhorbairt agus idir-inoibritheacht idir na córais sin a bhunú a chur ar bun. Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainiú ina chláir oibre, ar cheart iad a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe. [Leasú 39]

(44)  Chun cur chun feidhme chuspóir beartais na hionstraime sin a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil leis an ionstraim freisin le haghaidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críocha straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála na hionstraime i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais.

(45)  Chun go neartófar acmhainneacht an Aontais dul i ngleic láithreach le brú gan choinne nó le brú díréireach ón imirce riachtanais phráinneacha, shonracha agus gan choinne i gcás staid éigeandála, go háirithe ag na codanna sin den teorainn inar sainaithníodh an leibhéal tionchair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31) mar leibhéal ar a gcuirfear feidhmiú limistéar Schengen ina iomláine i gcontúirt, mar aon le dul i ngleic le brú ar ranna víosaí chonsalachtaí na mBallstát nó le rioscaí i leith slándáil teorann, ba cheart go bhféadfaí , leis an ionstraim seo, go soláthrófaí ar bhonn eisceachtúil cúnamh éigeandála a chur ar fáil airgeadais mar rogha dheiridh i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo. [Leasú 40]

(45a)  Níor cheart a mheas gur bagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach í an imirce agus trasnú teorainneacha seachtracha ag líon mór náisiúnach tríú tír, per se, ná níor cheart, per se, go dtionscnófaí cúnamh éigeandála faoin ionstraim seo ina leith. [Leasú 41]

(46)  Tabharfar aghaidh ar chuspóir beartais na hionstraime seo freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíocht bhuiséadach faoi fhuinneog bheartais nó faoi fhuinneoga beartais [...] an Chiste InvestEU. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar mhodh comhréireach agus níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbláil nó a phlódú mar gheall ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir Eorpach a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar. [Leasú 42]

(47)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don ionstraim iomlán arb éard a bheidh ann an príomh‑mhéid tagartha, de réir bhrí [phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais](32), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(48)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. .../... [Rialachán Airgeadais nua] (‘Rialachán Airgeadais’)(33) maidir leis an ionstraim seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha. D’fhonn comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme clár cistiúcháin de chuid an Aontais, beidh feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme sa bhainistíocht dhíreach nó sa bhainistíocht indíreach faoin ionstraim.

(49)  D’fhonn gníomhaíochtaí faoin mbainistíocht chomhroinnte a chur chun feidhme, ba cheart an ionstraim a bheith mar chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus agus ionstraim lena leagfar síos forálacha coiteanna don bhainistiú chomhroinnte. I gcás forálacha codarsnacha, ba cheart tosaíocht a bheith ag an Rialachán (AE) Uimh. …/… [RFC] seo thar na forálacha coiteanna. [Leasú 43]

(50)  Le Rialachán (AE) Uimh.  …/… [RFC] bunaítear an creat gníomhaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), don Chiste Tearmainn agus Imirce (CTI), don Chiste Slándála Inmheánaí (CSI), agus don ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (IBTV), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT), agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht,bainistiú agus rialú cistí AE arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ina theannta sin, is gá cuspóirí na hionstraime um bainistiú teorainneacha agus um víosaí sa Rialachán seo a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir le gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú tríd an ionstraim seo.

(51)  Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, an t‑ualach riaracháin, agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh a bhfuiltear ag súil leis á gcur san áireamh. Ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a chur san áireamh.

(52)  I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. .../... [an Rialachán Airgeadais nua](34), Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(36), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(37) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(38), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(39). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart torthaí na n-imscrúduithe ar neamhrialtachtaí nó ar chalaois maidir leis an ionstraim a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. [Leasú 44]

(53)  Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin leis an Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil iontu i gcomhair seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Chomh maith leis sin, baineann rialacha a glacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, de bhrí go bhfuil urraim don smacht reachta mar réamhchoinníoll fíor-riachtanach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus le cistiú éifeachtach AE.

(54)  De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(40), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiúchán faoi réir rialacha agus chuspóirí na hionstraime agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(55)  De bhun Airteagal 349 de CFAE agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí in AE arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúid an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir náisiúnta ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, ar bagairtí iad nach mór do na réigiúin fhorimeallacha dul i ngleic leo, amhail faireachas teorann, insreabhadh díréireach daoine nó imlonnú chórais faisnéise AE. Tacaítear leis na Ballstáit sin san ionstraim seo trí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun cuidiú leis na réigiúin fhorimeallacha de réir mar is iomchuí is forimeallaí i bhfianaise sonraíochtaí den chineál sini bhfianaise sonraíochtaí den chineál sin. [Leasú 45]

(56)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(41), is gá an ionstraim seo a mheas ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin ar leith, agus san am céanna rórialáil agus ualach riaracháin a sheachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Féadfaidh táscairí intomhaiste, lena n-áirítear táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla, a bheith san áireamh sna ceanglais sin, i gcás inarb iomchuí, mar bhonn chun éifeachtaí na hionstraime ar an talamh a mheas. Chun a bhfuil gnóthaithe ag an ionstraim a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den ionstraim. [Leasú 46]

(57)  Mar léiriú ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an ionstraim seo le gníomhaíochtaí aeráide príomhshrutha agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach, is é sin go n‑úsáidfear 25% den chaiteachas i mbuiséad AE chun tacú le cuspóirí aeráide. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an ionstraim á hullmhú agus á cur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithnithe.

(58)  Trí na táscairí agus tríd an tuairisciú airgeadais, Ba cheart don Choimisiún achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht ar glacadh leo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain. Arna iarraidh sin dóibh, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hionstraime, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. .../... [RFC] agus an Rialacháin seo téacs iomlán na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 47]

(58a)  Tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí bainistíocht fhónta airgeadais agus deimhneacht dhlíthiúil le linn na hidirthréimhse agus le linn chur chun feidhme na hIonstraime. Níor cheart go gcuirfí isteach ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh i rith na tréimhse 2014-2020 le linn an aistrithe. [Leasú 48]

(59)  Chun gnéithe neamhriachtanacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh agus a leasú ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoiniú níos airde mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, le tacaíocht oibriúcháin agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat coiteann faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(42).

(60)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(43). Ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus Ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta comhairleach chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na módúlachtaí a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún i gcreat an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad. [Leasú 49]

(61)  Níor cheart rannpháirtíocht Bhallstáit san ionstraim seo a bheith ag teacht lena rannpháirtíocht in ionstraim airgeadais shealadach de chuid an Aontais lena dtacaítear leis na Ballstáit is tairbhithe chun, i measc nithe eile, gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais chun acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosaí agus rialú ag teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme.

(62)  Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis(44) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, rud a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle(45).

(63)  Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis(46) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle(47).

(64)  Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis(48) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle(49).

(65)  I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(66)  Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle(50). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(67)  Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) .../...ón gComhairle [an Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil](51),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Bunaítear leis an Rialachán seo an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí a bhainistiú (‘an ionstraim’) mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (‘an Ciste’) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. [Leasú 50]

2.  Go comhpháirteach le Rialachán (AE) Uimh .../... [Ciste um Threalamh Rialaithe Custaim], lena mbunaítear, mar chuid den Chiste(52) um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, bunaítear an Ciste leis an Rialachán seo. [Leasú 51]

3.  Leagtar síos an Rialachán seo leis cuspóirí na hionstraime, na cuspóirí sonracha agus bearta chun na cuspóirí sonracha sin a chur chun feidhme, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar. [Leasú 52]

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn 'oibríochtaí measctha' gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh‑iníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí; [Leasú 53]

(2)  ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann” aon phointe trasnaithe atá údaraithe ag na húdaráis inniúla chun teorainneacha seachtracha a thrasnú faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le hAirteagal 2(8) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(53);

(3)  ciallaíonn ‘bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip’ na comhpháirteanna a liostaítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/1624;

(4)  ciallaíonn ‘teorainneacha seachtracha’ teorainneacha seachtracha faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 eadhon teorainneacha na mBallstát: teorainneacha talún lena n-áirítear teorainneacha abhann agus locha, teorainneacha farraige agus a n-aerfoirt, a gcalafoirt abhann, a gcalafoirt mhara agus a gcalafoirt locha lena bhfuil feidhm ag forálacha dhlí an Aontais maidir le trasnú teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear na teorainneacha inmheánacha sin nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe orthu fós; [Leasú 54]

(5)  ciallaíonn "cuid den teorainn sheachtrach" teorainn sheachtrach iomlán talún nó muirí Ballstáit, nó cuid de, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013;

(6)  ciallaíonn ‘teophointe’ teophointe mar a shainítear in Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) 2016/1624;

(7)  ciallaíonn ‘teorainneacha inmheánacha áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós:

(a)  an chomhtheorainn idir Ballstát a chuireann acquis Schengen chun feidhme go hiomlán agus Ballstát a bhfuil de cheangal air acquis Schengen a chur chun feidhme ina iomláine, i gcomhréir lena Ionstraim Aontachais, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n‑údaraítear dó an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

(b)  an chomhtheorainn idir dhá Bhallstát a bhfuil de cheangal orthu acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine, i gcomhréir lena nIonstraimí Aontachais faoi seach, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n‑údaraítear dóibh an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

Airteagal 3

Cuspóirí na hionstraime

1.  Mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, is é a bheidh i gcuspóir beartais na hionstraime bainistiú comhtháite teorainneacha láidir éifeachtach san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú agus san am céanna saorghluaiseacht daoine laistigh den Eoraip a chosaint, i gcomhréir iomlán le gealltanais an Aontais maidir le cearta bunúsacha, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le hardleibhéal slándála san Aontas a ráthú acquis an Aontais agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus a Bhallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta eile a bhfuil siad ina sínithe leo. [Leasú 55]

2.  Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an ionstraim rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)  tacú le bainistiú comhtháite éifeachtach teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha arna cur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar chomhfhreagracht chomhroinnte idir an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhleathach neamhrialta agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreafaí imirce a bhainistiú go héifeachtach; [Leasú 56]

(b)  tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun cur chuige níos comhchuibhithe i measc na mBallstát a áirithiú i ndáil le víosaí a eisiúint agus chun taisteal dlisteanach a éascú agus rioscaí imirce agus slándála a mhaolú. [Leasú 57]

3.  Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an ionstraim a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 3a

Neamh-idirdhealú agus urraim do chearta bunúsacha

Cuirfear an ionstraim chun feidhme i lánchomhlíonadh na gceart agus na bprionsabal a chumhdaítear in acquis an Aontais, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus i lánchomhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha, go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an non-refoulement a áirithiú. [Leasú 58]

Airteagal 4

Raon feidhme na tacaíochta

1.  Faoi na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus I gcomhréir leis na bearta a liostaítear in Iarscríbhinn II tacófar leis an ionstraim le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus go háirithe na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III. [Leasú 59]

2.  Chun cuspóirí an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 3 a ghnóthú, féadfar leis an ionstraim, i gcásanna eisceachtúla, laistigh de theorainneacha sainithe agus faoi réir coimircí iomchuí, tacú le gníomhaíochtaí i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i dtaca le tríú tíortha agus sna tíortha sin, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 5. [Leasú 60]

2a.  Maidir le méid iomlán an chistiúcháin i gcomhair gníomhaíochtaí tacaíochta i dtríú tíortha nó i dtaca leo faoin tsaoráid théamach i gcomhréir le hAirteagal 8, ní rachaidh sé thar 4 % den mhéid iomlán a leithdháiltear ar an tsaoráid théamach sin faoi Airteagal 7(2)(b). [Leasú 61]

2b.  Maidir le méid iomlán an chistiúcháin i gcomhair gníomhaíochtaí tacaíochta i dtríú tíortha nó i dtaca leo faoi chláir na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 12, ní rachaidh sé thar, i gcás gach Ballstáit, 4 % den mhéid iomlán arna leithdháileadh ar an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(a), Airteagal 10(1) agus Iarscríbhinn I. [Leasú 62]

3.  Ní bheidh na bearta seo a leanas incháilithe:

(a)  na bearta dá dtagraítear i mír 1(a) d'Iarscríbhinn III ag na teorainneacha inmheánacha sin áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós;

(b)  gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú teorann a thabhairt isteach athuair go sealadach agus go heisceachtúil ag teorainneacha inmheánacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/399;

(c)  i dtaca le rialú earraí:

(1)  gníomhaíochtaí a bhfuil rialú earraí go huathúil mar aidhm leo nó mar éifeacht acu;

(2)  trealamh a cheannach, a chothabháil nó a uasghrádú, gan modhanna iompair san áireamh, a bhfuil rialú earraí mar aidhm leis nó mar éifeacht leis;

(3)  gníomhaíochtaí eile faoin Rialachán seo a bhfuil rialú earraí mar aidhm leis nó mar éifeacht leis.

I gcás ina dtarlaíonn cás éigeandála, amhail dá dtagraítear in Airteagal 23, féadfar gníomhaíochtaí neamh-incháilithe dá dtagraítear sa mhír seo a mheas mar ghníomhaíochtaí incháilithe. [Leasú 63]

Airteagal 5

Eintitis incháilithe

1.  Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)  eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(i)  Ballstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)  tríú tír atá liostaithe sa chlár faoi na coinníollacha a shonraítear ann, faoi réir an choinníll go ndéanfaidh gach gníomhaíocht a tharlóidh sa tríú tír sin, nó i dtaca leis an tríú tír sin na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a urramú go hiomlán. [Leasú 64]

(b)  aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó faoi aon eagraíocht idirnáisiúnta.

2.  Níl daoine nádúrtha incháilithe.

3.  Go heisceachtúil, tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír incháilithe chun bheith rannpháirteach i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach, agus i gcás ina ndéantar sin agus acquis an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh á lánchomhlíonadh. [Leasú 65]

4.  Eintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach i gcuibhreannais ina bhfuil dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, atá bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha nó i gcríocha éagsúla thar lear atá bainteach leis na Ballstáit nó leis na tríú tíortha sin, tá siad incháilithe. Beidh feidhm ag Airteagal 6(3) i gcás ina bhfuil eagraíochtaí idirnáisiúnta atá rannpháirteach i gcuibhreannas bunaithe i dtríú tír. [Leasú 66]

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

Roinn 1

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 6

Prionsabail ghinearálta

1.  Leis an tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus leagfar béim ar bhreisluach Aontais a chur le cuspóirí an Rialachán seo. [Leasú 67]

2.  Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus a chuireann na Ballstáit ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí, beartais agus le tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach le hionstraimí eile de chuid an Aontais.

3.  Déanfar an ionstraim a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a), Airteagal 62(1)(b) agus Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

3b.  Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar le chéile chun an ionstraim a chur chun feidhme. Cuirfidh an Coimisiún deasc chabhrach agus pointe teagmhála ar bun chun tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit agus chun rannchuidiú le leithdháileadh éifeachtach an chistithe. [Leasú 68]

Airteagal 7

An buiséad

1.  Is é EUR 8 018 000 000 EUR 7 087 760 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 8 018 000 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hionstraime don tréimhse 2021–2027. [Leasú 69]

2.  Úsáidfear an t‑imchlúdach airgeadais mar a leanas:

(a)  Déanfar EUR 4 811 000 000 EUR 4 252 833 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 4 811 000 000 i bpraghsanna reatha) a leithdháileadh ar na cláir a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte agus EUR 157 200 000 EUR 138 962 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 157 200 000 i bpraghsanna reatha) as an méid sin ar an Scéim Idirthurais Speisialta, dá dtagraítear in Airteagal 16, a chuirfear chun feidhme faoi bainistíocht chomhroinnte; [Leasú 70]

(b)  Déanfar EUR 3 207 000 000 EUR 2 834 927 i bpraghsanna 2018 (EUR 3 207 000 000 i bpraghsanna reatha) a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach. [Leasú 71]

3.  Déanfar suas le 0.52 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún le aghaidh an ionstraim a chur chun feidhme.

4.  De réir fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais, déanfar socruithe chun sonrú a dhéanamh ar chineál agus rialacha mionsonraithe rannpháirtíocht na dtíortha a bhfuil ról acu i gcur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen. Cuirfear na rannchuidithe airgeadais ó na tíortha sin leis na hacmhainní foriomlána atá ar fáil ó bhuiséad an Aontais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 8

Forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na saoráide téamaí

1.  Déanfar an t‑imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b) a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí bhíthin na saoráide téamaí trí úsáid a bhaint as bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre. Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena comhpháirteanna:

(a)  gníomhaíochtaí sonracha;

(b)  gníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus

(c)  cúnamh éigeandála.

Tabharfar tacaíocht don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin as imchlúdach airgeadais na saoráide téamaí.

2.  Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhfuil breisluach ard ó thaobh an Aontais ag baint leo nó chun freagairt do riachtanais phráinneacha, i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a shonraítear in Iarscríbhinn II, nó le bearta tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 20. Chun na cláir oibre a ullmhú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na comhpháirtithe ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta. [Leasú 72]

2a.  Leithdháilfear íosmhéid de 20% den chistiú ón tsaoráid théamach ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b). [Leasú 73]

3.  Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistiú díreach nó indíreach ar na Ballstáit, ní bheidh cistiú ar bith ar fáil do thionscadail i gcás ina bhfuil fianaise ann go mbeadh amhras ann faoi dhlíthiúlacht na dtionscadal sin, nó faoi dhlíthiúlacht agus rialtacht an chistithe sin, nó faoi fheidhmíocht na dtionscadal sin, mar thoradh ar thuairim réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol. [Leasú 74]

4.  Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht chomhroinnte, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, chun críocha Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] nach ndéantar difear do ghníomhaíochtaí atá a bheidh beartaithe chun a áirithiú nach mbeidh cistiú ar bith ar fáil do thionscadail i gcás ina bhfuil fianaise ann go mbeadh amhras ann faoi dhlíthiúlacht na dtionscadal sin, nó faoi dhlíthiúlacht agus rialtacht na dtionscadal sin, nó faoi fheidhmíocht na dtionscadal sin, de mar thoradh tuairimí ar thuairim réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol. [Leasú 75]

4a.  Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistiú díreach nó indíreach, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaca le difear a bheidh déanta do na gníomhaíochtaí beartaithe ag easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát a dhéanann difear do phrionsabal an bhainistithe airgeadais fhónta nó do phrionsabal chosaint leasanna airgeadais an Aontais, nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na prionsabail sin, ar bhealach a chuireann dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais nó feidhmíocht na dtionscadal i mbaol. [Leasú 76]

5.  Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán a chuirfear ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais.

6.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun cláir oibre a leagan síos amhail dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais don tsaoráid théamach, ina sainaithneofar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh agus ina sonrófar na méideanna do gach ceann dá chomhpháirteanna, amhail dá dtagraítear i mír 1. Leagfar amach i gcinntí airgeadais, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. [Leasú 77]

7.  Tar éis dó cinneadh airgeadais clár oibre a ghlacadh dá dtagraítear i mír 3 6, féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh dá réir sin ar na cláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. [Leasú 78]

8.  Féadfaidh cinntí cláir oibre bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí airgeadais cláir oibre agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí a chumhdach leo. [Leasú 79]

Roinn 2

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte

Airteagal 9

Raon Feidhme

1.  Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an gcuid den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) agus leis na hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, de réir chinneadh chláir oibre an Choimisiúin don tsaoráid théamach an Choimisiúin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8. [Leasú 80]

2.  Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus le Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

Airteagal 10

Acmhainní buiséadacha

1.  Leithdháilfear na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) ar na cláir náisiúnta a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte ('na cláir') go táscach mar a leanas:

(a)  EUR 3 543 880 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 4 009 000 000 i bpraghsanna reatha) ar na Ballstáit i gcomhréir leis na critéir in Iarscríbhinn I; [Leasú 81]

(b)  EUR 708 953 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 802 000 000 i bpraghsanna reatha) ar na Ballstáit le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar na cláir dá dtagraítear in Airteagal 13(1). [Leasú 82]

2.  I gcás nach leithdháiltear an méid dá dtagraítear i mír 1(b), féadfar an fuílleach a chur leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b).

Airteagal 11

Rátaí cómhaoinithe

1.  Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % 85 % den chaiteachas incháilithe iomlán a bheidh ag tionscadal ó Bhallstáit a bhfuil ollioncam náisiúnta (‘OIN’) per capita acu atá níos ísle ná 90% de mheán an Aontais ná ní sháróidh sí 75% den chaiteachas incháilithe iomlán do Bhallstáit eile. [Leasú 83]

2.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thionscadail a chuirfear chun feidhme faoi réir gníomhaíochtaí sonracha.

3.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

4.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thacaíocht oibriúcháin, lena n‑áirítear an Scéim Idirthurais Speisialta.

5.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar chúnamh éigeandála.

6.  Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón ionstraim seo le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1 go mír 5.

7.  I gcás gach cuspóir sonrach, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh gach cuspóir sonrach i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  an ranníocaíocht iomlán, lena n‑áirítear ranníocaíocht phoiblí agus phríobháideach nó

(b)  an ranníocaíocht phoiblí amháin.

Airteagal 12

Na cláir

1.  Áiritheoidh gach Ballstát agus an Coimisiún go bhfuil na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu sa chlár náisiúnta comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse an bhainistithe teorann agus víosaí agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais, agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais, agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina sínithe leo. Agus tosaíochtaí a gclár á sainaithint acu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ar na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II. [Leasú 84]

1a.  I ndáil leis an méid sin, déanfaidh na Ballstáit méid íosta de 20% den chistiú a leithdháilfear orthu a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b). [Leasú 85]

2.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ról ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus, i gcás inarb iomchuí, ag , eu-LISA Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus aon ghníomhaireacht ábhartha eile de chuid an Aontais le próiseas forbartha chláir na mBallstát ag céim luath, a mhéid a thagann sin faoi inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí. [Leasú 86]

3.  Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na dréachtchláir agus leagfar béim ar leith ar na gníomhaíochtaí lena n‑áirítear gníomhaíochtaí faoi thacaíocht oibriúcháin i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(a) chun comhleanúnachas agus comhlántacht ghníomhaíochtaí na gníomhaireachta agus ghníomhaíochtaí na mBallstát i dtaca le bainistíocht teorann a áirithiú agus chun maoiniú dúbailte a sheachaint agus cost‑éifeachtúlacht a bhaint amach. [Leasú 87]

3a.  Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le eu-LISA maidir leis na dréachtchláir agus leagfar béim ar leith ar na gníomhaíochtaí a áirítear faoi thacaíocht theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(a) chun comhleanúnachas agus comhlántacht ghníomhaíochtaí eu-LISA agus ghníomhaíochtaí na mBallstát a áirithiú. [Leasú 88]

4.  Féadfaidh an Coimisiún ról a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus i gcás inarb iomchuí, do eu-LISA, , do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus d’aon ghníomhaireacht ábhartha eile maidir le cúraim faireacháin agus mheastóireachta dá dtagraítear i Roinn 5, go háirithe d'fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ón ionstraim i gcomhréir leis an acquis ábhartha de chuid an Aontais agus le tosaíochtaí atá comhaontaithe ag an Aontas. [Leasú 89]

5.  Tar éis dó na moltaí a ghlacadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus na moltaí a eisíodh faoi chuimsiú measúnuithe íogaireachta a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1624, breathnóidh an Ballstát i gceist, i gcomhar leis an gCoimisiún, ar an gcur chuige is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin le tacaíocht na hionstraime seo.

6.  I gcás inarb ábhartha, tabharfaidh an Coimisiún ról don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, do eu-LISA, do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus d’aon ghníomhaireacht nó comhlacht ábhartha eile sa phróiseas scrúdúcháin i ndáil leis an gcur chuige is iomchuí chun dul i ngleic leis na moltaí le tacaíocht ón ionstraim seo. [Leasú 90]

7.  Agus mír 5 á cur chun feidhme aige, cinnfidh an Ballstát lena mbaineann gur tosaíocht de chuid a chláir a bheidh i gcur chun feidhme beart chun dul i ngleic le haon easnaimh atá ann, go háirithe bearta chun dul i ngleic le heasnaimh thromchúiseacha agus measúnuithe neamhchomhlíontacha.

8.  I gcás inar gá, leasófar an clár lena mbaineann chun na moltaí dá dtagraítear i mír 5 a chur san áireamh maille leis an dul chun cinn i ndáil le gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna arna measúnú sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht amhail dá dtagraítear in Airteagal 27(2)(a). Ag brath ar thionchar an choigeartaithe, déanfaidh an Coimisiún an clár athbhreithnithe a fhormheas. [Leasú 91]

9.  I gcomhar agus i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hinniúlachtaí na gníomhaireachta, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann acmhainní a ath‑leithdháileadh faoina chlár, lena n‑áirítear na hacmhainní atá clársceidealaithe do thacaíocht oibriúcháin, d'fhonn dul i ngleic leis na moltaí dá dtagraítear i mír 5 a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo.

10.  Nuair a chinnfidh Sula gcinnfidh Ballstát tionscadail a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír, i dtríú tír nó i dtaca le tríú tír, le tacaíocht na hionstraime, áiritheoidh sé go gcomhlíonfar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus an Bhallstáit sin le gach gníomhaíocht arna moladh ag an tríú tír sin, sa tríú tír sin nó i dtaca leis an tríú tír sin, agus go n-urramófar go hiomlán na cearta agus na prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula gcuirfear tús leis an tionscadal, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha thuasluaite. [Leasú 92]

11.  Gach uair a chinneann Ballstát, go heisceachtúil, gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír, i dtríú tíri dtaca le tríú tír, le tacaíocht na hionstraime a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe agus ar choireacht trasteorann agus lena mbrath, lena sainaithint, lena rianú, lena gcosc agus lena ngabháil chun an imirce neamhrialta agus an choireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac nó chun rannchuidiú le beatha imirceach a chosaint agus a shábháil, áiritheoidh sé go gcuirfidh sé fógra chuig an gCoimisiún faoi aon chomhaontú comhair déthaobhach nó iltaobhach leis an tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar lán-urraim do phrionsabal an non-refoulement, lena n-áirítear i ngníomhaíochtaí a tharlaíonn ar an mórmhuir.. [Leasú 93]

11a.  A luaithe a chinneann Ballstát tionscadail a thionscnamh le tríú tír, i dtríú tír nó i dtaca le tríú tír faoin ionstraim seo, cuirfidh an Ballstát na heagraithe a dhéanann ionadaíocht ar na comhpháirtithe ar an leibhéal náisiúnta ar an eolas laistigh de 10 lá, mar aon le comhaltaí an Choiste Stiúrtha. [Leasú 94]

12.  Maidir le trealamh oibriúcháin, lena n-áirítear modhanna iompair, agus córais chumarsáide, a bhfuil gá leis chun rialú éifeachtach slán ag teorainneacha a dhéanamh, mar aon le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, a ceannaíodh le tacaíocht na hionstraime seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas: [Leasú 95]

(a)  sula dtionscnóidh siad nósanna imeachta um cheannach chun trealamh oibriúcháin a fháil, lena n‑áirítear modhanna iompair, agus córais chumarsáide le tacaíocht na hionstraime, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonann an trealamh sin na caighdeáin a bhunaítear ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, i gcás inarb ann do na caighdeáin sin, agus fíoróidh siad a sonraíochtaí teicniúla leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus é mar aidhm acu idir-inoibritheacht na sócmhainní a úsáideann an Garda Teorann agus Cósta a áirithiú.

(b)  déanfar gach trealamh oibriúcháin mórscála i gcomhair bainistíocht teorann, amhail modhanna iompair agus faireachais aeir agus mhuirí a cheannaigh na Ballstáit a chlárú sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta d'fhonn na sócmhainní sin a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 39(8) de Rialachán (AE) 2016/1624.

(c)  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ítimí a cheannach i gcomhair oibríochtaí muirí ilchuspóireacha a dtugtar tacaíocht dóibh leis an ionstraim ar choinníoll go n‑úsáidfear na hítimí seo, agus iad á n‑oibriú ag na húdaráis náisiúnta ábhartha, le haghaidh oibríochtaí faireachais teorann ar feadh 60 % den tréimhse úsáide iomláine chun críocha náisiúnta in aon bhliain amháin. Clárófar na hítimí sin sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta d'fhonn na sócmhainní sin a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 39(8) de Rialachán (AE) 2016/1624;

(d)  chun tacú le pleanáil chomhleanúnach maidir le forbairt acmhainneachta don Ghníomhaireacht um an nGarda Teorann agus Cósta agus le húsáid fhéideartha soláthair chomhpháirtigh, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid den líne tuarascála i gcomhréir le hAirteagal 27, maidir leis an bpleanáil ilbhliantúil infhaighte i dtaca leis an trealamh atá beartaithe a cheannach faoin ionstraim. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

I gcás ina gcuireann na Ballstáit gníomhaíochtaí chun feidhme faoin ionstraim seo, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le faireachas teorann muirí, tabharfaidh siad aird ar leith ar a n-oibleagáidí idirnáisiúnta i ndáil le cuardach agus tarrtháil ar muir agus beidh siad i dteideal, chun na críche sin, an trealamh agus na córais dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den mhír seo a úsáid. [Leasú 96]

13.  Bunófar an oiliúint i réimse an bhainistithe teorann a dhéanfar le tacaíocht na hionstraime seo ar na caighdeáin comhchuibhithe ábhartha Eorpacha ar cháilíocht dhearbhaithe don oideachas agus don oiliúint chomhchoiteann i réimse na gardála teorann agus cósta, agus ar dhlí ábhartha an Aontais agus ar an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus an dlí muirí ábhartha. [Leasú 97]

14.  Go háirithe saothróidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn IV.

15.  Bunófar clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i Déanfaidh gach clár na cineálacha idirghabhála a leagan amach i gcomhair gach cuspóra shonraigh i gcomhréir le Tábla 1 d'Iarscríbhinn VI chomh maith le miondealú táscach ar na hacmhainní clársceidealaithe de réir chineál na hidirghabhála nó an réimse tacaíochta. [Leasú 98]

Airteagal 13

Athbhreithniú meántéarma

-1.  Beidh na cláir faoi réir athbhreithniú agus meastóireacht mheántéarma i gcomhréir le hAirteagal 26. [Leasú 99]

1.  In Roimh dheireadh 2024, agus i ndiaidh dó Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 1(c) agus i mír míreanna 2 go 11 d'Iarscríbhinn I a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann. Bunófar an leithdháileadh ar na sonraí staidrimh is déanaí a bheidh ar fáil maidir leis na critéir dá dtagraítear i mír 1(c) agus míreanna 2 go 11 d'Iarscríbhinn I. Beidh an cistiú éifeachtach don tréimhse amhail ón mbliain féilire 2025. [Leasú 100]

2.  Mura gcumhdaítear 10 % 30 % de leithdháileadh tosaigh cláir dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a) trí bhíthin iarratais ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ní bheidh an Ballstát i gceist incháilithe chun an leithdháileadh breise dá dtagraítear i mír 1 a fháil. [Leasú 101]

2a.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ach amháin má bhíonn an creat ábhartha rialála agus gníomhartha gaolmhara i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022. [Leasú 102]

3.  Amhail ó 2025, i gcás inarb iomchuí sin, cuirfear san áireamh i leithdháileadh na gcistí ón tsaoráid théamach an dul chun cinn a dhéanfar maidir le garspriocanna an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] a ghnóthú agus maidir le laigí cur chun feidhme aitheanta. [Leasú 103]

Airteagal 14

Gníomhaíochtaí sonracha

1.  Is é atá i ngníomhaíochtaí sonracha tionscadail thrasnáisiúnta nó náisiúnta óna n-eascraíonn breisluach Aontais agus atá i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo a d’fhéadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir. [Leasú 104]

2.  Féadfaidh Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10(1), cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí sonracha, ar choinníoll go bhfuil sé curtha in iúl mar sin sa chlár agus go n‑úsáidfear é chun cur le cur chun feidhme chuspóirí an Rialacháin seo.

3.  Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

Airteagal 15

Tacaíocht oibriúcháin

1.  Tá tacaíocht oibriúcháin ina cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid mar thacaíocht leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as saothrú na gcúraimí agus na seirbhísí ar cuid de sheirbhís phoiblí don Aontas iad.

2.  Féadfaidh Ballstát suas le 30 % den mhéid a leithdháilfear faoin ionstraim ar a chlár oibre chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú do na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí agus na seirbhísí ar seirbhís phoiblí don Aontas iad a shaothrú.

3.  Comhlíonfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as tacaíocht oibriúcháin acquis an Aontais maidir le teorainneacha agus víosaí. [Leasú 105]

4.  Léireoidh na Ballstáit sa chlár agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 27 an t‑údar atá le húsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Sula ndéanfaidh sé an clár a fhormheas, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir le hinniúlachtaí na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 12(3), measúnú ar an gcás bonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin, agus an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis atá ar fáil i bhfianaise mheastóireachtaí agus mheasúnuithe íogaireachta Schengen, lena n‑áirítear na moltaí a thagann as meastóireachtaí agus measúnuithe íogaireachta Schengen á cur san áireamh aige.

5.  Gan dochar d’Airteagal 4(3)(c), díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar chúraimí agus seirbhísí sonracha ghníomhaíochtaí incháilithe mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII. [Leasú 106]

6.  Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach maoiniúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun leasú a dhéanamh ar na cúraimí agus seirbhísí sonracha gníomhaíochtaí incháilithe in Iarscríbhinn VII. [Leasú 107]

Airteagal 16

Tacaíocht oibriúcháin don Scéim Idirthurais Speisialta

1.  Cuirfidh an ionstraim tacaíocht ar fáil chun cúiteamh a dhéanamh ar tháillí tarscaoilte ó víosaí arna n‑eisiúint chun costais idirthurais agus costais bhreise a tabhaíodh le linn chur chun feidhme na scéime um an doiciméad idirthurais éascaithe (FTD) agus um an doiciméad idirthurais Iarnróid éascaithe (FRTD) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 694/2003.

2.  Maidir leis na hacmhainní a leithdháilfear ar an Liotuáin faoin Scéim Idirthurais Speisialta de bhun Airteagal 7(2)(a), cuirfear ar fáil iad mar thacaíocht oibriúcháin bhreise don Liotuáin i gcomhréir le gníomhaíochtaí incháilithe tacaíochta oibriúcháin laistigh den chlár, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.

3.  De mhaolú ar Airteagal 15(2), féadfaidh an Liotuáin an méid a leithdháilfear uirthi i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(a) a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú de bhreis ar an méid a shainítear in Airteagal 15(2).

4.  Déanfaidh an Coimisiún agus an Liotuáin athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo i gcás athruithe a imríonn tionchar ar an Scéim Idirthurais Speisialta a bheith ann nó ar fheidhmiú na Scéime sin.

Roinn 3

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 17

Raon Feidhme

Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin.

Airteagal 18

Gníomhaíochtaí Aontais

1.  Is é atá i ngníomhaíochtaí Aontais tionscadail trasnáisiúnta nó náisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.

2.  Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ionstraim a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III.

3.  Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais, agus féadfaidh an cistiú sin bheith in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh siad maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.

4.  Tabharfar agus bainisteofar deontais faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le [Teideal VIII] den Rialachán Airgeadais.

5.  Féadfaidh an coiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

6.  Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in [Airteagal X de] Rialachán (AE) .../... [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

Airteagal 19

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gClár seo chun feidhme i gcomhréir le [Rialachán InvestEU] agus le [Teideal X] den Rialachán Airgeadais. [Leasú 108]

Airteagal 20

Cúnamh teicniúil ar leibhéal an Choimisiúin

Leis an ionstraim féadfar tacú le bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann. Féadfar na bearta sin, eadhon réamhchéimeanna, faireachán, maoirseacht, iniúchadh, meastóireacht agus gach gníomh riaracháin agus teicniúil a bhfuil gá leis chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, le tríú tíortha, a mhaoiniú ar ráta 100 %. [Leasú 109]

Airteagal 21

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n‑áirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, sin é an bonn a bheidh leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 22

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Déanfaidh faighteoirí chistiú an Aontais na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí a chur chun cinn trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus fhónta a sholáthar d’iliomad sainghrúpaí ábhartha, lena n-áirítear na meáin agus an pobal, sna teangacha ábhartha. Chun infheictheacht chistiú an Aontais a áirithiú, déanfaidh faighteoirí chistiú an Aontais tagairt dá bhunús agus cumarsáid á déanamh acu maidir leis an ngníomhaíocht. Chuige sin, i ngach teachtaireacht chun na meán nó chun an phobail, áiritheoidh na faighteoirí go mbeidh suaitheantas an Aontais le sonrú uirthi agus go luafar go sainráite inti an tacaíocht airgeadais ón Aontas. [Leasú 110]

2.  Chun an dream daoine is leithne agus is féidir a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hionstraime seo, agus le gníomhaíochtaí agus torthaí na hionstraime, a chur chun feidhme. Go háirithe, foilseoidh an Coimisiún faisnéis i dtaca le forbairt chláir bhliantúla agus ilbhliantúla na saoráide téamaí. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún liosta na n-oibríochtaí arna roghnú le tacaíocht a fháil faoin tsaoráid théamach a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a bhfuil teacht ag an bpobal air agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta gach trí mhí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an ionstraim seo, rannchuideofar freisin le cumarsáid chorparáideach faoi chur chun feidhme thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo. Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún dea-chleachtais a chur chun cinn agus faisnéis a mhalartú maidir le cur chun feidhme na hionstraime. [Leasú 111]

2a.  Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i bhformáidí oscailte agus meaisín-inléite, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(54)1a, lenar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid le chéile agus a athúsáid. Féadfar na sonraí a rangú de réir an mhéid seo a leanas: tosaíocht, cuspóir sonrach, costas incháilithe iomlán na n-oibríochtaí, costas iomlán na dtionscadal, costas iomlán na nósanna imeachta soláthair, ainm an tairbhí agus ainm an chonraitheora. [Leasú 112]

2b.   Is faoi na Ballstáit a bheidh sé faisnéis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún maidir le forbairt clár faoi bhainistiú comhroinnte, chun go bhféadfar an fhaisnéis i dtrácht a fhoilsiú ansin ar a shuíomh gréasáin. [Leasú 113]

Roinn 4

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 23

Cúnamh éigeandála

1.  Leis an ionstraim cuirfear Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cúnamh airgeadais a sholáthar, ar bhonn eisceachtúil, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shonracha i gcás staid éigeandála lena bhfuil údar cuí agus mar rogha dheireanach. Féadfaidh staideanna den chineál sin tarlú mar thoradh ar bhrú práinneach eisceachtúil i gcás inar thrasnaigh líon mór nó líon díréireach náisiúnach tríú tír, ina bhfuil siad ag trasnú nó ina meastar go dtrasnóidh siad teorainneacha seachtracha Ballstáit amháin nó níos mó, go háirithe ag codanna den teorainn a sainítear go gcuirfidh an leibhéal tionchair iontu feidhmiú limistéar Schengen ina iomláine i mbaol, nó aon staid éigeandála chuí-réasúnaithe eile ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha faoi raon feidhme an Rialacháin seo ina n-éilitear beart láithreach. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill. [Leasú 114]

2.  Féadfaidh cúnamh éigeandála bheith i bhfoirm deontas a bhronnfar go díreach ar ghníomhaireachtaí díláraithe.

3.  Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10(1) ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh sa chlár náisiúnta. Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár.

4.  Tabharfar agus bainisteofar deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le [Teideal VIII] den Rialachán Airgeadais.

4a.  I gcás inar gá é chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar a chumhdach le cúnamh éigeandála caiteachas arna thabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh, ach gan an dáta sin a bheith roimh an 1 Eanáir 2021. [Leasú 115]

4b.  Soláthrófar cúnamh éigeandála ar bhealach atá i lánchomhréir le acquis an Aontais agus le hoibleagáidí an Aontais agus na mBallstát faoi na hionstraimí idirnáisiúnta ar sínithe leo iad. [Leasú 116]

Airteagal 24

Cistiú carnach, comhlántach agus comhcheangailte

1.  Féadfaidh gníomhú a fuair ranníocaíocht faoin ionstraim ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach clár de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht, maidir lena ranníocaíocht féin leis an mbeart. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht. Tabharfar aitheantas, i gcás inarb iomchuí, do ranníocaíochtaí faoi chláir eile de chuid an Aontais le gníomhaíochtaí faoin ionstraim seo, i gcláir oibre an Choimisiúin nó sna cláir náisiúnta agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht. [Leasú 117]

2.  Seo a leanas gníomhaíochtaí Maidir le hoibríochtaí a bhronntar dearbhú séala barr feabhais orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha, comparáideacha: [Leasú 118]

(a)  rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin ionstraim;

(b)  comhlíonann siad na ceanglais íosta cáilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)  ní fhéadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha,

féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 67 de Rialachán (AE) .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) .../... [maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air] chistí struchtúrtha an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin comhleanúnach le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirtear tacaíocht ar fáil. [Leasú 119]

Roinn 5

FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Foroinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 25

Faireachán agus tuairisciú

1.  I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal 43(3)(h)(i)(iii) 41(3)(h)(i)(iii) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hIarscríbhinn V, ar bhonn bliantúil ar a laghad. [Leasú 120]

2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn V a leasú d’fhonn na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht atá le cur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hionstraime maidir le baint amach chuspóirí sonracha an Rialacháin seo a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII. Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna garspriocanna a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029. I gcás acmhainní faoi bhainistiú comhroinnte, úsáidfear táscairí coiteanna. Arna iarraidh sin dóibh, déanfar na sonraí a bheidh faighte ag an gCoimisiún maidir leis na táscairí aschuir agus toraidh a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 121]

4.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil éifeachtach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, nuair is ábhartha, ar na Ballstáit.

5.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn na hionstraime i dtreo bhaint amach a chuspóirí, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena n‑áirítear faisnéis a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit.

5a.  I gcás acmhainní faoi bhainistiú comhroinnte, beidh faireachán agus tuairisciú bunaithe ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun a áirithiú go gcuirfear an cistiú chun feidhme go héifeachtach. [Leasú 122]

5b.  Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar fhaireachán ar ghníomhaíochtaí a dhéanfaidh tríú tíortha, a dhéanfar iontu, nó a dhéanfar i dtaca leo, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 12(10) agus (11). [Leasú 123]

Airteagal 26

Meastóireacht

1.  Déanfaidh Faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar i láthair ar chur chun feidhme an Rialachán seo, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin Rialachán seo. Sa mheastóireacht mheántéarma, scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, simplíocht agus solúbthacht an Chiste. Níos sonraí ná sin, áireofar inti measúnú ar an méid seo a leanas: [Leasú 124]

(a)  an dul chun cinn i dtreo baint amach chuspóirí an Rialacháin seo, agus an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil á cur san áireamh, go háirithe na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht arna dtíolacadh ag na Ballstáit faoi Airteagal 30 agus na táscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;; [Leasú 125]

(b)  an breisluach Aontais a ghabhann le gníomhaíochtaí agus le hoibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoin ionstraim seo; [Leasú 126]

(c)  rannchuidiú na hionstraime le dul i ngleic le dúshláin atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha, le forbairt a dhéanamh ar an gcomhbheartas víosaí, agus le húsáid na hionstraime chun dul i ngleic le heasnaimh arna sainaithint ag Sásra Meastóireachta agus measúnú Leochaileachta Schengen; [Leasú 127]

(d)  ábharthacht leanúnach na mbeart cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus na ngníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus a iomchuí agus atá siad; [Leasú 128]

(e)  an chomhlántacht agus an comhleanúnachas idir gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin ionstraim seo agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile de chuid an Aontais. [Leasú 129]

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht mheántéarma torthaí siarghabhálacha meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach na hionstraime a bhí ann roimhe seo le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus víosaí, ar cuid í den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020. [Leasú 130]

1a.  Faoin 31 Eanáir 2030, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht shiarghabhálach. Faoin dáta céanna, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh measúnú ar na gnéithe a leagtar amach i mír 1 sa mheastóireacht shiarghabhálach. I dtaca leis sin, déanfar meastóireacht ar thionchair níos fadtéarmaí na hionstraime d’fhonn rannchuidiú le cinneadh maidir le hathnuachan nó modhnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chiste ina dhiaidh sin. [Leasú 131]

2.  Déanfar an athbhreithniú meántéarma agus an mheastóireacht shiarghabhálach go tráthúil chun cur leis an bpróiseas cinnteoireachta i gcomhréir leis an amlíne a leagtar amach in Airteagal 40 de 14 den Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] seo. [Leasú 132]

2a.  San athbhreithniú meántéarma agus sa mheastóireacht shiarghabhálach uaidh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí a dhéanfaidh tríú tíortha, a dhéanfar iontu, nó a dhéanfar i dtaca leo, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 12(10) agus (11). [Leasú 133]

Foroinn 2

Rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte

Airteagal 27

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.  Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin go 2031 agus an bhliain sin san áireamh cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht chuig an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. Leis an tuarascáil a thíolacfar in 2023 cumhdófar cur chun feidhme an chláir a dhéanfar go dtí an 30 Meitheamh 2022. Déanfaidh na Ballstáit na tuarascálacha sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus cuirfidh siad ar aghaidh iad chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. [Leasú 134]

2.  Leagfar amach sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faisnéis maidir le :

(a)  an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir le garscpriocanna agus spriocanna a bhaint amach agus na sonraí carnacha is déanaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] arna dtarchur chuig an gCoimisiún á gcur san áireamh; [Leasú 135]

(aa)  miondealú ar chuntais bhliantúla an chláir náisiúnta de réir aisghabhálacha, réamh-mhaoiniú tairbhithe deiridh agus caiteachas a tabhaíodh iarbhír; [Leasú 136]

(b)  aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir agus na bearta a rinneadh chun dul i ngleic leo, lena n-áirítear tuairimí réasúnaithe arna n-eisiúint ag an gCoimisiún i ndáil le nós imeachta sáraithe faoi Airteagal 258 CFAE; [Leasú 137]

(c)  an chomhlántacht, an comhordú agus an comhleanúnachas idir na bearta a dtugtar tacaíocht dóibh leis an ionstraim agus tacaíocht a chuirtear ar fáil ó Chistí Aontais eile, go háirithe bearta ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais agus ionstraimí eile lena soláthraítear cistiú i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha; [Leasú 138]

(d)  rannchuidiú an chláir le cur chun feidhme an acquis agus na bpleananna gníomhaíochta ábhartha de chuid an Aontais;

(da)  comhlíonadh na gceanglas um chearta bunúsacha; [Leasú 139]

(e)  cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)  comhlíonadh coinníollacha cumasaithe agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse.

(fa)  cur chun feidhme tionscadal i dtríú tír nó i dtaca le tríú tír. [Leasú 140]

3.  Féadfaidh an Coimisiún barúlacha maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh den spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha. A luaithe a ghlacfar leo, déanfaidh an Coimisiún achoimrí ar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus foilseoidh sé na hachoimrí sin ar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht ar shuíomh gréasáin tiomnaithe. [Leasú 141]

4.  Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Airteagal 28

Faireachán agus tuairisciú

1.  Bunófar faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1, i dTábla 2 agus i dTábla 3 in Iarscríbhinn VI. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach maoiniúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na cúraimí agus seirbhísí sonracha in Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hAirteagal 29.

2.  Úsáidfear na táscairí coiteanna i gcomhréir le hAirteagal 12(1), le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. …/… [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. [Leasú 142]

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8, 12, 15 25 agus 28 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028. [Leasú 143]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8, 12, 15, 25 agus 28 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ar an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 144]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8, 12, 15, 25 agus 28 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 145]

Airteagal 30

Nós imeachta coiste

1.  Beidh an Coiste Comhordaithe um an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí ina chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás nach dtugann an coiste achomhairc tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 27(4) a ghlacadh. [Leasú 146]

Airteagal 31

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní bheidh éifeacht ag an Rialachán ar leanúint de ná ar leasú na mbeart atá i gceist faoin ionstraim le haghaidh teorainneacha seachtracha agus víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, a leanfaidh d'fheidhm a bheith aige maidir leis na bearta sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Speansais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin is gá chun an t‑aistriú idir an ionstraim agus na bearta a glacadh faoina réamhtheachtaí, i.e. an ionstraim le haghaidh teorainneacha seachtracha agus víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, féadfar na speansais sin a chumhdach leis an imchlúdach airgeadais.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Critéir maidir le leithdháileadh cistí ar na cláir faoi bhainistíocht chomhroinnte

1.  Déanfar na hacmhainní atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 10 a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)  gheobhaidh gach Ballstát méid seasta EUR 5 000 000 ón ionstraim ag tús na clárthréimhse amháin;

(b)  méid EUR 157 200 000 don Scéim Idirthurais Speisialta a leithdháilfear ar an Liotuáin ag tús na clárthréimhse amháin;

(c)  agus leithdháilfear na hacmhainní atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 10 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

30 % i gcomhair teorainneacha seachtracha talún;

35 % i gcomhair teorainneacha seachtracha muirí;

20 % i gcomhair aerfort.

15 % i gcomhair oifigí consalacha.

2.  Déanfar na hacmhainní atá ar fáil faoi mhír 1(c) i gcomhair teorainneacha seachtracha talún agus teorainneacha seachtracha muirí a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)  70 % i gcomhair fad a dteorainneacha seachtracha talún agus a dteorainneacha seachtracha muirí, a ndéanfar a ríomh ar bhonn fachtóirí ualaithe i gcomhair gach cuid shonrach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013, a chinnfear i gcomhréir le mír 11; agus

(b)  30 % don ualach oibre ag a dteorainneacha seachtracha talún agus a dteorainneacha seachtracha muirí, mar a chinnfear i gcomhréir le mír 7(a).

3.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta an t‑ualú dá dtagraítear i mír 2(a) a chinneadh i gcomhréir le mír 11.

4.  Déanfar na hacmhainní a bheidh ar fáil faoi mhír 1(c) i gcomhair aerfort a roinnt ar na Ballstáit de réir an ualaigh oibre ag a n‑aerfoirt, mar a chinnfear i gcomhréir le mír 7(b).

5.  Déanfar na hacmhainní atá ar fáil faoi mhír 1(c) i gcomhair oifigí consalacha a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)  50 % do líon oifigí consalacha (gan consalachtaí oinigh san áireamh) na mBallstát sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001(55) ón gComhairle, agus

(b)  50 % den ualach oibre i dtaca le beartas víosaí a bhainistiú ag oifigí consalacha na mBallstát sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, mar a chinnfear i gcomhréir le mír 7(c) den Iarscríbhinn seo.

6.  Chun críche acmhainní a leithdháileadh faoi mhír 1(c), ciallóidh 'teorainneacha seachtracha muirí' teorainn sheachtrach fharraige teorann na mBallstát mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagail 4 go 16 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. Ach, i gcásanna ina bhfuil oibríochtaí fadtréimhseacha ag teastáil ar bhonn rialta chun imirce neamhdhleathach/ dul isteach neamhdhleathach neamhrialta a chosc, is é a bheidh iontu teorainn fhorimeallach na limistéar ina bhfuil bagairt ard. Déanfar an sainmhíniú ar 'theorainneacha muirí seachtracha' i dtaca leis seo a chinneadh trí na sonraí oibríochtúla a chuir na Ballstáit lena mbaineann ar fáil le dhá bhliain anuas a chur san áireamh. Bainfear úsáid go heisiach as an sainmhíniú seo chun críche an Rialacháin seo. [Leasú 147]

7.  Chun críocha an leithdháilte tosaigh den mhaoiniúchán, bunófar an measúnú ar an ualach oibre ar na meánfhigiúirí is déanaí atá ar fáil lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe sin ar dháta infheidhmeacht an Rialacháin seo. Chun críocha an athbhreithnithe mheántéarmach, bunófar an measúnú ar an ualach oibre ar na meánfhigiúirí is déanaí atá ar fáil lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe sin tráth an mheasúnaithe mheántéarmaigh in 2024. Bunófar an measúnú ar an ualach oibre ar na fachtóirí seo a leanas:

(a)  ag teorainneacha seachtracha talún agus teorainneacha seachtracha muirí:

(1)  70 % 60 % don líon trasnuithe teorann seachtraí ag pointí trasnaithe teorann údaraithe; [Leasú 148]

(2)  30 % 20 %don líon náisiúnach tríú tíre a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha. [Leasú 149]

(2a)  20% do líon na ndaoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin mar dhuine de theaghlach agus a ndearnadh a n-iarratais a phróiseáil faoin nós imeachta teorann dá dtagraítear in Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(56). [Leasú 150]

(b)  ag aerfoirt:

(1)  70 % don líon trasnuithe teorann seachtraí ag pointí trasnaithe teorann údaraithe;

(2)  30 % don líon náisiúnach tríú tíre a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha.

(c)  ag oifigí consalacha:

an líon iarratas ar víosaí le haghaidh gearrfhanachtaí nó idirthuras aerfoirt.

8.  Déanfar na figiúirí tagartha don líon oifigí consalacha dá dtagraítear i mír 5(a) a ríomh de réir na faisnéise atá in Iarscríbhinn 28 a ghabhann le Cinneadh C(2010)1620 an 19 Márta 2010 ón gCoimisiún lena mbunaítear an Lámhleabhar le haghaidh iarratais ar víosaí a phróiseáil agus ar víosaí a eisíodh cheana a mhodhnú.

I gcás nach gcuireann na Ballstáit na staitisticí lena mbaineann ar fáil, bainfear úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil i leith na mBallstát sin. I gcás nach mbeidh aon sonraí ar fáil i leith Ballstáit, nó ina mainníonn ar Bhallstát faisnéis den chineál sin a chur ar fáil dhá bhliain as a chéile, is é nialas an figiúr tagartha a bheidh ann. [Leasú 151]

9.  Is é a bheidh sna figiúirí tagartha don ualach oibre dá dtagraítear:

(a)  i mír 7(a)(1) agus mír 7(b)(1) na staitisticí is déanaí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

(b)  i mír 7(a)(2) agus 7(b)(2) na staitisticí is déanaí a bheidh curtha ar fáil ag an gCoimisiún (Eurostat) ar bhonn na sonraí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

(c)  i mír 7(c) na staitisticí is déanaí a sholáthróidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 46 den Chód Víosaí(57).

(d)  I gcás nach gcuireann na Ballstáit na staitisticí lena mbaineann ar fáil, bainfear úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil i leith na mBallstát sin. I gcás nach mbeidh aon sonraí ar fáil i leith Ballstáit, nó ina mainníonn ar Bhallstát faisnéis den chineál sin a chur ar fáil dhá bhliain as a chéile, is é nialas an figiúr tagartha a bheidh ann. [Leasú 152]

10.  Soláthróidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta tuarascáil don Choimisiún ar mhiondealú na n-acmhainní i dtaca le teorainneacha seachtracha talún, teorainneacha seachtracha muirí agus aerfoirt, dá dtagraítear i mír 1(c). Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar fáil go poiblí.. [Leasú 153]

11.  Chun críocha an leithdháilte tosaigh, déanfar a shainaithint leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 an meánleibhéal bagartha i ngach tionchair ar gach cuid den teorainn bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe sin ar dháta infheidhmeacht an Rialacháin seo. Chun críocha an athbhreithnithe mheántéarmach, déanfar a shainaithint leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 an meánleibhéal bagartha i ngach tionchair ar gach cuid den teorainn bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí lena gcumhdaítear na 36 mhí díreach roimhe tráth an mheasúnaithe mheántéarmaigh in 2024. Cinnfear léi na fachtóirí ualaithe sonracha seo a leanas in aghaidh na coda trí na leibhéil bhagartha tionchair a shainmhínítear in Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 a chur i bhfeidhm: [Leasú 154]

(a)  fachtóir 0.5 maidir le bagairt leibhéal tionchair íseal; [Leasú 155]

(b)  fachtóir 3 maidir le meánbhagairt meánleibhéal tionchair; [Leasú 156]

(c)  fachtóir 5 maidir le bagairt ard hardleibhéal tionchair; [Leasú 157]

(d)  fachtóir 8 maidir le bagairt chriticiúil. [Leasú 158]

IARSCRIBHINN II

Bearta cur chun feidhme

1.  Rannchuideoidh an ionstraim leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  feabhas a chur ar an rialú teorann i gcomhréir le hAirteagal 4(a) de Rialachán (AE) 2016/1624 trí:

i.  atreisiú a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí chun seiceálacha agus faireachas a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha lena n-áirítear bearta chun trasnuithe teorann dlisteanacha a éascú agus, i gcás inarb iomchuí, bearta a bhaineann le coireacht trasteorann a chosc agus a bhrath, amhail smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine daonna agus an sceimhlitheoireacht, a chosc agus a bhrath agus bearta a bhaineann le daoine a bhfuil gá cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh uirthi, a tharchur; [Leasú 159]

ii.  tacú leis an gcuardach agus an tarrtháil i gcomhthéacs faireachas teorann a dhéanamh ar muir; [Leasú 160]

iii.  bearta teicniúla agus oibríochtúla a chur chun feidhme i limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú ag teorainneacha, ar choinníoll nach ionann na bearta sin agus riosca don tsaorghluaiseacht; [Leasú 161]

iv.  anailís a dhéanamh ar na rioscaí atá ann don tslándáil inmheánach agus anailís ar aon bhagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú nó do shlándáil na dteorainneacha seachtracha;

v.  tacú, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, le Ballstáit a bhfuil brú díréireach imirce orthu nó a d'fhéadfadh a bheith orthu ag teorainneacha seachtracha an Aontais orthu aghaidh a thabhairt ar staid éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 23, lena n‑áirítear trí atreisiú oibríochtúil agus teicniúil agus trí fhoirne tacaíochta bainistithe imirce a imlonnú i limistéir theophointe. [Leasú 162]

(b)  forbairt bhreise a dhéanamh ar an nGarda Eorpach Teorann agus Cósta, trí acmhainneachtaí chomhchoiteanna a fhothú acmhainneachtaí, comhsholáthar a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir i measc na mBallstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um a chuíchóiriú, d’fhonn forbairt bhreise a dhéanamh ar an an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach; [Leasú 163]

(c)  comhar idirghníomhaireachta a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta i measc na n-údarás náisiúnta atá freagrach as rialú ag teorainneacha nó as cúraimí eile a dhéantar ag na teorainneacha agus ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, nó idir na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí, lena n-áirítear gníomhaireachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí seachtracha, ábhartha an Aontais ar an taobh eile; [Leasú 164]

(d)  cur i bhfeidhm acquis an Aontais maidir le teorainneacha seachtracha a áirithiú, lena n‑áirítear trí cur chun feidhme moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta amhail sásra measúnaithe Schengen i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, measúnuithe íogaireachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1624 agus sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta;

(e)  bunú, oibriú agus cothabháil na gcóras mórscála TF sin atá faoi réir dhlí an Aontais cheana i réimse an bhainistithe teorainneacha, lena n-áirítear idir-inoibritheacht na gcóras TF sin agus a mbonneagar cumarsáide, agus gníomhaíochtaí chun cáilíocht sonraí agus soláthar faisnéise a threisiú. [Leasú 165]

(ea)  acmhainneacht a mhéadú chun cúnamh a thabhairt do dhaoine i nguais ar muir, go háirithe tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála; [Leasú 166]

(eb)  tacú leis an gcuardach agus an tarrtháil i gcomhthéacs faireachas teorann a dhéanamh ar muir. [Leasú 167]

2.  Rannchuideoidh an ionstraim leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  seirbhísí éifeachtúla soláimhsithe don chliant a sholáthar d’iarratasóirí ar víosaí agus san am céanna slándáil agus sláine an nós imeachta víosaí a chothabháil, le haird ar leith ar dhaoine leochaileacha agus leanaí; [Leasú 168]

(aa)  tacú leis na Ballstáit i dtaca le víosaí a eisiúint, lena n-áirítear víosaí le bailíocht chríochach theoranta a eisítear ar fhorais dhaonnúla, ar chúiseanna a bhaineann leis an leas náisiúnta, nó mar gheall ar oibleagáidí idirnáisiúnta, agus le haghaidh tairbhithe de chlár athlonnaithe nó athshocraithe de chuid an Aontais, agus le acquis an Aontais maidir le víosaí a chomhlíonadh go hiomlán; [Leasú 169]

(b)  cur i bhfeidhm aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le víosaí a áirithiú, lena n‑áirítear forbairt bhreise agus nuachóiriú an chomhbheartais maidir le víosaí;

(c)  foirmeacha difriúla comhair idir na Ballstáit a fhorbairt i dtaca le próiseáil víosaí;

(d)  bunú nuashonrú, oibriú agus cothabháil ar chórais mhórscála TF i réimse an chomhbheartais maidir le víosaí, lena n‑áirítear idir-inoibritheacht na gcóras sin agus a mbonneagar cumarsáide. [Leasú 170]

IARSCRÍBHINN III

Raon feidhme na tacaíochta

1.  Ag teacht leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) tabharfar tacaíocht leis an ionstraim don mhéid seo go háirithe:

(a)  bonneagair, foirgnimh agus córais agus seirbhísí atá ag teastáil ag pointí trasnaithe teorann, i limistéir theophointe agus le haghaidh faireachas teorann idir pointí trasnaithe teorann chun dul i ngleic le trasnuithe teorann neamhúdaraithe, inimirce neamhdhlíthiúil neamhrialta agus coiriúlacht trasteorann ag na teorainneacha seachtracha, agus iad a chosc, chomh maith le sreafaí rianúla taistealaithe dlisteanacha a ráthú agus bainistiú éifeachtach ar shreafaí imirce, lena n-áirítear bearta a bhaineann le daoine a tharchur a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta agus, ag an am céanna, á áirithiú i gcónaí go gcaithfear leis na daoine lena mbaineann le dínit; [Leasú 171]

(b)  trealamh oibriúcháin, lena n‑áirítear modhanna iompair, agus córais chumarsáide is gá le haghaidh rialú teorann éifeachtach slán, i gcomhréir leis na caighdeáin a bhunaítear ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, i gcás inarb ann do na caighdeáin sin;

(c)  oiliúint i réimse an bhainistithe teorainneacha chomhtháite san Eoraip nó cuidiú lena fhorbairt, agus riachtanais oibríochtúla agus, anailís riosca agus dúshláin arna sainaithint i moltaí tír-shonracha á gcur san áireamh agus i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha; [Leasú 172]

(d)  comhoifigigh idirchaidrimh a thabhairt ar iasacht do thríú tíortha mar a shainmhínítear i Rialachán Uimh ... ... [an Rialachán nua maidir leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair](58) agus gardaí teorann agus saineolaithe ábhartha eile a thabhairt ar iasacht do na Ballstáit nó ó Bhallstát do thríú tír, an comhar idir líonraí saineolaithe nó oifigigh idirchaidrimh agus a n‑acmhainneacht oibríochtúil a atreisiú, mar aon le dea-chleachtais a mhalartú agus dlús a chur le hacmhainn líonraí Eorpacha beartais an Aontais a mheasúnú, a chur chun cinn agus a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt dóibh. [Leasú 173]

(e)  staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile arb aidhm dóibh an bhainistíocht teorainneacha chomhtháite san Eoraip a chur chun feidhme nó a fhorbairt, lena n‑áirítear bearta arb aidhm dóibh an Garda Eorpach Teorann agus Cósta a fhorbairt, amhail acmhainneachtaí comhchoiteanna a fhothú, comhsholáthar a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chuíchóiriú, mar aon le bearta a bhaineann le daoine a tharchur a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta; [Leasú 174]

(f)  gníomhaíochtaí lena ndéantar forbairt ar mhodhanna nuálacha nó teicneolaíochtaí nua a d'fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile a chur i bhfeidhm, go háirithe trí thorthaí tionscadal taighde slándála a chur i bhfeidhm, i gcás ina gcinneann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ag gníomhú dó faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2016/1624, go rannchuidíonn an cur i bhfeidhm sin le hacmhainní oibríochtúla an Gharda Eorpaigh Teorann agus Cósta a fhorbairt. Beidh modhanna nuálacha agus teicneolaíochtaí nua den chineál sin go hiomlán i gcomhréir le cearta bunúsacha agus leis an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; [Leasú 175]

(g)  réamhchéimeanna, gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla, atá riachtanach chun na beartais um theorainneacha seachtracha a chur chun feidhme, lena n‑áirítear rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen agus Chód Teorainneacha Schengen a fhíorú, lena n‑áirítear caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar láithreáin mar aon le bearta chun moltaí a eisíodh de thoradh measúnuithe íogaireachta a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1624, na moltaí sin a chur chun feidhme; [Leasú 176]

(ga)   gníomhaíochtaí chun cáilíocht na sonraí atá stóráilte i gcórais TF i réimse na víosaí agus na dteorainneacha a atreisiú agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an chirt atá ag ábhar sonraí chun faisnéis a fháil agus chun sonraí a rochtain, a cheartú nó a scrios agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na hionstraime seo; [Leasú 208]

(h)  sainaithint, méarlorgaireacht, clárú, seiceálacha slándála, faisnéisiú, soláthar faisnéise, scagthástáil liachta agus íogaireachta, agus, i gcás inar gá, cúram leighis, mar aon le náisiúnaithe ó thríú tíortha a tharchur, i gcás inarb infheidhme, chuig an nós imeachta iomchuí ag na teorainneacha seachtracha, i limistéir theophointe go háirithe; [Leasú 177]

(i)  gníomhaíochtaí arb aidhm dóibh feasacht maidir le beartais teorainneacha seachtracha a fheabhsú i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena n‑áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(j)  uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe; [Leasú 178]

(k)  tacaíocht oibriúcháin don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip.

(ka)  malartú dea-chleachtas agus saineolais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint i gcomhthéacs chodanna difriúla an rialaithe teorann agus, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine leochaileacha a shainaithint, le cúnamh a thabhairt dóibh láithreach agus lena dtarchur chuig na seirbhísí cosanta; [Leasú 179]

(kb)  bearta chun forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta, lena n-áirítear cur i bhfeidhm uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh comhchoiteanna chun dul chun cinn a thomhas agus chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí beartais. [Leasú 180]

2.  Ag teacht leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) tabharfar tacaíocht leis an ionstraim don mhéid seo go háirithe:

(a)  bonneagair atá ag teastáil chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus don chomhar consalach, lena n‑áirítear bearta slándála, chomh maith le gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar fheabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse d’iarratasóirí ar víosaí;

(b)  trealamh oibriúcháin agus córais chumarsáide atá ag teastáil chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus comhar consalach;

(c)  oiliúint a chur ar bhaill foirne consalaí agus foirne eile lena rannchuidítear leis an gcomhbheartas víosaí agus leis an gcomhar consalach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cearta bunúsacha a chomhlíonadh; [Leasú 181]

(d)  dea-chleachtais agus saineolaithe a mhalartú, lena n-áirítear saineolaithe a thabhairt ar iasacht, mar aon le borradh a chur faoi acmhainneacht líonraí Eorpacha i dtaca le beartais agus cuspóirí an Aontais a mheasúnú, a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh agus tacú leo, lena n-áirítear chun críche cearta bunúsacha a chosaint i ndáil le sainaithint daoine leochaileacha, cúnamh láithreach a thabhairt dóibh agus iad a tharchur; [Leasú 182]

(e)  staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile, amhail gníomhaíochtaí arb aidhm dóibh eolas a fheabhsú trí bhíthin anailísí, faireacháin agus meastóireachta;

(f)  gníomhaíochtaí trína bhforbraítear modhanna nuálacha nó a gcuirtear teicneolaíochtaí nua chun oibre a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

(g)  réamhchéimeanna, gníomhaíochtaí faireacháin, riaracháin agus teicniúla lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, lena n-áirítear caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar an láthair; [Leasú 183]

(h)  gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le beartais víosaí i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena n‑áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(i)  uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt, agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint á n-urramú; [Leasú 184]

(j)  tacaíocht oibríochta do chur chun feidhme an chomhbheartais víosaí, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe; [Leasú 185]

(ja)  tacú leis na Ballstáit i dtaca le víosaí a eisiúint, lena n-áirítear víosaí le bailíocht chríochach theoranta a eisítear ar fhorais dhaonnúla, ar chúiseanna a bhaineann leis an leas náisiúnta, nó mar gheall ar oibleagáidí idirnáisiúnta, agus le haghaidh tairbhithe de chlár athlonnaithe nó athshocraithe de chuid an Aontais, agus le acquis an Aontais maidir le víosaí a chomhlíonadh go hiomlán. [Leasú 186]

3.  Faoin gcuspóir beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1), tacófar leis an ionstraim leis an méid seo go háirithe:

(a)  bonneagair agus foirgnimh atá ag teastáil chun córais mhórscála TF agus comhpháirteanna bonneagair cumarsáide atá bainteach leo a óstáil;

(b)  trealamh agus córais chumarsáide atá ag teastáil chun dea-fheidhmiú córas mórscála TF a áirithiú;

(c)  gníomhaíochtaí oiliúna agus cumarsáide i dtaca le córais mhórscála TF;

(d)  córais mhórscála TF a fhorbairt agus a uasghrádú;

(e)  staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le córais mhórscála TF lena n‑áirítear a n‑idir-inoibritheacht a chur chun feidhme;

(f)  gníomhaíochtaí trína bhforbraítear modhanna nuálacha nó a gcuirtear teicneolaíochtaí nua chun oibre a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

(g)  uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt do chórais mhórscála TF sa réimse víosaí agus na dteorainneacha, agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint á n-urramú; [Leasú 187]

(ga)  gníomhaíochtaí chun cáilíocht sonraí a atreisiú agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an chirt atá ag ábhar sonraí chun faisnéis a fháil agus chun a shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scrios agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin; [Leasú 188]

(h)  tacaíocht oibriúcháin do chur chun feidhme do chórais mhórscála TF.

IARSCRÍBHINN IV

Gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus Airteagal 12(14)

(1)  Trealamh oibriúcháin a cheannach trí bhíthin scéimeanna comhpháirteacha soláthair i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a bheidh le cur ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta le haghaidh a gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 39(14) de Rialachán (AE) 2016/1624.

(2)  Bearta lena dtacaítear le comhar idirghníomhaireachta idir Ballstát agus tríú tír comharsanachta a bhfuil comhtheorainn talún nó mhuirí ag an Aontas léi.

(3)  Forbairt bhreise ar an nGarda Eorpach Teorann agus Cósta, trí acmhainneachtaí comhchoiteanna a a dhéanamh ar fhothú acmhainneachtaí comhchoiteanna, comhsholáthar a dhéanamh, caighdeáin chomhchoiteanna a bhunú agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú i measc na mBallstát a chuíchóiriú, mar a shonraítear i mír 1(b) d'Iarscríbhinn II d’fhonn forbairt bhreise a dhéanamh ar an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach. [Leasú 189]

(4)  Oifigigh idirchaidrimh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a imlonnú go comhpháirteach;

(5)  Bearta lena n-atreisítear sainaithint íospartaigh na gáinneála ar dhaoine daonna agus tacaíocht dóibh agus lena n-atreisítear comhar trasteorann i dtaca le lucht gáinneála a bhrath faoi chuimsiú an rialaithe teorann, lena n-áirítear trí shásraí cosanta agus tarchuir a fhorbairt agus trí thacú leo. [Leasú 190]

(5a)  Córais chomhtháite chun leanaí a chosaint a fhorbairt ag na teorainneacha seachtracha mar aon le beartais do leanaí san imirce i gcoitinne, lena n-áirítear trí oiliúint leordhóthanach a chur ar fhoirne agus trí mhalartú dea-chleachtas i measc na mBallstát. [Leasú 191]

(6)  Bearta lena ndéanfar modheolaíochtaí nó teicneolaíochtaí nua a chur chun oibre, a aistriú, a thástáil agus a bhailíochtú, lena n‑áirítear treoirthionscadail agus bearta leantacha a bhaineann le tionscadail taighde slándála arna gcistiú ag an Aontas, dá dtagraítear in Iarscríbhinn III chun cáilíocht na sonraí atá stóráilte i gcórais TF i réimse na víosaí agus na dteorainneacha a atreisiú agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an chirt atá ag ábhar sonraí chun faisnéis a fháil agus chun sonraí a rochtain, a cheartú nó a scrios agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na hionstraime seo. [Leasú 209]

(6a)  Bearta lena spriocdhírítear ar dhaoine leochaileacha a shainaithint, ar chúnamh a thabhairt dóibh agus ar a dtarchur chuig na seirbhísí cosanta. [Leasú 193]

(7)  Bearta lena ndéanfar limistéir theophointe a bhunú agus a bhainistiú sna Ballstáit a bhfuil brú díréireach imirce orthu nó a d'fhéadfadh a bheith orthu.

(8)  Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar fhoirmeacha comhair idir na Ballstáit i dtaca le próiseáil víosaí, mar a shonraítear i mír 2(c) d'Iarscríbhinn II.

(9)  Láithreacht chonsalach nó ionadaíocht na mBallstát a mhéadú i dtíortha a bhfuil ceanglais víosa orthu, go háirithe i dtíortha nach bhfuil láithreacht ag aon Bhallstát iontu faoi láthair.

Iarscríbhinn V

Croítháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(1);

(a)  Cuspóir sonrach 1: Tacú le bainistiú comhtháite éifeachtach teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha arna cur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar chomhfhreagracht chomhroinnte idir an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhleathach neamhrialta agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreafaí imirce a bhainistiú go héifeachtach; [Leasú 194]

(1)  An líon trasnuithe teorann neamhrialta a bhraitear ag teorainneacha seachtracha an Aontais a) idir na pointí trasnaithe; agus b) ag na pointí trasnaithe teorann

Foinse sonraí: An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

(2)  An líon daoine a mbíonn doiciméid chalaoiseacha á n‑úsáid acu a bhraitear ag pointí trasnaithe teorann

Foinse sonraí: An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

(2a)  Líon na ndaoine a bhfuil iarratas déanta acu ar chosaint idirnáisiúnta ag na pointí trasnaithe teorann

Foinse sonraí: Ballstáit [Leasú 195]

(2b)  Líon na ndaoine ar diúltaíodh cead isteach dóibh

Foinse sonraí: Ballstáit [Leasú 196]

(b)  Cuspóir sonrach 2: Tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun cur chuige níos comhchuibhithe a áirithiú i measc na mBallstát i ndáil le víosaí a eisiúint agus chun taisteal dlisteanach a éascú agus rioscaí imirce agus chun maolú ar slándála a chosc. [Leasú 197]

(1)  An líon daoine a mbíonn doiciméid chalaoiseacha á n‑úsáid acu a bhraitear ag consalachtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste

Foinse sonraí: Ballstáit

(1a)  Líon na ndaoine a bhfuil iarratas déanta acu ar chosaint idirnáisiúnta ag consalachtaí na mBallstát

Foinse sonraí: Ballstáit [Leasú 198]

(2)  Meán‑am cinnidh (agus treochtaí ) sa chur chuige maidir le víosaí

Foinse sonraí: Ballstáit

IARSCRÍBHINN VI

Cineálacha idirghabhála

TÁBLA 1:   CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

I.  Bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip

001

Seiceálacha teorann

002

Faireachas teorann – sócmhainní aeir

003

Faireachas teorann – sócmhainní talún

004

Faireachas teorann – sócmhainní muirí

005

Faireachas teorann – córais faireachais teorann uathoibríocha

006

Faireachas teorann – bearta eile

007

Bearta oibríochtúla agus teicniúla i limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú teorann;

008

Comhfheasacht staide agus malartú faisnéise

009

Anailís riosca

010

Sonraí agus faisnéis a phróiseáil

011

Limistéir theophointe

011a

Bearta a bhaineann le daoine leochaileacha a shainaithint agus a tharchur[Leasú 199]

011b

Bearta a bhaineann le daoine a shainaithint agus a tharchur, a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta[Leasú 200]

012

An Garda Eorpach Teorann agus Cósta a fhorbairt

013

Comhar idirghníomhaireachta – ar an leibhéal náisiúnta

014

Comhar idirghníomhaireachta – ar an leibhéal an Aontais Eorpaigh

015

Comhar idirghníomhaireachta – le tríú tíortha

016

Comhoifigigh idirchaidrimh a imlonnú

017

Córais mhórscála TF – Eurodac chun críocha bainistithe teorainneacha

018

Córais mhórscála TF – córais dul isteach/imeachta (EES)

019

Córais mhórscála TF – Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)

020

Córais mhórscála TF – Córas Faisnéise Schengen (SISII)

021

Córais mhórscála TF – Idir-inoibritheacht

022

Tacaíocht oibriúcháin – bainistiú comhtháite teorainneacha

023

Tacaíocht oibriúcháin – córais mhórscála TF chun críocha bainistithe teorainneacha

024

Tacaíocht oibriúcháin – Scéim Idirthurais Speisialta

II.  Comhbheartas víosaí

001

Feabhas a chur ar phróiseáil iarratas ar víosaí

002

Feabhas a chur ar éifeachtúlacht, ar an tseirbhís don chliant agus ar an tslándáil ag na consalachtaí

003

Slándáil doiciméad / comhairleoirí doiciméad

004

Comhar consalachta

005

Cumhdach consalachta

006

Córais mhórscála TF – Córas Faisnéise Víosaí (VIS)

007

Córais TF eile chun críocha iarratais ar víosaí a phróiseáil

008

Tacaíocht oibriúcháin – An Comhbheartas Víosaí

009

Tacaíocht oibriúcháin – córais mhórscála TF chun críocha iarratais ar víosaí a bhainistiú

010

Tacaíocht oibriúcháin – Scéim Idirthurais Speisialta

010a

Víosaí daonnúla a eisiúint [Leasú 201]

 

III.  Cúnamh teicniúil

001

Faisnéis agus cumarsáid

002

Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

003

Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

003a

Cáilíocht sonraí agus an ceart atá ag ábhair sonraí chun faisnéis a fháil agus chun a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scrios agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin [Leasú 202]

004

Forbairt acmhainneachtaí

TÁBLA 2:   CÓID DO GHNÉ AN CHINEÁIL MAOINITHE

001

bonneagair agus foirgnimh

002

an modh iompair

003

trealamh oibriúcháin eile.

004

córais chumarsáide

005

Córais TF

006

oiliúint

007

malartú dea-chleachtas – idir na Ballstáit

008

malartú dea-chleachtas – le tríú tíortha

009

saineolaithe

010

staidéir, cruthúnas choincheapa, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí comhchosúla

011

gníomhaíochtaí cumarsáide

012

uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt

013

feidhmiú tionscadal taighde agus obair leantach eile

TÁBLA 3:   CÓID DO DHIMINSEAN NA RIALAITHE MIONSONAITHE MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME

001

Gníomhaíocht shonrach

002

Cúnamh éigeandála

003

Gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV

004

Moltaí meastóireachta Schengen a chur chun feidhme

005

Moltaí maidir le measúnú íogaireachta a chur chun feidhme

006

Comhar le tríú tíortha

007

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha

IARSCRÍBHINN VII

Gníomhaíochtaí atá incháilithe chun tacaíocht oibriúcháin a fháil

(a)  Faoin sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a), cumhdófar le tacaíocht oibriúcháin na costais seo a leanas ar choinníoll nach bhfuil siad á gcumhdach ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhthéacs a gníomhaíochtaí oibriúcháin:

(1)  costais foirne

(2)  trealamh agus bonneagar a chothabháil agus a dheisiú;

(3)  costais seirbhíse, lena n‑áirítear limistéir theophointe faoi raon feidhme an Rialacháin seo; [Leasú 203]

(4)  costais reatha oibríochtaí.

Féadfaidh Ballstát is óstach de réir bhrí Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2016/1624 úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun na costais reatha a thabhaíonn sé de thoradh a rannpháirtíochta féin sna gníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2016/1624 agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó chun críocha a ghníomhaíochtaí rialaithe teorann náisiúnta.

(b)  Ag teacht leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b), cumhdófar leis an tacaíocht oibriúcháin:

(1)  costais foirne, lena n‑áirítear le haghaidh oiliúna;

(2)  costais seirbhíse;

(3)  trealamh agus bonneagar a chothabháil agus a dheisiú;

(4)  costais a bhaineann le réadmhaoin, lena n‑áirítear costais a bhaineann le cíos agus bonneagar;

(c)  Ag teacht leis an gcuspóir beartais a leagtar amach in Airteagal 3(1), cumhdófar leis an tacaíocht oibriúcháin:

(1)  costais foirne, lena n‑áirítear le haghaidh oiliúna

(2)  bainistiú agus cothabháil oibríochtúil ar chórais mhórscála TF agus a mbonneagair chumarsáide, lena n‑áirítear idir-inoibritheacht na gcóras sin agus an cíos ar áitreabh daingnithe.

(d)  I dteannta leis an méid thuas, cuirfear tacaíocht ar fáil i gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 16 trí bhíthin tacaíocht oibriúcháin laistigh den chlár don Liotuáin

IARSCRÍBHINN VIII

táscairí aschuir agus torthaí dá dtagraítear in Airteagal 25(3);

(a)  Cuspóir sonrach 1: Tacú le bainistiú comhtháite éifeachtach teorainneacha ag na teorainneacha seachtracha arna cur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar chomhfhreagracht chomhroinnte idir an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhleathach neamhrialta agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreafaí imirce a bhainistiú go héifeachtach; [Leasú 204]

(1)  Bonneagar rialaithe teorann, modhanna iompair agus trealamh eile a mhaoinítear le tacaíocht ón ionstraim:

–  an líon pointí trasnaithe teorann nuathógtha nó uasghrádaithe mar sciar d'iomlán na bpointí trasnaithe teorann nuathógtha nó uasghrádaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

–  an líon geataí rialaithe uathoibrithe teorann;

–  an líon modhanna aeriompair;

–  an líon modhanna iompair mhuirí;

–  an líon modhanna iompair talún;

–  an líon ítimí trealaimh a chuirtear ar fáil don Gníomhaireachta Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

–  an líon ítimí trealaimh eile, as a dtagann an líon ítimí trealaimh le haghaidh limistéir theophointe a bhunú, a uasghrádú agus a chothabháil chun cíocha an Rialacháin seo;

–  an líon ítimí trealaimh ilchuspóireacha dá dtugtar leis an ionstraim.

(2)  An líon post speisialaithe i dtríú tíortha le tacaíocht ón ionstraim

–  comhoifigigh idirchaidrimh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III;

–  poist speisialaithe eile a bhaineann le bainistíocht teorainneacha.

(3)  An líon tionscadal comhair agus sruthanna comhair, idir na húdaráis náisiúnta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a bhunaítear sna Ballstáit le tacaíocht ón ionstraim agus a rannchuidíonn le forbairt an Gharda Eorpaigh Teorann agus Cósta.

(4)  An líon ítimí trealaimh a úsáidtear le linn ghníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus a ceannaíodh le tacaíocht ón ionstraim mar sciar den líon iomlán ítimí trealaimh atá cláraithe sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta.

(5)  An líon tionscadal comhair agus sruthanna comhair idir na húdaráis náisiúnta agus lárionad comhordúcháin náisiúnta Eurosur a bhunaítear le tacaíocht ón ionstraim.

(6)  An líon ball foirne a oiltear i réimsí a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha le tacaíocht ón ionstraim.

(7)  An líon feidhmiúlachtaí a fhorbraíodh, a cuireadh chun feidhme, a rinneadh a chothabháil nó a uasghrádú le tacaíocht ón ionstraim, lena n‑áirítear chun críocha idir-inoibritheachta:

–  An córas Faisnéise Schengen (SISII);

–  An córas Dul Isteach/ Imeachta (ETIAS);

–  EES;

–  An Córas Faisnéise Víosaí (VIS) chun críocha bainistithe teorainneacha:

–  Eurodac chun críocha bainistithe teorainneacha

–  An líon nasc idir córais TF agus an Tairseach Cuardaigh Eorpach a mhaoinítear le tacaíocht ón ionstraim;

–  Aon chórais TF mhórscála eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(8)  An líon moltaí meastóireachta Schengen i réimse na dteorainneacha agus na moltaí measúnaithe íogaireachta a chuirtear chun feidhme le tacaíocht na hionstraime, mar sciar de líon iomlán na moltaí a mbeidh impleachtaí airgeadais ag baint leo.

(b)  Cuspóir sonrach 2: Tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun cur chuige níos comhchuibhithe a áirithiú i measc na mBallstát i ndáil le víosaí a eisiúint agus chun taisteal dlisteanach a éascú agus chun maolú ar rioscaí imirce agus slándála a chosc. [Leasú 205]

(1)  An líon consalachtaí a bunaíodh nó a uasghrádaíodh lasmuigh de limistéar Schengen le tacaíocht na hionstraime mar sciar de líon iomlán chonsalachtaí an Bhallstáit lasmuigh de limistéar Schengen.

(2)  An líon ball foirne a oiltear agus líon na gcúrsaí oiliúna i ngnéithe a bhaineann leis an gcomhbheartas víosaí le cabhair na hionstraime.

(3)  An líon feidhmiúlachtaí a fhorbraítear, a chuirtear chun feidhme, a dhéantar a chothabháil nó a uasghrádú le tacaíocht na hionstraime, lena n‑áirítear chun críocha idir-inoibritheachta:

–  VIS;

–  EES;

–  Aon chórais TF mhórscála eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(4)  An líon cineálacha comhair i measc na mBallstát i dtaca le próiseáil víosaí a bhunú agus a uasghrádú le tacaíocht na hionstraime:

–  comhshuímh;

–  comh‑lárionaid iarratas,

–  ionadaíochtaí;

–  nithe eile.

(5)  An líon moltaí meastóireachta Schengen i réimse an chomhbheartais víosaí a cuireadh chun feidhme le tacaíocht na hionstraime, mar sciar de líon iomlán na moltaí a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo.

(6)  Líon na dtíortha a bhfuil ceanglais víosa orthu ina bhfuil láithreacht ag na Ballstáit iontu nó ina bhfuil méadú tagtha ar an ionadaíocht atá acu iontu le tacaíocht na hionstraime

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2)IO C […], […], lch. […].
(3)IO C […], […], lch. […].
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(5) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(6)COM(2015)0240 an 13 Bealtaine 2015.
(7)http://www.consilium.europa.eu/en/press/press‑releases/2016/12/15/euco-conclusions‑final/
(8)Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 22-23 Meitheamh 2017.
(9)COM(2017)0794.
(10) Ráiteas ón gCoimisiún maidir le bainistiú sreafaí daoine ag na teorainneacha idir an tSlóivéin agus an Chróit an 29 Aibreán 2017.
(11) Moladh (AE) 2017/1804 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Chód Teorainneacha Schengen i ndáil le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach i limistéar Schengen (IO L 259, 7.10.2017, lch. 25).
(12)Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(13)IO L […], […], lch. […].
(14)IO L […], […], lch. […].
(15) IO L 144, 6.6.2007, lch. 22.
(16)Rialachán (AE) 2017/2226 an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(17)Rialachán (CE) Uimh. 767/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(18)COM(2016)0731 an 16 Samhain 2016.
(19)COM(2016)0272 an 4 Bealtaine 2016.
(20)COM(2016)0881, 0882 agus 0883 an 21 Nollaig 2016.
(21)COM(2017)0344 an 29 Meitheamh 2017.
(22)COM(2017)0794 an 12 Nollaig 2017.
(23)EUCO 22/15 CO EUR 8 CONCL 3.
(24)Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).
(25)IO L 236, 23.9.2003, lch. 946.
(26)Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, 17.4.2003, lch. 8).
(27)Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le formáidí aonfhoirmeacha le haghaidh Doiciméid Idirthurais Éascaithe (FTD) agus Doiciméid Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 (IO L 99, 17.4.2003, lch. 15).
(28)IO L […], […], lch. […].
(29)Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).
(30)Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena mbunaítear Gníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 lena mbunaítear córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1).
(31)Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).
(32)IO C […], […], lch. […].
(33)IO C […], […], lch. […].
(34)IO C […], […], lch. […].
(35)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(36)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch.1).
(37)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(38)Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(39)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(40)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(41)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016; IO L 123, 12.5.2016, lch. 1
(42)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(43)IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(44)IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(45)Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(46)IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(47)Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(48)IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(49)Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(50)Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(51)IO C […], […], […], lch.
(52)IO L [..], [...], lch. […].
(53)Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(54) Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).
(55)Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).
(56) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a aistarraingt (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
(57)Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(58)IO L [..], [...], lch.


Lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí ***I
PDF 448kWORD 117k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (COM(2018)0472 – C8-0267/2018 – 2018/0250(COD))
P8_TA(2019)0177A8-0115/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0472),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 82(1), d’Airteagal 84 agus d’Airteagal 87(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0267/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0115/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí

P8_TC1-COD(2018)0250


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1) Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is é atá i slándáil inmheánach a áirithiú, ar inniúlacht Cé go bhfuil an tslándáil náisiúnta ina hinniúlacht de chuid na mBallstát é, iarracht chomhroinnte i gcónaí, agus díobh siúd amháin, tá comhar agus comhordú ar leibhéal an Aontais ag teastáil chun í a chosaint. Comhghnóthas is ea an tslándáil inmheánach ar cheart d'institiúidí an Aontais AE, gníomhaireachtaí do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus do na Ballstáit, le cabhair ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta, rannchuidiú léi go comhpháirteach. Sa tréimhse 2015 go 2020, rinne an Coimisiún, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa sainmhíniú ar thosaíochtaí coiteanna mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil in Aibreán 2015(4), a ndearna an Chomhairle iad a athdhearbhú sa Straitéis Athnuaite Slándála Inmheánaí i Meitheamh 2015(5) agus Parlaimint na hEorpa ina Rún in Iúil 2015(6) . Ba é an aidhm a bhí leis an straitéis chomhroinnte sin creat straitéiseach a chur ar fáil don obair i réimse na slándála inmheánaí ar leibhéal an Aontais agus sainmhíníodh inti na príomhthosaíochtaí gníomhaíochta chun freagairt éifeachtach ón Aontas do bhagairtí slándála á áirithiú don tréimhse 2015-2020, eadhon dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac agus an radacú a chosc, lena n-áirítear radacú ar líne, agus antoisceachas an fhoréigin, éadulaingt agus idirdhealú, cur cuir isteach ar an gcoireacht eagraithe agus an chibearchoireacht a chomhrac. [Leasú 1]

(2)  I nDearbhú na Róimhe arna shíniú an 25 Meán Fómhair Márta 2017, dhearbhaigh ceannairí 27 mBallstát, an Chomhairle Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach a ndiongbháilteacht i ndáil le hEoraip shábháilte agus shlán agus i ndáil le hAontas a chruthú, ar Aontas é ina mothóidh na saoránaigh go léir sábháilte agus ina bhféadfaidh siad gluaiseacht faoi shaoirse, ina mbeidh na teorainneacha seachtracha daingnithe agus a mbeidh beartas imirce aige a bheidh éifeachtúil, freagrach agus inbhuanaithe, lena n‑urramófar noirm idirnáisiúnta, chomh maith le hEoraip atá meáite ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe a chomhrac. [Leasú 2]

(3)  D’iarr an Chomhairle Eorpach an 15 Nollaig 2016 go leanfaí d'idir-inoibritheacht córas faisnéise agus bunachar sonraí de chuid AE a sholáthar. Leag an Chomhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2017 béim ar an ngá a bhí le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí agus an 12 Nollaig 2017 ghlac an Chomhairle togra le haghaidh Rialachán maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise de chuid an Aontais (Comhar póilíneachta agus breithiúnais, tearmann agus imirce)(7).

(4)  Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach, inter alia, trí bhíthin beart d’fhonn an choireacht a chosc agus a chomhrac agus trí bhíthin beart ar mhaithe le comhordú agus le comhar idir údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus údaráis náisiúnta eile de chuid na mBallstát, lena n‑áirítear gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais , agus le tríú tíortha ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

(5)  Chun an cuspóir seo a bhaint amach, ní mór beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun daoine agus earraí, spásanna poiblí agus bonneagar criticiúil a chosaint ar bhagairtí atá níos trasnáisiúnta ina gcineál i gcónaí agus chun tacú leis an obair a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát. Bíonn an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe agus an choireacht eagraithe, an choireacht ghluaisteach, an gháinneáil ar dhrugaí agus ar airm, an t‑éilliú, sciúradh airgid, an chibearchoireacht, teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear teacht i dtír gnéasach ar leanaí, bagairtí ilchineáil, chomh maith le bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíoch agus núicléacha, an gháinneáil ar dhaoine agus ar airm, inter alia, ina ndúshláin i gcónaí maidir le slándáil inmheánach agus margadh inmheánach an Aontais. [Leasú 3]

(5a)  Ba cheart go soláthrófaí tacaíocht airgeadais leis an gCiste chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn mar gheall ar an méadú suntasach ar mhéid cineálacha áirithe coireanna, amhail calaois íocaíochta, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus gáinneáil ar airm, atá á ndéanamh trí bhíthin an idirlíon le blianta beaga anuas (“coireanna cibearchumasaithe”). [Leasú 4]

(6)  Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíochtaí a dhéanfaidh na Ballstáit féin. I gcomhréir le hAirteagal 84 agus Airteagal 87(2) CFAE, ba cheart go dtacófaí, leis an gcistiúchán, le bearta chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát agus iad a chur chun cinn i réimse chosc na coireachta, na hoiliúna chomhpháirtí agus an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh a mbeidh baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát agus gníomhaireachtaí an Aontais leis go háirithe i ndáil le faisnéis a mhalartú, comhar oibríochtúil méadaithe agus tacú le hiarrachtaí cumais a neartú chun an choireacht a chomhrac agus a chosc. Ba cheart nach dtacófaí, leis an gCiste, le costais oibriúcháin agus gníomhaíochtaí a bhaineann le feidhmeanna riachtanacha na mBallstát i dtaca le riail agus reacht a choimeád agus an tslándáil inmheánach agus náisiúnta a chosaint dá dtagraítear in Airteagal 72 CFAE. [Leasú 5]

(7)  Chun acquis Schengen agus limistéar iomlán an mhargaidh inmheánaigh san Aontas a chaomhnú agus chun a fheidhmiú a neartú, bhí sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, ón 6 Aibreán 2017 i leith, seiceálacha córasacha a dhéanamh in aghaidh bunachair sonraí ábhartha maidir le saoránaigh de chuid an Aontais atá ag trasnú teorainneacha seachtracha an Aontais. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún Moladh chuig na Ballstáit maidir le húsáid fheabhsaithe a bhaint as seiceálacha póilíní agus as comhar trasteorann. Ba cheart go mbeadh dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, soiléireacht maidir le roinnt na gcúraimí, urraim do chearta agus saoirsí bunúsacha agus don smacht reachta, fócas láidir ar an gcomhthéacs domhanda agus ar an gcomhchuibheas is gá leis an tslándáil sheachtrach ar na príomhphrionsabail a threoraíonn an tAontas agus gníomhaíochtaí na mBallstát i dtaca le fíoraontas slándála éifeachtach a fhorbairt. [Leasú 6]

(8)  Chun rannchuidiú le fíoraontas slándála éifeachtach a fhorbairt agus a chur chun feidhme arb aidhm dó ardleibhéal slándála inmheánaí a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit trí Chiste Slándála Inmheánaí ('an Ciste') a bhunú agus a bhainistiú.

(9)  Ba cheart an ionstraim a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do i gcomhréir iomlán leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis na cearta agus do na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus d’oibleagáidí le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais maidir a mhéid a bhaineann le cearta an duine. Go háirithe, leis an Rialachán seo, féachtar lena áirithiú go n-urramófar go hiomlán cearta bunúsacha, amhail ceart duine ar a dhínit, an ceart chun na beatha, an toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart ar shonraí pearsanta a chosaint, cearta an linbh agus an ceart ar leigheas éifeachtach a fháil. Féachtar le cur i bhfeidhm phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn leis freisin. [Leasú 7]

(10)  De bhun Airteagal 3 de CAE, ba cheart go dtacódh an Ciste le gníomhaíochtaí a áirithíonn cosaint do leanaí in aghaidh foréigin, mí‑úsáide, dúshaothraithe agus faillí. Ba cheart go dtacódh an Ciste freisin le coimircí agus cúnamh do leanaí atá ina bhfinnéithe nó ina n‑íospartaigh, go háirithe iadsan atá gan tionlacan nó ar shlí eile a bhfuil gá le caomhnóireacht acu.

(10a)  Is príomhthoisc ratha don tslándáil inmheánach feasacht ar shaincheisteanna a bhaineann le gach cineál ciníochais, lena n-áirítear frith-Sheimíteachas agus frithghiofógachas, a mhúscailt i measc pearsanra forfheidhmithe dlí. Ba cheart, dá bharr sin, bearta múscailte feasachta, oiliúna agus oideachais do ghníomhaithe forfheidhmithe dlí a chur san áireamh i raon feidhme an Chiste chun go méadófaí ar an an leibhéal áitiúil an acmhainneacht chun muinín a fhorbairt. [Leasú 8]

(11)  I gcomhréir leis na tosaíochtaí comhroinnte a sainaithníodh ar leibhéal an Aontais chun ardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas, tacóidh an Ciste le gníomhaíochtaí atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na príomhbhagairtí slándála agus go háirithe le dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus an antoisceachas an fhoréigin, lena n-áirítear radacú, éadulaingt agus idirdhealú, an choireacht thromchúiseach agus eagraithe, agus an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, chomh maith agus le cúnamh a thabhairt d'íospartaigh na coireachta agus iad a chosaint agus bonneagar criticiúil a chosaint. Áiritheofar leis an gCiste go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an Aontas agus na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag forbairt agus ag teacht chun cinn, amhail gáinneáil, lena n-áirítear trí bhealaí ar líne, bagairtí ilchineáil agus bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus eithneacha, d'fhonn fíoraontas slándála a chur chun feidhme. Ba cheart é sin a shaothrú trí bhíthin cúnamh airgeadais chun tacú le malartú faisnéise níos fearr, an chun comhar oibríochtúil a mhéadú agus cumais náisiúnta agus chomhchoiteanna a fheabhsú. [Leasú 9]

(12)  Faoi chuimsiú chreat cuimsitheach an Chiste, ba cheart don chúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil faoin Ionstraim tacú le sholáthraítear tríd an gCiste tacú go háirithe le malartú faisnéise agus an rochtain uirthi mar aon le comhar póilíneachta agus breithiúnach, cosc i réimse na coireachta tromchúisí agus eagraithe, gáinneáil ar armáin neamhdhleathacha, éilliú, sciúradh airgid, gáinneáil ar dhrugaí, an choireacht comhshaoil, malartú faisnéise agus rochtain uirthi, an sceimhlitheoireacht, gáinneáil ar dhaoine, dúshaothrú na himirce neamhdhleathaí ndídeanach agus na n-imirceach neamhrialta, dúshaothrú tromchúiseach an lucht oibre, teacht i dtír gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach, lena n-áirítear teacht i dtír gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach leanaí agus ban, dúshaothrú gnéasacha leanaí, dáileadh íomhánna de mhí‑úsáid leanaí agus pornagrafaíochta leanaí agus an chibearchoireacht. Leis an gCiste ba cheart tacú le daoine, spásanna poiblí agus bonneagar criticiúil a chosaint ar theagmhais slándáilbhunaithe agus tacú le bainistiú éifeachtach rioscaí agus géarchéimeanna slándáilbhunaithe, lena n‑áirítear trí chomhoiliúint, chomhbheartais (straitéisí, timthriallacha beartais, cláir agus pleananna gníomhaíochta), reachtaíocht agus comhar praiticiúil a fhorbairt. [Leasú 10]

(12a)  Ba cheart don Chiste cúnamh a sholáthar d’údaráis forfheidhmithe dlí gan beann ar a struchtúr eagraíochtúil faoin dlí náisiúnta. Ar an gcúis sin, maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann fórsaí míleata ar cuireadh cúraimí i dtaca le slándáil inmheánach ar iontaoibh orthu, ba cheart go mbeidís incháilithe freisin i gcomhair tacaíocht ón gCiste, sa mhéid go rannchuidíonn na gníomhaíochtaí sin le gnóthú shainchuspóirí an Chiste. I staideanna éigeandála, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí tromchúiseacha don tslándáil phoiblí agus iad a chosc, lena n-áirítear tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta, ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fórsaí míleata ar chríoch an Bhallstáit incháilithe i gcomhair tacaíocht ón gCiste. Níor cheart, i gcás ar bith, go mbeadh gníomhaíochtaí síochánaíochta nó gníomhaíochtaí cosanta lasmuigh de chríoch an Bhallstáit incháilithe i gcomhair cúnamh ón gCiste. [Leasú 11]

(13)  Leis an gCiste ba cheart cur leis na torthaí agus leis na hinfheistíochtaí a gnóthaíodh le tacaíocht na n‑ionstraimí a tháinig roimhe: an clár um an gcoireacht a chosc agus a chomhrac agus an clár um an sceimhlitheoireacht agus rioscaí slándáilbhunaithe eile a chosc, ullmhú dóibh agus n‑iarmhairtí a bhainistiú (CIPS) don tréimhse 2007-2013, agus an ionstraim um an gcomhar póilíneachta chun an choireacht a chosc agus a chomhrac agus um ghéarchéimeanna a bhainistiú mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), agus ba cheart cur leis chun forbairtí nua a chur san áireamh.

(14)  Tá gá le tionchar chistiúchán an Aontais a uasmhéadú trí acmhainní airgeadais poiblí agus príobháideacha a shlógadh, a chomhthiomsú agus a luamhanú ghiaráil. Leis an gCiste ba cheart rannpháirteachas agus rannpháirtíocht ghníomhach fhónta na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus a spreagadh, lena n‑áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, chomh maith leis an earnáil thionsclaíoch Eorpach i bhforbairt agus cur chun feidhme an bheartais slándála, go háirithe a mhéid a bhaineann le cibearshlándáil, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí ábhartha, le rannpháirtíocht gníomhaithe ábhartha eile, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais i dtaca le cuspóir an Chiste. Ba cheart go n-áiritheofaí, áfach, nach mbainfear feidhm as tacaíocht ón gCiste chun cúraimí reachtacha nó poiblí a tharmligean chuig gníomhaithe príobháideacha. [Leasú 12]

(15)  Laistigh de chreat cuimsitheach de straitéis frithdhrugaí an Aontais a mholann cur chuige cothrom atá bunaithe ar laghdú comhuaineach ar sholáthar agus éileamh, ba cheart, leis an gcúnamh dlíthiúil a sholáthraítear faoin gCiste seo, tacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí uile atá dírithe ar gháinneáil ar dhrugaí a chosc agus a chomhrac (soláthar agus éileamh a laghdú), agus go háirithe bearta atá dírithe ar tháirgeadh, ar mhonarú, ar eastóscadh, ar dhíolaíocht, ar iompar, ar allmhairiú agus ar onnmhairiú drugaí mídhleathacha, lena n‑áirítear seilbh a bheith orthu agus iad a cheannach, d’fhonn a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí gáinneála drugaí. Leis an gCiste ba cheart go gcumhdófaí go háirithe gnéithe coisctheacha an bheartais drugaí. Ar mhaithe le tuilleadh sineirgíochtaí agus soiléireachta sa réimse a bhaineann le drugaí, ba cheart na heilimintí sin de na cuspóirí a bhaineann le drugaí – a chumhdaíodh faoin gclár um Chearta in 2014-2020 – a ionchorprú sa Chiste.

(16)  D'fhonn a áirithiú go rannchuideoidh an Ciste go héifeachtach le leibhéal slándála inmheánaí níos airde ar fud an Aontais Eorpaigh agus le fíoraontas slándála a fhorbairt, ba cheart é a úsáid ar dhóigh a gcuirtear an luach Eorpach is mó le gníomhaíocht na mBallstát. [Leasú 13]

(17)  Ar mhaithe le leas na dlúthpháirtíochta san Aontas, agus le meon freagrachta comhroinnte as an tslándáil ann, i gcás ina sainaithnítear laigí nó rioscaí, de thoradh mheastóireacht Schengen go háirithe, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an méid sin trí úsáid a bhaint as acmhainní faoina chlár chun moltaí a glacadh de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013(9) a chur chun feidhme.

(18)  Chun rannchuidiú le cuspóirí an Chiste a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar aghaidh ina gcláir ar chuspóirí sonracha an Chiste, go bhfuil na beartais a roghnófar i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus go n‑áirítear le leithdháileadh acmhainní idir cuspóirí gur féidir an cuspóir beartais foriomlán a bhaint amach rannchuideoidh tosaíochtaí a gclár le cuspóirí sonracha an Chiste a bhaint amach, go mbeidh na tosaíochtaí a roghnófar i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme amhail mar a leagtar amach in Airteagal 3a agus go mbeidh leithdháileadh acmhainní idir cuspóirí comhréireach le dúshláin agus riachtanais agus go n-áiritheofar leis gur féidir an cuspóir beartais foriomlán a bhaint amach. [Leasú 14]

(19)  Ba cheart sineirgíochtaí, comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht a lorg le cistí eile de chuid an Aontais agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.

(20)  Ba cheart an Ciste bheith comhleanúnach agus comhlántach le cláir eile de chuid an Aontais i réimse na slándála. Lorgófar sineirgíochtaí go háirithe leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha ina bhfuil an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí a bunaíodh le Rialachán (AE) X agus an ionstraim um threalamh rialaithe custaim a bunaíodh le Rialachán (AE) X mar aon le Cistí eile an bheartais comhtháthaithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], an chuid de chlár Fís Eorpach a bhaineann le taighde slándála a bunaíodh le Rialachán (AE) X, an clár um Chearta agus Luachanna a bunaíodh le Rialachán X, an clár um Cheartas a bunaíodh le Rialachán (AE) X, an clár don Eoraip Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) X, agus clár InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) X. Ba cheart sineirgíochtaí a lorg go háirithe i dtaca le slándáil bonneagair agus spásanna poiblí, an chibearshlándáil agus leis an radacú a chosc. Tá sásraí comhordúcháin éifeachtacha riachtanach chun gnóthú éifeachtach na gcuspóirí beartais a uasmhéadú, le go mbainfear leas as barainneachtaí scála agus le go seachnófar forluí idir gníomhaíochtaí Ba cheart go mbeadh an Ciste comhleanúnach agus comhlántach le cláir eile de chuid an Aontais i réimse na slándála. Áiritheofar sineirgí go háirithe leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha ina bhfuil an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí a bunaíodh le Rialachán (AE) X agus an ionstraim um threalamh rialaithe custaim a bunaíodh le Rialachán (AE) X mar aon le Cistí eile an bheartais comhtháthaithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], an chuid de chlár Fhís na hEorpa a bhaineann le taighde slándála a bunaíodh le Rialachán (AE) X, an clár um Chearta agus Luachanna a bunaíodh le Rialachán X, an clár um Cheartas a bunaíodh le Rialachán (AE) X, an clár don Eoraip Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) X, agus clár InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) X. Ba cheart sineirgí a lorg go háirithe i dtaca le slándáil bonneagair agus spásanna poiblí, leis an gcibearshlándáil, le cosaint íospartach agus le hantoisceachas an fhoréigin, lena n-áirítear radacú, a chosc. Is bunriachtanach iad sásraí comhordúcháin éifeachtacha chun gnóthú éifeachtach na gcuspóirí beartais a uasmhéadú, chun leas a bhaint as barainneachtaí scála agus chun forluí idir gníomhaíochtaí a sheachaint. [Leasú 15]

(21)  Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht tríd an ionstraim a chur chun feidhme ar bhonn sineirgíocht iomlán agus comhleanúnachas le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas agus ba cheart na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta de chuid ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. I ndáil leis an ngné sheachtrach, ba cheart go gcuirfeadh an Ciste feabhas ar an gcomhar le tríú tíortha i réimsí a bhfuil baint acu le leas slándála inmheánaí an Aontais , amhail an sceimhlitheoireacht agus an radacú a throid, comhar le húdaráis forfheidhmithe dlí i dtríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a throid (lena n‑áirítear gníomhairí a chur ar dícheangal agus foirne imscrúdaithe comhpháirteacha), an choireacht eagraithe agus an t‑éilliú chomh maith le gáinneáil daoine agus smuigleáil imirceach Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht tríd an gCiste a chur chun feidhme ar bhonn sineirgíocht iomlán agus comhleanúnachas iomlán le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, agus ba cheart go mbeadh na bearta sin ina gcomhlánú ar na gníomhaíochtaí sin. Agus na gníomhaíochtaí sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, comhleanúnachas iomlán a lorg le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta na gníomhaíochta seachtraí, agus le prionsabail agus cuspóirí ginearálta bheartas eachtrach agus chúnamh forbartha an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. I ndáil leis an ngné sheachtrach, ba cheart go gcuirfeadh an Ciste feabhas ar an gcomhar le tríú tíortha i réimsí a bhaineann le slándáil inmheánach an Aontais, amhail an sceimhlitheoireacht agus an radacú a chomhrac, comhar le húdaráis fhorfheidhmithe dlí i dtríú tíortha sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta (lena n-áirítear gníomhairí a chur ar dícheangal agus foirne imscrúdaithe comhpháirteacha), gáinneáil, go háirithe gáinneáil ar airm, ar dhrugaí, ar speicis atá i mbaol agus ar earraí cultúrtha, an choireacht thromchúiseach, an choireacht eagraithe, an t-éilliú, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach. [Leasú 16]

(22)  Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. De bhrí go bhfuil gné trasteorann ag baint leis an tslándáil tá gá le freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas. Rannchuideoidh an tacaíocht airgeadais a sholáthraítear faoin Rialachán seo go háirithe le neartú cumas náisiúnta agus chumas an Aontais i réimse na slándála.

(23)  Féadfar a mheas nach bhfuil Ballstát ag comhlíonadh an acquis ábhartha de chuid an Aontais, maidir le tacaíocht oibríochta faoin gCiste seo, murar chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí sna i réimse na slándála, má tá baol soiléir ann go sáróidh an Ballstát luachanna an Aontais agus an acquis maidir le slándáil á chur chun feidhme aige, nó má sainaithnítéar easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen.

(23a)  Faoi Rialachán (AE) Uimh. X ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10), ba cheart go ndéanfadh an tAontas gníomhaíocht chun a bhuiséad a chosaint aon uair a thiocfaidh easnamh ginearálaithe, a mhéid a bhaineann leis an smacht reachta, chun cinn i mBallstát. Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. X maidir leis an gCiste seo. [Leasú 17]

(24)  Ba cheart an gá atá le solúbthacht agus simpliú méadaithe a léiriú san ionstraim agus ceanglais i dtéarmaí intuarthachta á n‑urramú san am céanna, agus a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart prionsabail na héifeachtúlachta, na héifeachtachta agus cháilíocht an chaiteachais a bheith mar threoir ag cur chun feidhme an Chiste. Thairis sin, ba cheart an Ciste a chur chun feidhme ar an mbealach is soiléire is féidir. [Leasú 18]

(25)  Ba cheart go mbunófaí leis an Rialachán seo na méideanna tosaigh a thabharfar do na Ballstáit a ríomhfar ar bhonn na gcritéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

(26)  Beidh na méideanna tosaigh sin mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát sa tslándáil. Chun athruithe bhagairtí slándála nó ar an gcás bonnlíne a chur san áireamh, ba cheart méid breise a leithdháileadh ar na Ballstáit ag an meántéarma agus beidh sé bunaithe ar na sonraí staitistiúla is déanaí atá ar fáil mar a leagtar amach san eochair dháileacháin iad agus staid chur chun feidhme an chláir á cur san áireamh Ba cheart go mbeadh na méideanna tosaigh sin ina mbonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát sa tslándáil. Chun athruithe ó thaobh bagairtí slándála inmheánacha agus seachtracha nó ar an gcás bonnlíne a chur san áireamh, ba cheart méid breise a leithdháileadh ar na Ballstáit ag an meántéarma bunaithe ar na sonraí staitistiúla is déanaí atá ar fáil, amhail mar a leagtar amach san eochair dháileacháin, agus staid chur chun feidhme an chláir á cur san áireamh. [Leasú 19]

(26a)  Tráth a bhíonn acmhainní atá ar fáil ón gCiste á ndáileadh, ba cheart go gcuirfí san áireamh an bonneagar criticiúil ar gá do na Ballstáit cosaint a thabhairt dó. [Leasú 20]

(27)  De bhrí go mbíonn dúshláin i réimse na slándála ag teacht chun cinn de shíor, is gá leithdháileadh cistiúcháin a chur in oiriúint d'athruithe ar bhagairtí slándála agus cistiúchán a stiúradh i dtreo na dtosaíochtaí a bhfuil an breisluach is airde don Aontas ag baint leo. Chun freagairt do riachtanais phráinneacha, d’athruithe ar bheartais agus do thosaíochtaí an Aontais agus chun cistiúchán a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal de bhreisluach an Aontais ag baint leo, déanfar cuid den chistiúchán a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus ar chúnamh éigeandála De bhrí go mbíonn dúshláin i réimse na slándála ag teacht chun cinn de shíor, is gá leithdháileadh an chistiúcháin a chur in oiriúint d'athruithe ar bhagairtí inmheánacha agus seachtracha slándála agus cistiúchán a stiúradh i dtreo na dtosaíochtaí a bhfuil an breisluach is airde don Aontas ag baint leo. Chun freagairt do riachtanais phráinneacha, d’athruithe ar bheartais agus do thosaíochtaí an Aontais agus chun cistiúchán a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal breisluacha Aontais ag baint leo, déanfar cuid den chistiúchán a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus ar chúnamh éigeandála. [Leasú 21]

(28)  Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a mhaoiniú lena mbaintear leas as ranníocaíocht níos airde ón Aontas Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, a bhaineann leas as ranníocaíocht níos airde ón Aontas, a chistiú, go príomha mar gheall ar a mbreisluach suntasach Eorpach nó a dtábhacht mhór don Aontas. [Leasú 22]

(29)  D'fhéadfaí cuid de na hacmhainní a bheidh ar fáil faoin gCiste a dháileadh ar mhaithe le cur chun feidhme gníomhaíochtaí a dteastaíonn comhar idir na Ballstáit ina leith nó más gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó de thoradh cúinsí atá tagtha chun cinn san Aontas. Ba cheart don Choimisiún na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainiú ina chláir oibre.

(30)  Ba cheart don Chiste a bheith ina rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt do na costais oibriúcháin a bhaineann leis an tslándáil inmheánach agus cur ar chumas na mBallstát na hacmhainneachtaí sin atá ríthábhachtach don Aontas ina iomláine a choinneáil. Is é atá i gceist le tacaíocht den sórt sin roinnt costas sonrach a bhaineann le cuspóirí an Chiste a aisíoc ina n‑iomláine agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát.

(31)  Chun cur chun feidhme a chuspóir beartais a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil leis an gCiste freisin le haghaidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críocha straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála na hionstraime i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais Chun cur chun feidhme a chuspóra beartais a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a sholáthar leis an gCiste freisin le haghaidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críocha straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála an Chiste i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais nó i measc Ballstáit áirithe. I dtaca leis sin, ba cheart comhar idir seirbhísí faisnéise na mBallstát a spreagadh d’fhonn an malartú riachtanach faisnéise a áirithiú chun éifeachtúlacht an chomhraic i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus i gcoinne na coireachta tromchúisí eagraithe a fheabhsú, agus chun rannchuidiú le tuiscint níos fearr ar a nádúr trasteorann. Leis an gCiste, ba cheart go dtacófaí le hiarrachtaí na mBallstát dea-chleachtas a mhalartú agus chun oiliúint chomhpháirteach a chur chun cinn chun cuidiú le cultúr bunaithe ar chomhar agus iontaoibh fhrithpháirteach a fhorbairt idir seirbhísí faisnéise agus mar aon leis sin idir seirbhísí faisnéise agus Europol. [Leasú 23]

(32)  D'fhonn cumas an Aontais freagairt láithreach a thabhairt ar theagmhais a bhaineann leis an tslándáil nó ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn ar an Aontas a neartú, ba cheart go bhféadfaí cúnamh éigeandála a sholáthar i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo. Dá bhrí sin níor cheart cúnamh éigeandála a chur ar fáil chun tacú le bearta teagmhais agus fhadtéarmacha nó chun dul i ngleic le cásanna i gcás ina dtagann an phráinn maidir le gníomhú as eagrú riaracháin easnamhach agus pleanáil oibríochtúil neamhleor a rinne na húdaráis inniúla.

(33)  D'fhonn an tsolúbthacht gníomhaíochta is gá a áirithiú agus chun freagairt do riachtanais atá ag teacht chun cinn ba cheart go bhféadfaí acmhainní airgeadais breise iomchuí a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí díláraithe ionas go mbeidh siad in ann cúraimí éigeandála áirithe a dhéanamh. I gcásanna ina bhfuil an cúram atá le déanamh de chineál atá chomh práinneach sin nach bhféadfaí leasú ar a mbuiséad a thabhairt chun críche in am, ba cheart gníomhaireachtaí díláraithe a bheith incháilithe mar thairbhithe cúnaimh éigeandála, lena n‑áirítear i bhfoirm deontas, a thagann le tosaíochtaí agus tionscnaimh a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais ag institiúidí an Aontais.

(33a)  I bhfianaise nádúr trasnáisiúnta ghníomhaíochtaí an Aontais agus chun gníomhaíocht chomhordaithe a chur chun cinn chun go gcomhlíonfaí an cuspóir an leibhéal slándála is airde san Aontas a áirithiú, ba cheart go mbeadh gníomhaireachtaí díláraithe incháilithe freisin mar thairbhithe ghníomhaíochtaí an Aontais, lena n-áirítear i riocht deontas. Ba cheart go mbeadh an tacaíocht sin comhleanúnach leis na tosaíochtaí agus na tionscnamh arna sainaithint ar leibhéal an Aontais ag institiúidí an Aontais chun breisluach Eorpach a áirithiú. [Leasú 24]

(34)  Tabharfar aghaidh ar chuspóir beartais an Chiste seo freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíocht bhuiséadach faoi fhuinneog bheartais nó faoi ionuithe beartais InvestEU. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar mhodh comhréireach agus níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbláil nó a phlódú mar gheall ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir Eorpach a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar.

(35)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chiste Slándála Inmheánach arb éard a bheidh ann an príomh‑mhéid tagartha, de réir bhrí mhírX den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais](11), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(36)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) [Rialachán Airgeadais nua] (‘Rialachán Airgeadais’)(12) maidir leis an gCiste seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha. D’fhonn comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme clár cistiúcháin de chuid an Aontais, beidh feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme sa bhainistíocht dhíreach nó sa bhainistíocht indíreach faoin gCiste Slándála Inmheánaí.

(37)  D’fhonn gníomhaíochtaí faoin mbainistíocht chomhroinnte a chur chun feidhme, ba cheart an Ciste a bheith ina chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán na bhForálcha Coiteanna (AE) Uimh. X Chun críche gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht chomhroinnte a chur chun feidhme, ba cheart an Ciste a bheith ina chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán na bhForálacha Coiteanna (AE) Uimh. X[RFC](13). I gcás forálacha atá ar neamhréir le chéile, ba cheart tosaíocht a bheith ag an Rialachán seo ar Rialachán (AE) Uimh. X [RFC]. [Leasú 159]

(38)  Le Rialachán (AE) Uimh.  …/… [RFC] bunaítear an creat gníomhaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), don Chiste Tearmainn agus Imirce (CTI), don Chiste Slándála Inmheánaí (CSI), agus don ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (IBTV), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT), agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht,bainistiú agus rialú cistí AE arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ina theannta sin, is gá cuspóirí an Chiste Slándála Inmheánaí a shonrú sa Rialachán seo, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir leis na gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú le tacaíocht an Chiste seo Le Rialachán (AE) Uimh. …/… [RFC] bunaítear an creat gníomhaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL), don Chiste Slándála Inmheánaí (CSI), agus don ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (IBTV), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT), agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht,bainistiú agus rialú i gcás cistí sin AE arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Sa bhreis air sin, is gá cuspóirí an Chiste Slándála Inmheánaí a shonrú sa Rialachán seo, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir leis na gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú le tacaíocht an Chiste seo. [Leasú 26]

(38a)  Chun a áirithiú go dtacófar, leis an gCiste, le gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí sonracha uile an Chiste, agus go mbeidh leithdháileadh na n-acmhainní i measc na gcuspóirí i gcomhréir le dúshláin agus le riachtanais, chun go bhféadfar na cuspóirí a bhaint amach, ba cheart céatadán íosta leithdháilte ón gCiste a shainiú do gach cuspóir sonrach den Chiste, do na cláir náisiúnta agus don tsaoráid théamach araon. [Leasú 27]

(39)  Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialú, an t‑ualach riaracháin, agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh a bhfuiltear ag súil leis á gcur san áireamh. Ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a chur san áireamh.

(40)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin agus/nó coiriúla a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(15) , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(16) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(17) , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin agus/nó coiriúla a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon chion coiriúil eile trína ndearnadh difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh amhail dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18) . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i leith chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus ní mór dó a áirithiú go ndéanfaidh aon tríú páirtí a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha a dheonú. Comhoibreoidh na Ballstáit go hiomlán le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, agus tabharfaidh siad gach cúnamh is gá dóibh, i dtaobh leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Ba cheart torthaí na n-imscrúduithe ar neamhrialtachtaí nó ar chalaois maidir leis an gCiste a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. [Leasú 28]

(41)  Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin leis an Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil iontu i gcomhair seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Chomh maith leis sin, baineann rialacha a glacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, de bhrí go bhfuil urraim don smacht reachta mar réamhchoinníoll fíor-riachtanach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus le cistiú éifeachtach AE.

(42)  De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(19), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiúchán faoi réir rialacha agus chuspóirí na hionstraime agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(43)  De bhun Airteagal 349 de CFAE agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún "Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí in AE(20)" arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúid an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, ar bagairtí iad nach mór do na réigiúin fhorimeallacha dul i ngleic leo. Tacaítear leis na Ballstáit sin sa Chiste seo trí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun cuidiú leis na réigiúin sin de réir mar is iomchuí. [Leasú 29]

(44)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(21), is gá an ionstraim seo a mheas ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin ar leith, agus san am céanna rórialáil agus ualach riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Féadfaidh táscairí intomhaiste a bheith san áireamh sna ceanglais sin, i gcás inarb iomchuí, mar bhonn chun éifeachtaí na hionstraime ar an talamh a mheas. Chun a bhfuil gnóthaithe ag an gCiste a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den Chiste meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint ag an am céanna. Ar na ceanglais sin, is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí nithiúla na gCistí. Chun a bhfuil gnóthaithe ag an gCiste a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den Chiste. Ar na táscairí sin, ba cheart táscairí cáilíochta agus cainníochtúla a áireamh. [Leasú 30]

(45)  Mar léiriú ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an ionstraim seo le gníomhaíochtaí aeráide príomhshrutha agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach, is é sin go n‑úsáidfear 25 % den chaiteachas i mbuiséad AE chun tacú le cuspóirí aeráide. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an Ciste á ullmhú agus á chur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithnithe Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, leis an gCiste seo, rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le gnóthú na sprice arb é atá ann 25 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide thar thréimhse CAI 2021-2027, agus sprioc bhliantúil de 30 % a luaithe agus is féidir agus faoi 2027. [Leasú 31]

(46)  Trí na táscairí sin agus tríd an tuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. X [Rialachán na bhForalacha Coiteanna] agus an Rialacháin seo Trí na táscairí sin agus tríd an tuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus forálacha ábhartha an Rialacháin seo. Chun a ról maoirseachta a chomhlíonadh go leormhaith, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann na méideanna ón gCiste arna gcaitheamh go hiarbhír i mbliain faoi leith a fhionnadh. Tráth a bheidh cuntais bhliantúla a gclár náisiúnta á dtuairisciú chuig an gCoimisiún acu, ba cheart do na Ballstáit, uime sin, idirdhealú a dhéanamh idir aisghabhálacha, íocaíochtaí réamh-mhaoinithe le tairbhithe deiridh agus aisíocaíocht ar chaiteachas a tabhaíodh iarbhír. Chun iniúchadh agus faireachán ar chur chun feidhme an Chiste a éascú, ba cheart don Choimisiún na méideanna sin a chur san áireamh ina thuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme i leith an Chiste. Ba cheart don Choimisiún achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht ar glacadh leo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain. Arna iarraidh sin dóibh, ba cheart don Choimisiún téacs iomlán na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 32]

(47)  Chun gnéithe neamhriachtanacha sa Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoiniú níos airde mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, le tacaíocht oibriúcháin agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 Chun gnéithe neamhriachtanacha sa Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le cláir oibre don tsaoráid théamach, leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoiniú níos airde mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, agus le tacaíocht oibriúcháin, agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. [Leasú 33]

(48)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart úsáid a bhaint as an nós imeachta comhairleach chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na módúlachtaí a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún i gcreat an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22). Ba cheart feidhm a bhaint as an nós imeachta comhairleach chun gníomhartha cur chun feidhme i ndáil leis na módúlachtaí a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún faoi chuimsiú an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe a ghlacadh, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad. [Leasú 34]

(49)  I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(50)  I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, [níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm / tá fógra tugtha aici gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo].

(51)  Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) X ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil](23),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Leis an Rialachán seo bunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (“an Ciste”) Slándála Inmheánaí (‘an Ciste’) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.. [Leasú 35]

2.  Leagtar síos leis cuspóirí an Chiste, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha lena bhforáiltear maidir leis an gcistiú sin. Leis an Rialachán seo, leagtar síos:

(a)  cuspóirí an Chiste;

(b)  cuspóirí sonracha an Chiste agus na bearta chun na cuspóirí sonracha sin a chur chun feidhme;

(c)  an buiséad don tréimhse 2021-2027;

(d)  na cineálacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha chun an cistiúchán sin a sholáthar. [Leasú 36]

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn 'oibríochtaí measctha' gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh‑iníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(b)  ciallaíonn “cosc na coireachta” gach beart atá beartaithe chun laghdú a dhéanamh ar choireacht agus ar mhothúchán neamhshláine na saoránach nó chun cur ar dhóigh eile le laghdú a dhéanamh orthu sin, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(2) de Chinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle(24);

(c)  ciallaíonn “bonneagar criticiúil” sócmhainn, líonra, córas nó cuid de chóras atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, sláinte, sábháilteacht, slándáil, leas eacnamaíoch nó sóisialta na ndaoine a chothabháil, agus a mbeidh tionchar suntasach ag a bhriseadh, a shárú nó a scriosadh i mBallstát nó san Aontas mar thoradh ar an mainneachtain na feidhmeanna sin a choinneáil;

(d)  ciallaíonn ‘cibearchoireacht’ coireanna cibearbhunaithe, is é sin le rá coireanna nach féidir a dhéanamh ach amháin trí fheistis agus córais na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a úsáid, i gcás inarb é atá sna feistis agus sna córais na huirlisí lena ndéantar an choir nó inarb atá iontu príomhspriocanna na coire; agus coireanna cibearchumasaithe, is é sin le rá coireanna traidisiúnta, amhail dúshaothrú gnéasach leanaí, ar féidir a scála agus a réimse a mhéadú trí úsáid a bhaint as ríomhairí, líonraí ríomhaireachta nó foirmeacha eile de TFC ciallaíonn ‘cibearchoireacht’ coireanna cibearbhunaithe, eadhon coireanna nach féidir a dhéanamh ach amháin trí ghairis agus córais na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a úsáid, i gcás inarb é atá sna gairis agus sna córais uirlisí lena ndéantar an choir nó príomhspriocanna na coire; agus coireanna cibearchumasaithe, eadhon coireanna traidisiúnta, ar féidir a méid agus a réimse a mhéadú trí fheidhm a bhaint as ríomhairí, líonraí ríomhaireachta nó foirmeacha eile de TFC; [Leasú 37]

(e)  ciallaíonn ‘bearta EMPACT’ bearta a dhéantar faoi chreat an ardáin Eorpaigh ildisciplínigh i gcoinne bagairtí coiriúla (EMPACT)(25). Is é atá in EMPACT ardán comhair ildisciplíneach struchtúrtha de chuid na mBallstát, institiúidí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, mar aon le tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha eile atá ann chun dul i ngleic de réir tosaíochta le bagairtí na coireachta eagraithe agus na coireachta tromchúisí idirnáisiúnta faoi thimthriall beartais an Aontais.

(f)  tagraíonn ‘Timthriall Beartais an Aontais’ tionscnamh ildisciplíneach faisnéisbhunaithe arb é is aidhm dó na bagairtí coireachta eagraithe agus tromchúisí is tábhachtaí ar an Aontas a chomhrac tríd an gcomhar idir na Ballstáit, institiúidí an Aontais, na gníomhaireachtaí, agus i gcás inarb ábhartha tríú tíortha agus eagraíochta, a spreagadh tagraíonn ‘Timthriall Beartais an Aontais’ do thionscnamh faisnéisbhunaithe agus ildisciplíneach arb é is aidhm dó na bagairtí is tábhachtaí ar an Aontas, ó thaobh na coireachta tromchúisí eagraithe , a chomhrac trí chomhar a spreagadh idir na Ballstáit, institiúidí an Aontais, gníomhaireachtaí Cheartas agus Gnóthaí Baile an Aontais, agus, i gcás inarb ábhartha, tríú tíortha agus eagraíochtaí sonracha idirnáisiúnta; [Leasú 38]

(g)  ciallaíonn “malartú faisnéise agus rochtain ar fhaisnéis” bealach slán ina ndéantar bailiú, stóráil, próiseáil, anailísiú agus malartú ar fhaisnéis atá ábhartha do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE agus do Europol maidir le cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coiriúla, go háirithe coireacht eagraithe trasteorann ciallaíonn “malartú faisnéise agus rochtain ar fhaisnéis” bailiú, stóráil, próiseáil, anailísiú agus malartú slán na faisnéise atá ábhartha do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE agus do Europol, Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh maidir le cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coiriúla, go háirithe sceimhlitheoireacht agus cibearchoireacht, chomh maith le coireacht thromchúiseach agus coireacht eagraithe trasteorann, arna bpróiseáil i gcomhréir le rialacha sin is infheidhme an Aontais maidir le cosaint sonraí; [Leasú 39]

(h)  ciallaíonn ‘comhar breithiúnach’ comhar breithiúnach maidir le hábhair choiriúla. [Leasú 40]

(i)  ciallaíonn ‘LETS’ an Scéim Eorpach um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí, arb é is aidhm di an t‑eolas agus na scileanna atá de dhíth orthu a thabhairt d’oifigigh forfheidhmithe dlí chun dul i ngleic le coireacht trasteorann agus í a chomhrac go héifeachtach trí bhíthin comhar éifeachtúil, mar a shonraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Márta 2013 ciallaíonn ‘LETS’ an Scéim Eorpach um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí, arb é is aidhm di an t-eolas agus na scileanna a thabhairt d’oifigigh forfheidhmithe dlí atá de dhíth orthu chun coireacht eagraithe agus thromchúiseach trasteorann agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac go héifeachtach trí chomhar éifeachtúil, amhail mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Márta 2013 maidir le LETS(26) Eorpach a bhunú agus dá dtagraítear a thuilleadh sa Rialachán CEPOL(27); [Leasú 41]

(j)  ciallaíonn “coireacht eagraithe” iompar inphionóis a bhaineann le rannpháirteachas in eagraíocht choiriúil, mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle(28);

(k)  ciallaíonn ‘ullmhacht’ aon bheart arb aidhm dó na rioscaí a bhaineann le hionsaithe sceimhlitheoireachta nó le teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil a chosc nó a laghdú ciallaíonn ‘ullmhacht’ bearta sonracha arb é is aidhm dóibh na rioscaí a bhaineann le hionsaithe féideartha sceimhlitheoireachta nó teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil a chosc nó a laghdú; [Leasú 42]

(l)  ciallaíonn ‘sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen’ fíorú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart acquis Schengen mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, lena n‑áirítear i réimse an chomhair póilíneachta.

(m)  cumhdaítear le ‘dul i ngleic leis an éilliú’ na réimsí go léir a shonraítear i Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an éillithe, lena n‑áirítear bearta maidir le cosc, bearta coiriúlaithe agus forfheidhmithe dlí, comhar inmheánach, aisghabháil sócmhainní, cúnamh teicniúil agus malartú faisnéise.

(n)  ciallaíonn “sceimhlitheoireacht” aon cheann de na gníomhartha intinniúla nó na cionta mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac(29).

Airteagal 3

Cuspóirí an Chiste

1.  Is é cuspóir beartais an Chiste cuidiú le hardleibhéal slándála san Aontas a áirithiú, go háirithe tríd an sceimhlitheoireacht agus an radacú, an choireacht thromchúiseach eagraithe agus an chibearchoireacht a chomhrac agus trí chúnamh a thabhairt d'íospartaigh na coireachta agus iad a chosaint Is é a bheidh i gcuspóir beartais an Chiste ná rannchuidiú le hardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas, trí chomhar méadaithe inter alia, go háirithe tríd an sceimhlitheoireacht agus antoisceachas an fhoréigin, lena n-áirítear an radacú, an choireacht thromchúiseach eagraithe, agus an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, agus trí chúnamh a thabhairt d’íospartaigh na coireachta agus iad a chosaint. Tacóidh an Ciste freisin leis an ullmhacht do theagmhais a bhaineann le slándáil agus le bainistiú na dteagmhas sin. [Leasú 43]

2.  Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an gCiste rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)  an malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí an Aontais agus údaráis inniúla eile agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus laistigh díobh agus le heagraíochtaí tríú tír agus idirnáisiúnta, an malartú sin a mhéadú malartú na faisnéise ábhartha agus cruinne idir údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha na mBallstát, údaráis inniúla eile de chuid na mBallstát agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Europol agus Eurojust, agus, i gcás inarb ábhartha, le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus laistigh díobh, a fheabhsú agus a éascú; [Leasú 44]

(b)  oibríochtaí comhpháirteacha trasteorann idir údaráis forfheidhmithe dlí an Aontais agus údaráis inniúla eile agus laistigh díobh a ghéarú i dtaca leis an gcoireacht thromchúiseach eagraithe a bhfuil gné trasteorann ag baint léi. agus comhordú agus comhar trasteorann, lena n-áirítear oibríochtaí ábhartha comhpháirteacha i measc údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus údaráis inniúla eile, agus laistigh díobh, a fheabhsú agus a ghéarú i dtaca leis an sceimhlitheoireacht, agus an choireacht thromchúiseach eagraithe a bhfuil gné trasteorann ag baint léi [Leasú 45]

(c)  tacú leis an iarracht treisiú leis na cumais i dtaca leis an gcoireacht a chomhrac agus a chosc lena n‑áirítear an sceimhlitheoireacht go háirithe trí bhíthin comhar méadaithe idir údaráis phoiblí, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe príobháideacha ar fud na mBallstát. chun tacú le treisiú riachtanach chumas na mBallstát i dtaca leis an gcoireacht, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, cibearchoireacht agus antoisceachas an fhoréigin, lena n-áirítear radacú, a chomhrac agus a chosc, go háirithe trí bhíthin comhar méadaithe idir údaráis phoiblí, gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, an tsochaí shibhialta agus gníomhaithe príobháideacha, laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát, agus bainistiú géarchéime sibhialtaí tar éis teagmhas a bhain le slándáil; [Leasú 46]

(ca)  chun cultúr coiteann faisnéise a fhorbairt trí thacú le teagmhálacha agus iontaoibh, tuiscint agus foghlaim fhrithpháirteach, scaipeadh fios gnó agus dea-chleachtas i measc sheirbhísí faisnéise na mBallstát agus le Europol, go háirithe trí oiliúint chomhpháirteach agus malartú saineolaithe. [Leasú 47]

3.  Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an Ciste a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an Ciste a chur chun feidhme, inter alia, trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Airteagal 3a. [Leasú 48]

4.  Déanfar gníomhaíochtaí arna gcistiú a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do dhínit an duine. Go háirithe, déanfaidh gníomhaíochtaí forálacha na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dlí cosanta sonraí an Aontais agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD) a chomhlíonadh. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit, nuair is féidir, agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu, aird ar leith a thabhairt ar chúnamh agus ar chosaint daoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaoisigh gan tionlacan Déanfar oibríochtaí arna gcistiú a chur chun feidhme i gcomhréir go huile is go hiomlán le cearta bunúsacha agus le dínit an duine agus leis an luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 deCAE, agus cuirfear isteach ar an gcistiúchán agus gheofar ar ais é i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir agus chruthaithe ann go rannchuidíonn na gníomhaíochtaí le sárú ar na cearta sin. Go háirithe, le hoibríochtaí, déanfar forálacha na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dlí cosanta sonraí an Aontais agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD) a chomhlíonadh. Tabharfar aird ar leith tráth a bheidh oibríochtaí i dtaca le daoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaoisigh neamhthionlactha, á gcur chun feidhme. [Leasú 49]

Airteagal 3a

Bearta cur chun feidhme

1.  Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a) a bhaint amach trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  cur i bhfeidhm aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le slándáil a áirithiú, tacú le malartú faisnéise ábhartha, lena n-áirítear trí mholtaí ó shásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta, amhail sásra meastóireachta Schengen agus sásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta eile, a chur chun feidhme;

(b)  córais TF agus líonraí cumarsáide de chuid an Aontais atá ábhartha ó thaobh na slándála de a chur ar bun, a chur in oiriúint agus a chothabháil, lena n-áirítear a n-idir-inoibritheacht a áirithiú, agus uirlisí iomchuí a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí arna sainaithint;

(c)  méadú a dhéanamh ar úsáid ghníomhach na n-uirlisí, na gcóras agus na mbunachar sonraí malartaithe faisnéise sin an Aontais atá ábhartha ó thaobh na slándála de, feabhas a chur ar idirnascadh na mbunachar sonraí náisiúnta atá ábhartha ó thaobh na slándála de mar aon lena nasc le bunachair sonraí de chuid an Aontais nuair a dhéantar foráil dóibh i mbunúis ábhartha dlí, agus a áirithiú go ndéanfar sonraí ar ardcháilíocht a sholáthar do na bunachair sonraí sin; agus

(d)  tacú le bearta ábhartha náisiúnta chun na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a) a chur chun feidhme.

2.  Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  oibríochtaí ábhartha forfheidhmithe dlí a mhéadú idir na Ballstáit, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, le gníomhaithe ábhartha eile, go háirithe úsáid foirne comhpháirteacha imscrúdaithe, patról comhpháirteach, deargthóra, faireachais dhiscréidigh agus sásraí eile comhair oibríochtúil a fheabhsú agus a éascú i gcomhthéacs Thimthriall Beartais an Aontais (EMPACT), agus béim ar leith ar oibríochtaí trasteorann;

(b)  comhordú agus comhar údarás forfheidhmithe dlí agus údarás inniúil eile a mhéadú sna Ballstáit agus ina measc agus le gníomhaithe ábhartha eile, mar shampla trí líonraí d’aonaid speisialaithe náisiúnta, líonraí agus struchtúir comhair de chuid an Aontais, lárionaid de chuid an Aontas;

(c)  an comhar idirghníomhaireachta agus an comhar ar leibhéal an Aontais a fheabhsú idir na Ballstáit féin, nó idir na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus na comhlachtaí ábhartha, na hoifigí ábhartha agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais ar an taobh eile, agus feabhas a chur air ar an leibhéal náisiúnta i measc na n-údarás inniúil náisiúnta i ngach Ballstát;

3.  Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(c) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  i ndáil le forfheidhmiú an dlí, oiliúint, cleachtaí agus foghlaim fhrithpháirteach a mhéadú, go háirithe trí ghnéithe a chur san áireamh a bhfuil sé mar aidhm leo feasacht a mhúscailt faoi shaincheisteanna a bhaineann le radacú, le hantoisceachas an fhoréigin agus ciníochas, le cláir speisialaithe malartaithe idir na Ballstáit, lena n-áirítear i gcomhair baill foirne shóisearacha forfheidhmithe dlí, agus le comhroinnt dea-chleachtas lena n-áirítear le tríú tíortha agus le gníomhaithe ábhartha eile;

(b)  leas a bhaint as sineirgí trí acmhainní agus eolas a chomhthiomsú i measc na mBallstát agus gníomhaithe ábhartha eile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta trí bhíthin, mar shampla, lárionaid chomhpháirteacha barrfeabhais a chruthú, measúnuithe riosca comhpháirteacha a fhorbairt, lárionaid choiteanna tacaíochta oibríochtúla i gcomhair oibríochtaí arna gcur i gcrích go comhpháirteach, nó comhroinnt dea-chleachtas i ndáil le cosc a chur leis an gcoireacht ar an leibhéal áitiúil;

(c)  bearta, coimircí, sásraí agus dea-chleachtas a chur chun cinn agus a fhorbairt le haghaidh sainaithint luath agus cosaint finnéithe, sceithirí agus íospartaigh na coireachta, agus le haghaidh tacaíocht a thabhairt dóibh, agus, chuige sin, comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir údaráis phoiblí agus gníomhaithe ábhartha eile;

(d)  trealamh ábhartha a fháil agus saoráidí speisialaithe oiliúna agus bonneagar riachtanach eile atá ábhartha ó thaobh na slándála de a chur ar bun nó a uasghrádú chun ullmhacht, teacht aniar, feasacht an phobail agus freagairt leordhóthanach do bhagairtí slándála a mhéadú;

(e)  leochaileachtaí i mbonneagar criticiúil agus i dtrealamh TF a bhfuil glacadh mór leo sa mhargadh a bhrath, a mheasúnú agus a dhúnadh chun ionsaithe ar chórais faisnéise agus ar bhonneagar criticiúil a chosc, mar shampla trí iniúchadh a dhéanamh ar an gcód i mbogearraí saor in aisce agus bogearraí foinse oscailte, trí chláir duaise fabhtaimsithe a bhunú agus tacaíocht a thabhairt dóibh, nó trí thástáil treáite.

4.  Rannchuideoidh an Ciste le gnóthú an chuspóra shonraigh a leagtar amach in Airteagal 3(2)(ca) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  comhar agus comhordú idir seirbhísí faisnéise na mBallstát agus idir na seirbhísí sin agus údaráis fhorfheidhmithe dlí a fheabhsú trí theagmhálacha, líonrú, iontaoibh, tuiscint agus foghlaim fhrithpháirteach, malartú agus scaipeadh fios gnó, taithí agus dea-chleachtas, go háirithe a mhéid a bhaineann le tacaíocht d’imscrúduithe póilíneachta agus measúnú ar bhagairtí;

(b)  malartú agus oiliúint oifigeach faisnéise. [Leasú 50]

Airteagal 4

Raon feidhme na tacaíochta

1.  Faoi na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II tacófar leis an gCiste go háirithe leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Airteagal 3a, leis an gCiste, tacófar le gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Féadfar a áireamh orthu sin na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III. [Leasú 51]

2.  Chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, féadfar leis an gCiste tacú leis na gníomhaíochtaí i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i dtaca le tríú tíortha agus sna tíortha sin, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 5 Chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo a ghnóthú, féadfar leis an gCiste, i gcásanna eisceachtúla, de réir teorainneacha sainithe agus faoi réir coimircí iomchuí, tacú leis na gníomhaíochtaí amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i dtaca le tríú tíortha agus sna tíortha sin, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 5. [Leasú 52]

2a.  I gcomhréir le hAirteagal 8, ní rachaidh méid iomlán an chistiúcháin i gcomhair gníomhaíochtaí tacaíochta i dtríú tíortha, nó i dtaca leo, faoin tsaoráid théamach thar 2 % den mhéid iomlán arna leithdháileadh ar an tsaoráid théamach faoi Airteagal 7(2)(b). [Leasú 53]

2b.  Maidir le méid iomlán an chistiúcháin i gcomhair gníomhaíochtaí tacaíochta i dtríú tíortha nó i dtaca leo faoi chláir na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 12, ní rachaidh sé thar, i gcás gach Ballstáit, 2 % den mhéid iomlán arna leithdháileadh ar an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(a), Airteagal 10(1) agus Iarscríbhinn I. [Leasú 54]

3.  Ní bheidh na bearta seo a leanas incháilithe:

(a)  gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta atá teoranta don ord poiblí a choinneáil, nó a bhaineann go príomha leis sin; [Leasú 55]

(b)  gníomhaíochtaí lena gcumhdaítear trealamh caighdeánach, modhanna taistil caighdeánacha, nó saoráidí caighdeánacha a cheannach agus a chothabháil ag na húdaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis inniúla eile dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE.

(c)  gníomhaíochtaí a dhéantar chun críche míleata;

(d)  trealamh ar rialú custaim ceann dá chuspóirí trealamh arb é rialú custaim a phríomhchuspóir; [Leasú 56]

(e)  trealamh comhéigeantach, lena n‑áirítear armáin, armlón, pléascáin agus smachtíní círéibe, ach amháin le haghaidh oiliúna;

(f)  luach saothair agus airgead taispeána(30) d'fhaisneoirí lasmuigh de chreat gníomhaíochta EMPACT.

Maidir le gníomhaíochtaí neamh‑incháilithe dá dtagraítear sa mhír sin féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe i gcás éigeandála I gcás ina dtarlaíonn cás éigeandála, féadfar gníomhaíochtaí neamh-incháilithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a mheas mar ghníomhaíochtaí incháilithe. [Leasú 57]

Airteagal 5

Eintitis incháilithe

1.  Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)  eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(i)  Ballstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)  tríú tír atá liostaithe sa chlár faoi na coinníollacha a shonraítear ann tríú tír atá liostaithe sa chlár faoi na coinníollacha a shonraítear ann, faoi réir an choinníll go ndéanfaidh gach gníomhaíocht a dhéanfaidh an tríú tír sin, a tharlóidh sa tríú tír sin, nó i dtaca leis an tríú tír sin, na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a urramú go hiomlán; [Leasú 58]

(b)  aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó faoi aon eagraíocht idirnáisiúnta aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht ábhartha idirnáisiúnta. [Leasú 59]

2.  Níl daoine nádúrtha incháilithe.

3.  Go heisceachtúil, tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír incháilithe chun bheith rannpháirteach i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach Go heisceachtúil, tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír incháilithe chun bheith rannpháirteach i gcás ina bhfuil sé sin riachtanach chun na cuspóirí atá le gníomhaíocht ar leith a bhaint amach, tar éis don Choimisiún an méid sin a fhormheas. [Leasú 60]

4.  Eintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach i gcuibhreannais ina bhfuil dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, atá bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha nó i gcríocha éagsúla thar lear atá bainteach leis na Ballstáit nó leis na tríú tíortha sin, tá siad incháilithe Is incháilithe iad eintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach i gcuibhreannais ina bhfuil dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, atá bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha nó i gcríocha éagsúla thar lear atá bainteach leis na Ballstáit sin. [Leasú 61]

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

Roinn 1

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 6

Prionsabail ghinearálta

1.  Leis an tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus leagfar béim ar bhreisluach a chur le cuspóirí an Rialachán seo Leis an tacaíocht a sholáthrófar faoin Rialachán seo, comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus díreofar ar bhreisluach Eorpach a chur le cuspóirí an Rialacháin seo. [Leasú 62]

2.  Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus a chuireann na Ballstáit ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí, beartais agus le tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach le hionstraimí eile de chuid an Aontais Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a sholáthraítear faoin Rialachán seo agus a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le gníomhaíochtaí, beartais agus tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach le hionstraimí náisiúnta agus comhordaithe le hionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chistí eile de chuid an Aontais. [Leasú 63]

3.  Déanfar an Ciste a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a), Airteagal 62(1)(b) agus Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 7

An buiséad

1.  Is é EUR 2 500 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hionstraime don tréimhse 2021–2027 Is é EUR 2 209 725 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 2 500 000 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chiste don tréimhse 2021–2027. [Leasú 64]

2.  Úsáidfear an t‑imchlúdach airgeadais mar a leanas:

(a)  Déanfar EUR 1 500 000 000 a leithdháileadh ar na cláir a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte Déanfar EUR 1 325 835 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 1 500 000 000 i bpraghsanna reatha) a leithdháileadh ar na cláir a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. [Leasú 65]

(b)  Déanfar EUR 1 000 000 000 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach Déanfar EUR 883 890 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 1 000 000 000 i bpraghsanna reatha) a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach. [Leasú 66]

3.  Déanfar suas le 0,84 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún chun an Ciste a chur chun feidhme.

Airteagal 8

Forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na saoráide téamaí

1.  Déanfar an t‑imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b) a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí bhíthin na saoráide téamaí trí úsáid a bhaint as bainistíocht chomhroinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre. Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena comhpháirteanna:

(a)  gníomhaíochtaí sonracha;

(b)  gníomhaíochtaí Aontais agus

(c)  cúnamh éigeandála

Tabharfar tacaíocht don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin as imchlúdach airgeadais na saoráide téamaí.

2.  Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhfuil breisluach ard ó thaobh an Aontais ag baint leo nó chun freagairt do riachtanais phráinneacha, i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a shonraítear in Iarscríbhinn II Leis an gcistiú ón tsaoráid théamach, tabharfar aghaidh ar thosaíochtaí a bhfuil breisluach ard don Aontas ag baint leo nó chun freagairt do riachtanais phráinneacha, i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais amhail mar a leagtar amach in Airteagal 3a, i gcás bearta sonracha amhail iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn III, nó chun tacú le bearta i gcomhréir le hAirteagal 19. A mhéid is féidir, is comhréireach leis na dúshláin agus na riachtanais a bheidh leithdháileadh acmhainní na saoráide téamaí ar na tosaíochtaí éagsúla chun a áirithiú gur féidir cuspóirí an Chiste a bhaint amach. [Leasú 67]

2a.  Déanfar an cistiú ón tsaoráid théamach a leithdháileadh mar a leanas:

(a)  10 % ar a laghad ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2);

(b)  10 % ar a laghad ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2);

(c)  30 % ar a laghad ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(2);

(d)  5 % ar a laghad ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (ca) d’Airteagal 3(2); [Leasú 68]

3.  Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach ar na Ballstáit, áiritheofar nach ndéantar difear do thionscadail de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol Nuair a dheonófar cistiú ón tsaoráid théamach ar na Ballstáit faoi bhainistíocht dhíreach nó neamhdhíreach, ní bheidh cistiú ar bith ar fáil do thionscadail, i gcás inarb ann d’fhianaise shoiléir go mbeadh amhras ann i dtaobh dhlíthiúlacht na dtionscadal sin, nó i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht an chistithe sin, nó i dtaobh fheidhmíocht na dtionscadal sin mar thoradh ar thuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún i ndáil le nós imeachta um shárú faoi Airteagal 258 CFAE. [Leasú 69]

4.  Nuair a dhéanfar cistiú ón tsaoráid théamach a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, chun críocha Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] nach ndéantar difear do ghníomhaíochtaí atá beartaithe de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal i mbaol Nuair a dhéanfar cistiú ón tsaoráid théamach a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, áiritheoidh an Coimisiún, chun críocha Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], nach mbeidh cistiú ar bith ar fáil do thionscadail, i gcás inarb ann d’fhianaise shoiléir go mbeadh amhras ann i dtaobh dhlíthiúlacht na dtionscadal sin, nó i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht an chistithe sin, nó i dtaobh fheidhmíocht na dtionscadal sin de thoradh tuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún i ndáil le nós imeachta um shárú faoi Airteagal 258 CFAE. [Leasú 70]

5.  Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán a chuirfear ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún cinntí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal [110] den Rialachán Airgeadais don tsaoráid théamach ina sainaithneofar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh agus ina shonrófar na méideanna do gach ceann dá chomhpháirteanna dá dtagraítear i mír 1. Leagfar amach i gcinntí airgeadais, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán a chuirfear ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chláir oibre, amhail dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, a leagan síos don tsaoráid théamach ina sainaithneofar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh agus ina sonrófar na méideanna do gach ceann dá chomhpháirteanna amhail dá dtagraítear i mír 1. Sula nglacfar clár oibre, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Leagfar amach le cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil, féadfaidh an Coimisiún clár oibre a ghlacadh ar leithligh le haghaidh cúnamh éigeandála. [Leasú 71]

6.  Tar éis dó an cinneadh airgeadais a ghlacadh dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh dá réir sin ar na cláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte I ndiaidh ghlacadh an chláir oibre amhail dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh dá réir sin ar na cláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. [Leasú 72]

7.  Féadfaidh cinntí bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí airgeadais sin agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí a chumhdach leo Féadfaidh na cláir oibre sin a bheith ina gcláir bhliantúla nó ilbhliantúla agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí a chumhdach leo. [Leasú 73]

Roinn 2

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte

Airteagal 9

Raon feidhme

1.  Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an gcuid den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) agus leis na hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte de réir chinneadh an Choimisiúin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.  Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus le Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

Airteagal 10

Acmhainní buiséadacha

1.  Leithdháilfear na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) ar na cláir náisiúnta a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte (‘na cláir’) go táscach mar a leanas:

(a)  EUR 1 250 000 000 ar na Ballstáit i gcomhréir leis na critéir in Iarscríbhinn I;

(b)  EUR 250 000 000 ar na Ballstáit le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar na cláir dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

2.  I gcás nach leithdháiltear an méid dá dtagraítear i mír 1(b), féadfar an fuílleach a chur leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b).

Airteagal 11

Rátaí cómhaoinithe

1.  Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % de chaiteachas incháilithe iomlán tionscadail.

2.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thionscadail a chuirfear chun feidhme faoi réir gníomhaíochtaí sonracha.

3.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

4.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar thacaíocht oibriúcháin.

5.  Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar chúnamh éigeandála.

5a.  Ar thionscnamh na mBallstát, féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán i gcomhair cúnamh teicniúil. [Leasú 74]

6.  Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón gCiste seo le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1 go mír 5.

7.  I gcás gach cuspóir sonrach, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh gach cuspóir sonrach i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  an ranníocaíocht iomlán, lena n‑áirítear ranníocaíochta poiblí agus príobháideacha; nó;

(b)  an ranníocaíocht phoiblí amháin.

Airteagal 12

Na cláir

1.  Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu sna cláir aige comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse na slándála agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais. Agus na tosaíochtaí ina gcláir á sainaithint acu áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ar na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II Áiritheoidh gach Ballstát agus an Coimisiún go mbeidh na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu sna cláir náisiúnta comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse na slándála agus go bhfreagróidh siad dóibh, agus go mbeidh siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais. Agus na tosaíochtaí ina gcláir á sainaithint acu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leormhaith ar na bearta cur chun feidhme amhail mar a leagtar amach in Airteagal 3a. [Leasú 75]

1a.  Agus measúnú á dhéanamh aige ar chláir náisiúnta na mBallstát, áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanfar difear do na gníomhaíochtaí beartaithe le tuairim réasúnaithe a bheidh tugtha uaidh aige i dtaca le sárú faoi Airteagal 258 CFAE a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais nó le déanamh na dtionscadal. [Leasú 76]

1b.  Déanfaidh na Ballstáit na hacmhainní dá gcláir náisiúnta a leithdháileadh mar a leanas:

(a)  10 % ar a laghad ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2);

(b)  10 % ar a laghad ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2);

(c)  30 % ar a laghad ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(2);

(d)  5 % ar a laghad ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (ca) d’Airteagal 3(2)(ca). [Leasú 77]

1c.  Maidir leis na Ballstáit sin ar mian leo maolú ar mhír 1b, cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún dá réir agus déanfaidh siad measúnú, in éineacht leis an gCoimisiún, ar cé acu ba cheart nó nár cheart na céatadáin íosta sin a leasú mar gheall ar imthosca ar leith a dhéanann difear don tslándáil inmheánach. Déanfaidh an Coimisiún aon cheann de na leasuithe sin a fhormheas. [Leasú 78]

2.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ról ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) i bhforbairt na gclár ag céim luath, i dtaca lena réimsí inniúlachta. Go sonrach, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le Europol maidir le dearadh a mbeart go háirithe agus bearta timthrialla beartais an Aontais nó EMPACT nó bearta a chomhordaíonn an Tascfhórsa Comhpháirteach in aghaidh na Cibearchoireachta á gcur san áireamh acu ina gcláir. Sula gcuirfidh siad an oiliúint san áireamh ina gcuid clár, comhordóidh na Ballstáit le CEPOL chun forluití a sheachaint Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (EPPO), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF (eu-LISA), an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (EBCGA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) rannpháirteach i bhforbairt an chláir ón tús a mhéid a bhaineann lena réimsí inniúlachta. Go sonrach, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le Europol maidir le dearadh a ngníomhaíochtaí go háirithe agus gníomhaíochtaí timthrialla beartais an Aontais nó EMPACT nó gníomhaíochtaí arna gcomhordú ag an Tascfhórsa Comhpháirteach in aghaidh na Cibearchoireachta (J-CAT) á gcur san áireamh acu ina gcláir. Sula gcuirfidh siad oiliúint san áireamh ina gcuid clár, oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le CEPOL chun forluití a sheachaint. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha eile freisin, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, maidir le beartú a ngníomhaíochtaí. [Leasú 79]

3.  Féadfaidh an Coimisiún ról a thabhairt do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA), i gcás inarb iomchuí san fhaireachán agus sa mheastóireacht a shonraítear i Roinn 5 go háirithe d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme le tacaíocht ón gCiste acquis ábhartha agus tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún na Gníomhaireachtaí dá dtagraítear i mír 2, an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) a dhéanamh rannpháirteach sna cúraimí faireacháin agus meastóireachta amhail mar a shonraítear i Roinn 5 go háirithe d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme le tacaíocht ón gCiste, a thagann faoina sainordú, acquis ábhartha an Aontais agus tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais. [Leasú 80]

4.  Féadfar uasmhéid 15 % de leithdháileadh cláir Ballstáit a úsáid chun trealamh a cheannach, le haghaidh modhanna iompair nó chun saoráidí a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo a thógáil. Féadfar an t‑uasmhéid seo a shárú i gcásanna cuí‑réasúnaithe agus sna cásanna sin amháin Féadfar uasmhéid 15 % de leithdháileadh cláir Ballstáit a úsáid chun trealamh a cheannach, le haghaidh modhanna iompair nó chun saoráidí atá ábhartha ó thaobh na slándála de a thógáil. Ní fhéadfar dul thar an uasmhéid sin ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe agus i ndiaidh formheas a fháil ón gCoimisiún. [Leasú 81]

5.  Tabharfaidh na Ballstáit ina gcláir tosaíocht do dhul i ngleic leis an méid seo a leanas:

(a)  tosaíochtaí agus acquis an Aontais i réimse na slándála, malartú faisnéise agus idir-inoibritheacht córais teicneolaíochta faisnéise tosaíochtaí agus acquis an Aontais i réimse na slándála, go háirithe an comhordú agus an comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí agus malartú éifeachtúil faisnéise ábhartha agus cruinne agus cur chun feidhme chomhpháirteanna an chreata d’idir-inoibritheacht chórais faisnéise AE; [Leasú 82]

(b)  moltaí a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo a dhéantar faoi chreat Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 maidir le sásra faireacháin agus meastóireachta i réimse an chomhair póilíneachta;

(c)  easnaimh thírshonracha a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo a shainaithnítear faoi chreat riachtanais oiliúna amhail moltaí an tSeimeastair Eorpaigh i réimse an éillithe.

6.  I gcás inarb iomchuí, déanfar an clár a leasú chun na moltaí dá dtagraítear i mír 5 a chur san áireamh. Ag brath ar thionchar an choigeartaithe, féadfaidh an Coimisiún an clár athbhreithnithe a fhormheas I gcás inar gá, leasófar an clár chun na moltaí dá dtagraítear i mír 5 a chur san áireamh maille leis an dul chun cinn i ndáil le gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna arna measúnú sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht amhail dá dtagraítear in Airteagal 26(2)(a). Ag brath ar thionchar an choigeartaithe, déanfaidh an Coimisiún an clár athbhreithnithe a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. [Leasú 83]

7.  Go háirithe saothróidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn IV.

8.  Nuair a chinnfidh Ballstát tionscadail a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír nó sa tríú tír sin le tacaíocht an Chiste rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula gcuirfear tús leis an tionscadal Aon uair a chinnfidh Ballstát tionscadail a chur chun feidhme i dtríú tír, nó ina leith, amhail dá dtagraítear in Airteagal 5, le tacaíocht ón gCiste, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula gcuirfear tús leis an tionscadal. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlántacht agus comhleanúnachas na dtionscadal arna mbeartú le gníomhaíochtaí eile an Aontais agus na mBallstát, i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún comhréireacht na dtionscadal arna moladh leis na ceanglais um chearta bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) a dhearbháil. [Leasú 84]

9.  Bunófar clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1 d'Iarscríbhinn VI I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], le gach clár, déanfar na cineálacha idirghabhála a leagan amach do gach cuspóir sonrach i gcomhréir le Tábla 1 d’Iarscríbhinn VI chomh maith le miondealú táscach ar na hacmhainní clársceidealaithe de réir chineál na hidirghabhála nó an réimse tacaíochta. [Leasú 85]

Airteagal 13

Athbhreithniú meántéarma

1.  In 2024 déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 2 d'Iarscríbhinn I a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann. Beidh an cistiú éifeachtach maidir leis an tréimhse amhail ón mbliain féilire 2025 In 2024, tar éis Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 2 d'Iarscríbhinn I. Beidh an cistiú éifeachtach i gcás na tréimhse amhail ón mbliain féilire 2025. [Leasú 86]

2.  Mura gcumhdaítear 10 % de leithdháileadh tosaigh cláir dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a) trí bhíthin iarratais ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ní bheidh an Ballstát i gceist incháilithe chun an leithdháileadh breise maidir leis an gclár dá dtagraítear i mír 1 a fháil Mura gcumhdaítear 30 % ar a laghad de leithdháileadh tosaigh cláir dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a) trí bhíthin iarratais ar íocaíocht eatramhach arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ní bheidh an Ballstát lena mbaineann incháilithe chun an leithdháileadh breise don chlár dá dtagraítear i mír 1 a fháil. [Leasú 87]

2a.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ach amháin má bhíonn an creat ábhartha rialála agus gníomhartha gaolmhara i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022. [Leasú 160]

3.  Amhail ó 2025, i gcás inarb iomchuí sin, cuirfear san áireamh i leithdháileadh na gcistí ón tsaoráid théamach an dul chun cinn a dhéanfar maidir le garspriocanna an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] a ghnóthú agus maidir le laigí cur chun feidhme aitheanta Amhail ó 2025, i gcás inarb iomchuí sin, cuirfear san áireamh i leithdháileadh na gcistí ón tsaoráid théamach an dul chun cinn a dhéanfar maidir le garspriocanna an chreata feidhmíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] a ghnóthú agus maidir le laigí cur chun feidhme arna sainaithint. [Leasú 88]

Airteagal 14

Gníomhaíochtaí sonracha

1.  Is é atá i ngníomhaíochtaí sonracha tionscadail trasnáisiúnta nó náisiúnta i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo a d'fhéadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir.

2.  Féadfaidh Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10(1), cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí sonracha, ar choinníoll go bhfuil sé curtha in iúl mar sin sa chlár agus go n‑úsáidfear é chun cur le cur chun feidhme chuspóirí an Rialacháin seo, lena n‑áirítear bagairtí nua atá ag teacht chun cinn.

3.  Ní úsáidfear an cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

Airteagal 15

Tacaíocht oibriúcháin

1.  Tá tacaíocht oibriúcháin ina cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid mar thacaíocht leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as saothrú na gcúraimí agus na seirbhísí ar cuid de sheirbhís phoiblí don Aontas iad Tá tacaíocht oibriúcháin ina cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid chun tacú leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí agus na seirbhísí ar seirbhís phoiblí don Aontas iad sa mhéid is go rannchuidíonn siad le hardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas ina iomláine a chur i gcrích. [Leasú 89]

2.  Féadfaidh Ballstát suas le 10 % den mhéid a leithdháilfear faoin gCiste ar a chlár oibre a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú do na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí agus na seirbhísí ar seirbhís phoiblí don Aontas iad a shaothrú Féadfaidh Ballstát suas le 20 % den mhéid a leithdháilfear faoin gCiste ar a chlár oibre a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú do na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí agus na seirbhísí ar seirbhís phoiblí don Aontas iad a chur i gcrích. [Leasú 90]

3.  Comhlíonfaidh Ballstát a bhaineann úsáid as tacaíocht oibriúcháin acquis an Aontais maidir leis an tslándáil.

4.  Léireoidh na Ballstáit sa chlár agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 26 an t‑údar atá le húsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Sula ndéanfaidh sé an clár a fhormheas, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás bonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu tacaíocht oibriúcháin a iarraidh, agus an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil mar aon le moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta amhail sásra meastóireachta Schengen agus sásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta eile a chur san áireamh Léireoidh na Ballstáit sa chlár agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht, amhail dá dtagraítear in Airteagal 26, an t-údar atá le feidhm a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Sula ndéanfaidh sé an clár a fhormheas, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás bonnlíne sna Ballstáit a bhfuil sé curtha in iúl acu go bhfuil rún acu tacaíocht oibriúcháin a iarraidh, agus an fhaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit sin mar aon le moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta amhail: sásra meastóireachta Schengen, an measúnú riosca agus leochaileachta a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (EBCGA), agus sásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta eile á gcur san áireamh aige, de réir mar is infheidhme. [Leasú 91]

5.  Díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar chúraimí agus seirbhísí sonracha mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII Díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar ghníomhaíochtaí amhail mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII. [Leasú 92]

6.  Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun leasú a dhéanamh ar na cúraimí agus seirbhísí sonracha in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 15a

Infheictheacht, trédhearcacht agus cumarsáid

Déanfaidh faighteoirí maoiniúcháin ón Aontas na ceanglais maidir le hinfheictheacht, trédhearcacht agus cumarsáid a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] a chomhlíonadh go hiomlán. [Leasú 93]

Roinn 3

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 16

Raon feidhme

Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin.

Airteagal 17

Gníomhaíochtaí Aontais

1.  Is é atá i ngníomhaíochtaí Aontais tionscadail trasnáisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.

2.  Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ciste a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

3.  Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais, agus féadfaidh an cistiú sin bheith in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfar maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.

3a.  Féadfaidh gníomhaireachtaí díláraithe a bheith incháilithe freisin do chistiú atá ar fáil faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí an Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta lena ngabhann breisluach Eorpach. [Leasú 94]

4.  Tabharfar agus bainisteofar deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

5.  Féadfaidh an coiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

6.  Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in [Airteagal X] de Rialachán X [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

Airteagal 18

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gCiste seo chun feidhme i gcomhréir le Rialachán InvestEU(31) agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 19

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

Leis an gCiste féadfar tacú le bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann. Déanfar na bearta sin a mhaoiniú ar an ráta 100 % Leis an gCiste, féadfar tacú le bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh an Choimisiúin, nó thar a cheann. Féadfar na bearta sin, eadhon bearta ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta, meastóireachta, cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais i réimse na slándála, infheictheachta agus gach gníomhaíocht riaracháin agus cúnaimh theicniúil is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, bearta le tríú tíortha, a mhaoiniú de réir ráta 100 %. [Leasú 95]

Airteagal 20

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n‑áirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, sin é an bonn a bheidh leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais].

Airteagal 21

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoir cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh sé infheictheacht an chistithe ón Aontas go háirithe nuair a bhíonn na bearta agus a dtorthaí á bpoibliú)trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal Déanfaidh faighteoir cistithe ón Aontas na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí a chur chun cinn trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus fónta a sholáthar d'iliomad sainghrúpaí ábhartha, lena n-áirítear na meáin agus an pobal, sa teanga ábhartha. Chun infheictheacht cistiúcháin ón Aontas a áirithiú, déanfaidh faighteoirí cistiúcháin ón Aontas tagairt dá bhunús agus an ghníomhaíocht á craobhscaoileadh acu. Chuige sin, in aon teachtaireacht chun na meán nó chun an phobail i gcoitinne, áiritheoidh na faighteoirí go mbeidh suaitheantas an Aontais le sonrú uirthi agus go luafar go sainráite inti an tacaíocht airgeadais ón Aontas. [Leasú 96]

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme bearta faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste, agus lena bhearta agus torthaí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gCiste seo, rannchuideofar freisin le cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo Chun an dream daoine is leithne agus is féidir a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste, agus le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chiste, a chur chun feidhme. Go háirithe, foilseoidh an Coimisiún faisnéis i dtaca le forás chláir bhliantúla agus ilbhliantúla na saoráide téamaí. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún liosta na n-oibríochtaí arna roghnú le tacaíocht a fháil faoin tsaoráid théamach a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a bhfuil teacht ag an bpobal air agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gCiste, rannchuideofar freisin le craobhscaoileadh, go mór mór craobhscaoileadh corparáideach, thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí an Rialacháin seo. [Leasú 97]

2a.  Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú i bhformáidí oscailte, inneall-inléite trínar féidir sonraí a rangú, a chuardach, a bhaint amach, a chur i gcomórtas agus a athúsáid, amhail mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32). Beifear in ann na sonraí a rangú de réir an mhéid seo a leanas: tosaíocht, cuspóir sonrach, costas incháilithe iomlán na n-oibríochtaí, costas iomlán na dtionscadal, costas iomlán na nósanna imeachta soláthair, ainm an tairbhí agus ainm an chonraitheora. [Leasú 98]

Roinn 4

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 22

Cúnamh éigeandála

1.  Leis an gCiste cuirfear cúnamh airgeadais ar fáil chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha shonracha i gcás éigeandála a thiocfaidh as teagmhas slándáilbhunaithe nó bagairt nua atá ag teacht chun cinn faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mbeidh tionchar neamhfhabhrach shuntasach aici ar shlándáil na ndaoine i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, nó a d'fhéadfadh an tionchar sin a bheith aici Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cúnamh airgeadais a sholáthar ón gCiste chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shonracha i gcás staid éigeandála lena bhfuil údar cuí. Is féidir na staideanna sin a bheith mar thoradh ar theagmhas a bhaineann le slándáil, ar bhagairt nua atá ag teacht chun cinn nó ar leochaileacht a fionnadh le fíordheireanas faoi raon feidhme an Rialacháin seo ag a bhfuil tionchar suntasach neamhfhabhrach ar shlándáil na ndaoine, ar spásanna poiblí nó ar bhonneagar criticiúil i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, nó a bhféadfadh an tionchar sin a bheith ag roinnt leis nó léi. Sna cásanna sin, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthúil. [Leasú 99]

2.  Féadfaidh cúnamh éigeandála bheith i bhfoirm deontas a bhronnfar go díreach ar ghníomhaireachtaí díláraithe.

3.  Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10(1) ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh sa chlár náisiúnta. Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chlár ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár oibre.

4.  Tabharfar agus bainisteofar deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

4a.  I gcás inar gá chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar a chumhdach le cúnamh éigeandála caiteachas arna thabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh, ach gan an dáta sin a bheith roimh an 1 Eanáir 2021. [Leasú 100]

Airteagal 23

Cistiú carnach, comhlántach agus comhcheangailte

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gCiste ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht, maidir lena ranníocaíocht féin leis an mbeart. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht Féadfaidh oibríocht a fuair ranníocaíocht faoin gCiste ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach clár ranníocaíochta de chuid an Aontais maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na hoibríochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht. [Leasú 101]

2.  Seo a leanas gníomhaíochtaí a mbronntar dearbhú séala barr feabhais orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha, comparáideacha Maidir le hoibríochtaí a mbronntar dearbhú séala Barr Feabhais orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha, comparáideacha seo a leanas: [Leasú 102]

(a)  rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gCiste;

(b)  comhlíonann siad na ceanglais íosta cáilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)  ní fhéadfar iad a chistiú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 67 de Rialachán (AE) X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) X [maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air], ar choinníoll go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin comhleanúnach le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirtear tacaíocht ar fáil féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 67 de Rialachán (AE) X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) X [an Comhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air], ar choinníoll go bhfuil na hoibríochtaí sin comhleanúnach le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena dtugtar tacaíocht. [Leasú 103]

Roinn 5

Faireachán, Tuairisciú agus Meastóireacht

Fo-roinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 24

Faireachán agus tuairisciú

1.  I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal 43(3)(h)(i)(iii) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn V a leasú d’fhonn na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht atá le cur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.  Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chiste maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3. Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna garspriocanna a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029 Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII na táscairí a úsáidfear chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chiste maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3. I gcás táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna garspriocanna a shocrófar do 2024 agus sna spriocanna a shocrófar do 2029. Arna iarraidh sin dóibh, déanfaidh an Coimisiún na sonraí a bheidh faighte aige maidir leis na táscairí aschuir agus toraidh a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 104]

4.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil éifeachtach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit.

5.  Chun a áirithiú go measúnófar go héifeachtach dul chun cinn an Chiste i dtreo bhaint amach a chuspóirí, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 28, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena n‑áirítear faisnéis tionscadail a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chiste i ndáil lena chuid cuspóirí a ghnóthú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 28, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás inar gá agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena n-áirítear i gcomhair faisnéis um thionscadail a bheidh le soláthar ag na Ballstáit. Cuirfear táscairí cáilíochtúla san áireamh i gcás an mheasúnaithe. [Leasú 105]

Airteagal 25

Meastóireacht

1.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar an Rialachán seo, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gCiste seo. Faoin 31 Nollaig 2024, tíolacfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar an Rialachán seo. Sa mheastóireacht mheántéarma sin, scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht agus comhleanúnachas an Chiste. Níos sonraí ná sin, áireofar inti measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)  an dul chun cinn a bheidh déanta i ndáil le cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, agus an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil cheana, go háirithe na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 26 agus na táscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, á cur san áireamh;

(b)  an breisluach Eorpach a ghabhann le gníomhaíochtaí agus le hoibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gCiste seo;

(c)  a iomchuí atá na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 3 a chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin slándála atá ann cheana agus orthu siúd atá ag teacht chun cinn;

(d)  tionchair fhadtéarmacha agus éifeachtaí inbhuanaitheachta an Chiste;

(e)  an chomhlántacht agus an comhleanúnachas idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gCiste seo agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile de chuid an Aontais.

Sa mheastóireacht mheántéarma éigeantach sin, cuirfear san áireamh torthaí na meastóireachta siarghabhálaí ar thionchar fadtéarmach na hiar-ionstraime i gcomhair tacaíocht airgeadais don tslándáil inmheánach don tréimhse 2014-2020, an Ciste Slándála Inmheánaí-Póilíneacht. De réir mar is iomchuí, beidh togra reachtach le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an meastóireacht. [Leasú 106]

1a.  Faoin 31 Eanáir 2030, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht shiarghabhálach ar an Rialachán seo. Faoin dáta céanna, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta, ina n-áiritheofar na gnéithe a liostaítear i mír 1, a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. I dtaca leis sin, déanfar meastóireacht ar thionchair fhadtéarmacha na hionstraime d’fhonn fónamh do chinneadh maidir le hathnuachan nó modhnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chiste iardain. [Leasú 107]

2.  Déanfar meastóireacht mheántéarmach shiarghabhálach go tráthúil chun cur leis an bpróiseas cinnteoireachta i gcomhréir leis an amlíne a leagtar amach in Airteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] Déanfar an mheastóireacht mheántéarma agus an mheastóireacht shiarghabhálach a chur fáil don phobal agus a thíolacadh don Pharlaimint gan mhoill chun trédhearcacht iomlán a áirithiú. Áiritheoidh an Coimisiún nach n-áireofar faisnéis sna meastóireachtaí a bhféadfadh a scaipeadh sin a bheith faoi deara gábh a bheith ann do shábháilteacht nó do phríobháideacht daoine aonair nó faoi deara oibríochtaí slándála a chur i mbaol. [Leasú 108]

Fo-roinn 2

Rialacha maidir le bainistíocht chomhroinnte

Airteagal 26

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.  Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin go 2031 agus an bhliain sin san áireamh cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht chuig an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. Leis an tuarascáil a thíolacfar in 2023 cumhdófar cur chun feidhme an chláir go dtí an 30 Meitheamh 2022 Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin anuas go dtí 2031, agus an bhliain sin san áireamh, déanfaidh na Ballstáit an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht, amhail dá dtagraítear in Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) Uimh. X [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], a thíolacadh don Choimisiún. Leis an tuarascáil a thíolacfar in 2023, cumhdófar cur chun feidhme an chláir go dtí an 30 Meitheamh 2022. Déanfaidh na Ballstáit na tuarascálacha sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus cuirfidh siad ar aghaidh iad chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. [Leasú 109]

2.  Sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht beidh go háirithe faisnéis maidir le:

(a)  an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir le garscpriocanna agus spriocanna a bhaint amach agus na sonraí is déanaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna];

(aa)  miondealú ar chuntais bhliantúla an chláir náisiúnta de réir aisghabhálacha, réamh-mhaoiniú tairbhithe deiridh agus caiteachas a tabhaíodh iarbhír; [Leasú 110]

(b)  aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir agus na bearta a rinneadh chun dul i ngleic leo aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir agus na gníomhaíochtaí a rinneadh chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear tuairimí réasúnaithe arna n-eisiúint ag an gCoimisiún i ndáil le nós imeachta um shárú faoi Airteagal 258; [Leasú 111]

(c)  an chomhlántacht idir na bearta a dtugtar tacaíocht dóibh leis an gCiste agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil ó chistí Aontais eile, go háirithe bearta i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha an chomhlántacht, an comhordú agus an comhleanúnachas idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh leis an gCiste agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile de chuid an Aontais, go háirithe iad siúd i dtríú tíortha nó i dtaca le tríú tíortha; [Leasú 112]

(d)  rannchuidiú an chláir le cur chun feidhme an acquis agus na bpleananna gníomhaíochta ábhartha de chuid an Aontais;

(da)  comhlíonadh na gceanglas um chearta bunúsacha; [Leasú 113]

(e)  cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)  comhlíonadh coinníollacha cumasaithe agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse.

3.  Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh den spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

3a.  An túisce a ghlacfar leo, déanfaidh an Coimisiún achoimrí ar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus foilseoidh sé ar shuíomh gréasáin tiomnaithe iad. Mura ndéanfaidh na Ballstáit é a chur ar aghaidh i gcomhréir le mír 1, déanfar téacs iomlán na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna iarraidh sin dóibh. [Leasú 114]

4.  Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Airteagal 27

Faireachán agus tuairisciú

1.  Bunófar faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] ar chineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1, i dTábla 2 agus i dTábla 3 in Iarscríbhinn VI. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na cúraimí agus seirbhísí sonracha in Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hAirteagal 28.

2.  Úsáidfear na táscairí i gcomhréir le hAirteagal 12(1), le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh.[Rialachán na bhForálacha Coiteanna].

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 28

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 12, 15, 24 agus 27 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028 Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 8, 12, 15, 24 agus 27 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go dtí an 31 Nollaig 2028. [Leasú 115]

3.  Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 12, 15, 24, agus 27, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm aon tráth. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ar an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos faide anonn a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 8, 12, 15, 24, agus 27 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 116]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail  12, 15, 24 agus 27 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8, 12, 15, 24 agus 27 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de dhá mhí ón bhfógra a fháil ina leith, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh sé curtha in iúl acu dís don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 117]

Airteagal 29

Nós imeachta coiste

1.  Beidh an Coiste Comhordaithe um an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí ina chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás nach dtugann an coiste achomhairc tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 26(4) a ghlacadh.

Airteagal 30

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 513/2014, le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

2.  Gan dochar do mhír 1, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na mbeart lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoin Ionstraim Phóilíneachta an Chiste Slándála Inmheánaí, agus beidh feidhm aige maidir leis na bearta lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

3.  Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chiste na speansais is gá maidir leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach chun an t‑aistriú idir an Ciste agus na bearta a glacadh faoina réamhtheachtaí, an Ionstraim Phóilíneachta an Chiste Slándála Inmheánaí a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014, a áirithiú.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Critéir maidir le leithdháileadh cistí ar na cláir faoi bhainistíocht chomhroinnte

Leithdháilfear an t‑imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10 ar chláir na mBallstát mar seo a leanas:

(1)  leithdháilfear méid seasta aonuaire EUR 5 000 000 ar gach Ballstát ag tús na clárthréimhse chun mais chriticiúil a áirithiú do gach clár agus chun riachtanais a chumhdach nach gcuirfí in iúl go díreach leis na critéir thíos;

(2)  leithdháilfear na hacmhainní atá fágtha de réir na gcritéar seo a leanas:

(a)  45 % i gcomhréir inbhéartach lena n‑olltáirgeacht intíre (caighdeán na cumhachta ceannaigh in aghaidh an áitritheora),

(b)  40 % i gcomhréir le méid a ndaonra,

(c)  15 % i gcomhréir le méid a gcríoch.

Bunófar an chéad leithdháileadh ar na sonraí staidrimh is déanaí a bheidh foilsithe ag an gCoimisiún (Eurostat) lena gcumhdófar an bhliain féilire díreach roimhe sin. Maidir leis an measúnú meántéarmach, is é a bheidh sna figiúirí tagartha na sonraí staidrimh is déanaí a bheidh curtha ar fáil ag an gCoimisiún (Eurostat) lena gcumhdófar an bhliain féilire roimhe sin agus a bheidh ar fáil tráth an mheasúnaithe mheántéarmaigh in 2024.

IARSCRÍBHINN II

Bearta cur chun feidhme

Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  cur i bhfeidhm aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le slándáil lena dtacaítear le malartú faisnéise, mar shampla trí bhíthin Prüm, Taifead Ainmneacha Paisinéirí an Aontais (EU PNR) agus SIS II, lena n‑áirítear trí cur chun feidhme moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta amhail sásra meastóireachta Schengen agus sásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta eile;

(b)  córais TF agus líonraí cumarsáide de chuid an Aontais a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo a chur ar bun, a chur in oiriúint agus a chothabháil, lena n‑áirítear a n‑idir-inoibritheacht, agus uirlisí iomchuí a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí a shainaithneofar;

(c)  úsáid ghníomhach a mhéadú i dtaca le huirlisí, córais agus bunachair shonraí an Aontais a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo, agus a áirithiú go bhfuil sonraí ar ardcháilíocht á soláthar dóibh;

(d)  tacú le bearta ábhartha náisiúnta, i gcás inarb ábhartha sin, chun na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2)(a) a chur chun feidhme.

Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(b) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  oibríochtaí forfheidhmithe dlí a mhéadú idir na Ballstáit, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, le gníomhaithe ábhartha eile, go háirithe chun úsáid comhfhoirne imscrúdaithe, patróil chomhpháirteacha, deargthóir, faireachas discréideach agus sásraí eile don chomhar oibríochtúil a fheabhsú agus a éascú i gcomhthéacs thimthriall beartais an Aontais (EMPACT), agus béim ar leith á leagan ar oibríochtaí trasteorann;

(b)  comhordú agus comhar na n‑údarás forghníomhaithe dlí agus údaráis inniúla eile a mhéadú laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstát agus le gníomhaithe ábhartha eile, mar shampla trí líonraí d’aonaid speisialaithe náisiúnta, líonraí agus struchtúir comhair de chuid an Aontais, lárionaid de chuid an Aontas;

(c)  an comhar idirghníomhaireachta agus an comhar ar leibhéal an Aontais a fheabhsú idir na Ballstáit, nó idir na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, ar an taobh eile, chomh maith le feabhas a chur air ar an leibhéal náisiúnta i measc na n‑údarás náisiúnta i ngach Ballstát.

Rannchuideoidh an Ciste leis an sainchuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(2)(c) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)  oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí a mhéadú, chomh maith le cleachtaí, foghlaim fhrithpháirteach, cláir speisialaithe malartaithe agus comhroinnt dea-chleachtais, lena n‑áirítear i dtríú tíortha agus le tríú tíortha agus gníomhaithe ábhartha eile;

(b)  leas a bhaint as sineirgí trí acmhainní agus eolas a chomhroinnt idir na Ballstáit agus gníomhaithe ábhartha eile, lena n‑áirítear an tsochaí shibhialta trí bhíthin, mar shampla, lárionaid chomhpháirteacha barrfeabhais a chruthú, measúnuithe riosca comhpháirteacha a fhorbairt, nó lárionaid choiteanna tacaíochta oibríochtúla le haghaidh oibríochtaí arna gcur i gcrích go comhpháirteach;

(c)  bearta, coimircí, sásraí agus na dea-chleachtais a chur chun cinn agus a fhorbairt chun sainaithint luath, cosaint agus tacaíocht a thabhairt d’fhinnéithe, do sceithirí agus d’íospartaigh na coireachta agus, chuige sin, comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir údaráis phoiblí agus gníomhaithe ábhartha eile;

(d)  trealamh ábhartha a fháil agus saoráidí speisialaithe oiliúna agus bonneagar riachtanach eile a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leis a chur ar bun nó a uasghrádú chun ullmhacht, teacht aniar, feasacht an phobail agus freagairt leordhóthanach a mhéadú i dtaca le bagairtí slándála. [Leasú 119]

IARSCRÍBHINN III

Gníomhaíochtaí Samplaí de ghníomhaíochtaí incháilithe a gheobhaidh tacaíocht ón gCiste i gcomhréir le hAirteagal 4 [Leasú 120]

Féadfar, inter alia, an tacaíocht ón gCiste Slándála Inmheánaí a dhíriú ar na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas: [Leasú 121]

–  córais agus líonraí TF a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo, oiliúint ar úsáid na gcóras sin, idir-inoibritheacht agus cáilíocht sonraí na gcóras sin a thástáil agus a fheabhsú córais agus líonraí TF, trína rannchuidítear le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo, a chur ar bun, oiliúint ar úsáid na gcóras sin, idir-inoibritheacht, comhpháirteanna agus cáilíocht sonraí na gcóras sin a thástáil agus a fheabhsú; [Leasú 122]

–  faireachán ar an gcaoi a gcuirtear dlí an Aontais agus cuspóirí beartais an Aontais chun feidhme sna Ballstáit i réimse na gcóras faisnéise slándála faireachán ar chur chun feidhme dhlí an Aontais agus chuspóirí beartais an Aontais sna Ballstáit i réimse na gcóras faisnéise slándála, go háirithe cosaint sonraí, príobháideacht agus slándáil sonraí; [Leasú 123]

–  bearta de chuid EMPACT lena gcuirtear Timthriall Beartais an Aontais chun feidhme nó lena n‑éascaítear a chur chun feidhme;

–  tacaíocht do ghníomhaireachtaí díláraithe d’fhonn comhar a éascú le linn oibríochtaí trasteorann; [Leasú 124]

–  gníomhaíochtaí lena dtacaítear le freagairt éifeachtach chomhordaithe a thabhairt i gcásanna géarchéime trína nascfar le chéile na sainchumais, na lárionaid saineolais agus na lárionaid feasachta staide atá ann cheana de réir na hearnála, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann leis an tsláinte, leis an gcosaint shibhialta agus leis an sceimhlitheoireacht gníomhaíochtaí lena dtacaítear le freagairt éifeachtach agus chomhordaithe do chásanna géarchéime trína nascfar le chéile na sainchumais, na lárionaid saineolais agus na lárionaid feasachta staide atá ann cheana a bhaineann go sonrach le hearnálacha, lena n-áirítear iad siúd don tsláinte, don chosaint shibhialta, don sceimhlitheoireacht agus don chibearchoireacht; [Leasú 125]

–  gníomhaíochtaí trína bhforbraítear modhanna nuálacha nó a gcuirtear teicneolaíochtaí nua chun oibre a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

–  gníomhaíochtaí trína gcuirtear chun cinn taighde agus malartú saineolais lena bhfeabhsaítear an tseasmhacht i gcoinne bagairtí atá ag teacht chun cinn lena n-áirítear gáinneáil trí bhealaí ar líne, bagairtí ilchineáil, agus bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha. [Leasú 126]

–  gníomhaíochtaí agus líonraí pointí teagmhála náisiúnta lena n-éascaítear malartú trasteorann sonraí arna bhfáil ag córais faireachais, amhail grianghrafadáin agus braiteoirí eile, i gcumasc le halgartaim na hintleachta saorga, faoi réir coimircí stóinseacha, lena n-áirítear íoslaghdú sonraí, bailíocht roimh ré ó údarás breithiúnach, agus rochtain ar shásamh breithiúnach; [Leasú 127]

–  tacaíocht do líonraí téamacha nó trastéamacha d’aonaid speisialaithe náisiúnta chun feabhas a chur ar chómhuinín, ar mhalartú agus scaipeadh feasa ghnó, faisnéise, taithí agus na gcleachtas is fearr, ar chomhroinnt acmhainní agus saintaithí i lárionaid choiteanna barrfeabhais;

–  tacaíocht do thionscnaimh chun seirbhísí faisnéise na mBallstát a líonrú chun cultúr coiteann faisnéise a chothú, iontaoibh fhrithpháirteach agus malartú agus scaipeadh saineolais, faisnéise, taithí agus dea-chleachtais a fheabhsú; [Leasú 128]

–  oideachas agus oiliúint a chur ar bhaill foirne agus ar shaineolaithe na n‑údarás ábhartha forfheidhmithe dlí agus breithiúnach agus na ngníomhaireachtaí riaracháin ábhartha, agus riachtanais oibríochtúla agus anailís ar rioscaí á gcur san áireamh, bunaithe ar an Scéim Eorpach um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (LETS) agus i gcomhar le CEPOL agus, i gcás inarb infheidhme, leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach;

–  oideachas agus oiliúint a chur ar bhaill foirne agus ar shaineolaithe d’údaráis ábhartha forfheidhmithe dlí agus breithiúnach agus gníomhaireachtaí riaracháin ábhartha maidir le beartais choisc agus béim ar leith ar oiliúint um chearta bunúsacha, lena n-áirítear bearta chun ciníochas a bhrath agus a sheachaint, agus malartú dea-chleachtas; [Leasú 129]

–  comhar leis an earnáil phríobháideach chun an mhuinín a thógáil agus feabhas a chur ar an gcomhordú, ar an bpleanáil teagmhais agus ar mhalartú agus scaipeadh na faisnéise agus na gcleachtas is fearr i measc ghníomhaithe poiblí agus ghníomhaithe príobháideacha, lena n‑áirítear le linn spásanna poiblí agus bonneagar criticiúil a chosaint comhar leis an earnáil phríobháideach, go háirithe i réimse na cibearshlándála, chun iontaoibh a chothú agus chun feabhas a chur ar an gcomhordú, ar an bpleanáil theagmhasach agus ar mhalartú agus scaipeadh faisnéise agus dea-chleachtas i measc gníomhaithe poiblí agus gníomhaithe príobháideacha, lena n-áirítear bonneagar criticiúil a chosaint; [Leasú 130]

–  gníomhaíochtaí lena gcumasaítear pobail chun roinnt cineálacha cur chuige áitiúil agus beartais choisc a fhorbairt, agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta i measc gheallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne maidir le beartais slándála an Aontais;

–  trealamh, modhanna iompair, córais chumarsáide agus áiseanna ríthábhachtacha a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo;

–  costas na mball foirne a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste nó le gníomhaíochtaí a bhfuil gá le rannpháirtíocht foirne ina leith ar chúiseanna teicniúla nó cúiseanna a bhaineann le slándáil.

IARSCRÍBHINN IV

Gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cómhaoinithe do chómhaoiniú níos airde i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus Airteagal 12(6) hAirteagail 11(3) agus 12(7) [Leasú 131]

–  Tionscadail arb é is aidhm dóibh an radacú a chosc agus a throid Tionscadail arb é is aidhm dóibh antoisceachas an fhoréigin, lena n-áirítear radacú, éadulaingt agus idirdhealú, a chosc agus cur ina choinne, go háirithe bearta chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leo agus chun radacú a chosc i bpríosúin, agus tionscadail trína soláthraítear oiliúint shonrach i gcomhair údaráis forfheidhmithe dlí. [Leasú 132]

–  Tionscadail arb é is aidhm dóibh idir-inoibritheacht chórais TF agus líonraí cumarsáide a fheabhsú feabhas a chur ar idir-inoibritheacht chórais TF agus líonraí cumarsáide, sa mhéid go bhforáiltear amhlaidh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí na mBallstát(33). [Leasú 133]

–  Tionscadail a bhfuil sé mar aidhm leo struchtúir sin na coireachta eagraithe atá mós contúirteach de réir EMPACT a chomhrac. [Leasú 134]

–  Tionscadail a bhfuil sé mar aidhm leo an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, go háirithe teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne, lena n-áirítear bearta chun ionsaithe ar chórais faisnéise agus ar bhonneagar criticiúil a chosc trí leochaileachtaí a bhrath agus a dhíbirt. [Leasú 135]

–  Tionscadail a bhfuil sé mar aidhm leo an gháinneáil trí bhealaí ar líne a chomhrac [Leasú 136]

IARSCRÍBHINN V

Croítháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 24(1)

Cuspóir Sonrach 1: Malartú faisnéise a fheabhsú

(1)  An úsáid a bhaintear as sásraí malartaithe faisnéise an Aontais.

foinse sonraí: Europol, EU-LISA, an Chomhairle, Ballstáit

Cuspóir Sonrach 2: Comhar oibríochtúil méadaithe

(1)  Líon na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ón gCiste.

foinse sonraí: Europol, Eurojust, Ballstáit

(2)  Luach measta sócmhainní calctha, luach measta sócmhainní arna gcoigistiú le cabhair ón gCiste.

foinse sonraí: Ballstáit

(3)  Luach na n‑urghabhálacha drugaí neamhdhleathacha arna mbaint amach le comhar trasteorann idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí Luach urghabhálacha drugaí neamhdhleathacha, arm, táirgí fiadhúlra agus an gháinneáil ar earraí cultúrtha arna mbaint amach le comhar trasteorann idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, arna gcur chun feidhme le tacaíocht ón gCiste. [Leasú 137]

foinse sonraí: Ballstáit, Tairbhithe deontais ghníomhaíochta an Aontais

(4)  An líon Moltaí Meastóireachta Schengen a mbeidh impleachtaí airgeadais ag baint leo i réimse na slándála a dtabharfar aghaidh orthu le tacaíocht ón gCiste, i gcomparáid le líon iomlán na moltaí a mbeidh impleachtaí airgeadais ag baint leo i réimse na slándála.

foinse sonraí: Ballstáit

Cuspóir Sonrach 3: Cumas neartaithe an choireacht a chomhrac agus a chosc

(5)  Líon na n‑oifigeach forfheidhmithe dlí a bhfuil oiliúint, cleachtaí, foghlaim fhrithpháirteach nó cláir speisialaithe malartaithe curtha i gcrích acu ar thopaicí trasteorann‑bhainteacha a cuireadh ar fáil le tacaíocht ón gCiste.

foinse sonraí: Ballstáit

(6)  Líon na mbonneagar criticiúil agus na spásanna poiblí a bhfuil feabhas curtha ar a gcosaint i gcoinne teagmhas a bhaineann leis an tslándáil le cabhair ón gCiste Líon na spásanna poiblí agus méid na mbonneagar criticiúil a bhfuil feabhas curtha ar a gcosaint ar theagmhais a bhaineann leis an tslándáil le cabhair ón gCiste. [Leasú 138]

foinse sonraí: Ballstáit

(7)  Líon na dtionscnamh chun cosc a chur ar an radacú a bhfuil an t‑antoisceachas foréigneach mar thoradh air.

foinse sonraí: An Líonra um Fheasacht ar an Radacú (RAN)

IARSCRÍBHINN VI

Cineálacha idirghabhála

TÁBLA 1: CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

1

TER-Comhrac i gcoinne Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta

2

TER-An radacú a chosc agus a chomhrac

3

TER-Cosaint agus teacht aniar spásanna poiblí agus spriocanna lagchosanta eile

4

TER-Cosaint agus teacht aniar an bhonneagair chriticiúil

5

TER-Ceimiceach Bitheolaíoch Radaighníomhach Núicléach

6

TER-Pléascáin

7

TER-Bainistíocht Géarchéime

8

TER-Eile

9

OC-Éilliú

10

OC- An Choireacht Gheilleagair agus Airgeadais

10a

OC - Sciúradh na bhfáltas ó choireacht [Leasú 139]

11

OC-Drugaí

12

OC-Gáinneáil ar airm thine

12a

An gháinneáil ar réada cultúrtha [Leasú 140]

12b

An gháinneáil ar speicis atá i mbaol [Leasú 141]

13

OC-Gáinneáil ar dhaoine

14

OC-Smuigleáil Imirceach

15

OC-An Choireacht Chomhshaoil

16

OC-An Choireacht Maoine Eagraithe

17

OC-Eile

18

CC-Cibearchoireacht - Eile

19

CC-Cibearchoireacht - Cosc

20

CC-Cibearchoireacht -Imscrúduithe a éascú

21

CC-Cibearchoireacht -Cúnamh d’íospartaigh

22

CC-Dúshaothrú Gnéasach Leanaí - Cosc

23

CC-Dúshaothrú Gnéasach Leanaí - Imscrúduithe a éascú

24

CC-Dúshaothrú Gnéasach Leanaí - Cúnamh d’íospartaigh

24a

CC - Dáileadh íomhánna de mhí-úsáid leanaí agus pornagrafaíochta leanaí [Leasú 142]

25

CC-Dúshaothrú Gnéasach Leanaí - Eile

26

CC-Eile

27

GEN‑Malartú faisnéise

28

GEN‑Comhar póilíneachta nó idirghníomhaireachta (custaim, gardaí teorann, seirbhísí faisnéise)

29

GEN‑Fóiréinsic

30

GEN‑Tacaíocht d’íospartaigh

31

GEN‑Tacaíocht oibriúcháin

32

TA-Cúnamh teicniúil - faisnéis agus cumarsáid

33

TA-Cúnamh teicniúil - ullmhúchán, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

34

TA-Cúnamh teicniúil - meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

35

TA-Cúnamh teicniúil - fothú acmhainneachta

TÁBLA 2: CÓID DO CHINEÁL AN DIMINSIN GHNÍOMHAÍOCHTA

1

Córais TF, idir-inoibritheacht, caighdeán sonraí, córais chumarsáide (gan trealamh san áireamh)

2

Líonraí, ionaid barrfeabhais, struchtúir comhair, gníomhaíochtaí agus oibríochtaí comhpháirteacha

3

Comhfhoirne Imscrúdaithe nó oibríochtaí comhpháirteacha eile

4

Saineolaithe a thabhairt ar iasacht nó a imscaradh

5

Oiliúint

6

Dea-chleachtais a mhalartú, ceardlanna, comhdhálacha, imeachtaí, feachtais ardaithe feasachta, gníomhaíochtaí cumarsáide

7

Staidéir, treoirthionscadail, measúnuithe riosca

8

Trealamh (curtha san áireamh agus an chaidhp 15 % á ríomh)

9

Modhanna iompair (curtha san áireamh agus an chaidhp 15 % á ríomh)

10

Foirgnimh, saoráidí (curtha san áireamh agus an chaidhp 15 % á ríomh)

11

Feidhmiú tionscadal taighde agus obair leantach eile

TÁBLA 3: CÓID DO DHIMINSEAN NA MÓDÚLACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME

1

Comhar le tríú tíortha

2

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha

3

Cur chun feidhme moltaí meastóireachta Schengen i réimse an chomhair póilíneachta

4

Gníomhaíochtaí Sonracha (nach fios ag an gcéim clársceidealaithe)

5

Cúnamh Éigeandála (nach fios ag an gcéim clársceidealaithe)

6

Gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV

IARSCRÍBHINN VII

Gníomhaíochtaí atá incháilithe chun tacaíocht oibriúcháin a fháil

Faoin sainchuspóir malartú faisnéise a fheabhsú, cumhdófar an méid seo a leanas leis an tacaíocht oibriúcháin laistigh de na cláir:

–  cothabháil agus deasc chabhrach chórais TF an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, chórais náisiúnta TF a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo.

–  costais a bhaineann le baill foirne a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo

Faoin sainchuspóir comhar oibríochtúil méadaithe, cumhdófar an méid seo a leanas leis an tacaíocht oibriúcháin laistigh de na cláir náisiúnta:

–  trealamh teicniúil nó modhanna iompair a chothabháil a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le cosc, brath agus imscrúdú coireacht thromchúiseach agus eagraithe a bhfuil gné trasteorann ag baint léi.

–  costais a bhaineann le baill foirne a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo

Faoin sainchuspóir cumas neartaithe an choireacht a chomhrac agus a chosc, cumhdófar an méid seo a leanas leis an tacaíocht oibriúcháin laistigh de na cláir náisiúnta:

–  trealamh teicniúil nó modhanna iompair a chothabháil a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le cosc, brath, agus imscrúdú coireacht thromchúiseach agus eagraithe a bhfuil gné trasteorann ag baint léi.

–  costais a bhaineann le baill foirne a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo

Ní chumhdófar gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe faoi Airteagal 4(3).

IARSCRÍBHINN VIII

Táscairí aschuir agus torthaí dá dtagraítear in Airteagal 24(3)

Cuspóir Sonrach 1: Malartú faisnéise a fheabhsú

(1)  Déanfar an úsáid a bhainfear as sásraí malartaithe faisnéise an Aontais a thomhas ar na bealaí seo a leanas:

(a)  líon na gcuardach a dhéanfar i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) líon na bhfoláireamh a thabharfar isteach agus líon na gcuardach a dhéanfar i gCóras Faisnéise Schengen (CFS); [Leasú 143]

(b)  líon na gcuardach a dhéanfar sa chóras um malartú trasnáisiúnta sonraí fóiréinseacha (DNA, méarloirg, uimhirphlátaí) idir Ballstáit (córas uathoibrithe Prüm um malartú sonraí);

(c)  líon na dteachtaireachtaí arna malartú tríd an gCóras an Fheidhmchláir Líonra um Malartú Slán Faisnéise de chuid Europol (SIENA);

(d)  líon na gcuardach a dhéanfar sa Chóras Faisnéise Europol (EIS);

(e)  líon iomlán na bpaisinéirí a mbeidh sonraí a dTaifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) bailithe agus malartaithe;

(ea)  líon na gcuardach arna ndéanamh sa Chóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla do náisiúnaigh tríú tír (ECRIS-TCN). [Leasú 144]

foinse sonraí: Europol, EU-LISA, an Chomhairle, Ballstáit

(2)  Líon na nasc nua a rinneadh le tacaíocht ón gCiste idir bunachair shonraí a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo Líon na nasc nua a rinneadh, le tacaíocht ón gCiste, idir údaráis inniúla agus bunachair sonraí atá ábhartha ó thaobh na slándála de: [Leasú 145]

(a)  leis an Aontas agus, i gcás i gcás inarb ábhartha, le bunachair shonraí idirnáisiúnta;

(b)  laistigh den Bhallstát;

(c)  le Ballstát amháin eile nó níos mó;

(d)  le tríú tír amháin nó níos mó.

foinse sonraí: Ballstáit

(3)  Líon úsáideoirí gníomhacha uirlisí, córais agus bunachair shonraí malartaithe faisnéise an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, náisiúnta a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo agus a cuireadh ar fáil le tacaíocht ón gCiste, i gcomparáid le líon iomlán na n‑úsáideoirí.

foinse sonraí: Ballstáit

Cuspóir Sonrach 2: Comhar oibríochtúil méadaithe

(4)  Líon na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ón gCiste, lena n‑áirítear na Ballstáit agus na húdaráis rannpháirteacha, de réir réimse (an fhrithsceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe i gcoitinne, an choireacht eagraithe a bhaineann le harm tine, an chibearchoireacht, eile):

(a)  an líon comhfhoirne imscrúdaithe (JITanna);

(b)  líon tionscadal oibríochtúil an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT);

(c)  gníomhaíochtaí comhpháirteacha eile.

foinse sonraí: Europol, Eurojust, Ballstáit

(5)  Rannpháirtíocht i líonraí trasnáisiúnta a fheidhmíonn le tacaíocht ón gCiste.

foinse sonraí: Ballstáit, tairbhithe deontais ghníomhaíochta an Aontais nó tairbhithe deontais de chuid EMAS

(6)  Luach measta sócmhainní calctha, luach measta sócmhainní arna gcoigistiú le cabhair ón gCiste.

foinse sonraí: Ballstáit

(7)  Luach na n‑urghabhálacha drugaí neamhdhleathacha arna mbaint amach le comhar trasteorann idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí Luach urghabhálacha drugaí neamhdhleathacha, arm, táirgí fiadhúlra agus an gháinneáil ar earraí cultúrtha arna mbaint amach le comhar trasteorann idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí. [Leasú 146]

foinse sonraí: Europol, Ballstáit, tairbhithe deontais ghníomhaíochta an Aontais [Leasú 147]

(8)  Líon na n‑aschur arna ngineadh le cabhair ón gCiste, mar shampla lámhleabhair maidir le dea-chleachtais, ceardlanna, freachnaimh choiteanna.

foinse sonraí: Tairbhithe deontais ghníomhaíochta an Aontais

(9)  An líon Moltaí Meastóireachta Schengen a mbeidh impleachtaí airgeadais ag baint leo i réimse na slándála a dtabharfar aghaidh orthu le tacaíocht ón gCiste, i gcomparáid de líon iomlán na moltaí a mbeidh impleachtaí airgeadais ag baint leo i réimse na slándála.

foinse sonraí: Ballstáit

Cuspóir Sonrach 3: Cumas neartaithe an choireacht a chomhrac agus a chosc

(10)  Líon na n‑oifigeach forfheidhmithe dlí a bhfuil oiliúint, cleachtaí, foghlaim fhrithpháirteach nó cláir speisialaithe malartaithe curtha i gcrích acu ar thopaicí trasteorann‑bhainteacha a cuireadh ar fáil le tacaíocht ón gCiste, de réir na réimsí seo a leanas:

(a)  an fhrithsceimhlitheoireacht;

(b)  an choireacht eagraithe;

(c)  an chibearchoireacht;

(d)  réimsí eile comhair oibríochtúil.

foinse sonraí: Na Ballstáit, Europol, ENISA [Leasú 148]

(11)  Líon na lámhleabhar maidir le dea-chleachtais agus teicnící imscrúdúcháin, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha agus uirlisí eile arna bhforbairt le tacaíocht ón gCiste mar thoradh ar idirghníomhú idir eagraíochtaí éagsúla ar fud an Aontais.

foinse sonraí: Ballstáit, tairbhithe deontais ghníomhaíochta an Aontais nó tairbhithe deontais de chuid EMAS

(12)  Líon íospartach na coireachta ar tugadh cúnamh dóibh le tacaíocht ón gCiste, de réir an chineáil coireachta (gáinneáil ar dhaoine, smuigleáil imirceach, an sceimhlitheoireacht, an choireacht thromchúiseach agus eagraithe, an chibearchoireacht, dúshaothrú gnéasach leanaí) Líon na n-íospartach coireachta ar tugadh cúnamh dóibh le tacaíocht ón gCiste, arna mhiondealú de réir an chineáil coireachta (gáinneáil ar dhaoine agus ar bhaill bheatha, smuigleáil imirceach, sceimhlitheoireacht, coireacht thromchúiseach eagraithe, cibearchoireacht, teacht i dtír gnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, céasadh nó íde atá mídhaonna nó táireach). [Leasú 149]

foinse sonraí: Ballstáit

(13)  Líon na mbonneagar criticiúil agus na spásanna poiblí a bhfuil feabhas curtha ar a gcosaint i gcoinne teagmhas a bhaineann leis an tslándáil le cabhair ón gCiste Líon na spásanna poiblí agus méid na mbonneagar criticiúil a bhfuil feabhas curtha ar a gcosaint ar theagmhais a bhaineann leis an tslándáil le cabhair ón gCiste. [Leasú 150]

foinse sonraí: Ballstáit

(14)  Líon na dtionscnamh chun cosc a chur ar an radacú a bhfuil an t‑antoisceachas foréigneach mar thoradh air:

(a)  líon na n‑amas ar shuíomh gréasáin an Líonra um Fheasacht ar an Radacú (RAN); [Leasú 151]

(b)  líon na rannpháirtithe i RAN de réir an chineáil saineolaí;

(c)  líon na gcuairteanna staidéir, na seisiún oiliúna, na gceardlann agus na seisiún comhairleoireachta arna gcur i gcrích sna Ballstáit i ndlúthchomhar leis na hÚdaráis náisiúnta de réir na dtairbhithe (údaráis forfheidhmithe dlí, eile) líon na gcuairteanna staidéir, na seisiún oiliúna, na gceardlann agus na seisiún comhairleoireachta arna gcur i gcrích sna Ballstáit i ndlúthchomhar leis na hÚdaráis náisiúnta arna mhiondealú de réir na dtairbhithe (údaráis forfheidhmithe dlí, eile) agus aiseolas ó na rannpháirtithe. [Leasú 152]

foinse sonraí: An Líonra um Fheasacht ar an Radacú (RAN) RAN, Ballstáit [Leasú 153]

(15)  Líon na gcomhpháirtíochtaí arna mbunú le tacaíocht ón gCiste agus a rannchuidíonn chun feabhas a chur ar thacaíocht d’fhinnéithe, do sceithirí agus d’íospartaigh na coireachta:

(a)  leis an earnáil phríobháideach;

(b)  leis an tsochaí shibhialta.

foinse sonraí: Ballstáit, tairbhithe deontais ghníomhaíochta an Aontais nó tairbhithe deontais de chuid EMAS

Cuspóir sonrach 3a: Cultúr coiteann faisnéise a fhorbairt:

(15a)  Líon na malartuithe idir na Ballstáit i réimse na faisnéise.

(15b)  Líon na n-oifigeach forfheidhmithe dlí agus faisnéise atá rannpháirteach in oiliúint, i gcleachtaí, i gcláir foghlama frithpháirtigh nó i gcláir speisialaithe malartaithe maidir le saincheisteanna trasteorann arna n-eagrú le tacaíocht ón gCiste.

foinse sonraí: Ballstáit [Leasú 154]

(1)
(2)
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(4)COM(2015)0185 an 28 Aibreán 2015.
(5)Conclúidí ón gComhairle an 16 Meitheamh 2015 maidir le Straitéis athnuaite Slándála Inmheánaí don Aontas Eorpach 2015-2020.
(6)Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2015 faoin gClár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil (2015/2697(RSP)).
(7)COM(2017)0794.
(8)Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh comhar póilíneachta, coireacht a chosc agus a chomhrac agus bainistíocht géarchéime lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 2007/125/CGB ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 93).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n‑aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).
(10)Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe a mhéid a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit (COM(2018/0324).
(11)IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv:OJ.C_.2013.373.01.0001.01.ENG&toc=OJ:C:2013:373:TOC
(12)Tagairt iomlán
(13)Tagairt iomlán Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... /... lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí (COM(2018)0375).
(14)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(15)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/1995 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch.1).
(16)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(17)Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(18)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(19)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(20)COM(2017)0623.
(21)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016; IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(22)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(23)Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh XXX.
(24)Cinneadh 2009/902/CGB an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear an Líonra Eorpach um Chosc na Coireachta (EUCPN) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2001/427/CGB (IO L 321, 8.12.2009, lch. 44).
(25)Conclúidí Chomhairle na n‑Airí Ceartais agus Gnóthaí Baile, an 8 agus an 9 Samhain 2010.
(26)COM(2013)0172 lena mbunaítear Scéim Eorpach um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (LETS).
(27)Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 319, 4.12.2015, lch. 1).
(28)Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).
(29)Treoir (AE) 2017/541 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).
(30)Is é atá in 'airgead taispeána' fíorairgead tirim' a thaispeántar mar chruthú ar leachtacht agus sócmhainneacht d'amhrastaigh nó do dhaoine eile a bhfuil faisnéis acu maidir le hinfhaighteacht nó seachadadh nó a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe, d'fhonn bréagcheannach a dhéanamh ar mhaithe le hamhrastaigh a ghabháil, ionaid táirgeachta neamhdhleathacha a shainaithint nó grúpa coireachta eagraithe a scor ar bhealach éigin eile.
(31)Tagairt iomlán.
(32)Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).
(33)I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le córais faisnéise níos láidre agus níos cliste do theorainneacha agus don tslándáil COM(2016)0205.


Deochanna biotáilleacha a shainmhíniú, a chur i láthair agus a lipéadú agus tásca geografacha díobh a chosaint ***I
PDF 121kWORD 54k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú bia-earraí eile, agus cosaint tásc geografach ar dheochanna biotáilleacha (COM(2016)0750 – C8‑0496/2016 – 2016/0392(COD))
P8_TA(2019)0178A8-0021/2018
CEARTÚCHÁIN

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0750),

–  ag féachaint d’Airteagail 294(2) agus d’Airteagail 43(2) agus 114(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0496/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad na hIodáile, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 29 Márta 2017(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litreacha dar dátaí an 10 Nollaig 2018 agus an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0021/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

P8_TC1-COD(2016)0392


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/787.)

(1)IO C 209, 30.6.2017, lch. 54.
(2) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 1 Márta 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0049).


Leasuithe atá beartaithe ar Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ***I
PDF 116kWORD 48k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an dréachtrialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (02360/2018 – C8-0132/2018 – 2018/0900(COD))
P8_TA(2019)0179A8-0439/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don iarraidh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a tíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ina leagan athbhreithnithe (02360/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 256(1) agus don dara mír d’Airteagal 281 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 106a(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá mbun a tíolacadh an dréachtghníomh don Pharlaimint (C8-0132/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus (15) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint dona tuairimí ón gCoimisiún Eorpach (COM(2018)0534 agus C(2018)7500),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Eanáir 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 48 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A8-0439/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Bhreithiúnais agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE, Euratom) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

P8_TC1-COD(2018)0900


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE, Euratom) 2019/629.)


Bearta teagmhasacha a bhunú i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
PDF 118kWORD 52k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta teagmhasacha a bhunú sa réimse maidir le comhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach (COM(2019)0053 – C8-0039/2019 – 2019/0019(COD))
P8_TA(2019)0180A8-0161/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0053),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0039/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 25 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A8-0161/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear bearta teagmhasacha i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2019)0019


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/500.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún

Tá an Rialachán maidir le bearta teagmhasacha a bhunú i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach bunaithe ar Airteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) sa mhéid go mbaineann sé le bearta i réimse na slándála sóisialta. Ní féidir an Rialachán seo a leathnú chuig náisiúnaigh tríú tír san aon ghníomh dlí amháin toisc neamh-chomhoiriúnacht na mbunús dlí, mar go gcaithfeadh an leathnú sin a bheith bunaithe ar Airteagal 79(2)(b) CFAE.

Measann an Coimisiún gur cheart go leanfadh náisiúnaigh tríú tír a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 de thairbhiú as prionsabail bhunúsacha chomhordú na slándála sóisialta a bhfuil sé beartaithe iad a chódú sa Rialachán maidir le bearta teagmhasacha a bhunú i réimse chomhordú na slándála sóisialta, bunaithe ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 agus Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus 987/2009, atá fós i bhfeidhm.

Breithneoidh an Coimisiún, áfach, más gá níos déanaí, leathnú a dhéanamh ar na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán seo chuig náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát, atá nó a bhí cumhdaithe, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, ag reachtaíocht AE maidir le comhordú na slándála sóisialta, chun a dteidlíochtaí a dhearbhú i ndáil leis an tréimhse nuair a bhí an Ríocht Aontaithe ina Ballstát.


Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
PDF 115kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0895 – C8-0511/2018 – 2018/0436(COD))
P8_TA(2019)0181A8-0063/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0895),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0511/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Feabhra 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eorpach na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0063/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar agus an iompair paisinéirí de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

P8_TC1-COD(2018)0436


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/501.)

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas***I
PDF 115kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0893 – C8-0510/2018 – 2018/0433(COD))
P8_TA(2019)0182A8-0062/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0893),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0510/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Feabhra 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0062/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

P8_TC1-COD(2018)0433


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/502.)

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Rialacha a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
PDF 114kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas (COM(2019)0048 – C8-0037/2019 – 2019/0009(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0048),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 42 agus 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0037/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

—  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 154 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2019)0009


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/497.)


Údaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais ***I
PDF 115kWORD 51k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais (COM(2019)0049 – C8-0036/2019 – 2019/0010(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0049),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0036/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

—  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 154 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais

P8_TC1-COD(2019)0010


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/498.)


Gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
PDF 119kWORD 45k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar Ríochta Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas(COM(2019)0088 – C8‑0046/2019 – 2019/0040(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0088),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0046/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 154 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ▌as an Aontas

P8_TC1-COD(2019)0040


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/503.)


Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a leasú a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
PDF 119kWORD 43k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas (COM(2018)0567 – C8-0384/2018 – 2018/0298(COD))
P8_TA(2019)0190A8-0004/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0567),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0384/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 25 Eanáir 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0004/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2018)0298


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/492.)

(1)IO C 62, 15.2.2019, lch. 298


Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a leasú a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
PDF 119kWORD 44k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas (COM(2018)0568 – C8-0385/2018 – 2018/0299(COD))
P8_TA(2019)0191A8-0009/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0568),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0385/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 10 Deireadh Fómhair 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus an gealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir an 20 Feabhra 2019 seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A8-0009/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2018)0299


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/495.)

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 301.
(2) IO C 461, 21.12.2018, lch. 173.


Saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa ***I
PDF 120kWORD 58k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus Treoir 2010/65/AE (COM(2018)0033 – C8-0014/2018 – 2018/0012(COD))
P8_TA(2019)0192A8-0326/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0033),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0014/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Bealtaine 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 10 Deireadh Fómhair 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Iascach (A8-0326/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear ▌Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE

P8_TC1-COD(2018)0012


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/883.)

(1)IO C 283, 10.8.2018, lch. 61.
(2)IO C 461, 21.12.2018, lch. 220.


Síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais ***I
PDF 124kWORD 44k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (COM(2018)0085 – C8-0097/2018 – 2018/0040(COD))
P8_TA(2019)0193A8-0342/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0085),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 33 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0097/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0342/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais

P8_TC1-COD(2018)0040


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/632.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Fáiltíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh Thuarascáil Speisialta Uimh. 26/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Sraith moilleanna i gcórais TF chustaim: cad a chuaigh amú?’ agus tuarascálacha ábhartha eile i réimse an chustaim, lenar tugadh forléargas níos fearr do na comhreachtóirí ar cad is cúis leis na moilleanna i gcur chun feidhme na gcóras TF is gá chun feabhas a chur ar oibríochtaí custaim san AE.

Measann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go mbeadh aon iniúchadh amach anseo ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina ndéanfaí measúnú ar na tuarascálacha arna n-ullmhú ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 278a de Chód Custaim an Aontais ina rannchuidiú dearfach leis na hiarrachtaí tuilleadh moilleanna a sheachaint.

Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit lánaird a thabhairt ar na hiniúchtaí sin.

Ráiteas ón gCoimisiún

Fáiltíonn an Coimisiún roimh an gcomhaontú a rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an moladh go gcuirfí síneadh ama leis an sprioc-am maidir le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais.

Aithníonn an Coimisiún an ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina luaitear gurbh fhéidir go mbeadh tionchar dearfach ag aon obair a dhéanfaidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i dtaca leis na tuarascálacha arna n-ullmhú ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 278a de Chód Custaim an Aontais maidir le moilleanna breise a sheachaint.

I gcás ina gcinnfidh an Chúirt Iniúchóirí measúnú a dhéanamh ar thuarascálacha an Choimisiúin, rachaidh an Coimisiún, mar a cheanglaítear le hAirteagal 287(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i mbun comhar iomlán le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus tabharfaidh sé aird iomlán ar na torthaí sin.


Calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac ***I
PDF 119kWORD 49k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle (COM(2017)0489 – C8-0311/2017 – 2017/0226(COD))
P8_TA(2019)0194A8-0276/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0489),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0311/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí a thíolaic Teach Ionadaithe na Seice, Seanad na Seice agus Parlaimint na Spáinne maidir leis an dréachtghníomh reachtach,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Eanáir 2018(1).

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0276/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach é anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó téacs eile a chur ina ionad nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus a chuirtear in ionad Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle

P8_TC1-COD(2017)0226


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/713.)

(1) IO C 197, 8.6.2018, lch. 24.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais